New Ireland/Éire Nua

Page 20

NEW IRELAND ÉIRE NUA

IS GAEL POBLACHTACH ÓG É OISÍN Ó SÍOCHÁN AS CORCAIGH, BHÍ BAINT AIGE LE RANGANNA GAEILGE SHINN FÉIN A THEAGASC AGUS TOGHADH LE GAIRID É AR AN CNÓ

Pléann an t-údar le trí mhórthéama a bhaineann leis an tsochaí, i ndiaidh dúinn Éire a athaontú: ardcheannas, athghaelú agus cinniúint eacnamaíoch.

Éire

Iarchóilíneach Gan amhras ar bith, is é ár bpríomhchúram i láthair na huaire ná reifreann a bhaint amach chun ár sprioc ársa, uasal a chur i gcrích; is í sin Éire Aontaithe. Ach agus sinn sa tréimhse chorraitheach seo, tréimhse ina mbraithimid go léir go bhfuil an nasc lofa sin idir ár dtír agus Sasana ar an dé deiridh, ní mór dúinn, mar Phoblachtánaigh, bheith ag pleanáil agus ag comhrá linn féin. Tá a fhios againn go mBeidh ár lá linn ach cad a dhéanfaimid an lá dar gcionn? Ar an gcéad dul síos, ní thiocfaidh deireadh le ról Shinn Féin i sochaí na hÉireann nuair a aontófar an tír. Ní bheidh ansin ach tús ár n-aistir chun na Poblachta. I ngach aon sochaí iarchóilíneach, tá sé de dhualgas ar na náisiúnaithe an móiminteam, an fuinneamh a choimeád beo. Inár gcás féin, tá trí mhórdhualgas orainn - ardcheannas a chinntiú; athghaelú; agus cinniúint eacnamaíoch an uile dhuine a chur ina lámha féin.

20


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.