2 minute read
SEANFHOCAIL NA H-IRISE
Tá litríocht na hÉireann ag forbairt agus tá réimse leathan shaibhir le fáil i ngach leabharlann agus siopa leabhar. Seo seans dúinn tum isteach i litríocht na hÉireann le súile úrnua. Le coróinvíreas agus seans de hordú dianghlása le teacht, seo an t-am is fearr le litríocht na hÉireann a léamh. Le húdair chomhaimseartha mar Úna-Minh Kavanagh agus Anna Heussaff níl aon amhras agam go mbeidh muintir na hÉireann i ngrá leis na leabhair iontach seo. Nuair atá seans agat ag do luas féin a thógáil le húrscéalta na Gaeilge, ní stopfadh an diabhal thú. Beidh tú go hiomlán gafa leis na húrscéalta. Nuair atá deis agat úrscéal a roghnú tú féin agus é a léamh gan an meabhrú go bhfuil ort scrúdú a dhéanamh air, is féidir leat an t-úrscéal a léamh go deas réidh gan an faitíos agus an strus i gcúl do chinn.
Leabhar iontach atá foilsithe le déanaí ná A history of Ireland in 100 words. Tugann sé eolas duit maidir le 100 focal as Gaeilge agus an scéal stairiúil atá taobh thiar de na focail áirithe seo. Tá sé thar a bheith spéisiúil agus eolasach. Má tá spéis agat i ndúrún dúnmharaithe, tá leabhair thar a bheith tarraingteach darbh ainm Scáil an Phríosúin atá scríofa ag Anna Heussaff. I mo thuairimse, is é an t-úrscéal seo ceann
Advertisement
Giorraíonn beirt bóthar.
(gyu-ree-en
/ bert / bow-hur)
Two shortens the road
1. Cibé turas atá á thaistil agat i rith na tréimhse mhíshocair seo, tabhair aghaidh ar an gcomhluadar atá leat. Is fiú an gcomhluadar sin ar na laethanta dorcha.
de na húrscéalta is fearr atá le fáil atá scríofa as Gaeilge. Bhí mé go hiomlán gafa leis. Cé go raibh an Ghaeilge dheacair go leor dom le leanúint ó am go chéile agus bhí orm úsáid a bhaint as mo fhoclóir agus mé á léamh, is mar gheall ar Scáil an Phríosúin gur thit mé i ngrá le húrscéalta atá as Gaeilge. Caithfidh mé a admháil go raibh orainn an t-úrscéal a léamh don ollscoil ach bhí cead againn é a léamh ag luas a bhí go maith dúinn agus bhí go leor ama againn leis an úrscéal a léamh. De bharr seo, bhí mé in ann suí siar agus sult a bhaint as plota an úrscéil. Ní raibh scrúdú le fáil a bhí bunaithe ar an scéal chomh maith. Thug sé seo deis dúinn sult a bhaint as an scéal gan an strios sinn i gcúl ár n-intinn.
Cad gur féidir liom a rá? Is gá dúinn rud éigin a dhéanamh leis an meon atá ag daoine óga na tíre seo maidir le leabhair atá scríofa as Gaeilge. Ach conas gur féidir linn é seo a dhéanamh má tá siad cráite le smaointe faoi scrúduithe agus ag iarraidh na habairtí óna leabhair a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Mar mhúinteoir, is féidir liom béim a chur ar cé chomh iontach is atá na leabhair ar fad atá as Gaeilge ach ag deireadh an lae, is cuma leo agus ní theastaíonn uaidh na scoláirí ach cabhair leis na ceisteanna a bhéas ar na páipéir scrúdaithe faoina leabhair ag deireadh na bliana.