TN2 Issue 4 20/21

Page 53

Ba é YouTube an Suíomh Shruthú is Fearr de 2020 Deich mbliana ó shin, bhí telifís i lár ré órga. Bhí an tírdhreach flúirseach le cláir iontacha cosúil le Mad Men agus Breaking

Bad. Bhí meánaicme rathúil, le tochaltóir gual ’s gluaisrothaí ciníocha. Bhí Community fós greannmhar, bhí rithim Parks And Recreation ag éirí níos sciobtha, ’s dhiúltaigh Kenny Powers a scaird-scí a dhíoladh. Agus, bhí clár beag faoi dragain ag tosú. Cúpla bliain níos déanaí, d’fhoglaim na Bluths nach bhfuil airgead sa seastán banana i gcónaí agus scrios an réabhlóid shruthaithe an tamhnach fhlúirseach. Tírdhrearch sceirdiúil atá ann anois. Tá cláir spreagúla fós ar fáil, cosúil le I May Destroy You, ach tá cuspóir nua ag cláir teilifíse. Ní chaithfidh cláir a bheith iontach, is fuaim sa chúlra iad. Caithfidh an lucht féachana tiúnáil amach ní isteach a thuilleadh. Thosaigh an clár teilifíse is mó a raibh tóir ag daoine air i 2020, i 2005. Bhí na cláracha is mó a ghiolc daoine faoi, The Last Dance agus Tiger King, imithe as cuimhne na ndaoine chomh luath is a tháining siad. Tá achar airde ag éirí níos giorra agus tá seo glactha le suíomh fís-shruthú. Bíonn The Mandalorian ag streachailt chun an t-am idir radhairc de Bhabaí Yoda a líonadh. An bhfuil suim ag éinne i bplota Bridgerton? An bhfuil sé fiú tábhactach? Tá comhéadan úsáideora Prime Video ag iarraidh a dtaisce a coimheád faoi cheilt. Maidir le Quibi, nílim chun caitheamh anuas ar na mairbh. Tá YouTube flúirseach leis an nuálaíocht ’s an úrnuacht atá ar iarraidh ó na suíomhanna seo. Ní YouTube Red nó YouTube Premium nó cibé ainm eile a chuirtear air atá i gceist agam, ach díreach gnáth-YouTube. Ní suíomh foirfe é YouTube. Léirigh sraith droch-fhíseán Videogamedunkey go bhfuil an leathanach treochtála briste. Gorlann d’éalaíontóir atá ann, ainneon an chuma athráitheach atá air. Is iad seo roinnt de na cruthaitheoirí is fearr de 2020. All Gas No Brakes Dá mbeifeá ag iarraidh dul siar ar 2020, ar chúis ait éigin, beadh físeáin AGNB an tslí is fearr é a dhéanamh. Bhí AGNB láithreach ag gach tráth sonrach, ó na hagóidí sráide i bPortland go dtí an chomhdáil AVN. Thaispeáin AGNB an fíor-Mheiriceá ina gcuid físeán: mórchúis na ndaoine a chuaigh go dtí an trá chun Lá na Saoirse a cheiliúradh i rith paindéime, an oibrí gnéis ag iarraidh a cíos a íoc, na coirpigh chogaidh gléasta i Reebok. Is minic a bhíonn magadh a dhéanamh faoi amadáin sna físeáin seo, ach bíonn muintearas ’s áthas iontu ar feadh bomaite fosta. Ritheann dhá shampla le Hollywood nuair a smaoiníonn siad ar shaol na tuaithe: bochtanas agus ciníochas. Ach, léiríonn AGNB an-chineáltas leis an muintir a dhéanann sé caidreamh leo. Is é a bhfiseán Bigfoot Hunting, go háirithe, scáthán álainn ar an saol. Lucht lán le creideamh atá iontu, cé go ndéanann beag dá gcuid oibre. Is domhan iontach a thaispeánann sé. Conner O’Malley Ceaptar go n-aithneofar uachtaránacht Trump mar ré órga sa gcoiméide. Ceithre bliana níos déanaí, tá Alec Baldwin ag glacadh an buíochas ar fad i gcomhair treascartha Trump agus tá fear céile Sarah Cooper spíonta amach ón síor-gnéas béil. Ach, tá laoch amháin ar YouTube a bhíonn ag cruthú físeán i gcomhair daoine le hinchinn leáite. Físéain trína chéile’s domhainfhriochta atá iontu. Téann fuinneamh d’athar colscartha trí gach seat fíor-gar-amhairc ’s léine smálaithe le hallas. B’fhedir go bhfuil aithne agat ar Chonner ón gclár iontach I Think You Should Leave nó fiseán suaimhneasach Joe Pera. Níl aon shuaimhneas sna físeáin seo, tá siad craiceáilte. Bíonn Conner ag rith idir trácht bóithre chun script a dhíoladh faoi Joe Biden ag sábháil an stocmhargaidh ’s ag caitheamh 500 toitíní chun an ghlas a bhaint de Verizon 5G. Rámhaille d’fhear mire atá inti, ach nach bhfuilimid go léir beagán as ár meabhair anois? The Report of The Week Má bhí Conner O’Malley ró-dhian duit, tá Reviewbrah mar óiche chiúin os comhair na tine. Tá a fhiseáin sólásach suaimhneach. Tá stíl mhodhúil ag na fiséain. Bíonn sé gléasta i gculaith i gcónaí agus ní déanann sé craos ar a mbéile riamh ach ní féidir leat do shúile a bhaint den scáileán. Caithfidh go bhfuil Reviewbrah ar duine de na haisteoirí is fearr nó an fear is croíúil ar an domhan. Tá roinnt ceisteanna faoi Reviewbrah nach bhfuil freagartha fós, ach tá an mhistéir níos fearr ná na freagraí. SuperMega Chaith Matt and Ryan ó SuperMega 2020 mar an chuid eile againn, ag caitheamh tréimhse fada ag imirt Animal Crossing sular stop muid gan choinne. Bíonn siad ag forbairt eaglaise i Minecraft, ag rangnú príomhach ’s ag aimsiú na gcluichí is macnasaí ar líne. Is féidir leat an grá idir Matt agus Ryan a mhothú i ngach físéan idir na scéalta greannmhara. In am nach féidir le daoine am a chaitheamh lena gcairde, nach álainn an rud é sin? Cá mhéad uair a chonaic tú The Office? Cén fáth nach mbainfeá triail as rud nua?

FOCAIL LE CAL Ó MUIRÍ

49


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Ba é YouTube an Suíomh Shruthú is Fearr de 2020

4min
page 53

Seachtain na Gaeilge: Céiliúradh ar anam na tíre

4min
page 52

Happy Birthday Instagram

4min
page 51

The Case for Rituals

2min
page 50

Is a playlist a clock or a mirror?

2min
page 49

Making An Archive

2min
page 48

Shameless in the time of COVID

3min
page 47

Wandavision The Trials and Tribulations of Marvel's Official TV Expansion

7min
pages 44-46

Back to the Future: 90s

4min
pages 10-11

Making Art in the Digital Age: David Hockney

2min
page 8

A Foray into Trinity's (Dormant) Creative Community

5min
pages 6-7

Interview with Robert Gibbons

36min
pages 42-56

What have we learned from a year of remote theatre?

5min
pages 40-41

Self Love

4min
page 39

Sex and Sexuality Myths: Debunked

3min
page 38

Radio Blah Blah: Sharing Music in the Age of Technology

5min
pages 34-35

Can I Believe Her? // A Piece on Autofiction

5min
pages 30-31

What My Time at Trinity Has Taught Me about Love

5min
pages 36-37

Is 10:04 Art Writing? What is Art Writing?

7min
pages 28-29

Crate Digging: A History

5min
pages 32-33

Mario 128: The Unfinished Game You've Probably

6min
pages 26-27

Racial Oppression Exposed on Film

6min
pages 18-19

Now We're Cooking (With Guinness

4min
pages 22-23

How to End a Game

6min
pages 24-25

Letter from the Editor

10min
pages 5-8

The Fashion of RuPaul's Drag Race

3min
pages 14-15

Healthy Snacks For Study Season

4min
pages 20-21

The Silence of the Lambs: 30 Years On

4min
pages 16-17

Creativity, Clay and Catherine Forristal

3min
pages 9-13
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.