An Phoblacht, Issue 2 - 2020 edition

Page 34

Ní amháin Gaelach ach saor LE ERIN NÍ BHROIN

Idir an séadchomhartha adhlactha atá 4000-6000 bliana d’aois darbh ainm Cromleac Thír an Omhna, teach allais meánaoiseach a úsáideadh chun tinneas a leigheas agus Tuama Cúirte Chnoc Néill le corp fathaigh curtha ann, de réir an fhinscéil áitiúil agus ar ndóigh, an tsliabh é féin, An Carn, atá luaite sa scéal ‘An Táin Bó Cuailgne.’ Is léir go bhfuil Sleacht Néill nó Carn Tóchair ina cheantar oidhreachta agus an-chuid cultúir bainte leis. Mar sin féin, tá caomhnú staire agus cultúir na hÉireann inscríofa i meon an cheantair. Tá níos mó ná ainm amháin ag an cheantar. Cuirtear Sleacht Néill air, a thagann ón ainm Leacht Néill mar gheall go bhfuil Leacht Néill sa cheantar é féin. Is scéal conspóideach é faoin Néill a maítear a bheith curtha ann. Síleann cuid daoine gur Niall Glúndubh Ó Néill atá ann, a mharaíodh i gcath leis na Lochlannaigh gar do Bhaile Átha Cliath sa 12ú haois, síleann daoine eile gur prionsa de chuid clainne Mhic Lochlainn a bhí ann a mharaíodh i gcath Cháiméirge i 1214 AD in aghaidh clainne Uí Néill. ‘Sleacht Néill’ an t-ainm ar an chumann CLG cáiliúil sa cheantar fosta, a bhí iontach rathúil le blianta beaga anuas in achan spóirt atá acu; camógaíocht, iománaíocht, peil. Thuigfí thú dá gcuirfeá ‘Carn Tóchair’ air chomh maith, Tagann seo ón dóigh a bhfuil an pobal lonnaithe ag bun sléibhe Charn Tóchair. Tugadh an t-ainm seo ar an sliabh mar gheall go bhfuil carn adhlactha ar bharr ón ChréUmhaois/Clochaois. Is bóthar é ‘Tóchar’, déanta de phlanda darach a úsáidtear le talamh fliuch a thrasnú. Tugann muintir na háite ‘An Carn’

32

ar an sliabh ach ní dhéanann seo trácht den shliabh amháin. An Carn a thugtar ar chroílár Phobal na Gaeilge

Carn Tóchair a chur chun cinn”. Ina bhfocal féin “Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach

An Carn a thugtar ar chroílár Phobal na Gaeilge i Sleacht Néill/Carn Tóchair i Sleacht Néill/Carn Tóchair. Bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair i 1992 agus bhí sé mar sprioc ag an choiste “athghiniúint cheantar Shleacht Néill/

d’éiteas an Choiste Forbartha agus tá achan tionscadal curtha chun cinn go dátheangach againn. Tá pobal óg, beo, fuinniúil Gaeilgeoirí a bhfuil

ISSUE NUMBER 2 – 2020 - UIMHIR EISIÚNA 2  anphoblacht


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.