Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH
TIMIRE february.indd 1
EARRACH 2010
an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2
04/02/2010 09:12
2
Timire
Eagarfhocal An duine is mó a bhfuil eagla air roimh an saol mór agus is lú a bhfuil muinín aige as féin, sin é an duine is túisce chun comhraic agus chun gearáin. Sin a dúirt cara de mo chuid liom le déanaí, protastúnach atá ag obair le grúpa forbartha sna pobail bhochta aontachtacha thart faoi Bhéal Feirste. Ma tá duine ar bith chomh ‘dílis’ sin go bhfuil greim an fhir bháite aige ar a ‘chultúr’ féin, ar a fhíréantacht féin, ar a chreideamh, nó ar a náisiúnachas féin is cinnte gurb é easpa muiníne – nó easpa creidimh – is cúis leis an ghreim ró-theann sin. Déanaim ceangal idir an léargas sin agus rud a dúirt Ginearál na nÍosánach, an tAthair Nicolás, nuair a bhí sé in Éirinn san fhómhar. “Tá géarghá leis an chruthaíocht inár n-aspalacht inniu. Muna mbíonn an chruthaíocht againn beidh deireadh linn. Ní bheidh an chruthaíocht ag duine muna bhfuil sé saor agus ní féidir leis bheith saor muna bhfuil sé socair ann féin”. Tá sé éasca agam an iomarca dílseachta agus an t-easpa saoirse a aithint i cás na nDílseoirí ach cad é fúinn féin, mar Ghaeil nó mar Chaitlicigh Éireannacha? An bhfuilimd socair ionainn féin agus saor go leor le dul i dteagmháil le hÉirinn an lae inniu gan eagla? An bhfuil laincisí orainn fosta i bhfoirm dílseachta dár gcine a chuireann bac ar ár samhlaíocht? Mar a dúirt an tAthair Nicolás, caithfimid bheith cruthaitheach má táimid chun rud éifeachtach a dhéanamh ar son an chreidimh, ar son na Gaeilge agus ar son comhréitigh idir Caitlicigh agus Protastúnaigh sa tír seo. “Ruaigeann an grá foirfe an eagla amach.” (I Eoin 4:18) Alan Mac Eochagáin SJ
An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
TIMIRE february.indd 2
04/02/2010 09:12
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4
Athmhuintearas agus Cóir san Afraic An tAthair Pádraig Ó Máille SPS
6
Eacnamaíocht Chóir?
8
Saoirse chreidimh do mhuintir na hAraibe?
10
An Bunúsaíochas agus an tAntoisceachas
12
Conas dul i bhFréamh
15
Ceannaíocht Ban
17
Paidreacha
18
An Talamh Naofa
20
Ag Éisteacht faoistiní i nGaeilge sa Róimh
24
Dóchas na Cásca
26
Im Leabharlann Dom
Peadar Bairéad
Seán de Fréine
30
Mise Eoghan
David Begg Mícheál Ó Breartúin Ripon Rozario SJ
An tAthair Conor Cunningham STL Caitríona Uí Chatháin Pádraig Ó Conaill Seán Ó Catháin An tAthair John O’Keeffe
An Mons. Dónal Ó Dochartaigh Liam Ó Maolchatha
Ar dheis Dé: An tAth. Herman Ó Nualláin,CP; An tAth. Peadar Ó Ciaráin; Mairéad Ní Mhuirthile
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.
Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Fionnuala Mac Aodha Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB
Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 440 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Nollaig 2009
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.
TIMIRE february.indd 3
Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí
Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Clúdach: Via Dolorosa, Iarúsailéim
Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E2.50 / Stg£2 Go ceann bliana: E10 / Stg£8 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138 Dearadh: Messenger Publications Clóbhualadh: Future Print
04/02/2010 09:13
4
Timire
Athmhuintearas agus Cóir san Afraic Pádraig Ó Máille SPS Mar mhachnamh ar intinn seo an Phápa do Mhí an Mhárta ní fearr rud a dhéanfadh muid ná ár n-aire a dhíriú ar an teachtaireacht a tháinig ón bPápa Beinidict agus na heaspaig ag deireadh an tSionaid Afracaigh ar an tríú lá fichead de Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Sa chéad áit, ba é cothú an athmhuintearais agus na córa san ilchríoch príomh-théama an tSionaid. ‘Sa tSionad seo’ deir an Pápa linn, ‘dhíríomar ár n-aird ar théama atá mórchúiseach agus práinneach don Afraic: ár ndíograis i leith an athmhuintearais, i leith na córa agus i leith na síochána in ilchríoch ina bhfuil na suáilcí seo go mór in easnamh.’ Déanann an teachtaireacht tagairt don chruachás atá chomh forleathan san Afraic inniu, ainneoin an dul chun cinn ollmhór domhanda sa teicneolaíocht agus san eacnamaíocht. Luaitear bochtanas, anró, cogaí, géarchéimeanna agus anord. Luaitear freisin an dul chun cinn atá déanta ainneoin an chruacháis. Aidhm an tSionaid treisiú leis an dul chun cinn sin. Chuige sin glaotar ar gach éinne ‘teacht le chéile chun na dúshláin a bhaineann le cothú an athmhuintearais, na córa agus na síochána san Afraic a shárú.’ Dearbhaíonn an teachtaireacht mian na heaglaise bheith céim ar chéim le gach iarracht a dhéantar ar an ilchríoch
TIMIRE february.indd 4
chun na suáilcí seo a chothú. An chéad dualgas atá ar an eaglais, teachtaireacht Chríost a chraobhscaoileadh gan eagla. Sin oidhreacht agus dán an Chríostaí. Is ‘taidhleoirí ar son Chríost muid’ mar a dhearbhaíonn Naomh Pól. Dearbhaíonn an teachtaireacht cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh an eaglais féin ina dea-eiseamláir de na suáilcí seo ina córas féin agus ina hoibreacha inmheánacha. Sa tslí sin, ‘beidh muid in ann bheith in ár gceardaithe i mbunú an athmhuintearais agus na síochána nuair is gá sin.’ Tá teachtaireacht ar leith do ghrúpaí éagsúla san eaglais. Do na sagairt ar dtús: ‘Sibhse aghaidh na heaglaise don phobal. Tabharfaidh sibh fianaise láidir tré mhaireachtáil go síochánta idir treibheanna agus ciníocha.’ Moltar na hoird rialta idir fhir is mhná as ucht a ndíograis ina seirbhís i gcúrsaí sláinte, oideachais agus cur chun cinn na daonnachta. ‘Sibhse salann na talún. Sibhse solas an domhain.’ Meabhraítear focail seo Íosa (Mata 5:13-14) do ghnáthphobal na heaglaise agus iarrtar othu páirt lárnach a ghlacadh i gcothú an athmhuintearais, na córa agus na síochána ina dtíortha féin. Cuirtear béim ar leith ar pháirt na ndaoine go bhfuil oideachas orthu agus go bhfuil ar a gcumas dul i bhfeidhm ar an saol poiblí. Cúis bhróin don Phápa an drochshampla a thugann cuid des na Caitlicigh atá tagtha chun cumhachta, ach go bhfuil teip
04/02/2010 09:13
Timire glan orthu ina ngnó mar cheannairí ar a bpobail. B’fhearr dá leithéidí éirí as mar go bhfuil siad ag tabhairt drochchlú don eaglais lena ndrochiompar. Tá focail ar leith sa teachtaireacht do mhná na hAfraice. ‘Sibhse’ adeir an Pápa leo, ‘cnámh droma na heaglaise.’ Ba cheart go mbeadh na mná lán-pháirteach i ngníomhaíocht na heaglaise i ngach tír. Luaitear an bhéim a chuireann na Náisiúin Aontaithe ar chearta na mban. Iarrtar ar na mná a bheith páirteach ins na heagraíochtaí go léir atá ag cur cás na mban chun cinn. Moltar dóibh solas a gcreidimh a lonrú ar an saol poiblí. Moltar an t-aos óg. Iarrann an Pápa orthu a neart agus a ndíograis a chur chun leasa an domhain ina maireann siad. Iarrtar orthu bheith ina soiscéalaithe don chreideamh agus do luachanna an athmhuintearais, na córa agus na síochána. Ní mór do na húdaráis béim ar leith a chur ar an tábhacht a bhaineann le cur chun cinn luachanna Críostaí ina measc féin. Tá dualgas ar na húdaráis díograis agus misneach na hóige a chothú. Níl sa mhéid sin ach blas an-bheag den saibhreas atá sa teachtaireacht seo ónár bPápa Beinidict agus ó easpaig na hAfraice don ilchríoch. Ní hí an rogha chéanna a dhéanfadh gach éinne a bhlaiseann an saibhreas seo. Is dóigh
5
liom, áfach, gur leor é chun pobal Dé a ghríosadh chun guí ar son intinn seo an Phápa. ‘Go raibh na heaglaisí san Afraic ina gcomharthaí agus ina n-uirlísí den athmhuintearas agus den chóir i ngach cuid den ilchríoch’ Is iarmhisinéir é an tAth. Ó Máille a chaith na blianta sa Nigéir agus i Malawi.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí an Mhárta 2010 Go raibh na heaglaisí san Afraic ina gcomharthaí agus ina n-uirlisí den athmhuintearas agus den chóir i ngach cuid den ilchríoch
TIMIRE february.indd 5
04/02/2010 09:13
6
Timire
Eacnamaíocht Chóir? David Begg Masla don cheartas sóisialta is ea na suimeanna ollmhóra airgid a chaitheann Rialtais mar thaca leis na córais bhaincéireachta, agus is iad na seirbhísí poiblí agus aistrithe leasa shóisialaigh atá thíos leis. Sin é an praghas atá ar theip an nualiobrálachais. Nuair a thit Lehmann Bros. as a chéile i lár mhí Mheán Fómhair 2008 baineadh croitheadh as an saol mór. Mí ina dhiaidh sin d’admhaigh Alan Greenspan os comhair Coiste Comhdhála go raibh fabht sa chóras. B’iad an dá eachtra sin, thar aon ní eile, a chuir clabhsúr le ré 30 bliain de nualiobrálachas. Sna 1970í a thosaigh an ré sin nuair a thug lucht gnó Mheiriceá faoi ailtireacht Bheart Nua FDR, a bhí mar bhonn leis an gcomhshocrú iarchogaidh, a bhaint as a chéile. Leanadh le próiseas na díthógála anuas go hUachtaránacht Clinton, agus ba é croí na hUachtaránachta aige Acht Glass – Stegal a chur i leataobh timpeall 1991/2. Ritheadh reachtaíocht Glass – Stegal ar dtús mar fhreagairt ar na fabhtanna a bhí i struchtúr na baincéireachta, arbh iad ba chúis le Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór a d’eascair as. Is é an bunús a bhí leis, an bhaincéireacht infheistíochta agus an bhaincéireacht mhiondíola a scaradh ó chéile agus nuair a rinneadh é sin a
TIMIRE february.indd 6
chúlghairm, tógadh an taca deireanach as a dtáinig cultúr an phriacail amaidí atá i gcroí an chaipitleachais liobrálaigh atá i ngábh anois, is é sin caipitleachas mhodh an Chasino. Is díol suime é mar a chuaigh an méid sin i bhfeidhm ar an Eoraip. Is é an tionchar a d’imir an ghéarchéim airgeadais idirnáisiúnta, gan amhras, ná an neart a bhaint as an ngeilleagar iarbhír trí scrios a dhéanamh ar an tríú cuid, nach mór, den trádáil domhanda. Is casta fós an scéal i ngeall ar éagrothroime trádála agus coigiltis idir an tIarthar agus an tSín ach mar sin féin, ní hí mór-roinn na hEorpa is measa a buaileadh. Is iad geilleagair liobrálacha saormhargaidh na Breataine, na hÉireann agus thíortha na hEorpa Láir agus Thoir atá ag streachailt. Is féidir an Eoraip a roinnt i ndáiríre i dtrí chrobhaing tíortha. Anuas ar Gheilleagair an Mhargaidh Liobrálaigh tá dhá shaghas Geilleagair den Mhargadh Sóisialach ann. Cnuasach amháin astu féin is ea na tíortha Nordacha ina gcomhnasctar ardleibhéil éifeachtúlachta eacnamaíochta agus ardchaighdeáin seirbhísí sóisialta agus cosanta sóisialta. Is amhlaidh atá mar gheall ar an gcánachas agus an caiteachas poiblí a bheith réasúnta ard. Geilleagair den Mhargadh Sóisialta atá ag tíortha na mór-roinne freisin ach is de chineál éagsúil iad. Cé gur córas luachanna an daonlathais shóisialaigh atá mar bhonn faoin nGeilleagar Margaidh Shóisialta sna tíortha
04/02/2010 09:14
Timire Nordacha, is mó a shíolraíonn na Geilleagair Margaidh Shóisialta mhór-roinneacha as an daonlathas Críostaí agus an teagasc sóisialta Caitliceach. Nuair a chuaigh sochaithe Caitliceacha leis an gcaipitleachas sa naoú céad déag rinne siad iarracht an coincheap gur cheart tuarastal cóir a íoc leis an oibrí a choinneáil, agus ina theannta sin coincheapa an chostais chóir, an bhrabúis chóir agus an fhiontair chóir, fiú. Sin é an nós a chleachtann siad go fóill, agus is é is cúis le caipitleachas de chineál nach bhfuil chomh lom sin, ach atá dírithe níos mó ar an bpáirtí leasmhar, a bheith sa pholaití a fhaightear ar mhór-roinn na hEorpa. Os a choinne sin, an cineál caipitleachais a chleachtar i nGeilleagair an Mhargaidh Liobrálaigh – sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, i gCeanada agus san Astráil – tá sé níos crua, níos gluaistí, níos neamhthrócairí agus, go dtí le déanaí, níos cinnte faoin rud a choinníonn sa tsiúl é. Ach ní marthanach an modh é sin mar is eol dúinn anois. Má chaithimid súil siar ar an stair feictear dúinn gurb é pátrún an timthrialla pátrún na gcúrsaí seo. Is é seo dara ré an domhandaithe. Bhí an chéad ré ann idir 1870 agus 1913 ach thug sin uaidh isteach in ár an Chogaigh Mhóir. Tar éis an chogaidh bhí an Bhreatain rólag leanúint léi mar aonstát domhanda agus ní róthoilteanach a bhí Meiriceá. Níorbh fhéidir an fuinneamh a bhain leis an tréimhse 1870 – 1913 a athbheochan agus tháinig ann do Chliseadh Wall Street agus don Spealadh Mór ina
TIMIRE february.indd 7
7
áit, mar a tháinig don fhaisisteachas, go deimhin. Chuir FDR an Beart Nua chun cinn in 1935 mar fhreagra ar an méid sin. Mar a luadh níos luaithe réitigh sé sin an bealach d’ord domhanda iarchogaidh go dtí na 1970í. Tréimhse an-fhorásach ó thaobh na forbartha eacnamaíochta agus sóisialta a bhí ann ach mar gheall ar an dá ghéarchéim ola agus ar thosca eile ba é a thit amach ná an feiniméan ar a dtugtar stagflation – meirbhliú eacnamaíochta agus boilsciú in éineacht. Freagairt lucht gnó air sin a chruthaigh na coinníollacha a lig do Reagan agus Thatcher ré nua liobrálach a thabhairt ar an saol a mhairfeadh 30 bliain. Sa bhliain 1989 d’fhógair Francis Fukuyama ‘Deireadh na Staire’ a bheith buailte linn, is é sin nárbh ann níos mó d’aon iomaíocht ídé-eolaíoch, go nglcafaí go huile is go hiomlán le caipitleachas an tsaormhargaidh agus go mairfeadh sé slán. Nach air a bhí an dul amú! Caithfidh an saol mór comharba ar an nualiobrálachas a aimsiú. Ní fás aon oíche a bheidh ann – cúig bliana a thóg sé an Beart Nua a chur i dtoll a chéile – ach tarlóidh sé. Bímis ag súil gur cur chuige a réiteoidh níos fearr leis an leas coiteann a bheidh ann. Is í ceist mhór pholaitiúil ár linne, conas an éifeachtacht eacnamaíochta, saoirse an duine aonair agus an ceartas sóisialta a chónascadh le chéile. Ba cheart go mbeadh an réiteach le fáil ach tarraingt as breis is 110 mbliana den teagasc sóisialta Caitliceach. Is é David Begg Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann.
04/02/2010 09:14
8
Timire
Saoirse Chreidimh do Mhuintir na hAraibe? Mícheál Ó Bréartúin Caithfidh go bhfuil cuairt tugtha agam, mar thurasóir nó mar chomhairleoir innealtóireachta, ar bhreis agus leathchéad tír le leathchéad bliain anuas. Go bhfios dom, ní raibh ach an t-aon tír amháin díobh seo nach raibh an ceart agam mo chreideamh a chleachtadh ann: An Araib Shádach. Ní ceadaithe freastal ar shearmanais chreidimh Chríostaí ann; ní ceadaithe Bíobla a bheith i do sheilbh, ná boinn reiligiúnda ná paidríní a thógáil isteach sa tír; agus, ag smaoineamh ar an dianscrúdú a dhéantar ar bhagáiste san aerfort, ba dhána an té a thriailfeadh a leithéid a dhéanamh. Níl na toirmisc seo ag teacht le traidisiúin an Ioslamachais, a thugann aitheantas do Chríostaithe agus do Ghiúdaigh mar Phobail an Leabhair, mar luchtanna creidimh a shíolraigh ón bhfréamh chéanna leis an Ioslamachas. Faoi Impireacht na dTurcach, bhí saoirse chreidimh ag an dá phobal ach cánacha áirithe a íoc, agus ba mhinic cead acu a ndlíthe féin agus a nósanna sóisialta féin a leanúint. Eascraíonn na coisc Shádacha as an leagan piúratánach den Ioslamachas a chleachtann an rítheaghlach - go hoifigiúil, pé scéal é. Nasc a snaidhmeadh breis agus dhá chéad bliain ó shin idir sheanmóirí fáin, an Síc Mathamad bin Abdul Uahab, agus muintir Sháid, ar mhionphrionsaí iad ag an am; nasc a
TIMIRE february.indd 8
spreag iad faoi dhó le smacht a chur ar chuid mhór de leithinis na hAraibe. Ní go dtí 1932 a bunaíodh stát ár linne, nuair a aontaíodh na tailte a bhí gafa thar na blianta ag Abdul Aziz, agus a leagan fíochmhar den chreideamh a bhrú ar na daoine a tháinig faoina cheannas. An rud ba thúisce a rinneadar nuair a ghabhadar Mecca i 1924 ná ‘glanadh spioradálta’ a chur i bhfeidhm, mar shampla, na huirlisí ceoil agus na portráidí a bhí ag daoine a choigistiú agus na rialacha i leith na mban a dhéanamh ní ba dhéine. Ní hé go n-éiríonn leis na rialacha ná na coisc in aghaidh na Críostaíochta go hiomlán. Cuairteanna gairide ar an tír a mhaireadh seachtain nó dhó a dhéanainn féin, agus mar sin ní raibh mé i láthair ar cheann de na hAifrinn rúnda a léitear i gcorr-bhábhún (compound) ina maireann Iartharaigh a bhíonn sa tír go fadtéarmach. Níorbh iontas dom, agus cuimhne ar stair ár bPéindlithe féin agam, a chloisteáil go raibh cúpla sagart Caitliceach ag obair faoi choim i measc na n-eachtrannach. Is cosúil gur eol do na húdaráis sibhialta iad a bheith ann, ach ligtear leo go dtí go ndéanann na húdaráis chreidimh gearán. Ruaigtear iad ansin ach sleamhnaíonn siad ar ais nuair a shíothlaíonn na dálaí. Ní bhaineann an cosc ar shearmanais chreidimh leis na misin taidhleoireachta, ar ndóigh, agus dúradh liom uair nuair a bhí mé in Iedda ach dul go
04/02/2010 09:14
Timire hAmbasáid Mheiriceá maidin Domhnaigh agus a rá gur theastaigh uaim ‘freastal ar an gcóisir gharraí’, go bhféadfainn Aifreann d’éisteacht. Nuair a shroich mé an Ambasáid, caithfidh go raibh roinnt scórtha daoine, Filipínigh go háirithe, agus an dúil chéanna chóisireachta orthu thart ar an bhfoirgneamh, agus cead isteach á ndiúltú dóibh ar an mbonn nár saoránaigh M h e i r i ce á n a c h a iad. Sheas mé ansin roinnt nóiméad ag breathnú ar na Meiriceánaigh á scaoileadh isteach sular fhill mé ar m’óstán. ‘Tá súil agam nach í an tslat tomhais chéanna a bheas ag Naomh Peadar thuas,’ adúirt duine den lucht feithimh liom sular bhailíomar linn. B’aisteach i gcónaí liom a mhinice agus a thug prionsaí ón tSáid-Araib cuairt ar an bPápa sa Róimh. Glacaim leis gur mar chuid de pholasaí níos leithne – cuidiú le síocháin a bhaint amach sa Talamh Naofa, mar shampla – a d’fháiltigh an Pápa rompu, ach nach raibh náire ar bith ar na prionsaí faoi dhlíthe a dtíre? Níor mhaith liom a bheith neamh-Chríostaí, ach, de
9
réir mar a thuigim, tá gnéithe eile dá gcleachtas mar theaghlach ar chóir náire bheith orthu fúthu. Deirtear, mar shampla, go bhfuil an alcólacht go tréan ina measc ainneoin an tír a bheith ‘tirim’ de réir dlí. Deirtear freisin, in ainneoin an tsaibhris uile atá imithe isteach sa tír le trí scór bliain anuas, go bhfuil an pobal míshocair agus go bhfuil buairt ar an teaghlach ríoga faoina gcumas fanacht i gcumhacht. Ceisteanna eacnamaíochta agus fostaíochta is mó a luaitear leis na cúrsaí seo, ach déarfainn go bhfuil an pobal míshásta leis an Uahabachas oifigiúil agus le fimínteacht lucht a rialaithe freisin. Is léir gur mó atá i gceist leis an téarma ‘creideamh a chleachtadh’ ná freastal ar shearmanais chreidimh: ciallaíonn sé gan iachall a bheith ar dhaoine cloí le rialacha sóisialta mí-réasúnta. Is iar-chomhairleoir idirnáisiunta é Mícheál Ó Bréartúin le Bord Soláthair an Leictreachais. Foilsíodh ar dtús, Fómhar 2005.
Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Aibreáin 2010 Go raibh Críostaithe a ndéantar géarleanúint orthu ar mhaithe leis an Soiscéal buanseasmhach, agus iad á gcothú ag an Spiorad Naomh, agus iad mar fhinnéithe dílse ar ghrá Dé don chine daonna uile.
TIMIRE february.indd 9
04/02/2010 09:14
10
Timire
An Bunúsaíochas agus an tAntoisceachas
An tAthair Ripon le daltaí eile.Tá Ripon i lár-baill ar chúl. Is Íosánach as an mBanglaidéis é Ripon Rozario SJ. Oibríonn sé le Sacred Space agus Slí Eile.
Ripon Rozario SJ Fadó, fadó, nuair a bhíos i m’Íosánach nóibhiasachta agus mé san Ind, seoladh mé féin agus comhnóibhiasach de mo chuid chuig sráidbhaile, d’fhonn tástála. Sráidbhaile treibhe a bhí ann agus é i gceist go bhfaigheadh muid bheith istigh ar bhealach saoil agus ar chultúr lucht na treibhe. Lá n-aon thug caiticeasmóir mná an tsráidbhaile cuireadh dúinn cuairt a thabhairt léi ar theaghlaigh chríostaí a bhí ina gcónaí i bhfad uainn. Ghlac muid leis an gcuireadh uaithi go fonnmhar agus siúd linn an lá arna mharach. D’fhágamar an sráidbhaile inár ndiaidh go moch ar maidin agus ghlac sé trí uair a chloig orainn ár gceannscríbe a bhaint amach de rothar. Ar shroichint na háite dúinn, nigh ár mbráithreacha críostaí ár gcosa de réir nós na treibhe. Oibrithe imirce as ceantar eile ab ea iad agus iad ag obair i ngort roinnt úinéirí talún Hiondúcha. Agus muid i mbun comhrá, chruinnigh lucht féachana beag inár dtimpeall- daoine óga Hiondúcha ab ea a bhformhór. Theastaigh údar ár gcuairte uathu, ar ball. Thug an caiticeasmóir faoinár sceal a mhíniú dóibh, ach chuireadar stop léi, iad ag rá, “Misinéirí is ea sibh agus is mian libh muid a thiontú.” Thóg siad an gháir agus chonaic muid an slua ag déanamh orainn le bataí. Thug muid na cosa linn. Fuaireas taithí go leor ar an mbunúsaíochas an uain sin féin agus go minic ina dhiaidh sin.
Tá an bunúsaíochas agus an t-antoisceachas an-choitianta inniu, i dtíortha an tríú domhain i gcoitinne agus i dtíortha san Áis agus san Afraic go háirithe. Bunúsaíochas agus antoisceachas creidimh is minicí a bhíonn i gceist cé go bhfuil an feiniméan thuas i réimsí eile den saol chomh maith. Spéisiúil le
TIMIRE february.indd 10
rá, molann na creidimh mhóra go léir an tsíocháin agus an comhionannas. Níor tharla sé riamh gur thug aon bhunaitheoir príomhchreidimh céim suas d’aon reiligiún thar a chéile. Conas ar tháinig an bunúsaíochas agus an t-antoisceachas chun cinn, mar sin? Má bhí an feiniméan seanbhun-
04/02/2010 09:14
Timire aithe, fós ní raibh aon téarma againn dó ar feadh i bhfad. Cumadh an nuafhocal ‘bunúsaíochas’ chun cur síos a dhéanamh ar ghluaiseacht faoi leith i measc pobal Protastúnach sna Stáit Aontaithe. Go luath san fhichiú haois, bhunaigh acadóirí agus diagairí Preispitéireacha i gCliarscoil Diagachta Princeton gluaiseacht an ‘Bhunúsaíochais’ ar mhaithe le ceartchreideamhacht a gcreidimh féin a dhaingniú agus a chosaint ar na dúshláin a leanfadh diagacht an liobrálachais, ghrinnléirmheastachas na Gearmáine, an Darwineachas agus ‘-achais’ eile nach iad. Go fiú sa bhliain 1950, níorbh ann don téarma ‘Bunúsaíochas’ i bhfoclóir an OE; go deimhin níor liostáladh an díorthach ‘bunúsaí’ gur foilsíodh an dara heagrán den fhoclóir i 1989. Conas, mar sin, ar scaipeadh síolta an bhunúsaíochais thar oíche agus conas go ndearnadh scrios agus slad ar a shon? Feictear dom nach dtuigeann go leor daoine bunchlocha an chreidimh. Baineann siad ciall litriúil as na Scrioptúir agus meascann a leagan féin de na soiscéalta le mothúcháin a gcroí istigh. Sa tríú domhan bíonn cumhacht thar na bearta ag treoraithe creidimh de bhrí nach bhfuil léamh ná scríobh ag go leor dá dtréad. Tagann siad i dtír ar an tsaontacht agus déanann intinn na ndaoine a dhalladh. Sa domhan
11
forbartha, baintear ciall litriúil as na Scrioptúir, chomh maith. Na treoraithe féin, déanann siad an botún sin agus cuireann a gcuid tréad amú. Cén réiteach atá ar an bhfadhb seo? Nuair a bhí Mahatma Gandhi, mórthreoraí Indiach ag faire ar chíréib idir na Hiondúigh agus na Moslamaigh, chrom sé ar an troscadh ag diúltú dó don fhoréigean. An port ba mhó aige: “Is bráithreacha agus is siúracha sinn go léir.” Sin é go díreach an port a bhíonn á chasadh ag go leor de na treoraithe agus na smaointeoirí móra .i. sinne Clann Dé agus is é an tAthair céanna atá os ár gcionn go léir. Rinne An Mháthair Treasa fóirithint ar an bpobal ar fad, gan toradh aici ar chreideamh aon duine acu. Bealach na síochána is fearr. Is ceart agus is cóir go mbeadh meas againn ar chreidimh eile. Is ceart dúinn plé go hómósach le gach aon cheann acu. Is í an dialóg an doras isteach. Ní luaithe an comhchaidreamh ná an chomhthuiscint. Is ann atá blaiseadh le fáil ar cheiliúraidh a chéile agus sult le baint astu. Cuirfear deireadh leis an mbunúsaíochas agus leis an aontoisceachas ar an gcaoi sin. Níorbh é Dia a chruthaigh an bunúsaíochas ná an t-aontoisceachas ná níorbh eisean a bhronn orainn iad. Sinne féin a chum agus a cheap agus is fúinne é iad a chur ó dhoras.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Aibreáin 2010 Guímís go múchfadh an meas buan, an chaoinfhulaingt agus an comhrá beo i measc chreidmhigh an domhain gach claonadh chun bunúsaíochais agus antoisceachais.
TIMIRE february.indd 11
04/02/2010 09:15
12
Timire
Conas dul i bhFréamh Conor Cunningham STL
Is fíorálainn iad fréamhacha an fhocail ‘enthusiasm’. Measadh go raibh mealltacht faoi leith ag baint leis an té a raibh an solas feicthe aige, é i gcumann lonrach le Dia. Comhfhocal is ea ‘enthusiasm’ as ‘en’ (i) agus ‘theos’ (Dia). Chaití an nuafhocal a chumadh de réir mar a chuir daoine aithne croí ar an Tiarna de bharr chumhacht na páise, an aiséirí agus tabhartas an Spioraid Naoimh. Níorbh ann d’aon fhocal a léireodh an luisne a bhí le sonrú sna chéad Chríostaithe a chonaic. Déarfá go raibh tinte na bhFlaitheas féin ar lasadh iontu. Bhí a n-íomhá thar acmhainn an fhoclóra agus dá bhrí sin, cumadh an nuafhocal ‘enthusiastic’, focal a thug le fios go raibh ‘Dia istigh iontu’ nó go raibh ‘Dia ina gcroí’. An mhí seo, iarrann an Pápa Naofa orainn guí a dhéanamh ar son ‘na sagart, na n-ord rialta agus na dtuataí a bhíonn ag plé le hobair aspalda, go dtuigfeadh siad an chaoi is fearr le spreagadh miseanúil a mhúscailt sna pobail faoina gcúram’. Is féidir an chiall seo a leanas a bhaint as intinn an Phápa ach bunbhrí an
TIMIRE february.indd 12
fhocail ‘enthusiasm’ a chur san áireamh: ba chóir dúinn guí a dhéanamh go spreagfadh lucht scaipthe an Bhriathair creideamh an-dlúth sna pobail faoina gcúram i dtreo is go mbeadh na pobail sin mar fhinnéithe mealltacha, cumasacha don saol mór ar Dhia a bheith i láthair ina gcroí istigh, agus go mbeadh fonn ar na pobail dá réir sin, an Dia ina gcroí féin a chur in aithne croí dá gcomharsain agus don phobal i gcoitinne. Ní haon faic tada é sin ó shagairt, ó oird agus ó dhuine ar bith atá ag saothrú ar son an Tiarna. Conas ar chor ar bith is féidir linn an solas a lasadh inár bpobail i dtreo is go mbeadh siad féin cíocrach chun an solas istigh a scaipeadh ar dhaoine eile arís? Feictear dom go dteastódh lasair an ghrá uainne ar dtús le go ndéanfadh muid tine a fhadú inár bpobail! ‘Dia istigh ionainne’ nó ‘Dia inár gcroí féin’ a theastódh le go mbeadh aon rath ar ár gcuid iarrachtaí an en-theo-ism a mhúscailt i ndaoine eile. Sna Soiscéil, is é Íosa is túisce a gcuireann daoine aithne air. Bíonn siad béal-re-béal, croí-re-croí leis. Is de sin a thuigeann siad an saol nua atá rompu, iad mar chuid de chlann Dé feasta. Éiríonn an mhoráltacht agus an cinneadh cráifeach as an aithne sin, as an Dia-Istigh-eachas. Ina dhiaidh sin arís, tiocfaidh eolaíocht na diagachta – an intinn ag scagadh rúndiamhra Dé i bpearsa Críosta, chomh fada lenár
04/02/2010 09:15
Timire
gcumas. Seo mar a bhíonn i gcónaí: an teagmháil le Críost ar dtús, an saol cráifeach ag éirí as an teagmháil sin, an machnamh intleachtúil ag éirí as sin arís. I gcás na soiscéalaíochta, is ionann sin agus a rá: an phaidreoireacht ar dtús, an saol morálta de sin agus an chaiticéis sa deireadh. Ná bíodh na céimeanna sin cúl chun tosaigh againn. Ní scaipfear an Briathar go brách má thosnaíonn muid leis na fíricí ná leis na dlíthe. Níl na gnéithe sin gan tábhacht, gan amhras ach is den riachtanas é go gcuirfeadh an pobal aithne ar Chríost ar dtús agus go mbeadh siad en-theosed aige.
13
Feictear dom go bhfuil sé antábhachtach go dtabharfadh muid túsáite do chloch bhoinn sin an chreidimh .i. ‘aithne croí’ agus sinn ag scaipeadh Briathair Dé. Is ceart, dá bhrí sin, go mbeadh ‘ Dia istigh ina gcroí’ ag na sagairt, ag na hoird agus ag éinne atá ag saothrú ar son an Tiarna. An té nach fear urnaí é, ní bheidh aon rath ar a ráiteas misin, ar a chuspóirí tréadacha ná ar a homaile dá dheisbhéalaí. Aithne coirp agus anama idir daoine daonna atá i gceist agam nuair a thagraím don chumann seo le Críost. Tuigeann an duine an caidreamh daonna agus aithníonn sé go maith cé aige a bhfuil fíoraithne aige ar Chríost agus cé aige nach bhfuil. Tá cuireadh faighte againn an mhí seo, ár nguí a dhéanamh: an grá agus an gliondar atá de dhlúth agus d’inneach na Soiscéal, go mbeadh sé go doimhin i gcroí lucht scaipthe an Bhriathair le go nglacfadh solas Críosta seilbh iomlán orthu féin agus go mbeadh siad cíocrach chun an solais sin a fhadú ina gcomhdhaoine. Tá Conor Cunningham STL ina chathaoirleach ar Chomhairle Sagart Deoise na Gaillimhe agus tá ministreacht thréadach ar bun aige i bParóiste Chríost Rí, Bóthar na Trá, Co. na Gaillimhe.
Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Bealtaine Go dtuige na sagairt, na hoird rialta agus na tuataí a bhíonn ag plé le hobair aspalda, an chaoi is fearr le spreagadh miseanúil a mhúscailt sna pobail faoina gcúram.
TIMIRE february.indd 13
04/02/2010 09:15
14
Timire
Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.
An Ofráil laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá…(féach leathanach cúil)… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Tomhas an Timire: 159 Féile?
1
2
3
4
5
6
7
Tá liosta d’ainmneacha ban thíos. Roghnaigh litir as gach focal chun an freagra a fháil Aisling, Nóra, Cáit, Helen, Áine, Sinéad, Clár. Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Márta, 2010. Tomhas 158: Freagra: Miora Buaiteoir: Marcas Mac Domhnaill, Corca Dhuibhne, Co.Chiarraí.
TIMIRE february.indd 14
04/02/2010 09:15
Timire
15
Ceannaíocht Ban Caitríona Uí Chatháin
Go déanach sna hochtóidí den aois seo caite bunaíodh an t-eagras neamhrialtais Rumaha chun cabhrú le mná a bhí gafa le striapachas i mBaile Átha Cliath. (Is focal Giúdach é Ruhama a chiallaíonn beatha athnuaite.) Ó shoin i leith tá athruithe móra le feiscint i dtionscal an ghnéis. Tá seoladh ban go hÉirinn le haghaidh striapachais mar chuid ghruama den saol nua – domhandú (globalisation) – rud nach raibh súil ag Ruhama leis nuair a bunaíodh é. Anois measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil suas le ceithre mhilliún bean agus páiste ceannaithe gach bliain taobh istigh agus idir tíortha do thionscal an ghnéis. Tá forbairt clubanna rince uchta (lap-dancing) mar chuid lárnach de dhúshaothrú ban sa tionscal caithimh aimsire. Le húsáid an idirlín, poiblíocht ar ionaid ghréasáin agus fóin phóca tá grúpaí coirpeach in ann oibriú le níos mó saoirse agus go forleathan. De ghnáth, oibríonn na mná seo taobh istigh, agus go minic cuireann na gardaí mná chuig Ruhama toisc sciuird (raid) ar dhrúthlanna (tithe striapachais) nó ar chlubanna rince uchta. An chéad rud a dhéantar de ghnáth ná aire a thabhairt do shábháilteacht na mban. Cuireann Ruhama iostas nó cóiríocht ar fáil atá slán sábháilte. Is minic a bhíonn cabhair ag teastáil le fadhbanna cearta cónaithe sa tír. Cuirt-
TIMIRE february.indd 15
ear na mná i dteagmháil le seirbhísí dlí agus téann oibrithe ó Ruhama leo chuig agallaimh. Cabhraíonn Ruhama leo teacht ar sheirbhísí sláinte. Cuirtear comhairle theiripeach ar fáil. Bíonn na mná uaigneach go minic, agus aonarach gan eolas acu ar Bhéarla nó aithne acu ar mhuintir na tíre. Cabhraíonn Ruhama leo cairde a dhéanamh agus baint a bheith acu le saol sóisialta agus cultúrtha na hÉireann. Eagraíonn Ruhama ranganna Béarla, ranganna ríomhairí agus eile dóibh.
Scéal Obioma Tháinig mé go hÉirinn ag súil le saol nua agus le muinín agam as an duine a thug anseo mé. Taobh istigh de chúpla lá bhí mé im’ phríosúnach, faoi ghlas i seomra agus cuireadh iachall orm caidreamh collaí a bheith agam le fir dhifriúla. D’íocadh na fir sin airgead agus bhailíodh an lucht eagraithe an t-airgead sin uaim. Bhí mo shaol gan bhrí, gan dóchas, gan saoirse. Ní raibh aon
04/02/2010 09:15
16
Timire
duine go bhféadfainn labhairt leis faoi. Bhí sé amhail bheith in Ifreann. Bhí mé ag fáil bháis sa dorchadas. Toisc nárbh eol dom an tír ní raibh a fhios agam cá raibh Stáisiún na nGardaí gan trácht ar smaoineamh ar theitheadh. Ní raibh fágtha agam ach Dia. Léigh mé an Bíobla go minic, an t-aon dóchas a bhí fágtha. Ghoil mé agus d’impigh mé ar Dhia mé a tharrtháil. An lá dár gcionn tháinig garda chuig mo sheomra agus thóg sé chuig Ruhama mé i lár na hoíche. Tosach mo thógáil chroí! Tógadh mé go ‘teach sábháilte’ agus thaispeáin an bheirt bhan ansin grá agus cúram dom. Bhí ocras orm; thug siad bia agus áit chónaithe dom. An lá dár gcionn tógadh mé chun na siopaí chun éadaí a cheannach. Bhuail mé le hoibrí eile ón eagras agus d’inis mé mo scéal di. Thug sí misneach agus dóchas dom. Anois braithim lán de bheocht arís. Ní príosúnach mé a thuilleadh. Bhain mé taitneamh as fanacht sa teach agus bhí mé uaigneach ag fágáil. Ach bogann an saol ar aghaidh. Ar mo bhreithlá, mar a thit sé amach, bhog mé chuig m’árasán féin le glas agam do mo dhoras féin. Cabhraíonn oibrithe ó Ruhama liom gach seachtain. Eagraíonn siad ranganna dom, rud a thugann ar ais san oideachas mé. Tá mé dearfa anois faoi mo shaol. Tá muinín agam as Ruhama a thug dóchas, misneach agus spreagadh dom; is amhail muintir dom
iad anois. Braithim chomh saor le héan le Ruhama taobh liom. (Is as an Nigéir do Obioma. Tógadh isteach sa tír seo í mar striapach nuair nach raibh inti ach cailín óg. Tá sí saor anois ó lucht ceannaithe ban agus an striapachas. Tá sí ag teacht chuici féin agus is mac léinn í i láthair na huaire.)
Scéal Katie Nuair a tháinig mé go hÉirinn bhí sé amhail bheith in Ifreann, de ló is d’oíche. Bhí mé gan mo theaghlach, mo ghaolta, mo chairde, gan éinne a chabhródh liom. Ansin lá amháin tharla míorúilt, rud a raibh mé ag súil leis. Thug daoine nach raibh aon aithne agam orthu dídean dom. Chabhraigh Ruhama liom amhail is gur duine muinteartha leo mise. Thug siad áit chónaithe dom, bia, grá agus cúram. Anois is mise an duine is sona ar domhan. Tá síocháin i mo shaol. Tá mé i mbun cúrsa, rud nár shamhlaigh mé riamh a tharlódh de bharr an bhealaigh inar tháinig mé go dtí an tír seo agus de bharr mo chruacháis. (Is ón Afraic do Katie agus ba íospartach (victim) i ngnó an ghnéis taobh istigh í. Tá sí saor anois ó na gáinneálaithe (traffickers), ón striapachas agus í ag teacht chuici féin tar éis an angair. Is mac léinn í faoi láthair.) Caitríona Uí Chatháin a chur in eagar.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Bealtaine Go raibh deireadh iomlán le ceannaíocht daoine, a mhileann saol na milliún daoine, idir mhná agus pháistí.
TIMIRE february.indd 16
04/02/2010 09:16
Timire
17
Paidreacha Paidir le linn scrúdaithe A Íosa, impím ort gach lá Tabhair cúnamh dom’ inchinn is dom’ aigne Nuair a chuirtear an bheart fém’ bhráid Ná leigse in iomar na hainnise mé
Paidir ar maidin A Mhuire, nuair ’éirím gach lá Féd’ chúram a chuirim m’anam-sa Tabhair aire dhom i gcaitheamh an lae Agus stiúirigh saor ón bpeaca mé.
Paidir le linn dul a chodladh A Mhuire, nuair a dhúnaim mo shúl, Is sínim síos ar mo leaba-sa Tabhair aire dhom go breaca an lae Chun go múscleod le beocht na maidean.
TIMIRE february.indd 17
04/02/2010 09:16
18
Timire
Turas ar an Talamh Naofa Seán Ó Catháin I Mí Dheireadh Fómhair seo caite chuas féin, agus mo bhean chéile Caitríona, ar oilithreacht go dtí an Talamh Naofa le grúpa ó pharóiste Bhaile an tSaoir atá taobh linn i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Do bhí timpeall dhá scór sa ghrúpa faoi stiúir spioradálta an iarshagairt pharóiste, an Canónach John Batelle, a bhí sa Talamh Naofa go minic cheana. Do bhí suim agam riamh sa Talamh Naofa agus san Iúdachas. D’eascair an tsuim seo as tuiscint gur Iúdach ab ea ĺosa féin agus gur ón traidisiún sin a tháinig an SeanTiomna agus an Chríostaíocht. Tar éis na dTrioblóidí ba dheireanaí idir na Palaistínigh agus na hIosraelaigh (a chríochnaigh i Mí Eanáir 2009 le hionradh a rinne Arm Iosrael ar Gaza inar maraíodh suas le míle go leith Palaistíneach, a lán acu ina sibhialaigh) bhí sé beartaithe againn gan dul ann fós ar chúiseanna prionsabal. Ach nuair a tháinig an cuireadh, agus ag cur san áireamh go raibh an Pápa Beinidict féin tar éis bheith ar cuairt ann i Mí na Bealtaine 2009, thapaíomar an deis dul ann. D’fhanamar i mBeithil ceithre lá, agus ansin chuamar ó thuaidh go Tiberias ar bhruach Loch Gailíle ar feadh cúig lá eile. Is ceantar Palaistíneach é Beithil agus tá fallaí móra coincréite tim-
TIMIRE february.indd 18
peall air. Do chuamar trí sheicphointe le saighdiúirí Iosraelacha i dtús agus ansin ceann eile le saighdiúirí Palaistíneacha chun fáil isteach i mBeithil. Is d’aon ghnó a bhíomar ag cur fúinn i mBeithil seachas Iarúsailéim féin (a bhí sé chiliméadar siar uainn), chun cabhrú leis an eacnamaíocht áitiúil, rud a bhfuil géarghá leis. An chéad mhaidin bhí Aifreann againn taobh leis an áit inar saolaíodh ĺosa, faoi shéipéal galánta Naomh Caitríona as a gcraobhscaoiltear Aifreann na Gine ar fud an domhain gach aon Nollaig. An dara lá shiúlamar isteach trí gheataí sheanchathair Iarúsailéim agus, tar éis Aifrinn ar an láthair inar daoradh ĺosa chun báis, do shiúlamar an Via Dolorosa ag stopadh ag stáisiúin na Croise go dtí go dtángamar go hEaglais an Tuama Bheannaithe; sin an láthair ina bhfuair ĺosa bás ar Aoine an Chéasta agus ina bhfuil an tuama inar cuireadh a chorp ina luí agus ónar éirigh sé ó na mairbh. Do bhíomar ag dul i dtaithí ar chúram na suíomhanna bheith roinnte idir na brainsí difriúla den chreideamh Críostaí – sé sin idir Coptach, Rúiseach, Gréigeach, Ceartchreidmheach, Airméanach agus Caitliceach – socrú a théann siar go Conradh 1852 ar a dtugtar an Status Quo. Is cúis mhór iontais an stair chorraitheach atá ag baint leis na suíomhanna naofa ó aimsir Chríost – ag tosú leis na Rómhánaigh, ansin na Biosántaigh (Byzantines) sa 4ú céad a rinne a ndícheall chun na suíomhanna
04/02/2010 09:16
Timire
a chaomhnú, na Peirsigh ansin san séú céad a scrios iad, na Crosáidirí a rinne atógáil ar na suíomhanna, na hÉigiptigh agus na Turcaigh a rialaigh an tír, anuas go dtí an céad seo caite nuair a dhein na Proinsiasaigh, atá anois ina gcúramóirí don Talamh Naofa, a lán atógála ar na suíomhanna beannaithe. Tá na Proinsiasaigh sa Talamh Naofa ó aimsir Naomh Proinsias de Assisi féin. Tá a lán oibre fiúntaí ar siúl acu ag tabhairt oideachais agus tithíochta do na Críostaithe ann. Is iontach an rud é gur féidir le Muslamaigh agus Críostaithe maireachtáil le chéile sna ceantair Phalaistíneacha, agus Muslamaigh, Iúdaigh agus Críostaithe i seanchathair Iarúsailéim. Ach tuigtear dúinn go bhfuil líon na gCríostaithe ag laghdú i gcónaí, iad faoi bhrú ón dá thaobh eile, go háirithe ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus cultúrtha de. Ní chabhraíonn na síorthrioblóidí idir Palaistínigh agus Iúdaigh leis an gcás ach oiread, agus diaidh ar ndiaidh le blianta anuas tá Críostaithe óga ag imeacht chun saol níos fearr a lorg dóibh féin i dtíortha eile. Is trua sin mar tá Críostaithe sa Talamh Naofa go leanúnach ó aimsir Chríost féin. Do bhí díomá orm nach raibh deis againn dul go dtí an Dome of the Rock nó an Al Aksa, an dá mhosc atá suite ar
TIMIRE february.indd 19
19
Airde an Teampaill (Temple Mount). Fuair mé amach go bhfuil siad teoranta do Mhuslamaigh amháin ó tharla trioblóidí na bliana 2000. Ba ar Airde an Teampaill a bhíodh Sean-Teampall Sholaimh (Solomon) na nIúdach go dtí gur scrios na Rómhánaigh é in 70AD. Tá falla ársa ard, ó aimsir Rí Hearóid, ag coimeád an taobh thiar d’Airde an Teampaill ina sheasamh. Tugtar Balla na gCaointe (The Wailing Wall) air. Ní raibh cead ag na Iúdaigh teacht go hIarúsailéim ó dhíbir na Rómhánaigh iad in 70AD. Le linn ré na mBiosántach tugadh cead dóibh teacht uair amháin sa bhliain, ar lá cinn bhliana scriosadh an teampail, chun an scrios agus scaipeadh a muintire a chaoineadh. Do bhíos féin ana-shásta dul chun guí ag an bhfalla sin i measc na nIúdach cráifeach. Bhíos in ann túr mhosc an Al Aksa a fheiscint, é lasta glas faoi chorrán na gealaí i spéir ghorm an tráthnóna. Gan dabht ghuigh mé ar son síochána idir Muslamaigh, Iúdaigh agus Críostaithe sa Tír Bheannaithe féin agus ar fud an domhain. Ar an tríú lá thosnaíomar le hAifreann in Emmaus agus ag deireadh an lae, tar éis bheith sa seomra a gcuimhnítear air mar shuíomh an tSuipéir Dheireanaigh, chuamar go Gairdín Geitséamainí ar Chnoc na nOlóg, taobh amuigh de
04/02/2010 09:16
20
Timire
fhallaí Iarúsailéim. Ansin i Séipéal na Náisiún, bhailíomar timpeall na haltóra, sa suíomh inar ghuigh ĺosa an oíche gur ghabh saighdiúirí Cháiafas é. Dheineamar ár machnamh agus ár nguí féin sa dorchadas lasta le coinnle, ar feadh uair an chloig roimh chríochnú le Beannacht na Naomhshacraiminte. An lá dár gcionn, tar éis Aifrinn in Iarúiseileim, thógamar an bóthar mór soir go dtí an Mhuir Mharbh. Chuamar sios le fána 4,000 troigh (níos mó ná airde Chorrán Tuathail!) go dtí Qumram atá 1,300 troigh faoi leibhéal na farraige. Is in Qumram in 1947 a fritheadh Scrollaí na Mara Mairbhe, na lámhscríbhinní ón Sean-Tiomna a dhein grúpa manach dárbh ainm na hEiséanaigh (Essenes), beagnách dhá mhíle bliain ó shoin. Thángthas ar na scríbhinní i bprócaí móra istigh in uaimheanna sna cnoic ann. Do bhí ceann díobh 25 troigh ar fhaid agus troigh ar leithead. Chuaigh cuid againn ar snámh ar an Mhuir Mharbh féin agus do chuimlíomar orainn féin an clábar dubh atá faoin ghaineamh. Nuair a níodh an cholainn arís bhí an craiceann chomh síodach le colainn linbh! Níl aon éalú ag an uisce as an loch seo agus nuair a imíonn cuid den uisce faoi theas na gréine fágtar fuílleach an uisce le 25% de mhianraí innti. Lá arna mhárach d’fhágamar slán le Beithil den uair dheireanach agus do thógamar arís an bóthar mór síos go dtí an Mhuir Mharbh. B’iontach aisteach é an radharc de ghaineamhlach Iúdáia ar dhá thaobh den bhóthar sin. Níos aistí fós, i dtír chomh nua-aimseartha sin, ná an méid grúpaí Arabach Beidiúnach a bhí le feiscint lena mbotháin agus a
TIMIRE february.indd 20
dtréadanna caorach gan fás dá laghad le feiscint ina dtimpeall. Ar aghaidh linn go Ireachó (Jericho), an chathair is ísle ar domhan a bhfuil stair deich míle bliain ag baint léi ó aimsir na gCanánach (Canaanites) ar aghaidh. Suas linn ansin ar bhruach thiar na hIordáine agus isteach trí bhacanna moillmheara míleata go talamh méith Stáit Iosrael. D’fhanamar i Tiberias, baile Iúdach ar bruach Mhuir na Gailíle, an oíche sin. An lá dár gcionn do chuamar i dtús go hAirde na mBeannaitheachtaí (Mount of the Beautitudes), an áit inar thug Íosa an tSeanmóir ar an Sliabh. Tá séipéal galánta ar a barr le gairdíní breátha timpeall air agus radharc thar Loch Gailíle. Do chuamar síos ansin go bruach an locha go séipéal do Naomh Peadar (Peter’s Primacy) san áit ina dtugtar Tabga air. Creidtear gur ar an suíomh sin a thug Íosa le tuiscint do Pheadar go mbeadh eisean ina chomharba ar Íosa mar cheannaire ar an tréad Críostaí nuair nach mbeadh Íosa féin ina láthair a thuilleadh. Is ann leis a bheathaigh Íosa an 5,000 duine le cúig bhullóg aráin agus dhá iasc. Is ansin atá an mhósáic is sine agus is cáiliúla sa Talamh Naofa. Is ó ré na mBiosántach í, agus taispeánann sí ciseán aráin agus dhá iasc. Tháinig an Pápa Eoin Pól II go dtí an suíomh seo sa bhliain 2000, an chéad uair d’aon Phápa é sin a dhéanamh ó rinneadh Pápa de Pheadar ann. Do chuamar i mbád adhmaid ansin amach go lár an locha. Nuair a stop na hinnill ansin do thit tost orainn agus do bhíomar i gciúnas rúndiamhrach, amhail is nach raibh aon rud beo ar an domhan ach sinn féin. Ina dhiaidh sin thugamar cuairt ó thuaidh ar Caper-
04/02/2010 09:16
Timire
naum, an baile ina raibh cónaí ar Pheadar agus ina raibh Íosa ag cur faoi tar éis a dhíbirt as Nazarat. An tráthnóna sin, faoi lánghealach ar bhruach abhainn na hIordáine, rinne cúigear againn comóradh ar ár mbaiste fadó, trí lán-tumadh san uisce mar a rinne Naomh Eoin Baiste le hÍosa tráth. Bhraith mé go raibh sé seo oiriúnach domsa go háirithe, de bharr gur baisteadh go tapaidh neamhfhoirmeálta mé i seomra breithe san ospidéal tar éis mé féin agus mo Mham teacht slán ó bhreith fhada dheacair. Do bhíos ag cuimneamh go geanúil uirthi gan dabht, mar is iomaí uair a thagair sí don oíche úd. An lá ina dhiaidh sin do chuamar i dtacsaithe ar bhóthar crochtha fiarlán go barr Shliabh Tabor. Do bhí Aifreann deas againn ansin inar chanamar inár dteanga dhúchais féin, ‘A Íosa coimeád na caoirigh ins na gleannta míne is ar na móinéir chaoine’. Tá radharc lánléargais ón gcnoc ard seo ar an tír máguaird. Ina dhiaidh sin chuamar trí ghleann mór torthúil Jezreel, a bhfuil cáil air mar áit inar troideach os cionn 20 cath mór ó aimsir an tSean-Tiomna anuas go 1917, nuair a bhuaigh na Sasanaigh ar na Túrcaigh ann. Is ann leis in 1187 a rinne Saladin slad ar arm na gCrosáidirí ag cur
TIMIRE february.indd 21
21
tús le deireadh a ré sa Talamh Naofa. Do chuamar an lá céanna go Cana, an baile beag ina ndearna Críost a chéad mhíorúilt trí uisce a athrú isteach i bhfíon, ag bainis phósta. I séipéal ansin, i searmanas deas, tar éis guí agus canadh, do bhailigh na lánúineacha timpeall na haltóra agus faoi stiúir an treoraí spioradálta do dheineamar ár modhanna pósta a athnuachan. Ba chorraitheach an ocáid í. Do thiománamar ansin go dtí cathair nua Haifa agus go Cnoc Chairmeil ann. Tá uaimh Éilias (Elijah) ann atá naofa do Iúdaigh, Críostaithe agus Muslamaigh. An lá dár gcionn d’fhágamar Tiberias den uair dheireanach ag stopadh i Nazarat. Do bhí Aifreann ansin againn taobh le Séipéal Theachtaireacht an Aingil, le guí an Muezzin le cloisteáil trí dhoras oscailte an tséipéil. Bhrostaíomar ar aghaidh ansin go dtí aerfort Ben Gurion in Tel Aviv, áit a ndeachamar ar bord eitleáin abhaile i gclagarnach báistí, tar éis dul trí scrúduithe dianslándála. Bhíomar ar ais inár gcistin féin ag meánoíche, ana-thuirseach ach ana-shásta lenár n-oilithreacht go dtí an Talamh Naofa. Buíochas mór le Dia! Is iar-státseirbhíseach é Seán Ó Catháin.
04/02/2010 09:17
22
Timire
Ag Éisteacht Faoistiní in Ardeaglais San Giovanni in Laterano sa Róimh An tAthair John O’Keeffe OFM Is i nDeireadh Fómhair na bliana 2002 a thosnaigh mé ag éisteacht faoistiní in Ardeaglais Dheoise na Róimhe. Ar feadh seacht mbliana bhíos ag obair go páirtaimsearach: dheineas deich nuaire sa tseachtain, ag obair gach Máirt, Céadaoin agus Aoine. Ins na blianta sin bhíos mar bhall den chomhluadar Proinsiasach Éireannach i gColáiste Naomh Isadóir sa Róimh. Tugadh cuireadh dom sa samhradh anuraidh post lánaimsearach a thógaint. Ghlacas leis an gcuireadh agus thosnaigh mé ar an chéad lá de mhí Mheán Fómhair. Anois caithim ceithre huaire fichid gach seachtain ag éisteacht faoistiní. Na sagairt a bhíonn ag éisteacht faoistiní in Ardeaglais Dheoise na Róimhe tugtar Penitenzieri orthu. Nuair is ag obair go páirtaimsearach a bhíonn tú tugtar Penitenziere Straordinario ort. Nuair a bhíonn tú lánaimsearach tugtar Penitenziere Ordinario ort. Nuair a fhaigheann tú an post sin bíonn sé de dhualgas ort fanúint leis an gcuid eile des na sagairt Phroinsiasacha i gcomhluadar speisialta. Tá ochtar againn sa chomhluadar speisialta seo: duine amháin ón Pholainn, beirt Iodálach, duine ón Airgintín, duine ó Mheicsiceo, duine ón Eilbhéis, duine as na hOileáin Fhilipíneacha, agus mé féin. Tá sé mar
TIMIRE february.indd 22
aidhm againn freastal ar phríomhtheangacha na hEorpa agus go háirithe ar na teangacha a úsáidtear ar bhonn idirnáisiúnta. Is féidir, mar sin, faoistiní a fháil in Ardeaglais na Róimhe ins na teangacha seo a leanas: Iodáilis, Spáinnis, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Polainnis agus sa Ghaeilge. Bíonn a bhosca faoistine féin ag gach penitenziere agus cuireann sé cóngarach dá ainm na teangacha a bhfuil sé ábalta faoistiní a éisteacht iontu. Is féidir a rá mar sin gur féidir faoistiní trí Ghaeilge a fháil in Ardeaglais na Róimhe ceithre huaire fichid sa tseachtain: gach Domhnach ó 10.30 – 12.30 agus ó 16.45 – 18.45; gach Luan ó 7.30 – 11.30; gach Máirt ó 9.00 – 11.00 agus ó 16.00 – 18.00 agus gach Satharn ó 7.00 – 11.00. Ba sa bhliain 1568 a thosnaigh na Proinsiasaigh ar an tseirbhís seo a chur ar fáil in Ardeaglais Dheoise na Róimhe. Tá seirbhís faoistine á cur ar fáil freisin ag na Doiminicigh i mBasilica Santa Maria Maggiore, ag na Beinidictigh i mBasilica Santa Maria Maggiore, agus ag na Proinsiasaigh Choinbhinsiúnacha i mBasilica Naomh Peadair. Ins na ceithre Bhasilica bíonn faoistiní ar fáil seacht lá sa tseachtain óna 7.00 – 12.00 agus óna 15.30 – 18.30. Táimid go léir faoi chúram agus le cead an Phápa agus a ionadaí a dtugtar an Penitenziere Maggiore agus an Reggente orthu, Cairdinéal agus Easpag.
04/02/2010 09:17
Berthold Werner / Wikimedia
Toisc gurb í an Róimh lárionad na hEaglaise Caitlicí, is mór an gá atá le hobair na sagart a bhíonn ag éisteacht faoistiní in ardeaglais Dheoise na Róimhe. Tá na mílte sagart sa Róimh, na mílte siúracha, na mílte ábhar sagart a thagann go minic chun faoistine chugainn. Deirtear go bhfuil ceithre mhilliún duine sa Róimh anois, agus is Caitlicigh iad an mhórchuid. Sa cheantar ina bhfuil Ardeaglais na Róimhe tá na mílte teaghlach agus tá na paróistí ana-mhór. Tá baill na mílte teaghlach sin ag braith orainn ó thaobh faoistine de. Is mór le rá an méid mór grúpaí turasóireachta a thagann chuig an Róimh, gan trácht ar ghrúpaí oilithreach ó ana-chuid deoisí ar fud an domhain. Is mór an t-áthas a chuireann sé ar Éireannaigh faoistin d’fháil sa Róimh – cuireann siad in iúl duit ag deireadh na faoistine an t-áthas a bhíonn orthu. Toisc go bhfuil an tseirbhís atá á cur ar fáil againn chomh tábhachtach sin, ní mór dúinn uair sa mhí a chaitheamh le chéile ag éisteacht le léachtóir a thugann suas chun dáta sinn faoin Diagacht Mhóralta agus faoin Diagacht Spioradálta. Déantar mionscrúdú freisin ar na doiciméid a thagann amach go rialta ón Vatacáin. Mar sin tá gá le staidéar, paidreoireacht agus grinnbhreathnú. Ní chríochnaíonn an sagart nuair a fhágann sé an bosca faoistine. Tá creideamh iontach ag pobal na Róimhe in éifeacht phaidreacha na sagart a
TIMIRE february.indd 23
Timire
23
bhíonn ag éisteacht faoistiní. Is mór le rá iad na fadhbanna éagsúla a bhíonn ag gach éinne againn agus i gcás phobal chathair na Róimhe tá ana-chuid fadhbanna ag na teaghlaigh agus i saol príobháideach na ndaoine a thagann chun faoistine freisin. Is cúlra iad na fadhbanna sin freisin ar na peacaí a dtagann siad chun faoistine chun maithiúnas Dé a fháil dóibh. Is pobal iad freisin atá ábalta an sagart cairdiúil, fáiltiúil, foighneach a aimsiú. Táid ana-chumasach chun anailís dhomhain a dhéanamh agus ana-chumasach a gcroí a nochtadh má fhaigheann siad an sagart atá simpatico. Táid ana-chumasach freisin gan teacht an dara huair chuig an sagart atá antipatico. Taitníonn an obair seo mar Penitenziere go mór liom. Gheibhim sásamh pearsanta as, gheibhim léargas ar an ghnáthdhuine – a chroí, a theaghlach, a fhadhbanna pearsanta. Is seirbhís thábhachtach í. Is mise an chéad Phroinsiasach Éireannach atá ag gabháil don obair seo ó fuair an tAthair Eugene Hoade ofm bás ar Lá Fhéile Pádraig 1972 sa Talamh Naofa. Thosnaigh seisean mar Penitenziere sa bhliain 1959, mar sin chaith sé trí bliana déag leis an obair seo. Má bhíonn lucht léite an ailt seo riamh sa Róimh, beidh fáilte romhaibh chuig Ardeaglais na Róimhe agus chuig mo bhosca faoistine féin. Faoi bhrat Mhuire, Pheadair, Phóil agus Phroinsiais d’Assisi sibh. Is Proinsiasach é an tAth. John O’Keeffe atá lonnaithe sa Róimh.
04/02/2010 09:17
24
Timire
Dóchas na Cásca
An Mons. Dónal Ó Dochartaigh Tá reilig i gcathair sa Ghearmáin. I lár na reilige san tá sean-uaigh. An duine atá curtha san uaigh níor chreid sé in aiséirí na marbh. Roimh bhás dó, shocraigh sé go gcuirfí leac mhór throm ar a uaigh, agus go ndéanfaí daingean í le hiarann. I ngan fhios dóibh siúd a chuir an leac in áit, bhí síol crainn faoin leac. Thosaigh an síol ag fás. ‘Sé atá le feiscint inniu ann ná an leac scoilte ina dhá leath agus an crann a d’fhás as an síol, fásta suas idir an dá leath. Síoladóir is ea Dia. Scaipeann sé síolta éagsúla, síolta diaga. Le roinnt seachtainí anois táimid ag fáiltiú roimh sholas na gréine sa spéir, an ghrian ag fás níos gile ó sheachtain go
TIMIRE february.indd 24
seachtain, ag méadú na teochta inár dtimpeallacht, ag fás mar shíol, lán de chumhacht, ag fógrú dúinn nach raibh an lámh in uachtar ag an nGeimhreadh ná ag an Oíche, ná ag an Dorchadas. I Mí an Mhárta bíonn féile thábhachtach á ceiliúradh againn, Féile Theachtaireacht an Aingil, nuair a chuir Dia síol a bheatha i mbroinn na Maighdine Muire, agus ghlac Briathar Dé colainn dhaonna. Ar Domhnach Cásca ‘sé atá á ceiliúradh againn ná síol bheatha Íosa mar dhuine daonna, tagtha i mbláth go hiomlán. Mar an gcéanna leis an síol a d’fhás ina chrann sa Ghearmáin, agus a dhein dhá leath den leac ar an uaigh, tá cosúlacht idir an leac chloiche sin agus an charraig ag béal thuama Chríost. Níor éirigh
04/02/2010 09:17
Timire
leis an charraig san Críost aiséirithe a choimeád sa tuama. In aiséirí Chríost bhí bláth diaga na Cásca fé lán-bhláth. Agus mar a leanaimid Críost Aiséirithe go dóchasach címid pictiúr den bheatha shiorraí atá geallta dúinn sa tsaol atá le teacht tar éis ár mbáis. Ina theannta sin, tá baint ag an aiséirí le beatha den chéad scoth sa tsaol againne anois. Ó am go ham bímid féin sáite i dtuamaí áirithe. Sinn féin inár n-aonar, nó sinn féin i measc daoine eile, bímid i dtuamaí áirithe. Cuir i gcás gur tinneas nó faitíos an tuama ina bhfuilimid ceangailte – nó leisce nó meisce, nó saint nó mé-féineachas d’aon tsaghas – más mar sin an scéal againn bí cinnte go labhraíonn Críost linn i gcogar inár gcroíthe na focail a labhair sé os ard le Lazaras, ‘Tar
TIMIRE february.indd 25
25
amach as an tuama,’ agus ansin mar a dúirt sé leo siúd a bhí bailithe timpeall thuama Lazaras, ‘Bain de na bandaí atá ceangailte timpeall air agus scaoil saor é’ – ciallaíonn san gur ceart dúinn cabhrú lenár gcomharsana teacht as pé tuama ina bhfuil siad. Ceacht na Cásca é seo: gur féidir le síolta saoirse agus beatha, fás as na tuamaí ina mbímid sáite, agus go dtiocfaidh an lá nuair a thuigfimid go cruinn, go raibh síol na beatha síoraí, síol na Glóire, inár gcroíthe i rith ár saoil, é claochlaithe anois is go deo i mbláth ar leith, ón lá a leagamar súil ar ghnúis Dé ins na flaithis. Is sagart de chuid Dheoise Bhaile Átha Cliath é an Mons. Ó Dochartaigh.
04/02/2010 09:17
26
Timire
Im Leabharlann Dom Frank Duff:
Proinsias Ó Duibh, Bunaitheoir Leigiún Mhuire Séamas S. de Vál (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) Léirmheas le Liam Ó Maolchatha Fuair Frank Duff bás i 1980. Tá a lán leabhar scríofa faoi i mBéarla agus tá sé thar am leabhar a bheith ar fáil i nGaeilge. Tá anfháilte roimh an leabhar seo, ina bhfuil cur síos ar bhunú Léigiún Mhuire, ó Shéamas de Vál. Dar ndóigh, bhí Frank ina bhall de Chumann Naomh Uinseann de Pól ar feadh roinnt blianta sula raibh aon smaoineamh ar an Léigiún, agus nuair a cuireadh tús leis an Léigiún ghlac siad le paidreacha agus struchtúr Chumann Naomh Uinseann de Pól. Tá an Léigiún go mór faoi chomaoin ag an gCumann sin as na blianta tosaigh. Bhí Frank ina státseirbhíseach, agus tá tionchar oiliúint na státseirbhíse le sonrú ina chuid scríbhneoireachta. Ábhar suime é an chaoi ar fhás oibreacha éagsúla an Léigiúin diaidh ar ndiaidh: Iostas Sancta Maria, Iostas Réalta na Maidine, agus araile. Bhí roinnt míthuisceana ann leis na húdaráis eaglasta ar dtús. Nuair a rinneadh cur síos i Maria Legionis, irisle-
TIMIRE february.indd 26
abhar an Léigiúin, ar an obair ar son na gcailíní sráide, cuireadh cosc le leanacht den chuntas sul i bhfad, ar an ábhar go raibh an Léigiún ag tromaíocht ar obair na sagart. Bhí beagán taithí agam féin ar an saghas seo. Scríobh mé uair chuig an Ardeaspag ag lorg cead do chara liom, Cisteirseach, léacht phoiblí a thabhairt i mBaile Átha Cliath: fuair mé an diúltú ar an toirt – ba chóir do mhanaigh fanacht ina gcuid mainistreacha! Ní thuigim go dtí an lá inniu an réasúnaíocht a bhí taobh thiar de sin. Níl aon amhras gur dhuine anspioradálta é Frank Duff. Chuirfeadh sé áthas ar Mhyles na gCopaleen an píosa a scríobh Frank chuig an Athair Herman, CP, agus fearas rothair, ‘roth tiomána 42 fhiacail’ agus ‘sproicéad 20 fiacail’ á chur chuige: ‘Feilfidh an sproicéad do do ghiar-chás-sa. Tabharfaidh siad sin 54.6 de ghiar duit, cuid mhaith níos lú ná mar atá agat .i. 66.7. Ach san am céanna, is mó go mór é ná mar atá ag an gcuid eile den dream .i. 50.0. Na cromáin atá á gcur chugat agam, 7 n-orlaí atá iontu in ionad an 6½ atá agat. Tabharfaidh sé seo 7½% de bhreis luamháin duit, agus ní dóigh liom gur míbhuntáiste leat an stua níos mó.’ Cuimhnigh, an duine a scríobh an litir sin, go bhfuil tús curtha le Cúis a Bheannaithe ón mbliain 1996. Tá stíl an-éasca ag Séamas S. de Vál. Tá neart pictiúr (27) sa leabhar, rud a chuireann go mór le luach an leabhair. Molaim an leabhar seo go hard.
04/02/2010 09:18
Timire The Shack
William Paul Young Léirmheas le Peadar Bairéad Bí ag caint ar leabhar neamhghnách! Ní neamhghnách go dtí é. Ach le tús a chur leis an bpíosa seo, ba chóir dom tagairt a dhéanamh i dtosach don údar, do Wm. Paul Young. Ceanadach fir is ea é, a tógadh i measc daoine ó threibh chlochaoiseach, sa Nua-Ghuine, mar a raibh a thuistí ag obair mar mhisinéirí. Is é Mackenzie Allen Phillips, príomhcharachtar an scéil, agus tá “Mack,” faoi mar a thugann roinnt dá chairde air, tá sé pósta le Nan, agus cúigear clainne orthu. D’éirigh go maith leo thar na blianta, agus ansin, agus Mack i lár a chaogaidí, thit crann na tubaiste anuas orthu, nó tharla gur fuadaíodh an iníon ab óige, Melissa. Ar ball áfach, tuigeadh óna bhfuarthas i Seantán, i bhfásach iargúlta in Oregon, go raibh chuile sheans gur deineadh í a mharú go brúidiúil ansin. Thit scamall dubhach ar Mhack, agus tháinig athrú ollmhór air mar dhuine. Ar ball, tharla go bhfuair sé nóta ó Dhia, faoi mar a tuigeadh dó fhéin, ag tabhairt cuiridh dhó, cuairt dheireadh seachtaine a thabhairt ar an Seantán úd in Oregon, agus i ndeireadh na dála, as go brách leis go dtí an bothán úd. An raibh Dia na Glóire fhéin ag fanacht air sa tseanSeantán úd? Bhuel, tuigeadh do Mhack go raibh, agus i rith an deireadh seachtaine sin, chuir
TIMIRE february.indd 27
27
sé aithne ar thrí phearsa na Tríonóide, bíodh go mba neamhghnách na pearsain iad. Ba ghearr ansin é nuair a chuala sé guthanna. B’fhéidir go raibh Dia tagtha ar chuairt! Agus é ar tí cnag a bhualadh ar an ndoras, d’oscail an doras as a stuaim fhéin, agus ansin, os a chomhair amach, sheas bean mhór ghealgháireach AfracachMheiriceánach. D’fhear sí Fáilte Uí Cheallaigh roimhe, agus rug barróg air. Ansin, nocht bean eile, a raibh cuma na hÁise uirthi, agus ceol draíochta na nAingeal ina guth. Go gairid ina dhiaidh sin tháinig pearsa eile ar an bhfód, é gléasta mar fhear oibre, agus cuma air gur ón Meán-Oirthear dó. Tuigeadh do Mhack, go mb’fhéidir go raibh sé i láthair Dhia mhór na Glóire, agus chuir an cheist... “Which one of you is God? ‘I am,’ said all three in unison.” Bhail, b’in iad trí phearsa na Tríonóide, faoi mar a foilsíodh do Mhack iad. Chaith sé an deireadh seachtaine sin ina gcomhluadar, agus baineadh de an t-ualach bróin a bhí anuas ar a ghuaille, ó fuadaíodh a iníon. Ar a bhealach abhaile, tharla timpiste dhó, agus fágadh gan aithne gan urlabhra é, go ceann i bhfad. An raibh aon tionchar ag an timpiste sin ar a theacht i láthair na Tríonóide? Bhail, le fios fátha an scéil sin a fháil, caithfidh tú an leabhar sin a fháil, is a léamh. B’fhéidir go mbeadh sé deacair chuile fhocal sa scéal seo a cheidiúint, ach ag an am gcéanna, corraíonn soineantacht agus saontacht chur chuige an údair sa scéal seo croí an léitheora. Súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe, fiú, as.
04/02/2010 09:18
28
Timire
Anam Mhadra
Simon Ó Faoláin Coiscéim, 2008, 63 lch, €7.50
Trócaire Dé agus Dánta Eile
Maria Goretti Ní Fhéinne Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2008. 42 lch. €7
Zein na Gaeilge: Hadhcúnna
Turas go Bun na Spéire
Léirmheas le Seán de Fréine
nós na teanga. Ní heol dom cad as ar tháinig an nós, agus is cuma. Is den chórtas é cloí le nósmhaireacht, fiú nósmhaireacht na gramadaí. Mar a deirtear, ná bris nós agus ná déan nós. B’fhéidir gur thosaigh an nós seo mar sheift chun cinnteacht a dheimhniú agus débhríochas a sheachaint: ní hionann hata póilín agus hata Phóilín. Murach gur thaitin an leabhar le Simon an oireadh sin liom, ní bhacfainn leis an tseoid ghleoite seo a chur os bhur gcomhair. Is file
Ciarán Ó Coigligh An Sagart, 2009. 52 lch, clúdach crua. €10
Tá dornán deas leabhar againn anseo, rud a léiríonn nach bhfuil sruth na filíochta ag dúl i ndísc orainn go fóill, ná baol air. Ach tosaímis le ceacht gramadaí. Ná cuirigí pus oraibh féin anois! Ní thógfaidh sé i bhfad, agus déanfaidh sé maitheas daoibh. Sa chead leabhar thuas, ní madadh darbh ainm Madra atá i gceist, ach madra éigin nach luaitear a ainm dílis. Mar sin, ní ceart an séimhiú. Sin é
TIMIRE february.indd 28
Rita Kelly Cló Iar-Chonnachta, 2008. 135 lch. €12
04/02/2010 09:20
Timire óg cruthanta é Simon, agus chun go mbainfimid an sásamh ceart as a shaothar, tá cúram eagarthóra bheacht ag dul dó ionas nach gcuirfidh tuaiplisí gramadaí isteach ar ár dtaitneamh. (A fhoilsitheoir, tabhair faoi deara.) Tá mianach agus téagar ina chuid dánta, agus gabhann féith an ghrinn leo go minic. Is fórsúil an tsraith dánta ar thréigean Oileán Hiort (St Kilda), leathchéad míle ó chósta thiar na hAlban, rud a tharla sna tríochaidí seo caite. Ní tréigean amháin a bhí i gceist, ach díbirt chomh maith. Ní go maith a roinneadh leis na hoileánaigh nuair a tháinig siad go tír mór. San iomlán, tá neart fiúntach de bhreis is dhá scór dán curtha le chéile aige ina chéad chnuasach. Bímis ag súil le tuilleadh. Leabhar de chineál eile ar fad atá sa chnuasach leis an tSiúr Maria Goretti. As an Aichréidh in Oirthear na Gaillimhe di, agus seal fada caite aici ag múineadh sa Spidéal agus ar an Uachtar Ard. Dánta sochma atá ina cnuasach, atá curtha i dtoll a chéile aici, is léir, de thoradh na tuisceana a thagann le saol fada. Baineann na dánta le creideamh, leis an nádúr agus tá fothéama discréideach na fulaingthe le brath anseo is ansiúd a thaispeánann dúinn conas glacadh le trioblóidí na beatha le foighne agus le dóchas. Leabhar beag le léamh mar ábhar éasca machnaimh agus ligean dá shuaimhneas sileadh tríot go mín réidh. Leabhar filíochta creidimh ar dhóigh eile is ea leabhar na hadhcúnna le Ciarán Ó Coigligh. Mar a deirtear sa
TIMIRE february.indd 29
29
bhlurba, is iarracht an leabhar seo ar an íogaireacht Chaitliceach a chur in áit na marana Búdaíche de mhianach Zein a chastar ar léitheoirí hadhcúnnaa go minic. Is fiontar nua é seo ag Ciarán, scríbhneoir agus saoi ildánach a bhfuil úrscéalta, filíocht, ceoldráma agus go leor leor eile scríofa aige thar na blianta. Má thaithíonn tú an hadhcú, cuirfidh tú spéis sa leabhar seo agus bainfidh tú taitneamh as, déarfainn. Tuigfidh tú as seo, b’fhéidir, gur ar éigean a ‘dhéanann hadhcúnna aon rud domsa’. Ach sa chás seo, tá réamhrá substaintiúil leis an údar ag gabháil leis an saothar. Tá eolas agus tuairimí fíorspéisiúla ann a bhaineann leis an saol intleachta Caitliceach ó aimsir Vatacáin II i leith. Is fiú an t-earra é, ar an ábhar sin amháin. Tá leagan amach an-snasta ar an leabhar, le léaráidí agus clúdach crua. Is pléisiúr leabhar den chaighdeán seo a mhuirniú i lámha léitheora. Leabhar ar furasta filleadh air, agus machnamh a dhéanamh ar a bhfuil le rá ag an údar. Leabhar álainn eile le láimhseáil is a Turas go Bun na Spéire le Rita Kelly. Tá idir nua-dhánta agus rogha de sheandánta le Rita sa chnuasach seo, maille le réamhrá eolach faoin fhile agus a saothar ag Máirín Nic Eoin. Más spéis leat saothar an fhile seo, ní foláir duit an leabhar seo a fháil. Dar liom, is pléisiúr i gcónaí a mbíonn le rá ag Rita. Saothróir ealaíonta í a thugann faoi ghnó na filíochta le cúram, gan ligean don róchúram a hionspioráid a bháthadh. Mar a deirtear sa réamhrá, ‘gura fada buan í’.
04/02/2010 09:20
30
Timire
MISE EOGHAN Dia dhaoibh, a chairde óga Tá aiséirí an dúlra timpeall orainn arís, borradh ag teacht ar chrann is ar fhéar – agus orainn féin freisin. Deir an Seansagart anseo go n-airíonn sé beocht agus óige ag filleadh ar a chnámha le teacht an Earraigh: ‘Is aoibhinn a bheith beo’ adeir sé, ag faire dó ar an athnuachaint, ar na héin ag ullmhú chun nead nua a thabhairt ar an saol agus an domhan fós ag casadh chun laethanta fada a bhronnadh orainn.
Litir ó Bhríd Bhí litir agam ó Bhríd an lá cheana. Sa Choláiste ina bhfuil sí tá plúirín sneachta agus lus an chromchinn le feiscint - agus na sabhaircíní cúthaileacha i bhfothain na bhfál. Mar is gnách leo, bhí an-chaint ar Lá le Bríde, agus staidéar dian á dhéanamh acu ar a spioradáltacht. Bean chróga ab ea í gan aon agó agus deir an Mháthair Beinidict go raibh an Mhatamaitic go maith aici agus a fhios aici cé mhéad talaimh a bheadh uaithi chun clochar a thógáil agus cé mhéad bia agus éadaigh a bheadh riachtanach ag na mná rialta a thiocfadh ann ag guí. Mhol an Mháthair Beinidict do na daltaí samplaí a dhéanamh de na scileanna a bhí ag Naomh Bríd agus iad a chur ar a dtaispeáint sa halla agus lasmuigh. Tá an dubh-thóir ag an lucht taistil ar a leithéid agus tá cúpla céad acu ina gcónaí gar go leor don Choláiste. Bíonn na mná ag múineadh do na páistí conas crois Bhríde a dhéanamh agus tugann siad pictiúir bheaga dóibh de Naomh Bríd, Muire na nGael.
TIMIRE february.indd 30
04/02/2010 09:19
Timire
31
Scileanna Naomh Bríd Chuir rang Bhríde chun oibre agus chruthaigh duine amháin aibíd an Oird mar a bheadh sé in aimsir Bhríde Naofa. Cailín eile, d’ullmhaigh sí oideas ag úsáid meala. Agus roghnaigh cailín eile éadach altóra a dhéanamh agus a mhaisiú. Ach ní mórán de scil na fúála ná a leithéid atá ag mo dheirfiúr, Bríd agus bhí sí ag cur is ag cúiteamh faoin scil a léireodh sí féin. Aisteach go leor, níor luaigh éinne scil an bhleáin, agus is cinnte go mbíodh ar Naomh Bríd na ba a chrú dhá uair sa ló. Anois tá Bríd an-ghasta le bó ach faoi láthair déantar an bleán go léir le hinneall i bparlús na mba agus ní bheadh aon chur amach ar a leithéid ag Naomh Bríd.
An Bhó Cheanndána Agus í fós ag iarraidh teacht ar réiteach céard deir sibh ach gur dhiúltaigh an bhó óg seo a bhíodh ina peata lao ag Bríd, gur dhiúltaigh sí ar dhul isteach i bparlús na mba. Bhí na fir oibre i bponc mar tá cleas an bhleáin caillte ag a bhformhór agus an cine daonna ag géilleadh do mheaisíní de gach saghas. Chomh luath is adúirt siad go raibh an bhó seo ag éirí amach i gcoinne na n-inneall fuair Bríd an buicéad agus shuigh sí faoin mbó. Láithreach bonn, thosaigh an sruth bainne ag teacht agus bhí Bríd an-bhródúil: ‘Ná déanaigí iarracht ar í a mhealladh isteach i bparlús na mba’ arsa Bríd leis na fir oibre, ‘go dtí go mbíonn taispeántas na scileanna thart.’
An Lá Mór Ar an lá mór siúd, bhí gach dalta lena sheastán ann agus an lucht siúil timpeall orainn ag déanamh ionaidh den taispeántas go léir. Tháinig Bríd amach lena buicéad agus a stóillín agus aprún néata thar a gúna scoile. Shuigh sí agus thosaigh ag crú na bó agus ag an am céanna, chan sí ‘Cailín deas crúite na mbó’. Bhí an slua ar fad an-tógtha leis an iarracht. Is annamh anois bó á crú agus amhrán ar an sean-nós á tionlacan le titim an bhainne sa bhuicéad. Rinne an lucht siúil bualadh bos mór agus shílfeá go raibh a fhios ag an mbó gur togha aisteora í i ndráma seo Bhríde. ‘Bhí an Mháthair Beinidict breá sásta le ceiliúradh Lá le Bríde’ adeir Bríd ina litir, ‘Thaispeánamar go mbíodh Naomh Bríd ag obair chomh maith le bheith ag guí’. Níor ghéill an bhó óg fós don mheaisín agus tá siad fós ag brath ar Bhríd. Ach is dócha go dtiocfadh rotha móra an tsaoil suas léi ar ball.
TIMIRE february.indd 31
04/02/2010 09:19
Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí.
Intinní an Phápa Mí an Mhárta 2010 Go ndéantar an eacnamaíocht dhomhanda a bhainistiú de réir phrionsabail an cheartais agus an chothromais, agus fíor-riachtanais na bpobal, na pobail is boichte go háirithe, á gcur i gcuntas. Mí Aibreáin 2010 Guímís go múchfadh an meas buan, an chaoinfhulaingt agus an comhrá beo i measc chreidmhigh an domhain gach claonadh chun bunúsaíochais agus antoisceachais. Mí na Bealtaine 2010 Go raibh deireadh iomlán le ceannaíocht daoine, a mhileann saol na milliún daoine, idir mhná agus pháistí. Mí an Mheithimh 2010 Go ndéana gach institiúid náisiúnta agus trasnáisiúnta dícheall chun meas ar an mbeatha dhaonna a ráthú ó ghiniúint go bás le hadhairt.
TIMIRE february.indd 32
04/02/2010 09:19