An Timire - Fómhar 2010

Page 1

Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

TIMIRE Autumn 2010.indd 1

FÓMHAR 2010

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

13/09/2010 10:35


2

Timire

Eagarfhocal Comóradh Céad Bliain Ní gá a rá le léitheoirí rialta An Timire go bhfuilimid ag druidim le cloch mhíle iontach tabhachtach i saol ár n-irise bige. Tháinig sí ar an saol sa bhliain 1911, agus ní fada anois go mbeidh sí céad bliain ag scaipeadh dea-scéal ghrá Chroí Íosa do na Gaeil. Ni beag sin, agus caithfimid é a chomóradh mar is ceart. Ach, ní hé sin ach an t-aon Chomóradh Céid a bheidh againn anseo in Éirinn sna blianta atá romhainn. Ar an 26ú lá de mhí Mheán Fómhair, 1912, shínigh na céadta míle Protastúnach Cúnant Uladh in aghaidh féin-rialtais d’Éirinn. An bhliain dar gcionn, bunaíodh Óglaigh Uladh (UVF) agus Óglaigh na hÉireann araon. Bliain ina dhiaidh sin tugadh isteach na gunnaí, i Latharna ar dtús, agus ina dhiaidh sin i mBinn Éadair. Ansin, bhris an Cogadh Mór amach agus sna sála air sin tháinig 1916 le hÉirí Amach na Cásca agus Cath an Somme. Beidh ár sáith ábhair chomórtha againn gan amhras. Cad é mar atáimid ag dul a cheiliúradh na n-eachtrái corraitheacha sin i stair ár dtíre? Bhí muintir na hÉireann uile gafa sna rudaí a tharla céad bliain ó shin, Aontachtaithe agus Náisiúnaithe, Caitlicigh agus Protastúnaigh. Is linn uile an stair seo. Bheadh sé an-éasca dúinn a rá nach mbaineann Cúnant Uladh linne, agus dóibhsean a rá nach bhfuil baint ar bith acusan le hÉirí Amach na Cásca. Thug an Taoiseach dúshlán dúinn uile cúpla mí ó shin, agus é ag tagairt do cheist na gComórthaí. Dúirt sé, agus é ar aon ardán le Nelson McCausland, aire de chuid an DUP, gur cheart dúinn seasamh le chéile agus muid ag cuimhneamh ar ar tharla in Éirinn céad bliain ó shin. Ach cad é mar a dhéanfaimidne comóradh ar Chúnant Uladh agus ar bhunú Óglach Úladh? An féidir le lucht na hAontachta Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh? Athrú meoin an-mhór a bheidh de dhith ar an dá thaobh. Is mithid dúinn iarracht a dhéanamh tuiscint a bheith againn ar a chéile agus síócháin ó chroí a dhéanamh le chéile. Beidh sé seo uile do-dhéanta ach amháin go mbíonn grá Chroí Íosa dár spreagadh. Sin an fáth gur maith an rud é go bhfuil bliain chomórtha in onóir an Chroí Ró-Naofa againne roimh aghaidh a thabhairt ar na cinn eile. Alan Mac Eochagáin SJ

An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

TIMIRE Autumn 2010.indd 2

13/09/2010 10:35


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Deireadh leis na cogaidh

An tAth. Shay Cullen

6

Úlla agus Uaillmhian

Fiach Ó Néill

8

Ag Scaipeadh an Scéil

10

Éigean Dála

12

Drugóirí agus Andúlaithe

14

Conas dul i bhFréamh

16

Dánta

17

Beinidicteach Briotánach

20

An Timpeallacht

24

Cantaireacht Dhiaga (Cuid 1)

27

Im Leabharlann Dom

An tAth.Conall Ó Cuinn SJ An tSr. Aisling Ní Mhuirí An tAth. Conor Cunningham STL An tSr. Fionntan Gabriel Rosenstock Pádraig Mac Diarmada Micheál Ó hAodha Séan de Fréine

30

An tAth. Frainc Mac Brádaigh SJ

An tSr. Mairéad Ní Bhuachalla

Mise Eoghan

Ar dheis Dé: Máirtín Ó Conghaile; An. tAth. G. Ó Ceocháin; Bríd Mac Siacuis

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.

Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Fionnuala Mac Aodha Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB

Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 442 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Iúil 2010

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.

TIMIRE Autumn 2010.indd 3

Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí

Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Dearadh: Messenger Publications

Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E2.50 / Stg£2 Go ceann bliana: E10 / Stg£8 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138 Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

13/09/2010 10:35


4

Timire

Ag cur Deireadh le Nósmhaireacht an Fhoiréigin Smaointe leis an Ath. Shay Cullen Rud coitianta ins na Filipiní inniu is ea cultúr an fhoiréigin agus an chéasta. Nuair a ghabhann daoine óga isteach i gcuallachtaí scoile, is gnách dá gcomhdhaltaí léasadh agus céasadh a thabhairt dóibh, mar dheasghnáth cead isteach dóibh. Hazing a thugtar air seo: cleasanna magaidh, mar dhea. Ach bíonn sé chomh dian sin ar uaire go bhfaigheann an duine bás. B’fhéidir go bhfoghlaimíonn na céastóirí óga a gcuid cleasanna ó na póilíní agus ón arm. Cuireann siad go leor amhrasach chun báis gan cead cúirte nó réir dlí. Foghlaimíonn siad ó oiliúnóirí Mheiriceánacha de réir mar a fheidhmíonn siad i gcéaslanna Abu gránna Ghraib nó Guantanamo. Grianghrafann agus fístéipeann na céastóirí a míghníomha uafásacha féin. Agus na físchluichí a imrítear ar ríomhairí baile nó i siopaí idirlín, déanann siad ábhar caitheamh aimsire pléisiúrtha don óige as an dúnmharú, is an bhanéigniú. Ceadaíonn daoine fásta a leithéid. Mionaoisigh a fhearann coireanna ainscianta, is gan urchóid a rugadh iad. Ach foghlaimíonn siad ó aosaigh, agus ó chomhdhaltaí is sine ná iad. Bíonn na páistí seo gan cosaint ón fhoiréigean pé áit a mbíonn siad. Téann mic léinn ar mire, agus scaoileann siad ina bpleisteanna marbha múinteoirí agus daltaí araon.

TIMIRE Autumn 2010.indd 4

Nuair is beag rud dearfach atá le tabhairt ag an tsochaí do dhaoine óga atá ar tinneall chun go n-aithneofaí a ndínit; chun go nglacfaí leo mar dhaoine le fiúntas: ansin, is féidir linn bheith ag súil le hógánaigh ainscianta atá lán de fhearg agus de fhuath, mar tugtar droim láimhe dóibh, agus ansin fágtar gan dóchas iad. Gabhann cuid mhór daoine óga le ceannairceacht nuair a cheiltear caoi mhaireachtála orthu ina mbíonn cothroime eacnamaíochta agus chiníoch le fáil, agus deiseanna comhionanna oideachais agus fostaíochta acu. Má thugtar cúram, meas, cairdeas, deiseanna dóibh, is féidir iad a spreagadh chun dea-bheatha a chaitheamh. Ach ní mór go mbeidh daoine fásta ann ar féidir leis na hógánaigh meas a thabhairt dóibh mar eiseamáirí, agus ar an ábhar sin arbh fhiú iad mar dhaoine fásta, aithris a dhéanamh orthu. Ma riartar mí-úsáid ar daoine óga, tá an baol ann go ndéanfar mí-úsáideoirí de chuid acu. Ach tabharfaidh siad cluas don duine cairdiúil a thugann deashampla dóibh. Feicim an claochlú seo chuile lá i gcás an cheathrair caogad tachrán a tugadh as na príosúin chun timpeallacht oscailte dhearfach mhuiníneach. Má thugann tú urraim agus maitheas do dhaoine óga (sula mbíonn siad ró-ghortaithe), bainfidh tú an méid céanna mar chúiteamh ar do shaothar. Anois beag, cuireadh alltacht ar

13/09/2010 10:35


Timire Fhilipínigh abhus agus thar lear, nuair a chonaic siad seisiún dianchéasta píolóideach le póilíní ar teilifís. Taispeánadh ar an fhíseán fear lomnocht i stáisiún póilínéachta i Mainile, é ag scréachach agus ag lúbarnaíl ar an urlár le teann pianpháise, fad is a bhí boc d’ardoifigeach faoina lásaí óir ar chathaoir os a chionn, a bhí ag tarraingt go gangaideach ar chorda a bhí ceangailte le baill ghiniúna an chéastaigh agus, san am céanna, an t-oifigeach á bhualadh le crios leathair ionas go nadmhódh sé a chiontacht as coir éigin. Dhein oifigeach eile taifead físeáin den eachtraíocht ar phócafón. Meastar gur maraíodh an truán seo tamaillín níos déanaí. An 23 Lúnasa seo caite, i bpáirc phoiblí i Mainile, dhein an t-iar-chigire póilíneachta Rolando Mendoza, 55, gaisce dá chuid féin. An lá áirithe seo, rug sé mar ghialla ar bhus lán de thurasóirí ó Hong Kong, gur mharaigh cuid acu sular maraíodh é féin ag lámhachóir póilín. Craoladh beo an sága seo, a mhair naoi n-uaire a chloig, ar teilifís abhus agus thar lear. Cheana féin, daoradh Mendoza as sracadh (extortion) agus brúidiúlacht a imirt ar chócaire neamhchiontach ins an Óstán Mandarin i Mainile in 2008. Bhí Mendoza ag éileamh anois go dtabharfaí a phost ar ais dó, d’ainneoin a dhaortha agus dhaoradh an aonaid sractha a bhí aige. I dtuairisc teilifíse eile ag ANC le déanaí, déagóirí a tugadh saor as

5

príosún i Mainile, d’inis siad scéalta uafáis faoin chéasadh agus faoin bhrúidliúlacht a d’fhulaing siad ag póilíní. Thaispeáin buachaill amháin a throithe as ar tarraingíodh na hingne. Bhí cneánna dóite toitín ar a mhuinéal. Cuireadh síos ar na toscaí ins na cillíní coinneála mar subhuman. Is féidir amharc ar na físeáin ag www.preda.org Le linn léirsiú síochánta in 1996, gabhadh orm agus ar mo chompánaigh, agus tugadh léasadh, buillí agus ciceanna dúinn. Buaileadh mo chloigeann uair i ndiaidh a chéile de urlár cruach an veain póilíneachta agus mé am bhreith chun carcrach. Cuireadh glasa teanna, dúbalta ar mo lámha laistiar de mo dhroim ar feadh mórán uaire sa chaoi gur gearradh caola mo láimhe. Cuireadh i mbraighdeanas muid, ceistíodh muid, agus tugadh ainíde shíceolaíoch agus gráiscínteacht gháirsiúil bhéil dúinn ag aturnae an iar-mhéara. Chun deireadh a chur le drochíde scanrúil dá leithéid, ní mór dúinn stop a chur le nósmhaireacht an fhoiréigin, le saoirse ó phionós do lucht na cumhachta; agus caithfimid saothrú ar mhaithe le sochaí chóir chothrom mar a bhfuil an lámh in uachtar ag riail an dlí agus ag an cheart; agus mar a ndéantar cúram de dhínit an uile dhuine mar luach daonna dosháraithe. Is sagart Misinéireachta Caitlicí as Baile Átha Cliath é an tAth. Shay Cullen.

Intinn Mhiseannach an Phápa do Mhí Mheán Fómhair 2010 Trínár gcroíthe a oscailt roimh an ngrá go gcuire muid deireadh leis na cogaí agus na coimhlintí éagsúla a fhágann rian na fola fós ar an saol againn.

TIMIRE Autumn 2010.indd 5

13/09/2010 10:35


6

Timire

Úlla agus Uaillmhian

Fiach Ó Néill Scéal a chualas ar mo shiúlta dom: Fadó fadó, i dtír i bhfad i gcéin, bhí naoi gcineál úll is leathchéad ar fás san aon bhaile beag amháin. Ní raibh fiúntas leo go léir, shamhlófá- le gach aon speiceas acu. Gheofá blas an-searbh ar úlla áirithe, cuma mhítharraingteach ar úlla eile. Daoine bochta a bhí i lucht an bhaile ach bhí teacht aniar iontu. Dhíoladh na fir na húlla ba bhlasta ar an margadh; réitíodh na mná picilí is ceirtlis. Tháinig strainséirí ar cuairt chucu, lá. Ba léir dóibh, na strainséirí, go raibh crann amháin ar an úllord níos fomharúla ná aon chrann eile. Mhol siad go

TIMIRE Autumn 2010.indd 6

ndéanfaí forleathadh ar an speiceas sin agus go ndéanfaí gach aon chrann eile a threascairt. Thug na strainséirí púdar draíochta do na feirmeoirí agus scaipeadar tríd an gcré é. Gheall siad oideachas dá bpáistí agus stór airgid dóibh féin. Ní raibh le déanamh acu ach carn airgid a fháil ar iasacht uathu, uirlisí nua a cheannach agus an crann ba thréine a chur chun cinn. Ní bheadh acu feasta ach úlla gan locht, úlla a mbeadh ceannach orthu ar fud na cruinne. Ná ceaptar go mba dhrochdhaoine a bhí sna strainséirí. Ní fíor. An deacracht a bhaineann le púdar draíochta, áfach go ndéanann sé lag an chré le himeacht ama. Imríonn an bhithéagsúlacht a

13/09/2010 10:35


Timire

draíocht féin ar an talamh- ní raibh ag na daoine anois ach an t-aon speiceas amháin. Dá dteipfeadh ar an mbarr, ní raibh an dara cineál úill acu. Agus b’shin é go díreach an rud a tharla. Bhí siad i bhfiacha, bhí siad gan úlla agus ní raibh saibhreas ar bith sa chré níos mó. Céard é féin, más ea- an dul chun cinn barántúil, firéanta? Theastaigh ó na stráinséirí lámh chúnta a thabhairt do

7

lucht an bhaile. Theastaigh ó lucht an bhaile go gcuirfí oideachas ar a gclann, go ndéanfaidís féin dul cinn. Cé aige a bhfuil réiteach an scéal? Guím gach lá go gcloisfimis briathar Dé inár gcroí agus go dtabharfadh aon chéim chun tosaigh i dtreo a gheata féin sinn. Oibrí cabhrach is ea Fiach Ó Néill a chaith tréimhse i bpoblacht na Cirgise.

Intinn Choitianta an Phápa do mhí Mheán Fómhair 2010 Go ndéana fógairt Bhriathar Dé athbhíogadh ar chroíthe daoine i gcríocha is lú forbairt, agus iad a spreagadh chun bheith ag obair go gníomhach d’fhonn fíordhul chun cinn sóisialta a bhaint amach.

TIMIRE Autumn 2010.indd 7

13/09/2010 10:35


8

Timire

Ag Scaipeadh an Scéil

Matteo Ricci

An tAth Conall Ó Cuinn, SJ Tá an cine daonna i ndiaidh leibhéal úr forbartha a bhaint amach mar tuigimid anois gur fearr an dialóg ná an neart mar bhealach le dul i gcion ar dhaoine eile. ‘Win-win’ an t-ainm atá ag lucht an bhéarla ar a leithéid de dialóg. Is é an chaoi a n-oibríónn sé ná go ndéanaim chomhpháirtíocht ionraic le mo chéile comhraic agus déanaim mo dhícheall a thaispeáint dó gur dár leas uile an rud atá á mholadh agam. Beidh gá le chomhghéilleadh, gan amhras, ach cuirfear an bhéim ar fad ar na buntáistí a bhéas ann do chuile dhuine. Tógaimis cúrsaí aeráide mar sham-

TIMIRE Autumn 2010.indd 8

pla. Tá an tSín ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh tionscála de. Beidh fuinneamh ag teastáil uaithi mar sin. I láthair na huaire is iad an gual agus an ola is fearr agus is saoire le fuinneamh a ghiniúint. Tá an t-uafas guail ag an tSín agus tá sí sásta airgead a chaitheamh ar ola. Ag an am céanna tá tíortha eile ag iarraidh go laghdófar úsáid na mbreoslaí iontaise (fossil fuels) agus ba mhaith leo go dtiocfadh an tSín ar bord leo san iarracht sin. Fós féin ta tíortha an Iarthair sásta go n-aistreofar an tionscal trom agus an truailliú a ghabhann leis chuig an tSín agus tíortha dá leithéid. Cad é mar is féidir leis an dá thaobh teacht ar réiteach a

13/09/2010 10:35


Timire cheadaíonn don tSín an fhorbairt atá uaithi? Cuimhnímis go bhfuil luachanna maithe taobh thiar den fhorbairt seo; go mbeadh caighdeán ceart maireachtála ag muintir na Síne, go mór mór na daoine bochta. Má chuimhníonn gach aon duine ar na luachanna is doimhne atá againn ar fad is féidir teacht ar réiteach ‘win-win’. Cén chaoi a dtagaimid ar chomhphairíocht le chéile? Creideann na Críostaithe gur féidir an chomhpairtíocht seo a aimsiú i nDia mar is é Dia a chruthaíonn sinn uile agus a choinníon sinn beo. Níos mó ná sin, tuigeann na Críostaithe go bhfuil an cine daonna imithe ó mhaith ar dhóigh thromchúiseach (Peaca ár Sinsear) agus nach bhfuil leigheas le fáil air sin ach amháin i nDia. Sa 3ú Paidir Eocairisteach guímid: ‘go ndéantar dínn aon chorp amháin agus aon spiorad amháin i gCríost’. Is aontacht – chomhpháirtíocht – í seo nach féidir léi duine ar bith a fhagáil amach. Ní féidir linne, na Críostaithe glacadh leis gur chruthaigh Dia daoine áirithe le páirt a ghlacadh san aontacht agus daoine eile a chaithfear amach. Is é toil Dé go mbeidh páirt ag gach aon duine san aontacht. (Tá an slánú ar fáil don uile dhuine.) Ach, cén chaoi a roinnimid an creideamh sin le daoine nach bhfuil an cultúr céanna acu ar chor ar bith? Caithfimid aithne a chur ar na cultúir

9

sin. Sin í an chéad chéim, an rud a rinne Matteo Ricci, Íosánach Iodálach a fuair bás 400 bliain ó shin. Chuaigh sé chun na Síne agus é 30 bliain d’aois agus chaith sé an chuid eile dá shaol, 28 bliain, ag déanamh dian-staidéar ar chultúr agus ar reiligiúin na Síneach. Ní dhearna sé tagairt do Chríost go dtí go raibh tuiscint dhomhan aige ar an spioradáltacht a bhí acu agus mhínigh sé Críost dóibh i dtéarmaí a thuigfeadh duine a raibh fealsúnacht Confucius aige. Rinne Ricci iarracht bunsraith a leagan síos a ligfeadh do na Sínigh an creideamh Críostaí a ghlacadh chucu féin go nádúrtha. D’éirigh thar barr le Matteo Ricci agus is iomaí Síneach a chuir aithne ar Chríost mar chomhlánú ar an gcultúr a bhí acu ó dhúchas. Níor thuig gach aon duine san Eaglais bealach seo an ionchultúraithe agus bhí forsaí ann a chuir stop leis. Anois arís, áfach, tá deis againne dialóg cheart a bhunú idir muintir an Iarthair agus pobal na Síne agus is ceart dúínn guí go mbeidh toradh maith ar an dialóg sin. Agus sinne na Críostaithe ag fógairt Críost do na náisiúin uile mar bhealach na haontachta, is ceart dúinne dialóg ‘chríostúil’ a chur chun cinn i measc na náisiún. Níl bealach is fearr ann chun ‘win-win’ a aimsiú ná bealach na haontachta a mholann Críost dúinn. Is Íosánach é Conall Ó Cuinn.

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Deireadh Fómhair 2010 Go dtuga Lá Domhanda na Misean tuiscint úr don Eaglais gurb é leas an domhain uile fógairt Chríost.

TIMIRE Autumn 2010.indd 9

13/09/2010 10:35


10

Timire

Éigean Dála

An tSr. Ní Mhuirí Ollscoil Chaitliceach a theastaigh ón gCairdinéal Newman agus níorbh ionann leis ollscoil Chaitliceach agus curaclam teoranta. Ba ghníomh deabhóide aige cur chun cinn an léinn i gcoitinne. An mhatamaitic, an fhealsúnacht, an ceol etc- níor theastaigh uaidh iad a dheighilt ó chúrsaí spioradálta. Tá athrú tagtha ar an bhfeidhm atá ag an ollscoil inniu, áfach agus cúram ar an Ollscoil Chaitliceach aghaidh

TIMIRE Autumn 2010.indd 10

a thabhairt ar an athrú sin. Níor theastaigh ó Newman go mbeadh aon ghné ‘ghairmiúil’ ag baint leis an ollscoil: ba é a bhí uaidh, an fhoghlaim ar son na foghlama agus an túr eabhair faoi chosaint. Má tá gort an léinn á threabhadh anois, ar chor bith – is i líon an-bheag disciplíní é, an tSeanGhaeilge, an Léann Clasaiceach agus an Eabhrais, cuirim i gcás. Ábhair iadsan go léir atá faoi ionsaí: tá cúrsaí airgeadais, an oiliúint ghairmiúil agus an bête noire is measa ar fad acu,

13/09/2010 10:35


Timire an “ábharthacht”ag brú isteach orthu. Na disciplíní sin atá ag teacht ar fad le fís Newman, is iadsan go díreach na disciplíní is mó atá i mbaol. Is é an dúshlán is mó atá romhainn anois, cinneadh a thógáil maidir le céard í an chloch is mó ar ár bpaidrín: monarcha na mórghairmeacha a dhéanamh dínn féin nó seasamh le fís Newman (nó leagan de, ar a laghad) ach í curtha in oiriúint againn don saol atá anois ann. Is fusa agus is fearr an chéad rogha, déarfá. I bpobal Dé, bíonn gach deisceabal ar comhchéim, cuma más deisceabal le fealsúnacht é nó scoláire le lónadóireacht óstáin agus turasóireachta. Tá post i ndán don mhac léinn le lónadóireacht, rud nach fíor faoin bhfealsúnaí (de réir mar a thuigim ó mo chuid comhghleacaithe fealsúnta sa roinn sin!) Ar chóir túsáite a thabhairt don mhac léinn le lón, dá bhrí sin? Tá dréimire buailte leis an túr eibhearagus is deacra ná riamh ról ceart na hollscoile Caitlicí a dhéanamh amach.

11

Cuimhním siar ar dhán próis leis an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta: “Sampla d’éigean dála (institutional violence) dúnadh Scoil Dhún Chaoin.” Tá a lán eile samplaí den rud céanna inár measc. Tá, a bhuí le Dia, idéalaithe againn fós atá sásta cur i gcoinne an éigin sin ar mhaithe le lucht a iompair agus a fhulangtha. Ach is minic a bhíonn geoin agus collóid ar siúl ag sórt eile leis – iad siúd gur cuma leo faoin ainniseoir sa díog ach gach sá a bheith acu faoi cheann an cholamóra. Ach tá ceanna ann atá “cruaidh a ndóthaint”! Gura fada buan an tart chun na córa inár measc. Guím nach mar a bhíonn agamsa a bheidh ag cách – go rómhinic faoi chuingibh cleachta. ‘Leasú’ atá mar ainm ar an dán. Leasuithe a theastaíonn ón ollscoil Chaitliceach, dar liomsa. Leasuithe, idéalaithe agus lóchrann Dé. Alumni de chuid UCD is ea an tSiúr Aisling Ní Mhuirí.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2010 Gur mó a bheifear ábalta in Ollscoileanna Caitliceacha, i bhfianaise na Soiscéal, dul i gcleachtadh ar an aontacht chomhchuí den chreideamh agus den réasún.

TIMIRE Autumn 2010.indd 11

13/09/2010 10:35


12

Timire

Drugóirí agus Andúlaithe

An tAth Frainc Mac Brádaigh, SJ Casadh orm é an chéad uair tuairim is ocht mbliain ó shin ach ní go dtí le gairid a thuig mé an cineál comhluadair a bhí á choinneál aige. Ba léir ag an am sin gur fear é a raibh tamall dá shaoil caite aige ar shráideanna na cathrach, é caol, seang agus beagán de rian an tsaoil le feiceáil ar a aghaidh. Ach bhí gealadh sna súile a ba léir uaidh go raibh spléachadh ar an saol nach mbeadh ag a lán faighte aige. Bhí sé ina sheasamh taobh amuigh de dhoras a árasáin nua nuair a tháinig mé chomh fada leis an oíche úd, meangadh fáiltiúil ar a aghaidh agus sheoil sé díreach isteach mé. Bhí an seomra lán le daoine óga agus bhí tuairim agam ar an bpointe céard a bhí romham ann. Ós mo chomhair bhí deichniúir nó doisaen cailíní sna fichidi, iad ar a gcompórd ag caint is ag cur an saol

TIMIRE Autumn 2010.indd 12

tré cheile, mar is nós le cailíní, is iad ag ól. In aice leo ós comhair na teilifíse, bhí ceathrar nó cúigear leads ag imirt cluichí ríomhaireachta, cúpla duine eile ag comhrá ina mbeirteanna timpeall ionad na cistine, buidéal nó gloine ian lámha agus thug mé faoi deara go raibh triúir nó ceathrar eile ar bhalcón beag, na doirse dúnta, iad ag caitheamh, is dócha? Ghlac mé le deoch uaidh. D’imigh sé leis ag caint le cairde eile is sheas mise, ag breathnú uaim ar a raibh ar bun ar fud an tseomra. Bhí an áit compórdach go maith is bhí áthas orm go raibh a leithéid de árasán faighte aige faoi dheireadh. Bhi roinnt de na mná ag dul siar is aniar chuig an chistin ag cabhrú leis an bia a ullmhú is labhair mé cúpla focal leo. Tar éis tamaill tháinig sé féin ar ais chugam is d’iarr amach ar am mbalcón mé mar a raibh an grúpa eile. Chuaigh mé leis. Bhí ceathrar againn ann agus nuair a bhí sé dom cur in aithne dóibh arís

13/09/2010 10:35


Timire dúirt sé liom go raibh Conair San Séamas go Santiago siúlta ag Darren, an duine a bhí ina sheasamh in aice liom, fear a raibh breac aithne agam air cheana. “Innis do Frank mar a thárla duitse ar na Pirréin”, a dúirt sé. An tEarrach a bhí ann is d’fhág Darren Saint Jean go luath ar maidin, mar is iondúil do oilithrigh. Dreapadh 750 méadar ata an go barr na sléibhte. Casadh grúpa cailíní air ar an mbealach suas ach nuair a d’athraigh an aimsir chas siadsan ar ais. Chuaigh Darren ar agaidh leis féin. D’eirigh an aimsir níos measa ach lean sé air in aghaidh an aird. Tháining sneachta! D’imigh an Conair ó aithne. Bhí an t-usice a bhí aige ólta faoi seo agus é ag éirí lag. Ag poinnte amháin baineadh tuisle as is thit sé i ndíog ar a dhroim. Ní raibh ar a chumas éirí. Thosaigh an fuacht ag breith air. Shíl sé go raibh sé réidh, go raibh a phort seinnte. Is ag an bpoinnte sin a thug se faoi deara an cailín chuige thar dhroim aird ar a dheis agus rinne sí díreach air. Bhí anraith aice! Agus bhí sé te! Chuir sin an bheocht ar ais ann. Tar éis tamaill chuir sí ar chosa é is rinne an bheirt acu a mbealach síos ón mbarr go Mainistir Rencevalles. Bhí an fánadh géar agus bhí cúnamh a aingeal cuideachta nua uaidh le teacht anuas slán sábháilte. Agusé ar bhealach anuas bhí an tu-

13

iscint ag gealadh ina intinn go raibh lámh neach níos comhachtaí san eachtra seo ar fad agus go raibh an lámh sin cineálta agus séimh. Lean an chomhrá ar aghaidh, Bhí scéalta á insint ag na lads eile, scéalta nach roibh chomh míriúilteach le scéal Darren ach scéalta a raibh rian an neach is airde le brath ionta. Cinnte bhíodar ag caitheamh todóga! Ach gan deoch ag duine ar bith acu seachas mé féin. Iad ag caint ar spioradáltacht, ar threoir Dé ina saol, saol a raibh cuid mhór de caite ag gach uile dhuine acu le hól is le drabhlás, le drugaí agus le saol na sraide. Ach bhí stiúir nua faighte acu agus iad ag cabhrú len a chéile a dtuiscint ar an gconair nua a bhí aimsithe acu a dhoimhniú is a leathnú. Comhluadar Chríostaí a bhí anseo agam agus mise ag déanamh amach gur a mhalairt a bhi ar bun amuigh anseo ar an mbalcón. Comhluadar Chríostaí a bhí ag cabhrú le gach uile dhuine sa ghrúpa athrú saoil radachach a thabhairt chun chríche, an t-athrú sin a dheimhniú dá chéile agus an Íosa ba bhun leis a aithint is é ag saothrú leo. Is as Cill Mhantáin do Frainc Mac Brádaigh. Is Íosánach é agus tá leabhar foilsithe aige le déanaí – Cá bhfuil Walsingham? The fumbles of our funny God.

Intinn Choitianta an Phápa do mhí na Samhna A bhuíochas do thacaíocht an Chomhluadair Chríostaí go dtiocfaidh drugóirí agus andúlaithe eile ar chomhacht Dé a chuirfidh ar a gcumas athrú radachach a dhéanamh ina saol.

TIMIRE Autumn 2010.indd 13

13/09/2010 10:35


14

Timire

Conas dul i bhFréamh

An tAth. Conor Cunningham STL Is fíorálainn iad fréamhacha an fhocail ‘enthusiasm’. Measadh go raibh mealltacht faoi leith ag baint leis an té a raibh an solas feicthe aige, é i gcumann lonrach le Dia. Comhfhocal is ea ‘enthusiasm’ as ‘en’ (i) agus ‘theos’ (Dia). Chaití an nuafhocal a chumadh de réir mar a chuir daoine aithne croí ar an Tiarna de bharr chumhacht na páise, an aiséirí agus tabhartas an Spioraid Naoimh. Níorbh ann d’aon fhocal a léireodh an luisne a bhí le sonrú sna chéad Chríostaithe a chonaic. Déarfá go raibh tinte na bhFlaitheas féin ar lasadh iontu. Bhí a n-íomhá thar acmhainn an fhoclóra agus dá bhrí sin, cumadh an nuafhocal ‘enthusiastic’, focal a thug le fios go raibh ‘Dia istigh iontu’ nó go raibh ‘Dia ina gcroí’. An mhí seo, iarrann an Pápa Naofa orainn guí a dhéanamh ar son ‘na sagart, na n-ord rialta agus na dtuataí a bhíonn ag plé le hobair aspalda, go dtuigfeadh siad an chaoi is fearr le spreagadh miseanúil a mhúscailt

TIMIRE Autumn 2010.indd 14

sna pobail faoina gcúram. Is féidir an chiall seo a leanas a bhaint as intinn an Phápa ach bunbhrí an fhocail ‘enthusiasm’ a chur san áireamh: ba chóir dúinn guí a dhéanamh go spreagfadh lucht scaipthe an Bhriathair creideamh an-dlúth sna pobail faoina gcúram i dtreo is go mbeadh na pobail sin mar fhinnéithe mealltacha, cumasacha don saol mór ar Dhia a bheith i láthair ina gcroí istigh, agus go mbeadh fonn ar na pobail dá réir sin, an Dia ina gcroí féin a chur in aithne croí dá gcomharsain agus don phobal i gcoitinne. Ní haon faic tada é sin ó shagairt, ó oird agus ó dhuine ar bith atá ag saothrú ar son an Tiarna. Conas ar chor ar bith is féidir linn an solas a lasadh inár bpobail i dtreo is go mbeadh siad féin cíocrach chun an solas istigh a scaipeadh ar dhaoine eile arís? Feictear dom go dteastódh lasair an ghrá uainne ar dtús le go ndéanfadh muid tine a fhadú inár bpobail! ‘Dia istigh ionainne’ nó ‘Dia inár gcroí féin’ a theastódh le go mbeadh aon rath ar ár gcuid iarrachtaí an en-theo-ism a mhúscailt i ndaoine eile. Sna Soiscéil, is é Íosa is túisce a gcuireann daoine aithne air. Bíonn siad béal-re-béal, croí-re-croí leis. Is de sin a thuigeann siad an saol nua atá rompu, iad mar chuid de chlann Dé feasta. Éiríonn an mhoráltacht agus an cinneadh cráifeach as an aithne sin, as an Dia-Istigh-eachas. Ina dhiaidh sin

13/09/2010 10:35


Timire arís, tiocfaidh eolaíocht na diagachta – .i. an intinn ag scagadh rúndiamhra Dé i bpearsa Críosta, chomh fada lenár gcumas. Seo mar a bhíonn i gcónaí: an teagmháil le Críost ar dtús, an saol cráifeach ag éirí as an teagmháil sin, an machnamh intleachtúil ag éirí as sin arís. I gcás na soiscéalaíochta, is ionann sin agus a rá: an phaidreoireacht ar dtús, an saol morálta de sin agus an chaiticéis sa deireadh. Ná bíodh na céimeanna sin cúl chun tosaigh againn. Ní scaipfear an Briathar go brách má thosnaíonn muid leis na fíricí ná leis na dlíthe. Níl na gnéithe sin gan tábhacht, gan amhras ach is den riachtannas é go gcuirfeadh an pobal aithne ar Chríost ar dtús agus go mbeadh siad en-theos-ed aige. Feictear dom go bhfuil sé an-tábhachtach go dtabharfadh muid túsáite do chloch bhoinn sin an chreidimh .i. ‘aithne croí’ agus sinn ag scaipeadh Briathair Dé. Is ceart, dá bhrí sin, go mbeadh. ‘Dia istigh ina gcroí’ ag na sagairt, ag na hoird agus ag éinne atá

15

ag saothrú ar son an Tiarna. An té nach fear urnaí é, ní bheidh aon rath ar a ráiteas misin, ar a chuspóirí tréadacha ná ar a homaile dá dheisbhéalaí. Aithne coirp agus anama idir daoine daonna atá i gceist agam nuair a thagraím don chumann seo le Críost. Tuigeann an duine an caidreamh daonna agus aithníonn sé go maith cé aige a bhfuil fíoraithne aige ar Chríost agus cé aige nach bhfuil. Tá cuireadh faighte againn an mhí seo, ár nguí a dhéanamh: an grá agus an gliondar atá de dhlúth agus d’inneach na Soiscéal, go mbeadh sé go doimhin i gcroí lucht scaipthe an Bhriathair le go nglacfadh solas Críosta seilbh iomlán orthu féin agus go mbeadh siad cíocrach chun an tsolais sin a fhadú ina gcomhdhaoine. Tá Conor Cunningham STL ina chathaoirleach ar Chomhairle Sagart Deoise na Gaillimhe agus tá ministreacht thréadach ar bun aige i bParóiste Chríost Rí, Bóthar na Trá, Co na Gaillimhe.

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí na Samhna 2010 Go dté eaglaisí Mheiriceá Laidineach chun cinn leis an misean a mhol a gcuid easpag don mhór-roinn uile, chun go mbeidh sé mar chuid de thasc uilíoch Phobal Dé.

TIMIRE Autumn 2010.indd 15

13/09/2010 10:35


16

Timire

CÚRSA NA PÉINE A Dhia an tSonais Céard deir tú faoi phianta Nach bhfuil said bunoscionn Le cleachtadh Neimhe? Thom tú do Mhac i dtonn na péine – Seasann an Chros don eachtra Clár soir-siar Agus clár thuaidh-theas. Ceanglaíodh den chlár soir-siar é Agus shiúil sé faoi go Calvaire, Gach coiscéim á chrá Gach titim gan chosaint. Ba ar Chalvaire féin A bhí buaic na péine – Tolladh cos is lámh Tart is an tréigean. An tSr. Fionntan

TIMIRE Autumn 2010.indd 16

13/09/2010 10:35


Timire

17

Beinidicteach Briotánach ar Bheannaigh an India é

Henri le Saux

Gabriel Rosenstock Manach Beinidicteach a rugadh céad bliain ó shin (30 Lúnasa, 1910) i Saint Briac na Briotáine ab ea Henri le Saux ach is faoin ainm Abhishiktananda atá aithne air san India. Conas? Ar thiontaigh sé, ar deineadh Hiondúch de? Níor thiontaigh ná an diabhal é. Bhí an tAifreann á rá aige go dtí deireadh a shaoil. Go deimhin, caithfidh gurb eisean

TIMIRE Autumn 2010.indd 17

an chéad duine riamh a léigh Aifreann ag foinse na Gainséise, ionad oilithreachta ag Hiondúigh. Caitliceach dílis ab ea é mar sin ach d’aimsigh sé rud éigin san India, go háirithe i bpluaiseanna na ndíthreabhach a mhaisíonn sliabh na naomh, Arunachala. An é gur aimsigh sé é féin? Níorbh é an chéad Bheinidicteach é a ghlac ainm Hiondúch chuige féin. Tugtar Swami Dayananda inniu ar an Athair Bede Griffiths, misteach.

13/09/2010 10:35


18

Timire

Bhí Henri le Saux báite ar fad san fhealsúnacht neamhdhéach ar a dtugtar Advaita. Bhunagh sé ashram chun traidisiúin spioradálta an Iarthair agus an Oirthir a nascadh lena chéile. Is cuí go gceiliúrfaí a shaol is a shaothar. Sa bhliain 1929 ba leabharlannaí é leis na Beinidictigh in Kergonan ar chósta thiar na Briotáine. Chuaigh scríbhinní Luath-Aithreacha na hEaglaise i bhfeidhm go mór air agus is cinnte gur chabhraigh an lón anama sin leis ar feadh a shaoil. Is in Kergonan a bheadh sé go dtí 1948 nuair a thug sé aghaidh ar an India tar éis dó a bheith i gcomhfhreagras le diagaire cráifeach, Jules Monchanin (1895-1957), a bhí ina mhisinéir ann. Mar reamhullmhúchán, d’fhoghlaim sé Sainscrit, Tamailis agus Béarla. Tar éis dó an India a bhaint amach mhol Easpag Trichi dó féin agus do Jules Monchanin oilithreacht a dhéanamh go hArunachala agus radharc a fháil ar an saoi mór ann, Sri Ramana Maharshi, máistir Advaita. Móreachtra ina shaol ab ea é sin, ar ndóigh. Ba gheall le bualadh le duine de LuathAithreacha na hEaglaise é, is dócha! Cé nár oscail an saoi a bhéal, bhraith Henri go raibh anam na hIndia tar éis dul go grinneall a anama féin. Osclaíodh aibhéis mhór ann nach líonfadh aon ní saolta í. Ní heol dúnn go beacht an méid a d’fhulaing sé agus sraitheanna dá chúlra cultúrtha á gcailliúint aige – sraitheanna Giúdacha, Gréagacha agus Rómhánacha dá chreideamh san áireamh – ach is eol dúinn gur ghlac sé le Críost mar ghúrú.

TIMIRE Autumn 2010.indd 18

An rud is mó a tharla san fhichiú haois, dar le Arnold Toynbee, ná gur tháinig spioradáltacht an Iarthair agus an Oirthir le chéile agus má aontaíonn staraithe amach anseo leis an tuairim sin, luafar ainm Henri le Saux i measc cheannródaithe na gluaiseachta sin, sagart seanfhaiseanta arbh iascairí iad a mhuintir roimhe. Chuaigh le Saux go croí an scéil. Ní tuiscint na léitheoireachta agus an staidéir amháin a bhí aige don mhistéir mhór is Advaita ann. Bhí eolas aige ar Advaita ina chroí istigh: ‘Príomhthasc an duine ná dul isteach ann féin chun é féin a aimsiú,’ a dúirt sé. ‘An té nár tháinig air féin istigh ann féin níl Dia aimsithe go fóill aige; agus an té nach bhfuil Dia aimsithe aige ann féin níl sé féin aimsithe aige ach an oiread …’ Sliocht as na hUpainiseadaí, ba dhóigh leat! Scrioptúir ársa iad na hÚpainiseadaí. Idir ocht gcéad bliain agus ceithre chéad bliain roimh Chríost a breacadh a bhformhór acu síos sa tSanscrait. ‘Is déithe sibh,’ a deirtear sna Sailm agus sin é an teachtaireacht ollmhór atá ag na hÚpainiseadaí dúinn. Léigh Schopenhauer aistriúchán Laidine ar na hÚpainiseadaí agus is é dúirt sé fúthu: ‘Sie ist der Trost meines Lebens gewesen und wird der meines Sterbens sein,’ ‘Is iad sólás mo shaoil iad agus sólás mo bháis a bheidh iontu.’ Ba é an scéal céanna ag Henri le Saux é. Cad a chonaic Schopenhauer sna scrioptúir ársa sin, cad d’aithin sé iontu? Cad a chonaic Henri le Saux iontu? An fhírinne, ar ndóigh, cad eile. Músclaíonn na hÚpainiseadaí tart chun na

13/09/2010 10:35


Timire fírinne agus chun na háilleachta ionainn. Thuig Henri le Saux agus Bede Griffiths go raibh meafair sna hÚpainiseadaí a fhaightear i dtaifeadtaí na misteach go léir ó gach traidisiún, mar shampla nuair a thagraíonn Naomh Eoin na Croise don cheol gan ghlór, nó Naomh Treasa nuair a labhrann sí ar uisce ag titim ó neamh isteach in abhainn agus nach féidir an t-uisce ó neamh a scaradh ó uisce na habhann, nó nuair a théann sruthán beag isteach san fharraige. Seo blaiseadh beag de na hÚpainiseadaí mar sin don té nár bhlais díobh go dtí seo: ‘I dtosach báire ní raibh ann ach an Bheith, an tAon gan a mhacasamhail as a dtáinig an cosmas is chuaigh Sé isteach i ngach aon ní ann. Is Uaidh a thagann gach a bhfuil ann. Is É an Féin istigh i ngach ní É. Is É an fhírinne É; is É an Ard-Bheith É. Tusa É sin, a Shevetaketú; tusa É sin. Faoi mar a ritheann aibhneacha soir is siar, á mbá san fharraige ionas gurb ionann iad; dearúdann siad go mba aibhneacha aonair iad, sa tslí chéanna cailleann gach neach a leithleachas, nuair a bháitear sa deireadh iad san Ard-Bheith. Is Uaidh a thagann gach a bhfuil ann. Is É an Féin istigh i ngach ní É. Is É an fhírinne É; is É an Ard-Bheith É. Tusa É sin, a Shevetaketú; tusa É sin…’ Conas a d’fháiltigh manach Caitliceach roimh an diagacht aduain sin? Bhí a mhachnamh déanta cheana aige ar iomann cáiliúil Naomh Gréagóir Nazianzus, an t-iomann chun Dé, Dia gan ainm,

TIMIRE Autumn 2010.indd 19

19

agus bhí cur amach aige ar an ‘Via Negativa’ mar sin bheadh sé in ann a bheith ina dhroichead idir an Chríostaíocht agus an Hiondúchas. Theastaigh uaidh a bheith ina dhroichead. Chuaigh Bede Griffiths i gceannas ar an ashram a bhunaigh Henri, rud a thug deis dár gcara níos mó ama a chaitheamh sna Himiléithe, an t-aon Chríostaí i measc na ndíthreabhach ann. Ar an 14 Iúil 1973 bhuail taom croí é agus sna míonna a bhí fágtha ar an saol seo aige deirtear gur shroich sé buaic na spioradáltachta ar fad. I bpluaiseanna na hIndia d’aimsigh sé pluais a chroí féin agus i gciúnas na pluaise sin fuair sé amach go raibh cónaí ar Mhac Dé ann. Déarfá leat féin, cad a thug ar mhanach Briotánach cúl a thabhairt lena thír dhúchais – ní fheicfeadh sé an Bhriotáin go deo arís – agus Aifreann a cheiliúradh ag foinse na Gainséise? Níl a fhios agam. Cad a thug orm féin dul go foinse na Gainséise? (Bhuel, theastaigh óm bhean dul ann. Agus an mhiúil a rabhas ag marcaíocht uirthi ag an am, bhí fonn millteach uirthi siúd foinse na Gainséise a bhlaiseadh chomh maith). Ach, dáiríre, cén fáth a bhfuil an aiste bheag seo á scríobh agamsa faoin bhfathach spioradálta sin, Henri le Saux? Níl a fhios agam beo. Má tá ceangal idir na nithe seo go léir ba chríonna an té a déarfadh cén ceangal é. Déarfadh lucht Advaita go bhfuil ceangal idir gach aon ní: Aon dobhriste is ea an uile ní. Caithfidh mé glacadh leis sin. Is scríbhneoir agus file é Gabriel Rosenstock.

13/09/2010 10:35


20

Timire

Timpeallacht na hÉireann

Pádraig Mac Diarmada Is oileán í Éire. Is buntáiste mór é sin mar is cuma cá háit a bhfuil cónaí ort níl tú rófhada ón bhfarraige. Nach maith le beagnach gach duine dul go dtí an fharraige? Ar feadh na mblianta ba nós é ag na hÉireannigh dul go dtí an fharraige gach aon seans a d’fhaighidís mar bhí a fhios acu riamh go raibh an t-aer faoin bhfarraige an – sláintiúil. Cá bhfuil an páiste nach raibh air nó uirthi aiste a scríobh faoi thuras chun na farraige? Buntáiste eile é gan dabht ná go bhfuil ar gach duine an fharraige a thrasnú chun teacht go hÉirinn. Mar sin, is féidir linn súil níos géire a choimeád ar dhao-

TIMIRE Autumn 2010.indd 20

ine a thagann chuig ár dtír. Ach an rud is áilne ar fad faoi Éirinn ná a tírdhreach. Tá sléibhte. aibhneacha. locha is pagódaí draíochta sáite isteach sna gleannta a bhainfeadh radharc na súl díot. Agus is féidir leat taithneamh a bhaint as na radharcanna ó cheann ceann na tíre as compord do ghluaisteáin gan aon stró. Agus níl na bóithre faoin tuath plúchta le trácht. Tá na daoine cairdiúil agus cuiditheach, riamh réidh treoracha a thabhairt duit chun teacht ar na háiteanna is deise. Agus tá siad ann. na céadta acu i ngach contae sa tír. Fuinneadh is fáisceadh ár gcultúr i measc na sléibhte céanna agus ar

13/09/2010 10:35


Timire bhruacha na lochanna céanna agus thar na creagacha céanna atá thart orainn inniu. Ní féidir linn ár seolta a ardú linn go tíortha eile go héasca, cuid dár gcinniúnt is ea ár gcúlra. Tá tuiscint éigin againn go fóill ar shaibhreas ár n-oidhreachta cultúrtha – an méid di a mhaireann agus an méid di is féidir a thuiscint in aigne atá tógtha agus fréamhaithe go nua i gcré iasachta – cré na haonú aoise is fiche nach dtuigeann i gceart dá sinsearaoiseanna féin. Mar a dúirt an tOileánach: “Mar ná beidh ár leithéidí arís ann”. Nó i bhfocail Uí Chéileachair: ”Ba dhiabhail iad na seanbhuachaillí”. Tuigim nach féidir an cultúr seo a athchruthú arís. Mór an trua é. Tá cuid mhaith de imithe anois go deo – níl sna hamhráin, sna dánta, sna saothair próis, sna séadchomharthaí ach macalla íseal na ndaoine a chruthaigh iad. Tá na daoine féin faoin bhfód agus cé gurb ionann i ndáiríre an duine agus an saothar – nó an cultúr – is é an duine an chuid is fearr den bheart. Is róléir má théann tú i dtír ar an mBlascaod mór nach bhfeicfidh tú Peig Sayers an ghoib bhinn nó Tomás Ó Criomhthain an bhróid. Ach, b’fhéidir go bhfuil a macalla le cloisteáil i gcaint na gaoithe thar an Trá Bháin isteach nó i scréachaigh na bhfaoileán ar na haillte ach tá siad féin ar siúl. Fós, tá iarsma eile díobh lé fáil ina saothair cháiliúla faoi mar atá iarsma dínn féin i ngach rud a chruthaímid. Le barr ceana, cumha, agus is dócha le gríosú na dtréithe bunúsacha sin atá sa duine é féin a dhaigniú.

TIMIRE Autumn 2010.indd 21

21

beirimid ar an iarsma deireanach dár bhfréamhacha, atá ag éalú uainn i gcónaí. Bhí mian sa duine riamh é féin a bhuanú agus níl anseo ach slí eile chun an cheann scríbe céanna. Dá bhrí sin, is luachmhar linne ár n-oidhreacht bheag chultúra. Téann díom a thuiscint ar uaire an oiread sin áilleachta timpeall orainn agus go rómhinic neamhaird á déanamh di. Nach minic go mbaineann scannán ildaite geit as an lucht féachána ar an ábhar go measann siad na dathanna a bheith mínádúrtha. Cad is cúis leis seo ach nár bhreathnaigh siad riamh ar na dathanna a chuireann an dúlra de féin fiche uair gach lá agus na fichidí uair in aghaidh na bliana. Deirtear nach mbraitear easpa uisce go dtéann an tobar i ndísc. Is é an dála céanna i gcás an dúlra nach gcronaítear é ag gáire faoi ghlioscarnach gréine go mothaítear fuacht agus sceirdiúlacht na dúluachra. Tá daoine fuarchúiseacha ann a chasann maoithneachas le lucht molta an dúlra agus tuilleadh a mheasann gurb ábhar do lucht litríochta nó lucht ealaíne nach bhfuil tada ar bith ar fónamh le déanamh acu. Cé fhéadfadh maireachtáil ar áilleacht tuaithe nó farraige? Macalla é seo den mhéid a dúirt Críost: “Ní ar arán amháin a mhaireann na daoine”. Tá sé de mhí –ádh orainn a bheith beo i ré seo na háisiúlachta agus an ábharachais, ré a thuilleann airgead fiú amháin ar mhaoithneachas díchéillí na bhfámairí is na bhfilí a chaitheann a saol le románsú an dúlra, más fíor. Nach

13/09/2010 10:35


22

Timire

aisteach an saol é nach bhfeiceann in áilleacht sléibhte is monabhar srutháin ach cleas le hairgead a mhealladh as lucht an mhaoithneachais? Dearcadh eile ar fad a bhí ag leithéidí Phroinséis, Treasa agus Chaoimhín, naoimh an dúlra. B’ionann leo an áilleacht seo agus sracfhéachaint ar ghné d’áilleacht Dé. B’ionann cás do Gerald Manley Hopkins agus Joseph Mary Plunkett. B’fhéidir go bhfuil ceangal diamhair éigin idir maoithneachas na bhfilí agus misticiúlacht na naomh. Pé scéal é, ní féidir a shéanadh gurb í an ghoilliúnacht chéanna a mhéadaíonn iontu an tabhairt faoi deara atá in easnamh ar an gcuid eile againn bunáite an ama. Cén draíocht a bhaineann le habhainn ag sní faoi dhroichead a thugann ort breathnú uirthi agus éisteacht léi gach uair a dtéann tú thar bráid? (Léigh an file Patrick Kavanagh). Nach amhlaidh gur amach as an tsíoraíocht atá sí ag sní agus gur isteach inti a chasfar í sa deireadh. Baineann a leithéid chéanna draíochta leis an seasamh a dhéanann daoine i mbéal toinne ag faire agus ag éisteacht le síorbhualadh na dtonnta ar an trá óna síneann farraige amach go himeall na síoraíochta amhail sní na habhann. Cad eile atá sa dúlra ach síoraíocht Dé, an Cruthaitheoir, a chuir ar fáil é anallód. B’fhéidir go bhfuil ceangal idir an teitheadh ón talamh agus an meathlú creidimh is iondúil sna cathracha. (Tá na híocaíochtaí singile i réim anois in Éirinn gan aon cheagal

TIMIRE Autumn 2010.indd 22

le táirge agus beidh uimhir na n-ainmhithe ag isliú ó bhliain go bliain as seo amach muna n-ardaíonn praghas an mhargaidh). Caithfidh gurb é sin a thug na naoimh amach san fhásach (agus seans go mbeidh fásach in Éirinn tar éis imeacht na bhfeirmeoirí) lena gcuid urnaí a dhéanamh in uaigneas an dúlra. Thug Ár dTiarna na cnoic air féin le dul i gceann paidreacha agus is díol suime é gurb iad lucht na cathrach a dhaor chun báis É, ar an ábhar nár aithin siad É. Sea, tá tabhacht ar leith ag baint leis an timpeallacht i saol an uile dhuine, óir is í an timpeallacht is mó a mhúnlaíonn an duine. Gan amhras ar bith, tá sí ar cheann de na rudaí is mó tionchair ar shaol an duine. Sí atá sa timpeallacht ná iomlán coinníollacha maireachtála an duine. Mar sin, tá sé soiléir go bhfuil iliomad saghas timpeallachta ann. Ní hionann aon dá cheann acu. Tá timpeallacht na tuaithe. timpeallacht na farraige, timpeallacht na cathrach ann. Mar shampla, tógaimis timpeallacht na cathrach i mBaile Átha Cliath. Tá timpeallacht ar leith ag duine atá ina chónaí i dteach aonair ar imeall na cathrach, scoite amach ó na comharsana sa tslí go bhfuil claonadh ann casadh isteach air féin agus maireachtáil leis féin agus lena chlann. Is féidir an chlann núicléach a ghlaoch ar an chlann sin. Arís, tá timpeallacht de shaghas eile ar fad laistigh den chathair chéanna mar a bhfuil saol na n-árasán ilstór. Sa timpeallacht seo bíonn daoine ag maireachtáil ar mhuin a chéile. De ghnáth bíonn scata mór

13/09/2010 10:35


Timire páistí in aon árasán amháin. Uaireanta bíonn dífhostaíocht agus bochtanas ag goilliúnt ar na tuimitheoirí. Bíonn neamhdhaingne ag cur as díobh chomh maith. Feicimid dhá thaobh an scéil sa chathair. Agus cuimhnímis go bhfuil ceathrar as gach cúigear ina gcónaí i gceantar uirbeach san Aontas Eorpach – deacair a chreidbheáil ach fíor. Tig linn an roinnt chéanna a dhéanamh ar thimpeallacht na farraige agus ar thimpeallacht na tuaithe. Ar an mórchóir is féidir a rá go bhfuil deis níos fearr ag an bpáiste a thógtar i dtimpeallacht thaitneamhach oiliúint níos fearr a fháil agus dearcadh níos sláintiúla a fháil ar an saol. Is iontach go deo an chabhair í seo do dhuine saol níos sásta, níos iomláine, níos taitneamhaí a chaitheamh. Conas is féidir le páiste a thagann ó thimpeallacht ghránna éirí os cionn an dearcaidh a fuair sé ar an saol ar dtús báire? Níl ann ach snámh in aghaidh easa ag a lán acu feabhas a chur orthu féin mar feiceann siad thart orthu daoine eile a chaitheann a ndíograis le foréigean, daoine eile atá beag beann ar áilleacht, ar údarás – ar aon ní álainn. Ní féidir leo iarracht a dhéanamh éirí as an drochthionchar seo atá thart timpeall orthu gach nóiméad de gach lá gach seachtain i rith a saoil. Cloiseann duine a thagann óna leithéid seo de thimpeallacht clampar. ruaille buaille in aghaidh an lae. Fásann siad suas leis an tuairim seo den saol agus is annamh a éiríonn leo cúl a thabhairt le dúchas. Bíonn a leithéid seo de dhuine mishásta leis an

TIMIRE Autumn 2010.indd 23

23

saol. Eascraíonn fadhbanna sóisialta i dtimpeallacht mar seo agus tá níos mó ná ár ndothain againn in Éirinn. Chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal seo, scéal na timpeallachta in Éirinn, is féidir a rá go bhfuilimid suas ansin leis na tíortha is fearr sa domhan. in ainneoin ár nduáilcí, ó thaobh chúram a thabhairt di, cé nár chóir dúinn a bheith róshásta linn féin. Tá an tAontas Eorpach againn le níos mó na tríocha bliain anois chun féachaint chuige go gcloífimid do na rialacha atá leagtha síos ag an Aontas – rialacha atá an-dian ar ár bhfeirmeoirí ar a bhfuil de chúram orthu an tuath a choimeád glan agus néata ar bheagán airgid. Mar is eol dúinn uile tá an daonra ag méadú go tapaidh agus a lán daoine ón iasacht inár measc. Mar sin, tá dualgas eile orainn – iad a ghlacadh agus comhoibriú leo ar son sonas na tíre ar fad – an rud is tábhachtaí. Mar chruthú go bhfuil cúrsaí timpeallachta go maith go fóill in Éirinn tá ár ndeoraithe féin ag teacht thar nais mar deir siad go dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil i dtimpeallach mhaith shláintiúil – san oileán glas seo “Oileán na Naomh agus na nOllamh”. Mar a dúirt Oliver Goldsmith: “And as a hare whom hounds and horns pursue/ Pants to the place from whence she flew / I still had hopes my latest hours to crown / Amid these these humble bowers to lay me down … Here to return and die at home at last”. Is iarmhúinteoir agus gearrscéalaí é Pádraig Mac Diarmada.

13/09/2010 10:35


24

Timire

‘Cante Jondo’: Cantaireacht Dhiaga

Micheál Ó hAodha

“See for yourselves the transcendental quality of cante jondo … It is deep … deeper than the present heart that composes it or sings it, because it is almost infinite. Is comes from distant races, crossing the cemetery of the years and the leaves of the shrivelling winds. Born of the first cry …“ Federico Garcia Lorca

TIMIRE Autumn 2010.indd 24

Agus an t-alt seo á scríobh agam tá na Roma nó na Giofóga i mbéal an phobail arís. Tá conspóid mhór sa Fhrainc agus san Iodáil i láthair na huaire agus an Roma á dhíbirt ina gcéadta. Déantar dearmad go minic afách gur cultúr ársa é cultúr na nGiofóg, cultúr atá fite fuaite le cultúr na hEorpa leis na céadta bliain anuas. Is éard a ba mhaith liom a dhéanamh san aiste ghearr seo ná plé a dhéanamh ar ghné amháin den chultúr céanna, gné go bhfuil baint aige leis an Spáinn agus an Fhrainc go háirithe. ‘Sé sin píosa amhránaíochta faoi leith a dtugtar Cante Jondo nó “Amhránaíocht Dhomhain” ( Deep Song ) uirthi. Má éisteann tú leis an dtéip “Riverdance” cloistear roinnt ceoil tapaidh ar an ngiotár a

13/09/2010 10:35


25 íslíonn go hobann go dtí bualadh bos rithimeach. Taobh thiar de seo cloistear fear i mbun cantaireachta iontaí a éiríonn níos láidre de réir a chéile go dtí go n-imíonn sé as aris, le teacht ar ais an ghiotáir. Glór uasal diamhair (mistéireach!) an cante jondo atá le cloisteáil anseo, cé nach gcloistear é ach ar feadh leathnóiméid nó mar sin, faraor. Is leath-nóiméad é a thugann goile dúinn le tuilleadh a chloisteáil. Tagraíonn an tearma cante jondo (nó cante gitano nó cante grande, téarmaí eile lena gcuirtear síos uirthi sa Spáinn) don amhránaíocht is traidisiúnta agus is údarásaí a chasann lucht taistil nó giofóga dheisceart na Spáinne, na daoine sin a bhfuil teacht orthu sa réigiún a dtugtar “Andalusia” air. Is cosúil nár shíolraigh an t-amhrán domhain ó na giofóga amháin agus nach mbaineann sé leo siúd amháin. Cé go saothraítear an Cante Jondo ina measc don chuid is mó, tá na scoláirí ar an tuairim gur eascair an stíl jondo faoi thionchar cúpla sruth éagsúil ceoil, ceol na ngiofóg ina measc. Tá go leor teoiricí éagsula ar fáil maidir le bunus cante jondo. D’eisigh an scoláire Spáinneach Manuel de Falla paimfléad i ndiaidh na chéad mhórfhéile jondo a eagraíodh i nGranada i 1922, ina ndearna sé staidéar ar chomhdhéanamh ceoil an cante jondo. D’áitigh sé gur eascair ceol dúchasach Andalusia as trí shruth faoi leith: glacadh na hEaglaise Spainní le ceol liotúirgeach Biosantach, ionradh na nArabach agus teacht agus cur fúthu go leor treabhanna giofóg sa Spáinn. D’áitigh sé gur comhnascadh na gnéithe Arabacha le ceol dú-

TIMIRE Autumn 2010.indd 25

chasach Andalusia le bunús an cante jondo a chruthú, ach gur tharraing na giofóga isteach eilimintí nua agus neamhspleácha sa cheol, eilimintí a chruthaigh sa deireadh an stíl áirithe jondo atá againn inniu. I leabhar a scríobhadh sa bhlian 1994 dar teideal Flamenco Deep Song deir Timothy Mitchell, cé go raibh agus go bhfuil go fóill ceangal speisialta idir jondo agus na giofóga, go raibh tionchar speisialta ag aicmí imeallacha eile ar an fhoirm bhunúsach agus ní amháin na giofógaí. Aithníonn Mitchell modh beatha faoi leith flamenco. Is iad na fir atá i gceannas sa chultúr flamenco seo agus tá an cultúr féin bunaithe ar an ól agus ar an ragairne agus ar choinbhinsiúin eile a théann i gcoinne gnáthchoinbhinsiúin na Spáinne. Is í gnáth-thimpeallacht an cante jondo ná an teach tábhairne, áit ina dtéann an lucht éisteachta trí na mothucháin bhunúsacha daonna a léiríonn an t-amhránaí sa jondo. Ní bhaineann an saghas seo saoil leis na giofóga amháin ach tá a fhréamhacha le fáil san ísealaicme Spáinneach ins an ochtú aois déag. Ag an am sin ní raibh sna “gitanos” ach aicme amháin i measc go leor grúpaí eitneacha a bhain amach slí bheatha ar imeall na sochaí Spáinní. Foilseofar cuid 2 den alt seo ar Timire an gheimhridh. Is leachtóir le Stair é Micheál Ó hAodha. Tá sé ag obair in Ollscoil Luimnigh. Tá os cionn 40 leabhar foilsithe aige.

13/09/2010 10:35


26

Timire

Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.

An Ofráil laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá…(féach leathanach cúil)… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Tomhas an Timire: 161

Aimsigh ábhar léitheoireachta i measc na n-ainmneacha thíos:

1

2

3

4

5

6

7

8

Tá liosta d’ainmneacha ban thíos. Roghnaigh litir as gach focal chun an freagra a fháil Aisling, Nuala, Tomás, Ian, Máirtín, Iarfhlaith, Róise, Eiléan Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Meitheamh, 2010. Tomhas 160: Freagra: Freagra: Osclóidh Buaiteoir: Colm Donnelly, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain.

TIMIRE Autumn 2010.indd 26

13/09/2010 10:35


Timire

27

Im Leabharlann Dom Gabháil Syrinx

le Aifric Mac Aodha An Sagart, 46 lch, E10 Léirmheas le Seán de Fréine

Ní minic a thagann leabhar machnamhach chugat le haontacht chomh dlúth sin idir ábhar, réamhfhocal agus chlúdach, agus atá le fáil ins an chás seo. Follasaíonn agus maisíonn siad a chéile ar bhealach atá an-tairbheach. Tosaímis leis an chlúdach. Clúdach crua (pointe maith), le dearadh suntasach, is é sin, léaráid shimplí sparálach, gan de dhathanna ann ach dubh agus bán, mar a bhfuil gathanna ag spré anuas trí dhuibheagán aineoil ó fhoinse dhiamhrach, agus iad a soilsiú an chathair ghríobháin seo is domhan dúinn; agus uaidh sin ag tabhairt an tsolais tim-

TIMIRE Autumn 2010.indd 27

peall an chosmais dhorcha uile go bhfilleann faoi dheireadh ar an fhoinse. Nó sin mar a fheictear teibíocht na léaráide domsa, agus sin mar a fheictear dom brí na filíochta san iomlán. Tosaíonn an cnuasach dánta le sraith ghairid faoi Syrinx. De réir na miotaseolaíochta, nimfeach ba ea Syrinx, ar shantaigh an dia Pan í. Le cabhair na ndéithe, tháinig sí saor ó dhrúis an arrachta, ach níor tháinig sí slán as a iomláin, mar sin féin. Scéal searbh-mhilis é (mar is iondúil go minic i gcúrsaí an tsaoil), agus tá insint air san réamhrá. San tsraith seo, agus

13/09/2010 10:35


28

Timire

i gcodanna eile len chnuasach, tá de bhua ag an fhile míshocracht éiginnte a neadú in intinn an léitheora. Is file meabhrach í, agus an pearsa annamh sin, file fealsúnach. Ach más ea, níl an dul nó an focal fileata ina chall uirthi. Tá ceol a mhaireann san chuimhne ina cuid véarsaí: Mar shampla, ins an chur síos ar an claochló draíochta a dhéantar ar Syrinx:‘Is silfidh an lúshruth/ As an rince grástúil / Titfidh na srólbhaill / Den cholainn bhanúil. In áit eile, féachann sí le ceangal a dhéanamh idir an dá chultúr atá beo in Éirinn, mar a snaidhmeann sí gaol idir scéal as an tsean-Ghaeilge, agus scéal le James Joyce. Is mithid a leithéid sin, agus d’fhéadfaí an treoir seo a leanúint tuilleadh. Is fada ó mhairgnigh Thomas Kinsella an deighilt idir an dá chultúr, ó phléigh sé in aiste thábhachtadh ‘the divided mind’ de chuid na tíre seo. In áiteanna eile, bíonn cúrsaí níos tírúla ag déanamh scime di, ar nós ‘gáire calctha na teilifíse’, agus an gheit a baineadh aisti agus í ag míogarnach ar thuras fadálach an bhus ‘sa chathair’ (an chathair ghríobháin?). Dán gonta é seo,ach fearacht píosaí eile, is féidir é a léamh ar leibhéil dhifriúla. Ní cnuasach mór é seo, ach cuimsíonn sé téamaí eile ann seachas na cinn atá luaite – sealanna le cairde, pietas dá muintir, agus eile. Maireann cuid mhaith de san chuimhne, agus saibhríonn athléamh athléamh, idir dhánta agus réamhrá, ár dtuiscint. Agus is éasca an t-athléamh sin a dhéanamh, mar ní cnuasach foclach atá againn anseo. Is é a laghad a luach.

TIMIRE Autumn 2010.indd 28

Thérèse of Lisieux le Críostóir Ó Floinn

Léirmheas leis An tSr. Mairéad Ní Bhuachalla Toradh ar an ngrinn-staidéar a rinne Críostóir Ó Floinn ar bheatha agus ar scríbhinní Thérèse as Lisieux atá san leabhar seo, an ceann tosaigh de shraith leabhair ar thriúr naomh Fhrancach a raibh tionchar thar cuimse acu ar dhaoine laistigh agus lasmuigh den Eaglais; Joan of Arc agus Bernadette Soubirous an bheirt eile. The One Who Hid Away fo-theideal an leabhair agus is oiriúnach an fotheideal é, mar in aois cúig bliana déag chuaigh sí isteach i gclochar Cairmilíteach agus chaith sí naoi mbliana ansin i ngan fhios don saol mór. Nuair a fuair sí bás d’eitinn in aois ceithre bliana is fiche is beag a bhí le haithris ag na mná rialta eile sa chlochar i dtaobh a saol gairid. Is trína lámhscríbhinn féin, Scéal Anama a scríobh sí tamall roimh a bás, a chuir an saol mór aithne uirthi. Tá cur síos beacht ag an údar ar bhunús agus ar fhorbairt an leabhair sin agus ar an eagarthóireacht a deineadh air sular foilsíodh é sa bhliain 1898. Tá uirísle Thérèse fite fuaite tríd an gcuntas sin inar thug sí “Bláithín Íosa”uirthi féin. Grá agus simplíocht bun-chloch a naofachta agus chleachtaigh sí na suáilcí sin sna gnáth-rudaí a rinne sí ó ló go ló. Ní hionann sin is a rá gur chaith sí saol bog, suaimhneach – a mhalairt ar fad a bhí fíor! Toisc í a bheith leochaileach agus gan an tsláinte a bheith ar fheab-

13/09/2010 10:35


Timire

has aici, bhí fulaingt choirp, aigne agus spioraid i ndán di, fulaingt ar ghlac sí leis go fonnmhar d’fhonn teacht i gcabhair ar mhisinéirí, ar dhaoine eile a bhí ag fulaingt agus mar leorghníomh thar ceann peacach. Chuaigh beatha agus teagasc Thérèse i gcion go mór ar lucht léite Scéal Anama. Ba léir dóibh gur chleachtaigh sí fíor-spioradáltacht Chríostaí agus go raibh mianach nao-

TIMIRE Autumn 2010.indd 29

29

imh agus máirtíreach inti. Thug an Eaglais aitheantas dá teagasc agus dá naofacht agus do na míorúiltí a deineadh trína hidirghuí nuair d’fhógair an Pápa, Pius XI sa bhlian 1925, seacht mbliana is fiche i ndiaidh a bás, go raibh sí imeasc na naomh sna flaithis. Céad bliain tar éis a bás, bhronn an Pápa, Eoin Pól II an teideal Dochtúir na hEaglaise uirthi mar fhianaise ar fhírinne a spioradáltacht. Is fiú machnamh a dhéanamh ar chaibidil tosaigh an leabhair ina dtráchtann an t-údar ar chomh forleathan is atá deabhóid chuig Thérèse, an cailín óg a chuaigh i bhfolach ón saol agus a roghnaigh an Spiorad Naomh le bheith ina siocair ghrásta agus athnuachana san Eaglais. D’fhéadfaí focail Mhuire san “Magnificat”a chur ar bheola Thérèse: “Dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh… óir rinne an té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm.” (Lúcás 1: 48,49) Táimid go mór faoi chomaoin ag Críostóir Ó Floinn as an éacht oibre seo atá déanta aige chun Thérèse as Lisieux a chur in aithne dúinn agus táimid ag súil go mór leis an dá leabhar eile sa tsraith. Gura fada buan é i mbun a chéirde!

13/09/2010 10:35


30

Timire

MISE EOGHAN Lís Ní Chulainn

Dia daoibh, a chairde óga, Agus an téarma ag tosú arís le beart mór leabhar, agus siollabas agus cúrsa agus plean le leanúint arís. Bhí siad á rá linn tamall ó shin nach mbeadh gá le leabhair ach go bhféadfaimis gach eolas a fháil ón w.w.w. Ag an am céanna, tá téacsleabhair mhóra á gcur i gcló agus ba laoch an té a shúfadh isteach na caibidilí go léir. Féachann an seansagart anseo sa choláiste ar na cairn leabhar atá le hiompar ó sheomra go seomra. Craitheann sé a cheann agus deir sé: ‘Maise, ní raibh againn riamh ach leabhairín beag orlach ar tiús agus bhí gach rud ann’.

Tionól Mór

Chaith mé go leor den tsaoire ag cabhrú leis an Mháthair Benedict insan Choláiste ina mbíonn mo dheirfiúr Bríd. Tá ionad mór comhdhálacha acu agus tagann na céadta daoine. I mbliana, tháinig cúig chéad duine go dtí an seimineár bitheolaíochta agus ba é an t-ábhar a bhí acu ná ‘An Frog’. Samhlaigh é, a chairde, cúig chéad de dhaoine fásta stuama ag taisteal go dtí an t-ionad seo in Éirinn chun eolas d’fháil mar gheall ar an bhfrog, agus mé féin agus Bríd agus leathdhosaen eile de dhaltaí ag cur fáilte rompu agus ag tabhairt aire dóibh. N’fheadar mé féin an fiú an t-ábhar an iarracht agus go leor daoine ar an saol seo ocrach ach ar an láimh eile dhe, faigheann an Mháthair Benedict lear mór airgid ar na seimineáir seo. Chuaigh mé féin agus Bríd go rúnda go dtí an lochán atá in aice le stáitse an Choláiste chun réamheolas d’fháil faoi na créatúir seo. Bhí Daidí Frog ag múineadh na bpáistí agus na céadta bliain d’eolas ina cheann gan spleáchas d’aon seimineár.

TIMIRE Autumn 2010.indd 30

13/09/2010 10:35


Timire

31

Léacht na bhFroganna

Thosaigh an duine sár-léannta seo ag caint leis an tslua-súile gach duine air agus ómós oiriúnach á thaispeáint d’eolaí frog. Agus fiche nóiméad den chaint déanta aige-é ina sheasamh agus a áirt ar fad ar na fírinní a bhí le foilsiú aige, sea tharla an tubaist! D’éirigh Daidí Frog tuirseach insan lochán agus isteach leis ar an ardán agus rug greim ar bhríste an chainteora-Léim mo dhuine troigh ón úrlár le scanradh agus ba dhóbair dó, mar níor chorraigh an frog. Rith Bríd in airde ar an stáitse, sluasaid ina láimh. Rug sé greim ar an bhfrog agus rith leis amach go dtí an lochán. Agus an babhta seo dhún Bríd doras cúil an stáitse, rud nach ndearnamar nuair a chuamar chun cainte leis na froganna.

An Sceoin

Bhí gloine uisce ar an mbord agus d’ól an tOllamh léannta gach deor de agus é ag iarraidh teacht chuige féin agus an tslua ag féachaint ar an úrlár amhail is dá mba gur cheap siad go mbeadh ál Daidí Frog ag a gcosa. Bhí teannas sa halla agus atmasféar na heagla. Thosaigh mo dhuine ag caint arís ach bhí creathán ina ghlór. “Níl an … frog … i Sasana agus”. Stad sé. Léim Bríd ar an stáitse arís-gan sluasaid an babhta seo agus lean sí den téama: “Tugtar Rana Esculenta ar an bhfrog atá coitianta ar fud na hEorpa ach atá gann go leor i Sasana agus in Éirinn. Maireann an Rana Pipiens ins na Stáit Aontaithe Thuaidh. Go bunúsach, ní bhíonn eireaball ar na ranidae. Maireann siad ag bun an locháin agus is féidir le Mamaí Frog míle ubh a thabhairt uaithi sa bhliain”. Thosaigh daoine ag cur ceisteanna ar Bhríd agus rinne sí a dícheall iad a chasadh ar an ollamh léannta. Ní raibh sí cinnte an ag cabhrú a bhí sí nó a mhalairt. Tháinig ceist níos casta ó bhean insan halla agus arsa Bríd: “Baineann sé sin leis an hylidae-na crannfroganna agus ceapaim go bhfuil an t-eolas sin ag an Ollamh Oirmhidneach anseo”. Roghnaigh Bríd an nóiméad agus an focal ceart. D’éirigh an tOllamh ina sheasamh agus thug óráid uaidh mar gheall ar na huasal froganna seo agus chuir sé as a cheann an frog den ísealaicme a chuir scanradh air. Bhí sé iontach léannta agus d’éirigh go breá leis an seimineár.

Bríd Bhródúil

Agus é ag imeacht ón stáitse sháigh sé nóta fiche eoró isteach i lámh Bhríde agus ghabh sé buíochas léi faoin chabhair a thug sí in am an ghátair. Bhí an Mháthair Benedict buíoch di freisin. “Cad as a fuair tú an an t-eolas seo go léir faoi na froganna?”ar sí le Bríd. “Tá suim agam iontu i gcónaí”arsa Bríd “ariamh a chonaic mé na torbáin insan lochán fadó. Ach ní thuigfidh mé go deo cén fáth go raibh faitíos ar an Ollamh. Níor chuala mé riamh gur bhain frog greim as éinne”. Caithfidh go bhfuil eachtraí le ríomh agaibh féin. Scríobhaigí dom iad.

TIMIRE Autumn 2010.indd 31

13/09/2010 10:35


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí.

Intinní an Phápa Mí Mhéan Fomhair 2010 Go ndéana fógairt Bhriathar Dé misneach na ndaoine a athnuachan sna críocha ar bheagán forbartha, agus spreagadh a thabhairt dóibh saothrú le dícheall ar son fíordhul chun cinn sóisialta. Mí Dheireadh Fómhair 2010 Go dtuga Lá Domhanda na Misean tuiscint úr don Eaglais gurb é leas an domhain uile fógairt Chríost. Mí na Samhna 2010 Go dté eaglaisí Mheiriceá Laidineach chun cinn leis an misean a mhol a gcuid easpag don mhór-roinn uile, chun go mbeidh sé mar chuid de thasc uilíoch Phobal Dé. Mí na Nollag 2010 Go n-osclaí pobail an domhain a ndoirse roimh Chríost agus A Shoiscéal síochána, bráithreachais agus ceartais.

TIMIRE Autumn 2010.indd 32

13/09/2010 10:35


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.