Lámhleabhar Sábháilteachta

Page 1

Coláiste Lurgan, Ráiteas Misin 2012 Bunaíodh Coláiste Lurgan chun cúrsaí Gaeilge den scoth a chur ar fáil do scoláirí gur mian leo cur lena gcumas labhartha Gaeilge. Déantar é seo i dtimpeallacht spreagúil, shábháilte ina gcothaítear meas ar an gcultúr gaelach agus grá don teanga Ghaeilge. Baintear úsáid as cur i láthair ilmheánach agus cur chuige nuaaimseartha chun foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí do scoláirí an lae inniu. Tá sé mar chuspóir ag Coláiste Lurgan féachaint chuige, go mbrathfaidh aon scoláire a bhíonn ar chúrsa Gaeilge anseo, slán sábháilte ó aon sórt mí-úsáid, tromaíocht, bulaíocht nó faillí. Tugtar tús áite i gcónaí don scoláire i ngach gné den chúrsa agus féachtar chuige gurb iad na cleachtais sábháilteachta is fearr a leantar. Déantar é freisin trí roghnú cúramach a dhéanamh ar fhoireann uile an Choláiste idir mhúinteoirí agus eile. Déantar roghnú agus maoirseacht an-chúramach ar na tithe lóistín ina bhfanann na scoláirí, ar na múinteoirí agus ar an bhfoireann uile a fhostaíonn an Coláiste. Tá freagracht ar chuile oibrí sa Choláiste cearta an scoláire a chosaint ar chuile bhealach. Oibríonn chuile dhuine ar fhoireann an Choláiste, mná tí san áireamh, as lámha a chéile, chun na críche seo.

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Lámhleabhar Sábháilteachta by Lurgan - Issuu