Foghlaimeoirí Gaeilge faoi mhíbhuntáiste
Easpa Acht Gaeilge, Na Míbhuntáistí do Pháistí an Ghaeloideachais Sna Sé Chontae agus Rialtas a Chothaíonn An Bac – Dearcadh Príomhoide Gaelscoile LE SÉAMAS Ó DONNGHAILE
Tá a fhios ag gach Gaeilgeoir sa tír go ndearnadh cnámh spairne den Ghaeilge ó tháinig an Ghalltacht go hÉirinn agus gurbh i ndlithe Shasana faoi Reachtaíocht Chill Chainnigh (1366) a luaigh den chéad uair nár le sásamh na nGall beocht na Gaeilge. Mar theanga a bhí againn roimh An Reifirméisean agus roimh An Chríostaíocht, cuireann cuid dá ndeirtear faoin Ghaeilge sna díospóireachtaí reatha a bhaineann lenár dteanga náisiúnta ár seacht sáith iontais orainn. Mar phríomhoide gaelscoile, feicim nach bhfuil deireadh go fóill leis an mhíshástacht nó leis an naimhdeas a d’fhulaing na Gaeil riamh anall. Ní miste, mar sin, dearcadh oideachasóra bheith mar chuid den chomhrá atá uainn agus tagairt á dhéanamh d’Acht na Gaeilge ach go háirithe ar roinnt leibhéal – neamhthoil Chnoc an Anfa do thacú leis an acht agus na míbhuntáistí ar bhonn laethúil a bhíonn
anphoblacht UIMHIR EISIÚNA 3 - 2019 - ISSUE NUMBER 3
ann do mhúinteoirí agus do pháistí an tumoideachais sna Sé Chontae. Tá sé cruthaithe ar fud an domhain gur mór an tairbhe (cúrsaí sláinte/fostaíochta san áireamh) a bhaineann leis an dátheangachas. Tá breis agus 6,500 páiste ar ghaelscoileanna sna Sé Chontae faoi láthair. Is líonmhaire daltaí an tumoideachais lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta oifigiúla ná daltaí ar scoileanna Gaeltachta ach ní hionann na cearta a bhíonn ann do gach saoránach acu seo. Is ábhar mór feirge agus náire é nach féidir linn na cearta céanna a sholáthar do pháistí an tumoideachais sna Sé Chontae agus is féidir sna 26 Contae. Baineann easpa acht Gaeilge le cearta daonna agus ní mór dúinn na cúrsaí seo a phlé sa chomhthéacs sin. Más fíor gurb ionann páistí an tumoideachais in Albain, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn, fiosraítear na fáthanna nach ionann cearta
59