Dún Aonghasa 1
Inis Mór Ceapann roinnt daoine mar go bhfuil Dún Aonghasa feiceadh acu, go bhfuil Árainn fhéinn feiceadh acu; ach ní fíor é! Tá daoine ag maireachtáil in Árainn le 5000 bliain ar a laghad agus tá bailiúchán íontach suíomhanna stairiúla ann le haghaidh áit chomh beag leis. Ní thugann moireán daoine cuairt ar na láithir seo ach tugann siad léargas iantach ar stair na hÉireann. Tóg Dún Dúchathair mar shampla. Tugtar Dúchathair ar an dún seo mar gheall ar dhath dorcha na haolchloiche 30
sa cheantar. Tá sé suite i gceann de na láithreacha is fiáine ar an oileán. Ceaptar gur tógadh go lua sna meanaoiseanna é, c.A.D. 700 agus tá an balla déanta as aol-chloch tirim. Is dócha go raibh doras ag taobh amháin nó taobh eile den bhalla, ach tá sé leagtha ag cumhacht na farraige anois. Lasmuigh den bhalla tá cheveaux-defrise, sé sin, sraith de chlocha géara seasta le bac a chur ar ionsathóirí. Níl ach cúpla cheveaux-de-frise in Éirinn; tá cuid mhór de shamplaí na hEorpa sa Spáinn agus sa Phortingéil.
Taobh istigh den dún, tá foscadh maith ann an cuid is mó den am. Tá bunsraith ghrúpa bothán in aice leis an mballa; i gceann amháin acu tá an bealach isteach ag tolán beag, a théann síos faoin mballa. D’fhéadfadh gur áit stórála a bhí anseo, nó b’fhéidir bealach éalaithe. Tá rian cúpla teach eile le feiscint níos faide ó dheas. Is dócha gurb é Leaba Dhiarmaid is Ghráinne an séadchomhartha is sinne in Árainn. Suite ar droim intíre ag breathnú amach ar talamh torthúil Chill Mhuirbhigh, is
1 Dún Aonghasa.
tuama dingeach ón luathaois Cré-Umha, c.2000 R.C. í. Tá na tuamaí seo coitianta in iar-thuaisceart na tíre. De ghnáth tugann siad aghaidh ar an iarthar, i dtreo dul faoi na gréine. Go hiondúil bíonn luaithreach créamtha cúpla duine curtha iontu. Is leanáin finscéalach iad Diarmuid agus Gráinne. Theith siad ar fud na tíre ó Fhionn, a bhí geallta le Gráinne. Is minic go mbíonn a nainmneacha ar thuamaí dingeacha, toisc gur creideadh sa bhéaloideas gur chodail siad sna spotaí seo.
Bhí cáil ar Árainn sna meanaoiseanna mar áit naofa. Dúirt Easpag Chaisil Cormac Ó Cuilleanán san 9ú aois ‘Tá ceithre chuan idir neamh agus talamh ina nglantar anamacha: Parthas Adhaimh, an Róimh, Árainn agus Iarúsailéim.... Dá dtuigfeadh daoine an oiread grá a bhí ag an Tiarna d’Árainn, ghabhfaidís ann le glacadh lena bheannacht.’ Bhí an iorad oilithrigh ag teacht go hÁrainn san 17ú aois gur bhronn an Pápa Pól V logha iomlán ar dhaoine
a thug cuairt ar séipéil an oileán ar fhéilte áirithe. Bhí cáil áirithe air Teampall Bhreacáin. Tugtar ‘Na Seacht dTeampaill’ ar an láithir san lá atá inniu ann, cé nach bhfuil ach dhá séipéal ann go fírinneach; is dócha gur tithe stór agus lóistíní le haghaidh oilithrí a bhí sna foirgnimh eile. Is é Teampall Bhreacáin an foirgneamh is mó ar an láithir. Deirtear gur mhair Breacáin san 6ú aois, agus gurb é Bresal an t-ainm ar tugadh dó nuair a rugadh é. Dár le dán ón 15ú aois,
31
dhíbear sé deamhán d’arbh ainm Breacán Cláiringneach as Árainn, gur ghlac sé seilbh ar an tsuíomh agus ghlac sé an t-ainm Breacán dhó fhéin. D’fhéadfadh gur meafar atá sa scéal, a dhéanann cuir síos ar chríostú suíomh a bhí in úsáid mar ionad págánach. Siar ón séipéal, faoin áirse, tá dhá ‘leaba’ go bhfuil sé ráite futhu gur uaigh naoimh iad. Tugtar Leaba Bhreacáin ar an gceann ba mhó, agus in aice leis tá leac cloiche le cros agus ainm an naoimh greanta air. Leaba an Spiorad Naomh atá ar an gceann eile. Bhí nós ann, a mhair go dtí an aois seo caite, an oíche a chaitheamh sna leapacha seo, le buíochas a ghabháil le Dhia nuair a thug sé freagra ar phaidir. I cúinne amháin tá an chuid íochtar de chros in a sheasamh. Tá painéil pátrúin crossfhite ar thaobh amhain agus tá cuid íochtar de chéasadh Chríost ar an taobh eile dhe. Bhíodh sé i bhfad níos mó, ach faroar tá an chuid eile dhe in easnamh anois. Tá Clochán na Cairrige suite tuaraim is kileaméadar ó Teampall Bheannáin. Ciallaíonn ‘clochán’ foirgneamh ar bith déanta go hiomlán as cloch. Tá roinnt de na structúir seo in Árainn, ach is é Clochán na Carraige an t’aon cheann atá ina iomláne. Tá cuma ubh-chruthach air ón taobh amuigh, ach ar an taobh istigh tá seomra dronuilleogach ann, 6m fá 2.3m. Tá dhá dhoras ann, ceann ós comhair ceann eile. Is sonra coitianta é seo i dtithe dúchasach an cheantar; an buntáiste atá leis ná gur féidir ceachtar don dhá doras a úsáid, ag brath ar treo na gaoithe. Tá an díon coirbéalta, sé sin, tá gach sraith clocha beagaínín níos lárnaí ná an ceann thíos faoi, agus faoi dheireadh buaileann na taiobhanna le chéile sa
32
lár chun díon a chruthú. Bhí an modh tógála simplí seo in úsáid ar feadh na mílte bliain, rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-deacair dáta a chuir ar Chlochán na Carraige. Scaití, déanann seandálaithe nasc idir clocháin agus láthair oilithreachta; d’fhéadfadh gur tithíocht sealadach a bhí anseo le haghaidh oilithrí meanaoiseach a bhí ag tabhairt cuairt ar Theampall Bhreacáin. B’fhéidir gurb é Clochán na Carraige an chéad B&B in Árainn! Ar chósta thoir an oileán, ag breathnú amach ar Inis Meán, tá Túr Mhairtín suite. Túr faire atá sa struchtúr seo; ní fios caithin a tógadh é, nó cé hé Máirtín. Deir an béaloideas gur cuireadh aincire as Inis Méain d’arbh ainm Grióir Béal an Óir ann. Bhraith Grióir nach raibh sé tuilte aige a bheith curtha leis na naoimh i gCill Éinne, agus d’iarr sé ar mhanaigh Árann a chorp a chur i mbairrile nó damhach nuair a fuair sé bás, agus é a chaitheamh isteach sa bhfarraige. Lean na manaigh na treoracha seo, ach nuair a d’fhill siad ar Árainn chonaic siad go raibh an dabhach tagtha i dtír rompu. Chuir siad Grióir san áit ina bhfuil Túr Mhártan inniu, agus tugtar Port Daibhche ar an gcuan thíos faoi. Tá Caisleán Aircín suite in aice le céibh Chill Éinne. Ciallaíonn ‘aircín’ cuan beag nádúrtha, agus is dócha gurb é seo an logainm a bhí ar an áit seo tráth. Roimh an 19ú aois ba é an cuan seo príomh chalaphort an oileáin, agus is cosúil gur thóg muintir Uí Bhrian caisléan éigin anseo nuair a ghalc siad seilbh ar an oileán sa 14ú aois. Tógadh an caisleáin atá ann anois sna 1650í nuair a ghlac fórsaí Chromwell seilbh ar chuan na Gaillimhe, agus cuireadh fórsa 100 fear anseo chun an chathair a chosaint. Go deimhin, an leasainm a bhí
ag muintir na háite ar an gcaisleán ná Ballaí Chromwell. Is cinnte gur bhain saighdiúirí fhrith-Caitliocacha Chromwell sásamh as mainistir Cill Éinne a scrios le hábhar tógála a chur ar fáil don chaisléain. Úsáideadh an caisleáin mar phríosún le haghaidh sagairt Chaitliceacha, a bhí faoi chosc ag an am, ach is ar éigin gur úsáideadh é i ndiadh 1700. Tá sceitse garbh ann ón 18ú aois a thaispeáineann go raibh 4 thúr air, péire ciorcalach agus péire cearnógach nach bhfuil ach ceann ina sheasamh inniu. Tá doras ar thaobh thiar an bhalla cuirtín, a thug bealach isteach ón bhfarraige. Níl anseo ach cúpla de na suíomhanna suimiúla atá againn anseo in Árainn, agus tógann sé i bhfad níos mó na cúpla uair a chloig le n-iad a fheiceál. So an chéad uair eile atá tú ar an chósta thiar, tabhair brontannas duit fhéin agus tóg sos cúpla lá ar Árainn Glan na Naomh! Cillian de Grás, Dún Aonghasa.
2
3
2 Dún Aonghasa. 3 Teampall Bhreacáin, Inis Mór (Photo by Con Brogan).
33