The Irish Scene May/June 2021 Edition

Page 72

Ag Seilg sna Rosa Myles na gCopaleen Shroiceamar na Rosa faoi dheireadh agus an t-am ar shroich, bhí stiall mhaith de dhromchla na cruinne siúlta againn. Go deimhin, is suairc an tír í, más ocrach féin. Den chéad uair ó rugadh mé chonaic mé tír nach raibh báite agus ar maos ó líofacht na fearthainne. I ngach aird bhí ioldathanna na firmiminte ag déanamh aoibhnis don tsúil. Bhí gaoth bhog bhinn ag teacht sna sála orainn agus ag cuidiú linn sa tsiúl. In airde sna spéartha bhí lampa mór buí ar a dtugtaí an ghrian ag síleadh teasa agus solais anuas orainn. I bhfad i gcéin bhí cruacha arda gorma ina seasamh go seasmhach thoir agus thiar ag faire orainn. Bhí sruthán glic ag comóradh an bhealaigh mhóir. Bhí sé i bhfolach i dtóin na díge ach bhí a fhios againn go raibh sé ann ón monabhar mín a bhronn sé go fial ar ár gcluasa. Bhí an portach donndubh ar gach taobh, breac le carraigeacha. Ní raibh aon locht le fáil agam ar na Rosa ná ar aon cheann díobh; bhí Ros amháin chomh deas le Ros eile. Maidir le seilg, bhí siúd faoi lántseol ag an Seanduine sular bhraitheas nach raibh aon chosúlacht ar radharc na tíre go mbeadh seilg ann, ná aon chosúlacht ar an Seanduine go raibh sé sa tóir. Isteach thar chlaí leis go tobann. Isteach liomsa ina dhiaidh. I sméideadh súile bhí fuinneog foscailte ag an Seanduine agus bhí sé imithe uaim as radharc ar fud an tí. Sheas mé go cionn bomaite ag meabhrú iontais an tsaoil agus ansin nuair a bhíos ar tí a leanúint isteach sa tigh, amach leis arís de phreib. ‘Bhí seilg bhreá sa tigh sin riamh’, a dúirt sé liom. D’oscail sé a ghlac agus cad deirir

a bheadh ann ach cúig scillinge airgid, neacláis bhreá ghalánta mná agus fáinne beag óir. Chuir sé na nithe sin go sásta i bpóca éigin istigh ar fud a phearsan, agus bhrostaigh sé chun siúil mé arís in éineacht leis. ‘Is leis an Máistir Ó Bíonasa an teach sin’, ar seisean, ‘agus is annamh a chuaigh mé in aisce ann’. ‘Muise, a dhuine uasail’, arsa mise go béasach, ‘is neamhchoitianta an saol atá inniu ann agus is mírialta an tseilg atá anois ar siúl againn’. ‘Más ea’, arsa an Seanduine, ‘is mithid’. Teach eile ceanna slinne arna rochtain dúinn, isteach leis an Seanduine arís agus amach leis le lán a dhoirn d’airgead rua a fuair sé i gcupán ar an drisiúr; teach eile agus ghoid sé slabhra óir; teach eile fós agus rug sé leis a oiread bídh agus dí is a chuir an misneach ar ais ionainn tar éis shiulóid agus dheacrachtaí an lae. ‘An amhlaidh’, arsa mise faoi dheireadh, ‘nach bhfuil aoinne beo sa tír seo nó an fíor go bhfuilid go léir glanta uainn siar go dtí an tOileán Úr? Pé comhréiteach atá ar an taobh seo den domhan, tá na tithe go léir folamh agus tá cách as baile’. ‘Is follas, a mhicínín bhig ó’, arsa an Seanduine, ‘nach bhfuil na dea-leabhair léite agat. Tá an tráthnóna anois ann agus de réir na cinniúna liteartha tá stoirm ann béal cladaigh, tá na hiascairí ar an anás amuigh ar an uisce, tá na daoine bailithe ar an tráigh, tá na mná ag caoineach agus tá máthair bhocht amháin ag rá ‘Cé a bhéafras tarrtháil ar mo Mhicí?’ Sin mar bhí an scéal riamh ag na Gaeil le teacht na hoíche sna Rosa’. ‘Is iontach, a dhuine chóir’, arsa mise, ‘an saol atá inniu ann’. (An Béal Bocht, Myles na gCopaleen, Preas Mercier Teo, An Séú hEagrán, 1992)

SEANFHOCAL

MOLAIM DAOIBH AN GEARRSCANNÁN SUIMIÚL CLISTE ÁLAINN SEO: SIÚCRA – ROXANNA NIC LIAM. youtu.be/Mp8MvBgb10k BRÍD 72 | THE IRISH SCENE

Glac an saol mar a thig sé leat.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Shamrock Rovers

2min
page 91

Irish Golf Club Of WA

0
page 90

Basketball Blip

4min
pages 88-89

Australian Irish Dancing Assoc

2min
pages 86-87

Irish Choir Perth

1min
page 84

Irish Theatre Players

1min
page 85

Book Reviews

15min
pages 78-83

Australian Irish Heritage Assoc

3min
page 77

Tasmania’s Irish Convict History

2min
page 76

Paula From Tasmania

4min
pages 74-75

A New Celtic Dawn

2min
page 73

Ag Seilg sna Rosa

3min
page 72

G’day From Melbourne

5min
pages 62-63

Funerals In Ireland During Covid

9min
pages 64-66

Key Moments In A Great Escape

0
page 67

Family History WA

6min
pages 70-71

Irish Seniors In Western Australia

8min
pages 60-61

Claddagh Report

3min
pages 58-59

Ulster Rambles

6min
pages 56-57

Famine Memorial Unveiling

2min
page 55

My First Holy Communion

4min
page 51

Around The Irish Scene

6min
pages 52-54

Bill Daly - Listening Skills

3min
page 50

G’day From Gary Gray

4min
pages 48-49

Meeja WAtch

19min
pages 16-24

Matters Of Public Interest

19min
pages 32-41

On A Wing And A Prayer For Fatima Secrets

8min
pages 4-7

Isteach Sa Teach

6min
pages 46-47

Sky’s The Limit For Future Celebrations

10min
pages 12-15

McGowan Made His Mark

5min
pages 8-9

100 Years Ago He Died For Irish Freedom

5min
pages 10-11

Barcelona And The “Big Fella

1min
pages 42-43
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.