Ionad an Bhlascaoid Mhóir 1
Cartlann Grianghraif Ionaid an Bhlascaoid Thóg Oifig na nOibreacha Poiblí Ionad an Bhlascaoid Mhóir i 1992/3 agus ó shin i leith táthar tar éis cnuasach an-luachmhar de phictiúir a tógadh de lucht an Bhlascaoid a chur le chéile i Leabharlann an Ionaid agus is ann anois atá an cnuasach is mó ar domhan de phictiúir den mBlascaod agus a mhuintir. Bronnadh roinnt mhaith pictiúir orainn le fiche bliain anuas agus níl aon bhiaiste nach dtagann tuilleadh pictiúir ón mBlascaod in ár
24
dtreo. Táimid thar a bheith buíoch dóibh seo ar fad a bhronn pictiúir orainn i rith na mblianta sin, agus táimid go mór fé chomaoin acu siúd de mhuintir an oileáin a cabhraigh linn na daoine sna grianghraif a aithint. Tá leagan dhigiteach de gach pictiúr atá againn ar fáil anois agus catalóg ina dteannta, agus fáilte roimh an bpobal tamall a chaitheamh ag gabháil tríothu i gCartlann OPW Ionad an Bhlascaoid. Is é Joseph Nicéphore Niepce, Francach, a thóg an chéad ghrianghraf buan riamh, éacht a rinne sé
timpeall 1826 nó ‘27 agus is é Louis Daguerre, sa bhliain 1838, a thóg an chéad ghrianghraf riamh a raibh daoine ann. Bheadh tamall maith eile ann sula mbeadh aon ghrianghraf tógtha ar an mBlascaod Mór, ar fhíor imeall thiar na hÉireann. Mar tuigtear dúinn gur sa bhliain 1892 a tógadh an chéad phictiúr sin agus atá ar marthain fós, ar an oileán iargúlta seo agus b’í an Meiriceánach Alma Curtin a rinne an obair sin. Sé bliana ina dhiaidh sin a tógadh an chéad phictiúr de dhaoine ar an oileán agus ba é Charles R. Browne a thóg iad sin.