NEW IRELAND ÉIRE NUA
Cá bhfuil triail na Gaeilge in Éirinn Athaontaithe? BY CÓNALL Ó CORRA SOIFIGEACH NÁISIÚNTA GAEILGE SHINN FÉIN Tá an comhrá fá athaontú na hÉireann idir camánaibh anois ar bhealach nach raibh roimhe. Tá na buntáistí geilleagrach a chothódh Éire aontaithe ina cuid lárnach den chomhrá sin, cuid ríthábhachtach den chomhrá gan amhras. Tá an comhrá fá chosaint a thabhairt d’fhéiniúlachtaí ar siúl chomh maith, an fhéiniúlacht Bhriotanach i dtosach. Leoga, níl trácht ann fán fhéiniúlacht Ghaelach a chosaint san Éirinn nua seo. Tá sé léirithe le tréimhse do bhlianta anois nach bhfuil daoine dall ar an Ghaeilge agus an tábhacht a ghabhann léi. Tréimhse chorraitheach atá amach romhainn, tréimhse na cinniúna mar a ndúirt ár dtaoiseach Mary Lou le gairid. Leoga, sa chaint ar fad atá cluinte agam, is beag caint fán tseod is luachmhara atá cluinte agam. Níl tuairisc feicthe agam ag aon ollamh faoi ná caint dá laghad sna meáin faoi. Is sin, cá mbeidh an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe. D’fhéadfá an cheist a chur ar bhealach eile, cá mbeidh Éire Aontaithe gan an Ghaeilge? Is í an tseoid is luachmhara atá againn ar chupla chúis. Bheir sí léargas dúinn ar an tír mar a bhí agus beireann sí bealach chun tosaigh dúinn le rudaí a cheartú. Tagraíonn sinne uilig fán athmhuintearas agus fán dá phobal agus an pobal nua a thabhairt le chéile sa Bhéarla. Fairíor, sa Ghaeilge, níl againn ach ‘pobal’ amháin, is sinne uilig le chéile gan deighilt eadrainn. Tugann sí spléachadh dúinn ar shochaí agus modh maireachtála ársa ach na rudaí is dlúithe dúinn uilig istigh inti. Cuireann sé a shamhail ar radharc agus ghleanntán na tíre, tá sí ionainn. D’fhéadfaimis feidhm a bhaint di lehathmhuintearas a chothú sa tír seo. Tá an obair seo ar siúl ag
26