7 minute read

An Cairdinéal Newman An tAth. Leon Ó Giolláin SJ

Next Article
Mise Eoghan

Mise Eoghan

Teagasc agus teachtaireacht Newman agus na Gaeil

An tAth. Leon Ó Giolláin

Is léir go raibh an-mheas go deo ag Newman ar stair agus cultúr na nGael agus ar na Gaeil féin. I leabhar atá curtha in eagar ag an Dr. Pádraig Ó Fiannachta in ómós d’Eoghan Ó Comhraí, Ollamh le Stair agus Seandálaíocht na hÉireann san Ollscoil Chaitliceach a bhunaigh Newman, faoi stiúir na nEaspag, tá cur síos álainn ar an gCairdinéal, a léiríonn go maith cé chomh lách, tuisceanach agus tacúil is a bhí sé:

‘B’é an Dr. J.H. Newman, Uachtarán na hOllscoile Caitlicí, a chuir ina luí ar an scoláire cúthalach ó Chontae an Chláir go raibh sé thar a bheith cáilithe agus oiriúnach dá phost san ollscoil2 nuair a cheapadh é in 18541 .

Thosaigh sé ar an tsraith léachtaí,

‘Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History’, an bhliain dár gcionn, 1855, agus lean siad go 1856.

I láthair ag gach léacht bhíodh an

Sasanach macánta, an Dr. Newman.

I ndiaidh gach léachta bhíodh sé

1. Is léir go rabhthas ag caitheamh anuas go tarcaisniúil ar an ollamh ag an am. 2. Ba é Newman, uachtarán na hOllscoile, a cheap é. 3. Is léir é seo ón alt iomlán atá faoi chaibidil anseo. á mholadh agus á ghríosadh mar d’aithin sé a fhiúntas’.

Agus is amhlaidh freisin gur íoc an Ollscoil, faoi stiúir Newman, as na léachtaí sin – níos mó ná 700 leathanach! – a cuireadh i gcló in 1861.

Sna Sceitseanna Stairiúla, Iml. III, caibidil X – Traidisiún na Sibhialtachta: Oileáin an Tuaiscirt – a scríobh Newman thart ar 1856, léirítear freisin ardmheas an Chairdinéil ar na Gaeil, á gcur fiú i gcomparáid lena chomhthírigh féin!

For the Celt, it cannot be denied, preceded the Anglo-Saxon, not only in his Christianity, but in his cultivation and custody of learning, religious and secular, and again in his special zeal for its propagation… In the schools of science, England has no name to rival Erigena in originality, or St. Virgil in freedom of thought; nor among its canonized women any saintly virgin to compare with St. Bridget; nor, although it has 150 saints in its calendar, can it pretend to equal that

Irish multitude which the Book of Life alone is large enough to contain.

Is amhlaidh a chreid Newman go raibh Éire faoi choimirce speisialta Dé i stair na Críostaíochta, go mór mór san Eoraip3 .

18

Timire

Ach cén dearcadh a bheadh aige ar staid na Críostaíochta agus staid na hEaglaise in Éirinn faoi láthair? Cén teachtaireacht a bheadh aige dúinn? Cad a déarfadh sé linn?

Ba mhaith liom a léirú anseo go bhfuil tuiscint agus teagasc Newman ar an gcoinsias an-tábhachtach agus anábharach dúinne Gaeil i gcomhthéacs an gháibh mhóir san Eaglais faoi láthair de bharr mí-úsáid ghnéis i measc na cléire agus an dí-eaglaisiú atá ag dul i neart sa tír seo agus ar fud na hEorpa.

Dúirt an Pápa le fíordhéanaí, ag trácht dó gan amhras ar dí-eaglaisiú in iarthar na hEorpa:

Tá creideamh i nDia pearsanta na

Críostaíochta á chur i leataobh agus

‘dia’ neamhchinntithe, rúndiamhrach, árdcheannasach, le gaol éideimhin aige leis an gcine daonna, á chur ina áit … Má dhiúltaítear do Dhia pearsanta, tagann ar an bhfód ina ionad ‘dia’ nach dtuigeann, nach n-éisteann, agus nach labhraíonn … agus níos mó ná riamh, nach bhfuil toil aige … Mura bhfuil a thoil féin ag Dia, ag an deireadh ní dhéantar idirdhealú idir an t-olc agus an mhaitheas … agus cailleann an duine a neart morálta agus spioradálta, atá riachtannach dó ar mhaithe lena fhobairt iomlán mar dhuine …4

Leag Newman an-bhéim ar an gcoinsias, i. an ghuth inmheánach sin a chabhraíonn le gach mac máthar idirdhealú a dhéanamh idir an t-olc agus an mhaitheas. Chreid sé, áfach, gurbh é a bhí sa choinsias ná glór Dé, guth Chríost ag labhairt leis an duine ‘taobh thiar de scáil’, á stiúradh ar bhóthar a leasa. Dúirt sé tráth: ‘Were it not for this voice speaking so clearly in my conscience and my heart, I should be an atheist, or a pantheist, or a polytheist when I looked into the world’. Bhí sé sna seascaidí nuair a dúirt sé é sin. Mar dhéagóir, bhí sé an-tógtha le fealsaimh aindiagacha, agus dhiúltaigh sé ar feadh tamaill don chreideamh inar tógadh é. Ach tháinig athrú mór ar a shaol agus ar an scéal nuair a bhí sé cúig mbliana déag d’aois: theip ar bhanc a athar – bhí an chlann saibhir go leor go dtí seo – agus ag an am céanna, d’éirigh Newman an-bhreoite. I rith na tréimhse seo bhuail sé le Walter Mayers, ministir óg Protastúnach soiscéalach a bhí ag cur faoi i gColáiste Ealing, mar a raibh Newman ag freastal mar dhalta, agus chuaigh a chineáltas agus a thuiscint ar an gCríostaíocht i bhfeidhm go mór air. Lá amháin, gan choinne, bhí eispéireas láidir éifeachtach aige a d’athraigh a mheon ó thaobh creidimh de, go huile agus go hiomlán agus go buan. Dúirt ina chuid scríbhinní nach raibh aon amhras air ón lá sin ar aghaidh ach go raibh Dia ann go fíor. Thuig sé freisin nach bhfuil creideamh i nDia bunaithe ar argóintí nó réasúnaíocht intleachtúil amháin – níos déanaí d’éirigh sé as bheith ag argóint lena dheartháir Charles, a bhí ina ainchreidmheach lena shaol, ag rá leis nach raibh ‘claonadh a chroí’ (disposition) ceart – ach gur eascair sé ó dhoimhne an duine, ón chroí, agus go raibh sé ag brath ar an tsamhlaíocht chomh maith.

Léiríonn mana Newman – cor ad cor loquitur (heart speaks to heart) - an fhírinne sin. Nochtfar an creideamh go minic i gcaradas – tagann an focal féin ón Laidin ‘cor’, croí – cosúil leis an gcaradas a bhí aige le Mayers, ag an am agus i bhfad níos déanaí , le Dominic Barbieri, sagart naofa a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Newman agus a ghlac isteach san Eaglais Chaitliceach é sa bhliain 18455 .

4. Féach http://www.zenit.org/article30331?¦=english 5. Chaith Newman níos mó ná dhá bhliain i Littlemore ag staidéar luathscríbhinní na hEaglaise agus ag machnamh ar chlaonadh a chroí féin i dtreo na hEaglaise Caitlicí. Is ansin a bhuail sé le Barbieri.

John henry newman: nóta beathaisnéise

1801: rugadh é i Londain 21 Feabhra. teaghlach Protastúnach. 1816: theip ar bhanc a athar. Uair na cinniúna dó agus dá chlann. easláinte newman. eispéireas láidir religiúnach. Casadh ó aindiachas go creideamh Críostaí. 1816: scoláireacht go oxford. 1821: bhain céim amach. 1822: oriel College. Ullmhúchan don tsagartóireacht anglacánach. 1824: ord beannaithe anglacánach. 1833: tús na Gluaiseachta oxford – ag cur os comhair na ndaoine gur bí an eaglais anglacánach an fhíor-eaglais chaitliceach, dílis d’fhréamhacha na Críostaíochta. 1842: Littlemore. Dianstaidéar ar luathscribhinní na heaglaise. Urnaí. 1845: Casadh go dtí an eaglais Chaitliceach. 1846: ord beannaithe san eaglais Chaitliceach. 1847: Lonnaithe i mbirmingham, an chathair inar bheannaigh an Pápa beinidict XVi é ar an 19ú meán Fomhair 2010. 1854: baile Átha Cliath. Uachtarán ar an ollscoil Chaitliceach. sraith léachtaí ar an oideachas tríú leibhéal – foilsithe níos déanaí mar The Idea of a University. bunaigh newman Cumann L&h (Literary and historic society) agus scoil an Leighis. 1859: bhunaigh The Oratory School, ‘a school for the education of the sons of gentlemen along lines similar to those of english public schools’. 1864: D’fhoilsigh Apologia Pro Vita Sua, míniú ar cén fath ar thiontaigh sé ina Chaitliceach. 1870: D’fhoilsigh Grammar of Assent. míniú ar réasúnaíocht an chreidimh. 1879: 12 bealtaine, rinne an Pápa Leon Xiii Cairdinéal de. 1890: D’éag 11 Lúnasa.

bheannaigh an Pápa benedict XVi John henry newman i mbirmingham (sasana) ar an 19ú meán Fómhair 2010.

Mhothaigh Newman, ar ndóigh, caradas Dé i laethanta a bhreoiteachta agus, mar is léir ón dán álainn – Lead kindly light amid the encircling gloom, lead thou me on … a chum sé níos déanaí nuair bhí sé ina shagart óg Anglacánach, agus é buartha faoi fhadhbanna pearsanta ina shaol – bhraith sé go raibh Dia ina láthair, cóngarach dó, á stiúradh trí dhuairc dhorcha agus deacrachtaí an tsaoil.

De thionchar a chleachtaidh phearsanta féin, bhí Newman gníomhach ag iarraidh lucht a linne a mhealladh thar n-ais chuig ‘suibíochtúlacht údarach’ (authentic subjectivity6) is é sin, spioradáltacht dhoimhin, iontaofa, ‘chroíúil’. I léacht a thug Newman sa Rotunda, cháin sé an ‘coinsias bréagach’ a chur ‘féintoil’ (self-will) roimh ghuth ceart an choinsiasa:

Conscience is not a long-sighted selfishness, nor a desire to be consistent with oneself … Conscience is a stern monitor, but in this century it has been superseded by a counterfeit … It is the right of self-will’.

D’fhéadfadh sé bheith ag caint linne sa mhéid seo! Ag tagairt do thuairisc a

6. Bernard Lonergan S.J., fealsamh.

This article is from: