3 minute read

Ag Seilg sna Rosa

Next Article
Shamrock Rovers

Shamrock Rovers

Myles na gCopaleen

Shroiceamar na Rosa faoi dheireadh agus an t-am ar shroich, bhí stiall mhaith de dhromchla na cruinne siúlta againn. Go deimhin, is suairc an tír í, más ocrach féin. Den chéad uair ó rugadh mé chonaic mé tír nach raibh báite agus ar maos ó líofacht na fearthainne. I ngach aird bhí ioldathanna na firmiminte ag déanamh aoibhnis don tsúil. Bhí gaoth bhog bhinn ag teacht sna sála orainn agus ag cuidiú linn sa tsiúl. In airde sna spéartha bhí lampa mór buí ar a dtugtaí an ghrian ag síleadh teasa agus solais anuas orainn. I bhfad i gcéin bhí cruacha arda gorma ina seasamh go seasmhach thoir agus thiar ag faire orainn. Bhí sruthán glic ag comóradh an bhealaigh mhóir. Bhí sé i bhfolach i dtóin na díge ach bhí a fhios againn go raibh sé ann ón monabhar mín a bhronn sé go fial ar ár gcluasa. Bhí an portach donndubh ar gach taobh, breac le carraigeacha. Ní raibh aon locht le fáil agam ar na Rosa ná ar aon cheann díobh; bhí Ros amháin chomh deas le Ros eile. Maidir le seilg, bhí siúd faoi lántseol ag an Seanduine sular bhraitheas nach raibh aon chosúlacht ar radharc na tíre go mbeadh seilg ann, ná aon chosúlacht ar an Seanduine go raibh sé sa tóir. Isteach thar chlaí leis go tobann. Isteach liomsa ina dhiaidh. I sméideadh súile bhí fuinneog foscailte ag an Seanduine agus bhí sé imithe uaim as radharc ar fud an tí. Sheas mé go cionn bomaite ag meabhrú iontais an tsaoil agus ansin nuair a bhíos ar tí a leanúint isteach sa tigh, amach leis arís de phreib. ‘Bhí seilg bhreá sa tigh sin riamh’, a dúirt sé liom. D’oscail sé a ghlac agus cad deirir a bheadh ann ach cúig scillinge airgid, neacláis bhreá ghalánta mná agus fáinne beag óir. Chuir sé na nithe sin go sásta i bpóca éigin istigh ar fud a phearsan, agus bhrostaigh sé chun siúil mé arís in éineacht leis. ‘Is leis an Máistir Ó Bíonasa an teach sin’, ar seisean, ‘agus is annamh a chuaigh mé in aisce ann’. ‘Muise, a dhuine uasail’, arsa mise go béasach, ‘is neamhchoitianta an saol atá inniu ann agus is mírialta an tseilg atá anois ar siúl againn’. ‘Más ea’, arsa an Seanduine, ‘is mithid’. Teach eile ceanna slinne arna rochtain dúinn, isteach leis an Seanduine arís agus amach leis le lán a dhoirn d’airgead rua a fuair sé i gcupán ar an drisiúr; teach eile agus ghoid sé slabhra óir; teach eile fós agus rug sé leis a oiread bídh agus dí is a chuir an misneach ar ais ionainn tar éis shiulóid agus dheacrachtaí an lae. ‘An amhlaidh’, arsa mise faoi dheireadh, ‘nach bhfuil aoinne beo sa tír seo nó an fíor go bhfuilid go léir glanta uainn siar go dtí an tOileán Úr? Pé comhréiteach atá ar an taobh seo den domhan, tá na tithe go léir folamh agus tá cách as baile’. ‘Is follas, a mhicínín bhig ó’, arsa an Seanduine, ‘nach bhfuil na dea-leabhair léite agat. Tá an tráthnóna anois ann agus de réir na cinniúna liteartha tá stoirm ann béal cladaigh, tá na hiascairí ar an anás amuigh ar an uisce, tá na daoine bailithe ar an tráigh, tá na mná ag caoineach agus tá máthair bhocht amháin ag rá ‘Cé a bhéafras tarrtháil ar mo Mhicí?’ Sin mar bhí an scéal riamh ag na Gaeil le teacht na hoíche sna Rosa’. ‘Is iontach, a dhuine chóir’, arsa mise, ‘an saol atá inniu ann’.

Advertisement

(An Béal Bocht, Myles na gCopaleen, Preas Mercier Teo, An Séú hEagrán, 1992)

This article is from: