The Eagle: Trinity College Law Gazette Volume 8, Issue 2

Page 36

Page 36

Language

Áisiúlacht an Aonteangachais sa Dlí agus sa Stát Le Ellen ní Aoláin, Cóipeagarthóir, SS Dlí & Eolaíocht Pholaitiúil Author’s note: I have not provided an English translation for this piece because I believe it goes against the sentiment I have outlined below. Too often, the Irish language is brushed aside as an inconvenience and a waste of time. This is one of the reasons why Ireland, among other things, does not provide translations for Government debates, has weakened the Irish language requirements for many professions, and generally has allowed the language to fall into disuse. Through not providing a translation, I am resisting the idea that English is the default, and taking away a convenient translation that many, including myself, would likely flock to in spite of them being able to read the Irish version. If you would like a translation of the core ideas contained in the article, please feel free to email eaglegazette.tcd@gmail.com Réamhrá Níl aon amhras ach go mbíonn tagairt don Ghaeilge go minic i sochaí na hÉireann. Ó chomharthaí bóthair, go hóráidí polaitiúla, go TG4, tá sé deacair maireachtáil in Éirinn gan cúpla focail. In ainneoin seo, bíonn an teanga de shíor i mbaol; de réir daonáireamh na hÉireann 2016, níor labhair ach 73,803 duine Gaeilge chuile lá, agus dúirt 418,420 cainteoirí Gaeilge ní labhraíonn siad an teanga ar bith. San alt seo, cuirfear sean argóint chun cinn – nach bhfuil mórán iarrachta á dhéanamh ag institiúidí na hÉireann an Ghaeilge a athbheochan – le argóint níos soiniciúla – go bhfuil sé níos furasta don rialtas glacadh le bás na Gaeilge de ghrá na héascaíochta. An Dlí: Gaeilge ar an Dara Leathanach De réir Airteagal 8.1 sa Bhunreacht, “[ó]s í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.” Is íoróin mhór í go bhfuil an Bunreacht scríofa as Béarla i dtosach báire, leis an nGaeilge i gcónaí ar an dara leathanach. Ní fadhb bheag í seo ach an oiread. Sa chás Ó Maicín v Éire (2014), cinntear go raibh sé míbhunreachtúil giúiré a aimsiú a raibh Gaeilge agus Béarla acu (mar a bhí á lorg ag an ngearánaí, Ó Maicín) toisc go mbeadh sé mícheart daoine dátheangach a aimsiú agus a rá gur sampla randamach den daonra iad. Bhí láncheart ag Ó Maicín a fhianaise agus a argóintí a thabhairt as Gaeilge, agus is féidir a áitiú nach bhfuil sé éifeachtúil nó cóir aistritheoir a úsáid chun fianaise thábhachtach - ar a bhfuil saoirse an chosantóra ag brath – a léiriú go háirithe nuair a dhéantar an cás trí theanga oifigúil an stáit. Ina bhreithiúnas easaontach, léirigh Hardiman B an tuaraim céanna: “…[I]n this constitutionally bilingual State, no-one has a right to serve as a judge, or as a member of a panel of judges (as in the Special Criminal Court) or as a juror, in any case the official language of which he or she cannot understand.” Labhair sé freisin faoin difríocht idir chearta teanga in Éirinn agus i gCeanada. I gCeanada, tá béim dháiríre curtha ar an bhFraincis sa dlí agus i gcleachtas. Anseo, tá béim curtha ar an nGaeilge sa dlí, ach níl aon bhéim uirthi ó lá go lá. Ní bheadh ionadh ar éinne atá paiseanta faoin nGaeilge go bhfuil cosantóirí mar Ó Maicín imeallaithe i bhfabhar áisiúlacht na cúirteanna a rith i dteanga an mhóraimh. Tá áisiúlacht an aonteangachais le feiceáil freisin sna leasaithe ar Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008, inar athraíodh sean-riail a luaigh go gcaithfeadh cumas éigin a bheith ag abhcóidí ar an nGaeilge. Anois, tá ar Óstaí an Rí cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil, ach níl siad riachtanach chun cáilíocht a bhaint amach. Tá daoine


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.