Seachtain na Gaeilge 2020 (Doire & An Srath Bán)

Page 1


Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge. I mbliana tá lúchair ar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin bheith ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara sa phobal le clár imeachtaí a chur ar fáil sa cheantar a spreagann foghlaim agus úsáid na Gaeilge. Bígí linn!

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge www.peig.ie Twitter @foramphobal

www.derrystrabane.com/gaeilge


Scéim an Fháinne Máirt 3 Márta 2020 10:00 am – 12:00 pm Oifigí na Comhairle, Bóthar na Trá, Doire Glacfaidh foghlaimeoirí Gaeilge ar fhoireann Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin páirt i scéim an Fháinne le gradaim Chúpla Focal agus Fháinne Airgid a ghnóthú. Tuilleadh eolais: gaeilge@derrystrabane.com


Lúcháir Leabhar Déardaoin 5 Márta 2020 10:00 am – 11:30 am Halla na Cathrach, Doire Déanfar ceiliúradh ar Lá Domhanda na Leabhar le himeacht draíochtúil scéalaíochta do Ghaelscoileanna an cheantair arna eagrú ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i gcomhar leis an North West Japanese Cultural Group agus an scéalaí Cara Park. Beidh scéalaíocht i nGaeilge á léiriú ag Amharclann Pháipéir Kamishibai ‘Yakumo’ agus inseofar na scéalta i nGaeilge bunaithe ar leabhar Sayonara - leabhar dátheangach de scéaltaí béaloidis Seapánacha arna bhailiú ag Patrick Lafcadio Hearn. Tuilleadh eolais: gaeilge@derrystrabane.com


Lá Idirnáisiúnta na mBan Aoine 6 Márta 2020 10:00 am – 12:30 pm Halla na Cathrach, Doire Déanfaidh Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, le tacaíocht ó Óige 19 agus i gcomhar le daltaí ó na meánscoileanna áitiúla atá ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge. Beidh ionadaithe ó earnáil na Gaeilge i láthair agus is deis iontach í seo do rannpháirtithe bualadh le hionadaithe le gairmeacha agus deiseanna i saol na Gaeilge a phlé. Tuilleadh eolais: gaeilge@derrystrabane.com


Lá Fhéile Pádraig Máirt 17 Márta 2020 2:00 pm – 5:00 pm Sráid an Bhuistéara, An Srath Bán Beidh Preab-Ghaeltacht ar an tSrath Bán ar Lá Fhéile Pádraig, áit a mbeidh eolas maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus earraí Gaeilge ar fáil. Beidh fáilte roimh an phobal, idir óg agus aosta, teacht chuig Sráid an Bhuistéara agus comhrá Gaeilge a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge go háitiúil agus le hOifigigh Ghaeilge de chuid Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Tuilleadh eolais: gaeilge@derrystrabane.com


Imeachtaí Pobail Luan 2 Márta Seoladh Oifigiúil Sheachtain na Gaeilge (Maidin Chaifé Macmillan agus Ciorcal Comhrá) 11am – 1pm Cultúrlann Uí Chanáin Tuilleadh eolais: carol@culturlann.org nó cathal.culturlann@gmail.com Déardaoin 5 Márta Lá Domhanda na Leabhar, Blaschúrsa ar an Bhéaloideas (do pháistí agus do dhaoine fásta) 1.30pm Cultúrlann Uí Chanáin Tuilleadh eolais: carol@culturlann.org nó cathal.culturlann@gmail.com Déardaoin 5 Márta Tráth na gCeist Boird i Leitir Ceanainn, le Coiste Peil na mBan, Gaeil Leitir Ceanainn, urraithe ag Líonra Leitir Ceanainn 9pm


Arena 7, Leitir Ceanainn Gach duine sa phobal, foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa. Táille: Ceathrar ag gach tábla, €20 an tábla. Tuilleadh eolais: lionralc@gmail.com Satharn agus Domhnach 7-8 Márta Dianchúrsa Gaeilge (cúig leibhéal) 10am-4pm Cultúrlann Uí Chanáin (£25 an duine) Tuilleadh eolais: carol@culturlann.org nó cathal.culturlann@gmail.com Luan 9 Márta Ciorcal Comhrá i Srath an Urláir, le Ciorcal Comhrá Bhealach Féich 7pm Seomra Tae an Hatter, Srath an Urláir Táille: saor in aisce Tuilleadh eolais: Shauna Scanlon- shaunascanlon@hotmail.com Luan agus Máirt 9-10 Márta Scéim an Fháinne 1pm-3pm agus 7pm-8pm Cultúrlann Uí Chanáin Tuilleadh eolais: carol@culturlann.org nó cathal.culturlann@gmail.com Máirt 10 Márta Cuairt go TURAS, Skainos in Oirthear Bhéal Feirste d’fhoghlaimeoirí Gaeilge Tuilleadh eolais: catherine@culturlann.org nó lisa@culturlann.org Déardaoin 12 Márta Pop Up Gaeltacht


8.30pm Cultúrlann Uí Chanáin Aoine 13 Márta Ceiliúradh Fhéile Pádraig, maoinithe ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Ceol beo le Maggie Maguire (Fidil), Brona Graham (Bainseó) Jack Warnock (Giotár / Fonnadóireacht), and taispeántas agus ceardlann damhsa le Scoil Rince Cathair na mBallaí 12pm-2pm Cultúrlann Uí Chanáin Tuilleadh eolais: padraig@culturlann.org Satharn 14 Márta Oíche Mhór Ghaelach in Óstán an Castle Grove á reáchtáil ag Líonra Leitir Ceanainn Teacht le chéile mór do na cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí Gaeilge ar fad thart fá Leitir Ceanainn agus an iarthuaiscirt. Beidh ceol beo Gaeilge le Seán agus Seán Óg Mac Corraidh. Fáilte ar 7pm, agus béile ag toiseacht ar 7.30pm Óstán an Castle Grove, Leitir Ceanainn Táille: €35 an duine. Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ó lionralc@gmail.com Máirt 17 Márta Lá Spraoi do Theaghlaigh 12pm Céilí na nÓg 3pm Cultúrlann Uí Chanáin Is féidir an cháipéis seo a iarraidh i réimse formáidí; cló mór, Braille, PDF, closfhormáidí (CD, MP3, DAISY) agus mionteangacha. T: 028 71 253 253, téacsghuthán 02871 376646 nó cuir ríomhphost chuig: equality@derrystrabane.com


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.