An Phoblacht - Issue 1 - 2021

Page 40

Iniúchadh ar Choireanna Cogaidh Iosrael ag Cúirt Coiriúil Idirnáisiúnta LE PEADAR WHELAN Tugadh le fios go ndéanfar coireanna cogaidh Iosrael i gcríocha na Palaistíne faoi fhorghabháil a iniúchadh ag an Chúirt Coiriúil Idirnáisiúnta don chéad uair. Baineadh an constaic deiridh roimh iniúchadh na Cúirte nuair a fógraíodh an 5 Feabhra gur ghlac CCI le hiarratas an Phríomh-Ionchúisitheora Fatou Bensouda imeachtaí dlí a thionscamh i gcoinne Iosrael maidir leis an Bhruach Thiar agus an Stráice Gaza. I mí na Nollag 2019 chinntigh Príomh-Ionchúisitheoir Bensouda gur leor torthaí tosaigh na cúirte a rinneadh tar éis scrúdú cúig bliana chun fiosrúchán a bhunú ar choireanna cogaidh a rinne Iosrael sna críocha faoi fhorghabháil agus go raibh dlínse ag an chúirt sa chás. Chuir Ambasadóir na Palaistíne fáilte roimh fhógra CII agus dúirt sí leis An Phoblacht go gcuireann Stát na Palaistíne fáilte roimh an chinneadh maidir le dlínse ó CII: “Leis an chinneadh

Bua don chóir is don daonnacht, don fhírinne, don chóir is don tsoairse seo féadann fiosrúcháin maidir le coireanna cogaidh de chuid Iosrael tosú anoois”. “Ní cinneadh polaitiúl é cinneadh an CCI agus tá meas ag an Phailistín ar an seasamh neamhspleách atá acu. Táimid diongbháilte ar chomhoibriú a bhainfidh amach ceart agus cóir don mhuintir ‘s againne. Cuirfear le cultúr na síochána domhanda trí dheireadh a chur leis an chultúr sin go bhfuil daoine áirithe saor ó phionós. rud a neartóidh meas ar an dlí

38

• Benjamin Netanyahu

idirnáisiúnta. Tarlóidh seo uilig i gcomhpháirt lenár dtiomantas do chomhréiteach bunaithe ar an dá Stát a bhaint amach trí mhodhanna síochánta amháin. “Ní bheadh deireadh go deo leis an diansmacht agus an lámh láidir a imrítear ar chearta na bPailistíneach agus an sarú ar an dlí idirnáisíunta gan an grinnscrúdú seo”. Mhol Príomh Aire Údarás na Palaistíne an cinneadh ag rá gur “bua a bhí ann don fhírinne, don chóir agus don tsaoirse agus don fhuil a doirteadh go nuige seo” dar leis an foras nuachta oifigiúil Wafa. Chuir Hamas fáilte roimh an chinneadh fosta ag rá “gur cóir aon chinneadh a chuireann le cearta mhuintir na Palaistíne a neartú agus a gcuid saoirse a chosaint”. Fanann muintir na Pailistíne ar an lá a dtiocfaidh deireadh leis an fhorghabháil agus a gcuirfear an dlí ar na ceannairí uirthi as a gcuid coireanna. Baintear úsáid as achan bealach chun deireadh a chur le sceoin Síonach agus coireanna i gcoinne mhuintir na Palaistíne. Ar an lámh eile cháin Benjamin Nentanyahu Príomh Aire Iosrael an cinneadh ag tabhairt faoin Chúirt agus ag cur frith-Ghiúdachas ina leith agus thug le fios go gcuirfear ina choinne. “Nuair a dhéanann CII fiosrúcháin maidir le coireanna cogaidh gan bhunús, frith-Ghiúdachas amach is amach é” a dúirt Netanyahu, agus é ar buile ar fhíseán Béarla eisithe ag a oifig. Chuir CII tús lena chuid fiosrúchán i 2015 sna ISSUE NUMBER 1 – 2021 - UIMHIR EISIÚNA 1  anphoblacht


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.