2 minute read

LITRÍOCHT NA GAEILGE SA CHÓRAS OIDEACHAS

DANIELLE NIC GILL FHINNÉIN

Cuireann Danielle Nic Gill Fhinnéin an ceist nach bhfuil slí éigin níos fearr ár litríocht a chur os comhair an chéad ghlúin eile?

Advertisement

BÍONN deis ag chuile scoláire agus iad sa mheánscoil úrscéal de shaghas éigin ón tír seo a léamh. Bíonn staidéar cruinn déanta ag na scoláirí ar úrscéal éigin ar feadh bliain nó dhá bhliain. Plota an scéil agus sleachta a fhoghlaim de ghlanmheabhair chun iad a chaitheamh isteach sa Ardteistiméireacht ag deireadh na bliana. Is gnáth nós é seo sa tír agus tacaíocht faighte acu óna scoláirí. Mar mhúinteoir Gaeilge, ní féidir liom a shéanadh nach bhfuil tábhacht ag baint leis an litríocht a dhéanamh le daltaí scoile ach nach bhfuil slí éigin níos fearr ár litríocht a chur os comhair an chéad ghlúin eile?

Leis an Teastas Sóisearach nua, níl athrú tagtha ar an mbéim atá curtha ar an litríocht sa Ghaeilge. Tá deis ag na scoláirí úrscéal nó dhó a léamh agus tionscnamh, aiste nó taifead a chur le chéile le taispeáint mar Thasc Measúnaithe. Freisin, ag deireadh bliain a trí beidh scrúdú acu agus bíonn deis ag na scoláirí ceist nó dhó a fhreagairt faoi pé úrscéal atá déanta acu. Cé go bhfuil rudaí feabhsuithe leis an Teastas Sóisearach nua, fós is gá leis na daltaí staidéar thar a bheith cruinn a dhéanamh ar úrscéal nó dhó. Bíonn múinteoirí ag cur béim ar an bplota agus na carachtair arís is arís eile agus faoi dheireadh na bliana, bíonn na daltaí tinn tuirseach de na leabhair atá déanta acu ar scoil.

Faoin am ina mbeidh siad i mbliain a sé, níl siad ag iarraidh fiú súil a chaitheamh ar an litríocht. Muna raibh orthu aiste a scríobh san Ardteist chomh maith le sleachta de ghlanmheabhair a chaitheamh isteach, seans láidir go mbeidh siad in ann taitneamh níos fearr a bhaint as an litríocht Gaeilge. Is minic a bhí comhrá agam le cairde san ollscoil faoi litríocht na hÉireann agus an tslí ina mhúintear é ar scoil. Ní raibh mórán dearfach le rá ag duine ar bith faoi seo.

Anois agus mé mar mhúinteoir, dúirt mé liom féin nach raibh mé chun an litríocht a mhúineadh sa bhealach sin. Rinne mé mo dhícheall an litríocht a mhúineadh i mbealach nua-aimseartha, gan béim a chur ar ghiotaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Agus mé ag iarraidh é seo a dhéanamh, bhí na daltaí amhrasach faoin modh nua a bhí a úsáid agam. Bhí siad thar a bheith buartha nach raibh mé ag cur iomarca béim ar rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Nach greannmhar é sin? De bharr gach uile rud a bhí cloiste acu óna daltaí eile a bhí níos sine, bhí siad buartha nach raibh mé ag díriú ar an litríocht sa bhealach ceart. Tar éis comhrá a bhéas againn, thuig mé cé gur bhain siad taitneamh as an mbealach inár mhúin mé an litríocht, cad gur theastaigh uathu ná sleachta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. An phríomhchúis le seo ná go raibh siad buartha faoin scrúdú ag deireadh bliain a trí. Nach brónach é seo. Tá iomarca béim curtha ar scrúduithe agus ní féidir leis na daltaí a scíth a ligean agus de bharr seo, ní féidir leo taitneamh ceart a bhaint as litríocht na hÉireann.

This article is from: