5 minute read

Áisiúlacht an Aonteangachais sa Dlí agus sa Stát le Ellen ní Aoláin [Page

Áisiúlacht an Aonteangachais sa Dlí agus sa Stát

Le Ellen ní Aoláin, Cóipeagarthóir, SS Dlí & Eolaíocht Pholaitiúil

Advertisement

Author’s note: I have not provided an English translation for this piece because I believe it goes against the sentiment I have outlined below. Too often, the Irish language is brushed aside as an inconvenience and a waste of time. This is one of the reasons why Ireland, among other things, does not provide translations for Government debates, has weakened the Irish language requirements for many professions, and generally has allowed the language to fall into disuse. Through not providing a translation, I am resisting the idea that English is the default, and taking away a convenient translation that many, including myself, would likely flock to in spite of them being able to read the Irish version. If you would like a translation of the core ideas contained in the article, please feel free to email eaglegazette.tcd@gmail.com

Réamhrá

Níl aon amhras ach go mbíonn tagairt don Ghaeilge go minic i sochaí na hÉireann. Ó chomharthaí bóthair, go hóráidí polaitiúla, go TG4, tá sé deacair maireachtáil in Éirinn gan cúpla focail. In ainneoin seo, bíonn an teanga de shíor i mbaol; de réir daonáireamh na hÉireann 2016, níor labhair ach 73,803 duine Gaeilge chuile lá, agus dúirt 418,420 cainteoirí Gaeilge ní labhraíonn siad an teanga ar bith. San alt seo, cuirfear sean argóint chun cinn – nach bhfuil mórán iarrachta á dhéanamh ag institiúidí na hÉireann an Ghaeilge a athbheochan – le argóint níos soiniciúla – go bhfuil sé níos furasta don rialtas glacadh le bás na Gaeilge de ghrá na héascaíochta.

An Dlí: Gaeilge ar an Dara Leathanach

De réir Airteagal 8.1 sa Bhunreacht, “[ó]s í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.” Is íoróin mhór í go bhfuil an Bunreacht scríofa as Béarla i dtosach báire, leis an nGaeilge i gcónaí ar an dara leathanach. Ní fadhb bheag í seo ach an oiread.

Sa chás Ó Maicín v Éire (2014), cinntear go raibh sé míbhunreachtúil giúiré a aimsiú a raibh Gaeilge agus Béarla acu (mar a bhí á lorg ag an ngearánaí, Ó Maicín) toisc go mbeadh sé mícheart daoine dátheangach a aimsiú agus a rá gur sampla randamach den daonra iad. Bhí láncheart ag Ó Maicín a fhianaise agus a argóintí a thabhairt as Gaeilge, agus is féidir a áitiú nach bhfuil sé éifeachtúil nó cóir aistritheoir a úsáid chun fianaise thábhachtach - ar a bhfuil saoirse an chosantóra ag brath – a léiriú go háirithe nuair a dhéantar an cás trí theanga oifigúil an stáit. Ina bhreithiúnas easaontach, léirigh Hardiman B an tuaraim céanna:

“…[I]n this constitutionally bilingual State, no-one has a right to serve as a judge, or as a member of a panel of judges (as in the Special Criminal Court) or as a juror, in any case the official language of which he or she cannot understand.”

Labhair sé freisin faoin difríocht idir chearta teanga in Éirinn agus i gCeanada. I gCeanada, tá béim dháiríre curtha ar an bhFraincis sa dlí agus i gcleachtas. Anseo, tá béim curtha ar an nGaeilge sa dlí, ach níl aon bhéim uirthi ó lá go lá. Ní bheadh ionadh ar éinne atá paiseanta faoin nGaeilge go bhfuil cosantóirí mar Ó Maicín imeallaithe i bhfabhar áisiúlacht na cúirteanna a rith i dteanga an mhóraimh.

Tá áisiúlacht an aonteangachais le feiceáil freisin sna leasaithe ar Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008, inar athraíodh sean-riail a luaigh go gcaithfeadh cumas éigin a bheith ag abhcóidí ar an nGaeilge. Anois, tá ar Óstaí an Rí cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil, ach níl siad riachtanach chun cáilíocht a bhaint amach. Tá daoine

ann atá ag iarraidh an sean-riail a thabhairt ar ais - rinne Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh iarracht níos luaithe sa bhliain ach níor tháinig aon rud as an iarracht – ach faoi láthair níl ach dá faoin gcéad d’abhcóidí na hÉireann ábalta ionadaíocht a dhéanamh dá gcliaint trí Ghaeilge. Is féidir a thuar go laghdóidh an figiúr sin amach anseo de bharr go gcuireadh deireadh leis an riail i 2008. Is sampla eile é seo den ord tosaíochta atá againn sa stát, a chuireann an éascaíocht i gcónaí os comhair an Ghaeilge.

An Stát: Easpa Acmhainní nó Easpa Suime?

Go hoifigiúil, tá an-mheas ag an rialtas ar an nGaeilge. Tá Aire Gaeltachta againn, tá spreagthaí ann do dhaltaí na hArdteistiméireachta a gcuid scrúduithe a dhéanamh trí Ghaeilge, agus beidh ar 1/5 d’oibrí sa tseirbhís phoiblí Gaeilge a labhairt roimh 2030. In ainneoin na scéimeanna seo, is féidir a argóint nach dtugtar tús áite riamh don Ghaeilge sa rialtas.

Sampla comhaimseartha ná na teastais COVID-19, nach raibh ábalta déileáil le fada ar roinnt ainmneacha Gaelacha. Is léir nach raibh an fhadhb leis an gcóras é féin, ach leis an eolas a bhí tugtha dóibh ó ospidéil agus institiúidí stáit eile nach raibh in ann an fada a phróiseáil. Is í seo an t-aon chúis nár aistrigh údar an ailt seo a sloinne go Gaeilge – bheadh fadhbanna aici lena cárta Leap, lena taifid ospidéil, agus le fuaimniú agus litriú a sloinne (Ní Aoláin) gach áit a rachadh sí. Mura féidir leis an stát (agus an tsochaí) aire a thabhairt d’ainmneacha Gaeilge ina dtaifid agus ina mbunachair sonraí, conas gur féidir leo aird a thabhairt don Ghaeilge í féin? Réimse eile inar theip ar an rialtas dóthain suime a léiriú sa Ghaeilge ba iad ndíospóireachtaí sa Dáil. Sa chéad agus dara Dáil, ritheadh formhór de na díospóireachtaí trí mheán na Gaeilge. Sna 2010dí, thit an figiúr seo go thart ar 2-3 faoin gcéad. Tá deacrachtaí ag an Oifig Dhíospóireachta sa Dáil foireann atá líofa a fháil, agus níos mó deacrachtaí fós foireann atá ábalta gearrscríobh a dhéanamh as Gaeilge a aimsiú. Chun comparáid a dhéanamh le Ceanada arís, cuirtear dhá leagan don díospóireacht ar fáil ann – ceann as Béarla agus ceann i bhFraincis.

Mar sin, tá gnóthaí an Oireachtais rite i dteanga iasachta, an Bhéarla, agus níl aon aistriúchán do dhaoine atá ag iarraidh gnóthaí an rialtais a léamh ina “phríomhtheanga oifigiúil.”

Conclúid

Chun cearta teanga a bhaint amach, caithfear cumhachtaí an stáit níos mó suime a léiriú sa Ghaeilge. Gach uile uair a úsáidtear clár ríomhaireachta nach bhfuil ábalta an fada a phróiseáil; gach uile chéim sa dlí a bhaintear amach gan aon riachtanais Gaeilge; agus gach uile uair a chuireann an rialtas, an dlí, agus an phobail teanga dhúcasach na tíre ar an dara leathanach i bhfabhar áisiúlacht an aonteangachais, déantar dochar millteanach don teanga agus do chultúr na tíre.

This article is from: