8 minute read
SAOLTHARLEAR: SLÍBHEATHALEISANNGAELAINN
tar éis na tarna bliana, agus mé buíoch as an dtacaíocht a fuaireas ó lucht Quercus le dhá bhliain anuas
Cén tionchar a bhí ag baint le do chuid ama; sa Chumann Drámaíochta; sa Chuallacht, agus do phost mar Chathaoirleach, ar do shaol acadúil féin?
Bhíos sáite sa Chumann Drámaíochta ó thús mo thréimhse san ollscoil, agus tá mo chuimhní ar na drámaí a dheineamair ar na cuimhní is gile dá bhfuil agam ón gColáiste Is é an dála céanna ag an gCuallacht é - níor chraic go dtí é - agus bhí dream iontach suas in UCC lem linn, go háirithe an bhliain seo caite Bhíos ar Choiste an Chumainn Drámaíochta sa chéad bhliain agus im chathaoirleach ar an gCuallacht sa tarna bliain Bhaineas ana-thaitneamh as an obair sin ach mar sin féin, agus fé mar is eol d’éinne a bhíonn ag plé le haon chumann nó club spóirt, slogann na cúraimí sin an-chuid ama Théadh sé deacair orm an dá thráigh a fhreastal, cúram a dhéanamh don staidéar agus dualgaisí an Chathaoirligh a chomhlíonadh, agus ní i gcónaí a d’éirigh liom sa mhéid sin, ach is leor ó Mhór a dícheall agus tá súil agam go ndeineas é sin
LEORLALEAHY|EAGARTHÓIRGAEILGE
San alt seo, cuireann Orla agallamh ar Dharragh Ó Caoimh, alumnas nó céimí de chuid Choláiste na hOllscoile
Corcaigh atá in Montana Mheiriceá i mbliana, agus scoláire a bhí ar an gclár faisnéise Céim Chun Cinn ar TG4 le déanaí
A Dharragh, a chara, tá súil agam go bhfuil tú go maith. Tuigim go bhfuil céim bainte amach agat sa Dlí agus sa Ghaeilge, agus go bhfuair tú scoláireacht Quercus ón gColáiste Dlí agus Gnó in 2020 Inis dhom faoi do chuid ama i gColáiste na hOllscoile
Corcaigh agus do chuid staidéir féin.
Conas taoi a Orla? Go raibh míle maith agat as ucht an chuireadh chun labhairt leat Sea, bronnadh céim sa Dlí agus sa Ghaeilge orm mí Dheireadh Fómhair seo caite, tar éis dom ceithre bliana iontacha a chaitheamh cois Laoi Thánag go Corcaigh ar dtúis siar in
2018 díreach tar éis na hArdteiste In Áras Uí Thuama a bhíos ag fanacht, agus an t-ádh dearg liom a bheith in aontíos le ceathrar iontach an dá bhliain a raibh lóistín agam ann Thaitin an cúrsa féin thar barr liom Mar is eol duit féin, tá togha na léachtóirí ag UCC sa dá ábhar agus luíos isteach ar an obair acadúil go fonnmhar Is iontach an péire an dlí agus an Ghaeilge, ní hamháin toisc an chomhréim atá acu ó thaobh an dlí bhunreachtúil nó dlí an Aontais
Eorpaigh de, cuir i gcás, ach toisc a dhifriúl is atáid chomh maith Tugann ábhar amháin faoiseamh duit ón gceann eile Ní bheadh an dlí chomh cruthaitheach leis an nGaelainn uaireanta, abair, ach bheadh gearradh níos mó sa dlí ansan uaireanta eile Bhí sé ina ghruth is ina mheadhg agam dáiríribh Ba mhór an onóir dom ansan glacadh leis an scoláireacht Quercus
An méid sin ráite, is dóigh liom gur chun leasa mo shaoil acadúil gach dá ndeineas lasmuigh den léachtlann Is fíor san i gcás na Gaeilge go háirithe Na díospóireachtaí Oireachtais, na drámaí, an iriseoireacht, na cláracha raidió, na hoícheanta sóisialta, Bál na Gaeilge, an fhilíocht srl , b’fhearrde mise mar dhuine agus b’fhearrde mo chéim na rudaí sin go léir Ba é an dála céanna ag an dlí é; na bréagchúirteanna agus na hócáidí sóisialta, is dlúthchuid de shaol an mhic léinn dlí iad agus molaim do dhaoine bheith sáite iontu a oiread agus is féidir
Tuigim go raibh tú mar intéirneach le Fiontar sa tríú bliain agat? Cén saghas oibre a bhí á déanamh agat ansin?
Bhí beirt againn ón gcúrsa ar thaithí oibre le Fiontar; mise agus cara dom, Muireann Ní Mhurchú Fómhar na bliana 2020 a bhí ann agus an Víreas Corónach in airde láin, agus is age baile i gCeann Toirc a thugas faoin intéirneacht dá bhrí sin In ainneoin san, bhí an-chúpla mí agam le Fiontar Bhí Cathal Burke ag déanamh cúraim dúinne agus níor lách agus ghnaíúil go dtí é B’iontach an comhbhádóir í Muireann agus bhuailimis le chéile ar Zoom go minic, rud a choimeád an taonaránachas ó dhoras Ghiorraíomar beirt bóthar na paindéime dá chéile measaim
Is meitheal taighde nualaíoch cheannródaíoch é Fiontar, agus iad lonnaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Táid ar thús cadhnaíochta ó thaobh na ndaonnachtaí digiteacha agus na Gaeilge de, agus suíomhanna ar nós dúchas ie, gaois ie, téarma ie, ainm ie agus logainm ie forbartha acu Fuaireas éachtaint mós luachmhar ar na tionscadail éagsúla san, agus thug lámh chúnta do na foirne a bhí ina bhfeighil, bíodh san i ngort na logainmníochta, an aistriúcháin, na téarmaíochta, nó na teangeolaíochta corpais Thugadar anscóp dúinn ó thaobh taighde de chomh maith; bhí cead ár gcinn againn ó thaobh léitheoireachta de agus ba mhór an deis í sin chun eolas a chur ar réimsí éagsúla de léann na Gaeilge
Cad a bhíonn á dhéanamh agat in Montana na laethanta seo?
Táim in Montana ó mhí Lúnasa seo caite i leith Is in Missoula, fé scáth Shléibhte na gCreag in iarthar an Stáit, atáim im chónaí agus mé ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Montana; a bhfuil a champas ar an mbaile anso Bead anso go ceann dhá mhí eile agus ceangal orm filleadh ar Éirinn ansan de réir coinníollacha an víosa agam
Conas gur thit sé amach gur tugadh an deis sin duitse?
Ghnóthaíos Duais Fulbright chun a bheith im Chúntóir Teagaisc le Teangacha Iasachta (FLTA), agus fuair post mar theagascóir Gaeilge anso i dTír na Spéire Móire, mar a tugtar ar Montana Tá an clár FLTA ar siúl ag Fulbright le blianta fada Seanadóir Meiriceánach ó Arkansas a bhí in Fulbright, agus rún aige solas an léinn a scaipeadh sna ceithre harda tar éis uafáis an Tarna Cogadh Domhanda Bíonn scoláirí Meiriceánacha ag imeacht thar lear i mbun taighde agus cuid acu ag múineadh Béarla Déantar an comhar a dhíol leo ansan agus bronntar scoláireachtaí ar na céadta scoláire ón iasacht agus iad i mbun máistreachtaí agus dochtúireachtaí in ábhair éagsúla, nó ag léachtóireacht agus i mbun taighde, nó ag teagasc teanga iasachta
Chuireas iarratas isteach go dtí Coimisiún Fulbright Éireann agus bhí lúcháir orm gur éirigh leis Deichniúr FLTAanna ar fad atá abhus anso i mbliana, a bhformhór ar an gcósta thoir Mise agus mo chomhghleacaí Eilís Ní Iarlaithe (Corcaíoch eile!) is sia siar
Má tá éinne á léamh seo is gur mhaith leo níos mó eolais a fháilt i dtaobh Fulbright, bíodh siad i dteangmháil liom agus míle fáilte
Cad é an rud is suimiúla faoin nGaelainn in Montana? Chualas go bhfuil beirt as an tríú bliain den rang Dlí agus Gaeilge in Montana chomh maith i mbliana?
Is fíor dhuit! Tá Shay Evans agus John Dineen ag caitheamh an tseimeastair anso sa Scoil Dlí agus iad ar intéirneacht le breithiúna feidearálacha leis Go deimhin, tá an triúr againn in aontíos agus sinn ag tarraingt go maith le chéile Is deas comhluadar Gaeilgeoirí a bheith anso
Maidir leis an nGaelainn agus Montana, is ceist ana-shuimiúil í sin Nuair a deirinn le daoine go rabhas ag ardach na seolta is ag triall ar Montana chun Gaelainn a mhúineadh, is iad an dá cheist chéanna a bhíodh ar a mbéal ag beagnach gach duine: cá bhfuil
Montana, agus cad ina thaobh, in ainm Dé, go mbeifeá ag múineadh Gaelainne ann? An rud nár thuigeas nó go dtána anso amach go bhfuil na Gaeil seanbhunaithe sa taobh so tíre agus scéal agus stair ríspéisiúil á leanúint
Cuirim i gcás Thomas Francis Meagher, Gael agus náisiúnaí a rugadh i bPort Láirge ag tús an naoú haois déag Bhíothas á chomóradh in Éirinn le déanaí mar gheall gurbh é an chéad duine a chroch brat náisiúnta na hÉireann, i an Trídhathach Daoradh chun báis é tar éis Éirí Amach 1848 ach laghdaíodh an bhreith agus seoladh go dtí an Tasmáin ina ionad san é D’éalaigh as san is sheol go NuaEabhrac, mar a gcuir Gaeil na cathrach sin na fáiltí geala roimis Bhí ina ghinearál in Arm an Aontais le linn an Chogaidh Chathartha Is é fé ndear dom a scéal a roinnt gur cuireadh i gceannas Dhúiche Mhontana ina dhiaidh sin é, de bharr a ghaiscí ar pháirc an chatha, agus deirtear gurbh é an chéad Ghobharnóir ar an áit seo é, cé ná raibh Montana ina Stát i gceart go dtí 1889
Bhí borradh ag teacht fén ngeilleagar anso fén dtráth úd, mar bhí saibhreas thar meon aimsithe faoin dtalamh acu Raidhse óir, airgid, agus thar aon ní eile, an dúiche chopair. In Butte is mó a bhí na mianaigh, agus tharraing na Gaeil ar an gcathair sin ina mílte is ina mílte chun dul ag obair iontu, dream mór ó Bhéarra go háirithe. Cainteoirí dúchais
Gaeilge ab ea cuid mhaith mhór acu
Bhí Seán Ó Súilleabháin, nó “Seán Irish”, ar dhuine de na cainteoirí sin, agus b’é siúd a d’fhear fáilte i nGaeilge roimh Éamon de Valera ach a dtáinig sé ar cuairt go Butte in 1919
Maireann an sprid Gaelach go láidir anso i gcónaí, agus na scórtha mac léinn ag gabháilt don Ghaelainn san ollscoil fé choimirce Ionad an Léinn Ghaelaigh, a bhfuil Traolach Ó Ríordáin (Corcaíoch eile fós) ina stiúrthóir air Tá cumann iománaíochta ar an bhfód anso le deich mbliana leis, agus an corn náisiúnta ollscoile buaite acu ceithre huaire Beam ag triall ar Kentucky do chomórtas na bliana seo ag deireadh mhí na Márta
Tuigim go raibh deis den chéad scoth agat a bheith páirteach i gclár faisnéise ar TG4; clár a bhí ar siúl nó a craoladh i mí Eanáir. Comhghairdeas as an deis sin. Inis dom faoi led thoil.
Go raibh míle maith agat, a Orla! Sea, dob iontach a bheith páirteach in “Céim Chun Cinn”, sraith faisnéise cheithre chlár a léirigh Aniar agus a craoladh ar TG4 Is éard a bhí i gceist gur leanadh mise agus triúr eile agus saol an scoláire á chaitheamh againn Léiriú ar shuáilcí agus duáilcí an mhic léinn a bhí ann; cé gur mhó go mór na suáilcí a bhí ann domsa buíochas le Dia Bhaineas anashult as a bheith rannpháirteach sa tsraith chéanna.
Cad é an rud is suimiúla a bhí ag baint leis an gclár sin?
Domsa, as a bheith ag féachaint ar scéal an triúir eile Níl aon aithne agam orthu agus níor bhuaileas riamh le héinne acu Ba mhór idir taithí an cheathrair againn, cé go raibh rudaí áirithe againn i bpáirt Ach chuireas ana-spéis ins na caithimh aimsire a bhí acu: an chaid, an rothaíocht, an ceol, agus ins na tuairimí a bhí acu i leith an tsaoil agus i leith na hollscoile Tá súil agam go gcasfar ar a chéile amach anso sinn
An bhfuil aon phlean eile agat an Ghaelainn a chur chun cinn thar lear?
Tá ambaist Beidh cad é bús anso do Lá ʼle Pádraig agus cúpla rud ar siúl againn Is é an rud is mó go bhfuilim ag siúl leis an Oíche Éigse Éireann Beidh daoine ag léamh dánta le scoth na bhfilí ó fhearann Fódhla; i nGaeilge agus i mBéarla Ba cheart go mbeadh cuileachta mhaith ann!
Go raibh míle maith agat as do chuid ama, a Dharragh. Go n-éirí an t-ádh leat amach anso Is féidir le léitheoirí féachaint ar an gclár céanna ar sheinnteoir TG4 anois, dar ndóigh
BY N
As my tim and the m food, and I’ve writt running a joys of so to have ha been conc moment f pasta and Transition turbulent smooth ov county of home to s qualities a
The 10 mi the group building y scent of fr a display biscuits ga be drawn there is an gravitate t penne in a finish off coffees D pistachio a
The cafe's Bowls ful perpetual upstairs in your food atmospher easier to w our visits busy wee you’ve ne lunch awa