NÓS 47 - Eanáir / Feabhra 2015

Page 1

déan | bris | léigh

eanáir / feabhr a 2015 eag. 47

réabhlóidí rapcheoil Spiorad, croí agus tionchar Ana Tijoux



*

fáilte

fáilte agus 20(15) romhat Tá na blianta ag dul isteach níos sciobtha ná riamh agus cheana féin tá muid ar ais arís ag an uair a bhfágann muid slán ag ceann amháin agus a gcuireann muid fáilte roimh an chéad cheann eile. Bhí 2014 cinniúnach ar go leor bealaí - músclaíodh ár bpobal féin i slí nach bhfacthas le tamall fada agus dhá mhór-agóid againn sa dá chathair is mó sa tír, léirsithe misniúla ar ghlac na mílte páirt anamúil iontu - ach is chun tosaigh is mó atá muidne anseo ag NÓS ag amharc. Díreach ag t ús 2015, a r 7 Eanáir, seolfaidh muid ár mbaile úrnua idirlín, nos.ie. Suíomh cuimsitheach cultúir agus stíl bheatha atá i gceist ar a mbeidh ábhar nua suimiúil spreagúil

á fhoilsiú ar bhonn leanúnach. Cuirfidh sé go mór leis an iris chló - a thiocfaidh amach gach dara mí - agus go deimhin le rogha na meán Gaeilge trí chéile. Tá dúshláin romhainn mar Ghaeil - beidh i gcónaí - ach tá dul chun cinn ar siúl againn chomh maith agus tá ról na meán i bhforbairt seo an phobail níos tábhachtaí ná riamh. Tá ról an Ghaeil aonair níos tábhachtaí ná riamh fosta mar sin déan cinneadh - Dea-rún na hAthbhliana b’f héidir! - go ndéanfaidh tusa do ghiota le linn 2015 chomh maith. Is cuma cé chomh beag nó mór, ní neart go cur le chéile. Gach rath orainn uilig mar sin, agus feicfidh mé le linn na bliana sibh,

tomaí ó conghaile

nós 3


4 nós

an iris nós Gaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha. Ar fáil gach lá www.nos.ie agus i gcló gach dara mí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

faigh cóip Tá NÓS ar díol i nGaelsiopaí agus in Eason’s ar fud na hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip chlóite a chinntiú, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Chomh maith le gach eagrán a fháil díreach chugat sa phost, faigheann síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 62.

eagarthóir

leas-eagarthóir

Tomaí Ó Conghaile

Méabh Ní Thuathaláin

rannpháirtithe Gráinne Holland, Ben Ó Faoláin, Ciarán Ó Braonáin, Sinéad Ní Uallacháin, Eoin P. Ó Murchú, Seaghan Mac an tSionnaigh, Scott de Buitléir, T-Rex Ó Saurus, Daniel Go, James Loesch, Miguel Mendez, UggGirl, Glen Scott

TEAGMHÁIL Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bothár na bhFál, An Cheathrú Ghaeltachta Béal Feirste, BT12 6AH wwww.nos.ie eolas@nos.ie ISSN (Cló) 2053-0986 | ISSN (Ar Líne) ISSN 2053-0994

buíochas


nós 5

Istigh Ceol

Leabhair

Ana Tijoux 6 Ré 10 Léirmheasanna 14

Leabhra Feabhra 34 Air Cuan Dubh Drilseach 36

ag teacht aníos

Tradfest Bharra an Teampaill The Walworth Farce Celtic Connections

saol 18 20 22

scáileán Scannáin 2015 24 Oíche na Gaoithe Móire 30

Aipeanna Aclaíochta Brionglóidí Meabhracha Titim Bhalla Bheirlín

40 44 46

Gníomhaíochas T-Rex Ó Saurus

48

dearadh Amharclann Bhord Gáis Ealaíontóir sa Spotsolas

50 54


6 n贸s

*

Ceol

ceol


*

Ceol

ceol amach, éirigh amach Is bean ar leith í Ana Tijoux a bhfuil meon gníomhaíochais le sonrú go mór ina ceol cumhachtach ionraic. Amharcann Ciarán Ó Braonáin ar shaol agus ar shaothar an réabhlóidí rapcheoil seo.

C

eoltóir is file í Ana Tijoux a bhronnann muinín ar an éisteoir as an hip-hop is as an gceol i gcoitinne athuair. Duine í a chreideann nach ionann ealaíontóir agus an ceoltóir a chumann de réir foirmle, ag tnúth le barr na gcairteacha a bhaint amach. Dualgas an ealaíontóra, dar léi, is ea an saol mórthimpeall air a léiriú ina chuid saothar agus seasamh a ghlacadh ar cheisteanna móra a linne. “Deirtear linn go minic gan polaitíocht a mheascadh le ceol ach domsa is uirlis é an ceol chun machnamh, chun plé a dhéanamh ar an saol thart orainn,” ar sise. “Is ealaíontóir mé agus tá mé mothálach, feasach ar an tsochaí – ní féidir liom an dá ghné sin a scoilt óna chéile.” Ní aon ábhar iontas iad meon nó cur chuige Tijoux théis na tógála is na taithí saoil a fuair sí. Rugadh sa Fhrainc í in 1977, bliain i ndiaidh dá tuistí teitheadh ón tSile is ó dheachtóireacht chruálach Augusto Pinochet. Is i bPáras, i measc a cairde Afracacha, a fuair sí a céad bhlas riamh ar an hip-hop, a bhí, mar a deir sí féin, “ina thír dóibh siúd gan tír”. D’fhill teaghlach Tijoux ar an tSile in 1993, théis do réimeas Pinochet teacht chun deiridh, agus thosaigh Ana óg ar an hip-hop i ndáiríre. Ba leis an ngrúpa Makiza a thuill sí clú is cáil den chéad uair. Bunaíodh an grúpa i dteannta triúr Sileach eile a tógadh ar deoraíocht, agus bhí rath orthu fud fad Mheiriceá Theas.

Áirítear fós an dara halbam dá gcuid, Aerolíneas Makiza (1999), ar cheann de na halbaim Shileacha is fearr riamh anall. Eisíodh céad albam aonair Tijoux, Kaos, in 2007 agus faoin tráth sin aithníodh go forleathan í as séimhe a gutha is cruinneas a titime. Cuireadh go mór lena stádas ansin le teacht ar an saol a dara halbam, 1977 (2010), a ghnóthaigh aitheantas dá bua fileata scríbhneoireachta. Tharraing an t-albam aird an domhain mhóir uirthi chomh maith, a bhuí sin leis an tsraith teilifíse Breaking Bad a bhain leas as an traic beathaisnéiseach ‘1977.’ Tháinig féith réabhlóideach an MC Shiligh go mór chun cinn sa tríú hiarracht dá cuid, La Bala (2011), albam polaitiúil agus feargach go smior. Eisíodh an ceirnín le linn an Gheimhridh Shiligh, tréimhse chorraitheach inar thóg aos óg na Sile na sráideanna fúthu agus iad sa tóir ar a gcearta oideachais. Spreag na mic léinn is gach a raibh ag titim amach sa tír Tijoux chun amhráin chumhachtacha a chumadh ar bhrúidiúlacht an stát phóilínigh, claonadh sna meáin, agus uafás an chaipitleachais. Tháinig Vengo, albam is déanaí Tijoux, ar an margadh ag tús 2014 agus is é is mó a léiríonn luachanna is dearcadh saoil an MC. Téann an ceirnín i ngleic leis an iliomad ábhar ón máithreachas go dtí an réabhlóideachas.

nós 7


*

8 nós

Ceol

I measc rogha na dtraiceanna tá ‘Vengo’, amhrán a thógfadh croí aon Ghaeil agus an ceoltóir ag iarraidh orainne ‘díchoilíniú’ a dhéanamh ar an saol agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh gan náire: “Tagaim sa tóir ar fhreagraí, féitheacha oscailte agus lán, tagaim mar a bheadh leabhar oscailte ann chun foghlaim faoi scéal neamhráite mo mhuintire. Tagaim chun brionglóid a thógáil, gile an tsaoil a lonraíonn ón duine úr, tagaim sa tóir ar idéal an domhain gan aicme, domhan a éireoidh amach.” In ‘Somos Sur’ gríosaíonn Tijoux is an MC Palaistíneach Shadia Mansour pobail an Domhain Theas teacht le chéile is cur i gcoinne an cos ar bholg. Is aintiún spreagúil feimineach

é ‘Antipatriarca’; tá ‘Creo en Ti’ ar an traic is mó func is sonas ar an gcnuasach, agus is paidir fileata in ómós don nádúr ‘Río Abajo’. Níos réabhlóidí fós ná ábhar nó liricí na n-amhrán is ea an ceol féin. Níl rian den tsampláil ar an albam seo, rud atá fíorannamh in earnáil an hip-hop. Ó thús deiridh an cheirnín cloistear píoba, drumaí, agus téaduirlisí dúchasacha Mheiriceá Theas agus iad measctha le huirlisí téide, doird, is práis an Iarthair. Snag-hip-hop na nAindéas an toradh air seo. A leithéid níor chuala tú riamh. Rosc catha is ea Vengo a iarrann éirí amach sochaíoch, polaitiúil, agus cultúrtha ar a lucht éisteachta. Teachtaireacht láidir, agus an-ábhartha i láthair na huaire, ó cheoltóir as an ngnách. Caithfear éisteacht.


kíla bréag na fíréin seo linn tusa?

Tá saol an nuacheoil Ghaeilge ag fás i gcónaí le ceoltóirí agus bannaí úra anois ag teacht chun cinn ar bhonn rialta. Cé a bheas ar an gcéad dream eile i mbéal na nGael? Más amhránaí tú, nó má tá grúpa ceoil agat, déan teagmháil linn agus tabharfaidh muid ardán duit. eolas@nos.ie


*

10 nós

Ceol

bliain úr, ‘ré’ nua Cé go bhfuil seanaithne ag na ceoltóirí áirithe seo ar a chéile agus iad ag seinm in éineacht a chéile le roinnt blianta, tá ré iomlán úr i ndán dóibh. Scéal le Méabh Ní Thuathaláin.

G

rúpa nua é Ré a d’eascair ó Rian, seó ceoil agus damhsa a tharraing Liam Ó Maonlaí agus an cóiréagrafaí mór le rá Michael Keegan Dolan le chéile, in éineacht le ceathrar ceoltóirí traidisiúnta agus ochtar damhsóirí comhaimseartha. Anois, ceithre bliana óna gcéad léiriú in Amharclann Gaiety i mBaile Átha Cliath, tá ceoltóirí Rian tar éis tús a chur le fiontar nuálach agus a gcéad albam a seoladh ar na mallaibh. Is é Liam Ó Maonlaí a bhailigh na ceoltóirí le chéile ón chéad lá agus a chuaigh i dteagmháil le baill an ghrúpa; Cormac Ó Beaglaoich (Consairtín), Eithne Ní Chatháin (Fidil agus Guth), Maitiú Ó Caiside (Píoba Uillinne) agus Peter O’Toole (Olldord). Is rud as an ghnách é go mbeadh ceoltóirí traidisiúnta ag teacht le chéile i ngrúpa ceoil ar an tslí sin, gan mórán de thaithí acu a bheith ag seinm le chéile. “Bhuaileas le Liam timpeall cúig bliana ó shin ar thuras go Cúba, nuair a bhí muid ag seinm le m’athair. Ach ní raibh aithne ag an gcuid is mó againn ar a chéile. Ní raibh aithne

ar bith agam ar Mhaitiú ná fiú puinn taithí agam a bheith ag seinm le píoba uillinne” arsa Cormac Ó Beaglaoich, le gáire. Muna raibh aithne acu ar a chéile roimhe, tá sé curtha ina cheart ó shin. “Nuair a bhíomar le Rian, chaitheamar na seachtainí ag seinm agus ag seinm. Tá stór mór d’amhráin agus de phoirt againn anois ar féidir linn a tharraingt uaidh,” arsa sé. Admhaíonn Cormac go raibh sé saghas amhrasach faoi pháirt a ghlacadh sa seó nuair a chuala sé faoi don chéad uair. “Is dócha gur shamhlaigh mé seónna damhsa le Riverdance nó Lord of the Dance, mar a dhéanann go leor. Ach ní bheadh puinn suime agam a bheith páirteach i seónna den saghas san. Braithim go mbíonn an-chuid den phearsantacht caillte le seónna móra.” Ar cheann de na rudaí is suimiúla maidir leis an togra Rian ná go raibh damhsóirí ó gach aon charn den domhan páirteach ann. Damhsóirí proifisiúnta ón Nigéir, An Gréig, An Dánmhairg, agus Gána ina measc nach raibh aon chur amach acu ar an cheol traidisiúnta.


*

Ceol

n贸s 11


*

12 nós

Ceol

“Rinne siad cumadh leis an cheol agus bhí sé go hálainn na híomhánna a fheiscint a mhúscail an ceol iontu,” arsa Cormac. “Anois nuair a bhíonn muid ag casadh le chéile braitheann muid go bhfuil na ceoltóirí timpeall. Ní bhíonn siad linn ach is páirt den ghrúpa iad.” Bhí an-rath ar Rian nuair a bhí sé ar an bhfód, seó ar éirigh leis gnéithe éagsúla den cheol traidisiúnta a thabhairt chun solais fríd an cheol agus damhsa, a chuaigh isteach i réimse a bhaineann le deonacht, saoirse, mothúchán agus tuiscint. Ar an bhunús céanna, is mian le Ré leanúint leis sin agus fáilte a chur roimh an éisteoir géilleadh don cheol.

“Le dhá bhliain anuas, bhí caint ar bhanna a thosú agus albam a dhéanamh. I rith an tsamhraidh ansin, thug mé cuireadh don ghrúpa teacht agus seinm i Séipéal San Nioclás i nGaillimh,” arsa Cormac, áit a reáchtálann sé ceolchoirmeacha samhraidh. Taifead beo atá san albam agus tá an lucht féachana le cloisteáil ann, rud a chuireann leis an atmaisféar agus a léiríonn an ceangal idir na ceoltóirí agus na héisteoirí. “Bhraithfeá ag éisteacht leis go bhfuil sé saghas ‘raw’. Ach sin mar a bhí sé ar an oíche. “Shuíomar síos, sheinn muid trí phíosa a bhí mar chuid den seó. Lasmuigh de sin, ní raibh aon seitliosta againn, ní


*

Ceol

raibh aon chleachtadh againn agus ní raibh aon chóiriú déanta. Sheinneamar na rudaí a tháinig chugainn. “Tá dearúdaí i gcuid de na rianta, más dearúdaí atá iontu ach tá sin le brath i seisiúin agus gach aon rud beo. Is mar sin a tharla sé, tá muid macánta mar gheall ar sin.” arsa seisean. “Nuair a bhíonn tú ar stáitse agus muna bhfuil a fhios agat cad atá ag teacht ina dhiaidh caithfidh tú a bheith aireach!” Mhínigh Cormac gur mar sin a dhéanann Liam Ó Maonlaí a chuid gigeanna. “Ní bhíonn a fhios agat cad a bheith ar siúl ag aon staid den oíche. Oíche amháin, chuaigh Liam amach leis féin agus

thug sé cuireadh dúinn teacht amach agus díreach seinm ina theannta. Bhí sé ar fheabhas ar fad.” “Uaireanta nuair a bhíonn an iomarca cleachtaidh déanta, bíonn sé leamh. Má tá tú macánta ionat féin, macánta ó thaobh an cheoil de, déantar ceangal le daoine. “Beidh babhtaí agus seinnfidh tú port míle uair agus seans nach mbeifeá sásta leis ach deich faoin gcéad den am ach tá sin i gceart. Má scaoileann tú leis agus má tá tú macánta faoi sílim go dtagann sin tríd,” arsa Cormac. Tá Ré ag súil le camchuairt a dhéanamh timpeall na tíre sa bhliain úr. Lean ‘Ré’ ar Facebook le haghaidh sonraí.

nós 13


*

14 nós

Ceol

Temples - Sun Restructured Heavenly

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

An grúpa ceoil nua is fearr sa Bhreatain é Temples. Sin tuairim Noel Gallagher. Agus Johnny Marr freisin. Aontaíonn go leor daoine eile leo - tá albam début an ghrúpa, ‘Sun Structures’, ar an albam is mó a raibh díol air i siopaí Rough Trade

i mbliana, agus do bhain an ceirnín #3 amach i gcairt idirnáisiúnta na Seapáine. Is albam breá é ‘Sun Structures’ rac-cheol sícideileach snasta loinnreach i stíl Marc Bolan agus The Byrds - ach is saothar é a bhfuil cumha ró-láidir air i ndiaidh ré na seascaidí, gan iarracht aon rud nua a sholáthar don éisteoir. Ach mar amh-ábhar d’athleaganacha fada máistriúla Beyond The Wizards Sleeve (an dioscmharcach iomráiteach Errol Alkan agus Richard Norris ó The Grid), ní féidir ceol Temples a shárú. Is cuma iad ag plé le port bog rac mar ‘Roscoe’ Midlake nó indie-rac uilleach mar ‘Ulysses’ Franz Ferdinand, tá blas sícideileach, ach go míaimseartha úr, ag baint le hathmheascáin BTWS. Tá BTWS tar éis rud speisialta a chruthú i gcás ‘Sun Re-Structured’. Rud nach gcloistear minic a dhóthain i ré seo na híoslódála digití:

albam go bhfuil slacht agus gluaiseacht ag baint leis a shásóidh do chluasa ón gcéad nóta go dtí an buille deiridh. Tá Alkan agus Norris tar éis tumadh go domhain isteach sna buntaifid, béim curtha acu ar na heilimintí séiseacha is mó a thaitin leo, breis drumaí scaoilte curtha faoina mbun acu agus dornán de dheannach draíochta stiúideo croite ar a bharr. Is ceol uirlise cuid mhór de ‘Sun Re-Structured’, ach tá liricí James Edward Bagshaw sníofa isteach is amach as an meascadh go samhlúil ar na leaganacha nua d’amhráin mar ‘Sand Dance’ agus ‘Sun Song’. Cur chuige é a thugann spás anála don gceol nach raibh le fáil ar bhunleagan an albaim. Ach ní gá don éisteoir ceann a roghnú thar an ceann eile - tá bunleagan ‘Sun Structures’ agus leagan Beyond The Wizards Sleeve anois le fáil mar dhlúthdhiosca dúbailte.


*

Ceol

John Grant - With The BBC Philharmonic Orchestra Bella Union

Léirmheas le Ben Ó Faoláin

*****

Bíonn an fhírinne searbh. I gcás John Grant bíonn sí idir thragóideach agus mheidhreach. Más dubhach an dúch a shileann as peann iar-amhránaí The Czars tá greann tur ag baint le liricí an fhir mhóir a chuireann ag sciotaíl thú ar uairibh, is cuma chomh truamhéalach, fiú fiúranta, a chás. “I wanted to change the world,” a chanann sé ar ‘Queen Of Denmark’, “But I could not even change my underwear,

And when the shit got really, really out of hand, I had it all the way up to my hairline, Which keeps receding like my self confidence.” Níor cheart go mbeadh lagmhisneach ar Ghrant ag an bpointe seo. Is cuairt ghaisce é an taifead beo seo leis an BBC Philharmonic tar éis do Ghrant dhá albam aonair den gcéad scoth a eisiúint le ceithre bliana anuas atá tar éis lucht leanúna dílis a bhronnadh air. Bíodh is go bhfuil sástacht Ghrant leis an adhradh seo soiléir le clos le linn an taifeadta níl aon éalú ó ábhar an dornáin amhrán a roghnaíodh don athchóiriú ceolfhoirneach beo. Tugann Grant go fileata ionraic faoi gach dath den ngrá, ó theas geana an bhláthaithe go naimhdeas nimhneach an scartha. Seo iad mothúcháin amhránaí homaighnéasach craobhscaoilte i mbaratón, ach gan aon ghimic margaíochta i gceist. Má tá sé le tuiscint ó liricí an amhráin ‘GMF’ go raibh brú ar Ghrant a homaighnéasachas a cheilt tráth dá shaol - “I should have practised my scales, I should not be attracted to males, But you said that I should learn to love myself, Make up your mind, Doctor Frankenstein”

nós 15

- is fada é sin caite uaidh aige mar chluiche fichille. Is é an grá an grá, agus níl sé i gceist ag Grant an lae inniu a leithscéal a ghabháil le héinne as scaoileadh le línte mar “Remember how we used to fuck all night long, Neither do I cos I always passed out, I needed lots of the booze to handle the pain” (‘You Don’t Have To’). Amhrán é ‘Glacier’, le liricí mar “No one on this planet can tell you what to believe, People like to talk a lot, and they like to deceive”, a bheadh ina ábhar misnigh d’éinne a bheartaigh riamh snámh in aghaidh an easa, is cuma cén comhthéacs a bheadh i gceist. Má tá locht le fáil ar ‘With The BBC Philharmonic Orchestra’ is é go bhfuil Grant chomh muiníneach sin as a ghlór iontach, saibhir féin nach mbacann sé i gcónaí le fonn láidir a chumadh mar thionlacan dá chuid liricí. Fágann sin an BBC Philharmonic ag iomlasc sa chúlra ar amhráin mar ‘Vietnam’ agus ‘Marz’ de bharr easpa ábhair sheisigh ar féidir dul i ngleic leis go sásúil. Mar a dúirt an coraí Giant Haystacks ar an Late Late Show fadó, ní féidir sailéad sicín a dhéanamh as cac sicín! Bíonn an fhírinne searbh.


*

16 nós

ceol

Ceoltóirí Éagsúla - Ten Cities Soundway

Léirmheasanna le Ben Ó Faoláin

*****

Cad é seo, go díreach? Toradh ar thógra uaillmhianach idirchultúrtha de chuid Goethe-Institut na Gearmáine é Ten Cities. Thug léiritheoirí cheol na gclubanna as cúig chathair éagsúil san Eoraip (Beirlín, Napoli, Cív, Briostó agus Liospóin) a n-aghaidh ó dheas go dtí an Afraic le dul i mbun ceol a thaifeadadh le léiritheoirí agus ceoltóirí áitiúla i gcúig chathair éagsúil (Caireo, Johannesburg, Luanda, Lagos agus Nairobi). I measc ambasadóirí sonacha na hEorpa d’aithneofá ceannródaí na fuaime dubchéime Pinch (Briostó) agus don an cheoil deep house Vakula (Cív), seans, ach is beag duine sa domhan ó thuaidh ó Thrópaic an Phortáin go mbeadh cur amach acu orthu siúd, mar Temi Oyedele (Lagos), Alai K (Nairobi) agus Bikya (Caireo), a chuir fáilte roimh na hEorpaigh ó dheas. Cliché é an ráiteas ‘it began in Africa’ - ach is cuma cé acu an mbeadh bunús an chine daonna i gceist ag David Attenborough nó trácht á déanamh ag The Chemical Brothers (nó Romare, ambaiste) d’fhoinse na ndrumaí a bhfuil mar chroí cheol rince na gclubanna sa lá atá inniu ann - tá an fhírinne ann. Déanann sé ciall, mar sin, léiritheoirí Eorpacha a athlonnú go dtí an Afraic ar feadh seala, ach ní fhéadfá a rá gur coincheap as an nua é. Tá comhrá ceoil ar siúl idir an Afraic agus an Eoraip leis na cianta, agus, le bheith ionraic, tá léiritheoirí mar Débruit na Fraince, Batida Liospóin agus LV Londan tar éis a saghas comhcheangail stíle, atá le clos ar na poirt is fearr ar Ten Cities, a bhaint amach cheana féin sa stiúideo baile le húsáid na teicneolaíochta samplála agus rud beag samhlaíochta. An bhfuil aon mhaith ann? Tá Pinch ar thosach cadhnaíochta, é soiléir ón ‘Are You Coming With Us’ damanta maith i dteannta Temi Oyedele go bhfuil go leor machnaimh déanta aige ar conas an leas is mó a bhaint as a scileanna mar léirithoir dubchéime i gcomhthéacs cheol na hAfraice. Afrai-teicneo é, Jim, ach ní mar a chloistear de ghnáth é!

Tá cúinní dorcha diostópacha i gceol Arabach na hÉigipte aimsithe ag Diamond Version (Raster Norten Bheirlín) agus Bikya is Wetrobots Chairo ar ‘DV_BK_WR 01’. Tá sásamh le baint, freisin, as port mór fánach afrasnagcheoil Vakula agus Planet Lindela J’burg (‘Jozi Sunset’), agus afra-house slachtmhar leithéidí Afrologic agus Octapush. Laigí? Dub-techno leamh gan treo Dubmasta, Hans Teichmann agus Leon Ersamus. Ní léir ó ‘Choborops’, i dteannta Teichmann, go dtuigeann Dirty Paraffin J’burg an miondifríocht idir rapáil agus bheith ag caint caca thar cheol. Agus tá barraíocht Kuduro/UK Funky/Afra-house ar bheagán samhlaíochta le clos. An breithiúnas? Deis curtha amú de bharr easpa fócais agus easpa samhlaíochta. Seans go mbeadh toradh níos spéisiúla ar Ten Cities ach léiritheoirí as Meiriceá Theas, mar Cero 39 na Colóime, bheith curtha sall go dtí an Aifric.

Neil Ó Briain - Immram féinfhoilsithe

***** Gael Corcaíoch a bhfuil cónaí air sa tSualainn é an Brianach seo atá ag cumadh agus ag coiriú a cheoil féin le tamall agus is é an chéad albam seo atá mar thoradh ar a chuid oibre. Giotár uirliseach atá le cloisteáil ann tríd an 13 traic agus is taitneamhach an rogha atá curtha ar fáil aige, rianta nuachumtha a bhfuil brí agus cumas le sonrú iontu. Ní minic a ghéarann an luas ann, tá smacht iomlán ag Neil ar gach rian, ach cruthíaonn sé buillí doird agus foinn araon, mar aon le blaisíní comhcheoil a oibríonn go séimh ar an chluas. ‘Stíl méire’ fuaimiúil é seo, a chuirfeadh leagan óg de leithéidí Tommy Emmanuel i gcuimhne duit, agus is maith Gael úr ceolmhar a fheiceáil ag teacht chun tosaigh - tá iomlán an eolais faoin albam le fáil i nGaeilge agus i mBéarla aige. Tá Immram le fáil le híoslódáil ó musicbyneil.com


*

Ceol

nós 17

Robert Hood - M-Print: 20 Years of M-Plant Music m-plant

***** Tá fiche bliain ann ó bhunaigh Robert Hood an lipéad M-Plant mar scóip dhíolta dá léamh lom féin ar cheol techno chathair Detroit. Tá an chuid is fearr de cheol Hood tiomsaithe go cróineolaíoch anseo, le scoth a rianta ó na nóchaidí, mar an ‘Protein Valve 1’ lúbach féitheogach agus an ‘The Grey Area’ domhain íosta, le clos ar dhiosca 1. Tugann diosca 2 faoin stíl níos anamúla a bhfuil á chleachtadh ag Hood faoin ainm Floorplan le cúig bliana anuas, agus poirt mar ghaspal-house ‘We Magnify His Name’ agus an ‘Never Grow Old’ meidhréiseach ag léiriú nach bhfuil aon chinneadh le Hood chun giota de shean-cheirnín deannachúil a lúbadh timpeall ar bhuille tréan techno. Tá an triú diosca (athleaganacha agus rianta nár eisíodh roimhe seo) saghas iomarcach tar éis an méid sin, ach amháin i gcás an ‘Analog Track (Ghost)’ damanta funcaí.

chosaint ó fhuacht an Gheimhridh. Tá ‘Not Coming Down’ agus ‘Bringing The Sun To The City’ an-ghar do ghlór shoegaze Lush nó Slowdive, ach le notaí bleibeacha dord-ghiotáir Spiegel go mór chun tosaigh sa réimse fuaime. Tá macalla láidir de cheol an ghrúpa New Fast Automatic Daffodils ag baint le ‘Air Dancing’, ach, do shamhlófá sin, le Laetitia Sadier Stereolab na Fraince i mbun amhránaíochta. Albam fíor-thaitneamhach.

Veronique Vincent & Aksak Maboul - Ex-Futur Album crammed

***** Níl bac ar cheoltóirí na linne seo albam a dhíol i bhfoirm dhigiteach ar Bandcamp muna bhfuil spéis ag lipéad ceoil é a eisiúint, ach n’fheadar éinne an méid scoth-cheoil a bhfuil fós ina suí ar an tseilf ón uair ná raibh de rogha ann ach cló agus dáileadh fisiciúil fíorchostasach a dhéanamh ar

Githead - Waiting For A Sign swim

***** albam. Baill an ghrúpa Githead ná Colin Newman ón ngrúpa iarphunc Wire; Malka Spiegel agus Max Franken ón ngrúpa indie-rac Iosraelach Minimal Compact; agus an léiritheoir turgnamhach Robin Rimbaud (Scanner). Más le ceol ‘deacair’, ardaigeantach a bheifeá ag súil óna leithéid de cheoltóirí, beidh iontas ort. Ní amháin nach bhfuil dúshlán ag baint le ‘Waiting For A Sign’ mar shaothar éisteachta, beidh fonn ort tú féin a chuachadh ina mbranda de indie-rac clúmhach mar

Taifead ón bhliain 1983 é ‘Ex-Futur Album’ nár eisíodh cheana, saothar fíor-spéisiúil a bhí ró-phop don margadh avantgarde ag an am, agus ró-avant-garde don margadh pop. Pop-cheol Beilgeach sultmhar ealaíniúil é. Bíodh is go bhfuil gnéithe de cheol hi-life, ceol Arabach, dub Iamácach, snagcheol agus ceol na scannán Francach le sonrú ann, tá an ceol léirithe go príomha ar na síntéiseoirí céanna (Roland TB303, Juno 60, Roland TR808 agus Casio MT40) a bheadh mar bhunús le gach stíl ó techno Detroit go hip hop Nua Eabhrac go dancehall Kingston go ceol house Chicago taobh istigh de thréimhse ceithre bliana. Seo radharc úr ar stair an cheoil leictreonaigh, agus cuirfidh amhráin mar ‘Chez Les Aborigénes’ agus ‘Afflux De Luxe’ draíocht ort.


ag teacht aníos temple bar tradfest 28 Eanáir - 1 Feabhra Baile Átha Cliath Tá féile cheol traidisiúnta Bharra an Teampaill ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód. Cuimhnigh air! Cuireadh tús leis an chéad lá riamh le deis a thabhairt don bpobal scoth na gceoltóirí traidisiúnta agus tíre a chlos; agus chun ardán a chruthú do na ceoltóirí sin, ach go háirithe don chéad ghlúin eile. Tá éirithe leo é sin a dhéanamh go snasta le tamall de bhlianta anuas, agus déanfar arís i mbliana é. Tá leithéidí Matt Molloy, Arty McGlynn, Liam O’Flynn agus Mícheál Ó Súilleabháin le bheith ós comhair na sluaite an Eanáir seo, mar aon leo siúd nach bhfuil ar bhóthar an cheoil chomh fada céanna. Mar theistiméireacht ar fhorbairt na féile, ní gá ach féachaint ar an bhfás suntasach atá tagtha i líon na dticéad a díoladh. 500 sa bhliain 2005 – cuir é sin i gcomparáid le líon na bliana seo caite: 7,500 sa bhreis ar an bhfigiúir sin. Beidh na ceolchoirmeacha ar siúl timpeall cheantar Bharra an Teampaill, in ionaid ghalánta nach bhfuil i bhfad óna chéile - Ardeaglais Naomh Pádraig, Ardeaglais Chríost, Halla na Cathrach, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Monarchan na gCnaipí – An Button Factory – ina measc.

le sinéad ní uallacháin


Seo cúpla sampla dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi na hionaid sin: Cara Dillon; Louise Mulcahy; Lynched; Beoga; Coda; Danú; Donovan; Hothouse Flowers agus Mick Flannery. Tá an iomarca le hiad ar fad a ainmniú. Gheobhaidh sibh liosta ar fad na mbannaí agus na gceoltóirí, ticéid agus eolas uile faoi chomórtais ar an suíomh gréasáin templebartrad.com


20 nós

*

ag teacht aníos

The Walworth Farce 10 Eanáir – 8 Feabhra Amharclann an Olympia, BÁC


*

ag teacht aníos

Bhí an-rath go deo ar dhráma Enda Walsh, Ballyturk, anuraidh. Chonaic na mílte é, agus é ar camchuairt i Londain, Corcaigh, Gaillimh agus in Amharclann an Olympia, BÁC. Níl aon dabht orm ach go n-éireoidh leis an léiriú nua de dhráma Walsh, The Walworth Farce, na sluaite a mhealladh ag tús

2015. Tá cliar chomh haitheanta céanna le baill aisteoirí Ballyturk luaite leis an léiriú seo – athair agus beirt mhac – Brendan, Domhnall agus Brian Gleeson, mar aon le Leona Allen. Is é Seán Foley, a bhfuil cúpla gradam Oilvier ina bhailiúchán, stiúrthóir an dráma.

nós 21

Baineann an scéal le Dinny agus a bheirt mhac, a fhágann Éire, do shaol nua i Londain. Ach conas a éireoidh leo agus iad sainithe in árasán bídeach? Beidh le feiscint, san Olympia ar feadh díreach ceithre seachtaine amháin. Is féidir ticéid a cheannach i láthair na huaire ag olympia.ie


22 n贸s

*

ag teacht an铆os


*

ag teacht aníos

celtic connections 15 Eanáir – 1 Feabhra Glaschú, Alba Thar lear linn, go hAlbain. Is ann a bheidh an fhéile cheoil Celtic Connections ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus go leor de bhunadh na tíre seo páirteach ann – leithéidí The Lost Brothers, Luka Bloom agus Adrian Crowley. Oíche ómóis don sárcheoltóir Albanach, Martyn Bennett, a chuirfidh tús leis an bhféile agus tá neart éagsúlachta sa gclár arís i mbliana - tá breis agus 2,000 ceoltóir ann ar fad, gach rud ó Carlos Nuñez go Hayseed Dixie. Agus mar a bhí le

blianta beaga anuas, tá oíche faoi leith eagraithe dar teideal ‘Gaels le Chéile’. Tiocfaidh Gaeil na tíre seo agus na hAlban le chéile d’imeacht speisialta ceoil agus amhránaíochta inár dteanga dhúchais. Páirteach beidh, Gráinne Holland, Maeve Mackinnon, Dónal O’Connor, Ross Martin, Lorraine McCauley agus Noeleen Ní Cholla. Nár dheas tús a chur le 2015 le turas anonn? [Eag. Smaoineamh den scoth!] celticconnections.com

nós 23


24 nós

scáileán

12 mí, 12 scannán Caitheann NÓS súil chun tosaigh ar dhá cheann déag de na scannáin is mó a eiseofar sa bhliain úr amach romhainn. Focail le Tomaí Ó Conghaile.

Tá tréimhse na ngradam scannáin buailte linn arís agus fógrófar gearrliosta na nOscar anois i lár mhí Eanáir, leis an ócáid luisneach féin ar siúl 22 Feabhra. Mórcheiliúradh earnáil na scannánaíochta sa Domhan Thiar é ach beidh cúis bhreise cheiliúrtha againn mar Ghaeil má éiríonn le sárshaothar inár dteanga féin, An Bronntanas, áit a bhaint amach ar an ghearrliosta don scannán is fearr i dteanga iasachta. Thuill an tsraith, a craoladh ar TG4 le déanaí, moladh ó chéin agus ó chóngar agus tá súil mhór againn uilig go n-aithneofar é faoi shoilse Hollywood gan mhoill.

Beidh iomaitheoirí uile na bliana seo ar cipíní go dtí an oíche mhór ach ar bhealach tá a gcuid oibre déanta acu, tá a mbád curtha chun seoil agus níl le déanamh acu anois ach fanacht le fáil amach an dtiocfaidh sé i dtír. Cad faoi na scannáin sin, áfach, atá le seoladh sa míonna amach romhainn agus a bhfuil sé ar fad le cruthú acu fós? Thug muid spléachadh chun cinn ar eisiúintí 2015 agus roghnaigh 12 scannán, ceann do gach mí, ar fiú súil a choinneáil orthu. Seo iad.


*

scáileán

nós 25

Mortdecai Eanáir Spiairí, ceannaithe ealaíne agus Rúisigh fheargacha, tá siad uilig sa scannán grinn seo a bhfuil Johnny Depp sa phríomhról ann. Cineál scigaithrise ar an charachtar aircitíopúil Sasanach i scannáin aicsin, tá Gwyneth Paltrow agus Ewan McGregor ar an fhoireann chomh maith, ach is de bharr Depp a bheas na sluaite ag iarraidh dul ar an turas áiféiseach seo.

fifty shades of grey Feabhra Seans nach bhfuil an leabhar léite againn ar fad ach is cinnte go bhfuil an scéal, nó ar a laghad an téama, ar eolas againn. Beidh le feiceáil cá mhéad radharc anghrách ón leabhar a bhainfidh an scáileán amach ach, leis an Fheirsteach Jamie Dorman mar Christian Grey agus Dakota Johnson i bpáirt Ana Steele, ní bheidh aon éalú ón teannas méine agus collaíochta. Fanfaidh go leor ar an DVD nó ar an sruthú, is dócha.

in the heart of the sea Márta Éireannach eile, Cillian Murphy, atá sa cheann seo atá bunaithe ar fhíorscéal faoin long míolta móra, Essex, a chuaigh chun farraige siar in 1820. Ní go rómhaith a d’éirigh leis an chriú dul i ngleic lena gcreach áfach agus, 30 bliain ina dhiaidh sin, spreag a scéal Herman Melville chun Moby Dick a scríobh. Tá cuma eipiciúil go maith ar an réamhbhlaiseadh.


*

26 nós

scáileán

brooklyn Meitheamh (Measta) Úrscéal le Colm Tóibín é seo atá suite sna 1950í agus a leanann an bhean óg Éireannach Ellis Lacey agus í gafa idir a saol nua sna Stáit Aontaithe agus a fréamhacha ar ais in Éirinn. Tá Saoirse Ronan agus Domhnall Gleeson i measc na bpríomhaisteoirí agus taispeánfar Brooklyn ag an fhéile iomráiteach Sundance in Utah SAM i mí Eanáir. Beifear ag súil go mór lena première baile níos moille sa bhliain.

rock the kasbah Aibreán Cé go bhfuil sé le heisiúint i gceann ceithre mhí, níl an oiread sin ar eolas go fóill faoin Kasbah seo a bheas á racáil ag Zooey Deschanel, Kate Hudson, Bruce Willis agus Bill Murray. Bhuel, ach amháin go ndíríonn sé ar sheanléiritheoir ceoil a thagann ar chailín ón Afganastáin a bhfuil glór binn, agus iarbhuachaill éadmhar, aici. An t-aon rud a bhfuil muid ag súil leis ná nach mbeidh Bruce féin ag canadh.

mad max: fury road Bealtaine Tá ceann de na scannáin aicsin iarapacailipteacha is aitheanta riamh ar ais tar éis 30 bliain. Ní Mel Mac Gib atá i ról Max an

babhta seo áfach ach an Sasanach Tom Hardy, atá feicthe againn ar na mallaibh i Locke agus The Dark Knight Rises. Anseo, i lár an anoird ar fad,

bíonn air cuidiú le bean ar leith, Furiosa, a baile dúchais a bhaint amach ar an taobh thall den ghaineamhlach. Bí ag súil le mire thodhchaíoch.


*

scáileán

nós 27

pan Iúil Is iomaí leagan scáileáin de leabhar JM Barrie a rinneadh thar na blianta, le hathchóiriú Steven Spielberg, Hook ó 1991, ar na hiarrachtaí is rathúla go dtí seo. Anois tá Joe Wright ag tabhairt faoin scéal agus aisteoir óg neamhaithnid, Levi Miller, roghnaithe aige chun bheith ag eitilt thart i ról Pheadair. Tá go leor éifeachtaí draíochta sa cheann seo ach tá líne thanaí le siúl aige le criticeoirí. Beidh le feiceáil cad é mar a éiríonn sé den talamh.

the man from u.n.c.l.e. Lúnasa Beidh áit speisialta i gcónaí ag an bhunsraith teilifíse i gcroíthe glúine faoi leith agus mar sin déarfainn go mbeadh go leor ag súil leis an chéad leagan scannáin seo riamh. Mar a bheifeá ag súil, na 1960í

atá ann agus tá gníomhaí CIA, Napoleon Solo, agus a chomhghleacaí ón KGB, Illya Kuryakin, i mbun misin i gcoinne eagras rúnda coiriúil atá ag iarraidh airm núicléacha a scaipeadh ar fud an domhain... plota spiaireachta den seandéanamh!

black mass Meán Fómhair Seo scéal Whitey Bulger, deartháir Seanadóra Stáit agus duine de na drongadóirí is brúidiúla riamh i stair Bhostúin. Throid sé go fíochmhar i gcoinne an Mhaifia Iodálaigh sa chathair agus d’fhág slad ina dhiaidh. Is é Johnny Depp atá mar Bulger ach tá baol ann nach n-aithneofá é agus a ghnáthchuma athraithe as riocht don ról. Scannán ar aon dul le ‘The Departed’ é seo ach níos fírinní agus níos smúraí.


*

28 nós

scáileán

the peanuts movie Samhain (Measta)

victor frankenstein Deireadh Fómhair

Cartún clasaiceach Meiriceánach, cuirfidh an scannán beochana seo Snoopy, Charlie Brown agus a gcairde ar an scáileán mór den chéad uair riamh. Mac agus garmhac leis an bhunchruthaitheoir féin, Charles M. Schulz, atá ag obair air agus beidh

glór José ‘Bill’ Meléndez – an fear a rinne guth Snoopy agus Woodstock sa tsraith teilifíse ach a fuair bás sé bliana ó shin – le cluinstin fosta a bhuí le taifid chartlainne. Tá na piseanna talún seo ag tabhairt goile do chuid mhór.

Bímis ionraic, tá sé i gcónaí ag dul bheith deacair do Daniel Radcliffe an ceangal le Harry Potter a bhriseadh. Is dócha go mbíonn daoine go fóill ag glaoch Harry air sa tsráid fiú. Mar sin féin, tá sé ag déanamh iarrachta saol nua aisteoireachta a chruthú dó féin agus seo a gheábh is déanaí. Is é atá i bpáirt Igor, cúntóir an eolaí Frankenstein, agus tá sé in éineacht beirte as Albain – an stiúrthóir Paul McGuigan agus a chomhaisteoir James McAvoy, atá mar Victor féin. Meastar go mbeidh sé seo ar na scannáin uafáis is fearr le linn 2015.

star wars vii - the force awakens Nollaig Agus ar deireadh, ní thiocfaidh an Nollaig seo chugainn gasta go leor do neart Nósadóirí agus buaic fhicsean eolaíochta na bliana le heisiúint sa tréimhse fhéiltiúil. I ndiaidh na díomá a chuir eipeasóidí 1-3 de Star Wars ar na milliúin ar fud na domhain seo agus i réaltraí i bhfad i gcéin, tá dóchas mór ann go bhfillfidh J.J. Abrams ar luachanna agus stíl na buntríolóige. Níl aon phlota eisithe go fóill do The Force Awakens agus tá iarrachtaí ar bun tuiscint a fháil ar an scéal díreach ón réamhbhlaiseadh amháin, atá feicthe anois ag os cionn 50 milliún duine ó eisíodh é ag deireadh mhí na Samhna. Lenár seanchairde Harrison Ford, Carrie Fisher, Mark Hamill, Anthony Daniels, Peter Mayhew, agus Kenny Baker i measc na foirne, is cinnte go mbeidh an fórsa láidir sa cheann seo, nach cinnte?



30 nós

* *

taisteal

an bhféadfadh sé tarlú arís?


*

taisteal Oíche na gaoithe móire Dé Máirt 6 Eanáir RTÉ 1 10.15in / BBC 2 11.20in Is minic a bhíonn eolaithe aimsire ag tabhairt rabhaidh dúinn na laethanta seo faoi thosca aeráide atá ag dul in olcas agus ag éirí níos antoiscí i rith an ama, agus i bhfianaise na stoirmeacha geimhridh a bhí againn ar na mallaibh, d’fhéadfá a rá go bhfuil an ceart acu. Ní inniu ná inné áfach a bhuail doineann muid agus tá caint ann go fóill ar eachtra mhór amháin i stair na tíre seo ach go háirithe. Breis agus 170 bliain ó shin a tharla Oíche na Gaoithe Móire, ceann de na stoirmeacha is uafásaí in Éirinn riamh inar shéid gaotha a raibh fórsa hairicín iontu ar fud na tíre, gaotha a d’fhág an bás, an léirscrios agus buaneagla roimh neart an dúlra mar oidhreacht ina ndiaidh. Anois tá scannán nua faisnéise faoin oíche úd le craoladh ar RTÉ agus BBC araon agus a chuirfidh beocht agus cruth na réaltachta ar an stoirm chlúiteach. Baineann ‘Oíche na Gaoithe Móire’, léiriú de chuid Lagan Media, úsáid as athchruthú drámatúil, éifeachtaí speisialta agus éifeachtaí físiúla le cumhacht brúidiúil na gaoithe a chur in iúl. Gheobhaidh an lucht féachana léargas réalaíoch ar

an eagla agus ar an fhulaingt a bhí ann i mbeagnach gach sráidbhaile, gach baile mór agus gach cathair in Éirinn, nuair a bhog an ollstoirm seo soir ó thuaidh le gaotha a bhí chomh dian sin gur sháraigh siad gach curiarracht. Beidh agallaimh ann le saineolaithe sa chlíomeolaíocht agus sa bhéaloideas agus le saineolaithe de chuid Met Éireann, agallaimh ina mbeidh muid ag foghlaim faoin dóigh a ndearnadh scéal mór den stoirm i nuachtáin an lae agus an dóigh ar éirigh scéalta na hoíche scanrúile sin ina ndlúthchuid de bhéaloideas na nGael go ceann na gcéadta bliain. Is ar 6 Eanáir 1839, an Nollaig Bheag, a tharla sí. Tháinig an stoirm i lár na hoíche gan choinne, agus shíl a lán daoine gur díbheirg Dé nó fíoch an diabhail a bhí ann, sin nó gur drochobair ‘an tslua sí’ a bhí ann. Cibé rud ba chúis léi, ba í Oíche na Gaoithe Móire an stoirm ba mheasa le 300 bliain anuas agus ní fhacthas a leithéid go dtí an lá atá inniu ann. Ach anois, agus fadhb an athraithe aeráide romhainn, ní mór a fhiafraí, cad é atá i gceartlár na bpatrún aimsire seo a bhíonn ag síorathrú, agus cé chomh dócha is atá sé go mbeadh stoirm chomh holc léi arís ann?

nós 31


2015

faoi mhaise!


* seoladh nos.ie

07.01.15 gigeanna n贸s

deireadh ean谩ir!


34 nós

leabhair

leabhra feabhra Tá féile nua i bhféilire na nGael. Glac páirt ann agus tabhair leabhar mar bhronntanas ar 1 Feabhra.

I

s iomaí seift a úsáideadh thar na blianta chun cultúr na Gaeilge a threisiú agus chun léitheoireacht inár dteanga féin a fhorbairt agus a chothú ach go háirithe. Níl mórán cur chuige ann áfach a bhfuil an acmhainneacht ann, dar linn, greim a fháil ar shamhlaíocht phobal na Gaeilge mar atá Leabhra Feabhra. Cad é seo, a deir sibh? Coincheap nua é a bhfuil sé mar aidhm aige traidisiún úr a spreagadh i measc na nGael ina mbronntar leabhair Ghaeilge mar bhronntanais ar Lá Fhéile Bríde gach bliain, an chéad lá de mhí Feabhra. Gaeil na mór-roinne a tháinig aníos leis an smaoineamh i dtosach – Rob Gunning agus a chairde Gaelacha sa Bhruiséil – agus sin díreach an áit a bhfuil an áilleacht: níl aon bhaint ag

Leabhra Feabhra le rialtas ná le húdarás. Ní eagraíocht é fiú. Is féile nua é atá i ndiaidh theacht ón phobal aníos mar go bhfacthas dóibh go raibh gá lena leithéid. Is liomsa, is leatsa é, is linne ar fad é. Conas go díreach is féidir bheith páirteach ann mar sin? Bhuel, tá sé breá simplí - níl le déanamh agat ach leabhar Gaeilge a cheannach agus a bhronnadh ar dhuine ar 1 Feabhra, bíodh sé ina chara nó chéile leat nó ina dhuine de do mhuintir. Féile mhórchroíoch shuáilceach atá i gceist le Leabhra Feabhra agus is cinnte go mbeadh sé deas tiomnú a scríobh laistigh den leabhar a chuirfidh i gcuimhne go deo don fhaighteoir gur chuimhnigh tú air nó uirthi an lá úd

fadó... “Leabhra Feabhra faoi mhaise duit!” Cén fáth 1 Feabhra? Lá mór i dtraidisiún na nGael is ea an 1 Feabhra ar ndóigh - is ar an lá seo a cheiliúrtar duine de phatrúin na hÉireann, Bríd, agus lá an-tábhachtach i bhféilire na gCeilteach ab ea é chomh maith.


*

leabhair

Arb eol duit go raibh baint ag Naomh Bríd leis na leabhair? Bhunaigh sí teach screaptra ina cathair, agus is ann a rinneadh Leabhar Chill Dara – leabhar dathmhaisithe a ndúirt an Normannach Giraldus Cambrensis ina thaobh go raibh sé chomh hálainn dea-shaothraithe sin gur túisce a chreidfí gur ó lámha na n-aingeal é ná ó lámh an duine.

Is léir mar sin go n-oireann Lá Fhéile Bríde go seoigh d’fhéile ar a dtugann daoine leabhair Ghaeilge mar fhéiríní! Tá muidne ag NÓS ag tabhairt lán tacaíochta don fhéile cheannródaíoch seo. Rachfaidh sé chun tairbhe d’fhoilsitheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge, spreagfaidh sé an pobal dul i mbun léitheoireachta agus leithscéal

nós 35

den scoth atá ann cairdeas agus cultúr a cheiliúradh ar an chéad lá den earrach.

Más mian leat a thuilleadh eolais nó daoine eile a spreagadh le bheith páirteach sa traidisiún, tá Leabhra Feabhra ar Facebook nó lean an fhéile ar Twitter @LeabhraFeabhra... Beannachtaí Fhéile na Leabhar duit!



*

leabhair

nós 37

scéal sgoinneil Tá an-chuid le moladh faoin úrscéal ficsean eolaíochta Gàidhlig, Air Cuan Dubh Drilseach, leis an cheoltóir punc Tim Armstrong, agus ní díreach an clúdach amháin. Léirmheas le hEoin P. Ó Murchú.

N

í ar a chlúdach is fearr leabhar a mheas a deirtear go minic. Caithfidh mé a rá gurbh fhiú go mór an leabhar áirithe seo a mheas ar an gcritéir sin áfach. Is é atá ann ná farraige dhubh an spáis lasta ag réaltaí drithleacha faoi mhaisiú shliseanna ríomhaireachta. Is é a chéadmheall i dtreo an leabhair mé. Foilsithe ag CLÀR sa bhliain 2013, maítear gurb é Air Cuan Dubh Drilseach (Ar Fharraige Dhubh Thrilseach) an chéad leabhar cruafhicsean eolaíochta do dhaoine fásta sa Ghàidhlig. Fíonn an scéal gnéithe den cheoldráma spáis, den rómánsaíocht, agus d’eachtraí bóthair bhanna ceoil agus blas den chibearphunc caite anuas air ar fad. Is mór an méid é sin! Léirítear ardsibhialtacht uathlathach agus sárchaipitlíoch ann a bhfuil an teicneolaíocht ag déanamh dul chun cinn millteanach le daoine cibirniticeacha agus modhnú géanóm. Is cosúil go bhfuil Tim Armstrong ag tarraingt ar a thaithí féin leis seo ar fad; bitheolaí, sochtheangeolaí, agus iarbhall de bhanna punc-cheoil Ghàidhlig atá ann.

Ar an gcéad dul síos is gá dom a admháil nach bhfuil Gàidhlig líofa agam. Tá seachtain caite agam á foghlaim i Sabhal Mòr Ostaig, tá ailt á léamh agam le blianta agus caithim súil ar fhilíocht Shomhairle Mhic Gill-Eain ó am go chéile. Ainneoin sin ní raibh úrscéal léite agam inti roimhe seo. Is cosúil go bhfuil canúintí éagsúla na hAlban in úsáid sa leabhar do charachtair éagsúla, caithfidh mé a admháil nach raibh mé in ann sin a aithint ach corruair; mar shampla is Gaeilge na hÉireann a labhraítear in áit amháin. Tá Béarla ag cúpla carachtar ann chomh maith agus cuirtear sin os ár gcomhair ‘In Dios Cadhaind ubh uaié’ (In this kind of way), rud atá ábhar níos deacra nuair is ortagrafaíocht na hAlban atá ann! Ropann an scéal féin ar aghaidh le heachtraí a chuirfidh buairt agus neirbhís ort. Amanna bíonn radharcanna uafáis ann, amanna eile cinn ghreannmhara. Tá teitheadh ann, ansmacht, olcas agus pláinéid úra is gach cineál carachtair agus béiste á líonadh. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil scéal maith taobh thiar de agus go dtagann eachtraí rialta ar an mbealach

sin dúinn, tá go leor foscéalta le suim a choinneáil agus ár ndóthain mionsonraí le creidiúint sa chruinne seo. Ar feadh tamaill agus an leabhar seo á léamh agam bhí fonn orm a aistriú de bharr go bhfuil sé chomh taitneamhach sin! Tar éis tamaill smaoiníos gurbh fhearr a fhagail gan a aistriú go Gaeilge. Is leor an leabhar seo mar chúis go gcuirfeá an dua beag breise ort féin canúint na hAlban a fhoghlaim. Shamhlófá go bhfuil leabhar a bhíonn ag plé le hardteicneolaíocht casta go maith ach ní hamhlaidh atá. Cé go raibh go leor focal nach raibh mé cinnte cén chiall a bhí leo ag an tús tháinig mé isteach air agus is féidir an t-iomlán a thuiscint gan gach uile fhocal a bheith agat. Tá lochtanna áirithe ar an leabhar, caithfidh mé a rá nach raibh mé róthógtha leis an traslitriú úd, aistrigh go Gaeilge nó fág sa Bhéarla é. Anuas air sin bhí cineál de bhéist ann, an leathchrogall agus bhraitheas deacair crediúint ann go dtí go míníodh nascadh idir génóim daoine agus crogall níos faide ar aghaidh. Is éasca glacadh lena leithéid nuair a dhéanann Armstrong cur síos údarásach ar


*

38 nós

leabhair

Gabh Sabhair tarraing air a thoit anns an dàrna làmh. Leis an làimh eile, thilg e clach chruinn an-àirde anns an iom-tharraing aotroim agus ghlac e a-rithist i, le brag beag air a bhois. Bha an triùir nan suidhe ann an cearcall cruinn an taca teoine fhosgailte... Ghlac Sabhair tarraingt ón toit ina láimh. Leis an laimh eile, theilg sé cloch chruinn in airde sa domhantarraingt éadrom agus rug greim uirthi arís le buille beag ar a bhos. Bhí an triúr suite i gciorcal cruinn timpeall ar thine oscailte...

ardteicneolaíocht a chuirfidh scanradh do bheatha ort agus a fhágfaidh le ceisteanna tú go ceann seachtainí! Is féidir nár thug mé an leabhar ar fad liom. D’fheabhsaigh mo thuiscint ar Ghaeilge na hAlban as cuimse ar léamh an leabhair dom. Tá sé i gceist agam a léamh arís agus tabhairt faoi leabhair eile mar é, más ann dóibh. Is trua nach bhfuil a lethéid againn, ach tá súil agam go dtabharfaidh duine dár scríbhneoirí

féin faoina leithéid? Ba mhór an feabhas dár litríocht leabhair chomh dea-scríofa taitneamhach seo a bheith ann. Seo tiontú ar bhlurba an leabhair agus is deacair gan aontú leis. Is scéal eachrúil, spórtúil atá anseo, ach ceann a chuireann ceisteanna móra leis, maidir le nósanna, polaitíocht agus teicneolaíocht agus ar deireadh thiar thall, ceisteanna maidir le nádúr an

chine dhaonna féin, cé sinn agus céard atá i ndán dúinn san am atá le teacht? Tá Air Cuan Dubh Drilseach ar fail ó gaelicbooks.org Mura bhfuil mórán de chleachtadh ar Ghaeilge na hAlban agat mholfainn dul chuid An Litir Bheag a chuireann an BBC ar fáil. Is féidir leabair eile a mholadh don léirmheastóir @murchadhmor



40 nós

saol

aclaíocht chliste Caitheann Méabh Ní Thuathaláin súil ar a rogha aipeanna aclaíochta a choinneoidh tú ar bhóthar do leasa don bhliain amach romhainn...

Spreagadh atá sa bhliain úr rudaí a chur ina gceart, nósanna sláintiúla níos fearr a chothú agus plean aclaíochta a chur le chéile. Is beag leithscéal atá againn anois gan aclaíocht a dhéanamh agus an oiread éagsúlachta atá amuigh ansin ó thaobh spórt foirne de, ranganna aclaíochta agus cláir thraenála aonair ar líne. Baineann ceann de na treochtaí móra teic do 2015 le haclaíocht ar líne. Tá an dearcadh seanbhunaithe sin gur ceart uair go leath a chaitheamh i mbun aclaíochta nach mór imithe agus daoine ag lorg seisiúin

aclaíochta 20, 30 nó 40 noiméad ar fhad agus ar bhonn níos minice. Cé go bhfuil tóir ar an spórtlann go fóill, tá níos mó agus níos mó daoine ag dul i dtreo aipeanna aclaíochta nó ag tabhairt faoi dhúshláin aclaíochta ar líne. Rud atá cinnte ná go bhfuil ré an DVD thart. Ina áit, tá réimse leathan d’aipeanna aclaíochta a chuireann ar ár gcumas aclaíocht rialta a dhéanamh ón seomra suite, gan aon trealamh seachas gléas cliste, bróga agus culaith reatha.


*

saol

nós 41

tabata trainer Aip a chuireann ar do chumas seisiún Tabata a reáchtáil. Is córas traenála é Tabata ina dtugtar faoi ghluaiseacht (‘brú aníos’ nó ‘léim ghróigthe’) ar leith ar feadh 20 soicind agus bíonn 10 soicind de shos agat. Is ionann seit amháin agus ocht ngluaiseacht agus is minic a dhéantar ocht seit in aon seisiún traenála amháin. Tá seisiún de ghluaiseachtaí ar an aip ar féidir a leanúint agus tá rogha ansin chun do sheisiún féin a chruthú agus a roinnt le do chairde ar Facebook. Tá cloigín san aip seo a choinníonn tú ag bogadaí agus maíonn úsáideoirí na haipe gur éirigh leo seisiúin traenála níos éifeachtaí a reáchtáil leis an Tabata Trainer. Tá sí saor in aisce agus ar fáil ar ghléasanna iOS.

iyoga Scoth aip do ghlantosaitheoirí le físeáin a léiríonn gluaiseachtaí eagsúla céim ar chéim mar sheisiún ióga iomlán amháin. Tá go leor aipeannna ióga a dhíríonn ar bhailiúchán de ghluaiseachtaí in áit sraith iomlán ar féidir tabhairt faoi, ceann ar cheann. Is fearr i bhfad an cur chuige atá ag iYoga i mo bharúilse. Is féidir a bheith ag déanamh

aithrise ar an teagascóir a bhíonn ag aistriú ó ghluaiseacht amháin go ceann eile go deas ré. Má tá laigeacht ar bith ar an aip áirithe seo, níl ann ach ocht gceacht san iomlán. Sin ráite d’fhéadfá do shaol ar fad a chaitheamh ag iarraidh barr feabhais a chur ar an oiread sin. Tá iYoga saor in aisce agus ar fáil do ghléasanna iOS.


*

42 nós

saol

gorilla - volt fitness Cé go n-usáidtear roinnt de na gluaiseachtaí céanna is a bhíonn ag Shaun T, an fear taobh thiar de Insanity, níl Gorilla leath chomh dian sin ar an chorp ná ar na cosa. Buntáiste eile ná an dá lá agat sa tseachtain chun scíste a ligean, in áit lá amháin mar atá i bplean Insanity. Gné chománta go leor i measc na n-aipeanna aclaíochta ná nach mbíonn ort brath ar threalamh ar bith. Baineann gach seisiún aclaíochta leas as meachán do choirp chun na gluaiseachtaí a dhéanamh. Ciallaíonn sé go dtig leat é a dhéanamh am ar bith nó áit ar bith, ach spás beag a aimsiú sa teach. Faightear teachtaireacht sa lá ag meabhrú duit go bhfuil Gorilla ag súil go dtabharfaidh tú faoin seisiún aclaíochta atá sa chlár. Fuair mé Gorilla mar chuid de phacáiste a raibh trí aip ann; Volt, Gorilla agus Ninjah Fitness ar ¤2.26/ £1.79. Tá sé ar fáil do ghléasanna iOS agus Android.

my fitness pal + map my fitness Ar deireadh seo dhá aip den scoth! Ní thiocfadh liom ceann amháin a roghnú thar an ceann eile. Ligeann an dá aip duit taifead a choinneáil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh agat. Tá gá le giota beag réamhoibre le

‘My Fitness Pal’ ionas gur féidir leat an tairbhe is mó a bhaint as ach is fiú go mór an iarracht. Baineann an réamhobair sin le heolas faoi na hearraí a cheannaíonn tú go rialta a chur isteach san aip, muna

ndearna duine éigin eile é cheana féin. Is féidir d’aiste bia a eagrú go furasta agus plean bia a chur le chéile a thagann leis an oiread calraí atá uait don lá. Tá úsáideoirí na haipe ag cur lena héifeacht i gcónaí agus is gar go mbeidh


*

saol

sé ábalta an uile earra atá ar sheilfeanna ollmhargaí na tíre a aithint. Is féidir leat féin earraí ó shiopaí áitiúla a chur isteach ann chomh maith agus beidh tú in ann tarraingt ar an eolas sin arís.

Má tá tú ag iarraidh taifead a choinneáil ar an méid aclaíochta atá ar siúl agat i gcaitheamh na seachtaine, ní gá dul níos faide ná Map My Fitness. Baineann sé leas as an GPS atá ionsuite i do ghléas soghluaiste chun

nós 43

taifead a choinneáil ar an traenáil atá déanta agat, an fad atá caite agat i mbun aclaíochta agus an oiread calraí atá caite díot. Feidhmíonn an dá aip ar ghléasann iOS agus Android.


*

44 nós

saol

fonn ort eitilt? Seo mar a dhéanann tú é D

omhan dorcha sceirdiúil ach é ildaite ilchineálach scaití, eitlíonn tú ann, maraíonn tú ann, leanann sluaite zombaithe tú ann. Ansin dúisíonn tú. Brionglóidí. Céard a tharlaíonn leo má thugann tú faoi deara gur ag brionglóidí atá tú? Brionglóidí meabhracha (lucid dreams) a thugtar orthu seo. Is cuimhin liom an chéad uair ar tharla a leithéid dom, bhíos ag déanamh iarrachta ainm a thabhairt ar dhuine agus

níor rith sé liom cé gur thuigeas go raibh sé ar eolas agam. Ar fáth éigin thuigeas gur ag bionglóidí a bhíos ansin díreach. Ina dhiaidh sin thosaíos ag smaoineamh orm féin a bheith i mo chodladh i mo sheomra agus gur iontach an rud é dá bhféadfainn mo cholainn a bhogadh ainneoin mo chodlata. Rinne mé iarracht déanamh amhlaidh. Bhí orm iarracht ollmhór a dhéanamh bogadh, mar a bheinn ag eirí as coincréad agus mhothaíos go raibh ag éirí liom


*

saol

nós 45

Níl mórán áiteanna ann inar féidir linn cumas eitilte a thabhairt dúinn féin, ach is féidir i mbrionglóidí meabhracha, mar a mhíníonn Eoin P. Ó Murchú...

agus ansin... dhúisíos. Tig linn tuairiscí ar bhrionglóidí meabhracha a rianú siar go hArastatal féin. I mbrionglóidí meabhracha ardaíonn an seans go mbeidh éifeacht ag an duine ar an bpáirt a ghlacann siad sa bhionglóid féin agus an timpeallacht shamhaltach codlata, seo cuid mhór den fáth a bhfuil spéis ag daoine iontu. Léiríonn staidéir go mbíonn níos mó gníomhaíochta inchinne sa mhaothán pairiatach (cuid den inchinn ina dtarlaíonn smaoineamh comhfhiosach) le linn brionglóidí mar iad a thugann le fios gur próiséas comhfhiosach atá ann. An chéad duine a d’aithin go raibh féidearthacht eolaíochtúil ag dul leo ná an Marquis d’Hervey de SaintDenys ina leabhar Les Reves et Les Moyens de Les Diriger: Observations Pratiques sa bhliain 1867. Níor tharla sé dom féin ar feadh scaithimh eile tar éis don chéad gheábh bualadh liom. An dara ceann acu ba rud níos suimiúla fós é. Thugas faoi deara go raibh mé ag taibhreamh agus bheartaíos go n-osclóinn mo shúile. Cheapas go mb’aisteach an rud é dá bhfeicfeadh duine mé luite i mo leaba agus go bhfeicfidís mo shúile ach go mbeinn fós i mo chodladh. Bhí orm mór-iarracht a dhéanamh na súile a oscailt, mhothaigh sé go raibh siad teanntaithe le chéile. Ar deireadh d’éirigh liom iad a oscailt (nó b’shin a cheapas) agus is mothúchán fíoraisteach a bhí ann. Go tobann dhúisigh mé agus thosaigh mo shúile ag feiscint i gceart. Agus mé ag taibhreamh shamhlaíos go raibh na súile oscailte agam agus go raibh mé in ann breathnú thart ar mo sheomra geal, ainneoin sin dhúisíos i meathdhorchadas mo sheomra. Dúiseacht shamhalta laistigh de bhrionglóid mar a déarfá. Nuair a tosaíodh ar anailís a dhéanamh ar bhrionglóidí meabhracha ar dtús ba dheacair a chruthú gurbh ann dóibh in aon chor. Ní raibh i gceist ach focal an té a chuaigh fúthu. Beartaíodh go ndeánfaí gluaiseachtaí súl daoine a thaifead, bhíothas leis na súile a bhogadh agus an chuid mheabhrach den bhrionglóid ann. Chruthaigh seo go raibh daoine ag insint na fírinne, bhí smacht áirithe acu ar a gcolainn ina gcodladh dóibh. Tá bealaí ann ar féidir úsáid a bhaint astu leis an seans

go mbeidh brionglóid chomhfhiosach agat a ardú. Cen fáth gur mhaith liom sin a dhéanamh a deir tú? Mar gur féidir tionchar a imirt ar do bhrionglóidí níos mó sa tslí sin... tá sé taitneamhach a bheith in ann eitilt!

Conas taibhreamh comhfhiosach a bheith agat • Coinnigh dialann brionglóidí, breac nótaí ar do chuid brionglóidí • Iarr ort féin ‘An i mbrionglóid dom?’ i rith an lae • Cuir aláram ar siúl le tú a dhúiseacht 6 uair tar éis dul a chodladh • Féach ar scáthán, cén chuma ata ort? • Léim! Is minic is féidir leat eitilt i mbrionglóidí. • Déan seiceáil rialta ar réaltacht i rith an lae agus tú dúiste • Agus comhfhiosacht sroichte agat, ba chóir duit a rá leat féin gur brionglóid mheabhrach atá ann mar go dtabharfaidh sin leibhéal níos airde smachta duit ar an mbrionglóid féin. Tá cuid mhór agaibh a déarfaidh nach mbeadh aon suim nó fáth daoibh déanamh amhlaidh. B’fhéidir go bhfuil an ceart agaibh ach tá an bhrionglóidíocht fós ar cheann de na rudaí diamhara sin nach bhfuil mórán de thuiscint ag an eolaíocht ar an bhfeidhm nó an feidhmiú atá leis. Mar sin téigí ag fionnachtain ionaibh féin agus i mbrí an chine dhaonna trí chéile, mar is ansin a bheidh tú i do dhúiseacht i gceart! Is féidir teagmháil a dhéanamh le scríbhneoir an ailt ar twitter @murchadhmor


*

46 nós

saol

scáth balla I measc na gcomóradh éagsúil a thit amach le linn 2014, bhí oíche ar leith i mí na Samhna sa Ghearmáin ar na cinn ba shuntasaí. Caitheann Seaghan Mac an tSionnaigh súil siar ar an tsonraíocht mhór a bhain le titim Bhalla Bheirlín.

D

áta lódáilte ar an bhféilire Gearmánach is ea an 9 Samhain. Cothrom an lae sin sa bhliain 1938 a deineadh an chreach Naitsíoch go dtugtar kristallnacht uirthi, ach baintear cúis áthais as an dáta céanna chomh maith; tá cúig bliana is fichid anois ann ó stolladh falla Bheirlín as a chéile in 1989, agus ba é titim úd an Chuirtín Iarainn a comóradh in ardchathair na Gearmáine an mhí seo a d’imigh tharainn. Scéal a fuaireas ó threoraí seoigh ar shiúlóid ardfhaisnéiseach timpeall na cathrach; ba trí dhearmad ar fad a fógraíodh den chéad uair,

beo ar an teilifís náisiúnta, go raibh beartaithe ag rialtas na Gearmáine Thoir go leagfaí go talamh an falla a dheighil Beirlín in dhá leath ar feadh an chuid is fearr de thríocha bliain. Craoltóir scaipthe corramhéineach nárbh annamh dó a bheith liobarnach go maith i mbun taighde agus ina chuid ráiteas poiblí ab ea an té a dhein an fógra cinniúnach, .i., Günter Schabowski. De réir dealraimh gur cuireadh chuige dréacht de phlean céim ar chéim a bhí á ullmhú ag an rialtas i dtreo an falla a bhaint as a chéile. Níor iarradh air ach é a léamh

go ciúin dó féin sula mbeadh sé ag cur phreasagallamh na hoíche áirithe sin i láthair. Dar ndó níor léigh ná níor dhein aon taighde eile don chúram, agus tháinig oíche an bheochraolta, gan ina ghlaic aige siúd nuair a dhealraigh soilse geala an stiúideo ina ghné ach an cháipéis rúnda stáit. Thosaigh sé á léamh amach faoi mar a bheadh gnáthscript chraoltóireachta ann, agus ní túisce a bhí sé léite aige ná gur thuig sé féin agus na céadtá míle sa lucht éisteachta cén dúrún a bhí foilsithe aige. Thóg na daoine cúram an


*

saol

rialtais ar láimh go fonnmhar i ndiaidh an bhotúin ollmhóir sin, agus gan aon tuilleadh moille, chuireadar chun sráide le píce is le sleán agus le héagsúlacht aisteach uirlisí eile loitiméireachta. Níorbh fhada go raibh an falla ina bhrablach acu, agus nuair a bhí deireadh aníos, bhí an Ghearmáin Thoir agus Thiar aontaithe in athuair. Más iomaí deor áthais a dáileadh ar an ócáid sin, b’amhlaidh a bhí arís an mhí seo caite i mBeirlín, Óid na Lúcháire á canadh go buacach acu. Agus cé nárbh aon chlocha a

bhí á gcaitheamh timpeall an uair seo ag an slua os cionn milliún duine a bhí ag imeacht timpeall na cathrach an oíche sin, seoladh timpeall le 8,000 balún solais ón bhfalla féin in airde ina siombail de na blúiríocha stroighne a bhí tiubh san aer i spéir na hoíche cinniúnaí sin in 1989. Tá formhór na mbalún sin ón deireadh seachtaine sin anois i seomraí suite na seansálaithe glice a d’ardaigh leotha iad ag deireadh na hocáide. Bhí Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel i láthair gan dabht; is as Beirlín di féin agus mhair ann le linn don deighilt a bheith i bhfeidhm.

nós 47

Ba é a bhí le rá aici sin ná gur léirigh titim seo an fhalla gurb ann dá leithéíd de rud agus “fíorú aislinge”. Bhí Mikhaïl Gorbatchev i láthair chomh maith, duine de na pearsana ríthábhachtacha a d’oibrigh le socrú polaitíochta a dhéanamh tar éis don fhalla titim. Bhí sé sin ní bha dhiúltaí áfach; má d’fhógair titim fhalla Bheirlín deireadh an Chogaidh Fhuair, mheabhraigh an Rúiseach críonna go cáiréiseach duairc ná feadair éinne ach go bhfuilimid ag druidim le tosach an chéad chogadh fuar eile. Neosfaidh an aimsir.


48 nós

gníomhaíochas

óna bhéal féin


*

gníomhaíochas

nós 49

Beidh aithne ag an mhórchuid de Nósadóirí ar ár gcara ó sheanré ársa atá tar éis cúis na Gaeilge a thabhairt chuige ina bhealach leithleach féin. Dineasár spreagúil, gníomhaí teanga agus ceoltóir cruthaitheach, tá T-Rex Ó Saurus anois ina chuid lárnach de shaol na nGael. Seo uasdátú beag uaidh féin. Haigh a chairde, Is mise T-Rex Ó Saurus, agus cé go mbeadh aithne áirithe ag cuid agaibh orm, cheap mé gur cheart dom roinnt eolais a thabhairt daoibh faoi mo chúlra agus mo scéal. Bhuel, ar ndóigh, táim 65 milliún bliain d’aois agus tá mé i mo chónaí i mBóthar na Trá, Baile Átha Cliath. Tá ceathrar againn sa teaghlach. Tá beirt deartháireacha agam, Edmond agus Albert Ó Saurus, agus tá deirfiúr amháin agam, Sarah Ní Shaurus an t-ainm atá uirthi. Réitím go maith leo de ghnáth ach anois is arís bímid ag troid lena chéile. Bhí argóint mhór sa teach ag an deireadh seachtaine. Rinne mé pancóg mhór mhillteach, chaith mé í suas san aer agus bhuail an phancóg m’athair san aghaidh. Bhí sé ar buille liom toisc nach raibh aon seacláid ar an bpancóg. Ar aon nós, is breá liom bheith ag glacadh páirte i léirsithe, agóidí agus imeachtaí ar son na Gaeilge ach is foghlaimeoir mé fós. Táim ag freastal ar Phobalscoil Gár. Is scoil deas í agus tá na múinteoirí ceart go leor i ndáiríre. Bíonn roinnt acu cancrach go háirithe maidin Dé Luain. Bíonn siad go léir istigh sna ranganna ag a naoi a chlog ach ní thagann muidne isteach go dtí thart ar 11 a chlog díreach in am don sos beag. Ní thagann mo chara Liamo isteach go dtí go n-osclaíonn an ceaintín ag am lóin.

Sroicheann Damo an áit nuair a bhíonn an scoil críochnaithe ag a ceathair a chlog. Is iad na hábhair atá ar siúl agam ná Gaeilge, Béarla, Fraincís, Mata, Eacnamaíocht Bhaile, Bitheolaíocht, Ceol agus Stair. Is breá liomsa Gaeilge, ar ndóigh, agus Eacnamaíocht Bhaile. Taitníonn an scoil go mór liom ar an iomlán, caithfidh mé a rá. Bíonn atmaisféar leictreach sna ranganna go háirithe nuair a bhíonn mo chara Macker sa rang agus ní ró-mhinic a tharlaíonn é sin, táim a rá leat. Bhíomar sa seomra eacnamaíochta inné agus theastaigh uaidh ubh scrofa a dhéanamh ach faraor chuir Macker na huibheacha go léir isteach san oighean mhichreathonnach. Dúirt mé leis gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon mhichreathonnach amháin ach níor éist sé liom. Níor bhain sé na blaoscanna dóibh agus loit sé an áit. Rinneadh ionsaí uibheacha orainn. Scroiseadh an áit. Bhuel, ar a laghad chualamar ceol binn na n-uibheacha á bpléascadh! Ba mhaith liomsa bheith i mo cheoltóir nó dhioscmharcach amach anseo. Tá cúpla raps agam. Ceann le liamháis agus cáis. Ara, níl mé ach ag magadh... curaí agus iógart na laethanta seo! Chum mé damhsa le déanaí, ‘Déan an Dineasár’, agus de réir cosúlachta tá na mílte anois á dhéanamh ar fud na tíre... nach deas sin! Éistigí leis ar Youtube, mar

aon le mo raps ‘Dúnmharú ar an DART’ agus ‘An Gnáthrud’ agus abair liom cad a cheapann sibh fúthu. Tá go leor áiseanna maithe againn do dhaoine óga i mo cheantar. Tá club na n-óg síos an bóthar uaim ach téim féin agus mo chairde go dtí an club eile - an club oíche. Bíonn dioscó ar siúl ann gach Sathairn. Bhuail mé le mo chailín T-Ríona ansin oíche amháin. Ó, ní dhéanfaidh mé dearmad ar an oíche sin go dtí lá mo bháis. Mise agus T-Ríona ag siúil lámh ar lámh a chéile. Is cuimhin liom go maith é. Níl aon dabht faoi. Bhí a súile chomh gorm leis an bhfarraige A craiceann chomh glas leis an bhféar A guth chomh milis le siúcra Go dtí gur thit cac na n-éanlaithe ar mo cheann ón spéir! Feicfidh mé go luath sibh a chairde, sin nó feicfidh sibhse mise.


50 nós

dearadh

réalta sa chathair le scott de buitléir

Cé go bhfuil stair shaibhir ailtireachta ag ár bpríomhchathair cheana féin, tá ré nua le feiceáil i mBaile Átha Cliath anois, go háirithe i ndiaidh tréimhse an Tíogair Cheiltigh. Mar aon leis na sean-seoda atá ann le fada, tá líne nua ailtireachta ann don nglúin úr: an tIonad Comhdhála ar an tuaisceart, droichead Samuel Beckett, Staid Aviva sa deisceart agus sa lár eatarthu, tá Amharclann Bhord Gáis. I mí Mhárta beidh an Amharclann ag ceiliúradh cúig bliana ar an bhfód agus í ina seod sa choróin nua ar an bpríomhchathair. Cé nár osclaíodh í go dtí 2010, tháinig an smaoineamh chun solais le hamharclann nua a thógáil i 1992, nuair a thug Mike Adamson (iar-phríomhfheidhmeannach an Point Depot, mar a bhíodh) faoi ndeara go raibh éileamh ann d’ionad imeachta eile sa chathair. Níor tháinig aon fhorbairt ar an smaoineamh sin go dtí 2003, nuair a bhí Údarás Forbartha Dhugthailte Átha Cliath ag iarraidh foirgneamh as an ghnách a thógáil sa cheantar, foirgneamh a bheadh mar shiombal d’athbheochan na nDugthailte. D’iarr siad ar an ailtire clúiteach Daniel Libeskind amharclann a dhearadh dóibh, amharclann a spreagfadh beocht úr sa cheantar seo. Tá cáil faoi leith ar Libeskind, agus lena chuid saothar ar fud na hEorpa, na hÁise agus Mheiriceá, bheadh togra na hamharclainne nua in Éirinn faoi chúram maith aige.


*

dearadh

n贸s 51


52 nós

*

dearadh

Tá coincheap faoi leith i bhfeidhm leis an amharclann a dhearaigh Libeskind; trí stáitse atá ag teacht le chéile. Araon leis an stáitse fisiciúil a bheadh ann (bheadh sé aisteach amharclann a thógáil gan stáitse!), bheadh dhá stáitse eile ann; stáitse Chearnóg na Canálach Móire agus stáitse an forhalla atá ann os comhair na hamharclainne féin. Idirghníomhaíocht a bhí i gceist le Libeskind leis an gcoincheap seo; is annamh cearnóga, nó áiteanna bailithe i lár Átha Cliath, agus mar sin ba thábhachtach an piazza a chur ina áit chuí do phobal na ndugthailte. Is beag é forhalla na hamharclainne, agus mar sin feidhmníonn an piazza féin mar fhorhalla sa bhreis. Ardaítear ról an piazza seo mar fhorhalla sa bhreis nuair a chuirtear an

t-óstán agus foirgneamh oifige ina thimpeall san áireamh. Taispeánann sé nach bhfeidhmníonn foirgneamh cathrach ina aonar, ach go bhfuil tionchar ag an timpeallacht air. Tá rial ann san ailtireacht, a chleachtaíonn beagnach gach ailtire; ba cheart don gcruth teacht leis an éilimh. I bhfocail eile, más gá leabharlann a thógáil, ba chóir foirgneamh a phleanáil leis sin i gceist. Briseann Daniel Libeskind an rial sin go hiomlán, ceanndána ina iarracht le healaín a dhéanamh as a chuid tionscnaimh ar fud an domhain. An sampla is fearr den iarracht seo – seachas ár n-amharclann – ná Crystals , spás siamsaíochta agus gnó a tógadh i gceartlár Las Vegas.


*

dearadh

Cé nach bhfuil ann ach ionad siopadóireachta, is píosa ealaíne ann féin é Crystals, ag mealladh gnólachtaí ar nós Louis Vuitton agus Bvlgari le siopaí a chur ann mar gheall ar íomhá an fhoirghnimh. Cé nach raibh an togra amharclainne in Áth Cliath chomh radacach leis sin, ach is cinnte nach féidir a rá gur ‘gnáth’ amharclann í an méid a chur Libeskind le chéile. D’éirigh leis an amharclann le bheith ina shiombal do ré nua na cathrach; ag briseadh amach seanmhúnla Seoirseach ag tabhairt faoi nua-ailtireacht mar is cuí do chathair Eorpach. Scríobhadh san iris ailtireachta ArchDaily: “cé go bhfuil an dá [fhoirgneamh] oifige deartha sa bhfriotal céanna, freagraíonn gach foirgneamh dá shuíomh ar bhealach difriúil.

Osclaíonn Uimhir 2 Cearnóg na Canálach Móire (Bloc ó Dheas) amach os comhair na Cearnóige, ach tagann uimhir 4 & 5 Cearnóg na Canálach Móire (Bloc ó Thuaidh) le chéile leis an Amharclann chun geata drámatúil a oscailt go dtí Cuan Átha Cliath.” Le dhá mhíle suíochán ann, tá Amharclann Bhord Gáis mór agus maith go leor le léiriúcháin mhóra an domhain a tharraingt go dtí an bpríomhchathair. Seans go n-athrófar ainm na hamharclainne ar ais go ‘Grand Canal Theatre’ i 2018, nuair a thagann léas Bhord Gáis ar an ainm chun deiridh, ach pé ainm atá uirthi, tá seod againn i gcoróin ailtireachta na cathrach leis an amharclann álainn seo.

nós 53


54 n贸s

*

dearadh


*

dearadh

nós 55

Ealaíontóir sa Spotsolas:

barry kerr

Tá clú agus cáil ar Barry Kerry mar dhuine de shárcheoltóirí traidisiúnta a linne ach ní hé sin an t-aon réimse ina mbíonn a chuid cruthaitheachta le feiceáil. Is ealaíontóir é chomh maith, tallann a d’fhorbair sé ann féin agus é faoi thionchar ag péintéirí nua-aimseartha Éireannacha ar nós Basil Blackshaw, Sean Keating agus J.B. Vallely. As an Lorgain, Co. Ard Mhacha, ó dhúchas tá cónaí ar Barry i mBéal Feirste le blianta, áit a bhfuil ról gníomhach aige i saol cultúrtha na cathrach. Is é an gnáthshaol Éireannach sin, agus an dúil atá aige ann, a bhíonn le sonrú ina chuid oibre, a dhéantar go sciliúil seolta le hola ar chanbhás. Agus é i mbun péintéireachta lena scuab agus scian phailéid, úsáideann sé nádúr na péinte agus múnlaíonn sé í chun gluaiseacht, meon agus atmaisféar a léiriú. Mar a deir Barry féin; “Nuair a amharcann daoine ar mo shaothar, ba mhaith liom go mothódh siad ceangal leis an radharc atá cruthaithe agam.” Tá stiúideo ag Barry in Ionad Ealaíon Duncairn i mBéal Feirste agus tá tuilleadh oibre leis le feiceáil ar barrykerr.com


56 n贸s

*

dearadh


*

dearadh

n贸s 57


58 n贸s

*

dearadh


*

dearadh

n贸s 59



www.boojummex.com

Spanish Parade, Gaillimh

Botanic Avenue/Chichester Street, Bテゥal Feirste

Millennium Walkway, Baile テ》ha Cliath


glac sĂ­ntiĂşs linn...


put nós in your hands + FAIGH eagrán sa phost gach dara mí - 6 eagrán sa bhliain. + CABHRAIGH le togra comhaimseartha uaillmhianach Gaelach. + BÍ ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta NÓS. + ÍOC anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nos.ie nó le seic/ordú poist do NÓS leis an bhfoirm seo thíos. NÓS Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH

Ainm / Name: Seoladh / Address: Rphost / Email: Fón / Phone:

ROGHNAIGH SÍNTIÚS: Éire €40 Idirnáisiúnta €60 Scoil nó grúpa? Déan teagmháil linn faoi lascainí speisialta


* €4/£3.50


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.