12 minute read

Cantaireacht Dhiaga (Cuid 2) Micheál Ó hAodha

20

Timire

foilsíodh le déanaí in The Irish Times ar dearcadh agus iompar sóisialta na nGael – Sex, Sin and Society a bhí mar theideal air - tugann na tráchtairí le tuiscint go bhfuil an ceart ag an tromlach ó thaobh na moráltachta de, ar ais nó ar éigean. Má chreideann formhór na ndaoine, mar shampla, nach rudaí mímhorálta iad gnéas roimh pósadh nó féinmharú cúnta, tá an ceart acu! Ghlaofadh an Pápa Beinidict XVI ‘deachtóireacht an choibhneasachais’ (dictatorship of relativism) air seo: níl aon fhírinne oibiachtúil ann ach mo thuairim pearsanta féin; tá de chead agam ‘mo rogha rud’ a dhéanamh ach amháin nach gcuirfeadh sé as do éinne eile.

Bhí Newman ag iarraidh a chur ina luí ar lucht a chomhaimsire a bhí ag tabhairt cúl go héasca le reiligiún, go raibh Dia le haithint i nguth an choinsiasa, agus go raibh maitheas an duine ag brath ar éisteacht leis an nguth sin, agus é a leanúint. Fear umhal urnaithe a bhí ann féin, ar ndóigh, a d’éist, agus a chuala glór Dé i gciúnas a chroí istigh: Ghuigh mé, agus tugadh bua na tuisceana dom; rinne mé achainí agus tháinigh spiorad na heagna chugam (Eagna 7). Ó laethanta a óige bhí, mar a scríobh sé ina dhialann ag aois fiche trí, dúil as cuimse i gcónaí agam an fhírinne a aimsiú agus nuair a d’amisigh mé í, ghlac mé go huile agus go hiomlán léi.

Ba í an fhírinne seo údar a áthais agus a shóláis anama féin. Ba é an ‘solas séimh’ (kindly light) a thug dóchas dó fiú sa cheobhrán tiubh – mearbhall na tuisceana teoranta daonna, dorchadas an tsaoil, srl – mórthimpeall air. Bhraith sé go raibh lucht a chomhaimsire ag breathnú amach ar ‘údarás’ agus ‘structúr’ na heaglaise, ‘façade’ an reiligiúin, in ionad aird a thabhairt ar an fhírinne inmheánach a aithnítear i nglór an choinsiasa agus ina raibh sólás anama agus comhlíonadh iomlán an duine le fáil. I seanmóir dá chuid, dúirt:

‘The Christian has a deep, silent, hidden peace which the world sees not … He can (as it were) joy in himself, for it is the grace of God within him, it is the presence of the Eternal Comforter in which he joys…’. (Parochial Sermons

V, 69-70).

Ba mhian le Newman – go deimhin, ba é misean a shaoil é d’fhéadfá a rá – soiscéal na fírinne, soiscéal Chríost, soiscéal an áthais, a chraobhscaoileadh; agus é sin a dhéanamh, ní trí argóint ach trí chuireadh a thabhairt do dhaoine bheith dílis dá gcroí agus dá gcoinsias féin.

‘Eist le mianta doimhne bhur gcroí istigh’, a déarfadh sé linn, ‘agus cloisfidh sibh glór Dé a shásóidh sibh agus a chomhlionfaidh sibh’.

‘The thought of God, and nothing short of it, is the happiness of men. He alone is sufficient for the heart who made it’ (PS V 316).

Mar a dúirt mé ag an tús, bhí ardmheas ag Newman ar na Gaeil mar ba iad na Gaeil a chosain an creideamh Críostaí nuair a bhí an Eoraip faoi thaoide an fhiántais bharbaraigh. I gcomhthéacs bagairt mhór an aindiachais agus díeaglaisiú an chomhluadair inár linn féin, táim cinnte go mbeadh Newman á rá linne anois an méid a ghuigh Naomh Pól do Chríostaithe na hEaglaise nuabhunaithe in anallód: go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad, go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá… (Eifisigh 3).

Bímis dílis dúinn féin agus dílis do Shoiscéal na fírinne agus an áthais atá mar oidhreacht speisialta luachmhar againne Gaeil, agus a bhí ina sholas séimh dúinn ó thús, go háirithe in am an ghátair!

Timire 21

‘Cante Jondo’: Cantaireacht Dhiaga (Cuid 2)

Micheál Ó hAodha

Bhí an-spéis i ngrúpa amháin darbh ainm na ‘Majos’, cultúr óg ísealaicmeach a chuir i gcoinne na sochaí timpeall orthu lena gcuid nósanna, a gcuid éadaí agus a gcuid cainte. Rinne uaisle an ochtú haois déag agus an naoú haois déag aithris ar an bhfo-chultúr seo agus is suntasach an rud é go ndearna Goya pictiúr de bhandiúc Alba agus í gléasta mar ‘Maja’. Cosúil le punk rockers dheireadh ha haoise seo caite, ba sheasamh mórtasach i gcoinne coinbhinsiúin an status quo é an cineál saoil seo, seasamh réabhlóideach mar is dual don chultúr fl amenco, seasamh ina raibh gnéithe ar nós an fhéinmheasa agus an fhéinmhórtais go mór chun tosaigh.

Ciallaíonn sé sin gur cruthaíodh an jondo as sruthanna éagsula idéeolaíochta a bhain le haicmí nach raibh mórán d’acmhainn an tsaoil acu, na giofóga ina measc. Chomh maith leis sin bhí tionchar ag an lucht éisteachta ar an

22

Timire

saghas seo ceoil mar go raibh tóir chomh mór sin ag an bpobal air. Díríonn Mitchell ár n-aird ar an mbealach gur athraigh ceoltóirí mar a d’athraigh dúil na n-uasal, uasail a bhí ina bpríomhphátrúin ar an cante jondo. Deir Mitchell gur athraíodh cante jondo ó fheiniméan coitianta go foirm ealaíne a ceanglaíodh le bunús Gitano amháin mar gheall ar intleachtóirí rómánsúla ar nós Lorca a bhí go hiomlán gafa le hidé-eolaithe rómánsúla an naoú haois déag. D’aithin sé sa gitano pearsanú an ‘primitive other’ agus cheap sé go raibh anam diamhrach na ngiofóg le sonrú sa cante.

Is cosúil gur thosaigh na giofóga, tar éis dóibh stíl na nAndalúsach a ghlacadh chucu féin, ag cur na stíle sin in oiriúint dá bpearsantacht féin. Cuirtear, mar shampla, ceann amháin de ghnéithe suntasacha giofógacha an cante – aithris ar nóta amháin ‘to the point of obsession’ – i gcomparáid le foirmeacha áirithe draíochta. Ar an bpointe seo deir Starkie gur cheangail na giofóga ‘an intensity of expression’ agus ‘a barbaric strength’ (1953: 96) isteach ina gcuid cantaireachta nach raibh éagsúil amach is amach ó na tréithe a bhí á bhforbairt acu le daoine a chur faoi gheasa nó le faoistin a dhéanamh.

Is féidir Cante a roinnt ina dhá chuid. Ní raibh an Cante Flamenco nó Chico (‘amhrán beag’) a bhí sa chéad roinn chomh ‘domhain’ is a bhí an Cante Jondo no Grande (amhrán ‘mór’). San áireamh sa chéad roinn tá alegrias, bulerias, agus a leithéidí. Cé go bhfuil na hamhráin sa roinn seo níos éadroime go hiondúil ná na cinn i roinn an Cante Jondo tá tréith an mhachnaimh dhomhain i gcuid acu atá cosúil le stíl níos geanmnaí agus níos ársa.

Is iad na Siguiriyas Gitanas (‘amhráin chaointe’) agus na Soleares (‘amhráin uaignis’) na hamhráin is sine agus is doimhne de ‘na hAmhráin Mhóra’. Glactar leis go forleathan gurb iad na hamhránaithe giofógacha – agus is beag eisceacht atá air seo – máistrí na Siguiriyas Gitanas ina léirítear go soiléir crá croí agus brón daonna. Seo mar a scríobh Walter Starkie – saineolaí ceoil AnglaÉireannach go raibh an–chur amach aige ar cheol na Spáinne - agus é ag déanamh cur síos ar cheol na Siguiriyas Gitanas:

The first two lines of the song were the defiance: the long third line started at the same high-pitched note, but the singer then prolonged the notes in breathless, descending vocalization, and at the end it seemed as if they would never die, for the shouts of ‘olé’ and claps of the audience revived the dying voice into yet another turn and trill … They were all passionately sad songs … (1935: 275)

Faightear cur síos ar chrá agus ar thragóid sna Soleares freisin – a

Timire 23

mbreathnaíonn go leor daoine orthu mar phríomh-shamplaí an Cante Grande agus an Chico. Is grúpa eile de na fíor-Cantes iad na Saetes a chantar go hiondúil i stíl an Martinette (amhrán domhain an chearta nó stíl an Siguiriya (amhrán caointe)). Bíonn na hamhráin seo le cloisteáil ag pointí áirithe i mórshiúlta Dhéardaoin Cásca agus Aoine an Chéasta a bhíonn ar siúl ar shráideanna na hAndalúise le linn na Seachtaine Naofa. Is siombal é an t-amhránaí uaigneach ag leac an dorais de splíontaíocht Íosa ar Chnoc Chalvaire agus é ag tabhairt cur síos ar a ollbhrón féin do na naoimh atá ag dul thart sa mhórshiúl.

Ealaín thraidisiúnta phobail í an tAmhrán Domhain, gan amhras, ach tá sé éagsúil le hamhráin tíre agus phobail eile mar go mbíodh sé ag síorathrú. Fáiltíodh roimh athruithe agus roimh mhalartuithe laistigh de limistéir áirithe. Níl na hamhránaithe giofógacha ceangailte le foirmiúlacht na stíleanna éagsúla amhráin i gcodarsnacht mhór leis na ‘Cantores’ Andalúsacha. Buntréithe na hamhránaíochta Andalúsaí iad an mheánaíocht agus an gheanmnaíocht ach tá níos mo saoirse le sonrú in amhránaíocht na ngiofóg; tá níos mó béime ar mhothúcháin an duine aonair. Mar go léiríonn na giofóga a gcuid mothúchán reatha agus iad ag canadh, is annamh a fhaightear amhráin á gcanadh uair i ndiaidh a chéile díreach sa bhealach céanna. Athraíonn na giofóga a gcuid amhránaíochta de réir mar a théann sí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, a mbíonn gach ‘Olé!’ agus ‘Anda!’ uathu. Ag baint fad as nótaí agus ag sleamhnú ó nóta go nóta, cuireann an t-amhránaí an lucht éisteachta faoi dhraíocht. Baintear feidhm as ton srónach d’aon ghnó le saoirse a thabhairt don ‘duende’ (an spiorad) agus go minic sa chás seo fuaimníonn an ceol as tiún do dhuine nach bhfuil cur amach aige ar an saghas seo ceoil.

Is beag uirlisí a mbaintear úsáid astu san Amhránaíocht Domhain le fírinne. Baintear feidhm as an ngiotár mar thionlacan, maraon le castainéid, an tambóirín agus an ‘bata stíle’. I gcás na gceithre cinn seo, is é an tambóirín an uirlis is lú go mbaintear úsáid aisti, agus is fearr leis an gcuid is mó de ghiofóga - rud nach dtagann leis an íomha choitianta a bhíonn ag daoine díobh – aithris a dhéanamh ar fhuaim na gcastainéad lena gcuid méara ná úsáid a bhaint as na castainéid iad féin. Baintear feidhm as an ‘mbata stíle’ - atá gearr cosúil le slat tanaí agus a mbíonn barr iarainn air ar uairibh – chun rithim na n-amhrán a bhualadh amach, go minic i gcoinne cathaoireach cé nach mbacann amhránaithe áirithe leis in aon chor; is féidir leo siúd an rithim a choinneáil tríd a gcuid méara

24

Timire

a bhualadh. Úsáidtear an ‘bata stíle’ go hiondúil i gcás na Siguiriyas Gitanos agus na Martinetes. Baintear feidhm as ‘palmas’ (bualadh bos) agus ‘zapateor’ (preabadh sála na rinceoirí) chun rithim a bhualadh amach freisin. Maidir leis an bpointe deireanach seo, ba chóir cuimhneamh air gurb é an t-amhrán féin príomhthionlacan an rince i measc na ngiofóg agus go ndéantar rince le fiú cuid de na Cantes is doimhne.

Is ceol é an Amhránaíocht Domhain seo atá lán de bhrí agus de mhothúchán. Is é príomh-mhothúchán na n-amhrán seo ná an brón agus an tragóid, ach chomh maith leis an mothúchán seo áfach léirítear freisin neart daonna. Rinneadh cur síos ar príomh-mhothúchán Solea thipiciúil mar shampla, mar ‘one of sadness, but not of resignation. It is the mood of one who fights against unconquerable odds but whose soul remains unconquered’ (Brown, 1929: 288). Mar an gcéanna leis an Martinete – lán le sleachta ag déanamh cur síos ar fhaltanais fhuilteacha, coimhlintí treibheacha, an príosún, ach léiríonn an cur síos neart agus misneach daonna freisin i gcoinne na tragóide. Is iad an grá agus an dílseacht, an t-éad, an díoltas, an bród, an tsaoirse, ciapadh na ngiofóg, an brón daonna maraon leis an gcinniúnachas agus an bás cuid de na téamaí is mó a bhíonn le fáil san Amhránaíocht Domhain.

Cantar Cante Jondo ag searmanais agus ceiliúrthaí príobháideacha na ngiofóg, an bhreith agus an bás ina measc. Creidtear go mbaineann an t-ádh le canadh na n-amhrán seo ag baistí agus ag bainiseacha; creidtear go bhfuil cumhacht draíochtúil ag cuid de na hamhráin a chinntíonn an t-ádh don leanbh nua nó don lánúin nuaphósta, nó a chabhraíonn le himeacht an spioraid i gcás an bháis. Is rud an-tábhachtach i gcás bainiseacha giofógacha é, canadh amhrán an mhaighdeanais; is siombal é de gheanmnaíocht na brídeoige.

Tá aidhmeanna pearsanta agus eitneacha ag an Amhránaíocht Domhain i gcultúr na ngiofóg. Baineadh feidhm as an Amhránaíocht Domhain ar mhaithe le sólás pearsanta an amhránaí, is é sin le faoiseamh a fháil, le béim a chur ar a bhród, ar a mhisneach agus ar a dhínit, agus i gcás na n-amhránaithe ‘gairmiúla’ le caoi a thabhairt dóibh - caoi a bhí inghlactha sa chultúr - le slí bheatha a shaothrú, go hiomlán nó go neamhiomlán.

Maidir le haidhmeanna cultúrtha a chur in iúl, baineadh feidhm as na hamhráin le béim a chur ar dhílseacht pobail agus teaghlaigh, ar bhród agus ar dhlúthpháirtíocht maraon le dílseacht sa bpósadh. Chomh maith leis seo, múineann na hamhráin go gcaithfear glacadh le rudaí áthasacha agus le rudaí brónacha ar an saol seo mar go léirítear iontu nach féidir éalú ón gcinniúint.

Is leachtóir le Stair é Micheál Ó hAodha. Tá sé ag obair in Ollscoil Luimnigh. Tá os cionn 40 leabhar foilsithe aige.

Clár leabhar:

Brown, Irving Henry (1929) Deep song: adventures with Gypsy songs and singers in Andalusia and other lands. New York: Harper and Brothers Leblon, Bernard, 1990, Musique Tsiganes et Flamenco. Paris: L’Harmattan Lomax, Alan, 1959 , ‘Folk Song Style’, American Anthropologist 61: 927-54. Lorca, Federico Garcia, 1957, Poema del Cante Jondo. Buenos Aires: Editorial Losada, S.A. Mitchell, Timothy, 1994, Flamenco Deep Song. New Haven: Yale University Press. Starkie, Walter, 1935, The Gypsy in Andalusian Folk-Lore and Folk-Music. London: The British Musical Association. ____________ 1958, Spain: A Musician’s Journey Through Time and Space. Vols. I, II.

Ar bhain tú triail as go fóill?

www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.

Timire 25

An Ofráil laethúil

A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá…(féach leathanach cúil) … agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Tomhas an Timire: 162

1 2 3 4 5

Cé ar dtús a chuala an scéal? Aimsigh freagra na ceiste i measc na n-ainmneacha thíos: Aisling, Aoife, Fionnuala, Róisín, Caoimhe.

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Eanáir, 2011. Tomhas 161: An Timire Buaiteoir: Sinéad Ní Mhuirí, Carna, Co. na Gaillimhe.

This article is from: