An Cumann Gaelach Freshers Publication 2020 - TCD

Page 1

Tuathal Irisleabhar na Gaeilge

Eagrรกn a hAon 2020/2021


Clár Ábhair Eagarfhocal

3

Focal ón Reachtaire

4

Nuacht ó Oifig na Gaeilge

8

Ár gCoiste

Seirvísí agus Eolas Tábhachtach

Buaicphointí na bliana 20192020

'An Rud a Mhothaigh Stevie' -le Niall Prior

'Spás Úr sa Bhreis'

5

10 12 16 19

-le Anthony Bradley

'Marienhamn 21/10/19' -le Malachi Ó Marcaigh

19


Eagarfhocal

A chairde, Fáilte róimh go dtí an chéad eagrán den Tuathal don bhliain acadúil seo. Ba mhaith liom fáilte ar leith a chuir roimh mhuintir na chéad bhliana. In easnamh gnáth Seachtain na bhFreisear a bheith againn i mbliana, tá súil agam go mbeidh mé in ann eolais a chuir ar fáil daoibh faoin chumann. Ar ndóigh, ní gnáth bliain é seo le achan rud atá ag tarlú, ach béidh mé féin agus gach duine eile ar an choiste ag déanamh ár seacht ndícheall le bhliain iontach a chuir ar fáil daoibh. San eagrán seo beidh deis agaibh smaoinigh siar ar an bliain iontach a bhí againn anuaraidh leis an chumann, comh mhaith le roinnt nuacht ar an méad atá le teacht. Tá roinnt litríocht de chuid ár mbaill le léamh fósta! Roimhe sin, thig libh aithne a chuir ar ár gcoiste don bhliain acadúil romhainn, agus beidh focal againn ó Oifig na Gaeilge. Ba mhaith liom buíchas a gabháil le achan duine a chuidigh liom an iris seo a chuir le cheile i mbliana, go háirithe iadsúid a sheol a gcuid oibre féin isteach le bheith fhoilsithe san iris seo. Beidh deis eile ann bheith foilsithe sa chéad eagrán eile thart ar an Nollag. Idir an dá linn, tá fáilte róimh bhur aighneachtaí/smaointí/cibé rud eile a sheoladh chugam ag foilseachan@cumann.ie Tá súil agam go mbeidh téarma sabháilte, spraíúil agus Gaelach againn! Cara Nic Giolla Chomhaill.


Focal ón Reachtaire

Dia dhaoibh a chairde agus tá míle fáilte romhaibh ar ais, nó don chéad uair, go Coláiste na Tríonóide! Agus fáilte romhaibh anuas air sin go Tuathal, irisleabhar an Chumainn Ghaelaigh. Ciara Ní Mhurchú is ainm dom agus is mise reachtaire an Chumainn i mbliana. Is mac léinn Gaeilge mé chomh maith. Ní haon áibhéil a rá mar sin go bhfuil mé go hiomlán gafa leis ár dteanga álainn agus na daoine áille a labhraíonn í. Mar sin, tá an t-ádh liom agus linn ar fad go bhfuil an Ghaeilge ar fáil ar fud na háite anseo ar champas agus sa chathair mhór chomh maith. Níl ort ach éisteacht agus cloisfidh tú i gcónaí í. Tá pobal na Gaeilge an-láidir i gColáiste na Tríonóide. Chomh luath ‘s a mbuaileann tú le muintir na Gaeilge, ní éalóidh tú uathu riamh! Agus nach iontach an rud é. Más rud é go bhfuil tú ag teacht go dtí an Coláiste don chéad uair, seans go bhfuil cúrsa Gaeilge na hArdteiste fós i do cheann agat, ach geallaim duit go bhfuil aidhmeanna difriúla ag an gCumann Gaelach ná mar a bhí ag do théacsleabhar Gaeilge ar scoil. Leis an gCumann Gaelach, gheobhaidh tú deis cibé rud is mian leat a dhéanamh trí Ghaeilge. Gheobhaidh tú deis bualadh le daoine nua trí Ghaeilge agus grúpa cairde a chruthú a mbeidh mar chairde agat don saol. Cuirfimid imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na bliana agus beidh rud éigin ann do chuile duine. Bíonn ceardlanna, drámaíocht, ceolchoirmeacha, díospóireachtaí, aoichainteoirí, céilithe srl srl.! Fiú muna bhfuil spéis agat sna rudaí sin, tar agus bí linn don chraic agus don chomhluadar! De ghnáth bíonn imeacht de shaghas éigin ar siúl againn oíche Dé Máirt agus rud éigin eile ag am lón ar an gCéadaoin, cur i do dhialann é!Is cuimhin liom nuair a bhí mise sa chéad bhliain agus bhí mé féin píosa neirbhíseach faoi mo chuid Ghaeilge. Agus geallaim daoibh gurb é an rud is fearr faoin gCumann Gaelach na go bhfuil fáilte ‘s fiche roimh dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, is cuma cén leibhéal atá agat. Ná bí buartha faoin ngramadach nó faoin líofacht, más maith leat Gaeilge, is maith linn thú. Tá ár gCumann ag éirí níos mó bliain i ndiaidh bliana, le baill ó fud fad na tíre. Táimid ag súil go mór le bliain eile den scoth. Is cinnte go mbeidh orainn cúpla rud a athrú i mbliana de bharr an víris, mar is eol daoibh. Ach é sin ráite, is deis í seo chun triall a bhaint as rudaí nua agus chun spriocanna nua a bhaint amach. Tá súil agam go mbeidh muid in ann meascán d’imeachtaí ar líne agus d’imeachtaí ar champas a chur ar siúl, sa gcaoi go mbeidh deis do chuile duine bheith linn. Beidh muid ag coimeád súil ghéar ar rialacha an rialtais agus beimid cinnte go mbeidh ár mbaill ar fad slán agus sábháilte. Beidh sí slán, agus beidh muid slán! Tá súil agam bualadh libh ar fad ag imeachtaí an Chumainn le linn Sheachtain na bhFreisir agus ag ár n-imeachtaí ar fad sa todhcaí! Is féidir an nuacht is déanaí a fháil ar ár meáin shóisialta, nó má tá aon cheist agat is féidir ríomhphost a sheoladh chugam ag reachtaire@cumann.ie. Ag deireadh thiar, tá súil agam go mbaineann sibh ar fad sult as an tseachtain agus go bhfuil sibh ar fad ar bís le bheith ar ais sa choláiste! Feicfidh mé go luath sibh! Ciara.


Ár gCoiste

Ciara Ní Mhurchú Reachtaire

2020-2021

Dia dhaoibh a chairde, is mise Ciara agus is mise reachtaire an Chumainn i mbliana! Is bean Mhaigh Eo mé agus is mac léinn na Gaeilge mé sa cheathrú bliain. Táim ag tnúth go mór le sibh ar fad a fheiceáil! Cé go mbeidh rudaí cineál difriúil i mbliana, níl aon amhras ann go mbeidh bliain eile den scoth againn. Beidh sí slán agus beimid Gaelach!

Róisín Ní Fhallúin Dia dhaoibh! Is mise Róisín agus is as an Clár dom. Táim sa cheathrú bliain (AAAGHHH) ag déanamh staidéir ar Síceolaíocht agus Mata. Táim ag tnúth go mór leis an mbliain mór gaelach atá romhainn!

Leas Reachtaire

Eimear Finan Rúnaí Is mise an 'Eimear' is sine ar an gcoiste i mbliana. Is as Maigh Eo mé, agus táim ag déanamh staidéar ar an nDlí. An bealach chun mo chroí a mhealladh ná canna Diet Coke a cheannach dom agus ceol Harry Styles a chasadh ós mo chomhair. Is fuath liom greann leithris agus an caoi nach tháinig One Direction le chéile arís go fóill.

Is mise Ríoghnach, bhur gcisteoir i mbliana. Beidh mé i gceannas ar chuntais an Chumainn i mbliana, mar sin bígí deas dom agus b'fhéidir go gcaithfidh mé airgead ar chúpla rud deas i mbliana daoibh. Déanaim staidéar ar an bhfisic theoiriciúil agus mar sin tá súil agam go bhfuilim maith go leor ag an mata chun a chinntiú go bhfuil na cuntais i gcónaí in ord daoibh. I mbliana beidh cúrsaí an-difriúil mar gheall ar an bpaindéim, gan na hoícheanta fiáin sa Chonradh ach ná bígí buartha beidh bliain ghaelach spraoiúil agus lán den chraic againn ar aon nós!

Ríoghnach Ní Aoláin Cisteoir


Heya is mise Gretchen agus is mise an tOifigeach na Gaeilge don Aontas na Mac Léinn i mbliana.Is éard atá i gceist le mo phost ná go mbím ag obair ar son cearta teanga sa choláiste agus a bheith mar ionadaí don phobal Gaeilge ar fhóram an Aontais. Bím ag comhoibriú leis an gCumann agus an Aontas chun an Ghaeilge a spreagadh agus chun imeachtaí a chur ar siúl- coinnígí súil amach doibh go háirithe Seachtain na hÉigse (an tseachtain is fearr ar ndóigh goa)Ná bíodh drogall oraibh dul i dteaghmháil liom ar Twitter @TCDSU_Oifigeach nó seolaigí ríomhphost chugam gaeilge@tcdsu.orgmá tá ceist nó smaoineamh agat ar taobh na Gaeilge de :) xx

Gretchen Ganly Oifigeach na Gaeilge (TCDSU)

Naomi Ní Mhiacháin Oifigeach Caidreamh Poiblí Is mise Naomi, is as Baile Átha Cliath Dom, táim sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéar ar Ghaeilge agus is mise an OCP.

Rebecca Coxon Oifigeach Urraíochta Haigh! Rebecca is ainm dom (ar dheis) agus is as Baile Átha Cliath mé. Táim sa triú bliain ag déanamh staidéar ar an nGaeilge (wúhú) agus ar an mBéarla (búhú). Is mise bhur n-Oifigeach Urraíochta i mbliana! Chun níos mó eolais a fháil lean orm ar co-star xo

Caoimhe Ní Mhaolaoí Oifigeach Teicneolaíochta

Mise Caoimhe, Ainmhí Allta (iníon léinn dlí) as na teochreasa (Cill Mhantáin) a bhfuil cliú agus cáil, ar mo scéimh (agus an r-phost seachtainiúil) Chroithfinn sráidte Fhearcair tráth le mo gháire ach anois luím síosagus breathnaím trí leathshúil ar an scáileáin zoom sin thall. Trasnaím na céadta pubs chuile lá A dhéanadh rud ar bith dom (€9??) Ach mé a ligeann isteach.


Haigh haigh haigh, is mise Eimear Ní Chiaráin’s táim bhur nOifigeach Dramaíochta i mbliana ! Táim ró-bhródúil as m’áit dhuchais, Contae Shligigh (hup mór), agus tá raflaí sa timpeall gur thug mo cheoldrama, Ó Mo Dhia, inspioráid do Yeats é féin (#fíricí only). Is iad na rudaí atá tabhachtach dom ná bainne le tae, €4 fíon,’s bops mór. Má bhfuil tú míshásta leis an méid drama i do shaol agus teastaíonn craic, chaos, & ABBA uait, glac páirt sa cheoldrama- smaonaigh Mamma Mia ach tá sé suite ar Inis Mór agus tá níos mó drama, níos mó craic so tá sé níos NÍOS fearr. Seol téacs chugam má tá suim agat, is cuma liom do leibheal de Ghaeilge! Grá mór xox

Eimear Ní Chiaráin Oifigeach Drámaíochta

Jack Dunne Oifigeach Siamsaíochta

Dia dhaoibh a chairde Gael, Jack is ainm dom. Is mise d’Oifigeach Siamsaíochta 7 Ceol don bhliain. Dá bhrí an paindéim agus gortú do mo ghualainn anuraidh, ní raibh mé in ann morán rugbaí a imirt, so rith mé don Chumann chun iarracht a dhéanamh chun áit a fháil ar an Trinity20 mar an Token Gaeilgeoir. Go n-éirí an bhóthair liom. Táimid saghas teoranta le na himeachtaí dá bhrí na srianta, ach beidh an craic againn ar aon nós! Zoom Quiz éinne?

Is mise Ruairí Ó Séanáin, oifigeach díospóireachta na bliana seo chugainn don Chumann Gaelach. Fear mór Gaelach mé a bhfuil suim ar leith agam i saibhreasan tsaoil. Bainim sult as a bheith ag spaisteoireacht i bhFaiche Stiabhna, ag caitheamh súil ar ealaín an ghailearaí náisiúnta agus ag caitheamh amaluachmhar le clann agus cairde. Ach níos tábhachtaí ná aon rud eile, tuigim antábhacht a bhaineann le díospóireacht agus plé faoi chúrsaí an tsaoil. Cúrsaíreatha, cúrsaí ónár stair, cúrsaí fealsúnachta agus cúrsaí a bhaineann lenársochaí agus leis an gcine daonna ar an móriomlán. Mac léinn Fraincise mé agusdá bharr tuigim an tábhacht a bhaineann le hionannas teanga agus an chaoi ar féidir linn grá na díospóireachta a snaoi isteach lenár dteanga dúchais, an Ghaeilge.

Ruairí Ó Seánáin Oifigeach Díospóireachta

Cara Nic Giolla Chomhaill Oifigeach Foilseacháin Bhuel a chairde, is mise Cara agus beidh mise mar Oifigeach Foilseacháin agaibh i mbliana. Is bean Eoghanach mé agus tá mé sa 2ú bliain ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge agus an stair faoi láthair.Tá mé féin i gceannas ar an iris seo i mbliana tá mé ag dúil go mór le bhur saothar a fhoilsiú sa chéad eagrán eile :)


Nuacht ó Oifig na Gaeilge

A chara, ba mhaith le hOifig na Gaeilge céad míle fáilte a chur romhat go Coláiste na Tríonóide don bhliain 2020-21, go háirithe roimh mhic léinn atá ag tosú sa chéad bhliain.

Is mise Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, agus bím ag obair chun tacú leis an nGaeilge agus an teanga a chur chun cinn san ollscoil. I gcomhair le Coiste na Gaeilge, cuireann an oifig seo eolas agus comhairle ar fáil do ranna agus d’oifigí na hollscoile maidir leis an reachtaíocht teanga. Ina theannta sin, déanaim bainistíocht ar na Scéimeanna Cónaithe Gaeilge (Scéim an Champais agus Scéim Halla na Tríonóide i nDartraí), eagraím ranganna saor in aisce d’fhoghlaimeoirí i rith na dtéarmaí acadúla, cuirim seirbhís aistriúcháin Ghaeilge ar fáil do bhaill foirne agus eagraím imeachtaí éagsúla i rith na bliana. Beidh saol na hollscoile athraithe i mbliana ach beidh pobal na Gaeilge bríomhar go fóill. Molaim

duit a bheith páirteach sa Chumann Gaelach agus ina chuid imeachtaí, mar aon le himeachtaí na Scéime Cónaithe. Is bealach iontach iad sin chun bualadh le daoine nua agus chun forbairt a dhéanamh ar do chuid Gaeilge. Guím gach rath ar Chiara Ní Mhurchú, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, ar an gcoiste nua, agus ar Gretchen Nic Sheanlaoich, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn. Bíonn an Cumann Gaelach anchruthaitheach lena chuid imeachtaí ó bhliain go bliain agus is cinnte go dtabharfaidh siad faoi dhúshláin na bliana seo le fuinneamh agus le spiorad. Is iris thábhachtach í Tuathal a thugann léiriú ar shaol na Gaeilge san ollscoil agus a thugann deis do mhic léinn peann a chur le pár agus a gcuid oibre a fheiceáil in iris fhoilsithe. Go n-éirí go geal leis an eagarthóir, Cara Nic Giolla Chomhaill, agus a foireann. Tá go leor deiseanna san ollscoil chun leas a bhaint as do chuid Gaeilge nó cur léi agus tá tuilleadh


eolais le fáil thíos agus ag www.tcd.ie/gaeloifig. Bí linn ar na meáin shóisialta le bheith ar an eolas faoi nuacht na Gaeilge i rith na bliana (FB/Twitter/Instagram: @GaeloifigTCD). Má bhíonn ceist, tuairim nó smaoineamh agat maidir le cúrsaí Gaeilge san ollscoil i rith na bliana, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom. Go n-éirí leat i mbliana agus tugaigí aire daoibh féin. Áine Ní Shúilleabháin

Sonraí Teagmhála Oifig na Gaeilge, an Téatar Thiar, Coláiste na Tríonóide

R-phost: gaeloifig@tcd.ie Guthán: 01 896 3652

facebook: @GaeloifigTCD twitter: @GaeloifigTCD insta: @gaeloifigtcd


Seirbhísí & Imeachtaí

Bain úsáid as an nG aeilge i gColáist e na Tríon óide

Ranganna Gaeilge Saor in Aisce Tá sé i gceist ag an oifig seo cúrsaí Gaeilge beo ar líne a chur ar fáil i mbliana. Ranganna seachtainiúla a bhíonn i gceist de ghnáth (m.sh. thar 6 nó 8 seachtaine) ó leibhéal tosaitheora go meánleibhéal. Seolfar ríomhphost go gach mac léinn ag tús an téarma acadúil chun daoine a chur ar an eolas faoi phróiseas clárúcháin na ranganna. Scéimeanna Cónaithe Gaeilge Bíonn spás do thart ar 30 mac léinn ar na Scéimeanna Cónaithe (Scéim Cónaithe an Champais/na Dara bliana agus Scéim na Chéad Bhliana) ó bhliain go bliain. Fógraítear an próiseas iarratais i dTéarma na Féile Bríde de ghnáth. Is féidir le haon mhac léinn a bheidh i mbliain 2, 3 nó 4 i mí Mheán Fómhair 2021 iarratas a dhéanamh ar an Scéim. Éigse na Tríonóide: Feabhra 2021 Ní mór nóta a chur i do dhialann anois do sheachtain an hÉigse – reáchtálann Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn seachtain lán d’imeachtaí trí mheán na Gaeilge i gcomhar leis an gCumann Gaelach. Cuireann Oifig na Gaeilge roinnt imeachtaí ar fáil do bhaill foirne chomh maith. Beidh gach eolas faoin Éigse ar fáil ar leathanach Facebook agus Instagram an Chumainn (@CumannGaelachTCD) agus na hoifige seo (@GaeloifigTCD) níos cóngaraí don dáta. An Chéadaoin ag an mButrach Bíonn ciorcal comhrá seachtainiúil sa Bhutrach (The Buttery Restaurant) ar an gcampas ó 10.30am – 12.00pm de ghnáth. Tá an ciorcal comhrá á reáchtáil ar líne anois agus tá ag éirí thar barr leis. Bíonn mic léinn, baill foirne agus roinnt de phobal Gaelach Bhaile Átha Cliath i láthair. Beidh an-fháilte romhat a bheith linn. Ní gá ach ríomhphost a sheoladhgo gaeloifig@tcd.ie chun a bheith páirteach ann. Seirbhísí Gaeilge na Leabharlainne Bíonn seirbhís Ghaeilge le fáil ag na príomh-dheasca iasachta sna Leabharlanna Berkeley agus Hamilton idir 9.00am agus 3.30pm ach í a iarraidh. Déan do ghnó trí Ghaeilge! Is féidir turais treoraithe i nGaeilge a dhéanamh de ghnáth sa Leabharlann (an BLU) agus ar thaispeántas Leabhar Cheanannais ach iad a chur in áirithe roimh ré. Tá srianta áirithe i bhfeidhm i mbliana de bharr COVID-19. Tá bileog eolais as Gaeilge maidir leis an BLU ar fáil do mhic léinn. Feidhmíonn meaisíní Fastlane (áis iasachta leabhar) go dátheangach. Bain úsáid as an gCatalóg Chlasaiceach le cuardach a dhéanamh trí Ghaeilge. Seomra na Gaeilge Is spás caidrimh ar an gcampas é Seomra na Gaeilge do lucht labhartha na teanga. Ar an drochuair beidh teorainn leis an méid úsáide ar féidir a bhaint as an seomra i mbliana de bharr shrianta COVID-19.


Buaicphointí ó Anuraidh 2019-2020

Samhain

I mbliana, ar an 5ú de mí na Samhna, ghlac baill an chuman pháirt i roinnt imeachtaí- ó dhearadh bandaí bíoga agus laindéir, go ceardlann stairiúl leis an Cumann Paganach.

Chríochnaigh an oíche le taispeantas sa seomra agus Disco Anocht sa Wiley Fox.

Oireachtas na Samhna D'fhreastáil muid ar Oireachtas na Samhna i mbiana, sa City West, ina dhiadh dúin roinnt ullmhacháin a dhéanamh roimh ré. Ar ndóigh, bhí na feistis uilig galánta ar fad!


Coisir na Nollag & Craobh Maidens na Gaeilge Sular bhris muid don Nollaig, bhí ár gCraobh Maidens againn sa Spás Tangent. Chríochnaigh muid an oíche le coisir i Piper's Corner.

Jailbreak

Is é Jailbreak an comórtas bliantúil a mbíonn againn i gColáiste na Tríonóide, atá eagraithe ag Cumann VDP, Amnesty agus an Chumann Ghaelaí. Bhí Clíodhna mar stiúrthóir Jailbreak again anuraidh. Bhí roinnt bail den cumann agus coiste i HQ fósta.

Na Fichidí Scairteach

Thosaigh muid an athbhlian lenár gcoisir 'Na Fichidí Scairteach'... bhí níos mó dhóchas again don bhlian ag an poinnte sin.


An Criú Damhsa is fearr i Tríonóide

Seo iad na damhsóirí is fearr i gColáiste na Tríonóide!!! Bhain foireann s'againne an chomórtas seo ag tús mí Feabhra i mbliana sa Button Factory. Ba ocáid carthanacht é seo a mhaitheas leis an Phobal Simon, in éineacht le DU Dance agus Ents.

Éigse Is é Éigse an féile

bliantúil atá ag an

Chumann ar feadh

seachtaine. I mbliana, mhair sé ón 10ú-14ú Feabhra. Bhí roinnt imeachtaí iontacha

againn, ó Seoladh na

hÉigse, Cúirt Éigse, Mion

Jailbreak agus Poc Fada, i measc roinnt

gníomhaíochtaí eile - a

bhuíochas le Muireann, Oifigeach na Gaeilge ag

TCDSU anuaraidh leis an phleanáil.


Chríochnaigh muid

seachtain na hÉigse le

Seó na gCumann i gClub

Conradh na Gaeilge. Ghlac

roinnt dár baill féin pháirt sa comórtas, comh mhaith le mhic léinn ó Coláistí eile i mBaile Átha Cliath.

Mic Oscailte Tá a fhios againn uilig go bhfuil ceol mar chuid lárnach sa saol Gaelach- is léir anuraidh go raibh sé mar chuid lárnach den chumann fósta. Bhí go leor deiseanna le ceol a sheinm - idir an Mic Oscailte, Taispeantas na Samhna, an Oíche Cultúrtha, agus roinnt rudaí eile.

Seó na gCumann


Búdaipeist Chaith roinnt baill den chumann cúpla lá i mBúdaipeist ag tús mí Márta i mbliana. Chuig muid cúirt ar na folcadáin, an caisleán, agus roinnt rudaí eile. Bhain mé féin an-sult as na radharcanna galánta uilig a fheiceáil as mo scútar!

Na Meáin Shóisialta

Coinn igí sú il amac h ar na meáin d'eola s m aidir l e clár ú

@CumannGaelachTCD @CumannGaelach @cumanngaelachtcd www.cumann.ie


An Rud a Mhothaigh Stevie

le Niall Prior

Grianghraf le Olly Ó Dergáin hAodha

Tabhair dom an mothúchán sin, a chan Stevie. Ohhh tabhair dom é. Luasc sé thart, go hiomlán agus go cinnte ar na ribí, go huile agus go hiomlán caochólta agus ar fad i mbreo an chlapsholais i lár cathrach Bhaile Átha Cliath. Bhí Barra an Teampaill do na turasóirí, de gnáth. Ach bhíodar níos tuisceanaí ná muintir na háite. Thug an íomha de damhsa glic an Paddy gleoite suntas dóibh. Chonaic siad rud éigin scolártha ann. Sú siad isteach a shúile chromtha agus a anáil lofa mar, a cheap siad, níorbh ach masc é do rud éigin fileata. Bhí siad mar fhinné ar prós díreach as an leathanach. Seo fear a ndéanfadh scíbhneoir Éireannach ó oisleán bocht cur síos ar. Bhí sé seo ar eolas ag Stevie go han, hanmhaith. Chuaigh sé chuig an Tesco, ansin, an ceann ar Sráid na Toinne, agus cheannaigh sé an naggin fuisce leis an lipéad dubh air mar bhí boladh uafásach Hibernia as. Do chlic agus do chlaic a cosa as cloch dhuirlinge na sráide, cloch dhuirlinge a bhí aisteach nua. Níor chóir go mbéadh an cloch dhuirlinge sin cuid den domhain seo, a dúirt sé leis féin. Nach raibh sé in ainm a bheith mar rud meánaoiseach, ó fadó? Cén fáth go raibh sé ansin, ag buaileadh i gcoinne a Brogues, ag rithchaitheamh go foirfe solas neon leamh agus glas seachas a bheith á slogadh agus á aistriú tais agus seascannach? Á bhuel, ba chuid den taispeántas é. Ní gá a bheith buartha. D’ullmhaigh an samhail an stáitse do na Meiriceánaigh. Bhí Sráid na Toinne díreach as stáitse. Tháining sé isteach tríd na cuirtíní go caithréimeach agus tiúin plaisteach d’amhrán reibiliúnach ag éalú thar an aeir sin a bhí saibhir le sceallóga agus beoir. I ndáiríre, níor chuirtín ab ea é an cuirtín. Is fear Spáinneach a bhí ann le gnúis leadrán air ina suí ar stól ar an gcúinne. D’ardaigh sé chomhartha picéad a d’fhógraigh an Temple Bar, Temple Bar. í rud éigin mealltach faoi iomarcaíocht an ainm sin go Stevie agus tháinig meangadh gáire lán-fhiachlach air. In óid don fear Spáinneach,

dhoirt sé braon amach nár fhaca an fear faoina chocaill. Sin an leacht maith, a smaoinigh Stevie go bródúil. Sin fíorghleoite. Thosaigh na braonta ag snagaireacht. Whoops. Réitigh sé an buidéal agus bheir sé ina lámh go daingean é os a chomhair, a chorp anois ag gluaiseacht go líofa timpeall pointe righin a ghualainn. Is caithfidh go raibh taispeántas den chéad scoth a fheicéal ag an slua óna stólta arda ina locaí taobh amuigh don Temple Bar Bar, agus gach beár eile. Seo hé an sort atá maisithe le bacainní le scríbhneoireacht orthu a ghaiscíonn go raibh Michael Collins agus na leaids ina custaiméirí rialta. Agus fair play dóibh. Léirigh cling stáin na ghuthanna gur aoibheann leis na túrasóirí é. Bhéadh grá acu do Stevie nach raibh ag Sráid Uí Chonaill. Ansin, bhí na leaids fuarchúiseacha. Na cinn a thug amach na bileoga reiligiúnacha lasmuigh den GPO le hiompar corp agus culaith díreach acu. Ó a Dhia, nach riabh siad na daoine is lú leanúnach ar domhain? Níor thug siad ach miongháirí (gan fhiacla) do na daoine a thóg na bileoga. Thaitneodh beagáinín níos mó buíochas le Stevie as an bhfonn a léirigh sé dóibh. Thóg sé an bileog sin i stíl nár thóg fear ríomh é. Bhí sé breabhsánta agus do chroith a rosta go galánta ar fad. Níor chreid sé é nuair nár tháining ná fiacla amach agus nár lean aon chomhrá. ‘Jaysus!’ a dúirt sé. ‘Nach aoibhinn libh do Dhia féinigh? Nach dteastaíonn chat uaibh faoi Eisean?’ Tharraing an ráiteas seo aird ó fear cosúil leis an Spáinneach. Ach bhí na comharthaí aige crocha thar a mhuineál agus ag preabadh as a bholg agus a dhroim aosta. Craobhscaoil na comharthaí don phobail go raibh loirg cheimiceacha ag truailliú an spéir. Siúl sé ar nós lachan faoi dheifir go Stevie, na comharthaí ag lascadh agus ag cleatráil


chomh toireannach gur dhearg agus gur phluc leicna Stevie mar níor phluc ríomh. Thiontaigh Stevie ar a sháil ach bhí sé tabhartha faoi. D’fhéadfadh an seanmóirí a bheith mar shagart paróiste beag de bharr an ghéill ramhair a thit síos faoina bhóna, agus na spéaclaí a shuígh go scolártha ar bharr iomaire cham a shrón. Is aghaidh báiníneach, Éireannach a bhí aige, na roic seanbhunaithe ag an bpointe seo agus cuma freastalaí aifrinn óg air in ainneoin seo. Chaith sé cros chéasta ar slabhra timpeall a mhuineál. ‘Jaysus!’ a scread an seanmóirí. ‘Is aoibheann liom mo Dhia féin, sure nach aoibheann linn ar fad é?’ ‘Is aoibheann,’ a dúirt Stevie i gcogar. ‘Cinnte, yah.’ ‘Cén fáth, mar sin, a bhfuilimid ag ligean do seo tarlú Dá spéartha?’ Agus é ag labhairt, d’fháisc sé méar beag ramhar i gcoinne léarscáil ar an mbord a léirigh íomhá de riain urchóideacha sa spéir. Bhí said dubh agus ceimiceach ar fad. ‘Seo Baile Átha Cliath, a mhac. Tá go leor dúinn anois, go leor dúinn atá in ann é seo a fheiceáil.’ Shcinn Stevie a cheann suas go spéir Bhaile Átha Cliath toisc nár fhéadfadh sé é a chreidiúint. Agus díreach mar a shíl sé, ní raibh aon truailleán ann. Ní raibh ann ach an clapsholas ag sileadh go fras. Ní raibh ann ach na faoileáin ag déanamh cac ar an fear seasta go brodúil ar an bplionta eibhear timpeallaithe le haingil cré-umha. Chonaic súile an seanmóirí an spéir díreach céanna ach gné éigin difriúil isteach ann. D’amharch sé anuas le hiontas, mac imrisc móra an phuisín air, béal páistiúil ar leathadh. Ó a Dhia, a cheap Stevie. B’aoibh chomh compordach é sin. An bhfaca sé fear níos compordaithe ríomh? Bhí an seanmóirí cinnte faoi cibe ní a bhfaca sé, cé gur stán a comhghleacaithe caol-liopacha díreach ar aghaidh. Rinne Stevie aithris ar gnúis an tseanmóirí. Scaip sé a bheola agus chlaon sé a cheann go fíor mall, ar nós duine ag teacht ar eipeafáine. Tháining mala amháin in airde, ansin an mala eile. D’ardaigh sé a lámha agus cheangail sé a pailm ar nós comaoineach a ghlacadh, suas agus suas, ag síneadh.

Ar ais síos go Domhan agus Sráid Uí Chonaill. Níor athraigh an spéir. Ach seas an gruaig ar lámha Stevie in airde agus go tobann mhothaigh sé lom agus ina aonar. Chrith sé agus d’éirigh sé corrthónach. Mar gnáthfhear in aice an tseanmóirí, bhí sé mar easlán. Bhí an seanmóirí ag beir greim ar rud éigin iontach – fórsa dofheicthe, tuiscint spéisiúil cumhachtach – bhí Stevie ag beir greim ar mála gréisceach sceallóga. Chaith sé an mála i mbosca bruscair téagartha dubh agus d’imigh as go brách leis thar an droichead. Seachain sé amharch Dhónaill Uí Chonaill, anois náirithe gur thug sé faoi ndeara an cac ar a chába ar an gcéad dul síos. Bhí seanmóirí eile thar an Liffey. Ó a Dhia, níl am agam do seo, a cheap Stevie. Níl am chun fiosrú cén iontas a bhfaca an seanmóirí san uisce, nó thall ansin i lampaí Droichead na Life. Chuir smaointí creideamh agus reiligiún mearbhall ar a hinchinn go han, han-tapaí. Agus mar sin, chlaon a machnamh ón dorchadas ar ais chuig an an t-am atá thart. D’éirigh sé seo ina lá chun greim a bhreith ar an méid a bhí fíor faoin tsaol. Bhí neamhréasúnacht ar fud na háite – ba léir sin. Ach bhí cuimhní an óige síorghlas agus réasúnach agus soiléir. Ba léir sin chomh maith. Agus cad atá níos compordaí ná a bheith mar fhear óg arís? Fear óg ar oíche amach le go leor leaids? Tá ceann an fear seo líonta le statach, díreach cosúil leis na leaids eile. Ach tá a cheann níos torranaí. Tá sé cosúil le scaird leanúnach briseadh na trá. Lapann sé ar chúl a súile agus timpeall a bhlaosc. Uaireanta, doirteann sé amach ar an gcoincréit. An rud a tharlaíonn nuair atá tú amach leis na leaids are óicheanta mar seo ná go seasann tú go díreach agus go bródúil chomh fhada is gur féidir leat. Ach seasann tú scartha óna chéile, gan a bheith ró-chóngarach. Ceart go leor, tá tú cóngarach go fisiciúil. Lascann do guaillí móra in aghaidh a chéile. Buaileann do cannaí agus beirtear ar scata gruaige ar cúl do cheann agus fáisctear do chlár éadain i gcoinne ceann eile. Labhraítear focail tanaí, gasta nach bhfuil mórán céille leo C’mon lad. Yeow.


Tuislíonn tú as agus stróictear roinnt do do chuid gruaig amach. Ach sin é. Sin an t-am ar fad atá ann do comhrá. Lorgaíonn tú deis. Cuardaíonn tú an nóiméad beag sin ag deireadh na hoíche, nuair atá gach éinne eile ag imeacht abhaile agus níl tú ach ag fanacht do na daoine is fear leat chun a bheith fágtha. Ní thagann rath ar sin. Téann do dhaoine isteach ar tacsaíthe le daoine eile nó imíonn siad as radharc. Nó níl siad ciallmhar go leor le labhairt. Agus ní fhaigheann tú ríomh an comhrá beag, bog, aonaránach sin. An ceann ina bhfuil do chroí beagáinín somhúnlaithe toisc go bhfuil sé súgach go maith leis an deoch. An ceann in a fhaigheann tú an deis le rá an rud sin a bhí ag cur isteach ort le déanaí, chun glan amach roinnt braoiníní beaga den statach. Agus seo cad a dhénann tú in ionad sin. Is taictic maith atá ann. Cuireann tú seó ar siúl agus titeann tú as do seasamh. Titeann tú go mall, sách drámatúil. B’fhéidir i dó nó trí céimeanna. Tá sé seo díreach go mbeidh go leor ama chun go mbeirtear ort ag na figiúirí difriúil thart timpeall. Agus coinníonn siad thú ina lámha ansin. Oireann siad ort má tá tú okay. B’fhéidir go sactar isteach i tacsaí thú agus seolann siad caomhnóir dílis ar an turas abhaile leat.

Tá sé sólásach a bheith sactha agus a bheith caomhnaithe. An teaghmáil daonna, an cinnteacht. Is comhrá beag catairseach dá chineál féin é. Thránn sé seo de réir mar a théann tú in aois. Tá na figiúirí fós ann ach tá níos lú agus níos lú dóibh. Níl na hóicheanta amach amach, tá said i mbeáir agus bialanna, áit nach féidir leat titim mar, is dócha, tá tú i do shuí cheanna féin. Agus ní ach ligfeadh siad cnead astu dá ndéanfadh é. Níl tú in ann titim isteach go cinnteacht a thuilleadh. Níl tú in ann ach aghaidh a thabhairt ar seanmóirí atá ag iarraidh tú a caitheamh amach le d’fhéinín féin go ordú dosmachtaithe na tonnta. Tá sé féaráilte, mar sin, go síneann tú ar ais in am. Déanann Stevie sin anois. Aimsíonn sé an taon lucht féachana báúil fágtha don seó – na turasóirí, go dtuga Dia slán iad. Níl éinne eile aige. Níl na Meiriceánaigh tinn tuirseach as. Feicfidh siad damhsa an fhir le dea-intinn, mar píosa ealaíona. Feicfidh siad é mar bhé, mar fhíorcharactar. Níl siad soiniciúil. Tiocfaidh siad síos óna stólta agus thar na clocha dhuirlinge. Ní fheicfidh siad pótaire eile agus ní fhágfaidh siad ina aonar é. Beidh fíor-imní acu toisc go mbeidh siad ag fáilt greim ar rud éigin liteartha ina lámha. Beirfidh siad greim ar Stevie nuair a titeann sé.


Spás Úr sa Bhreis le Anthony Bradley

Próiseas athbhreithe é glanadh amach a bheith ar siúl agat. Nó fianaise d’athbhreith a tharla cheana. Más seomra leapa, garáiste nó cófra fiú atá i gceist, faightear rianta den duine a bhíodh sna háiteanna dorcha siúd nach leagtar súil orthu ó cheann bliana go ruball. Is dócha go bhfuil cleachtadh de chineál éigin againn uilig air seo. Cás coitianta ná nuair a bhásaíonn duine agus osclaítear a anam mar seo os comhair an tsaoil. Caithfidh muid réidh a fháil leis na sean-nithe, agus mar seo a thagann muid ar aithne níos fearr, nó dearcadh úr, ná a bhí againn ar an té agus é ar shlí na mbréag go fóill. Mar Chríost roimh a dhul chun crochadh ar an chrann, roinntear a éadaí agus faoi dheireadh scaiptear an fuíoll seo mar luaith, ag déanamh a bhealaigh go cara nó go scipe.

Grianghraf le Malachi Ó Marcaigh

Ach ní saor mo dhaoine uaidh seo agus sinne fós beo. Ní féidir linn éalú ó na macalla a bhaineann muid ónár bpluaiseanna féin. Domhsa, ní bhíonn seo níos léire ná nuair atáim ag fáil réidh le sean-leabharthaí. Tagann an taom seo orm ar an chorrbhliain. Bíonn an brú ar na seilfeanna mar chuid den chúis de ghnáth (tobthit leabhragán den chuid as a chéile uair amháin faoin mheáchan a bhí air). Ach ní bheadh an fírinne a rá agam mura dúirt mé nach raibh an náire mar dhealg gluaiseachta fosta. Conas gur tharla sé go bhfuil tríocha úrscéal d’Agatha Christie agam – tuige go raibh spéis chomh mór agam i bPoirot? Déantar féin-seandálaíocht. Aithníonn an duine cé a bhí a chosa féin aige roimhe seo agus tagann cumha air agus seans aiféaltas. Spreagann an cumha seo eagla ionainn mar cuireann sé i gcuimhne dúinn nach buan muid, go bhfuil sinn i gcónaí faoi chlaochlú agus go mbeidh in easpa ár dtoile go deireadh. Gan aon ghnó áirithe é a dhéanamh, bailíonn muid na hiarsmaí seo, agus is timpeall orthu a dhéanann ár dtaibhsí a gcónaí, na scáthanna dínne siúd. Ceapaimse gurb é sin a fáth go mothaíonn muid chomh úr i ndiaidh glanadh mar seo a chur i gcrích. Deamhandíbirt atá ann i ndáiríre. B’fhéidir go míníonn seo tuige go móthaíonn muid chomh míchompordach i spás duine atá ró-phráisciúil nó ró-néata. Duine amháin nach dtiocfadh leis dul i ngleic leis na taibhsí in aon chor, agus duine eile a bhíonn i mbuanchogaíocht leo.

Ní sláintiúil ceachtar acu, agus tá a fhios againn seo ag leibhéal bunúsach éigin. B’fhéidir nach bhfuil san anailís seo ach comharta eile go bhfuil mé ag éirí níos postúla. Go bhfuair mé notions ó áit éigin. Comhthacaíonn stair mo sheilfeanna leabhar leis seo. Ba shóisealta orthu a bhí Harry Potter agus Stephen King lá den tsaol, ach anois tá an dubh is bán comhionannach de na ‘Clasaicigh’ Peguin is Oxford le feiceáil ina n-ionad. Dé a deir seo fúm? Go gcaithfidh mé fánacht go dtí go bhfuil an údar ina chairnín crámh faoin chré go mbainimse sult as a shaothar? An táirge é mo spéis litríochta de mo dhúil nadurtha féin, nó den stádas is an stair, ábharthacht de mo shaoil, réaltacht ár staide sóisialta? Níl fhios. Ag tiomáint abhaile domh ón tsiopa carthanachta inár fhág mé cúig mhálaí móra de shean-úrscéalta, gearrscéalta, stair is srl, bhí éadroime spioradálta úr orm cinnte. Bhuel bhí an carr níos éadroime ar a laghad. Go leor spás sa bhreis anois fá choinne níos mó Clasaicigh Penguin. Ach ní amháin leabharthaí a d’fhág mé i mo dhiaidh i bhfírínne, ach ré i mo bheatha, tréimhse thart ar sé nó seacht mbliana. Focail is leathanaigh a bhí lárnach domh tráth nach bhfuil iontu anois ach ualach trom ar diúlach bocht in Oxfam le díol. D’imigh sin agus tháinig seo I suppose.

Marienhamn 21/10/19 le Malachi Ó Marcaigh Cranna meirgeacha, Duilleoga buí – an Fómhair in Marienhamn



Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.