5 minute read
Caitlín Ní Dhubháin/Kathleen Ashe
Caitlín Ní Dhubháin Kathleen Ashe (1926-2020)
Roibeard Ó Cathasaigh
Advertisement
B’í Kathleen Ashe – Caitlín Ní Dhubháin ó Chill Mhuire ó dhúchas – an duine deiridh den ghlúin úd in ár bparóiste a bhailigh béaloideas óna muintir fé Scéim na Scol idir Samhain 1937 agus Meitheamh ’38. Ba sa chomhthéacs úd a chuireas mo chéad aithne uirthi. Bhí de phríbhléid agam bualadh isteach chuici ar a tínteán teolaí i nGleann na Min Airde mar ar bhlaiseas canta breá d’arán bán, é fuinte lena láimh fhéin, agus subh dhearg mar mhaisiú milis aici air. Shleamhnaigh Kathleen ar shlí na fírinne le déanaí uainn, í go h-ard os cionn na ndeich mbliana is ceithre fichid. Suaimhneas síoraí da h-anam caoin.
B’ardbhean tí í Kathleen, a shaothraigh gan staonadh, ag tógaint a seisear clainne Máire, Eibhlín (nach maireann) Gearóid, Treasa, Siobhán agus Claire. Mar bharr air sin, níorbh aon nath ag Kathleen tacú lena céile Jackie Ashe le h-obair na feirme. Ba mhinic ocht nó naoi gcinn de bha á gcrú in éineacht aici, le sracshúil tré fhuinneog na cistine le gach bó a bheadh crúite, ag deimhniú go raibh a bunóic sa chliabhán súgartha slán. Ag cuimhneach dom ar Mhuintir Ághas an Ghleanna, cuimhním fhéin ar laethanta m’óige ar an bportach thall ar an Sliabh, mar a raibh port móna mhuintir Ághas cliathánach le port na gCathasach. Ba mhinic an dá mheitheal ag saothrú le cois a chéile, gan ach leathchéad slat eadrainn. Dá mbeadh an ghaoth aniar aneas, bheadh macallaí d’allagar mheitheal na Min Airde le clos againn-ne. Jackie Ashe, Ted Brosnan, Jimmí Ó Dubháin a bhíodh ag saothrú ann lem chuimhne, agus dh’aithneofá guth anamúil Bhernie Uí Ghealbháin a bhíodh le clos thar an gcuid eile ó am go chéile (suaimhneas síoraí d’anamnacha Jackie, Jimmí agus Bernie).
Barrfhód dá chruach mhóna ag Jackie Ashe. Buíochas le Joan (a iníon) don ghrianghraf.
Fós i gcomhthéacs an phortaigh úd, deir Claire1 liom gur cuimhin léi a bheith ar an bportach i dteannta na meithile an lá ar pósadh Ted Brosnan le Kathleen Diver lár an Mheithimh 1976. Le lár maidine d’fhógair Bernie i nguth spleodrach ‘Ted and Kathleen are coming down the aisle hand in hand,’ agus níos déanaí sa lá d’iarr sé go ceistiúil ‘I’d know have they the cake cut yet?’ – smaointe suairce ag ciorrú leadrán an lae dhóibh! Mar a dhéanfadh cuimhneamh ar an gclabhsúr súgach a chuirfidís ar a lá trom oibre le dhá mhedium pórtair do gach fear acu i dtabhairne Jim Hannifin, Abainn a’ Scáil, ag múchadh spalladh an phortaigh ar a slí abhaile go Min Aird dóibh.
Grianghraf le Roibeard Ó Cathasaigh
Thug Coiste Pobail Lios Póil i bpáirt le Scoil Eoin Baiste aitheantas do Kathleen as a saothar bailithe béaloidis ar ócáid shuairc a d’eagraigh an Scoil i nDeireadh Dómhair 2013. Bronn Risteard Mac Eoin (cathaoirleach) peann greanta ar Kathleen chomh maith le cóip den ábhar ó Chartlann Bhéaloideas Éireann2 a chnuasaigh sí fhéin ar Scoil na Min Airde breis is seachtó bliain roimhe sin. B’é a múinteoir Mícheál Ó Caomháin a stiúraigh an bailiú úd a deineadh faoi choimirce Choimisiún Béaloideasa Éireann. Seo a leanas mír as an gcnuasach a bhreac an cailín scoile Caitlín Ní Dhubháin (11) óna h-athair Seán is a máthair Kate (Ní Shúilleabháin).
MO BHAILE FHÉIN 29-10-’37
Cill Mhuire is ainm dom bhaile-se. Níl ach aon tigh amháin ann, ach bhí cúig nó sé cinn ann fadó. Bhí sáipéal ann fadó ach do leagadh é, agus níl ann anois ach an fothrach. Glaotar Páirc a’ Teampaill ar an bpáirc sin ó shin. Tá cuid mhaith de thalamh réidh ann, ach sliabh is ea an-chuid de. Níl aon seanduine ann anois agus sé m’athair atá caoga bliain d’aois an té is sinne agus níl puinn Gaelainne aige sin. Tá coiréal ann leis ar a nglaotar “Faill na Saor”. Is as san a tógadh na clocha chun Clochar agus Séipéal an Daingin agus Séipéal Lios Lóil do thógaint. Feirmeoireacht an tslí bheatha atá ag m’athair. Deir na seandaoine go raibh saol dian ag na daoine a mhair fadó. Ní tae a bhíodh acu ar maidin ach prátaí. Sara n-íosfaidís an bricfeasta ar maidin bhíodh cúpla iomaire prátaí bainte acu. Ní bhíodh aon arán acu ach min choirce, agus deirtear go mbeidís níos sláintiúla an uair sin ná mar a bhfuilid anois. Do bheadh áthas orthu um Nollaig dá mbeadh paca beag plúir acu agus uaireanta ní bheadh sé sin féin acu. Ní bhíodh aon solas acu an uair sin ach píosa geire istigh i gcrúsca nó geitire sáite san ngeir agus is ar éigin a thugadh sé sin aon solas dóibh. Páideoga a tugtaí ar an solas san. Is beag bróg ná stoca a bhíodh ar na fearaibh ag dul go dtí an tAifreann. Timpeall seachtó bliain ó shin nuair a bhíodh an t-im déanta chaithfidís dul go Corcaigh leis, agus chaithfidís cíos trom a dhíol don Tiarna Talún. Ní bhídís ag rith go dtís na siopaí ag ceannach éadaí, ach do dheinidis a gcuid éadaigh fhéin ag baile.3
CLABHSÚR
Deirtear go líonann stair ó bhéal na bearnaí. Fiú mura bhfuil puinn thar trí chéad focal sa chuntas seo ar a baile dúchais ó pheann an chailín scoile, tá macallaí fuaimintiúla ann ar ghnéithe suntasacha de stair ár muintire, m.s. dinnseanchas, cúlú teanga, tromchíos na dtiarnaí talún, cúrsaí bia is beatha, solas is soilsiú, táirgeadh is tráchtáil. Mar bharr ar sin, samhlaím Caitlín ina suí ar a bínse ar scoil, is í ag réiteach don chúram scríbhneoireachta a bhí chuici. A cóipleabhar béaloidis os a comhair amach, greim teann ar a peann peilte aici le linn di é a thomadh go socair sa dabhach dúigh. Ansan, an tuairisc a fuair sí ag baile óna muintir á tras-scríobh go h-aireach is go h-ealaíonta aici, litir ar litir is focal ar fhocal fan na línte go ceann scríbe. San déanta aici fé stiúir oilte an mhúinteora.
Iontas gan dabht, nuair a chuirfeá san áireamh gur mionlach den ghlúin roimpi a raibh léamh ná scríobh na Gaelainne acu. Agus mar bharr air sin go léir, an scríbhneoireacht á dhéanamh sa chló ársa Gaelach ag an gcéad ghlúin de leanaí scoile an tSaorstáit nua-bhunaithe. Is cuí an ghné ghléineach seo dár n-oidhreacht a thabhairt chun cuimhne agus a cheiliúradh.
MODH EAGARTHÓIREACHTA
Tá an litriú sa lámhscríbhinn tugtha chun réitigh le gnáthlitriú an lae inniu agam mar atá in Foclóir Gaeilge-Béarla Niaill Uí Dhomhnaill (BÁC,1977). Samplaí: shoin>shin, iseadh>is ea, Gaodhluinne>,Gaelainne, nglaodhthar>nglaotar, tslighe>tslí, saoghal>saol, sláinteamhla>sláintiúla, Nodlaig>Nollaig, seachtmodh>seachtó.
FOCLÓIR
Comhthéacs-context, teolaí-cosy, cantachunk, fuinte (fuin)-to knead, sracshúil-quick look, bunóic-infant, cliathánach-flanking, allagar-lively talk, meitheal-working group, suairc-pleasant, ciorrú (ciorraigh)-shorten, leadrán-tedium, múchadh (múch)-to quench, spalladh-parching, cartlann-archive, coiréal-quarry, fothrach-ruin, páideogwick, dinnseanchas-topography, táirgeadhproduction, peilte-felt, dabhach dúigh-inkwell, tras-scríobh-transcribe, iontas-remarkable, mionlach-minority, gléineach-shining. 1Táim buíoch do Chlaire is Joan Ághas as a gcúnamh i dtreo an ailt seo. 2Táim faoi chomaoin ag an Dr. Criostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann a cheadaigh agus a sholátharaigh ábhar ón gcarltann don bhfoilseachán seo. 3CBÉ 426: 1-3