2 minute read

Siad na Caifí na Seomraí Ranga, Leabharlanna, agus Spásanna Léinn mo Linne

Adam Potterton

ASSISTANT OPINION EDITOR

Aistrithe ag Siothrún Sardina

Tá an caife i chuile áit. Tá na sráideanna breac lena shiopaí, bíonn tús áite ag meaisíní caife ar chuntair cistine i dtithe agus in oifigí, agus bíonn cupáin caife i lámh na ndaoine chomh minic is a bhíonn fóin. Ina caitheamh aimsire síoraí a bhíonn sé. Tig leat dul i gcomhair caife le duine a bhfuil tú díreach tar éis casadh leo, le seanchara nár fhaca tú le fada, nó le cibé cén duine fiú. Óltar é ar turas na maidine, le linn lóin, agus fiú tar éis dinnéir. Mar ola na linne atá sé. Ní haon suntas é mar sin go mbeadh sé isteach in éilicsir na beatha, más ann dó, ar a laghad dhá steall espresso –agus lascaine má tá do chupán féin agat.

Feictear tionchar uileghabhálach an chaife i leithéidí Starbucks agus Café Nero. Bíonn Costas i chuile áit beo chomh maith le Café Nero-anna– an in an t-iolra? Nó an é Café-anna Nero? Agus ná habair liom fiú ar iolra Pret A Manger (Pret A Manger-anna, a cheapfainn féin). Pé scéal é, tá Baile Átha Cliath breac leis na caifí seo agus níl siad ach ag fás agus ag fás. Mar sin, tá réimse as chuimse caife ar fáil do na mic léinn. Chuirfeadh Sráid Dásain náire ort lena saibhreas caifí – siopaí ó roinnt maith comhlachtaí caife móra ag cur so-chaife ar fáil cúpla méadar ón gcampas – foirfe do na mic linn lán-scíse. Ní ólaim féin an iomarca caife, ach an méid a ólaim is sna caifí a ólaim é. Cé go bhfuil cuma ard a chostais caife, táim sásta iad a íoc nuair a smaoiním ar an bhfírinne nach é caife amháin a fhaighim. An caife sin a cheannaím, is cead isteach i sár-ionaid oibre agus cairdiúlachta é. Caithim go leor de mo chuid ama i siopaí caife, uaireanta go leor le níos mó ná caife amháin a ól – suntas mór é, tá a fhios sin agam. Níos mó ama ann ná mar a chaithim sa seomra ranga – rud a chuirfeadh lucht ETIM ag casadh a súile is dóigh liom. Tá sé ar nós gur mar chuid de champas an choláiste iad. Tá an cuma ann go bhfuil go leor ranganna de mo chuid ag sleamhnú isteach sna caifí. Agus mic léinn ag teacht le chéile taobh amuigh de sheomra ranga, tá aontú beagnach teileapaiteach acu dul i gcomhair caife, ar nós go mothaíonn siad, in ainneoin dualgas eile, gurb in an rud is nádúrtha ná caife a fháil. Is spás foirfe iad do mic léinn teacht le chéile tar éis ranga chun a bheith ag comhrá faoina bhfuil foghlama acu – comhrá a mhaireann níos faide ná an rang féin uaireanta. Tá cuid mór de mo chuid oibre ollscoile déata, agus á déanamh, agam sna caifí chomh maith. Is áit foirfe iad don obair i mo thaithí féin. Píosa níos réchúisí na leabharlanna agus, don chuid is mó, gan a bheith ach ruainne beag níos fuaimní. Sin malartú a bhfuilim sásta glacadh leis. An t-aon fhadhb lena bheith ag obair ann ná, má tharlaíonn go bhfuil cara leat ann, is beagnach dodhéanta gan d’aird a thógáil ó do chuid oibre. Nuair a tharlaíonn sé, ní féidir liom ach stop a chur lena bhfuil á dhéanamh agam. Mar sin, uaireanta tá orm obair i gcaifí níos faide amach, áit nach bhfuil an-dóchúlacht le cruinniú le cara gan choinne.

Nuair a bhreathnaím siar ar mo chuid ama san ollscoil, is dócha go mbeidh níos mó ama caite agam i gcaifí seachas ar chuid ar bith eile de champas na Tríonóide. Cé gurb in am a chaith mé ag ól caife, bhí sé caite chomh maith sin i gcothromas sláintiúil idir cúrsaí acadúla agus sóisialta. Sin a deirim go dóchasach liom féin, ar aon nós. Is beag nach chuid den oideachas féin s’agamsa caife a ól, agus is scil é atá mé tar éis a fháil agus a forbairt. Tá súil agam nár chuir mé cuma ró-dheas air, áfach – níor mhaith liom filleadh ar caife chun é a fháil lán daoine. Níl sé mar an gcéanna, ná baol air, caife a fháil le tabhairt leat.

This article is from: