Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH
TIMIRE template layout.indd 1
GEIMHREADH 2009
an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2
04/11/2009 14:09
2
Timire
Eagarfhocal Is é an fáth ar roghnaigh na Críostaithe lár an gheimhridh le breith Chríost a cheiliúradh ná gurb é sin an pointe is lú solas i rith na bliana. Is ceart mar sin go dtagann Solas an Domhain chugainn lenár saol a lasadh suas agus muid inár suí sa dorchadas. Ó thaobh na hEaglaise de bhí néal mór dubh timpeall orainn i mbliana agus muid ag éisteacht le torthaí na bhfiosruithe ar mhí-úsáid páistí. Bheifeá ag súil le go mbeadh an Eaglais ina crann taca agus ina tearmann do dhílleachtaí agus do pháistí beaga agus is cúis náire dúinn gur mhinic – rómhinic – go raibh a mhalairt fíor. Cinnte go bhfuil a fhios againn go bhfuil sagairt mhaithe ann, mná rialta maithe, bráithre maithe, easpaig mhaithe. Tá a fhios againn go bhfuil gabhar tiomanta á dhéanamh den Eaglais. Tá a fhios againn go bhfuil comhthéacs níos mó ann. Ach anois, ag tús na hAidbhinte seo, is ceart dúinn glacadh leis an dorchadas. Is minic a chualamar gurb í gairm na hEaglaise a bheith ag seasamh leis na daoine ‘ar an imeall’, leis na daoine a bhfuil drochmheas orthu. Sna laethanta seo, áfach, is amhlaidh gurb í an Eaglais in Éirinn a bhfuil drochmheas uirthi, agus muintir na hEaglaise atá ‘ar an imeall’. Nuair a ghlac Íosa colainn dhaonna thug sé scannal agus náire an chine dhaonna air féin agus níor dhiúltaigh sé dó. “Lom sé é féin agus chuir air riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile. Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d’ísligh sé é féin agus bhí umhal go bás – go bás na croise féin.” (Fil. 2) Tá óráid den scoth a thug an diagaire Ceanadach, Ronald Rolheiser cúpla bliain ó shin faoin teideal ‘An dóigh le scannal a iompar de réir an Bhíobla’.1 Deir sé go gcuireann na scannail an chléir agus lucht na beatha rialta i measc na ndaoine ar an imeall, áit ar cheart dóibh a bheith – áit nach raibh siad le fada. I gcomhthéacs na scannal tá a lán daoine ar an imeall nó sa dorchadas: daoine a d’fhulaing an mhí-úsáid, daoine a bhí ciontach i mí-úsáid, daoine a thug seirbhís mhór don phobal ach a mhothaíonn go bhfuil siad faoi smál, Caitlicigh dhílse a bhfuil náire agus ceann faoi orthu. Tá comhairle dóchais ag Iseáia Fáidh dúinn uile: “An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas chonaic siad solas mór.” Alan Mac Eochagáin SJ 1. http://www.ronrolheiser.com/pdfs/scandal.pdf
An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
TIMIRE template layout.indd 2
04/11/2009 14:09
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4
Teastaíonn Sciatháin go leor ón Eireog
Miriam Uhlemann
6
Solas na Beatha Dúinn
8
Modhanna Nua Cumarsáide
10
Malartú Maoine
12
Lorgaigí agus Gheobhaidh Sibh
15
Fógraigí an Dea-Scéal
17
Dánta
18
Ná Ligimís i nDearmad
20
Múinteoirí na Múinteoirí
22
Cuairt ar Mhisinéirí Íosánacha san Áise
24
Pobal na gCeall
26
Im Leabharlann Dom
Séamus Ware
An tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh
30
Mise Eoghan
An tAthair Leon Ó Móracháin Patrick Muldoon Martin Browne OSB Nollaig M. Ní Mhaoileoin An tAthair Pádraig Ó Ceallaigh SMA Ruadhán Ó Gliasáin Seán Ó Catháin An tAthair Paul Andrews SJ An tAthair John K. Guiney SJ Meidhbhín Ní Úrdail Ian Ó Caoimh
Ar dheis Dé: Róisín Ní Riain
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.
Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Fionnuala Mac Aodha Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB
Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 440 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Deireadh Fómhair 2009
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.
TIMIRE template layout.indd 3
Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí
Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Dearadh: Messenger Publications
Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E2.50 / Stg£2 Go ceann bliana: E10 / Stg£8 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138 Clóbhualadh: Business 2 Print Grianghraif: John Maher
04/11/2009 14:10
4
Timire
Teastaíonn sciatháin go leor ón eireog Miriam Uhlemann
Is brainse de chuideachta níos leithne idirnáisiúnta é ‘Fostering First Ireland’ (FFI). Le fada an lá, tá FFI ag aimsiú socrúchán altrama do pháistí ‘níos dúshlánaí’ mar adeirtear. Is í ‘Foster Care Associates’ (FCA) a máthairchuideachta agus bunaíodh í sa Ríocht Aontaithe 15 bliain ó shin. Tá an FCA ar an bhfód anois san Fhionlainn, sa tSualainn, sa NuaShéalainn, san Astráil agus i gCeanada féin. Aimsíonn sí socrúcháin le teaghlaigh altrama do bhreis is 2,500 páiste. Modh is ea an t-altramas le saol clainne a chruthú do pháiste ar bith nach féidir leis fanacht lena theaghlach breithe ar chúinsí éagsúla. An tinneas, an cliseadh teaghlaigh, an t-alcól, na drugaí, imní faoi shábháilteacht an linbh, fiú amháin – is cúinsí altrama iad go léir. Athrú anmhór is ea an t-altramú i saol an pháiste, go fiú má leanann faoiseamh é, agus ní lia páiste altrama ná scéal. Téann an chailliúint agus an dealú go smior iontu. Páistí is ea cuid acu a chaith a mblianta tosaigh gan teas, dídean, beatha ná leaba ghlan agus gan éinne acu le cúram cuí a dhéanamh dóibh. Téann taithí mar sin faoin gcnámh agus theastódh aimsir, foighde agus grá lena scéal a chur ina cheart. Teaghlaigh neamheisceachtúla ‘eisceachtúla’ is ea na teaghlaigh altrama cé nach n-admhódh siad féin a leithéid. Le bheith ina chúramóir altrama, ní mór
TIMIRE template layout.indd 4
don iarrthóir a bheith an-oscailte ar fad. Is próiseas an-iomlán é an próiseas measúnaithe, ní nach ionadh, as ucht go mbaineann daoine áirithe taitneamh as. Cé hiad féin, mar sin, na páistí a ndéantar a n-altramú? Seo thíos cumasc de scéalta a fuaireas ó pháistí de chuid an FFI. Bhí Seán sna luathdéaga nuair a socraíodh é leis an teaghlach altrama atá aige le trí bliana anois. Ní raibh aon smacht ag a chuid tuismitheoirí breithe air níos mó agus deacrachtaí acu féin saol normalach a chaitheamh nó caidreamh de shaghas ar bith a chothú. Bhí seal caite aige faoi chúram cónaithe agus ráite aige gurb éard a bhí uaidh, a bheith ina ghnáthbhall de theaghlach. Faoin am gur chuir an HSE i dtreo an FFI é, bhí rudaí áirithe amuigh air. Maidhtseálaí cruthanta ab ea é. Thaithigh sé an tréad mícheart. Ba mhinic é ar iarraidh cúpla lá as a chéile. Bhí sé lán mustair. Bhí sé cosantach agus cinnte de nach gcuirfí ar bhóthar a leasa go brách é. É sin go léir, bíodh gur shanntaigh sé saol an teaghlaigh, ina fhocal féin. An dúshlán ba mhó a bhí roimhe ná nár thuig sé cén rud a bheadh i gceist le saol ‘normálta’ teaghlaigh. Bhí sé gan taithí ar a leithéid. “Ní theastaíonn uaim dul ar scoil” ar seisean an chéad lá. “An teaghlach seo, téann agus tusa mar an gcéanna” a thug an tuismitheoir altrama mar fhreagra air. Trí bliana anonn agus freastalaíonn Seán ar an scoil chuile lá. Ainmníodh é ina chinnire anuraidh. Thug sé le fios lá a athbhreithnithe go bhfuil rún aige dul le dlí. Rinne sé gáire faoina chuid iompair fadó. Cad a tharla, idir seo agus sin? Conas gur tháinig cor ina scéal? Thug sé dúshlán an teaghlaigh, ar dtús. An mbeadh grá
04/11/2009 14:10
Timire
buan acu dó? An seasfadh siad leis? An bhféadfadh sé iontaoibh a chur iontu nó an dteipfeadh siad air, mar ba nós? Dá mbainfeadh sé a sheanchosa de, cad a choinneodh ar rith é? Bhí eagla air, dar ndóigh mar a bhíonn ar chuile pháiste faoi chúram. Ba dhuine de chlann mhac anois é, cuid acu a bhí níos sine agus cuid acu nach raibh. Ón gcéad lá amach, bhí páirt aige in imeachtaí uile an teaghlaigh, na leathanta saoire, na póstaí, chuile cheiliúradh etc. Bhí iontaoibh ag an teaghlach as, bhí meas acu air agus thug siad cluas éisteachta dó. Ní raibh siad sa mhullach air. Rinne sé beart dá réir, céim ar chéim. Leag an teaghlach ceangail áirithe air agus tháinig an lá gur theastaigh uaidh cloí leo. Theastaigh uaidh a bheith faoina sciathán. Bhí sé ag teacht as. Bhí sé ag téarnamh. Daoine solúbtha, cruthaitheacha, tuisceanacha is ea tuismitheoirí Sheáin. Bhí a cuid deacrachtaí féin ag a máthair
5
altrama, nuair a bhí sí féin ag fás aníos. Seasann taithí a hóige léi ó rinneadh cúramóir di. Níl anseo thuas ach cnó an scéil i mbeagán beag focal. De réir a chéile a thógtar na caisleáin. Bíonn gach fás mall. Is mór is fiú an t-altramas, don pháiste agus don tuismitheoir i bpáirt. Tá bunús leis an sean-nath Afracach “Is é an sráidbhaile go léir a thógann an leanbh”. Titeann cúram an pháiste ar gach duine beo; is é an duine óg a chruthóidh an saol atá romhainn agus is ceart freastal air san am i láthair. Tá Miriam Uhlemann ina Stiúrthóir Feidhme ar ‘Fostering First Ireland’ ón 1 Deireadh Fómhair 2009. Rinneadh Stiúrthóir Cúnta de Mhiriam i mí na Bealtaine 2005 nuair a cuireadh an chuideachta ar bun in Éirinn, an chéad lá. Tá FFI anois ar an gcuideachta neamhspleách altramais is mó sa tír. 74 Cúramóirí Altramais agus 71 Páistí Socrúcháin atá faoina sciathán.
Intinn Choitianta an Phápa do mhí na Nollag Go dtugtar meas agus grá do pháistí agus nach ndéantar leatrom orthu.
TIMIRE template layout.indd 5
04/11/2009 14:10
6
Timire
Solas na Beatha Dúinn
An tAthair Leon Ó Móracháin Ag tráth seo na Nollag, go n-aithnítear Íosa, Mac Dé Bhí, mar sholas na beatha dúinn go léir; agus go n-osclaí pobal na náisiún a gcroí don Slánaitheoir. Caithfidh mé admháil a dhéanamh gur annamh dáiríre a thugaimse aird ar an intinn áirithe a bhíonn leagtha síos dúinn ag an bPápa ó mhí go chéile. Ach nuair a cuireadh an cheist agus an intinn seo os comhair mo shúile féin níor fhéad mé ach suntas a thabhairt di. Dá mbeadh ar Chríostaí ar bith orainn ár gcreideamh ar fad a scrios agus a ligean i ndearmad, an t-áras agus ár structúr uilig sin a leagan, agus ansin dá mbeadh orainn tosnú arís as an nua le teach ár gcreidimh a thógáil, cén chéad chloch a leagfá mar bhun ar an bhfoirgneamh nua sin? (Dála an scéil ba mhaith ann é mar thogra: thabharfadh sé ábhar breá machnaimh do dhuine!) An dtosnófa leis an mBíobla? Nó an Mhaighdean Bhean-
TIMIRE template layout.indd 6
naithe? Le duine de na naoimh a bhfuil deamhóid agat leo – leithéidí Naomh Antoine, nó Padre Pio? An dtosnófa leis an Dúlra? Nó le Dia? Tá daoine a bhainfeadh ciall agus réasún as gach ceann acu sin. Ach feictear domsa mar Chríostaí gurb í an bhunchloch ar mhaith liomsa a leagan, Críost Mac Dé. Is ar éigean is féidir linne agus muid sa gcolainn seo míniú rathúil a bhaint as céard a tharla san Ionchollú. Bunchloch ár gcreidimh gur tháinig Mac Dé isteach inár saol sinne; mar a deir Pól gur fhollaigh sé é fhéin – rinneadh feoil den bhriathar agus gur lig Sé faoi inár measc. Croílár an ionchollaithe gur aistríodh an Briathar go teanga ár gcaidrimh féin saolta. Ach sin é croílár ár gcreidimh. An bealach is fearr, measaim, lena mheas – más féidir é a dheánamh ar chor ar bith– ná dul i muinín na samhlaoidí agus na gcosúlachtaí. Chuirfeadh an t-ionchollú i gcuimhne domsa an tuismitheoir a chromann síos ar an leibhéal céanna
04/11/2009 14:11
Timire lena pháiste féin chun spraoi leis nó chun oiliúint a roinnt leis. Tá sé geall le sagart nó misinéir a fhágann a bhaile féin le dul a chónaí le lucht siúil nó le daoine atá ar an ngannchuid. Ach fiú leis na samhlaoidí sin níl muid ach ag scríobadh chraiceann na ceiste. Ní duine daonna amháin atá i gceist anseo againn. B’fhéidir gurb í an mhíorúilt is íontaí ónár dtaobh sinne de an sórt duine a bhí i Mac Dé, gur fear fola agus feola dáiríre é. Cén sort íomhá agus cén sort pictiúir a bhíonn againn de Mhac Dé? An bhfuil sé cosúil leis an ngnáth-dhealbh? Nó Taiséadach Turin (más iontaofa é sin)? Nó b’fhéidir ceann de na pictiúir bheaga deabhóide as leabhair bheannaithe? Portráid áirithe de chuid na máistrí a thaitníonn leat? Is maith ann a lán de na pictiúir fad is atá siad bunaithe ar an bhfírinne. Ní mise an chéad duine a dúirt ach is í an íomhá bhunúsach agus an ceann iontaofa, údarach an ceann a fhaightear sna scrioptúir. Cuirim i gcás an scéal a chum sé féin faoin mac drabhlásach; nó an chaora fhánach, nó an fhíniúin fhíor. Tá intinn agus meoin an tSlánaitheora le léamh astu sin. Nó cuimhnigh ar na suáilcí pearsanta a bhí aige: an maithiúnas; an t-iompar séimh modhúil; an cineáltas le lucht an bhróin; an tuiscint a bhí aige; an chrógacht a thaispeáin sé i láthair a naimhde bréagchráifeacha agus fiú go pointe a bháis. É i gcónaí ag dul timpeall ag déanamh na maitheasa. Agus ina chuid cainte. Insíonn na soiscéil dúinn an sort teagaisc a thug sé dá dheisceabail; an chríonnacht a bhí ina chuid focal
7
agus a chuid dea-shampla. Nach iomaí leid a thug sé faoi cén sort duine é! An raibh mé libh an oiread sin ama, a Philib, agus nár aithnigh sibh mé? Agus an fhoighid a bhí aige nuair nár thuig siad an rud a bhí á rá aige. An cheist dhíreach a chuir sé ag Céasaráia Philib “ Cé hé deir na daoine mise?” agus an sásamh intinne a fuair sé nuair a d’admhaigh Peadar lena ghníomh íontach pearsanta creidimh: “Is tú an Críost, mac Dé”. Tá tuairim agamsa go gcabhraíonn sé linn brí a bhaint as rúndiamhar an ionchollaithe nuair a bhaintear úsáid as i gcomhthéacs ár gcultúir féin. Sa gcultúr sin tá an nós ann go luaitear ainm a mhuintire féin le duine. Luaitear cé as a shíolraigh sé, cér díobh é. Chloistí, mar shampla, Mac Mháirtín, Mac an Mháistir, Mac Mháire. Agus ansin Mac Dé! Tugann an dul cainte sin an t-ionchollú abhaile domsa ar bhealach iontach áirithe. Ceist urnaithe ansin. Féach ar an gcaidreamh pearsanta a bhí aige lena Athair neamhaí – spiorad agus smaointe na bhfocal atá breactha síos ag Eoin ina shoiscéal. (Caibidil 17) An urnaí a rinne sé ar son a dheisceabal ag an suipéar deireanach. Agus an comhartha iontach drámatúil nuair a nigh sé a gcosa, ‘le go ndéanfadh sibse mar an gcéanna’. Eiseamláir, ceannródaí, dúshlán duinne! Carthanacht, nádúr, croí! Solas na beatha dúinn gan aon agó. Go n-osclaí muid ár gcroí don Slánaitheoir! Gile mo chroí do chroí-se, a Shlánaitheoir! Tá an tAthair Ó Móracháin lonnaithe i gCo Mhaigh Eo.
Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí na Nollag Ag tráth seo na Nollag, go n-aithnítear Íosa, Mac Dé Bhí, mar sholas na beatha dúinn go léir; agus go n-osclaí pobal na náisiún a gcroí don Slánaitheoir.
TIMIRE template layout.indd 7
04/11/2009 14:12
8
Timire
Modhanna Nua Cumarsáide Patrick Muldoon
Oibríonn mé mar riarthóir le Sacred Space (www.sacredspace.ie). Is láithreán gréasáin é a bhunaigh na hÍosánaigh sa bhliain 1999. Tugann sé deis do dhaoine idir óg agus aosta machnamh a dhéanamh agus guí os comhair an ríomhaire. Is é an bunchuspóir atá ag an suíomh gréasáin seo ná treoir a thabhairt do dhaoine trí am gairid urnaithe ar an idirlíon, agus a léiriú chomh maith gur féidir guí chun Dé in aon áit, fiú os comhair an ríomhaire. D’éirigh go geal le Sacred Space ó bunaíodh é. Tá sé ar fáil anois i mbreis is scór teanga éagsúil (an leagan Gaeilge Tearmann san áireamh), agus sroicheann sé na mílte daoine ar fud na cruinne dá bpaidir laethúil. Anuraidh bhí breis is cúig mhilliún cuairteoir ag an suíomh – is ionann sin agus naoi gcéad duine a bheith á usáid chuile uair. Faigheann daoine suaimhneas ón suíomh, agus braitheann siad bainteach le pobal paidreoireachta ar líne, rud atá fíorthábhachtach dóibh. Bíonn cuairteoirí Sacred Space breacaosta agus, gan dabht, d’fhéadfadh an suíomh níos mó daoine óga san aoisghrúpa 18-35 a bhaint amach. Sin an grúpa atá aicmithe ag an eaglais mar an óige, grúpa a úsáideann an chumarsáid shóisialta go rialta le haghaidh cuspóirí ilchineálacha chomh maith. Déanann an suíomh iarracht usáid
TIMIRE template layout.indd 8
a bhaint as ardroghanna ar líne chun daoine óga a shroicheadh – is féidir léirmheas a dhéanamh ar leathanach Facebook, tráchtaireachtaí scrioptúir a fháil san fhormáid RSS, agus tuairim a thabhairt faoi ghné ar bith i rannán ar leith le haghaidh aiseolais. Sa todhchaí d’fhéadfaí ábhar an tsuímh uile a chur ar ghuthán ríomhaire, agus paidir laethúil saincheaptha a chur ar fáil do daoine óga. Bheadh Sacred Space sárfhurasta le húsáid, agus níos tarraingtí don óige uile, dá mbeadh láithreacht aige ar fheidhmiúcháin chumarsáide sóisialta; dá mbeadh naisc aige le suíomhanna idirlín den chineál céanna; agus dá mbeadh comhéadain úsáideora nuaaimseartha aige. Glactar leis san eaglais uilíoch go bhfuil an t-idirlíon fíorthábhachtach i soiscéalaíocht na hóige. Dá réir sin, sheol an eaglais an chéad líonra sóisialta oifigiúil riamh – Xt3 (www.xt3.com) – roimh Lá Domhanda na nÓg i Sydney na hAstráile anuraidh. Is í an aidhm atá leis ná cuidiú le daoine óga dul i dteagmháil lena chéile d’fhonn níos mó eolais a fháil faoin gcreideamh Caitliceach, ceangal a dhéanamh leis an eaglais go ginearálta, agus a fháil amach céard atá ag tarlú ina gceantar féin. Baineann a Naofacht an Pápa Beinidict XVI úsáid as, fiú, agus sheol sé teachtaireacht chuig na baill go léir tar éis an cheiliúrtha i Sydney. Baineann ábhar Xt3 go hiomlán le daoine óga: líonraí, leabharlann alt, físeáin, podchraoltaí agus comhaid fuaime, nuacht, intinní, paidreacha, pobalbhreitheanna, agus tuilleadh. Ba mhaith leis an suíomh díospóireacht agus fóram plé a spreagadh, agus tá acmhainní ann ar nós féilire Charghais le paidreacha, léachtaí
04/11/2009 14:13
Timire
laethúla agus gearrthóga fuaime chun cabhair a thairisicint do dhaoine óga ar a n-aistear creidimh. Ní amháin sin, ach is féidir inneachar Xt3 a roinnt le do chairde ar Facebook agus ar lionraí cumarsáide sóisialta eile chun cuidiú le soiscéalaíocht na hóige. I mo thuairim féin, tá an óige ag iarraidh teacht ar an mbrí atá leis an saol a chaitheann siad, go háirithe sa mheathlú geilleagrach atá againn faoi láthair. Tá an líon daoine óga a fhaigheann freagraí ón gcreideamh ag dul i méid. Is féidir é seo a fheiceáil go soiléir san obair a dhéanann siad, mar shampla a bheith i mbun soiscéalaíochta le lucht a gcomhaoise féin, agus a bheith ag obair ar thionscadail ceartais sóisialta. Is minic nach mbíonn an obair seo infheicthe don phobal i gcoitinne, ach is mór an difríocht a dhéanann sí sa tsochaí. Ar bhonn na taithí a fuaireas féin leis an ngrúpa soiscéalaíochta Youth 2000, tá an chumarsáid shóisialta fíorthábhachtach chun teagmháil a dhéanamh le
9
daoine óga ar a leibhéal féin. Baineann an óige usáid aisti i gconaí chun áthais an chreidimh a roinnt i measc lucht a gcomhaoise féin. Ní gá duit ach breathnú ar na céadta daoine óga a d’fhreastail ar Fhéile na hÓige i gCnoc Mhuire agus i gCluain Mhic Nóis i rith an tsamhraidh chun a gcreideamh a cheiliúradh. Fuair an chuid is mó díobh spreagadh chun dul ann óna gcairde tríd an gcumarsáid shóisialta nó an promóisean go léir ar líne. Is fíorfhinnéithe don gcreideamh iad i sochaí an lae inniu. Gan amhras, cabhraíonn modhanna nua-aimseartha cumarsáide go mór le daoine óga, agus téann siad chun sochar a bhforbartha pearsanta féin agus an domhain uile! “Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa” (Gníomhartha 1:8, téama Lá Domhanda na nÓg 2008). Tá Patrick Muldoon ag obair mar riarthóir le Sacred Space.
Intinn Choitianta an Phápa do mhí Eanáir 2010 Go mbaine daoine óga an leas is fearr as modhanna nua-aimseartha cumarsáide chun sochar a bhforbartha pearsanta féin agus an domhain uile.
TIMIRE template layout.indd 9
04/11/2009 14:13
10
Timire
Nurho / Wikimedia
Malartú Maoine
Ardeaglais Durham
Martin Browne OSB Tá clú is cáil ar chathair Durham, in oirthuaisceart Shasana, mar a bhfuil ceann de na hardeaglaisí is mó agus is áille sna hoileáin seo. Tógadh é ag na Normannaigh, mar chuid de mhainistir do mhanaigh Bheinidicteacha, agus mar scrín in onóir Chutbart Naofa. Tá tuama an naoimh sin taobh thiar d’ardaltóir na hardeaglaise fós. Tosaíodh ar thógáil an fhoirgnimh i 1093, agus críochnaíodh é laistigh de dhaichead bliain. Sna meánaoiseacha, bhíodh Ardeaglais Durham ar cheann de na scrínte is mó le rá i Sasana, leis na mílte ag teacht ar oilithreacht chuig tuama Chutbart,
TIMIRE template layout.indd 10
ag urnaí is ag lorg míorúiltí trí idirghuí an naoimh. Cuireadh naomh clúiteach eile ag an taobh eile den ardeaglais, i ‘Séipéal na Gailíle’: Béda Urammach. Is é Béda atá mar ‘athair’ ar staidéar na staire sa Bhreatain Mhór, de bharr tábhacht a mhórshaothair Stair Eaglaisiúil Mhuintir Shasana. Ainneoin an scrios ar fad a tharla tráth an Reifirméisin, níor scriosadh tuamaí na beirte naomh ar chor ar bith, is tá muintir an Oir-Thuaiscirt, idir Chaitlicigh is Phrotastúnaigh, fós bródúil as laochra seo an chreidimh. I gCutbart, feicimid traidisiún ársa is uasal na Críostaíochta in oir-thuaisceart Shasana. I mBéda, feicimd traidisiún ársa is uasal an léinn sa cheantair. In Ollscoil Durham – agus sa Roinn Diagachta is
04/11/2009 14:14
Timire Reiligiúin ach go háirithe – tagann an dá thraidisiún le chéile. Ba é Easpag Durham sa 19ú aois, William van Mildert, a bhunaigh an ollscoil – an chéad ollscoil i Sasana i ndiaidh Cambridge is Oxford. Tá an ollscoil is an ardeaglais fite fuaite ina chéile, agus tionóltar searmanais bronnta céime na hollscoile san ardeaglais fós. Toisc gur bunaíodh an ollscoil ag Easpag Durham, tá traidisiún Anglacánach is Protastúnach láidir ag an Roinn Diagachta. Le tamall fada, tá Ollamh ar leith le Diagacht Anglacánach sa Roinn, sagart Anglacánach, a bhíonn ag an am céanna ina Chanónach in Ardeaglais Durham. (Ar ndóigh, ó aimsir an Reifirméisin i leith, tá na manaigh imithe ón ardeaglais, agus tá sí anois i seilbh Eaglais Shasana.) Ón samhradh seo caite áfach, tá ollamh speisialta eile sa roinn. ‘Ollamh Bhéda’ a thugtar air. Caitliceach pósta le triúr sa chlann aige é an tOllamh Lewis Ayres. Eisean an chéad Ollamh le Diagacht Chaitliceach riamh i Sasana ó am an Reifirméisin i leith. Chomh maith leis sin, tá Ionad Léinn Caitliceach lonnaithe sa roinn. Ach ní i ndiagacht Chaitliceach amháin atá ceannródaíocht is dul chun cinn le feiscint i nDurham. Tá ceann de na tionscnaimh is suimiúla i saothar an éacúiméineachais san lá atá inniu ann ar bun sa roinn diagachta céanna. Dearca is stíl nua atá i gceist. Go traidisiúnta, nuair a bhíonn dialóga ar siúl idir eaglaisí éagsúla bíonn siad ag amharc ar a chéile, ag iarraidh teacht ar na fadhbanna is na deacrachtaí a sheasann idir na heaglaisí is an aontacht a thoilíonn Críost dá Chorp, chun iad a cheartú nó a leigheas. Chun
11
na fírinne a rá, go minic bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil gach eaglais ag iarraidh an eaglais eile a ‘iompú’. Ach, le hionspioráid is fuinneamh an Ollaimh Pól Ó Muirí i nDurham, tá tionscnamh ‘Éacúiméineachas Soghabhála’ ar siúl. Is é bunphrionsabal an Éacúiméineachais Soghabhála ná: Nuair a bhítear ar bhóthar na haontachta, ní hí ‘Céard ba ghá do na traidisiúin eile a fhoghlaim uainne i dtosach?’ an chéad cheist gur chóir a chur. An chéad cheist gur chóir a chur ná: ‘Céard ba ghá dúinne a fhoghlaim uathu?’ Ní díospóireacht atá i geist, ach ‘malartú maoine’. Tá sé simplí, ach tá tionchar mór aige cheana féin ar an tslí ina smaoiníonn an-chuid éacúiméineach gairmiúil ar a saothar. D’eagraigh an tOllamh Ó Muirí dhá chomhdháil acadúla idirnáisiúnta um éacúiméineachas soghabhála i nDurham a mheall scoláirí ó chuid de na hollscoileanna is institiúidí diagachta is fearr ar domhan. Mar sin, tá scéala is úire an éacúiméineachais soghabhála anois á chraobhscaoileadh go forleathan timpeall na cruinne. Is síol dóchais do chúis na haontachta Críostaí amhlaidh. Sa bhaile i nDurham féin, tá na hEaglaisí ag iarraidh an prionsabal a chur i ngníomh ins an tslí ina bpléann siad lena chéile. Seans gur sin é an fáth gur thug Easpag (Anglacánach) Durham cuireadh don Phápa teacht go Durham nuair a bheidh sé sa Bhreatain i 2010, agus léacht acadúil a thabhairt san Ardeaglais. Ócáid stairiúil a bheidh ann má ghlacann sé leis an gcuireadh. Is é Martin Browne príomhoide Mhainistir Ghleann Stáil.
Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Eanáir 2010 Go dtuige gach Críostaí go bhfuil aontacht idir Chríostaithe uile ina riachtanas do chraobhscaoileadh éifeachtach an tSoiscéil.
TIMIRE template layout.indd 11
04/11/2009 14:14
12
Timire
Lorgaigí agus gheobhaidh sibh Nollaig M. Ní Mhaoileoin Mar a léiríonn Soiscéal Naomh Lúcás dúinn i gcaibidil a h-aon déag, áit ina ndeir an Tiarna Íosa linn, ‘iarraigí agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh,’ caithfear dul ar lorg. Ionas gur féidir leat dul amach ag ‘lorg’ na fírinne faoi Dhia caithfear a thuiscint go bhfuil Dia féin ar do lorg. Tá fiosracht nádúrtha ionann go léir, mar dhaoine cruthaithe ar ‘dheilbh Dé’. Feictear seo i measc na scoláirí agus an lucht léinn, mar shampla, i gcúrsaí eolaíochta de. Ó thaobh cúrsaí spioradálta agus diagachta de Is é Dia féin údar d’fhiosrachta. Is Dia an Tríonóid atá ag glaoch ort, a chuireann tús le d’aistear rí-thábhachtach seo ag cuardach na Fírinne. D’fhiosraigh Pointias Píoláit de Chríost i Soiscéal Naomh Eoin, ‘Cad é an fhírinne’? Léiríonn a cheist go bhfuil slite difriúla ann chun an cheist a chur. Cuirim an cheist i slí eile. Cad agus cé hé an Fhírinne? Cén fáth go bhfuil gá ann i mbeatha gach duine sa domhan freagra na ceiste seo a aimsiú? Tá an Nollaig ag teacht agus má scrúdaíonn muid scéal an linbh Íosa, le Muire a mháthair agus Naomh Iósaf, feictear dhá shampla den fhiosracht, dhá shaghas cuardaitheoirí. Sa chéad chás de tagann na haoirí, daoine simplí, ag leanacht treoir an Aingil, chuig Rí na cruinne, sa mhainséar. Os a choinne sin feictear an Triúr Saoithe, íomhá an lucht léinn agus na scoláirí, iad ag leanacht na réalta i spéir na hoíche, agus iad mar a déarfá, ag cuardach an tsolais sa dorchadas, an fhírinne.
TIMIRE template layout.indd 12
Bhí eolas agus léann acu. Bhí fiosracht iontu chun an fhírinne a aimsiú. Chuaigh siad ar aistear fada chun freagra na ceiste a fháil. D’fhreagraigh Dia iad. Tá nasc le feiscint idir na haoirí agus an Triúr Saoithe. An ceangal atá eatarthu ná suáilce na humhláiochta. Múineann an Eaglais Chaitliceach gur bronntanas an Spiorad Naoimh í suáilce na humhlaíochta. Umhlaíocht chroí agus intinne atá i gceist anseo. Is siad seo na daoine, fir, mná, an t-aos óg agus na leanaí, iad oscailte don fhírinne, oscailte don choinsias, le cluasa beo, airdeallacha orthu. Inár gcoinsias a chloistear guth ciúin Dé mar a léiríonn an Cairdinéal Newman dúinn. Caithfear ciúnas a chothú ionainn féin chun guth Dé a chlos. Ach caithfidh muidne ár gcoinsias a choimeád i dtiúin le fíortheagasc na hEaglaise. Caithfear comhcheangail idir spriorad linbh agus aibíocht an duine fhásta a chothú agus an ceacht seo foghlamtha go maith ag Naomh Thérese de Lisieux na Fraince. Ach dúnann spriorad sotalach an chriticis an doras thuasluaite i Soiscéal Lúcás. Le spiorad na humhlaíochta osclaítear réimse fairsing na fírinne os do chomhair amach. Osclófar an doras amach siar. In ionad eolas intleachtúil amháin a bheith agat beidh intleacht agus eagnaíocht, idir chroí agus intinn, ag comhoibriú ionat, má théann tú tríd an doras ag fiafraí na Fírinne, Íosa Chríost. An toradh a thiocfaidh as ná úsáid cheart an eolais agus tú ag leanacht phlean Dé i do bheatha. Conas a thosnaítear an t-aistear seo? Tá slite difriúla ann. Slí amháin a mholaim ná suí go ciúin leis an mBíobla. Chun tús a chur le do chuid léithoireachta abair paidir ghearr, mar shampla, ‘Tar anuas a
04/11/2009 14:54
Timire
Spioraid Naoimh, trí chroí na Maighdine Muire,’ chun cabhrú leat do chroí agus do mheon a oscailt do sholas na fírinne sa Scrioptúr Naofa. Tosnaigh le Leabhar Gheineasas go deireadh. Athraigh ansin go Soiscéal Lúcás. Don chéad léamh bí oscailte le do shamhlaíocht, bronntanas álainn eile ó Dhia dúinn. Don dara léamh bí tuisceanach faoi chomhthéacs an tSean Tiomna agus an Tiomna Nua, conas a cuireadh le chéile iad, chomh maith le ról an Traidisiúin agus ról na hEaglaise sa bhfráma úd. Feictear seo i Dei Verbum, as cháipéis Vatacáin a II. Tóg sreathanna gearra de Shoiscéal Lúcás. Bí ceistiúil faoi gach focal, gach abairt, ach go humhal. Seo slí amháin chun teacht ar an eolas faoin Aon Dia amháin, fíoraistear do bheatha! Tá na Scrioptúir ag borradh le beatha. Is féidir bualadh le Críost iontu. Féach
13
ar Shoiscéal mistiúil Naomh Eoin. Cén fáth, agus é eolach faoina chéasadh, go bhfeictear Críost ag labhairt san aimsir fháistineach, mar shampla faoi Dhia an Spioraid Naoimh? ‘Inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht’ (Eoin 16:14). Cinnte tá an Scrioptúr beathúil don duine umhal, le cabhair an Spioraid Naoimh. Toradh na hoibre ná go saorann eolas na fírinne thú. Tiocfaidh tuiscint chugat faoin Aon Dia fíor amháin agus fút féin i bplean Dé, tríd Íosa Críost. Foghlaimeoidh tú faoi na Sacraimintí mar an Eocairist agus tábhacht bheatha na hEaglaise. Éisteann ár nDia leis an té atá umhal. Is iomaí cor sa saol má tá comaoin idir Dia agus tú féin. ‘Lorgaigí, agus gheobhaidh sibh.’ Tá céim mháistreachta sa Diagacht ar siúl ag Nollaig M. Ní Mhaoileoin.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Feabhra 2010 Go lorgaí scoláirí agus lucht léinn an fhírinne ionas go dtiocfaidh siad ar an eolas faoin Aon Dia fíor amháin.
TIMIRE template layout.indd 13
04/11/2009 14:55
14
Timire
Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.
An Ofráil laethúil
A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá…(féach leathanach cúil)… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Tomhas an Timire: 158
Ainmnigh ceann de na trí bhronntanas a fuair an leanbh Íosa.
1
2
3
4
5
Tá liosta d’ainmneacha ban thíos. Roghnaigh litir as gach focal chun an freagra a fháil Máire, Aifric, Orlaith, Clár, Cara. Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Nollaig, 2009. Tomhas 157: Freagra: Geineasas Buaiteoir: Micheál Mac Biorthagra, Dumhach Thrá, BÁC 4.
TIMIRE template layout.indd 14
04/11/2009 14:16
Timire
15
Fógraigí an Dea-Scéal
An tAthair Pádraig agus a chómhisinéirí sa tSaimbia 2009
An tAthair Pádraig Ó Ceallaigh, SMA D’fhéadfá a rá go bhfuil intinn an Phápa bunaithe go daingean ar an gcaidreamh deireanach saolta a bhí ag Íosa lena dheisceabail sul ar deastógáladh é suas go dtí na Flaithis. Bhí rud áithrid anspeisialta le rá aige leofa. ‘Séard a scríobh Maitiú (28:18) ná ‘Tháinic Íosa suas acu agus labhair sé leofa’. Tá tábhacht thar leith ag baint leis an abairt, d’aireofá go raibh rud an-tábhachtach le teacht. Bhí sé le slán a fhágáil acu ach bhí sé freisin le comhairle a chur orthu go raibh dualgas orthu dul anois agus an dea-scéal iontach – a bhí faighte acu san agus feicthe acu – a chur in iúl do chuile dhuine beo ar fud an domhain. ‘Tá chuile údarás tugtha dhomsa ar neamh agus ar talamh. Imigí mar sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uilig, baistigí iad in ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, agus múinigí dófa na hAitheanta uilig a thug mé daoibh a chomhlíonadh. Agus féach tá mé libh i gcónaí, sea, fiú go dtí deireadh an tsaoil.’ Is é slánú an duine atá i gceist ag Íosa.
TIMIRE template layout.indd 15
Tháinic sé inár measc le taispeáint dúinn lena shaol féin, cén chaoi leis an saol seo a chaitheamh. Bhí an cine daonna ar seachrán ach bhí bealach amháin go bhféadfadh siad saol maith a chaitheamh. Bhí an bealach sin taispeáinte dá dheisceabail, agus anois bhí an dualgas dá chur aige orthusan dul anois agus an bealach sin a thaispeáint don saol mór. Bhí a raibh fulaingte ag Íosa feicthe acu, ach bhí chomh maith an lámh in uachtar a fuair sé ar an mbás agus ar an bpeaca feicthe acu. Bhí ríméad an domhain orthu go raibh sé beo ina measc tar éis dó bás a fháil ar an gcroich. Sa gcéad litir a scríobh Naomh Eoin, (1:1-4) airíonn muid an ríméad, an lúcháir agus an síoraoibhneas atá i gcroí an aspail úd, de bharr an caidreamh a bhí aige le hÍosa agus a raibh feicthe aige. Seo é an chaoi a chuir Eoin é féin é ‘an ní a bhí ann ó thus, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile fhéin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá Briathar na beatha – foilsíodh an bheatha agus chonaiceamarna é agus anois tugaimid fianaise agus fógraimid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí in éindí leis an
04/11/2009 14:16
16
Timire
Athair agus a foilsíodh dúinne. Fógraimid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost. Agus scríobhann muid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir’. Sna focail seo thuas atá scríofa ag Naomh Eoin, airíonn muid an dlúthcheangal atá idir é agus Íosa, agus is de bharr an dlúthcheangail sin go bhfuil ríméad agus lúcháir ar a chroí. Ní faitíos dó an peaca nó an bás feasta mar tá an lámh in uachtar faighte ag Íosa orthu, agus teastaíonn uaidh go mbeadh an t-eolas sin ag chuile dhuine saolta agus go mbeadh an ríméad céanna orthusan agus a bhí airsean de bharr an dea-scéala iontach atá dá fhógairt aige. Ba cheart dúinne aithris a dhéanamh ar Naomh Eoin, agus an dlúthcheangal céanna a chothú le hÍosa sa gcaoi go mbeidh muid in ann an lúcháir agus an ríméad atá ag dul lenár gcreideamh a chraobhscaoileadh agus go n-aireoidh an lucht éisteachta agus féachana an lúcháir agus an ríméad atá ionainn de bharr an teangmháil speisialta atá againn le Críost. Sa saol casta atá inniu ar fud an domhain, agus na tuairimí atá forleathan ní mór dúinn fanacht dílis do Chríost agus éisteacht lena ghuth san eaglais. Ní mór dúinn freisin bheith aireach sa gcaoi nach mbeidh tuairimí saolta ár linne ag tolladh isteach inár gcreideamh. Tá tionchar fíormhór ag na meáin chumarsáide ar fud an domhain inniu agus go minic ní hé an dea-scéala a bhíonn acu ach a mhalairt. Tá an duine brúite faoi chois ag an éadóchas a thagann uathu. Ach le
Críost tá dóchas agus misneach i gcónaí le fáil. Mar dúirt sé fhéin tráth: ‘Bíodh misneach agaibh, tá an ceann is fearr faighte agamsa ar an saol’. Ní mór mar sin do chuile dhuine gur Críostaí é fanacht gar do Chríost i gcónaí agus cead a thabhairt dó iad a mhúnlú sa gcaoi gurb é a chroí agus a dhearcadh a bhéas i gcónaí ag teacht uainn agus go scaipe muid an dóchas a bhaineann lenár slánú mar a bheadh borradh álainn ag cur an ruaig ar an éadóchas atá dá scaipeadh ag an diabhal agus a chomhluadar. Caithfear aghaidh a thabhairt ar an mbréag agus í a threascairt leis an fhírinne. Mar dúirt Íosa le Piolóit agus é láimh lena bhás: ‘Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinic mé ar an saol – chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne’. Tá géarghá le dílseacht don bhfírinne agus don soiscéal álainn atá mar oidhreacht againn. Agus mar atá in intinn an Phápa tá sé de dhualgas orainn an dílseacht sin a chothú agus an soiscéal a chraobhscaoileadh go fonnmhar le brí agus le misneach agus gan faitíos bheith orainn roimh neach saolta ar bith.
Eolas faoin ghrianghraf: Feic thall
Is sagairt de chuid an SMA (Cumann na Misinéirí chun na hAfraice) iad uilig atá ag obair sa tSaimbia. In éindí leo tá sagairt ón Nigéir, Gána agus an Chéinia agus iad ag obair le chéile ag craobhscaoileadh an chreidimh ann. Tá an tAthair Pádraig suite sa tosach, an dara duine isteach ó thaobh do láime deise. Lena ais tá an tEaspag Ndola, an tSaimbia, agus Nollaig Ó Riagáin SMA.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Feabhra 2010 Go leana an Eaglais, agus tuiscint aici ar a ról miseanach, Críost go dílis agus go bhfógraí sí a Shoiscéal go náisiúin uile an domhain.
TIMIRE template layout.indd 16
04/11/2009 14:16
Timire
17
Dánta le Ruadhán Ó Gliasáin Nóiméad Dé Seo é nóiméad álainn Dé, Nóiméad maoithneach na maidine. Deisbhéalaí an Bhriathair i ngach gníomh, Dia ar fud na háite.
Rúndiamhair an Choirp Chruthaigh Dia an corp álainn seo, an cholainn bhreá seo, Corp láidir fireann, colainn shéimh bhaineann. Bhí go maith is ní raibh go holc, sinn i gceannas ar domhan, Ach ansin, thiteamar is fuair Íosa bás. A Mhac an Aon-Dé, a Cheann na hEaglaise! Táimid umhal Duit. Nach baill Dod’ chorp sinn? An Spiorad, Cumann an Ghrá, a cheanglaíonn. Táimid dár slánú anois Agat. Feasta, ní bheidh orainn náire. Beidh Éabha is Ádhamh le chéile, ina síornasc glórmhar, Os cionn talún, os cionn farraige.
Bás nó Beatha? Níl i ndán dúinn ach an bás, Inniu nó inné nó amárach. Rí-ghearr a stadtar ár bhfás. Ní fhágfar dínn éinne. Tiocfaidh seo is éireoidh sin. Gabhfar anonn is rachfar chun cinn. Tagann fás is tagann bás. A Chríost, taispeáin dúinn an bheatha!
TIMIRE template layout.indd 17
04/11/2009 14:17
18
Timire
Ná Ligimís i nDearmad Seán Ó Catháin
Ag meán lae ar Aoine an Chéasta seo caite, san Eaglais Úinitéarach i bhFaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, tosaíodh ag léamh amach ainmneacha na ndaoine a maraíodh de bharr na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann sa thréimse 30 bliain go dtí 1999. Gan dabht, léadh amach, chomh maith, ainmneacha na ndaoine sin a maraíodh ó 1999 ar aghaidh. Níl a lán ainmneacha ar an dara liosta seo i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, ach ba thragóid bhreise í marú gach duine acu ar an liosta. Tosaíodh ar an searmanas seo in 2002, ceithre bliana tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, comhaontú a chuir deireadh leis an gcoimhlint idir na páirtithe ar an dá thaobh den choimlint – go bunúsach idir na Dílseoirí agus na Náisiúnaithe. Anuraidh, tar éis deich mbliana ó síníodh an ChomhAontú, ceapadh nach mbeadh gá leis an searmanas cuimhneacháin a thuilleadh. Ach nuair a maraíodh beirt saighdiúirí óga agus ball de Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireannn (PSNI), go luath i mbliana, beartaíodh ar leanúint leis an searmanas, mar de réir cosúlachta bhíomar mar shochaí ag dul i dtaithí ar dhearmad a dhéanamh aris de na huafáis a tharla le linn an 30 bliain sin. Maraíodh os cionn 3,500 duine sa choimhlint, a lán acu ina sibhialtaigh nach
TIMIRE template layout.indd 18
raibh aon bhaint acu leis an aighneas – agus básaíodh cuid acu go brúidiúil agus d’aon ghnó; a thuilleadh acu de bharr go raibh sé de mhí-ádh orthu bheith sa bhealach ar na fórsaí armtha difriúla agus iad i mbun a n-ionsaithe. Ní gá ach smaoineamh ar na buamaí a mharaigh 33 duine, idir fhir, mhná agus leanaí i mBaile Átha Cliath agus Muineachán in 1974, nó ar an 30 duine a maraíodh san Ómaigh in 1998, mar shampla, chun uafáis na linne sin a thabhairt chun cuimhne athuair. Bhíos féin i láthair ó thús deireadh an tsearmanais agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Nuair a bhi sé ar tí tosú, tháinig iriseóir ó RTÉ chugam ag fiafrai díom cén fáth go raibh mé ann. Dúras leis go raibh mé féin agus mo bhean chéile tagtha ann chun bheith páirteach agus chun a chur abhaile orainn féin arís chomh tragóideach is a bhí gach ceann de na maruithe sin, gach ceann acu ina bheatha a múchadh de bharr na dTrioblóidi sin. Thosaigh an searmanas ag meán lae agus lean sé ar aghaidh go dtí a trí a chlog sa tráthnóna, le daoine difriúla (cuid acu ina ministrí d’eaglaisí eile) ag teacht ar an phóidiam chun cuid den liosta a léamh. Ba shiombail í gur ar Aoine an Chéasta a bhí sé seo á dhéanamh agus gur lean an liosta ar aghaidh go dtí a trí a chlog, an t-am a deirtear go bhfuair Íosa féin bás ar an chrois ar son ár bpeacaí. Bhí sé amhail is go raibh Íosa ag tabhairt leis ar neamh, ar a trí a chlog, ainmneacha agus anamacha na ndaoine ar an liosta sin, agus go rabhamar ar shlí eígin páirteach san ofráil sin, agus sinn ag lorg maithiúnais as na dúnmharuithe sin a maíodh go ndearnadh iad in ár n-ainm féin.
04/11/2009 14:18
Timire
Fuaireas amach ina dhiaidh sin gur fritheadh liosta na marbh seo, den chuid is mó, as leabhar dár teideal, Lost Lives*, a foilsíodh in 1999. Fuaireas féin cóip den leabhar mór seo san leabharlann, ó shin. Is éachtach an leabhar é, le sonraí beatha agus báis gach duine a maraíodh le linn an 30 bliain sin. Arís, ag breathnú dom tríd an leabhar seo, chonachas dom go soiléir nár staitistic lom a bhí i ngach ceann de na maruithe sin ach fuil agus feoil, anam agus intinn, de dhuine daonna a chruthaigh Dia. Meabhraíonn na sonraí seo dúinn gur peaca marfach in aghaidh an tsolais é aon duine a mharú ar son cúis ar bith. Bhainfeadh sé stangadh as éinne a fhoghlaim faoin fhuath agus faoin bhrúidiúlacht a bhain le roinnt de na cásanna a shonraítear anseo. Agus bhainfheadh sé deora as cloch bheith ag léamh faoin fhulaingt a chruthaigh
TIMIRE template layout.indd 19
19
na heachtrai seo go minic, gan tracht ar an phian agus ar an fhulaingt atá á hiompar ó shin i leith i gcónaí ag na daoine a chaill duine muinteartha leo nó a thainig beo as na hionsaithe seo. Measaim féin gur ceart cóip den leabhar seo bheith i ngach leabharlann agus gach coláiste agus gach príosún sa tír. Ba cheart go mbeadh sé mar ‘léitheoireacht riachtanach’ ag gach polaiteoir sna hoileáin seo chomh maith! Ná ligimís i ndearmad iad. *Lost Lives – the story of the men, women and children who died as a result of the Northern Ireland troubles. Mainstream Publishing Company (Edinburgh ) Ltd. Is iar-státseirbhíseach é Seán Ó Catháin.
04/11/2009 14:18
20
Timire
Múinteoirí na múinteoirí Bunaíodh scoil an Oideachais i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath 100 bliain ó shin. Bhí baint mhór ag na hÍosánaigh le bunú agus le riar na scoile ar feadh na mblianta, an t-údar ina measc.
An tAthair Paul Andrews SJ
Machnamh pearsanta agus dearcadh Íosánach atá anseo ar chomóradh céad bliain scoil an Oideachais i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Ní thabharfar ach taobh amháin den scéal, ní nach ionadh nuair nach bhfuil ach 700 focal agam. Rabhadh duit, a léitheoir ionúin, nach bhfaighidh tú ach cuid den scéal uaim. Tá a fhios agam gurb iad na mic léinn is tabhachtaí i scoil ar bith ach tá mise ag cuimhneamh anseo ar lucht riartha na scoile. Íosánach a bhí sa chéad ollamh le hOideachas in UCD, Tim Corcoran, fear láidir an-éirimiúil – fuair sé an chéad áit in Éirinn sa Mheánteistiméireacht agus an chéad ghrád i gcónaí san ollscoil – as Tiobraid Árann, arbh fhearr duit gan cur ina choinne. Chaith sé 33 bliain sa phost ó 1909 go dtí gur theip an tsláinte air agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ní amháin ar mhúinteoirí na tíre, idir bhunscoile agus mheánscoile, ach ar pholasaí rialtais chomh maith. D’áitigh sé go múinfí gach aon pháiste trí mheán na Gaeilge cé nach raibh Gaeilge líofa go
TIMIRE template layout.indd 20
leor ag na múinteoirí. Bhí cúntóir aige, WJ Williams, a d’fhulaing go goirt faoi scáil Mhic Uí Chorcoráin agus shíl gach aon duine gur cheart go bhfaigheadh seisean an chathaoir ina dhiaidh mar chúiteamh. Nuair a fógraíodh an post cuireadh an coinníoll leis – agus Corcoran ba chúis leis – go mbeadh ar an ollamh úr a bheith in ann léachtaí a thabhairt i nGaeilge. Ní raibh go leor Gaeilge ag Williams. Is maith is cuimhin liom an raic a bhí ann ansin. Bhí scoilteanna uile an ama sin le feiceáil sa choimhlint a d’eascair as: teannas idir cléir agus tuata (bhí an tAthair Fergal McGrath SJ ina iarrthóir don phost, ach bhí na hÍosánaigh i gcoitinne i bhfabhar Williams agus tharraing McGrath siar ar mhaithe leis siúd); teannas idir lucht na Gaeilge éigeantaí agus an dream eile; teannas idir Fianna Fáil (Tim Corcoran agus Éamonn de Valera, Seansailéir Ollscoil na hÉireann) agus Fine Gael (na hollúna is mó tionchar in UCD). Bhí sé ina chogadh dearg ar Ardán Phort an Iarla agus mic léinn ar an dá thaobh ag dul in adharca a chéile le clocha. Nuair a bhí an ceapachán le déanamh mhol uachtarán UCD Williams agus mhol De Valera Fergal McGrath á rá gur chóir go nglacfadh lucht na hOllscoile leis an bprionsabal a bhí i réim sa Státseirbhís ag an am gur cheart tús áite a thabhairt d’iarrthóir le Gaeilge ar iarrthóir níos fearr féin gan Ghaeilge, ach amháin na buncháilíochtaí a bheith ag an nGaeilgeoir. Cé gur chuidigh Easpag na Gaillimhe le moladh Dev toghadh Williams. Duine breoite a bhí ann cheana féin agus d’éirigh sé as i 1948. Tháinig Íosánach eile, Seán Ó Catháin,
04/11/2009 14:19
Timire
i gcomharbacht ar Williams ach ní raibh ann ach léachtóir! Thug Uachtarán an choláiste, Michael Tierney sean-namhaid de chuid Corcoran, ísliú céime don scoil. Ní dhearnadh ollamh de Sheán go dtí 1966. Nuair a chuaigh seisean ar phinsean iarradh orm léachtaí a thabhairt ar churaclam agus ar scrúduithe. Is cuimhin liom na turais amach go Belfield ar mo ghluaisrothar le dul os comhair 550 mac léinn H Dip, agus mar bharr ar an donas ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar na 550 páipéar scúdaithe a thagadh chugam gach aon Mheitheamh. Sna laethanta sin bhíodh ainm an iarrthóra ar gach aon pháipéar scrúdaithe agus i mbaile beag mar atá i mBaile Átha Cliath bhí sé éasca ainmneacha a aithint, daoine as teaghlaigh mór le rá ina measc. Córas fabhtach a bhí ann agus an-ghá lena leasú.
TIMIRE template layout.indd 21
21
Arís eile bhí cathaoir na scoile folamh agus cé nach raibh spéis agam inti d’áitigh grúpa de na léachtóirí orm iarratas a chur isteach. Bhí orm dul timpeall na tíre le bualadh le baill an bhoird rialaithe a bheadh ag vótáil. Cuireadh ar an ngearrliosta mé. Nuair a bhí an t-agallamh cinniúnach thart scríobh cathaoirleach an bhoird litir álainn chugam á rá: “Ba léir go raibh tú cáilithe don phost ach ba léire fós nach raibh sé uait!” Ba mhór an faoiseamh dom cloisteáil go raibh Des Swan tofa acu. Bhí ré cheapachán na cléire agus na nÍosánach thart faoi sin. Má chuardaíonn tú “UCD School of Education” ar Google inniu, feicfidh tú gur mná iad dhá thrian de na 21 atá ar an bhfoireann, rud atá i gcomhréir leis an gceannasacht atá acu in earnáil an oideachais trí chéile. Féach air sin mar sméar mhullaigh!
04/11/2009 14:20
22
Timire
Cuairt ar Mhisinéirí Íosánacha Éireannacha san Áise An tAthair John K. Guiney SJ
Idir mí an Mhárta agus Mí Aibreáin 2009, thug mé féin agus an tAthair John Dardis, Proibhinseal Íosánach na hÉireann cuairt ar an tSeapáin, an Chambóid, Mórthír na Síne agus Singeapór. Bhí fúinn cuairt a thabhairt ar na hÍosánaigh san Oirthear, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt dóibh ina n-obair mhisinéireachta agus féachaint an bhféadfaí níos mó misean a bhunú, ar mhórthír na Síne, go háirithe. Turas draíochtúil ab ea ár gcuairt ar chultúir an Oirthir, ar mhórán slite.
An tSeapáin
Bhí bláth ag teacht ar bhachlóga Thóiceo agus áilleacht tuaithe faoin gcathair. Díol suntais ab ea ord agus eagar na háite, fuadar na cathrach agus riar ár n-óstach. Tá blas an-idirnáisiúnta ar an bpobal Íosánach a bhfuil cónaí orthu ar Champas Ollscoil Sophia. Tá suas le 70 Íosánach acu ann agus beirt dár gcuid féin ina measc, An tAth. Donal Doyle agus an tAth. Dermot Brangan. Bhain taom d’Éireannach eile, an tAth. William Johnson agus tá sé i dteach altrais faoi láthair. I gcathair Nagasaki dúinn, chonaiceamar scrín mairtírigh atá faoi stiúir na
TIMIRE template layout.indd 22
nÍosánach agus a dtugann beagnach 100,000 duine cuairt uirthi chuile bhliain. Thugamar cuairt freisin ar iarsmalann an bhuama adamhaigh, ina ríomhtar an tainscéal faoin dara buama adamhach a scaoileadh sa tSeapáin sa bhliain 1945. Tá an léirscrios agus fulaingt na ndaoine le sonrú ar an tírdhreach inniu féin, iad mar chomharthaí buana ar chrúb millteach an chogaidh, crúb an chogaidh adamhaigh go háirithe.
Hong Cong
An rud a chuaigh go croí ionainn agus muid sa tSeapáin, an luach an-mhór a chuir iarmhic léinn na gcoláistí Wah Yan ar obair na nÍosánach i Hong Cong agus Kowloon. Bhí gach aon mholadh acu dóibh. D’iarr siad ar níos mó Íosánach Éireannach an nasc idir an dá thír a dhaingniú. Léiríonn an scéim mhalairte idir na mic léinn agus múinteoirí as Coláiste Belvedere agus Wah Yan Hong Cong an chaoi gur féidir treisiú agus nuachan a dhéanamh ar shnaidhmeanna seanbhunaithe.
An tSín
Bheadh réamhchlaonta á n-iompar ag duine roimh dhul thar tairseach na Síne isteach agus Mao, An tArm Dearg, Cearnóg Tiananmen agus tuathacht de gheilleagar an-mhór ina cheann. Ní mar a shíltear. Bhain nua-aimsearthacht na gcathracha siar asam agus na sluaite faoina rothair agus a ngluaisrothair. Ar Oileán Sancian a cailleadh Proinsias Xavier sa bhliain 1552; ní ghlacann an turas báid ach leathuair an chloig agus
04/11/2009 14:20
Timire b’éasca Xavier a shamhlú ar an gcósta agus é ag feitheamh leis an long trádála a thabharfadh chun na Síne é, long nár tháinig. Sa tSéiplíneacht inar síneadh é, ghuíos ar son na ndaoine go léir a d’fhreastail ar na Nóibhéiní ar Shráid Ghairdinéir i gcaitheamh na mblianta agus i mbliana go háirithe. Bhí geallta agam go gcuirfinn a gcuid paidreacha ina láthair san áit a chéadthit suan na síoraíochta air. Tá iarmhic léinn de chuid Wah Yan tar éis athchóiriú a dhéanamh ar an Séipéal. Is mór an díol buíochais dúinn ár n-iarmhic léinn a fheiceáil go gnóthach i mbun na hoibre sin agus obair athchóiriúcháin eile nach í ar fud na Síne.
An Chambóid
Leiríodh fulaingt mhuintir na Cambóide le blianta beaga anuas go cruinn dúinn in Iarsmalann Chinedhíothaithe na tíre. Foilsíonn an iarsmalann ainghníomhartha ré Pol Pot– ré an uafáis ó 19751979. Cailleadh milliún duine le neamhchothú, nó le droch-chothú nó le bású i gcaitheamh na mblianta sin. Is mór an teist ar an tionlacan agus an tacaíocht do phobal faoi chois, na hÍosánaigh a bheith sa tír agus an tAth. Ashley Evans, Éireannach san áireamh. Tríd is tríd, is é an blas a fhaigheann an cuairteoir ar an gCambóid, pobal ciúin, caoin, cráifeach atá fós ag teacht as uafáis Pol Pot a g u s
23
iad ar a ndíchill a gcaighdeán maireachtála a fheabhsú in aghaidh na gcúinsí eacnamaíochta.
Singeapór
Go Singeapór linn, de sin, áit a bhfuil beirt Íosánach de chuid na hÉireann, an tAth. Thomas O’Neill agus an tAth. Gerard Keane ag plé le hobair pharóiste agus cúrsaí spioradálta. Is gníomhach an paróiste é agus slua óg, fuinniúil tiomnaithe i mbun oibre ann. Thug siad cur síos dúinn ar stair na nÍosánach i Singeapór. Bhaineamar an paróiste amach le linn Sheachtain na Páise agus ba mhór an phribhléid dúinn páirt a ghlacadh i roinnt de na seirbhísí a bhí lán go doras i Séipéal Paróiste Naomh Iognáid. Thánagamar anoir agus ár gcroí lán den chur amach a bhí faighte againn ar chultúir nua agus ar dhaoine nua. Ba mhór againn an teagmháil lenár gComhÉireannaigh. Tugadh ardú meanman dúinn thar aon ní eile, nuair a chonaiceamar sinn féin an lorg mór a bhí fágtha ag misinéirí na hÉireann ar an Áise ón uair gur fhág na hÍosánaigh An Meal Thuaidh agus gur thugadar aghaidh ar Hong Cong i mí Dheireadh Fómhair 1926. Buíochas mór le Dia as a gcreideamh, a ndíograis agus a bhféile agus ríocht Dé á leathnú acu ar an gCian-Oirthear. Is as Luimneach don Athair John K. Guiney SJ agus tá sé ina Stiúrthóir ar Oifig Mhisin na nÍosánach i mBaile Átha Cliath. www.jesuitmissions.ie
An tAthair Ashley Evans SJ lena chuid macléinn tar éis an Aifrin, Domhnach na Pailme 2009. An Proibhinseal John Dardis a ghlac an grianghraf seo ar ár dturas chun na hÁise. Tá Ashley Ionnaithe sa Chambóid.
TIMIRE template layout.indd 23
04/11/2009 14:22
24
Timire
Pobal na gCeall agus Athnuachan an Pharóiste: Fómhar Flúirseach Meidhbhín Ní Úrdail
D’eascair Pobal na gCeall in Éirinn as cúrsa a cuireadh ar siúl i gCarghas na bliana 1990 i bparóiste Naomh Eoin an Soiscéalaí, Baile an tSaoir, Baile Átha Cliath 16. Chuala an sagart cúnta a bhí ann ag am, an tAthair Mícheál Ó Muirthile (atá anois ina shagart paróiste i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara) go raibh ceardlann idirnáisiúnta dar teideal European Workshop on the Parish Cell System of Evangelisation á cur ar siúl ag paróiste Naomh Eustorgio i Milano faoi stiúir Don Piergiorgio Perini. Thug an tAthair Ó Muirthile triúr paróisteach leis go Milano chun a fháil amach conas a fhéadfaí Córas na gCeall faoi mar a bhí sé á chleachtadh san Iodáil a chur in oiriúint do pharóiste i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Chuaigh an taithí i Milano go mór i bhfeidhm ar an gceathrar ó Bhaile an tSaoir a bhí i láthair, agus tháinig dá réir Pobal na gCeall ar an saol sa tír seo. Anois, tar éis naoi mbliana déag, tá na cealla creidimh seo tar éis roinnt agus leathadh go dtí paróistí ar fud Bhaile Átha Cliath agus, go deimhin, go dtí paróistí i gcontaetha eile, ina measc: Aontroim, Cill Chainnigh, Cill Dara, Corcaigh, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí.
TIMIRE template layout.indd 24
Conas go díreach a fheidhmíonn an Chill aonair laistigh d’aon pharóiste? Is é a tharlaíonn go bunúsach ná go dtagann idir ceathrar agus dáréag le chéile gach coicíos (de ghnáth i dtigh Cheannaire na Cille) agus é sin ar feadh uaire nó uair an chloig go leith. Cantar roinnt iomann i dtús an chruinnithe, leanann paidir thosaigh agus tugtar deis ina dhiaidh sin dóibh siúd atá i láthair aon taithí shoiscéalaíochta a chur faoi bhráid na coda eile. Léitear píosa scrioptúir ansin agus éisteann an grúpa le teagasc taifeadta ar an bpíosa céanna ón sagart paróiste. Cuirtear clabhsúr ar an gcruinniú le hurnaí idirghuítheach agus cupa tae. Tá an nós imeachta seo a chleachtaítear gach coicíos i mo pharóiste féin i mBaile an tSaoir á chleachtadh chomh maith céanna ar fud na tíre in dhá scór paróiste eile, geall leis – grúpaí daoine a thapaíonn an deis chun a bheith ciúin agus chun guí i dteannta a chéile, chun éisteacht agus chun ceisteanna éagsúla a phlé lena chéile. Ní fás an choirp dhaonna go dtí iolrú na gceall, gan dabht, agus sin é an coincheap is bunús leis na grúpaí creidimh seo in aon pharóiste ar leith. Dá réir sin, a thúisce is a théann an chill thar an dáréag, is amhlaidh a iolraíonn sí agus leanann dhá aonad nua leithleacha as an iolrú san. Cuid dhílis de cheiliúradh na hEocairiste atá san iolrú féin agus tarlaíonn sé i dtús Aifrinn pobail. Iarann an ceiliúraí ar gach ball den chill mhór ciorcal a dhéanamh in aice na haltórach. Tar éis don sagart urnaí buíochais a rá, tugann ceannaire na cille coinneal lasta
04/11/2009 14:22
Timire don cheannaire nua agus déanann na baill dhá chiorcal ar leith díobh féin timpeall ar an dá cheannaire. Leanann paidir beannachta ar son an dá chill nuadhéanta agus cuireann iomann molta críoch leis an searmanas iolrúcháin. Cell an t-aistriúchán Béarla atá ar an bhfocal Gaeilge cill / ceall mar choincheap bitheolaích, ach tá an bhrí bhreise church nó monastic settlement or foundation ag an bhfocal Gaeilge chomh maith. Is é sin go díreach is aidhm le Gluaiseacht na gCeall in aon pharóiste, dáiríribh, mar go dtagann pobal le chéile – in áitreabh nó i lonnaíocht faoi leith más maith leat – chun paidreoireachta. Fianaise bheo atá anseo leis ar an Eaglais mar phobal Críostaí, arb é an dlúthchaidreamh leis an Tiarna agus an grá dá chéile a toil. Tionóladh an Naoú Seimineár Déag Náisiúnta de chuid Phobal na gCeall i mbliana i bparóiste Naomh Eoin an Soiscéalaí idir 9 agus 11 Deireadh Fómhair, agus dob é téama na hócáide féin ná ‘Ag Ceiliúradh Pobal na gCeall’. Fóram tábhachtach a bhí ann do bhaill as na ceithre cúigí in Éirinn teacht le chéile agus labhairt ar a dtaithí éagsúil féin agus iad i
25
mbun pobal creidimh Chríostaí a neartú agus a bhuanú. Bhí lón machnaimh agus spreagadh ann dóibh siúd a bhí i láthair, agus pléadh na dúshláin a leanann cothú an chreidimh bheo sa lá atá inniu ann. Dob é Séamus Freeman, Easpag Osraí, aoichainteoir na hócáide, agus mhol sé aon ghluaiseacht creidimh cosúil leis na Cealla mar gur cás leo fírinne an tSoiscéil a roinnt go fial agus go hoscailte. Ina theannta san, d’áitigh sé go spreagann gluaiseachtaí dá sórt mórán ceisteanna bunúsacha nach foláir a chur in aon tsochaí bheo – an cheist cé hé mise agus cé hé mise os comhair Dé?, mar shampla, nó fós an cheist cá bhfuilim agus cá bhfuil mo thriall? Bliain i ndiaidh bliana, meallann an Seimineár Náisiúnta iad siúd ar mian leo grúpaí creidimh a bhunú ina bparóistí féin. Cuireann sé ar a gcumas taithí phearsanta a fháil ar struchtúr tábhachtach tacaíochta Phobal na gCeall agus, ina theannta san, tugann sé an spreagadh is gá chun tabhairt faoi chealla aonair a bhunú i bparóistí nach bhfuil a leithéid iontu cheana féin. Níorbh aon eisceacht Seimineár na bliana seo, is fíor, agus táthar ag súil cheana féin leis an bhfómhar flúirseach a bhainfear arís an bhliain seo chugainn nuair a bheidh an fiche bliain á cheiliúradh. Corcaíoch ó dhúchas is ea Meidhbhín Ní Úrdail a mhair ar feadh roinnt bhlianta sa Ghearmáin, mar a ndearna sí tráchtas dochtúireachta ar ról an scríobhaí in Éirinn san ochtú agus sa naoú céad déag. Léachtóir le Nua-Ghaeilge is ea í sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá cónaí uirthi le deich éigin bliain anuas i mBaile an tSaoir. Tuilleadh Eolais: 085-7788395 cellsec@yahoo.ie www.ballinteer.dublindiocese.ie
TIMIRE template layout.indd 25
04/11/2009 14:24
26
Timire
Im Leabharlann Dom Ulysses and Us
The Art of Everyday Living Declan Kiberd (Faber and Faber 2009)
Léirmheas le hIan Ó Caoimh Tá contrárthacht i gcroílár an tsaothair seo, shamhlófá. Áitíonn Declan Kiberd gur ar ghnáthléitheoirí go príomha a dhírigh James Joyce a úrscéal Ulysses, ach gur sciob an lucht léinn an leabhar as lámha na léitheoirí sin, agus gur ina seilbh siúd atá sé go heisiach agus go héagórach ó shin. Nach fánach ag duine den lucht léinn, mar sin, féachaint leis an scéal a réiteach trí leabhar acadúil mar seo a chur amach? Ní miste a rá nach seachnaíonn an tOllamh Kiberd an ghné sin den díospóireacht, agus é ag iarraidh an nasc a neartú idir na heilimintí de Ulysses a shíolraíonn ón ngnáthshaol, agus an tsuim ba cheart do lucht an ghnáthshaoil a chur san úrscéal dá réir. Ba mhó an meas a bhí ag Joyce ná ag a chomhúdair ar ghnáthdhaoine i dtús an fichiú haois, agus bhí sé eisceachtúil sa mhéid is gur mheas sé freisin gur ábhar oiriúnach don úrscéalaí a bhí sna daoine sin. Chaith Virginia Woolf, mar shampla, anuas ar Ulysses mar shaothar a bhí scríofa ag ‘a self-taught Dublin working man’. Ní ídéalaí ná turasóir ag dul ó aicme go haicme é ach oiread, is cosúil, ach duine a raibh an meas céanna aige ar uasal is ar íseal. Má tá na daoine sa leabhar bocht, tá saol saibhir inmheánach acu, rud a léiríonn Joyce trí theicníc shruth na comhfheasa.
TIMIRE template layout.indd 26
Na daoine sin a n-éiríonn leo Ulysses a léamh, ní admhaíonn siad é, dar le Kiberd, ar eagla go gcuirfí éirí in airde ina leith. Daoine eile, caitheann siad an leabhar i leataobh tar éis cúpla caibidil a chur díobh, nuair a chasann an reacaireacht i dtreo na castachta. Ach cén fáth? Nach minic a luaitear Ulysses mar fhianaise gur féidir ciall agus taitneamh a bhaint as leabhar dúshlánach, nuair a bhíonn léitheoirí Gaeilge ag gearán faoi Cré na Cille? Ceann de na cúiseanna a thugann Kiberd is ea go raibh sé d’ádh agus de mhí-ádh ar an leabhar gur bhláthaigh an Béarla mar ábhar curaclaim ollscoile go gairid tar éis a fhoilsithe. Cuid mhaith de na speisialtóirí san earnáil sin, bíonn siad fós ag déileáil leis an gcultúr mar earra idirnáisiúnta amháin, cur chuige a thagann idir comhthéacs Éireannach Ulysses agus tuiscint léitheoirí air. Is lena chéile amháin a labhrann na criticeoirí sin, seachas a bheith ag roinnt a gcuid eolais le dreamanna eile. Murach idirghabháil seo na speisialtóirí, bheadh an cur amach céanna ag daoine ar Ulysses is a bhí tráth ar an Odaisé, an Choiméide Dhiaga, an Tiomna Nua agus ar Shakespeare. Níor fás aon oíche ag Joyce é, Ulysses a dhíriú ar ghnáthléitheoirí: foilsíodh scéalta luatha dá chuid ar an Irish Homestead, foilseachán a raibh sé mar aidhm aige cuidiú le hathbheochan thalmhaíocht agus thionsclaíocht na hÉireann. Maíonn Kiberd gur féidir Ulysses a mheas mar nuachtán, lón léitheoireachta an ghnáthdhuine, faoi gur imeachtaí aon lae atá i gceist ann, cé gur mionscagadh eipiciúil a dhéantar ar na tarluithe sin. Tá cúrsaí creidimh ar an iliomad ábhar a thagann faoi réim Declan Kiberd agus a
04/11/2009 14:24
Timire
chás á chur aige. Is as Leopold Bloom atá Ulysses ainmnithe i ndáiríre, seachas laoch mór na Gréige. Cé gur Giúdach é Bloom, níl dlúthchaidreamh aige leis an bpobal Giúdach trí chéile. Ar an ábhar céanna, tá sé fiosrach faoi na nósanna creidimh a chleachtann a lucht aitheantais, ar Críostaithe agus Caitlicigh iad a bhfurmhór. Ar an gcaoi sin, déantar athbhreithniú ar an mbunús atá leis na nósanna sin, agus is é an léargas a thagann chun solais, dar le Kiberd, gur gaire atá Bloom do theagasc Íosa ná na carachtair eile sa leabhar. A stádas mar dhuine i measc na ndaoine eile a chuireann a leithéid sin ar a chumas. Maidir le príomhcharachtar eile Ulysses, má ceapadh gur mar shampla den intleachtóir cruthanta a bhí Stephen Daedalus, alter ego Joyce,
TIMIRE template layout.indd 27
27
á chur i láthair san úrscéal, maíonn Kiberd gur ag magadh faoi bhaois a óige féin atá Joyce sa phortráid seo, mar athchuairt agus athmheas ar phríomhcharachtar A Portrait of the Artist as a Young Man. Man Scagann Kiberd an fhianaise atá lena theoiric, caibidil ar chaibidil, agus tá an chuid seo den téacs an-inléite. In áit na n-eachtraí san Odaisé lenar cheangail Joyce gach caibidil, tagraíonn Kiberd don ghnáthghníomhaíocht is mó atá i gceist iontu, mar sin is Waking, Learning, Thinking atá againn seachas Telemachus, Nestor, Proteus is araile. I gcorp an leabhair, ní fhaighimid fonótaí ná fiú uimhreacha tagartha le haghaidh iarnótaí a chuirfeadh isteach ar rithim na léitheoireachta, cé go bhfuil foinse gach tagartha luaite i gcúl an leabhair. Má tá locht ar an leabhar, is é sin go mb’fhéidir nach é an tionad is oiriúnaí é don phlé a dhéantar sna caibidlí deiridh, ina gcuirtear Ulysses i gcomparáid leis an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua, leis an gCoiméide Dhiaga agus le Hamlet. Tá an claonadh sna caibidlí seo i dtreo na teoiriciúlachta as alt leis an gcuid eile de Ulysses and Us. An mbaineann Declan Kiberd amach an méid a chuireann sé roimhe sa tráchtas seo? An ndéanfaidh an gnáthléitheoir athghabháil ar Ulysses dá bharr? Más aon chomhartha an t-éileamh a bhí ar a leabhar go dtí seo, tá tús ar a laghad curtha leis an bpróiseas sin. Go dtí go mbeidh a ionad féin ag úrscéal Joyce sa rac-cheol, sna scannáin, ar an teilifís, i bhfíseáin cheoil, sna mealanna siopadóireachta agus sna celebrity biographies, áfach – feiniméin ar fad dá dtagraíonn Kiberd – ní féidir a áiteamh gur cuid den chultúr coiteann é Ulysses.
04/11/2009 14:25
28
Timire
Scéal Trí Scéal
Pádraig Tyers Coiscéim, 2009, 258 leathanach, €10 Léirmheas le Séamus Ware Tá pobal na Gaeilge faoi chomaoin ag Pádraig Tyers le fada an lá, idir a shaothar le Gael Linn agus sa Choláiste Ollscoile i gCorcaigh, agus na leabhair atá scríofa nó curtha in eagar aige. Sa leabhar seo, tá cuntas ar shaol mhuintir Chorca Dhuibhne le trí scór bliain anuas, go háirithe muintir na Gráige mar a bhfuil tigh saoire ag an údar. Ar a chéad thuras don cheantar mar mhac léinn Ollscoile, nuair a d’fhan sé Bhothan Dubh a bhí tógtha ag an Ath. Tadhg Ó Murchú, bhuail Pádraig le Peig Sayers agus a mac Maidhc, a bhí ina gcónaí ag an am i nDún Chaoin. Chuala sé mórán scéalta sna blianta ina dhiaidh sin ón ‘bhfíodóir focal’ Peig. Is díol spéise an chomparáid a dhéanann sé idir stíleanna éagsúla inste scéil ag Peig (‘tomhaiste réidh gonta’) agus Maidhc (ina mbíonn blúire fada cainte)- léiríonn sé sampla de sin le scéal Mhóire. I bhfad níos déanaí, luann sé forbairtí teicneolaíochta a chuir ar chumas bailitheoirí béaloidis taifeadadh a dhéanamh níos éasca. I measc daoine gur thóg sé taifeadadh uathu, bhí Cáit ‘Bab’ Feirtéir ó Dhún Chaoin nach raibh a fhios ag an saol go raibh saibhreas scéalaíochta aici go dtí gur thosnaigh Pádraig (agus Raidió na Gaeltachta ar ball) á taifeadadh. Dar leis, bhí an Bhab ar comhchéim le Peig mar chainteoir agus mar scéalaí. Tá roinnt scéalaithe eile ón cheantar luaite aige, agus má theastaíonn ó dhuine míniú d’fháil ar theideal an leabhair seo, téir go dtí leathanach 187.
TIMIRE template layout.indd 28
Ní faoi scéalaíocht amháin atá an leabhar áfach, agus tá tuairiscí spéisiúla faoi chleamhnais agus póstaí, saothar na sagart agus araile. Is fiú go mór an cur síos atá ag an údar ar Bhlascaodaigh mar Sheán Ó Criomhthain agus leabhair a tháinig uathu. Ach thar éinne eile, is iad muintir Uí Chinnéide na Gráige a sheasann amach, go mór mhór Tomás agus Neil. Bhí seanaithne agam féin orthu, ce nach raibh m’aithne-se chomh doimhin le Pádraig, agus is féidir liom a dhearbhú gurb ionann le cúrsa Gaeilge dul ar cuairt chucu. Fear a déarfadh daoine áirithe gur réice é, Tomás, de bharr a dhúil san ól, tháinig Easpag Chiarraí (a thuig a chreideamh láidir) chun a shocraide! Cuirtear le luach an leabhair leis na grianghraif de mhuintir Chorca Dhuibhne.
04/11/2009 14:25
Timire
29
Slí Chun Dé
Searmanais Phaidreoireachta do Dhéagóirí
An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla R.S.C. (Messenger Publications 2009) €10 Léirmheas leis an Easpag Fiachra Ó Ceallaigh Cuirim fáilte ó chroí roimh Slí chun Dé: Searmanais Phaidreoireachta do Dhéagóirí atá curtha ar fáil do dhéagóirí, do shéiplínigh agus do mhúinteoirí ag an tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla, ball de Ord Siúracha na Carthannachta. Is léir ó leagan amach na Searmanas go bhfuil tuiscint ag an tSiúr Mairéad ar mheon na ndéagóirí, go bhfuil tuiscint aici ar leagan amach liotúigeach na bliana agus go bhfuil taithí an mhúinteora aici, óir chaith sí blianta fada ag teagasc sular ghabh sí le cúrsa do Shéiplínigh in Institiúd Mater Dei i mBaile Átha Cliath. Táim in éad le scoláirí Choláiste Mhuire anseo i mBaile Átha Cliath gur acu sin atá sí ina Séiplíneach. Tá teanga na searmanas snasta simplí mar is dual do bhean a tógadh le Gaeilge agus arb as Baile Bhúirne, Co. Chorcaí di. Tá breis is scór searmanas sa chnuasach, iad in ord na scoilbhliana agus iad ag réiteach le tráthanna liotúirgeacha na bliana. Tosnaíonn an searmanas le gearr-smaoineamh ar an ócáid ón gCinnire, m.sh. Tús na Scoilbhliana, Ceiliúradh an Fhómhair, Cuimhneachán na Marbh, Searmanas Aidbhinte agus mar sin de. Nuair a bhíonn téama an tsearmanais curtha i láthair ag an gCinnire (i. e. duine de na scoláirí) is gnách gníomh éigin oiriúnach siombalach a dhéanamh – m.sh. coinneal a lasadh, síolta a chur, torthaí an Fhómhair a roinnt, ainmneacha na ndaoine a fuair bás a mheabhrú, fleasc Aidbhinte a chur in áit. Bíonn na scoláirí
TIMIRE template layout.indd 29
páirteach sa ghníomh. Díreach ina dhiaidh sin cuireann triúr nó ceathrar scoláirí (Guth 1; Guth 2; & rl) smaointe gearra i láthair an ranga. Cantar iomann. Tá na focail ar an leathanach agus cuntas ar cá bhfuil an ceol le fáil. Tá an ceol an-oiriúnach do dhéagóirí agus measaim go mbainfidh siad taitneamh agus tairbhe as. Leantar le paidreacha ar nós Ghuí an Phobail agus cantar iomann deiridh. Is fada muid ag feitheamh lena leithéid seo de áis chun guí – chun labhairt le Dia. Tá na searmanais seo go hálainn ar fad agus níor mhiste úsáid a bhaint astu in eaglais ar bith, i bparóiste ar bith, le haois-ghrúpa nó le pobal ar bith. Tá ár mbuíochas tuillte gan aon agó ag an tSiúr Mairéad. Guím rath Dé ar a saothar.
04/11/2009 14:25
30
Timire
MISE EOGHAN
Dia dhaoibh, a chairde óga. Tá súil agam go bhfuil sibh go léir i mbun staidéir ar chor agus casadh an domhain chomh maith le Matamaitic agus Stair. Táthar ag rá linn go bhfuil Éire beo bocht, ach tá an sagart anseo ag guí go mbeimid, Gaeil, chun tosaigh arís i gcúrsaí léinn agus teicneolaíochta. Is é a deir an sagart ná gur sciob fórsaí an diabhail uainn ár maoin agus ár gcumhacht agus gur gá dúinn bheith ag faire i gcónaí ar fhaitíos go sciobfadh siad uainn ár n-anam.
AN NOLLAIG CHUGAINN
Táimid anseo insan Choláiste ag ullmhú don Nollaig – na scrúduithe, an mainséar, na carúil agus an tionlacan dóibh, agus an bailiúchán do na seandaoine. Ach fan go gcloise sibh an rud a tharla nuair a chuireamar scéim le chéile chun airgead a ghnóthú. Tháinig seanphinsinéir, Seán, isteach chugainn, agus é ag brath ar a bhata siúil – an ceithre scór is deich slánaithe aige. Thug an sagart cead dó labhairt leis an rang agus ar sé: “Féach, tá sibh go hiontach, an méid a dhéanann sibh dúinn le fleá agus féasta don Nollaig. Ach bhí mé ag caint le seandaoine eile agus táimid go léir den tuairim nach sinne na daoine bochta a thuilleadh. Tá teaghlaigh inár measc agus gan riar a gcoda acu leis an gcúlú insan eacnamaíocht – fiacha móra orthu le morgáiste agus dífhostaíocht. Tiocfaidh muidne, na pinsinéirí, i gcabhair oraibh chun airgead a ghnóthú dóibhsan.” M’anam go raibh se ar nós sean-naoimh a raibh cúram a chomharsan air agus é beag beann ar a riachtanais féin ina sheanaois.
TIMIRE template layout.indd 30
04/11/2009 14:25
Timire
31
TRÁTH NA gCEIST
Ghaibh mé buíochas leis agus d’fhiafraigh mé de an mbeadh sé sásta dhá fhoireann a thabhairt chugainn do Thráth na gCeist i halla an Choláiste agus go n-eiseoimís ticéid le díol. Thoiligh sé láithreach agus shocraíomar an dáta agus an t-am. Bhí go leor daoine ag gáire fúinn, leis an ticéad “bun os cionn” mar a dúirt siad – na pinsinéirí ag iarraidh cabhrú leis na nuabhochtáin.
HALLA PLÓDAITHE
Tháinig an oíche agus is ar éigean a bhí suíochán fágtha insan halla. Bhí sé plódaithe agus go leor daoine ina seasamh lasmuigh den doras oscailte. Thosaíomar le ceol agus cúpla amhrán. Bhí fuadar faoi gach duine nuair a tháinig an dá fhoireann ar an stáitse do Thráth na gCeist agus lean an bualadh bos cúpla nóiméad sular éirigh liom tús a chur leis an ngnó. Bhí mo chroí i mo bhéal ar fhaitíos go dtitfeadh éinne ar an mbealach ón gcathaoir go dtí an micreafón. B’ait liom oiread eolais is a bhí ina gceann acu agus na freagraí a chum siad. Ceist amháin a bhí agam, mar shampla, ná “Cad é an rud tábhachtach a tharla in Éirinn i 1932?” An Chomhdháil Eocairisteach a bhí mar fhreagra ar mo chárta, ach arsa mo dhuine “Gur rugadh mise”. Bhí gach duine sa halla ag gáire faoi ach b’éigean dom na marcanna a thabhairt dó mar b’shin an rud ba thábhachtaí a tharla dó ina shaol.
AN COMH-MHARC
Nuair a thángamar go deireadh an chluiche bhí an dá fhoireann ar chomh-mharc agus dúirt mé leo: “Roghnaigí duine amháin as gach foireann agus cuirfidh mé ceisteanna go dtí go mbeidh buaiteoir againn.” Bhí mo chleascheist réidh agam agus chuir mé ar an gcéad duine í: “Cé mhéid ainmhí de gach cineál a thug Maois leis isteach sa Bhád Mór?” “Péire” arsa an chéad duine agus nuair a cheistigh mé an dara duine bhí an freagra céanna ann: “Dhá cheann”. “Mícheart” arsa mise agus thosaigh an slua ar fad ag caitheamh anuas orm.
CONSPÓID
Bhí ag dul rite liom ciúnas d’fháil agus gach duine insan halla ag caint le chéile: “Bhí dhá ainmhí de gach saghas” agus “Nach ndeireann sé sa Bhíobla é?” Sa deireadh d’éirigh liom iad a chur ag gáire in ionad a bheith ag béicigh. “Is ea” arsa mise, “agus cé a thóg isteach insan mbád iad?” “Noah” ar siad. “Agus is í an cheist a bhí agam ná ‘Cé mhéid de gach saghas ainmhí a thóg Maois isteach sa bhád?’” “A– A – ” ar siad agus bhris an gáire orthu. Roinneamar an duais agus bhí gach duine sásta. Tar éis na hoíche bhí ceithre mhíle euro againn le dul i gcabhair ar lánúineacha i dtrioblóid agus bhí na pinsinéirí bródúil. Ar ndóigh is iadsan is fearr a thuigeann cora crua an tsaoil.
Nollaig shona daoibh go léir agus iarraigí ar Íosagán, a bhí beo bocht, cabhrú lena chairde bochta.
TIMIRE template layout.indd 31
04/11/2009 14:26
Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí.
Intinní an Phápa Mí na Nollag 2009
Go dtugtar meas agus grá do pháistí agus nach ndéantar leatrom orthu.
Mí Eanáir 2010
Go mbaine daoine óga an leas is fear as modhannna nua aimseartha cumarsáide chun sochair a bhforbairt phearsanta féin agus an domhain uile.
Mí Feabhra 2010
Go lorgaí scoláirí agus lucht léinn an fhírinne ionas go dtiocfaidh said ar an eolas faoin Aon Dia Fíor.
Mí Márta 2010
Go rialaítear eacnamaíocht an domhain de réir phrionsabail na córa agus an chothramais ag tabhairt san áireamh riachtanais phobal uile an domhain agus go háirithe na mbochtán.
TIMIRE template layout.indd 32
04/11/2009 14:26