7 minute read
Pátrún na Min Airde
Roibeard Ó Cathasaigh
Beannachtaí bisiúla ó Thobar Eoin Baiste na Min Airde chugat, a léitheoir. Éiríonn an t-alt so as mo ghealadh is mo thaithí ar thraidisiúin an Tobair úd. Tá Tobar Eoin Baiste suite cúpla céad slat taobh thiar de Chaisleán na Min Airde in aice láthair seanatheampaill meánaoiseach Cill Mhuire, agus turas an tobair á thabhairt ann leis na cianta.
Advertisement
Más buan mo chuimhne, thugas mo chéad turas tobair ann i dtús sheachtóidí na h-aoise seo chaite i dteannta m’athar críonna Joe ‘Curney’ Ó Súilleabháin (1892-1977) Garraí na dTor. Bhí cosán corrach siar ’on Tobar ón mbóthar an uair úd, ach a bhuíochas do Mheitheal na Min Airde agus a gcairde, tá conair réidh ann ó 1998 i leith. Maitiú Ó Grífín is a Chlann, bail orthu, a chóiríonn abhanntrach an Tobair ó bhliain go bliain ó shin.
Pátrún na Min Airde 2020
Ceiliúrann ‘pobal an dá pharóiste’ – Min Aird is Lios Póil – Lá Pátrún na Min Airde leis na cianta cairbreacha, agus b’amhlaidh ar an Satharn 29 Lúnasa i mbliana againn é, ach gan aifreann á cheiliúradh cois tobair (mar a bhíodh le breis is scór bliain) de bharr an choróinvéarais. D’fhág san turas an tobair á thabhairt i mbliana mar a thugtaí i bhfad siar é beagbheann ar shearmanas eaglasta. Is iomaí slí chun an turas so a thabhairt – siúl deiseal timpeall an tobair, ag rá na Corónach Mhuire lena linn, agus deoch d’uisce an tobair mar íocshláinte chlabhsúir, a deintear coitianta. Luaitear leigheas leis an dtobar do thinneas cinn go speisialta, ach deirtear ‘go ndeineann an turas seo maitheas do gach aoinne, is cuma cad é an aicíd nó máchail atá air’ agus is fíor sin! Tá nós ag tobaraigh áirithe le blianta beaga anuas (nach nós áitiúil é) deidimíní a chrochadh ar chrann cois tobair d’iasma a dtrioblóidí is dóigh, a thugann faoiseamh, ní foláir, ach, a fhágann cuma neafaiseach ar thimpeallacht theann an tobair, dar liom! Thughas fhéin mo thuras tobair le clapsholas lae i mbliana is é ina uain mheala, lapadáil chaoin na dtonn le clos ón gcladach, agus an nasc idir an saol seo is an saol eile le brath san aer ann.
Pátrún na Min Airde anallód [in olden times]
De réir na tuairisce ar Thobar Eoin Baiste ó Bhailiúchán Scoil na Min Airde (1937-8) a foilsíodh in eisiúint 288 de Chorca Dhuibhne Beo, lch 26, luaitear ‘tugaid an cúrsa naoi n-uaire’. Ar an nóta úd, casadh Clann Uí Dhufaigh cois tobair orm ar an Satharn agus deir Diarmuid (9) liom go ndúirt Marie Uí Ghrífín a mhúinteoir scoile leo: ‘Tosnaigh le Comhartha na Croise, siúil timpeall naoi n-uaire, agus abair Ár nAthair, ’Sé do Bheatha Mhuire agus Glóir don Athair ag dul timpeall.’ Dála an scéil, luaitear beirt bhan sa tuairisc úd ar an eachtra cois tobair i mbailiúchán Scoil na Min Airde – Máire Thaidhg (Bn. Uí Shúilleabháin agus Máire Ní Churráin (Bn. Uí Bhrosnacháin). Sinsin-seanmháthair dom ó thaobh mo mháthar í Máire Thaidhg (pósta le John O’Sullivan) go
10 West Kerry Live
raibh siopa beag aici ar an Min Aird Thiar de réir traidisiúin sarar cheannaíodar an fheirm agus an tabhairne i nGarraí na dTor c.1880, agus muintir Shúilleabháin ann ó shin (buíochas do Mhiriam Ní Shúilleabháin as an eolas seo). Deir Joe Ó Brosnacháin liom go raibh cnocán fothraigh tí Mháire Thaidhg le feiscint sa bhfaiche i Min Aird Thiar le linn a óige. Bí Máire Ní Churráin pósta le duine de na ‘Pads’ ar an mbaile fearainn céanna agus iad gaolmhar leis an aisteoir clúiteach Gregory Peck (1916-2003) – Catherine Ashe ón Min Aird a sheanmháthair siúd ó thaobh na máthar.
2.
Seo a leanas tuairisc ar Phátrún na Min Airde ó thaifeadadh a dheineas i Márta 1999 le Lís Ní Shúilleabháin (1923-2009) ón Min Aird Bhuí, mar atá le clos ar Rian 22 den dlúthdhiosca Téanam go Min Aird.*
‘Ó, lá mór ab ea lá an Phátrúin’
LÍS: Ó, lá mór ab ea lá an Phátrúin. Now, níorbh saoire eaglasta é, ach lá saoire ab ea é do phobal – fé mar a deiridís san am sin – pobal an dá pharóiste mar tá a fhios agat do pósadh an dá pharóiste, agus paróiste Lios Póil anois a thugaimid air go léir. Ach san am san, na seandaoine – do bhídís ag caint i gcónaí mar – ‘pobal an dá pharóiste.’ Bhuel, do théadh pobal an dá pharóiste go dtí an Aifreann. Bhí uachtarlann i Lios Póil san am. Ní raibh na bairillí móra seo a bhailíonn é uair sa tseachtain ag teacht timpeall in aon chor ach do bheadh capaill is cairteacha, agus ceaintíní. Bhuel, raghadh na fir go dtí an uachtarlann agus théidís ana-luath, ar a cúig a chlog ar maidin, sé a chlog ar maidin, bheifeá id shuí ar a cúig. Agus d’fhágfá do chapall is do chairt ansan agus raghfá isteach go dtí an Aifreann; agus do bheadh an séipéal lán agus na daoine ón gceann eile – don dtaobh thuaidh – do raghaidís abhaile agus do dheinidís lá oibre.
Thiocfaimis, agus na cairde speisialta, ansan, thiocfaidís síos go dtís tithe na Min Airde ón Aifreann, tithe go mbeidís cóngarach i ngaol leo nó cairdiúil. Thiocfaidís ón Aifreann, go speisialta na seandaoine – Muintir Mhuircheartaigh, Bóthar Breac, thagadh Katie i gcónaí linne ón Aifreann, seana-ghaol, ach ana-chairdiúil ar fad. Bhuel, do thagadh Katie Búlaeir i gcónaí abhaile ón Aifreann. Fear éigin a thagadh, Jack Matteen as an Cinn Aird – Jack Ághas – fear eile a thagadh ón Aifreann abhaile. Agus chaithfidís an lá ar fad ansan ...
Agus do bheadh slua daoine gan stad ag teacht i rith an lae go léir, agus go maith isteach san oíche ag déanamh an turais. Agus ansan, na daoine óga, thagaidís nuair a bhíodh na ba crúite sa tráthnóna, agus do raghaidís síos, gach uile dhuine acu, agus do dhéanfaidís a dturas. Agus ansan do thagaidís suas go dtí Baile na Min Airde, agus do bhíodh rince, duine éigin go mbeadh melodeon aige, Tomás Ó Brosnacháin ón mBánóig, tá sé san Astráil anois, bhí sé go maith chun melodeon a sheinnt. Bhí Katie Bean Uí Shúilleabháin, Katie Galvin, bhí sí ar fheabhas chun seinnt, agus do bhí Seán Ó Súilleabháin as Log na gCapall agus a athair, iad araon ar fheabhas ar an melodeon. Agus bhíodh tigh Sheoirse Íbhín – an áit a bhfuil Seán Ó Conchúir anois – bhíodh sé sin mar seomra na gcótaí ach gur seálacha a bhíodh sáite isteach sna ráilleacha sa staighre. Agus leanadh an rince leis gan stad, seiteanna, agus corr-váls – seanaváls, ach corrcheann – agus i rith na hoíche déanfaí cupán tae, agus b’fhéidir blúire aráin, agus bheadh na cístí b’fhéidir, bheadh píosaí fágtha, agus do bhíodh ana-spórt ann. Do lean sé sin ar feadh blianta fada.
Clabhsúr
Dúirt Páidí ‘Fitz’ Mac Gearailt (87) ar an nguthán óna oifig oibre sa Daingean le déanaí liom ‘an chuimhne is sia siar im cheann bheith i mbaclainn mo sheanmháthar, Siobhán Brien (Nic Charthaigh roimh phósta dhi, ó Dhún Chaoin ó dhúchas) agus turas an tobair á thabhairt aici i dteannta mo mháthar Neil Brien’ – b’in í an Siobhán chéanna atá luaite ag Peig Sayers (1873- 1958) ina tuairisc bheathaisnéiseach ar a céad lá ar scoil in Peig** Deir Páidí ‘Fitz’ liom chomh maith, go mbíodh rince mór i halla Lios Póil oíche an phátrúin i ndeireadh na ndaichidí le banna ceoil Danny Diggins ó Thrá Lí ag seimint dos na rincí éagsúla: ‘Siege of Ennis, Foxtrot, Waltzes, Sets – hall packed, ladies at one side and men on the opposite side, my favorite dance The Excuse Me Dance, fadó, fadó riamh, seachtó bliain ó shin.’
Focal scoir: Deirtear liom gur cuireadh clabhsúr ceolmhar, mar is cuí, le Pátrún na Min Airde 2020 i Scioból na bhFear ar an Min Aird Thiar, is na héinne sa chomhluadar beag rannpháirteach ina nduine agus ina nduine le ceol is amhrán. Go mbeirimid beo dár gcéad Lá Pátrúin eile!
*Feic Roibeard Ó Cathasaigh, Téanam go Min Aird – leabhar + CD, (Oidhreacht Chorca Dhuibhne, 2013), lgh 81-2/Rian 22. **Feic Máire Ní Chinnéide, Peig, (BÁC, 1936), lgh 22.
STOVES STOVES RENEWABLES RENEWABLES BATHROOMS BATHROOMS
Mobility Grant Aid Available! From Kerry County Mobility Council Grant Aid Mobility Available! From Kerry Grant Aid County Available! Council From Kerry Is your family in need of a County Council Is your family in need of a Mobility Bathroom? Mobility Bathroom? Is your family in need of a Create a safe environment Create a safe environment Mobility Bathroom? Call Cremur for a FREE Site Survey
Call Cremur for a FREE Site Survey Supplied & Fitted by Cremur
• Create a safe environment 35+ years of expertise • Supplied & Fitted by Cremur In-house design team • • 35+ years of expertise Call Cremur for a FREE Site Survey Large showroom • • In-house design team 1-year warranty on workmanship • Large showroom Supplied & Fitted by Cremur • One-stop shop, installed by our own team! • 1-year warranty on workmanship • • One-stop shop, installed by our own team! 35+ years of expertise • • • Cremur is your Mobility Bathroom In-house design team Large showroom 1-year warranty on workmanship Cremur is your Mobility Bathroom Refurbishment Specialist! • Refurbishment Specialist! One-stop shop, installed by our own team!