Tuathal

Page 1

Eagrán 1 2014/2015 Seachtain na bhFreisir

Istígh i CRANN, Cearta teanga mar a sheasann siad, An Bhliain a bhí againn, Agus i bhfad níos mó!



Eagarfhocal

Foireann

Bhfuel, seo linn anois! Bliain eile tosnaithe ag an gCumann Gaelach. Beidh sé sárdheacair orainn na h-éachtaí a bhaineadh amach anuraidh a chomhlíonadh, ach táim deimhin de go ndéanfaimid ár ndícheall. Cé go bhfuil (beag) seans nach mbuafaimid Cumann na Bliana arís, gan amhras beidh a thuilleadh craic, cairdeas, ceol agus cur chun cinn na teangan pé scéal é. Rud a thug mé faoi deara tar éis cúpla seachtain leis an dream seo anuraidh ná go raibh feabhas ollmhór tagtha ar mo chuid Ghaeilge, ach ní raibh pioc oibre curtha isteach agam. Ní raibh orm trí nó ceithre nath cainte a bhrú isteach i m’inchinn gach lá, nó aistí leadránacha a chumadh ar an mbrí taobh thiar den leon bocht a chur Caitlín Maude sa zú. Bhí sé nadúrtha agus spleodrach dom, agus tá’s agam go bhfuil an tuairim céanna ag neart eile timpeall an Chumainn.

Eagarthóir:

Is dócha gur cheart dom an fáiltiú a dhéanamh? Alright so. Fearaim fáilte roimh cách, agus tá comhghairdeas spéisialta tuilte agat má tá tú i do bhfreisirín beag bídeach i mbliana. Saol difriúil atá i ndán duit anseo sa choláiste. Cinnte, ón taobh acadúla de, tá cursaí neamhaitheanta i gcomparáid leis an meánscoil, ach don tseachtain seo ar a laghad ní gá a bheith buartha faoi na rudaí sin. An ní is fearr faoin ardú chéime ná an réimse leathan sóisialta atá ann nuair a shiúlann tú tríd na doirsí agus isteach i gCearnóg na Parliminte. Muna bhfuil an-suim agat sa Ghaeilge, mo náire thú agus ar aghaidh leat chuig an Bhreatain laithr is cuma, tá cumann agus clique ann áit éigin duit cinnte. Ní hé sin le rá go mbeidh d’am anseo mar chóisir leanúnach, gan strus nó stró - is bréag é sin a chraoltar gach uile bliain nach ndéanann mórán maitheas d’éinne - ach tá deiseanna os do chomhair nach mbeidh ann ríomh arís, agus molaim duit gan iad a ligeant uait.

Fionn Ó Deá Glenn Ó Muinneacháin Aoife Crawford Feidhlim Seoige Jade Pepper Maria Schäler Benn Ó hÓgáin

Ar an téama sin, le déanaí tá a lán cloiste agam faoi leisciúlacht na mic léinn. Tá iliomad fianaise le dul in aghaidh an mheoin sin, agus is feidir an t-irisleabhar seo, Tuathal, a chur leis. Léigí ar aghaidh chun bailiúcháin altanna den scoth a léamh. Fisic agus filíocht, ceartaí Ghaeilge agus LGBTQ*, macnaimh ar an tsamhraidh, agus go leoir eile. Is rud iontach é daoine ógá atá díograiseach agus paiseanta a fheiceáil. Má tá tú ag iarraidh páirt a ghlacadh, ní gá ach ríomhphost a sheoladh, cuairt a thabhairt orainn i Seomra na Gaeilge, nó freastal ar imeacht ar bith i rith na bliana. Mar a dúirt mé cheana - is fiú é a athrá - tá fáilte roimh chách i gcónaí.

Dónal Ring

Ceartóirí:

Béibhinn Ní Dhonnchadha Eadaoin O’Connor Fionn Ó Deá

Scríbhneoirí:

Buíochas le:

Kevin Lyons, a bhí ríchabhrach leis an teicneólaíocht. Fionn Ó Deá, a bhí ríchabhrach le gach rud eile. Éinne eile a chabhraigh an t-iris a chur le cheile

Ag súil go mór aithne a chur ort (muna bhfuil sé déanta agam cheana féin), Dónal

San Eagrán seo: 4 - Bhúr gCoiste i mBliana 6 - Focal ón Reachtaire, le Fionn Ó Deá 8 - Istigh i (g)CRANN, le Glenn Ó Múinneacháin 10 - Nuacht ó Oifig na Gaeilge 12 - An Vóta Chinniúnach, le Feidhlim Seoige 13 - An Leathanach Filíochta, le Jade Pepper 14 - An Bhliain a bhí againn, 2013/2014 16 - Foclóir, Biachlar, agus R, le Maria Schäler 18 - Rí Rá : Cearta teanga mar a sheasann siad, le Benn Ó hÓgáin 3


Bhur gCoiste i mBliana Reachtaire - Fionn Ó Deá

Ba bheag nár chríochnaigh an gaol idir Fionn Ó Deá agus an Ghaeilge leis an mbuille tubáisteach a mhothaigh sé i ndiaidh caillteanas Tí Pheadar Mack sa chomórtas amhrán tí Coláiste Chamuis 2010. Tá an t-ádh orainn áfach nar chríochnaigh agus gur tháinig biseach air faoi dheireadh. Ghlac sé ballraíocht sa Chumann Gaelach mar Freisirín beag bídeach agus níl sé tar éis casadh arais ó shin. Anois aitheanta ó a chuid gabháil minic de 'Wagon Wheel' agus a thalún de bheith ag earcrú baill nua taobh amuigh de McTurcaills, d'fhéadfá a rá go bhfuil rud éigin suimiúil faoinár reachtaire i mbliaina. Má tá riamh rud ar bith uait ná bíodh imní ort dul i dteagmháil le Fionn ar reachtaire@cumann.ie. Níos fearr arís, nuair atá tú ag fanacht ar freagra uaidh molaim go laidir dul agus Fionn a fheicáil ag canadh a chroí amach le Tí Pheadar Mack ar https://www.youtube.com/watch?v=J7eLx29kPJU.

Leas Reachtaire - Annah Kenna

Beidh Annah Ni Chionnaith mar Leas-Reachtaire an chumainn i mbliana agus ciallaíonn sin go mbeidh sí ag dul i gceannais ar chúrsaí nuair atá tinneas nó droch-phóit ar an Reachtaire. Tá Annah ina bliain dheireanach mar Law Hun, agus is breá léi Hugh Grant agus ag dul ag damhsa lena cairde i Dandelion. Ceann de na dualgaisí is mó a bheidh ag Annah ná chun turas a eagrú do bhaill an chumainn sa dara téarma – faoi láthair tá sí ag smaoineamh faoi Bhéal Feirste agus Bré. Má tá ceist ar bith agat faoin H ag deireadh a hainm nó má thagann tú ar phictiúr deas de sloths nó pandas, is féidir iad a sheoladh chuici ag leasreachtaire@cumann.ie.

Cisteoir - Charlie Collins

A chairde agus a dhaoine uaisle, seo daoibh Charles James Alexander Collins bhur gcisteoir. Cé go bhfuil ainm ar nós prionsa Briotánach air, ná lig don glam agus galántacht bob a bhualadh oraibh. Tá clú ar Charlie timpeall na hollscoile toisc a chuid scileanna barrógach agus sa bhliain 2014 bhain sé an duais amach as ucht an “cuddler is fear” ag an mBál Gaelach. Tá Charlie ag déanamh staidéir ar an mBESS rud a cheapfá a chiallódh nach mbeadh mórán pearsantachta aige, ach is duine é Charlie a mbíonn i gcónaí sásta labhairt (ach amháin sa leabharlann) agus sásta taithneamh a bhaint as an saol. Ó agus tá asal mar pheata aige, d’arbh ainm Ned.

Rúnaí - Maria Schäler

Tá sé cloiste againn go bhfuil gaeilgeoirí in Albainn Nua i gCeanada ach céard faoi Ghaeilgeoirí Ghearmánacha? I ndáiríre? Creid é nó ná creid é, is ann dóibh agus tá ár gceann féin againn i gCumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide. Maria Schäler is ainm di agus is í ár Rúnaí sa Chumann. Feictear í de gnáth ag cur isteach do Mhic Léinn sa leabharlann agus í ag gáire ag físeáin College Humour, ag ithe froyo i Yogism nó ligint a scí i Seomra na Gaeilge. Deirtear gur daoine leadránacha iad na Gearmánaigh ach níl seo fíor i gcás Maria, má tá éinne sa Chumann “thuas don chraic” is ise atá ann. Tá sí ina fíor-leaid agus “über-cool” mar a deir siad ina tír dhúchais.

Oifigeach Urraíochta - Jeff Johnston

Seans go gcuimhnóidh sibh Jeff óna fheachtas polaitiúil “Jeff Johnston for Clontarf” ar son Ógra Fine Gael anuraidh. Tá fíor-shuim aige sa pholaitíocht agus nuair a chuala sé go mbeidh an Ghaeilge agus an pholaitiocht ar siúl le chéile in aon seomra amháin ag AGM an chumainn, ní raibh Jeff in ann an deis a dhiúltiú. Anois tá sé ag obair ar bhur son mar Oifigeach Urraíochta an Chumainn. Déanann Jeff staidéar ar Eacnamaíocht agus Fealsúnacht, agus ciallaíonn sin go bhfuil ar a laghad roinnt eolais aige faoi na habhair sin agus, ar ndóigh, polaitíocht. So má tá comhrá iontach suimiúil faoin domhain mór seo uait, ní gá ach labhairt le Jeffy. Muna bhfuil sin go leor duit (ach conas nach mbeidh sé?), ta guth iontach ag Jeff agus bíonn se i gcónaí réidh le hamhrán a chasadh, ná bhíodh imní oraibh ceist a chur air.

4


Oifigeach Chaidreamh Poiblí - Jane Henry

“Ciamar a tha thu?” Tá Jane ar cheann de na daoine is tábhachtaí ar choiste an chumainn; an duine lena bheidh tú i dteagmháil agus tú ag léamh póstaeir an chumainn nó ag freastail ar na hócáidí facebook gach uile sheachtain. Ná bhíodh imní ort as an nGaeilge Ulaidh a labhraíonn sí, an teanga céanna atá inti. Más gá duit teacht i dteagmháil léi maidir le cursaí caidrimh poiblí nó cúrsaí tras-teorainn, is féidir é sin a dhéanamah ag caidreamhpoibli@cumann.ie.

Oifigeach Foilseacháin - Dónal Ring

Chomh luath is a bhuail mé le Dónal ag oíche amach sa chéad bhliain, bhí a fhios agam gur buachaill den scoth é. Ach nuair a chuala mé go mbeadh sé ina Oifigeach Foilseacháin, bhí mé ar mhuin na muice. Is fíor a rá gur féídir le héinne a bheith cairdiúil le Dónal. An méid oibre a chuireann sé isteach i ngach rud a dhéanann sé - is rud draíochtúil é. Tá a chuid scríobhneoireachta cosúil le Oscar Wilde, níos fearr ná James Joyce. Rachaidh a fhoilsiúcháin síos i stair na hÉireann. Léigí Tuathal, léigí an draíocht. Beidh foilsiúcháin an Chumainn Ghaelaigh i lámha den scoth i mbliana. Má tá tú ag iarraidh scairt a chuir air ar chúis ar bith, seol ríomhphost chuige ag foilseachan@cumann.ie.

Oifigeach Teicneólaíochta - Sarah Healy

Is weirdo mór i” – Iar-Housemate. Tar éis samradh dochreidte san Iodáil (go liteartha - Nicholas Sparks dochreite cailíní) tá Sarah Healy ar ais arís i mBAC (via Co. na Gaillimhe) chun náire a chur ar chuile dhuine lena cuid griangraifeanna de gach ocáid CG. Is fuath léi an craic agus nuair a thágann sí amach, agus ní tharlaíonn sé sin go minic, bíonn sí an duine gruama sa chúinne lena pionta Ribena sa Chonradh. Sin an fáth go mbeidh sí an duine taobh thiar den ríomhaire i mbliana, i gceannas ar “The Facebook” agus “ag seoladh Twitters”. Is fíor catch í, ach tá brón orm leads...níl spás ina croí ach do rud amháin – a cat.

Oifigeach Drámaíochta - Catherine Bell

Is í Catherine an t-Oifigeach Drámaíochta. Beidh sise ag eagrú an-chuid ócáidí i rith na bliana agus mar sin má tá aon suim agaibh i gcúrsaí drámaíochta – ón aisteoireacht go dtí an scríobhneoireacht agus gach rud eile - ise do bhean! Bíonn Catherine ag campáil os comhair Players de gnáth le script i lámh amháin agus uachtar reoite ó Murphys sa lámh eile. Teigh chuici má tá aon suim agaibh sa drámaíocht agus beidh sí ar bís labhairt libh faoi gach rud atá á eagrú aici. Ná bí buartha, níl sí ró-scanrúil - tabhair Kitkat agus cappucino di agus beidh i mar chara agat go deo! dramaiocht@cumann.ie

Oifigeach Siamsaíochta - Annmarie Townsend

Dúirt sí féin ‘I am the party’... is cinnte go bhfuil sí foirfe don phost! Tá Annmarie/Áinemáire Deireadh an Bhaile/ Baps (a leasainm is fearr ;) ) sa 4ú bhliain sa choláiste, ag déanamh staidéir ar obair shóisialta, ach is cinnte go gcuireann sí níos mó béime ar an ghné shóisialta ná an obair! Tá sí ina ball (go láidir!) le cúpla bhliain anuas agus is minic go bhfeictear í ag freastal ar ócáidí an Chumainn Ghaelaigh, go háirithe sa chonradh - a cannaí léi sa mhála! (Má chloiseann tú ‘eeeeep’ nó ‘giggle giggle,’ is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil sí ann!) D’eagraigh sí an ghig mhór (an bhfuair tú do thicéad go fóill?) agus beidh dualgas uirthi ócáidí eile a eagrú dúinn i rith na bliana, ina measc, Lá na Gaeilge, Éigse na Tríonóide agus ar ndóigh an Bál Gaelach ag deireadh na bliana! Má tá aon cheisteanna nó smaointe agat, déan cinnte a bheith i dteangmháil léi: siamsaiocht@cumann.ie (nó BapsIsMó@coiste.ie ;) )

Oifigeach Díospóireachta - Aisling Ní Bhroin

Is as baile beag ar an teorann idir contae Laoise agus contae Ceatharlach í Aisling Ní Bhroin. D’imir sí peil le haghaidh Co. Laoise, ach d’fhreastail sí ar scoil i gCeatharlach, mar sin, níl muid lán chinnte cé as dí. Tá grá mór aici don Ghaeilge. Déanann sí an Ghaeilge agus an Fraincís agus tá sí ag dul isteach sa dara bliain. Beidh Aisling ina ball don Scéim Chónaithe Gaeilge na dara bliana i nDartraí an bhliain seo, agus mar sin feicfidh lucht Hallaí an cailín rua seo go minic. Bíonn sí ag obair i gColáiste Lurgan i rith an tsamhraidh. Chas Aisling an feadóg mór sa bfíseán ‘Avicii vs Lurgan’, a fuair breis is 7 milliún hits ar YouTube. Is í ár n-Oifigeach Díospóireachta i mbliana, agus mar sin cloisfidh tú í ag plé topaicí suimúla go minic. Tá taithí diospóireachta aici, agus lena cainúnt láidir Chonamara beidh muid ar fad faoi gheasa ag diospóireachtaí an chumann i mbliana!

5


Focal ón Reachtaire Cuireann Fionn Ó Deá fáilte roimh na baill i mbliana

A chara. A stráinséir. A Ghaelgeoir. Seachtain na bhFreisir 2011 a bhí ann agus bhí mé neirbhíseach ag siúl i dtreo an seastáin. Bhí suim agam i gconaí sa Ghaeilge ach fós thóg mé cara liom chun ballraíocht a ghlacadh liom. Mar thacaíocht is dócha. Bhuail mé leis an gcoiste. Bhí siad cáirdiúil, bhí siad spleodrach agus bhí sé nádúrtha Gaeilge a labhairt leo. Ní raibh mé ag labhairt leo toisc go raibh mé thar lear agus go raibh Gaeilge agam mar theanga rúnda. Ní raibh mé ag labhairt leo toisc go raibh cinnire tí nó múinteoir ag éisteacht liom. Labhair mé leo toisc go raibh mé ag iarraidh. Sin an méid. Bheinn in ann Béarla a labhairt leo. Thuigfaidís. Ach shiúil mé suas chuig an dream sin lán d’fhuinneamh ag an seastán an lá sin agus labhair mé i nGaeilge leo. D’athraigh an cinneadh sin mo shaol sa choláiste. Mo shaol ina iomláine. Droch-Ghaeilge, sár-Ghaeilge, Gaeilge na Gaeltachta, Gaeilge na nGaelscoileanna, Gàidhlig na hAlban, is cuma. Ón mbliain 1907 go dtí inniú, tá An Cumann Gaelach

6

tar éis seirbhísí a chur ar fáil agus ócáidí a chur ar siúl ar son Ghaelgeoirí an choláiste agus tá fáilte roimh chách. Tá bliain ollmhór romhainn le sean-smaointí agus smaointí nua araon. Anuraidh bhuamar an duais don chumann is fearr sa choláiste don chéad uair riamh agus tá sé ar intinn againn dul ó neart arís. Díospóireacht, scríbhneoireacht, griangrafadóireacht, ceol, drámaíocht, damhsa, taisteal, scéalaíocht, ealaín, stair. Tiocfaidh tú ar do phaisean sa chumann seo. Tiocfaidh tú ar na daione is suimiúla, na hoícheantaí is faide agus na maidineacha is uafásaí! I rith na bliana beimid ag taisteal na tíre le chéile, síos go Cill Áirne agus Oireachtas na Gaeilge, agus suas go Béal Feirste. Beimid ag céiliúradh na Nollag agus deireadh na bliana le chéile ag Cóisir na Nollag agus an Bál Gaelach. Beimid cailte le chéile ar an Turas Mistéireach agus ag argóint le chéile ag na díospóireachtaí móra. Bíonn ciorcal comhrá le téama éagsúil againn gach uile Mháirt ag 19.30 i Seomra na Gaeilge -

seomra caidrimh an choláiste - áit ina bhfuil tú in ann Gaeilge a labhairt agus cupán tae a bheith agat gach lá i rith na seachtaine. Bíonn Anraith agus Arán saor againn san áit chéanna gach Céadaion ag 13:00. Tá an Seomra i lár an champais, thuas na staghaire taobh thiar den Bhutrach (The Buttery), is féidir treoracha agus níos mó eolais a fháil ar líne ag tcd.ie/ gaeloifig/seomra-gaeilge. Agus ar an bpointe sin, ná déan dearmaid ‘like’ a thabhairt dúinn ar facebook (/CumannGaelachTCD), twitter (@CumannGaelach) agus cuairt a thabhairt orainn ag cumann.ie! Más mian leat freastal ar ócáid ar bith i rith na bliana ach níl fonn ar do chairde teacht nó fiú má tá ceist agat faoi ócáid ar bith, tár i dteagmháil liom ag 0851593380 nó reachtaire@cumann.ie agus bualfidh mé leat roimhe nó scríobhfaidh mé ar ais chugat go luath. Go dtí sin - Bí bródúil. Bí páirteach. Bí Gaelach. Tosaíonn do thuras anois. Tá fáilte romhat. Seo linn.


Tabhair cuairt orainn i Seomra na Gaeilge! Bronnadh seomra caidreamh ar ghaeilgeoirí na Tríonóide i 2012, agus ó shin baintear úsáid as gan stad. Bíonn an Seomra ar oscailt i rith an téarma acadúla, Luan go hAoine, idir 9.00am agus 4.30pm. Tá nuachtáin agus foilseacháin i nGaeilge ar fáil sa seomra, mar aon le cluichí boird, cártaí agus eile. Tá soláistí ar fáil - tae, caife agus brioscaí - ar dheonachán beag 20c. Treoracha ar fáil thíos. Buíochas le Niamh Ní Annracháin.

Tosaigh i gCearnóg na Pairliminte

Agus cas ar chlé ina dhiaidh

Siúil thar an Bhutrach

Téigh síos an staighre beag ansin

Agus isteach tríd an doras Suas an staighre, agus tá tú ann! Maith thú. Bíodh cúpán tae agat.

7


Istigh i CRANN Tugann Glenn Ó Múinneacháin, iarrthóir PhD san ionad taighde CRANN, léirmheas ar an méid a bhíonn ar siúl istigh agus an tábhacht a bhaineann leis an institúid

Cad is CRANN ann? Níl eolaithe i CRANN (Lárionad um Taighde ar Nanaidéantúis agus Nanagaireais Oiriúnaitheach*) buartha faoi coillte nó foraisí timpeall na háite mar a chuireann an t-ainm le tuiscint, is í firinne na scéala ná go ndéanann siad staideár ar ábhair nua atá ar thús taighde ar fud an domhain. Tá na nua-ábhair seo sár bheag ar fad (níos lú ná aon miliúiniú de phíosa páipéar) agus caithfear mórán acmhainní spesialta a bheith agat chun iad a chruthú agus staidéar a dheánamh orthu. Sin an chúis taobh thiar den institiúd CRANN, a chruthaíodh i 2003 le Coláiste na Tríonóide agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is é CRANN an príomh-ionad taighde in Éirinn ó thaobh obair sna nan-ábhair seo agus oibríonn mórán taighdeoirí, eolaithe

8

agus mic léinn ann leis an trealamh is nua-aimseartha chun forbairt agus feabhas a chur ar teicneolaíocht na linne seo. Tá saineolaithí ag obair ann as alumni éagsúla i bhfisic, ceimic, leigheas, innealtóireacht agus cógaseolaíocht. Mar sin, tá réimse forleathan obair éagsúla ar siúl ann agus bíonn éifeachtaí an taighde le feicéail ar fud an sochaí. Cad a dhéantar i CRANN? Ábhair Nua I measc na rudaí éagsúla a dhéantar i CRANN, déantar iarracht ábhair nua a chruthú chun a úsáid i ngairis leictreonacha sa todhchaí. Bhí grúpa Mike Coey in ann ábhar maignéadach nua a chruthú, d’arbh ainm MRG, a bhí á lorg ag muintir na h-eolaíoch-

ta ar feadh 25 bliain anuas. Úsáidtear maignéid i ngairis leictreonacha chun eolas a stóráil, mar shampla i ríomhairí, aireamháin, iFón, ceamairí srl. An rud is suimiúla mar gheall ar an MRG ná nach mbraitheann sé maignéadach ar an taobh amuigh cosúil le gnáthmaignéid ach fós tá sé in ann eolas a stóráil orthu. Tugann an éifeacht seo, ‘móimint-nialasach leath-miotal’, buntáiste ollmhór don MRG sa slí ina mbeidh an toilleas stóralta i leictreonaic sa todhchaí neamh-theoranta leo. D’fhéadfadh sé seo athrú ollmhór a thabhairt ar an tionscal leictreonach mar go dtabharfadh sé i bhfad níos mó cumhachta do ríomhairí pearsanta agus cosaint ó scrios faoi réimse maignéadach eile. Teicnící Nua Agus ag caint faoi ríomhairí, tá sé ar eolas againn go léir gur tháinig feabhsú dochreidte ar ríomhairí sa chaoga bliain seo caite, ach tá an treocht sin ag laghdú agus faoi 2025 deirtear nach féidir linn aon feabhsú eile a dheánamh ar ghaireais atá bunaithe ar an ábhar Sileacan. Mar sin, tá éileamh


"déanann taighde eolaíochta, cosúil leis sin atá déanta i CRANN, feabhas ar chaighdeán marachtála na tíre" an-mhór ann chun réiteach éagsúla a fháil agus ionadaí i gcomhar Sileacan a aimsiú. An iarrthóir is fearr faoi láthair ná Graifín - leathán de carbón atá chomh leathan le h-adamh amháin le sár-airíonna a deirtear a n-athróidh an domhan chomh maith is a rinne Sileacan sna caogaidí. Tá graifín á chruthú i CRANN faoi láthair ach amháin i méideanna fíor-bheag ar fad, ní bheadh tú in ann ach staidéar a dheánamh air faoi láthair ach tá grúpaí de Johnathon Coleman agus Valeria Nicolosi tar éis modh difriúil a fhorbairt chun méideanna mór de graifín a dheántúsú go héasca le meascthóir leictreach! Bhí na torthaí foilsithe i Nature i rith an tsamhraidh agus deántar an-chuid poiblíocht ar son CRANN. Faoi láthair áfach, tá an-chuid taighde eile le deánamh go dtí go tagann an céad iphone le clúdach graifín go dtí na siopaí, ach tá obair CRANN tar éis tús maith a chur leis an tionscal graifín. Teoiric na n-Ábhar Comhdlúithe De ghnáth, áfach, bíonn sé ró-dheacair obair le micreasamplaí d’ábhair chun teacht ar na hairíonna ait, andúchasach a bheadh acu. Mar sin, bíonn gá le teoiric candamach a úsáid, chomh maith le teicnící éagsúla eile, chun fiosrú a dhéanamh ar na hábhair a bhíonn

gealladh fúthú le codanna ríomhaire. Déantar forbairt ar teoiric na hadaimh i CRANN chun rialacha a ghabhann le struchtúirí adaimheacha comhdlúithe a thuiscint agus úsáidtear ríomhairí sár-chumhachtacha chun ábhair éagsúla a ionsamhlaigh leis na teoricí seo. Ó am go chéile, tarlaíonn sé go ndéanann an teoric aimsiú ar feiniméin nach raibh míniú ann dó ríomh. Ag úsáid ceann dos na codanna is nua-aimseartha, d’aimsigh Daithí Ó Ríogáin agus a chomhpháirtí ó institiúidí eile san Eoraip an chóras ina ngreamaíonn ocsaigin leis an fuil in ionad CO, gás nimhneach a scaoiltear i dtine. Roimhe seo, ní raibh teoiric nó samhail sásúil ar fáil chun an modh a mhíniú agus dúradh go cheart go ngreamaíonn CO leis an bhfuil in ionad O2, a mhalairt ar fad atá fíor agus rud nach gceadfadh an chóras riospráide in ainmhithe! Réitigh an teoiric nua an botún agus, sa slí chéanna, úsáidtear na teoricí nua seo chun ábhair nua-aimseartha agus córasaí bithcheimice casta a fhiosrú agus éifeachtaí nua nach mbíonn ar eolas riamh a aimsiú. Cén fáth a bhfuil obair CRANN tábhachtach? Tá an-ghá leis an ionad CRANN mar tugann an taighde a déantar ann mórán buntáistí do mhuintir Choláiste na

Tríonóide agus muintir na hÉireann. Cruthaíonn CRANN comhpháirtíocht tionsclaíochta le gnóthaí idirnáisiúnta cosúil le INTEL, HP srl a thugann chaipitil tábhachtach don choláiste. Leis an taighde rathúil atá déanta i CRANN le haghaidh iad siúd, tiocfaidh níos mó infheistíocht eachtrach ó cuideachta idirnáisiúnta eile chomh maith le cáil idirnáisiúnta i gcomhair an obair atá á dhéanamh sa tír. Na laethanta seo, tá an scéal seo agus an infheistíocht an-tábhachtach do aisghabháil eacnamaíochta na tíre, go háirithe chun an íomhá ‘eacnamaíocht cliste’ a chur in iúl don phobal domhanda. Le déanaí, tá tacaíocht tugtha don smaoineamh seo le torthaí an CAO inar árdaigh pointí i gcúrsaí STEM go géar ar fud na tíre, a léiríonn stráitéis an rialtais le blianta anuas. Níl anseo ach dea-scéal i mo thuairim; déanann taighde eolaíochta, cosúil leis sin atá déanta i CRANN, feabhas ar chaighdeán marachtála na tíre faoin breis infheistíoch agus tugtar dúinn teicneolaíocht nua mar earraí gnó. Feabhsaíonn sé íomhá na tíre agus TCD in aghaidh an domhain mar shuíomh oiriúnach i gcomhar gnó agus infheistíocht, agus lár-ionad taighde d’eolaíocht agus nuála. *Aistriú neamh-oifigiúl

9


Nuacht Ó Oifig na Gaeilge Dia daoibh, agus fáilte romhaibh go léir go dtí an bhliain úr 2014/15 anseo i gColáiste na Tríonóide – go háirithe más mac léinn nua thú i mbliana. Tá súil agam go mbeidh bliain bhreá agat, agus tú sáite i saol na Gaeilge sa Choláiste. Saol beo bríomhair é, agus beidh neart deiseanna agat do chuid Gaeilge a úsáid ó lá go lá. t Is mise Aoife, agus tá mé ag feidhmiú mar Oifigeach Gaeilge i mbliana - tá Aonghus Dwane ar shos gairme faoi láthair, agus guímid gach ráth air i rith an tsosa! Is ball foirne lánaimseartha de chuid an Choláiste é / í an tOifigeach, a chuireann an Ghaeilge chun cinn, a thugann comhairle ar an reachtaíocht teanga, agus a chuidíonn le seirbhísí éagsúla Gaeilge a chur ar fáil. m Bíonn Oifig na Gaeilge ag comhoibriú leis an Chumann Gaelach, agus tá muid fíorbhuíoch as an obair dhochreidte is a dhéanann siad ar son na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Go n-eírí go geal leis an Reachtaire, leis an Choiste agus leis na baill ar fad in 2014/15, mar a éiríonn i gcónaí. m Má bhíonn ceist, tuairim nó smaoineamh agat riamh maidir le cúrsaí Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, beidh an tOifigeach Gaeilge iontach sásta cloisteáil uait ag na sonraí seo thíos: l Aoife Crawford gaeloifig@tcd.ie 01-896-3652 www.tcd.ie/gaeloifig Facebook: TCD Oifig na Gaeilge Twitter: gaeloifigTCD -Ní miste “like” nó leantóir nua riamh! m

Seirbhísí Gaeilge

Ranganna Gaeilge Saor in aisce do mhic léinn agus do bhaill foirne, ag leibhéil éagsúla (ardrang comhrá ina measc) j Seomra na Gaeilge Spás sóisialta do chainteoirí Gaeilge, le foilseacháin, cluichí boird agus an cupán tae is saoire sa chathair, ag 20c – téigh suas an staighre taobh thiar den Bhutrach An Scéim Chónaithe Árasáin lán-Ghaeilge do mhic léinn i mblianta 1-4, i Halla na Tríonóide agus ar champas Seirbhísí Custaiméara trí Ghaeilge Sa Leabharlann, san Oifig Fhiosrúcháin, in Oifig an Phropaist, agus eile

10


Molaim go mór duit úsáid a bhaint as na seirbhísí Gaeilge ar fad atá ar fáil i gColáiste na Tríonóide, agus a bheith ar an eolas faoi na cearta atá agat faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoi Scéimeanna Teanga an Choláiste. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.tcd.ie/ gaeloifig agus ar leathanaigh ghréasáin Gaeilge an Choláiste – brúigh an cnaipe “Gaeilge” ar bharr leathanach baile www.tcd.ie le teacht ar an roghchlár.h

Seomra na Gaeilge, os comhair bialann an Bhutraigh

Scéaltaí Nuachta

Gradaim na Gaeilge Tabharfar amach Gradaim na Gaeilge Choláiste na Tríonóide don chéad uair riamh ag deireadh na bliana acadúla seo. Beidh duaiseanna éagsúla le buachaint acu siúd atá ag obair go crua leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste. Coinnigí súil amach do na foirmeacha ainmniúcháin sa dara téarma. Agus gan amhras, beidh oíche mhór bhronnta i Seomra na Gaeilge...g Tuilleadh eolais ag www.tcd.ie/gaeloifig/gradaim.php Leabhar foilsithe ag Oifigeach na Gaeilge D’fhoilsigh Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane, leabhar i mí Iúil na bliana seo. Beathaisnéis atá ann, dar teideal “Donald Caird: Church of Ireland Bishop, Gaelic Churchman: a Life”. Fear ar leith é an Dr Caird, ar Gaeilgeoir tiomanta é, a bhí ina Ardeaspag Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse fada ina raibh díospóireachtaí móra ag dul ar aghaidh faoi shochaí na hÉireann. Comhghairdeachas ollmhór le hAonghus as an éacht seo a chur i gcrích.n

Gaeilgeóirí ar Fhoireann an Choláiste Tá cúpla bealach againn le cumas Gaeilge i measc na foirne a chur in iúl. Má f heiceann tú “ Tá fáilte romhat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge liom” ar shíniú ríomhphoist ar bith, ar ndóigh beidh fáilte is fiche romhat teagmháil a dhéanamh i nGaeilge leis an duine sin. Bí ag faire amach freisin do chomhar thaí fisiciúla timpeall an Choláiste a deir “ Tá Gaeilge agam” nó “ Tá cúpla focal agam” – beidh a gcuid úinéirí lán-sásta Gaeilge a labhair t leat! n

11


An Vóta Chinniúnach Feidhlim Seoige, Leas-Uachtaráin na Ghaeilge leis an USI, ar an dtroid os ár gcomhair maidir le posadh aon-ghnéis

Sé an grá an mothúchán is láidre, is tréine agus is ceanúla. Tá sé deacair a thuiscint, sa lá atá inniu ann, go bhfuil an oiread sin daoine nach féidir leo a gcuid grá, don té a bhfuil cinn acu orthu, a léiriú. Samhlaigh domhan, áit nach mbeadh tú in ann do ghrá a léiriú, áit nach mbeadh tú compordach siúl síos an sráid, lámh le lámh le do chéile. Samhlaigh go mbeadh faitíos ort é, nó í, a phógadh is sibh ag suí lasmuigh, ar an trá, ar oíche álainn Shamhraidh. Sin an domhain atá cuid de lucht na tíre seo ag maireachtáil ann. Cuid díbh ár gclainne, is cuid ár gcairde.

go daonlathach gur ceann de againn, ach is tír gan chothrochearta an duine, an pósadh. mais sinn. Tá tasc, agus troid mór os ár gcomhair anois, i mbliana. San Earrach, beidh an seans againn an freagra a chur ar an gceist “An aontaíonn tú le pósadh aon-ghnéis?”. Ach tá troid eile ann roimhe, do chlann, do chairde, agus chuile dhuine eile gur féidir a fháil ar clár na vótaí, agus a chinntiú go gcaitheann siad a vóta. Vóta ar nós an chothromais, vóta ar son an ghrá.

‘Siad na Mic Léinn a chur an bhrú chun Coiscíní a chur ar fáil sna siopaí, ‘siad na Mic Léinn a thóg an cás cúirte SPUC v Grogan, a chinntigh eolas ar ghinmhilleadh a fháil go héasca, siad na Mic Léinn a bhí lárnach i dlisteanú an homaighnéasachas. Is iad na Mic Léinn a dhéanfaidh an chinne seo faoi cothromais phósadh in Éirinn.

“ S amhl aig h domhan, áit nach mbeadh tú in ann do Ach ní h-amháin an pósadh atá á ghrá a léiriú”

coinneáil ó dhaoTá Rialtais an Lucht Oibre, ine LGBT, ach an agus Fine Gael, tar éis a cheart a thógáil fhógairt go mbeidh reifreann faoina gcúram. ann, faoi Earrach 2015, ar an gceist faoin bpósadh aon- Tá neart rudaí iontacha faognéis, agus má éiríonn leis, in tír seo: ár dteanga, ár beidh muidne mar an chéad bhféiniúlacht, ar gceoil, ár tír ar domhain gur aontaigh spóirt, agus an chraic a bhíonn

12

Cuirtear an ceist go minic, “Cé fáth gurbh ábhair é seo a bhaineann lena Mic Léinn?”, agus níl gá ach féachaint siar ar stair ghluaiseacht na Mic Léinn chun an fáth a fheiceáil.

Déanfaí stair i mbliana. Ní athróidh an reifreann an sochaí atá againn, ach seolfaidh sé ar an slí cheart muid.


An Leathanach Filíochta L e Jade Pepper

Bábóg na hoíche

Tinte

Barróg, dhá phóg agus scéilín roimh shuaimhneas leapa.

Tinte, á réabadh fud fad na coille, géaga feolmhara slogtha ‘s fágtha loiscthe sna sála orthu-san. Dúnann an choill a súile ar feadh scaithimh chun gach preab a aireachtáil in iomlán.

Bábóg na hoíche, an t-aonú mhéar déag, maireann sí. Seasmhach. Leanúnach. Solúbtha. Oiread is ab fhéidir lena plaisteach a cheadú, sise ‘ngreim docht, leanbaí. Fógraíonn an páiste, rósach le beocht, a gean sealadach go neamhbhalbh. Le gealltanais, Faoistiní ‘s focail mheala. Ar fad trí theas is buillí croí i lámh linbh. Bábóg na hoíche, caite is in aimhréidh ‘ngeall ar bhaois páiste, léiríonn sí a pairilis phlaisteach fós: Meangadh buan agus géaga múnlaithe, lúbtha faoi choinne siamsaíochta. Aigne ar imirce is plaisteach úr, bheannaigh an naíonán do shéasúr nua. Réabhlóid, de shaghas éigin. Gan féachaint faoina loinnir shintéiseach, díbríodh an créatúr chun dorchadais fúithi, áit a bhíodh ceiliúrtha tráth. Anois, luíonn sí i measc a comhdhéantán sa chiúnas. Na fuaimeanna thuas, ró-aithnidiúil di. Ag tíocht óna máistir plaisteach.

Tinte, ag téamh na háite lena dtadhaill chúramacha. Imscrúdú ciúin, críochnúil a mheallann chun brionglóide í. Aithníonn sí an dreach céanna sin. “A leithéid de chuma!” a deir sí go bog léi féin. “Ró-leochaileach do dheilbh dá shaghas”, is cosúil. Tinte, á dtreisiú le breosla na gcrann. Luathaítear luas an tslada seo, barróg mhór na dtinte ag gabháil dreama chloíte, thíos fúthu. Na lasracha ag pocléimnigh tríothu mar rinceoirí binne ar stáitse coirp. Tinte, tar éis an áit a loit, tagtar ar chrainn, ina ndúphúdar te ar a’ talamh. Ach b’fhiú é, a shíleann an choill léi féin go sásta. Toisc, amárach fásfaidh sí arís le tuilleadh láidreachta ‘s misnigh. Ní bheidh a ceacht foghlamtha aici choíche, áfach, a mhacasamhail de theas uaithi go deo.


An Bhliain a bhí againn, 2013/2014

Bhí an Cumann chomh ghníomhach anuraidh, beidh sé dodhéanta fiú pictiúir amháin as gach ócáid a chuir ar na leathanaigh seo. Seo hiad roinnt íomhánna ó na príomh-eachtraí - is léir go raibh an-chraic againn. Le haon dochais, beidh bailiúcháin níos fearr fós le thaispeáint duit ag deireadh na bliana.

Seachtain na bhFreisir

Oireachtas! D’fhreastail níos mó ná 100 baill go Cill Áirne i Mí na Samhna. Dúirt an Leas-Reachtaire ag tús na bliana go mbeidh “ól, ceol, agus bualadh feoil” ann. Bhfuel...

14

Is dócha go raibh an seanfhocal “tús maith leath na hoibre” ar intinn ag gach ball den choiste. Tús den scoth a bhí ann. Na chaill amach ar i mbliana!


Éigse na Tríonóide Tá sé an-deacair “buachphointe” a phiocadh. Ach cinnte beidh Seachtain na hÉigse ainmnithe, agus beidh an seans is fearr aige, is dócha.

An Bál Gaelach An t-imeacht mór deireanach. Bhíomar go léir ag caoineadh. Mascara ar fud na háite - bhí ar an Chisteoir €2,000 sa bhreis a ioc chun na húrláir a ghlanadh.

Aíonna ar Chuairt

Kevin McAleer

Cúpla uair sa bhliain, tagann aíonna éagsúla chun labhairt linn. Bíonn rudaí suimiúla le rá acú i gcónaí.

Éamon Ó Cuív

Alan Titley

15


Foclóir, Biachlár agus R Cad é an bealach is fearr teanga nua a f hoghlaim? Tá tuairim nó dhó ag Maria Schäler, polyglot an chumainn, tar éis an samhradh a chaitheamh sa Spáinn ar chúrsa Is é seo an séú téama. An roimh thús na scrúdaithe i séú dréacht. An séú hiar- mí Bealtaine. Braithim é i racht ‘tá déanta agam ar an mo mhéara, cé chomh fada ó alt seo a scríobh. Chaith mé shin agus a bhí sé ó bhí orm cuid mhaith den samhradh ag cuid mhaith tipeála a dhéansmaoineamh go cúramach faoi amh. Anuas ar seo tá mo cén cineál ailt a scríobhfainn, chuid Ghaeilge ag teacht go agus anois an lá romall chugam. Is fada an lá é “ T á imh an sprió labhair mé dhá fhocal inti. ocdháta táim foclóir leic- Tá an Spáinnis agus an ag suí os treónach ag Ghearmáinis comhair tar éis meascadh léi ar timpeall 90% de nós mo ríomanna mic léinn Seahaire le rath. Beidh orm iarc i n n e a d h pánacha, a mbíonn racht mhór a dhéand é a n t a á n-úsáid timpeall amh claoígh le teanga agam faoi amháin. 90% den ama” dheireadh. Is é an cinneadh Is muid ag déanamh plé ar atá déanta agam theangacha, agus mé ag suí go ndéanfaidh mé plé ar ábhar faoin ngriain sa Spáinn, ní nach bhfuil ró-dáiríre, ró-lead- féidir ach gáire a dhéanamh ránach nó ró-choimpléiseach. ar na cineál mac léinn atá ar B’fhéidir go bhfoghlaimeoidh an gcursa teanga anseo liom. sibh rud nó dhó uaim fiú, Cuireann siad ag smaoineamh bhuel chun na fírinne a insint mé ar na slite difriúdeirfinn gurb é an rud is mó a la atá ann staidéir a mbeidh le foghlaim ón alt ná dhéanamh ar theanfoighne. Mar sin le bhur dtoill gacha. Tá meascán coimeadaigí an smaoineamh ollmhór daoine anin bhur n-intinn: má tá an t-alt seo. Tá Gearmánaigh, deacair le léamh, n’fheadar cé Seapánaigh, grúpa chomh deacair agus a bhí sé le meanach ón mBreatscríobh (an-deacair). ain agus slua beag ón Ísiltír. Gan trácht orm Seo an chéad phíosa fíor-li- féin. tríochta atá scríobhta agam ón aiste deiridh a scríobh mé Tá an mórámh de na mic léinn

16

ar an gcúrsa seo ón tSeapán, agus ag comhlíneadh a stereotípa bíonn an chuid is mó dóibh ag obair go han-dian sna ranganna. Tá caighdeán an-ard Spáinnise acu, agus gach uair a fheicim timpeall an champais iad bíonn foclóir i leathlámh agus leabhar gramadaí sa lámh eile acu. An modh oibre atá acu ná, go bunúsach: obairobair-obair. Is comórtas iad do na Gearmánaigh, duine dóibh a chonaic mé ag tógáil nótaí síos faoi bhiachlár. Tá foclóir leictreónach ag timpeall 90% de na mic léinn Seapánacha, a mbíonn á n-úsáid timpeall 90% den ama. Éisteann siad go cruinn le gach focal a deir na múinteoirí agus déanann siad staidéar ar feadh na n-uaireanta a chloig gach lá. Ina ainneoin sin, tar éis cúpla iarracht a dhéanamh labhairt leo, thuig mé nach bhfuil siad in ann focal den teanga a labhairt. Chuir mé ceist ar dhuine dóibh (an freagra ar eolas agam cheana), ¿de dondé eres? Agus an freagra a fuair mé uathu? ‘What?’. Cheapfá go mbeadh caighdeán níos airde ná sin acu tar éis


€500 a chaitheamh ar fhoclóir. Na Gearmánaigh. Ceapann siad gurb é an modh is fearr an tSpáinnis a fhoghlaim ná a bheith ag suí sa chéad sraith den seomra, peann sa lámh acu, gan trócaire, fiche nóiméad roimh thús an ranga. Déanann siad an méid sin iarrachta sna ranganna nach bhfuil gá (nó spás) d’éinne eile iarracht a dhéanamh. Is dream cairdiúl, cneasta iad cinnte, ach ná fiafraigh iasacht foclóra uathu má leagan tú aon luach ar do lámha. Níl aon am acu d’aon rud taobh amuigh den rang i rith an ranga. Ach is léir gur fiú an obair ar fad sin toisc go bhfuil Spáinnis an-láidir ag an gcuid is mó dóibh. An chuid eile dóibh, bhuel deirfimid mar seo é, b’fhéidir nach bhfuil Spáinnis láidir acu, ach

cinnte tá ‘R’ láidir acu. Ní litir a chailltear go héasca í. Tá na daltaí ón Ísiltír agus ón mBreatain cosúil go leor. Ní chuireann siad an iomar-

ca brú orthu féin, bíonn siad sna ranganna timpeall na ama a thosaíonn siad. Ní thógann siad ró-dáiríre an saol. Tá siad cairdiúil chomh maith. An fhadhb is mó ná go bhfuil Béarla líofa ag an dá dhream.

Mar sin tá siad beagnach ró-shásta a ndroim a chasadh ar an Spáinnis ar mhaithe le filleadh ar an mBéarla. Cé nach bhfuil (mórán) deacrachta agam í a labhairt, ní raibh na céadta euros caite agam (alright, ag mo mham) ar an gcursa ionas go dtiocfadh feabhas ar mo Bhéarla labhartha. Céard faoi na hÉireannaigh a cheistíonn sibh? Bhuel nach nod láidir go leor é go bhfuilim ag suí, os comhair mo ríomhaire, an lá i ndiaidh a chur mé tús leis an alt, ar an eitleán abhaile ar lá na sprice a tugadh dom. Bhuel, sin é an saol.

Oifigeach na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn Trish O’Beirne

Beidh Pádraigín ag feidhmniú mar Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn i mbliana, agus mar sin beidh sí mar nasc idir an eagraíocht thuasluaite agus an chumann seo. Beidh sé de dhualgas uirthi a cuid ama a chaitheamh ag eagrú imeachtaí spleodracha linn, ag cinntiú go dtugtar aird ceart ar ár dteanga dúchasach timpeall an choláiste, agus ag cruthú CV den scoth. Aontaíonn gach éinne atá fiú nóiméad amháin caite acu i gcomhluadar Trish Chinn-Óir go bhfuil sí mar ceann de na daoine is gealgáirí agus is cairdiúla ar an domhain seo. Má aimsíonn tú í gan í gafa le selfie a ghlacadh, beidh sí lán sásta labhairt leat, éisteach leat, agus cabhair a thabhairt duit do theach a aimsiú tar éis oíche tragóideach sa Chonradh. Chun scairt a chuir uirthi ar chúis ar bith, ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuici ag gaeilge@tcdsu.org. Muna bhfaigheann tú freagra uaithi láithreach, déan seic ar Teach Mandela, áit a bheidh sí ag cruthú nascanna leis na daoine is tábhachtaí ar champas.

17


Rí Rá : Cearta teanga mar a sheasann siad Déanann Benn Ó hÓgáin cur síos ar streachailt na nGael faoi laithir

Má tá suim ar bith agat i nGaeilge, níl dabht ar bith ann go bhfuil tú ar an eolas faoin streachailt teanga atá faoi lán seoil ag na Gael faoi láthair. Tá gaelscolaíocht ar leibhéal nach bhfacthas le blianta, agus de réir dealraimh, tá an méid cainteoirí míosúla, seachtainiúla agus leathúla ag feabhsú. Feictear dom go bhfuil pobal mór Gaelach anseo i gColáiste na Tríonóide, agus is léir go bhfuil Gaeilge á labhairt go minic, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe. Leis an dul chun cinn atá tagtha ar an nGaeilge áfach, tá seirbhísí trí mheán na Gaeilge ag dul in olcas le luas lasrach, agus na Gaelteachtaí i mbaol mór. I rith an tsamhraidh, thug an rialtas neamhairde do phobal na Gaeilge arís nuair a cheap an Taoiseach beirt pholaiteoir gan Gaeilge líofa acu don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Níl mórán Gaeilge ag an

18

Aire, Heather Humphreys TD, agus tá Gaeilge bhriste ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, TD. Tá sé an chead uair riamh i stair na tíre nach bhfuil an tAire, atá freagrach do na Gaeltachtaí, in ann Gaeilge a labhairt. Ní féidir a shéanadh gur scannal mór é seo, ach rinne mé cinneadh tacaíocht a thabhairt don Aire Stáit. Ní cainteoir ó dhuchas mé, agus mar sin, cé hé mise ceist a chur ar an Aire, atá ag deanamh iarrachta an teanga a fhoghlaim? Tá mé fós á fhoghlaim! É sin ráite, tá orainn seasamh ar son ár gcearta teanga. Tá sárobair déanta ag an gCumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge anseo i gColáiste na Tríonóide le blianta beaga anuas i gcomhair cearta teanga na mac léinn, agus ball foirne an Choláiste. Tá Seomra na Gaeilge againn anois, nach raibh ann cúpla bliain ó shin. Is áis iontach í, agus mo

"Cé comh fada is atá an Ghaeilge mar mhionteanga, beidh orainn troid ar son ár gcearta" laim daoibh ar fad cuairt a thabhairt air, fiú le haghaidh cupán tae agus bríoscaí! Ar aon nós, cé chomh fada is atá an Ghaeilge mar mhionteanga (agus fiú leis an gcosaint bhunreachtúil, is mionteanga í), beidh orainn troid ar son ár gcearta teanga. Bhí alt foilsithe san Irish Times i rith mí Iúil ag rá gur cheart dúinn ‘breathnú go díon is go fada ar Airteagal 8.’ Dar leis an Airteagal, is í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigúil in Éirinn. Dúirt an


t-údar, Aidan Doyle, leachtóir na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh, gur cheart dúinn slán a rá lenár gcearta teanga mar gheall ar an méid airgid a chosnaíonn sé, agus an easpa cainteoirí líofa atá ann. Tá neart daoine ann a mbeadh an intinn céanna acu, ach má tá an t-alt seo á leamh acu, bheadh ionadh orm. Tuigeann muintir na Gaeilge go bhfuil dul chun cinn déanta, ach gan chosaint an dlí, is féidir le rudaí éirí níos measa arís. Feicfimid an damáiste atá déanta ag an rialtas go dtí seo, agus Airteagal 8 i bhfeidhm.

‘níos deirge, níos feirge’ scríofa mícheart ar phointí gramadaí. Dá mbeadh suim ag an Uasal Doyle i nGaeilge, bheadh a fhios aige go raibh mana Chonradh na Gaeilge ar ‘Lá mór na Gaeilge’ ‘dearg le fearg’. Feiceann tú cé chomh cliste is atá an mana nuair atá an cómhtheacs agat. Seachas sin áfach, má tá an Ghaeilge chun dul ar aghaidh mar theanga bheo, beidh orainn glacadh le hathruithe teanga agus gramadaí. Tarlaíonn na hathruithe sin i ngach uile teanga. Níl Gaeilge na nGaelscoileanna foirfe in aon chor, leagan Bearlachas atá ann dáiríre, ach is í an nuatheanDúirt Aidan Doyle go raibh pós- ga seo an teanga beo atá ag dul ar taer ag Conradh na Gaeilge le aghaidh mar ‘Ghaeilge’ don chéad

glúin eile. Agus sibh i gcoláiste, is féidir libh go leor a dhéanamh don Ghaeilge. An chéad chéim, dár ndóigh, ná ballraíocht an Chumainn Ghaelaigh. Tá saol gnóthach ag baill an Chumainn, agus níl aon ionadh gur bhuaigh siad ‘Cumann Mór is Fearr’ anuraidh. Idir na turais móra agus na hoícheanta comhrá, tá an t-uafás le déanamh linn! Má tá Gaeilge i do chroí, cur i do bheal í. Bígí glórach, bígí gníomhach, bígí Gaelach!

Comhfhreagraí Gaelach an UT - Benn Ó hÓgáin

Is duine thar a bheith fuinniúil agus cairdiúil é Benn atá sa dara bhliain ag plé le Dlí agus Gnó. Tá an-suim aige sa Ghaeilge agus i gceol, go háirithe ceol Gaelach agus ceol as Gaeilge. Is ball den Scéim Chónaithe arís é i mbliana agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Má tá tuairimí, ceisteanna nó fadhbanna agat a bhaineann leis an nGaeilge, is féidir ríomhphost a sheoladh chuige ag gaeilge@ universitytimes.ie, agus bheadh sé breá sásta do bharúil a f hreagairt.

Tuathal Urraithe Ag:

19



Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.