Tuathal
Irisleabhar na Gaeilge -Coláiste na Tríonóide-
Eagrán a hAon 2017-18 1
Clár Ábhair 2
Eagarfhocal
3
An Coiste
4
Focal ón Reachtaire
6
Nuacht ó Oifig na Gaeilge
8
Dráma an Chumainn
12
Cúinne Filíochta
14
Teicneolaíocht na Gaeilge
16
Duaiseanna an Chumainn
18
Amclár Sheachtain na bhFreisir
20
Fáilte isteach chuig an chéad eagrán de Tuathal na bliana seo. Bhí bliain iontach spleodrúil, spraoiúil, agus dár ndóigh Gaelach againne anuraidh agus tá muid ag tnúth go mór le blian iontach eile leis an gcumann is fearr ar fud fad na tíre. Is é Tuathal irisleabhar na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus san eagrán seo gheobhaidh sibh bláiseadh ar chuile ghné na teangan sa Choláiste anseo, idir altanna suimiúla agus dánta nua. Ina dteanta sin, cuirfidh sibh aithne ar cúpla duine a fheicfidh sibh go minic i saol na Gaeilge sa Choláiste. Ba mhaith liomsa mo bhuíochas a ghabháil do chách a chabraigh le foilsiú na hirise seo. Gan sibhse, ní bhéimis in ann é a fhoilsiú. Tá súil agamsa go mbaineann sibh taitneamh as an eagrán seo agus go mbeidh bliain spraoiúil is Gaelach agaibh leis an gCumann Gaelach! Ag tnúth go mór libh a fheiceáil, Emmet
Eagarfhocal
A Chairde,
3
An Coiste 2017-2018
Reachtaire - Ciarán Wadd Cén chaoi a’ bhfuil a chairde? Ciarán Wadd an t-ainm atá orm, is mac léinn na Gaeilge mé sa cheathrú bhliain agus oibreoidh mise mar Reachtaire i mbliana. Is as Longfort mé, áit nach gcloistear an Ghaeilge ró-mhinic seachas i dTí Wadd. Is aoibhinn liom ag bualadh le daoine nua an t-am uilig – deirim go ndéanann sé an saol i Wadd níos fearr. Ná bíodh faitíos oraibh ‘Haigh!’ a rá liom!
Leas-Reachtaire - Seamas Ó hAoláin Is mise Seamas agus is mise a bheas ag obair mar Leas Reachtaire an Chumainn i mbliana! Déanaim staidéar ar an nGaeilge agus an Gearmáinis agus is as Port Láirge dom! Tá bliain iontach eile romhainn agus ní féidir liom fanacht bualadh libh go léir. Tóg go bog é!
Rúnaí - Míde Ní Ghríofa Míde Ní Ghríofa is ainm dom agus is mise rúnaí an Chumainn Ghaelaigh don bhliain 2017-2018. Déanaim staidéar ar Ghearmáinis agus Eacnamaíocht sa cheathrú bliain. Bhí mé mar bhall don choiste anuraidh agus táim ag tnúth go mór le an-chuid imeachtaí a eagrú arís i mbliana daoibh go léir!
Cisteoir - Gemma Caulwell Gemma is ainm dom agus is mise bhur gcisteoir i mbliana! Is as BÁC mé agus déanaim staidéar ar an bhfisic (yeah, fhios agam..). Mar chisteoir is mise cailín an chiste, so má tá aon smaointi agaibh (breabaireacht, sciúradh airgid srl) abair liom! Táim ag tnúth go mór leis an mbliain atá romhainn!
Oifigeach Teicneolaíochta - Greta Warren Haigh leaids! Is mise Greta agus is mise Oifigeach Teicneolaíochta a bheas agaibh i mbliana - feicfidh sibh mé ag tógáil griangraifeanna ag ár gcuid imeachtaí uilig, agus beidh sibh ag cloisteáil uaim go rialta sa ríomhphost seachtainúil! Trí rud is fearr liom ar domhan ná cait, Kanye West agus freagairt feargach a thabhairt do dhaoine ar Facebook x
4
Oifigeach Caidrimh Poiblí - Caolán Mac Grianna “Is mise Griannaċ Mór na Fearsaide, fíor-Ġaeḋeal na Gaiḋlige Gaeltaċta Gaelaí, agus is maiṫ liom Gaeilge”
Oifigeach Urraíochta -Ronan Fallon Dia dhaoibh! Is mise Rónán, táim sa tríú bhliain agus is oifigeach urraíochta an Chumainn mé i mbliana. Goodbye.
Oifigeach Dramaíochta - Éinne Ó Cathasaigh Éinne is ainm domsa agus is mé bhur n-oifigeach drámaíochta i mbliana. Is as an Rinn i gContae Phort Láirge mé, is déanaim staidear ar an Zó-eolaíocht. Má tá suim agaibh i drámaíocht, seolaigí téacs chugam xoxo
Oifigeach Siamsaíochta - Chris Meemey Dia dhaoibh! Is mise Chris agus taim sa triú bhliain ag déanamh Eolaíocht Ríomhaire. Is aoibheann liom cannaí agus craic san ord sin. Sa Phav a bhíonn mé go minic nó ag caint faoi Queens in Inis, an chlub oíche is fearr ar an domhan. Níl aon Gaeilge agam ach tá mé fós ar an bhfód!
Oifigeach Fóilseacháin - Emmet de Barra Emmet is ainm domsa agus is as BÁC ó dhúchas mé. Is mise an tOifigeach Fóilseacháin i mbliana agus mar sin táimse i gceannas ar foilseacháin an Chumainn. Is mac léinn Gaeilge is Staire mé sa triú bhliain. Má tá sibh ag iarraidh aon rud a fhoilsiú i rith na bliana ná bíodh aon imní oraibh dul i dteagmháil liom!
Oifigeach Díospóireachta - Blánaid Ní Chearnaigh Bhuel a dhaoine uaisle mise Blánaid, bean óg ó Bhéal Feirste mé ag a bhfuil suim as cuimse i rud ar bith conspóideach agus is mise bhur n-oifigeach díospóireachta i mbliana. Tá mé ag dúil go mór leis an mbliain atá romhainn, go háirithe na díospóireachtaí a bheas againn. Lig tús leis an díospóireacht!
5
Focal
ón Reachtaire
Labhraíonn Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Ciarán Wadd linn agus cuireann sé fáilte is fiche roimh chuile baill idir shean agus nua i mbliaina!
Dia dhaoibh a chairde agus céad míle fáilte romhaibh go léir go Coláiste na Tríonóide, suite i gcroílár Átha Cliath, Faiche an Choláiste, BÁC a 2. Más rud go bhfuil an píosa seo á léamh agat, ciallaíonn sin gur phioc tú suas cóip den irisleabhar Gaelach, spreagach; Tuathal. Seo hé ceann den fhoilseacháin tré mhean na Gaeilge a fheiceas tú go minic agus tú mar mhac léinn anseo. Cuirtear amach é tríd an gCumann Gaelach, an príomhchumann anseo ar Champas a labhraíonn Gaeilge chuile lá! I ndiaidh an réamhrá eolach sin, caithfear go gcuirfidh mé mé fhéin in aithne dhaoibh: Is mise Ciarán Wadd agus feidhmím mar Reachtaire den
6
Chumann anseo ar Champas. Aon áit go gcloisfidh sibh an Ghaeilge, feicfidh sibh idir mé fhéin agus mo chomhleacaí ann. Agus, geallaim daoibh gan amhras, cloisfidh sibh an Ghaeilge; bíonn sí á úsáid ar fud fad an Champais ó mBloc na nDámh go Hallaí na Tríonóide. Oibríonn muid, in éineacht le hOifig na Gaeilge, le himeachtaí, eachtraí, oícheanta amach, turaisí agus go leor leor eile a eagrú trí Ghaeilge, chuile sheachtain na bliana Dá mba rud é go dteastaíonn uait do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge abair linn, dá mba rud gur mhian leat do scith a ligeaint trí Ghaeilge tagaígí suas chuig an Seomra na Gaeilge. Tá teach ar Champas fiú nach bhfuil ACH an Ghaeilge á labhairt
acu ann – Teach a 12, Botany Bay. Is clann mhór iad muintir na Gaeilge i gColáiste na Trionóide, d’fhéadfá buaileadh le duine ar bith agus tú amuigh trí Ghaeilge agus geallaim daoibh, labhróidh tú arís leo an chéad uair eile. An rud is speisialta faoin nGaeilge i gColáiste na Tríonóide ná is cuma le daoine faoin struchtúr, faoin ngramadach agus faoi na rialacha uafásacha a bhí in úsáid agaibh ar scoil. Dá mba rud gur mhaith leat í a labhairt, cibé leibhéal atá ann, labhrófar í. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil fonn ann í a labhairt. Agus geallaim daoibh, ó bhun mo chroí, nach bhfuil Gaeilge i gColáiste na Tríonóide cosúil leis an scoil in aon choir.Tá daoine ann ó gach coirnéal den tír le grá den teanga agus buailfidh tú leo. Trí bhliain ó shin nuair a shroich mé Tríonóid, ag teacht ó Longfort (sea, is contae é!) níor thuig mé gur féidir le do shaol a bheith tré mhean na Gaeilge ach is féidir: tá Gaeilge ag mo dhlúthchairde sa Choláiste seo, bhuail mé leo mar gheall uirthí, feicfidh sibh go dtugann an Ghaeilge seans dhaoibh buaileadh le daoine nach mbuailfeadh sibh riamh leo.
an Oireachtas linn i gCill Airne ag tús Mhí na Samhna! Tá bia saor in aisce le fáil trí Ghaeilge ag Anraith ‘s Arán gach Céadaoin. Tugaígí ‘is maith liom’ dár leathnach ‘Cumann Gaelach TCD’ ar Facebook agus feicfidh sibh an méid stiuf atá ag tarlúint. Gan daoine á labhairt ní bheadh an Ghaeilge beo ar Champas na Tríonóide, ach by deaid, bíonn muid á labhairt. Más rud é gur mhaithe leat ceist a chur orm i rith do chéad sheachtain ar Champas nó fiú ag deireadh na bliana seo táim ar fáil i gcónaí ar 0833068331 nó ag reachtaire@cumann.ie. Fáilte mór rómhaibh chuig an bpobal Gaelach TCD – bainígí sult as Seachtain na bhFreisir agus bainígí sult as an gcraic agus rírá a théann leis. Tá na deiseanna ann a chairde, tapaígí iad agus bíodh bliain den scoth agaibh!
Ciarán
Agus le sin, más rud go dteastaíonn uait Gaeilge a labhairt; feicfidh sibh muid ag an gCiorcal Comhrá gach Máirt sa Seomra na Gaeilge; tagaígí chuig Club Chonradh na Gaeilge linn le pionta Gaelach a ordú is a ól; tagaígí chuig
7
Nuacht ó Oifig na Gaeilge Meán Fómhair 2017
Turas a thug na scéimeanna cónaithe ar Ghleann Dá Loch i mí an Mhárta 2017.
A chairde, ba mhaith le hOifig na Gaeilge Céad Míle Fáilte a chur romhaibh go léir a bheidh ag tosú amach sa Choláiste don chéad uair i 2017. Tá súil againn go mbeidh saol bríomhar, spleodrach anseo agat. Tá neart deiseanna anseo trí imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh, ranganna agus seirbhísí Gaeilge (mar shampla i Leabharlann Berkeley), na scéimeanna cónaithe Gaeilge agus Seomra na Gaeilgele saol leathan a chaitheamh trí mheán na teanga i TCD! Fáilte ar ais i ndiaidh an tsamhraidh do gach éinne eile. Bliain úr romhainn, agus guím gach rath ar Ciarán Wadd, an reachtaire nua, agus a choiste, agus iad ag dul i mbun oibre. Tá a fhios againn go ndéanfaidh siad jab den scoth. Tá Oifig na Gaeilge agus mé féin ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, i measc na foirne agus (trí thacaíocht a thabhairt don Chumann Gaelach) i measc na mac léinn. Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge sa Choláiste chun an aidhm seo a bhaint amach. Cuireann an Oifig
8
seirbhísí agus eolas ar fáil do húdaráis agus do phobal an Choláiste mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne. Chomh maith le sin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh: ar an gCampas féin agus i Halla na Tríonóide i nDartraí. Iris seanbhunaithe atá i Tuathal, agus díol spéise inti do gach éinne- molaimid go mór í agus guím gach rath ar an Eagarthóir, Emmet de Barra, agus a fhoireann.
Nóta ó Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge 2008-2017
A chairde, Beidh mé féin ag críochnú suas sa phost seo mar Oifigeach Gaeilge ag deireadh mhí Lúnasa 2017, de bharr post nua a bheith faighte agam in Institiúid Oideachais Marino. Bhain mé an-sult as an ról seo thar 9 mbliana, agus bhí sé de phribhléid mhór agam bheith ag obair le lucht an Chumainn Ghaelaigh thar na blianta. Is inspioráid sibh! Táim lán-dóchasach go leanfar leis an tacaíocht agus leis an gcomhairle ó Oifig na Gaeilge amach anseo. Tuigeann an Coláiste luach agus tábhacht an Chumainn. Guím gach rath ar Chiarán agus a fhoireann sa bhliain atá romhainn. Táim lán-cinnte de go ndéanfaidh siad sár-jab. Ag súil le casadh libh áit éigin san am atá romhainn! Le mór-mheas agus buíochas ó chroí as bhur gcairdeas, bhur gcomhoibriú agus bhur ndíograis, Aonghus Dwane
Baill Choiste na Gaeilge le cóipeanna den tríú scéim teanga. I ndiaidh daingniú ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, tháinig an tríú Scéim Teanga Gaeilge de chuid Choláiste na Tríonóide i bhfeidhm go hoifigiúil ar an 1 Meitheamh 2017. Leagtar amach sa Scéim raon tiomantas ar thaobh an Choláiste maidir le soláthar seirbhísí dátheangacha, agus clúdóidh an scéim an tréimhse Meitheamh 2017 go Meitheamh 2020.
Oifig na Gaeilge, an Téatar Thiar, Coláiste na Tríonóide. Teil: 01 896 3652 Rphost: gaeloifig@tcd.ie www.tcd.ie/gaeloifig
9
Nótaí ón Oifig Seomra na Gaeilge Tá Seomra na Gaeilge ar fáil leis an Ghaeilge a chothú sa Choláiste trí spás caidrimh a chur ar fáil do lucht labhartha na teanga. Bíonn an Seomra ar oscailt go hiondúil 9.00rn go 4.30rn, Luan go hAoine, i rith an téarma acadúil. Beidh nuachtáin Ghaeilge agus tréimhseacháin eile ar fáil ann. Tá Seomra na Gaeilge lonnaithe os cionn bhialann an Bhutraigh, thuas staighre- an bealach isteach tríd an doras ar chúl an Bhutraigh, agus suas go barr an staighre- féach na comharthaí ar na ballaí. Cúrsaí Gaeilge deonacha Beidh réimse leathan cúrsaí Gaeilge á chur ar fáil arís i mbliana. Sraith ranganna a bheidh i gceist, ó leibhéal A1 (glan-tosaitheoirí) go B2/Comhrá (Meánleibhéal 2). FEABHRA 2018: Éigse na Tríonóide Cuireann Oifig na Gaeilge roinnt imeachtaí ar fáil do bhaill foirne agus mic léinn araon le linn sheachtain Éigse na Tríonóide (ag deireadh mhí Eanáir). Beidh fógraíocht faoi Sheachtain na hÉigse ar fáil ar shuíomh an Chumainn agus ar www.tcd.ie/gaeloifig. Scéimeanna Cónaithe Gaeilge Tá 30 mac léinn ag glacadh páirt sna scéimeanna cónaithe Gaeilge i mbliana. Fógrófar an próiseas iarratas le haghaidh Scéim Chónaithe an Champais (20182019) thart ar mí Feabhra/Márta 2018. Bhí ceiliúradh deas againn sa Bhutrach ar maidin le haitheantas a thabhairt don Chumann Gaelach as a ngaisce duais náisiúnta Ghlór na nGael a bhuachaint don 5ú huair le blianta beaga anuas. Thréaslaigh Déan na Mac Léinn, an Dr Kevin O’Kelly, leis na mic léinn agus bhronn sé bosca seacláidí ar reachtaire an Chumainn Áine Haberlin. Labhair Joe Barry, cathaoirleach Choiste na Gaeilge, agus bhí John Coman, Rúnaí an Choláiste, Nóirín Bairéad ó Glór na nGael agus Rachel Ní Bhrádaigh ón gCumann i láthair freisin.
10
Oifigeach na Gaeilge Haigh, a chairde! Is mise James, is as Corcaigh mé agus táim sa tríú bhliain ag déanamh stáidéar ar an Eacnamáiocht agus Gearmáinis. Táim i m’Oifigeach na Gaeilge i mbliana agus ciallaíonn sé sin go ndéanaim ionadaíocht ar phobal Ghaeilge an Choláiste ag cruinnithe an chomhairle agus fóram an Aontais. Chomh maith le sin, beidh mé ag comhoibriú leis an gCumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge chun an Gh aeilge a chur chun cinn i gcoitinne. Ceann de na cúraim atá agam na foilsiúcháin agus ríomhphoist an Aontais a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar aon leis sin, beidh mé ag obair go dian leis an gCumann agus Oifig na Gaeilge chun an fhéile Éigse na Tríonóide a eagrú. Is seachtain speisialta í Éigse ina dhéanaimid céiliúradh ar saibhreas teanga agus cultúr na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Bígí ag faire amach le haghaidh réimse leathan ócáidí, ceardlainne agus comortais a bheidh ar siúl an tseachtain sin. Má tá tuairimí nó ceisteanna ar bith agat, nó má tá suim agat a bheith páirteach leis an bhfoireann aistriúcháin nó fo-choiste Éigse na Tríonóide, seol ríomhphost chugam ag gaeilge@tcdsu.org. Ag súil go mór le caint libh i rith na mbliana!
Urraíocht na hOifige Gaeilge
11
Na mairnéalaigh Déanann Seamas Ó hAoláin cur síos ar Dráma an Chumainn 2017; ‘Na Mairnéalaigh’, le hEoghan Ó Tuairisc. Bliain na Mairnéalach, bliain craiceáilte ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus domhnda de gur féidir á cur i gcomparáid le long bheag bhídeach ag trasnú na dtonnta i lár an geimhridh le “bitseach de ceo inár dtimpeall.” Cé atá ag stiúrú na loinge seo? Trump? Merkel und die Politische Mittleklasse? Nó Cocky, an lúbáire Sasanach. Is cuma mar táim ag plé cúrsaí drámaíochta leis an gCumann Gaelach libh agus dráma ‘Na Mairnéalaigh’ le hEoghan ó Tuairisc a bhí stiúirithe ag Míde Ní Ghríofa agus Rachel Ní Bhrádaigh. Dráma bunaithe ar scéal Dhónall Uí Chonaill, ‘An Liberator’ atá ann, agus é suite ar long ar a bhfuil corp Uí Chonaill agus í ag teacht arais go hÉirinn. Tá corp Uí Chonaill i gcónaradh ar bhord na loinge ach níl a fhios ag an triúr mairnéalaigh, Páidí, Cocky nó Fritz, cé atá sa gcónaradh.
12
Baineann an drama le cúrsaí polaitíochta idir Sasanna agus Éirinn i rith aimsir an Ghórta Mhóir agus pléann sé fulaingt Mhuintir na hÉireann ag an am sin. Dráma stáiriúil, dorcha, dáiríre agus gan dabht spraoíúil a bhí ann! Ghlac roinnt baill an chumainn páirt sa dráma seo ag obair ar an seit, smidiú, an cheol, cúl an stáitse, ag stiúiriú nó ag aisteoireacht!
D’éirigh go híontach leis an dráma a bhí ar siúl ar feadh trí oíche in amharclann Players agus bhí sé díolta amach gach oíche. Beidh deis ag baill an Chumainn páirt a ghlacadh arís i mbliaina sa dráma a bheas á dhéanamh ag Éinne Ó Cathasaigh, ár n-oifigeach drámaíochta.
“Chuala mé é chomh siúrálta le sioc, an bhean sí atá ag caoineadh”
“Bhaineas
sár taitneamh as páirt aisteóireachta a ghlacadh sa dráma seo agus ba thaithí dochreidthe í ag obair leis an bhfoireann álainn a bhí againn. Bí cinnte páirt a ghlacadh i mbliana, ag súil go mór leis!”
13
Cúinne Filíochta San eagrán seo, tá dhá dhán Gaeilge nua-chumtha againn, déanta ag baill an Chumainn Ghaelaigh
14
Ón bhaile go cinniúint
Ceist
le Gearóid Ó Dochartaigh
le Emmet de Barra
Ó mhaistreacht go buntús, Agus an meánoideachas imithe uaim. Lár na dtrí cinn chainte le sroich amach, M’aislingse í féin á baint amach!
An Cainteoir Nua An Cainteoir Dúchais Gaeilgeoir iontu
Ó bhallaí go caisleán, Mar shaighdiúr ag dul chun seirbhís a chur i bhfeidhm. Na deiseanna a oscailt dá thairbhe, Ach an príomhsprioc san aigne! Ó abhann go habhann, Agus aistrím chuig uiscí níos doimhne. Slán go Feabhal agus failtiú na Life, Le cuidiú Dé nach mbáim inti! Ó choláiste go coláiste, Agus mo bhuíochas gabhta le Colmcille. Muinín a chur faoi thrí, Agus an Tríonóid ar bharr mo chroí! Ó dhoire go háth cliath, Ag teacht isteach le sáith dhearcán ite agam. An fód a sheasamh i measc na gcloch acadúil, Is dócha go gcuirfear chun bláthú!
Céard is ceart dúinn déanamh Lenár gcanúintí móra is ár dteangacha beaga An bréagadóirí muid Anso is anseo Lucht nua na Gaeilge Ceist ár gcanúintí Na Bleá Cliathaigh láidre Leis an nguth is laige Nó muintir Chon Maicne Mara Nach bhfuil acu ach Blás gan Ghaeilge Cé acu a leanaim, A Ghaeil Dhílse, Ar thuras ár dteangan?
Ó chosaint go neamhspleáchas, Ar shlí na scoláirí. Ag déanamh cibé atá cuí chun bunú brí Ghearóid Uí Dhochartaigh!
Is mac léinn sa dara bhliain é Gearóid Ó Dochartaigh (nó ‘Gerry from Derry’ mar a thugtar air). Is as Doire é agus tá sé ag déanamh staidéir ar Léinn Caitlicigh na Diagachta agus ar an Nua-Ghaeilge. Is ball é den Scéim Chónaithe i Hallaí na Trionóide i mbliana.
Is mac léinn sa tríú bhliain é Emmet de Barra nó ‘An Barrach’ mar a thugann sé air féin. Tá sé i mbun céime sa Ghaeilge is Stair. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.
15
Todhchaí Aistriúchán na
Gaeilge Labhraíonn Eleanor Rutherford faoin intéirneacht a rinne sí i rith an tsamhraidh ag tabhairt faoi fhorbairt chóras aistriúcháin uathoibríoch don Ghaeilge, agus faoin dul chun chinn atá ar siúl i dTeicneolaíocht na Gaeilge Nuair a smaoiníonn daoine ar an nGaeilge, is iomaí daoine a bhíonn ag smaoineamh ar theanga ársa a labharítear sa Ghaeltacht amháin agus ar theanga sean-fhaiseanta atá fite fuaite le Peig ar chúis éigin. Níl seo fíor a thuilleadh. An fhíric nach bhfuil ar eolas ag cuid mhór daoine ná go bhfuil taighde agus obair corraitheach agus forchéimnitheach ar siúl sa tír seo ar theicneolaíocht na Gaeilge agus feidhmeanna teicneolaíochta na Gaeilge. Chaitheas 8 seachtain in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, san ionad taighde ADAPT an samhradh seo ag obair mar intéirneach i réimhse teic na Gaeilge agus oscailt súl a bhí ann. Bhíos féin bainteach le thionscnamh Eorpach, atá maoinithe ag an gCoimisiún Eorpach, darb ainm ELRC - is í aidhm an tioscnaimh seo ná aistriúchán uathoibríoch a fhorbairt agus a fheabhsú dos na teangacha Eorpacha (an Ghaeilge san áireamh mar theanga oifigiuil na hEorpa) ionas go mbeidh aistriúchán san Aontas agus sna rialtais aitiúla na dtíortha fhéin níos
16
Aistriúchán Uathoibríoch na Gaeilge fusa agus níos tapúla. (Sórt Google Translate ata dírithe ar riarachán poiblí.) Tá an sórt aistriúcháin uathoibríoch atá á bhforbairt agus á bhfeabhsú sa tionscnamh seo bunaithe ar shonraí agus statisticí. Chun córás aistriúchán uathoibríoch cruinn a thógáil, tá gá le an-chuid sonraí (séard atá i gceist agam le sonraí sa chás seo ná cáipéisí dhátheangach, Gaeilge-Béarla.) Breathnaíonn an córas ar na cáipéisí dátheangach sin agus bailíonn sé statisticí faoi na focail agus na haistriúcháin a bhaineann leo - i bhfocail eile, ríomhann sé
“Tá taighde agus obair chorraitheach agus forchéimnitheach ar siúl sa tír seo ar theicneolaíocht na Gaeilge agus feidhmeanna teicneolaíochta na Gaeilge.” cé chomh dealraitheach is ata sé go mbaineann focal Gaeilge áirithe le focal Béarla éigin. Mar shampla in abairt cosúil le “Ta mé ag iarraidh dul abhaile” leis an aistriucháin Béarla “I want to go home,” ríomhann an coras an dóchúlacht go gciallaíonn “abhaile” “home.” Trí na dóchúlachtaí seo a ríomh agus a
úsáid, foghlaimíonn an córas ó na sonraí a fhaigheann sé chun an aistriúchán a dhéanamh go huathoibríoch – mar sin, dá mhéad sonraí a dtugtar don chóras, is amhlaidh is mó a fheabhsaíonn an uirlis aistriúcháin uathoibríoch. An fhadb mhór atá ann don Ghaeilge ná nach bhfuil go leor sonraí cuí ar fáil mar “low resource language” mar a thugtar uirthi. Le haghaidh teangacha cosúil le Béarla agus Gearmáinis, tá sé an éasca teacht ar cháipéisí dátheangach - go minic, bíonn na milliúin bailithe in aon áit amháin i gcorpas ar líne. Níl seo fíor don Ghaeilge ar an drochuair. Níl go leor cáipéisí ar fáil ar chor ar bith, agus tá na cinn atá ar fáil scaipthe ar fud na háite - in oifigí na gaeilge sna coláistí 3ú leibhéal, i Ranna an Rialtais agus i gcomhlachtaí eile timpeall na tíre atá faoi scáth Achta na dTeangacha Oifigiula mar shampla An Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge.
“Tá todhchaí dóchasach ag Teicneolaíocht na Gaeilge, ach tá i bhfad níos mó fós le déanamh.” Is próiseas mall é na sonraí sin a aimsiú agus iad a bhailiú agus fós ní leor iad. Sa chaighdeán Eorpach, moltar nach nglactar le sonraí le níos lú na céad mile focail iontu ach leis an nGaeilge, tá an t-ádh dearg leat má thagann tú ar chaipéisí le deich míle. Fiú dá d’fhéadaimís go leor sonraí a bhailiú, níl go leor daoine cáilithe ann chun na sonraí a phróiseáil agus a “ghlanadh” le haghaidh úsáid sa chóras - daoine le Gaeilge mhaith acu agus le thaithí is le thuiscint ar chursaí ríomhaireachta agus teangeolaíochta. Baineann na dúshláin seo ní hamháin le haistriucháin uathoibríoch, ach le gach feidhm de theicneolaíocht na Gaeilge. In ainneoin na dúshláin go léir afach, is iontach an dul chun cinn ata déanta sa réimhse seo go dtí seo. Tá córas aistriuchain uathoibríoch don Ghaeilge darb ainm “Tapadóir” forbartha
ag fhoireann faoi stiúir an Dr. Teresa Lynn san ionad ADAPT cheana agus tá sé in úsáid ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go laethúil. Dar le haistritheoirí na Ranna, is iontach an cabhair é agus cuireann se dlús iontach lena n-obair. Tá na taighdeoirí san ionad ag súil go mbeidh siad in ann an uirlis a leathnú ionas go mbeidh Ranna eile in ann é a úsaid chomh maith. Chomh maith le sin, tá “An Sintéiseoir Gaeilge” (Irish speech synthesiser) ar fáil ag www.abair. tcd.ie atá in ann an fuaimniú le haghaidh aon abairt Ghaeilge i gcanúint Gaoth Dobhair, Conamara nó Corca Dhuibhne a thabhairt. Forbartha ag An Saotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i Scoil na nEolaíochtaíTeangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide faoi stiúir an t-Ollamh Ailbhe Ní Chasaide, is foinse iontach é d’foghlaimeoirí na Gaeilge agus daoine faoi mhí-chumas mar shampla daoine a bhfuil máchail chainte orthu no disléicse orthu. Leis an dul chun cinn seo, tá todhchaí dóchasach ag teicneolaíocht na Gaeilge, ach tá i bhfad níos mó fós le déanamh. Caithfear níos mó Gaeilgeoiri a thraenáil i réimse teicneolaíochta agus teangeolaíochta chun leanúint ar aghaidh le forbairt agus le feabhsú na feidhmeanna agus seirbhísí seo. Chomh maith le sin, ba chóir go bhfuil níos mó cáipeisí Gaeilge ar fáil go héasca in aon áit amháin le haghaidh úsáid taighde agus ar ndóigh, ba cheart go leanann an rialtas agus an Aontas Eorpach le maoiniú a thabhairt dos na tionscnaimh seo. Ach tús maith leath na hoibre mar a dhearfeá agus ní hé seo ach an tús.
Is mac léinn ríomheolaíochta, teangeolaíochta, is Gearmáinise í Eleanor, agus tá sí ag caitheamh na bliana seo ag staidéar sa nGearmán.
17
Duaiseanna an Chumainn Gach uile bhliain oibríonn coiste agus baill an Chumainn Ghaelaigh an deacair ag ullmhú agus ag eagrú imeachtaí, céilithe, féastaithe srl. Bíonn gradaim ann do na Cumainn ar fud fad na tíre agus i gColáiste na Tríonóide le taispeáint go ndearna chuile dhuine an iarracht i rith na bliana. Ba onóir é don Chumann an méid gradaim a bhuaigh muid an bhliain seo caite. Ní raibh muid ag súil leo ach ba onóir iad a bhuachaint toisc go ndearnamar an méid iarrachta sin i ngach uile ghné de shaol na Gaeilge ar Champas agus as Campas. I measc na ngradam a bhuamar an bhliain seo caite bhí:
Gradam Ghlór na nGael –An Cumann Gaelach Triú Léibhéal is Fearr Chuile bliain cuireann an Cumann isteach ar an gcomórtas Ghlór na nGael ina nglacann gach Cumann Gaelach sa tír páirt ann. Breathnaíonn na moltóirí ar gach píosa oibre atá déanta ag an gCumann i rith na bliana ag eagrú, ag feachtasaíocht agus ag cur an Ghaeilge chun cinn. Ba onóir é glacadh leis an ngradam seo ó Uachtarán na hÉireann Michéal D. Ó hUiginn i dTeach Cartron, Maigh Nuad ag deireadh Mhí Aibréain.
18
Gradam CSC Choláiste na Tríonóíde – An Cumann Mór is Fearr I mbliana bhuamar an gradam - An Cumann Mór is fearr ar Champas Choláiste na Tríonóide. Bhí muid in iomaíocht leis na Cumainn ar fad ar Champas agus bhreathnaigh na moltóirí ar an-chuid gnéithe éagsúla dár mbliain. Bhronn an CSC an duais sin orainn in Óstán Alexandra i Mí Aibréain freisin.
Gradam na Mac Léinn, Aontas na Mac Léinn in Éirinn Feachtas Gaeilge na Bliana Bhuaigh ár Seachtain Feachtasaíochta ‘Éigse 2017’ an gradam seo i mbliana. Bhí muid san iomaíocht i gcoinne feachtasaí Gaeilge ó fud fad na tíre. ‘S éard atá i gceist leis an ngradam seo ná aitheantas a thabhairt do dhaoine a d’eagraigh feachtas éifeachtach chun na Gaeilge a chur chun cinn i measc chomhphobal an choláiste. Cuirtear Seachtain na hÉigse ar siúl i Mí na Feabhra gach bhliain le Gaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide.
19
AMCHLĂ R S e ach tai n na bhFr eisir 201 7
20