Craobh Chualann CULTÚRLANN NA hÉIREANN . BAILE NA MANACH . BAILE ÁTHA CLIATH PREAS EISIÚINT
Fleadh Cheoil Chontae Átha Cliath le reáchtáil i nDeilginis, 10-15 Bealtaine 2016
Reachtáilfear sraith ócáidí cultúrtha dar teideal ‘Comóradh & Ceiliúradh’ mar chuid de chomóradh céad bliain 1916-2016 le linn Fhleadh Cheoil Bhaile Átha Cliath a bheas ar siúl i mbaile oidhreachta Dheilginis, Co. Bhaile Átha Cliath, 10-15 Bealtaine. Beidh deis ag pobal na háite agus ag an líon mór cuairteoirí a tharraingíonn ar an gceantar bheith rannpháirteach sna himeachtaí éagsúla a bheas ar siúl. Tá scata de na ceoltóirí, amhránaithe agus damhsoirí is cáiliúla sa tír le bheith páirteach in imeachtaí le linn na seachtaine. Léireofar an Requiem, MARBHNA 1916, a chum Odhrán Ó Casaide agus a craoladh ar TG4 ar Aoine an Chéasta. Tabharfaidh an grúpa RÉ ina bhfuil Liam Ó Maonlaí, Maitiú Ó Casaide agus Cormac Ó Beaglaoich ina mbaill, ceolchoirm ar an oíche dheiridh. Tá na hócáidí á n-eagrú ag Craobh Chualann, Comhaltas, le cabhair fhial ó na hurraithe Foras na Gaeilge agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth Dúin, chun comhtharlú le linn comórtais na fleidhe. Beidh baile Dheilginis lán d’iomaitheoirí óga ón gContae in éineacht lena dtuismitheoirí, múinteoirí, teaghlaigh agus cairde - agus iad ag iomaíocht ag meánscoil Loreto Abbey agus Eaglais Anglacánach Naomh Pádraig ar an Satharn agus an Domhnach. Beidh na daoine óga ag iarraidh áit a bhaint amach ag Fleadh Laighin agus ina dhiaidh sin b’fhéidir dul ar aghaidh chuig na comórtais uile Éireann ag an bhFleadh Cheoil in Inis, 14-22 Lúnasa 2016. Beidh seisiúin cheoil oscailte, atá mar dhlúthchuid den Fhleadh, eagraithe sna tábhairní áitiúla le linn na seachtaine mar aon le hócáidí amuigh faoin aer ag ionad an Tramway ar an mbaile ar an Satharn agus an Domhnach. Beidh dhá mhórócáid ar siúl sa dá shéipéal ar an mbaile mar seo a leanas:
Déardaoin 12 BEALTAINE, 8pm: Eaglais Deastógála na Maighdine Muire, Sr. an Chaisleáin REQUIEM 1916 MARBHNA – cumtha ag Odhrán Ó Casaide do cheolfhoireann, chór agus shean-nós chun comóradh a dhéanamh ar na daoine ar fad a bhásaigh le linn Éirí Amach 1916. Seinnfidh an Centenary Orchestra mar aon le haonréadaithe, cór agus léitheoirí an marbhna a craoladh ar TG4 ar Aoine an Chéasta. Cloisfear guth dhiamhair, Sibéal Ní Chasaide, iníon Odhráin mar amhránaí aonair, ‘guth a d’ardaigh croí an náisiúin’ lena leagan de dhán an Phiarsaigh’, ‘Mise Éire’ le linn na coirme Centenary a chraol RTÉ ó Amharclann Bord Gais ar Luan Cásca. Tá an Marbhna urraithe ag Foras na Gaeilge. Saorchead isteach. Ar lean ......../