An Cumann Gaelach Colaiste na Trionoide

Page 1

Tuathal

Irisleabhar an Chumainn Ghaelaigh Coláiste na Tríonóide

Eagrán a hAon 2021/2022


Clá

Seirbhísí ! Áiseanna

Buaicphointí na Bliana Seo Caite

Cúiseanna le Clárú don Chumann Gaelach

Nuacht ó Oi g na Gaeilge

An Coiste i mBliana

Focal ón Reachtaire

r

Eagarfhocal

fi


A léitheoir, a chara, Fáilte is che romhat go dtí an chéad eagrán Tuathal, irisleabhar an Chumainn Ghaelaigh i gColáiste na Tríonóide, sa bhliain acadúil 2021-22. Seo é an dara bliain i ndiaidh a chéile nach mbeidh gnáthSheachtain na bhFreisear ann de dheasca na paindéime, ach tá súil agam go dtabharfaidh an t-eagrán seo beagán léargais ar ár gcumann, go háirithe do lucht na chéad bhliana agus iad ag teacht isteach i saol an choláiste den chéad uair. Tá an iliomad rudaí le déanamh agus le páirt a ghlacadh iontu sa chumann seo agus feic dh tú sin tríd an gclisteacht a thaispeáin coiste na bliana seo caite sa réimse imeachtaí a eagraíodh trí mheán Zoom. Cé nach rabhamar ábalta aon rud a eagrú san fhíorshaol, níl amhras ar bith gur fhan an spiorad pobail i measc na mball. Dlúthphobal go ginearálta é lucht na Gaeilge, ach is amhlaidh sin ar leibhéal níos airde inár gcumann-na. San eagrán seo, beidh an deis agat aithne a chur ar an gcoiste nua chomh maith le heolas tábhachtach a fháil ar shaol na Gaeilge anseo i gColáiste na Tríonóide. Caith dh mé buíochas mór a ghabháil leis na daoine uilig a chabhraigh liom an t-eagrán seo a chur le chéile. Ní fhoilsítear an irisleabhar seo gan chuidiú neart daoine mar is léiriú an chumainn é. Dá mba mhaith leatsa saothar cruthaitheach a chur isteach le haghaidh an chéad eagráin eile a fhoilseofar sna míonna amach romhainn, seol chuig foilseachan@cumann.ie é, le do thoil! Sin a bhfuil uaimse! Tá súil agam go mbain dh tú sult as an eagrán seo agus go raibh téarma spraíúil spleodrach Gaelach agat! Beir bua,

fi

l

fi

fi

Pádraig Mac Brádaigh

fi

Eagarfhoca


Reachtaire

Bhuel bhuel bhuel, deas tú a fheiceáil anseo agus an t-irisleabhar is fearr ar champas na Tríonóide á léamh agat. Fáilte is che ar ais nó den chéad uair go Coláiste na Tríonóide agus níos tábhachtaí ná sin, go saol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide! Is é an Cumann Gaelach a fhoilsíonn an t-irisleabhar seo dhá uair sa bhliain agus feic dh tú go bhfuil go leor le rá againn anseo. Is muidne an príomhchumann ar champas a labhraíonn Gaeilge agus is é an aidhm atá againn ná an Ghaeilge a chur chun cinn agus a scaipeadh ar fud an champais agus níos faide. Anois agus sin ráite, cuir dh mé mé féin in aithne duit. Rebecca Coxon is ainm dom agus is mise reachtaire an Chumainn i mbliana. Rinne mé staidéar ar an mBéarla agus ar an nGaeilge ar feadh trí bliana ach anois agus mé sa cheathrú bliain, tá mé ag déanamh staidéar ar an nGaeilge amháin. Tá mé go hiomlán gafa lenár dteanga álainn agus le pobal na Gaeilge anseo i gColáiste na Tríonóide. Is pobal fáilteach, cineálta, bríomhar é agus bíonn rud ann do chách idir imeachtaí éagsúla, díospóireacht, drámaíocht, turais, agus oícheanta amach. Tá an Ghaeilge le cloisteáil ar fud na cathrach ach tá sí thar a bheith láidir anseo sa choláiste ón bpríomhchampas go Hallaí na Tríonóide (agus ar líne nuair is gá!) Mar sin, más rud é gur cheap tú go raibh tú críochnaithe leis an nGaeilge tar éis duit an scoil a fhágáil agus an ardteist a chríochnú, caith dh mé a rá go bhfuil tú mícheart. Ach ní cosúil leis an ardteist ar chor ar bith atá saol na Gaeilge anseo sa Chumann agus sa choláiste. Is cuma linn cén cruinneas nó leibhéal gramadaí atá agat. Má tá tú líofa, nó níl ach cúpla focal agat, nó aon rud idir an dá thaobh sin tá fáilte is che romhat! Tá an Cumann ag éirí níos mó gach bliain le daoine ó gach cearn den tír (agus níos faide!) agus ba bhreá linn tú a fheiceáil inár measc. Ó thaobh imeachtaí an Chumainn de, bíonn imeacht againn de ghnáth gach Máirt thart ar 7i.n. agus rud éigin eile ar siúl againn thart ar am lón ar an gCéadaoin (manifesting go dtarlóidh anraith agus arán arís go luath). Bíonn gach cineál imeacht ar siúl againn idir ceardlanna agus aoichainteoirí ach ú muna bhfuil suim mhór agat insan imeacht molaim duit teacht don chraic agus don chomhluadar ar aon nós! Geallaim duit go mbeidh rud ann duit. Mar sin, tá súil agam go bhfeic dh mé go luath thú! Níl a fhios againn go cinnte conas a noibreoidh gach rud i mbliana ach gan dabht ar bith beimid ag teacht le chéile aon áit gur féidir linn agus beimid ag deimhniú go bhfuil muid ag leanúint na treoracha atá leagtha amach ag an rialtas agus ag an gcoláiste agus muid ag cinntiú go bhfuil ár mbaill slán sábháilte. Anois bíodh Seachtain na bhFreisear iontach agat! Agus ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil liom má tá ceist ar bith agat (nó ú chun haigh a rá!) trí ríomhphost ag reachtaire@cumann.ie nó ar ár meáin shóisialta Facebook (Cumann Gaelach TCD), Instagram (@cumanngaelachtcd), agus twitter (@cumanngaelach)!

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

-Rebecca

fi

Focal ón


2021/2022

Helloaigí! Is mise Rebecca agus is mise Reachtaire an chumainn don bhliain seo chugainn. Is iníon léinn na Gaeilge agus an Bhéarla mé agus tá mé sa cheathrú bliain. Is as Baile Átha Cliath dom ach tá mo chroí suite i nGaeltacht Chonamara. Tá mé ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil (ar líne nó san fhíorshaol)! Tá súil agam go mbeidh muid go léir ag baint taitneamh as an saol i Seomra na Gaeilge ar champas agus i gClub Chonradh na Gaeilge chomh luath agus gur féidir. Ach cibé háit ina bhfuil muid, bígí linn agus bígí Gaelach!

Rebecca Coxon - Reachtaire Helloaigí a chairde! Is mise Clíodhna, bhur Leas-Reachtaire i mbliana. Is as An Muileann gCearr dom agus táim sa cheathrú bliain ag déanamh staidéir ar Ghnó agus ar an Spáinnis. Táim ag tnúth go mór le sibh go léir a fheiceáil i rith na bliana! Go dtí sin, bígí slán agus bígí Gaelach!

Clíodhna Nic Grafaidh - Leas-Reachtaire Dia dhaoibh! Is mise Emily agus beidh mé i mo Rúnaí ar an gcumann i mbliana. Táim sa cheathrú bliain ag déanamh staidéir ar an Dlí is ar an nGearmáinis. Táim ag tnúth go mór leis an mbliain atá amach romhainn agus a bheith sa Chonradh (an club is fearr i mBÁC) libh go luath!

Ross Mac Conraoi - Cisteoir Emily de Barra - Rúnaí

fi

e

fi

Dia dhaoibh! Is mise Ross Mac Conraoi agus t im dh bhliain is che d’aois. Beidh m i mo Chisteoir i mbliana. T im ag d anamh staid ir ar innealt ireacht bhithleighis agus is aoibhinn liom an eola ocht, go h irithe an astrala ocht. Is cusp ir An Tarbh-An Reithe (Taurus-Aries) m , le Ascendant i Maighdean (Virgo) Cad is br leis sin? Bhuel de r ir Google, cialla onn s go bhfuil m “teannt sach” agus “leithleach,” mar sin s lim go gcuir dh m go m r leis an gcoiste. T im ag tn th go m r leis an mbliain at le teacht.

An Coist


Aislinn Ní Dhomhnaill Oi geach Gaeilge Aontas na Mac Léinn Haigh a chairde, is mise Aislinn Ní Dhomhnaill, Oi geach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn i mbliana. Is as Maigh Nuad mé, agus tá an Ghaeilge agus an Fhraincis á staidéar agam. Tá súil agam go bhfeic dh mé sa bhfíorshaol nó ar líne go luath sibh go léir. Heileoaigí! Is mise Sibéal agus is mise bhur nOi geach Caidreamh Poiblí i mbliana! Is as Ros Comáin dom agus sea... is mé a bhí ar eipeasóid 3 de shéasúr 2 'Bog Stop' in 2010. Déanaim staidéar ar Ghnó agus ar an nGearmáinís agus tá mé 'paiseanta' faoi eagrúchán ar Notion, mo Ghaisce ór a bhaint amach agus seinnliostaí ar Spotify a chruthú. Tá cuid mhór de mo phearsantacht cruthaithe timpeall bheith mar chinnire ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht. Ar an gcoiste, beidh mé freagrach as chuile shórt a bhaineann libhse- an pobal. Beidh mé le feiceáil ar na meáin, ag na himeachtaí agus timpeall na háite ag fógrú teachtaireachtaí an Chumainn agus ag spreagadh na Gaeilge! Bhí mé an-bhuíoch as an gCumann agus as an nGaeilge agus mé ag teacht ó chontae na 'sheep stealers' chuig an gcathair mhór agus táim ar bís tacaíocht a thabhairt daoibhse i mbliana agus a bheith páirteach i mbliain iontach eile. Ná bíodh imní oraibh dul i dteagmháil linn ar na meáin i rith na bliana!

Sibéal Ní Dhuibhir Oi geach Caidreamh Poiblí

Ailíse Ní Ghrianna - Oi geach Dia daoibh achan duine. Is mise Ailíse agus is mise Oi geach Siamsaíochta an Chumainn i mbliana!! Is as Dún na nGall mé agus tá mé sa cheathrú bliain ag déanamh staidéir ar BESS. Tá mé ag súil go mór leis an bhliain atá romhainn agus (le cuidiú Dé) beidh muid ag bualadh le chéile san fhíorshaol arís gan mhoill! xx

Dia daoibh, a chairde Gael! Is mise Daithí agus táim ag déanamh staidéir ar stair agus ar an bpolaitíocht. Is fear Luimnigh mé agus culchie bródúil chomh maith. Beidh mé ag iarraidh do sheachtaine a ghealadh le mo ríomhphoist, ag insint daoibh faoi na himeachtaí iontacha a bheidh ar siúl againn. Má fheiceann tú mé ar champas nó áit ar bith, abair hello liom, bím i gcónaí sásta bualadh le daoine nua agus comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge!

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

Daithí de Bhulbh - Oi geach Teicneolaíochta


Altan Ní Mhurchú - Oi geach Urraíochta Dia daoibhaigí! Is mise Altan agus is as Tír Chonaill mé. Táim sa cheathrú bliain ag déanamh staidéir ar an zú-eolaíocht. Is maith liom chilli foccacias agus tá paisean agam do thaicticí ghnéas ainmhithe. Tá mé i m’oi geach urraíochta an chumainn i mbliana agus tá na deals is fearr sa tír faighte againn daoibh mar sin más maith libh conradh, mongolian bbq, wowburger (+ i bhfad níos mó!) is é seo an cumann daoibh. Tá mé ag tnúth go mór le sibh uilig a fheiceáil i mbliana ar zúm nó níos fearr arís i snag ar oíche Mháirt nó fá choinne giota bheag anraith agus aráin ar an gCeadaoin! Dia daoibh! Is mise Pádraig, bhur nOi geach Foilseacháin i mbliana! Is as Nua-Eabhrac mé agus tá Luath agus Nua-Ghaeilge á staidéar agam. Ós Meiriceánach mé, is dóigh go mbeidh mé i m’ionadaí don diaspóra Gaelach ar an gcoiste chomh maith. Is breá liom teangacha a fhoghlaim go ginearálta ach tá dúil ar leith agam sna teangacha Ceilteacha. Tá sceitimíní orm faoin mbliain atá romhainn agus tá súil agam go mbeidh mé ábalta bualadh libh go léir ag pointe éigin, bíodh gur ar Zoom nó aghaidh ar aghaidh é (an dara ceann acu, le cuidiú Dé)!

Pádraig Mac Brádaigh Oi geach Foilseacháin Is mise Niamh agus i mbliana, táim i m’Oi geach Díopóireachta. Táim ag déanamh staidéir ar an dlí agus ag tosú an dara bliain. Tá muid go léirag tnúth go mór leis an bhliain atá romhainn. Le cuidiú Dé, feic dh mé sibh go léir ag na díospóireachtaí. Beidh siad an-chúláilte!

Niamh Ní Earcáin - Oi geach Díospóireachta

Heileo leaids! Is mise Eimear, bhur n-Oi geach Drámaíochta i mbliana (arís lol). Táim ag fágáil m’áit duchais, an áit IS áille (Sligeach duh), chun dul ar Erasmus don chéad téarma ACH beidh mé ar ais i gColáiste na Tríonóide don dara téarma chun an ceoldráma a chur ar siúl (faoi dheireadh thiar thall)! Táim ag tnúth go mór le gach duine a fheiceáil arís cibé cén áit (zúm nó conradh mup) agus leis an mbliain iontach atá romhainn!

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

Eimear Ní Chiaráin - Oi geach Drámaíochta


Ba mhaith le hOi g na Gaeilge céad míle fáilte a chur romhat go Coláiste na Tríonóide don bhliain acadúil 2021-22 agus go háirithe roimh mhic léinn atá sa chéad bhliain. Is mise Áine Ní Shúilleabháin, Oi geach Gaeilge Choláiste na Tríonóide. Is é an ról atá agam ná seirbhísí éagsúla a chur ar fáil trí Ghaeilge san ollscoil agus an teanga a chur chun cinn. I gcomhair le Coiste na Gaeilge, cuireann an oi g seo eolas agus comhairle ar fáil do ranna agus d’oi gí na hollscoile maidir leis an reachtaíocht teanga. Ina theannta sin, déantar bainistíocht ar na Scéimeanna Cónaithe Gaeilge (Scéim an Champais agus Scéim Halla na Tríonóide i nDartraí) agus ar Sheomra na Gaeilge, cuirtear ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne i rith na dtéarmaí acadúla, cuirtear seirbhís aistriúcháin Ghaeilge ar fáil d’fhoireann na hOllscoile, agus eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana. Táthar ag súil go mbeidh eispéireas ollscoile níos mó ar fáil do mhic léinn i mbliana agus go mbeidh teacht acu ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Tá sé dóchúil go mbeidh imeachtaí Gaeilge ar siúl ar líne agus i bpearsa, lasmuigh b’fhéidir, agus fáiltítear romhat a bheith i láthair agus a bheith páirteach sa phobal Gaeilge speisialta seo i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Molaim go mór duit páirt a ghlacadh in imeachtaí iomráiteacha an Chumainn Ghaelaigh agus sna himeachtaí a reáchtálann mic léinn na Scéime Cónaithe chun éachtaint a fháil ar na deiseanna atá ann do shaol laethúil a cheangal leis an nGaeilge. Is bealach iontach iad freisin chun bualadh le cairde nua agus chun feabhas agus forbairt a dhéanamh ar do chuid Gaeilge. Guím gach rath ar Rebecca Coxon, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, ar choiste an Chumainn, agus ar Aislinn Ní Dhomhnaill, Oi geach Gaeilge Aontas na Mac Léinn, i mbliana. Ofrálann an Cumann Gaelach imeachtaí an-nuálach ó bhliain go bliain agus níor chóir iad a chailleadh! Tugann Tuathal léiriú ar shaol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus tugann sé deis do mhic léinn tabhairt faoin gcumadóireacht agus a gcuid oibre a fhoilsiú. Go n-éirí go mór leis an eagarthóir, Pádraig Mac Brádaigh, agus a fhoireann agus iad i mbun foilseacháin. Tá go leor deiseanna san Ollscoil chun leas a bhaint as do chuid Gaeilge nó chun cur léi agus tá tuilleadh eolais le fáil thíos agus ag www.tcd.ie/gaeloi g. Bí liom ar na meáin shóisialta le bheith ar an eolas faoi nuacht na Gaeilge i rith na bliana (FB/Twitter/Instagram: @Gaeloi gTCD). Má bhíonn ceist, tuairim nó smaoineamh agat maidir le cúrsaí Gaeilge san ollscoil i rith na bliana, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom. Go n-éirí go geal leat i mbliana.

Nuacht ó Oi g na Gaeil

fi

fi

fi

fi

fi

fi

g

fi

fi

-Áine Ní Shúilleabháin, Oi geach Gaeilge

fi

A chara,


Ranganna Gaeilge

www.tcd.ie/gaeloi g/ranganna Cuireann Oi g na Gaeilge cúrsaí Gaeilge saor in aisce ar fáil i rith na bliana acadúla. Ofrálfar cúrsa 8 seachtaine agus cúrsa 6 seachtaine sna téarmaí teagaisc ó leibhéal tosaitheora go meánleibhéal. Is dóchúil go mbeidh roinnt de na cúrsaí ar líne i mbliana. Coimeád súil ar do sheoladh ríomhphoist TCD i dtreo dheireadh mhí Mheán Fómhair le haghaidh fógra faoi na ranganna.

Ciorcal comhrá Tá ciorcal comhrá seachtainiúil ag an Ollscoil agus beifear ag teacht le chéile ar líne gach Déardaoin ag 10.30am i dTéarma na Féile Michíl. Bíonn mic léinn, baill foirne agus pobal Gaelach Bhaile Átha Cliath i láthair. Tá fáilte roimh chách agus ní gá ach ríomhphost a sheoladh go gaeloi g@tcd.ie chun a bheith páirteach ann.

Seirbhísí ! Imeachtaí

Scéimeanna Cónaithe Gaeilge

www.tcd.ie/ gaeloi g/sceimchonaithe Bíonn spás do suas le 30 mac léinn ar Scéimeanna Cónaithe na hOllscoile ó bhliain go bliain. Lóistín lán-Ghaeilge a bhíonn i gceist ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide, agus bítear ag lorg mic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil spéis acu an teanga a chur chun cinn. Fógraítear an próiseas iarratais i dTéarma na Féile Bríde de ghnáth. Beidh mic léinn fochéime a bheidh i mbliain a dó, trí nó ceathair i mí Mheán Fómhair 2022 i dteideal iarratas a dhéanamh ar Scéim na bliana 2022.

Éigse na Tríonóide: Feabhra 2022

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

Cuir nóta i do dhialann anois d’Éigse na Tríonóide – reáchtálann Oi geach Gaeilge Aontas na Mac Léinn seachtain iomlán d’imeachtaí trí mheán na Gaeilge i gcomhar leis an gCumann Gaelach agus le hOi g na Gaeilge. Beidh gach eolas faoin Éigse le fáil ar mheáin shóisialta an Chumainn (@CumannGaelachTCD) agus na hoi ge seo (@Gaeloi gTCD) níos cóngaraí don dáta.


Seomra na Gaeilge Is spás caidrimh i gcroílár an champais é Seomra na Gaeilge do lucht labhartha na teanga. Cuirfear eolas ar fáil tríd na gCumann Gaelach ar oscailt an tSeomra i mbliana. www.tcd.ie/ gaeloi g/seomra-gaeilge

Sonraí Teagmhála Oi g na Gaeilge An Séipéal Thiar R: gaeloi g@tcd.ie T: 01 896 3652

www.tcd.ie/gaeloi g Facebook/Twi er/Instagram: @Gaeloi gTCD

Blaiseadh de na Seirbhísí Gaeilge i gColáiste na Tríonóide – bain úsáid astu! www.tcd.ie/gaeloi g/seirbhisi.php •

Bíonn seirbhís trí Ghaeilge le fáil ag na príomh-dheasca iasachta i Leabharlann Berkeley agus Hamilton (BLU) idir 9.00am agus 3.30pm ach í a iarraidh. Déan do ghnó trí Ghaeilge!

Bain úsáid as meaisíní Fastlane na Leabharlainne i nGaeilge chun leabhar a fháil ar iasacht.

Tá bileog eolais i nGaeilge faoi Leabharlann an BLU ar fáil do mhic léinn ó Sheomra na Gaeilge nó í a iarraidh ón oi g seo.

Tá eolas agus comhairle ar ghairmeacha le Gaeilge le fáil ón tSeirbhís Gairmeacha www.tcd.ie/Careers. Bíonn oide (tutor) ag gach mac léinn i gColáiste na Tríonóide. Is féidir oide a bhfuil Gaeilge acu a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le Seirbhís an Oide Shinsearaigh. www.tcd.ie/seniortutor

fi

fi

fi

fi

fi

fi

fi

Tá seirbhís trí Ghaeilge le fáil ón Oi g Cóiríochta agus ón gClárlann Acadúil ach iad a iarraidh.

Má tá síneadh fada in easnamh ar do chárta mic léinn, is féidir é a cheartú ach teagmháil a dhéanamh leis an gClárlann Acadúil agus anaise oi giúil (pas/ceadúnas tiomána) a chur ar fáil. www.tcd.ie/academicregistry

tt

fi

fi

fi


Buaicphointí na Bliana Seo Cait

Seachtain na bhFreisear

Cé go rabhamar ar líne, bhí an-chraic ann agus d’eagraíomar mórán imeachtaí. Bhí réimse leathan gníomhaíochtaí ann ó ióga go cócaireacht.

Ceol D’eagraíomar céilí idirlín le TradSoc. Ní thig linn fanacht go dtí go mbeimid ábalta céilithe mar seo a eagrú i bpearsa!

Neart Imeachtaí Eile

e

Más féidir é a shamhlú, is dócha go bhfuil an Cumann Gaelach tar éis imeacht a chur i gcrích a bhaineann leis! Má thig é a dhéanamh trí mheán an Bhéarla, tig é a dhéanamh trí mheán na Gaeilge!


Aíonna Speisialta Ó ham go ham, bíonn an deis againn labhairt le mórphearsana ó shaol na Gaeilge. I ndáiríre, is minic a bhíonn an seans againn caint le hiarbhaill an Chumainn féin! Anuraidh, mar shampla, bhí an phribhléid againn labhairt le gníomhaithe amhail Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy faoi chúrsaí LADT+ i saol na Gaeilge.

Éigse na Tríonóide

fi

Gach bliain, bíonn seachtain ann um Sheachtain náisiúnta na Gaeilge a cheiliúrann an teanga sa choláiste. Éigse na Tríonóide a thugtar uirthi agus tá imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh te fuaite ann, chomh maith le himeachtaí na Scéime Cónaithe. Ní raibh aon athrú air sin anuraidh agus bhíomar ábalta ceardlann amhránaíochta Ghaeilge na hAlban a eagrú leis an gComunn Oiseanach! Bí cinnte páirt a ghlacadh in imeachtaí na bliana seo!


Cú eanna le Clárú don Chumann Gaelach (Déan é)

Má tá suim agat in aon rud, is dócha go bhfuil rud éigin ag an gCumann Gaelach duit! Mar shampla: An maith leat aisteoireacht? Beidh ceoldráma á chur ar siúl againn i mbliana. An maith leat a bheith ag argóint faoi chúrsaí casta? Bíonn díospóireachtaí againn ar cheisteanna tábhachtacha ár linne. An maith leat éisteacht le ceol ar Spotify? Tá seinnliosta againn. An maith leat a ithe? Uaireanta, déanaimid ceachtanna cócaireachta. An maith leat an chraic?

is

Bhuel cláraigh don Chumann Gaelach mar sin agus bí linn!


@cumanngaelachtcd @CumannGaelachTCD @CumannGaelach

www.cumann.ie


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.