Deireadh mo sheal in AP/RN – a leithéid de mhí LE JAKE Mac SIACAIS
• Ionsaí ar Oifig Shinn Féin, Bóthar na bhFál 46
Tús Mí Feabhra 1992 a bhí ann, chóir a bheith tríocha bliain ó shin, ach mothaím go bhfuil sé cosúil le inné. Thosaigh mé an mhí sin ag spastóireacht thart ar Chluain a Bhogaidh leis an trí pháiste a bhí agam ag an am, Orlaith, Conchúir agus an babaí beag Eimear. Bhí muid ann le feaga a bhaint le go dtiocfadh linn Crosóga Bhríde a dhéanamh mar ba nós linn ar an chéad lá den Earrach. Bhí mé ag baint sult as an deireadh seachtaine agus ag meabhrú ar an mhí a bhí romham. Bhí cinneadh déanta go mbeinn ag éirí as mar eagarthóir Thuaisceartach AP/RN, dualgas a bhí orm ó bhí 1988 ann. Bhain mé sult as mo sheal sa nuachtán, cé go raibh sé ina obair crua, ach bhí orm bogadh ar aghaidh chuig dualgais eile. Bhí an uallach, le clann óg agus cúraimí eile sa Ghluaiseacht róthrom agus bhí sé in am an eagarthóireacht a thabhairt do dhuine eile sa dóigh is go dtiocfadh liom níos mó ama a thabhairt do rudaí eile. Mickey McMullan, iarchime eile a bhí roghnaithe mar chomharba agus bheinn ag bualadh leis agus le Peadar Whelan, iar-chime eile, a bhí le toiseacht in AP/RN ag tús na seachtaine. Mar a tharla scriosadh an deireadh seachtaine ar an lá dar chionn, Dé Domhnaigh an 3ú Feabhra, nuair a mharaigh drong gunnadóirí dílseacha cara do mo chuid agus Gael aitheanta díograiseach, Pádraig Ó Cléirigh, (52), ag a theach chónaí i dtuaisceart Bhéal Feirste. Bhí níos measa fós le teacht roimh dheireadh na míosa fuiltí sin. Chuaigh mé isteach ar mo chuid oibre go luath ar an Luan mar bhí neart le déanamh. Bhí Mary Robinson, Uachtarán na hÉireann le teacht go Béal Feirste ar an Mháirt agus bhí Charlie Haughey i ndiadh éirí as mar cheannaire Fhianna Fáil. Rinne muid cruinniú gasta san oifig a bhí muid ag roinnt le Uachtarán Sinn Féin agus foireann s’aige i gCorrán na Móna ag an am. D’imigh mé ansin chuig cruinniú eile thíos in oifig an phreas ag Sráid Sevastopol, áit a mbeadh orm pilleadh chuige ag am lóin. Ag a haon ó cloig thosaigh mé féin, Laura Friel agus Mickey McMullan cruinniú beag eagarthóireachta ag roinnt tuaraimí agus ag dáileadh amach na tascanna a bhí le déanamh. Bhí Peadar Whelan sa seomra taobh linn agus é ag fanacht ar chruinniú a dhéanamh liom féin agus le Mickey. Bhí Kevin Hillick agus Kieran Flynn ann chomh maith. Thosaigh an guthán ag bualadh díreach tar éis 1.15in. Bhí duine éigin i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar Oifigí Shinn Féin ag Sráid Sevastopol. Dúirt mé láithreach le Peadar agus Kevin dul caoil díreach chuíg láthair na hionsaithe. Ansin léim mé sa ghluaisteán le Kieran agus rinne muid féin amhlaidh. Bhí muid ann roimhe an RUC agus b’olc an radharc a bhí romhainn. Bhí an doirseoir, Paddy Loughran, (61), ina luí marbh taobh leis an doras sa seomra feithimh, ag a thaobh dheis ar bhinse bhí Michael Dywer, (24) ina luí marbh, os a chomhair sin amach bhí Pat Wilson, (28) gortaithe go dona agus é as a stuaim agus Pat McBride (40), ina shuí gortaithe ach é ag caint go fóill. Sa seomra chúl bhí oibrí eile de chuid Sinn Féin, Norah Larkin, gortaithe ach chan go dona. Bhí toit agus deatach an gunna le feiceáil go fóill, é ag crochadh ina scamall ar láthair seo an áir agus an bháis. Bhí boladh na fola agus na coirdíte bréan inár bpolláirí. Labhair Pat McBride le rá gur chóir Pat Wilson a thabhairt amach ar dtús nó bhí an cuma air go raibh sé gortaithe go dona. Thángthas ar mhac Micheal Dywer, é ina luí faoi chorp a athair. Ní raibh an tachrann, nach raibh ach dhá bhliain go leith d’aois, gortaithe. I ndiaidh tamall tháinig an RUC agus na hotharcharranna. Bhí troid lámh le lámh leis na péas a bhí ag iarraidh achán duine a chur amach as na hoifigí. Shocraigh rudaí síos rud beag ach bhí daoine ag choinneáil an RUC amach. Chuaigh mise isteach chuig Siopa na hEalaíona béal dorais leis an ghuthán a úsáid agus d’inis Marguerite Gallagher domh go ndearna sí iarracht gréim a fháil ar an ghunnadóir ach gur éalaigh sé i ngluaisteán a bhí aige i Sráid Sevastopol. Tháinig cnag chuig an doras agus dúirt Marguerite go raibh duine do mo lorg. Chuaigh mé chuig an doras; bhí strainséar os mo chomhair a chur é féin in aithne mar an Chigire Bleachtaire ISSUE NUMBER 4 – 2020 - UIMHIR EISIÚNA 4 anphoblacht