Gréasáin Liteartha Bhaile Átha Cliath na Réabhlóide: C.P. Curran, Helen Laird, agus Ulysses

Page 1


Príomh-Íomha: Lipéad fhíon Saint Patrice ó bhuidéal a thug Joyce do Curran mar bhronntanas. Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC. (CUR L 376.) Intlisí ó chlé go deas: Lipéad seolta de chuid Shakespeare and Company don chóip a bhí ag John Stanislaus Joyce d’Exile. Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC. 39.K.12. Grianghraf de Constantine Curran agus Eiblín MacNeill Tierney, bean chéile de chuid uachtarán na linne sin, Michael Tierney, agus iníon de chuid Eoin MacNeill arna thógáil in 1962. Grianghraif de Tierney/MacNeill, Páipéir de chuid Michael Tierney (1894–1975) Cartlann COBÁC, (IE UCDA LA30). A Broadside ó Mhárta 1910 ina bhfuil “Funerals.” le Seumas O’Sullivan ann Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC (1.w.2/1j).

2


Gréasáin Liteartha Bhaile Átha Cliath na Réabhlóide: C.P. Curran, Helen Laird, agus Ulysses le James Joyce In Ulysses le James Joyce, luann Richard Best cur síos a rinne Samuel Taylor Coleridge ar William Shakespeare mar “duine a bhfuil an iliomad spéiseanna aige”; bheadh an frása seo oiriúnach i leith Constantine Curran agus Helen Laird chomh maith. B’aisteoir, sufragéid, éadaitheoir, dearthóir seit, ceimiceoir agus múinteoir eolaíochta í Laird. Ba dhlíodóir, staraí ailtireachta, iriseoir, léirmheastóir, bailitheoir leabhar, agus grianghrafadóir é Curran. Bhí baint ag Laird le gluaiseachtaí polaitíochta agus amharclainne agus bhí suim a bhí ag Curran sna hamharcealaíona agus a chuid rannpháirtíochta sna grúpaí liteartha agus intleachtúla a bhain leis an gColáiste Ollscoile. Le cabhair ón méid sin, chruinnigh Laird agus Curran grúpa mór cairde lena n-áiríodh teaghlach na Yeats, George William “Æ” Russell, Padraic Colum, James Stephens, Sarah Purser, agus an té ba cháiliúla, James Joyce. Mhair cairdeas idir Curran agus Joyce ar feadh na mblianta. Cuirtear in iúl le litreacha Joyce conas, mar gheall ar Curran, a choimeád sé nasc lena chathair dhúchais agus conas a chruthódh Curran ról cosúil leis sin i gcomhair cairde idirnáisiúnta, lucht tacaíochta, scoláirí agus beathaisnéisithe de chuid Joyce ina dhiaidh sin. Toisc gur cailleadh Joyce roimh Curran, roghnaíodh é i ról mar choimeádaí oidhreacht Joyce. Cuirtear in iúl le bailiúchán Curran/Laird conas a d’imir Curran tionchar ar chruthú na híomha aitheanta (go fíortha agus go beacht) den mhórphearsa Nua-Éireannach. Pósadh Curran agus Laird i mí na Nollag 1913 agus d’óstáil siad salóin liteartha go rialta as sin amach tráthnónta Dé Céadaoin ina mbaile ag 42 Ascaill Garville, Ráth Garbh. Tá an seoladh sin ar chuid mhór den chomhfhreagras cuimsitheach ó Joyce agus eile. In 1971, tamall beag roimh bhás Curran, fuair Bailiúcháin Speisialta COBÁC stór Curran/Laird de litreacha, páipéar, leabhar, tréimhseachán, grianghraf, earraí inbhailithe de chineál liteartha agus polaitiúil, agus cuireadh leis in 2021. Is léiriú é an taisce luachmhar ábhar seo ar shaol liteartha agus cultúrtha a bhí beo bríomhar i mBaile Átha Cliath agus léiríonn sé ní hamháin cairdeas buan le daoine tábhachtacha amhail James Joyce agus teaghlach Yeats, ach gréasáin ealaíonta freisin a bhí i gcroílár na hAthbheochana Liteartha Éireannaí. Léiríonn an bailiúchán na naisc a bhí ag Curran le gach ceann de cheithre mhórshaothar de chuid Joyce, maidir lena gcumadóireacht, a bhfoilsiú, a bhfógraíocht agus an bealach ar glacadh leo. Ar an 1 Eanáir 1954 scríobh Stanislaus Joyce chuig Curran: “Fad a bhí mo dhearthair beo chuala mé fút uaireanta. Luaigh sé go minic cé chomh húsáideach a bhí tú dó, agus tá a fhios agam go raibh sé an-bhuíoch as do chomhoibriú”.

3


Príomh-íomha: Litir ó Æ chuig Conn Curran ina bpléitear a leabhar The Avatars: a Futurist Fantasy. Le líníocht dúigh agus chriáin ag barr na litreach. Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC (CUR L 30).

4


Aithníodh a gcairdeas go forleathan agus tá sé léirithe i gcomhfhreagras Curran le teaghlach Joyce agus le lucht tacaíochta amhail Sylvia Beach, Harriet Shaw Weaver agus Paul Léon i ndiaidh bhás Joyce. Bhí Curran agus Laird gafa ó thaobh na polaitíochta de agus taispeántar leis an mbailiúchán an dlúithe a bhí acu leis an nglúin réabhlóideach a chuir riail na Breataine as cumhacht, a bhunaigh Saorstát Éireann agus a bhí i gceannas air i ndeireadh na dála. Is féidir le daoine tábhacht agus raon an chairdis idir Curran agus Joyce a thuiscint go hiomlán tríd an taispeántas seo. Agus an bhaint a bhí ag Curran i saol liteartha a bhí beo bríomhar i mBaile Átha Cliath luath sna 1900í á cur i láthair, tagann an tionchar a d’imir sé ar scríobh na staire liteartha agus a stádas mar ghuth soiléir ar an Athbheochan agus an ré réabhlóideach chun tosaigh. Tagann an t-ionchur a bhí ag Helen Laird in amharclannaíocht agus polaitíocht na hÉireann chun tosaigh chomh maith. Thagair Æ uair amháin do ghluaiseacht liteartha mar seo: “cúigear nó seisear a bhfuil cónaí orthu sa bhaile chéanna agus a bhfuil an dearg-ghráin acu ar a chéile”. Is iomráiteach na deighiltí nimhneacha de chuid Chogadh na gCarad, ach taispeánann bailiúchán Curran/Laird an “nádúr soineanta druidte” agus “fáilteacht” a d’aithin Joyce mar a rud speisialta san ardchathair Ibeirneach. Choimeád Dr Niels Caul an taispeántas seo.

5


Príomh-íomha: Ceanntásc iris liteartha an Choláiste Ollscoile St. Stephen’s (33.O.3); Intlisí: Grianghraf d’Fhaiche Stiabhna (uimh. 84-86 agus University Church) arna thógáil ó albam grianghraf gan teideal arna fhoilsiú i gcuimhne ar Urr. T Corcoran C.Í., an chéad ollamh le heolaíocht ag COBÁC (1909–42). Bailiúcháin Speisialta COBÁC (48.O.6); grianghraf de Francis Skeffington a bhí ag Tom Kettle roimhe sin (1.I.1a-b); litir ó James Joyce chuig Constantine Curran, dátaithe an 30 Lúnasa 1904 (CUR L 410). Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC.

6


“Lárionad Éirimiúil”: Curran, Joyce agus na Blianta a chaith siad sa Choláiste Ollscoile, 1899-1904 Bhuail Constantine Curran le James Joyce den chéad uair in 1899 le linn léacht na chéad bhliana ar an Litríocht Bhéarla ag 87 Faiche Stiabhna. Bhain Stephen Dedalus, macasamhail fhíorúil leath-dhírbheathaisnéis de chuid Joyce i bhficsean, an Fhaiche amach níos déanaí, ach mar a luaigh Curran, níor “chúlra barántúil maidir leis an saol coláiste” ab ea é A Portrait of the Artist as a Young Man. Ba mar a chéile Baile Átha Cliath de chuid Joyce agus cathair na nAthbheochanóirí Liteartha agus na bpearsan polaitiúil a chuir tús leis an réabhlóid. B’fhéidir leis na grúpaí sin a rá gur leo an chathair ilghnéitheach a raibh an fuinneamh intleachtúil, polaitiúil, agus cruthaitheach inti agus ina raibh an Coláiste Ollscoile ina croílár. I mí na Samhna 1901, d’fhoilsigh Joyce agus Francis Skeffington, a n-aistí iad féin, is iad sin “The Day of the Rabblement” agus “A Forgotten Aspect of the University Question”, i ndiaidh d’Iris Liteartha an Choláiste Ollscoile St. Stephen’s diúltú dóibh. Diúltaíodh d’aiste Joyce’s de bharr an tagairt a rinne sé do Il Fuoco le Gabriele D’Annunzio. Áirítear sa bhailiúchán cóipeanna sínithe Joyce de La Gloria agus Sogno d’un Tramonto d’Autumno le D’Annunzio. Bhí an chéad saothar eile “James Clarence Mangan” le Joyce san áireamh i St. Stephen’s agus in 1927 sheol Curran cóip chuig Sylvia Beach, an té a d’fhoilsigh Ulysses. Tá leagan clóscríofa de chuid Joyce, arna spreagadh ag Molly Bloom, den amhrán Éireannach móréilimh “Molly Brannigan” san áireamh sa chomhfhreagras idir Beach agus Curran chomh maith. In 1904, agus é mar eagarthóir ar St. Stephen’s, dhiúltaigh Curran do mhórbhileog Joyce “The Holy Office” Tá Curran freagrach as an dá íomha de chuid Joyce is mó a bhfuil an cáil orthu ón ré sin. Leag sé amach pictiúr ó bhronnadh céime rang BA na bliana 1902 agus ghlac sé grianghraf de Joyce ag an teach gloine ina ghairdín cúil ag 6 Cumberland Place ar an gCuarbhóthar Thuaidh. Ba chuig Curran a seoladh ceann de litreacha Joyce is mó a luaitear agus a ndéantar plé air ina meastar Dubliners mar “sraith epicleti”. I mbailiúchán Curran/Laird, dírítear aird ar an mbaint a bhí ag Joyce agus Curran lena alma mater agus an tsuim uilíoch ar dhírigh lucht a linne air.

7


Príomh-íomha: Léaráid le Pamela Coleman-Smith ina léirítear radharc ó Deirdre le Æ ón Green Sheaf Forlíonadh Uimh. 7 (1903) (1.X.32) Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC; Intlisí: Ticéad Séasúir de chuid Constantine Curran d’Amharclann na hÉireann 1906-1907, sínithe ag Padraic Colum (1.I.1/1a); Clúdach cúil de Chlár Amharclann na Mainistreach do chéad léiriú The Playboy of the Western World le J.M. Synge an 26 Eanáir 1907 (1.I.1/25). Léaráid le Cecil French ina léirítear radharc ó Deirdre le Æ ón Green Sheaf Forlíonadh Uimh. 7 (1903) (1.X.32). Bailiúchán de chuid Constantine Curran/ Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC.

8


Helen Laird agus Athbheochan na Gaeilge Bhí Helen Laird ar dhuine de bhaill bhunaidh Chompántas Náisiúnta Drámaíochta na hÉireann de chuid W. G. Fay. Rinne sí na seiteanna agus na feistis i gcomhair an chéad léirithe de Deirdre le Æ agus i gcomhair Cathleen Ni Houlihan le W.B. Yeats i Halla San Treasa, Sráid Clarendon an 2 Aibreán 1902. Scríobh an Compántas, a raibh Yeats agus Æ mar bhaill de, chuici le rá léi gur “éirigh go hiontach leis an dá dhráma”. D’eascair Cuideachta Amharclann Náisiúnta na hÉireann agus Amharclann na Mainistreach níos déanaí as an bhfiontar sin. Faoin ainm stáitse Honor Lavelle, thug Laird taispeántais i gcuid de dhrámaí is cáiliúla na hAthbheochana, lena n-áirítear Riders to the Sea le J.M. Synge. Dúirt cara leis an drámadóir William Bernard Tarpey gur thug sé taispeántas “gan locht” uaidh mar Maurya. In 1903 thaispeáin Synge lámhscríbhinn an dráma do Joyce i bPáras agus rinne Nora Barnacle páirt Cathleen ar an 17 Meitheamh 1918 leis na English Players ag Amharclann Pfauen in Zurich. In ainneoin na bainte luaithe a bhí aici in Amharclann na Mainistreach, bhunaigh Laird, in éineacht lena cara Padraic Colum, Thomas MacDonagh, agus eile an dara grúpa, Amharclann na hÉireann (1906–12). Rinne Joyce cáineadh ar chuspóirí Amharclann na Mainistreach freisin agus thuar sé nach bhfeicfeadh sé “an brat ag dul in airde” ar amharclann nua de bharr go “bhfuair siad an tram deireanach abhaile cheana.”

9


Príomh-íomha: Admháil ó Cuala Press don chéad eagrán de Michael Robartes and the Dancer le W.B. Yeats, a bhí ag Constantine Curran (1.Y.23); Intlisí: Inscríbhinn ó W.B. Yeats ar chéad fhoilsiúchán de chuid Dun Emer Press, In the Seven Woods: Being Poems Chiefly of the Irish Heroic Age (1.Y.24); Cuala Press A Broadside ó mhí Feabhra 1912, ina bhfuil an t-amhrán móréilimh “The Night Before Larry was Stretched” (1.w.2/i); Grianghraf de Constantine Curran agus Padraic Colum (CUR P 34). Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC.

10


Helen Laird, Constantine Curran agus Teaghlach Yeats Cuireadh tús le cairdeas fada idir Constantine Curran agus Helen Laird le teaghlach Yeats mar gheall ar an mbaint a bhí ag Helen agus W.B. Yeats i gCuideachta Amharclann Náisiúnta na hÉireann. Cé gurbh é Maude Gonne an chéad duine a ghlac páirt Cathleen Ni Houlihan, ghlac Maire T. Quinn an pháirt i léiriú Chuideachta Amharclann na hÉireann in Queensgate Hall, South Kensington, ar an 2 Bealtaine 1903. Ghlac Laird páirt Bridget agus thug Yeats céad eagrán an dráma inscríofa di mar bhronntanas. Léirítear an bhaint a bhí ag muintir Curran le Elizabeth agus Lily Yeats – ar a dtugann Buck Mulligan “na deirfiúracha aisteacha” in Ulysses – trí bhíthin tacar iomlán de Broadsides de chuid Cuala Press a bhí ag muintir Curran. Taispeántar dlúithe a gcaidrimh le Jack B. Yeats agus a bhean chéile Mary “Cottie” Cottenham Yeats, le bronntanas leabhar sceitseála Cottie dá thug Jack dóibh i ndiaidh a báis in 1947. Scríobh Curran go minic faoi Jack B. Yeats in Studies agus mhol sé a obair in eagrán iubhaile leathchéad bliain an Irish Independent in 1955.

11


Príomh-íomha: Sackville Street in Ruins (1916) le hEdmund Delrenne. Bailiúchán na gCoimíní Cruthaitheacha de chuid Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann; Intlisí: Clár dráma d’Amharclann na hÉireann ar Shráid Hardwicke (Aibreán 1915) do Pagans le Thomas MacDonagh; The Walls of Athens le Eimar O’Duffy, Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC 1.I.1/11; grianghraf d’Eoin MacNeill sna Ceithre Cúirteanna a ghlac Curran in 1909. Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC. CUR P 49. Údarú ó Mhicheál Collins chun doiciméid de chuid Oifig na dTaifead Poiblí a shábháil, Na Ceithre Cúirteanna, litir, 11 Iúil 1922. Bailiúchán de chuid Curran/Laird. Cárta Poist Comórtha d’Éirí Amach na Cásca 1916 ina léirítear an damáiste a rinneadh do Shráid Saicbhil (Uí Chonaill), a chuir Valentine i gcló, Baile Átha Cliath (1.H.1/13); Cárta poist le comóradh a dhéanamh ar shochraid Airt Uí Ghríofa ar an 16 Lúnasa 1922, a chuir Wisdom Hely’s i gcló (1.1.H.1/30). Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC. Páipéir de chuid Hugh Kennedy (1879–1936), Cartlann COBÁC, IE UCDA P4/283 (3).

12


Muintir Curran agus Réabhlóid na hÉireann, 1916-1922 I mbailiúchán Curran/Laird, leagtar amach treocht na hÉireann ó náisiúnachas polaitiúil agus cultúrtha, go héirí amach, cogadh cathartha agus bunú an stáit agus léirítear leis an mbailiúchán seo an aithne phearsanta a bhí acu leis an nglúin réabhlóideach. Ba bhaill í Laird d’Inghinidhe na hÉireann agus seo é an chúis le paimfléad sínithe “Women, Ideals and the Nation” le Constance Markievicz. Léirítear a baint leis an saol polaitiúil freisin leis na róil a bhí aici sna Ladies’ School Dinners Committee in 1911 agus Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná. Áirítear leis an mbailiúchán freisin fógra dhráma Shráid Hardwicke 1915 ina bhfuil ainmneacha pearsana iomráiteacha in Éirí Amach na Cásca agus i mbunú Shaorstát Éireann araon ann, mar shampla Thomas MacDonagh, Joseph Plunkett, Padraig Pearse agus Eimar O’Duffy, go leor acu a raibh baint acu le The Irish Review (1911-1914). Bhí O’Duffy ar cheann de na teachtairí a spreag Eoin MacNeill chun Éirí Amach na Cásca a chur ar ceal. Scríobh sé léirmheas dearfach ar Ulysses ina dhiaidh sin san Irish Review athbhunaithe. D’oibrigh Curran mar chléireach sna cúirteanna ó 1903 agus ceapadh é mar Chláraitheoir na hArd-Chúirte in 1921, áit a d’oibrigh sé i dteannta MacNeill. Ó 1916 go 1922 ba é Curran an Comhfhreagraí Éireannach le haghaidh an Nuachtáin Bhriotanaigh The Nation. I ndiaidh Éirí Amach na Cásca, d’oibrigh Curran ina eagarthóir ar The Nation H.W. Massingham timpeall Bhaile Átha Cliath. Scríobh Curran don nuachtán faoin ainm clóite Michael Gahan – comhartha aitheantais do shloinne roimh phósadh dá mháthair, McGahan – agus mheas “Alfred Havighurst, beathaisnéisí Massingham ” é mar “comhfhreagraí den scoth i mBaile Átha Cliath.”. Ba é an toradh a bhí ar an mbaint a bhí ag Curran le The Nation ná go raibh sé ar cheann de na chéad fhoilsiúcháin a rinne léirmheas ar A Portrait of the Artist as a Young Man (1916). I ndiaidh an pléasctha in Oifig na dTaifead Poiblí i mí Iúil 1922, sheol Michael Collins Curran chun an damáiste a mheas. Ag deireadh mhí Lúnasa, fuair Michael Collins agus cara mór le Curran, Art Ó Gríofa, bás.

13


Príomh-íomha: St. George’s Church, ar glacadh grianghraf de ó Shráid Eccles le Constantine Curran sna 1940í. CUR P15 Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC. Intlisí: The Little Review (1.T.17) ó Mhárta 1918 a bhí ag Constantine Curran; agus seoladh de chuid Uasail agus Bhean Curran ar an gclúdach litreach, scríofa ag Joyce ar an 31 Iúil 1935 (CUR L 187). Bailiúchán de chuid Constantine Curran/ Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC.

14


Curran agus Joyce, na Blianta Deireanacha, 1917-1941 Sheoladh Joyce cóipeanna de The Little Review chuig Curran go minic, áit ar foilsíodh Ulysses mar shraith. Ar an 11 Feabhra 1922 rinne Joyce uimh. 309 de na 1,000 cóip chéad eagrán Ulysses ó Shakespeare and Company a inscríobh do Curran, agus sheol Sylvia Beach go Baile Átha Cliath é do Joyce. Sheol Beach céad eagráin chuig Lennox Robinson (751) agus W.B. Yeats (939) níos déanaí; is cuid de bhailiúchán Curran/Laird é an chéad cheann. Bhí ról lárnach ag Curran maidir le rogha Harriet Shaw Weaver chun an lámhscríbhinn A Portrait a thabhairt chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Ar Lá Fhéile Pádraig 1952, thug sí cóip uimhir 1 d’Ulysses chuig an Leabharlann Náisiúnta. Fad a bhí sé i bPáras, thug Joyce Le Navire d’Argent ó Dheireadh Fómhair 1925 do Curran, lena n-áiríodh eagrán Anna Livia Plurabelle de Finnegans Wake. Lean Curran treoracha Joyce chun é a aithris “leath os ard, gan bhriseadh agus go cuibheasach gasta” agus é á léamh do Helen. Agus Joyce ag obair ar an úrscéal, d’iarr sé leabhair amhrán Éireannach ar Curran agus chuidigh Curran leis le huacht a athar agus le sláinte Lucia Joyce. Tá an cuidiú pearsanta agus proifisiúnta a thug Curran do Joyce ag teacht le measúnú Stanislaus gur Curran “duine den fhíorbheagán a raibh [Joyce] in ann brath air i ndáiríre i mBaile Átha Cliath” agus léiríonn sé an cairdeas leanúnach a bhí acu leis.

15


Príomh-íomha: Leabharshuaitheantas de chuid Constantine Curran, deartha ag Jack B. Yeats ag tús na 1940í. Bailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird, Bailiúcháin Speisialta COBÁC.

16


Scríbhneoireacht Curran Níor éirigh le gairm foilsitheoireachta Curran go dtí gur cailleadh Joyce agus léiríonn a ghairm foilsitheoireachta raon ilghnéitheach a chuid suimeanna. In 1945 d’fhoilsigh The Three Candles Press a chéad leabhar, The Rotunda Hospital: Its Architects and Craftsmen, i mBaile Átha Cliath, a áit dhúchais. Foilsíodh Dublin Decorative Plasterwork of the 17th and 18th Centuries ina dhiaidh sin in 1967. Cé gurb é James Joyce Remembered an saothar is cáiliúla atá ag Curran go fóill, léiríonn a leabhar deiridh, Under the Receding Wave, lánléargas atá chomh faisnéiseach agus iontach céanna ar Bhaile Átha Cliath i ndeireadh an naoú haois déag - agus tús an fichiú haois, gnéithe ilchineálacha shaol cultúrtha agus polaitiúil na cathrach go háirithe. “Gréasáin Liteartha Bhaile Átha Cliath na Réabhlóide: Le C.P. Curran, Helen Laird, agus Ulysses” le James Joyce, cuirtear bailiúchán a bhaineann go díreach le Joyce in iúl den chéad uair agus tagann sé cúpla mí i ndiaidh fhoilsiú an eagráin nua de bheathaisnéis faoi Joyce, curtha le chéile ag Curran agus foilsithe ag UCD Press. Ba iad foilsiú Ulysses agus bunú Saorstát Éireann bun agus barr 1922. Ar chomóradh céad bliain na n-eachtraí sin, tugann saintréithiúlachtaí bhailiúchán Curran/Laird léargas dúinn ar thimpeallachtaí intleachtúla agus ar ghréasáin chairdis a chuaigh i bhfeidhm ar an úrscéal agus ar an Stát nua-bhunaithe. Léiríonn cartlann Curran agus Laird an stádas a bhí acu mar chaomhnóirí cultúrtha agus mar ghníomhaithe polaitiúla le linn agus i ndiaidh na ré Réabhlóidí. Mar a dúradh in Ulysses, is cineál “eagrú iardhearcach” é scríobh na staire cultúrtha agus polaitiúla agus leagtar béim ar an bpróiseas sin le bailiúchán Curran/Laird i gcomhthéacs Bhaile Átha Cliath. I bhfianaise na spéise idirnáisiúnta i James Joyce, teaghlach Yeats, san amharclann Éireannach agus i gcíor thuathail polaitíochta thús an fichiú haois, ní nach ionadh go bhfuil gné dhomhanda le fáil i mbailiúchán de chuid Curran/Laird agus an tionchar a d’imir siad ar iarrachtaí idirnáisiúnta ar stair pholaitiúil agus chultúrtha na hÉireann a scríobh. I gcomhfhreagras Laird, caitear solas ar fheidhmiú inmheánach Chuideachta Amharclann Náisiúnta na hÉireann, mar a bhí air ina thús, chomh maith lena machnamh suimiúil ar an ré sin sna blianta ina dhiaidh sin. I gcomhfhreagrais idir Curran agus léirmheastóirí agus beathaisnéisithe Joyce, ar nós Richard Ellmann, Stuart Gilbert, Herbert Gorman, Richard M. Kain, John J. Slocum, agus William York Tindall, léirítear an tionchar a d’imir sé ar chruthú na híomhá móréilimh agus choitianta de Joyce a fhaigheann moladh síoraí. Bheadh sé i dteagmháil le cuid mhaith de na daoine a bhí i ngrúpa Joyce, lena n-áiríodh T.S. Eliot. Áirítear go speisialta sa bhailiúchán teileagram ó Eliot (ar phaipéar ceannteidil Faber and Faber), ina gcuimhnítear ar shiúlóid i nGleann Dá Lach a bhí aige le Curran agus le teaghlach Jeremiah Hogan, a bhí ina uachtarán ar COBÁC ina dhiaidh sin. Bhí an tsiúlóid sin ina spreagadh do líne i “Little Gidding”, an ceathrú dán agus dán deiridh de chuid T.S. Eliot, Four Quartets. Tá Curran soiléir ina réamhrá le James Joyce Remembered, go bhfuil sé ag scríobh ar son “cosaint mo bhaile agus mo ghlúine” agus nochtann fairsinge agus tábhacht bhailiúchán de chuid Curran/ Laird riachtanas fhiontar Curran.

17


Príomh-íomha: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath: príomhfhoirgnimh an Choláiste, Ardán Phort an Iarla.

18


Leabharliosta Curran, Constantine. James Joyce Remembered: Edition 2022, in eagar ag Alice Ryan, aistí le Hugh Campbell, Diarmaid Ferriter, Anne Fogarty, Margaret Kelleher, Helen Solterer, Evelyn Flanagan agus Eugene Roche. UCD Press, Baile Átha Cliath, 2022. Havighurst, Alfred. Radical Journalist: H. W. Massingham (1860–1924). Cambridge University Press, New York, 1974. Joyce, James. Letters of James Joyce. Edited by Richard Ellmann, Vol. II, Viking, New York, 1966. --- . Occasional, Critical and Political Writing, edited by Kevin Barry, Oxford University Press, Oxford, 2000. --- . Ulysses. Edited by Hans Walter Gabler, Bodley Head, London, 1984. Joyce, Stanislaus. Letter to Constantine Curran. 1 January 1954. Constantine Curran/ Helen Laird Collection, UCD Special Collections. CUR L 172a. --- . Letter to Constantine Curran. 6 April 1955. Constantine Curran/Helen Laird Collection, UCD Special Collections. CUR L 175. Moore, George. Vale. Heinemann, London, 1914. Buíochas Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann Bhailiúcháin Speisialta COBÁC, Kathryn Milligan, Daniel Conneally, agus le hEvelyn Flanagan agus Eugene Roche go háirithe as ucht a dtacaíochta le linn an tionscadail sin. Ní mór dom buíochas a ghabháil as an gcomhairle, an léargas agus an tacaíocht a fuair mé ó Anne Fogarty, ag céimeanna tosaigh agus deiridh an phróisis. Táim buíoch de Catherine Bodey i gcomhair a cuid oibre deartha le haghaidh an taispeántais agus an leabhráin seo.

19


SEOMRA LÉITHEOIREACHTA NA mBAILIÚCHÁN SPEISIALTA Leabharlann James Joyce An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4 Fón: +353 (0)1 716 7583 Email: library@ucd.ie

Arna fhoilsiú chun dul le taispeántas saothair ó Bhailiúchán de chuid Constantine Curran/Helen Laird mar chuid de Dheich mBliana Chomóradh Céad Bliain COBÁC.

ISBN: 978-1-910963-61-6 ©UCD 2022


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.