Cá Bhfuil Puifín Beag?

Page 1

Cá Bhfuil Puifín Beag?

Scríofa ag Erika McGann Ó bhunscéal le Seán Daly Maisithe ag Gerry Daly

Aistrithe go Gaeilge ag Muireann Ní Chíobháin


2


3


Bhí an ghrian ag éirí thar Sceilg Mhichíl. Ghob Puifín Beag a ceann as a poll. ‘Nach breá an lá é,’ ar sise.

‘Lá breá i gcomhair eachtra.’

4


Shín an puifín beag amach a sciatháin

agus chroith sí a cleití dubha, clúmhacha.

Shiúil sí tríd an bhféar,

thar na carraigeacha

trasna an chosáin,

5

agus suas an cnoc.


Bhí imní ar dhá phuifín fhásta. Bhí a bpoll folamh agus ní raibh radharc acu ar a bpuifín beag in aon áit. 6


7


‘Cá bhfuil Puifín Beag?’ ar siad os ard.

‘Chonaic mise puifín beag,’ arsa gainéad in aice leo. ‘Chabhraigh sí liom mo nead a dheisiú.

‘Bhí duine éigin tar éis seasamh uirthi agus bhí lorg a

bhuataise inti. Bhailigh an puifín beag driseacha agus cipíní agus chlúdaigh sí í. Tá sí an-tapa agus an-chliste.’ 8


‘Cén treo a ndeachaigh sí?’ a d’fhiafraigh na puifíní.

‘Sa treo sin,’ arsa an gainéad. ‘I dtreo na carraige móire sin.’


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.