5 minute read
Mise Eoghan
30
Timire
Lís Ní Chulainn
MISE EOGHAN
Dia dhaoibh, a chairde óga
Nach mear a éalaíonn Mí na Samhna agus go mbíonn an t-ullmhú go léir ag tosú arís don Nollaig. Bhí an sagart anseo sa Choláiste ag caint linn faoi na haingil ag tabhairt scéala do na haoirí gur rugadh Íosagán i mBeithil Iúda. Tá an sagart buartha faoin mhíthuiscint atá ag daoine. Tugann siad ‘aingeal’ ar go leor daoine agus créatúir, agus uaireanta níl iontu in aigne daoine ach ornáid ar an matal. Ní thuigeann siad gur teachtairí Dé iad. Bhí mé féin ag cur ceiste air faoin Ardaingeal Gabriel a tháinig ag foilsiú do Mhuire agus ag tabhairt cuireadh di a bheith ina máthair ag Mac Dé. Tá mé fi osrach faoi Chór na nAingeal a tháinig go dtí na haoirí – an raibh Gabriel mar stiúrthóir ar an Chór sin? Níl a fhios ag an sagart féin ach rinne sé gáire agus ar sé: “Níorbh é Mícheál Ardaingeal a bhí ann, pé scéal é, mar ní Cór a bheadh in aigne aige siúd ach claíomh.”
Cór na nAingeal
Pér bith faoin stiúrthóir a bhí ag Cór na nAingeal, tá sé an-suimiúil gur chan siad d’aoirí agus nár thug siad aird ar bith ar na saineolaithe ceoil insan Teampall. Bhí fonn orm féin saol an aoire a bhlaiseadh agus a shamhlú dom féin conas mar a thiocfadh an ceol agus
Timire 31
an teachtaireacht i bpáirc na gcaorach. Bhí cúpla lá saor againn i lár an ullmhúcháin agus chuaigh mé féin agus buachaill eile ón rang amach ar an gcnoc atá deich gcileaméadar ón Choláiste, áit a mbíonn na caoirigh ag ingheilt. Chuireamar cótaí móra orainn agus buataisí agus bhí bata siúil an duine againn agus lón dhá lá. D’imíomar ag meánlae agus teacht na hoíche bhíomar ar bharr an chnoic i measc na gcaorach. Oíche réaltógach a bhí ann, sioc faoinár gcosa agus an anáil ag reo agus í ag teacht ónár mbéal. Bhí go leor de na caoirigh ag iompar-tagann séasúr na n-uan díreach tar éis na Nollag insan tír seo. Ba léir do chách go raibh aire mhaith á tabhairt do na caoirigh. Shiúlamar anonn is anall chun sinn féin a choimeád te, ach bhí mé ag faire ar an spéir i gcónaí. B’fhurast a shamhlú go dtiocfadh aingeal – nó aingil – i measc na gcaorach, iad chomh simplí sin ag caitheamh a saoil mar a d’ordaigh Dia dóibh.
An Gloria
Go tobann agus an bheirt againn ag faire ar an spéir agus ag éisteacht, baineadh geit asainn – ceol deas binn ag teacht chugainn ar an aer, “Gloria in excelsis Deo et in terra pax hominibus bonae voluntatis”. Stad an ceol chomh sciobtha is a thosaigh sé. Bhí mearbhall orainn. Leanamar i dtreo an cheoil agus b’ansin a thugamar faoi deara go raibh botháinín cró gar dúinn agus gurbh as sin a tháinig an ceol. Ach ceol chomh binn sin go bhféadfadh sé a bheith ag teacht ó aingil, conas ar tharla?
An Sean-Aoire
Agus sinn ag díriú ar ár mbarraicíní i dtreo an bhotháinín léim fear amach agus rug greim orm. “Cad é do ghnó anseo?” ar sé go grod. “Faic” arsa mé féin, “ach muid ag iarraidh atmaisféar na Nollag a bhlaiseadh agus chualamar an ceol álainn sin ag teacht ó do bhothán.” Scaoil sé mé agus bhí sé deas cneasta. “Tá clog agam istigh” ar sé, “chun mé a mhúscailt ag an am cuí agus is é an ceol atá agam leis ná Cór na naíonán insan mbunscoil”. “Go deimhin” arsa mise, “is cosúil le haingil iad agus teachtaireacht na n-aingeal acu”. “Sea” ar sé, “ samhlaím dom féin go bhfuil na haingil ag glaoch orm don stábla ach ansin ní bhíonn romham amuigh ach na caoirigh. Is ansa liom iad”. Stad sé ansin agus ba chosúil le fáidh é agus an chéad abairt eile á rá aige. “B’fhéidir go dtiocfaidh na haingil anseo, ag fógairt an dara theacht”.
Thóg sé isteach ina bhotháinín sinn agus cé go raibh an áit an-chúng, mhol sé dúinn fanacht thar oíche mar go raibh gach baol ann go mbeimis reoite ar an gcnoc lom. Geallaim daoibh gur shuíomar beirt cois tine agus go raibh fáilte againn roimh an dá bhabhla anraith a leag an t-aoire ar chathaoir dúinn. Ghlaoigh sé ar an sagart insan Choláiste ar fhaitíos go mbeadh sé buartha agus an fuacht dochreidthe amuigh. D’inis mé ár n-eachtra don sagart agus ar sé: “Bhí an eachtra cheanann chéanna agam féin fadó agus mé ag iarraidh an Nollaig a bhlaiseadh. Ach ní raibh ceol – ná anraith – ach fuacht na hoíche agamsa.” Guím beannacht uile Íosagáin oraibh go léir agus tá súil agam nach mbeidh aon cheal bia oraibh le géarchéim na tíre. Nollaig shona daoibh go léir agus iarraigí ar Íosagán, a bhí beo bocht, cabhrú lena chairde bochta.
Aspalacht na hUrnaí
Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí.
Intinní an Phápa
Mí na Nollag 2010
Go n-osclaí pobail an domhain a ndoirse roimh Chríost agus A Shoiscéal síochána, bráithreachais agus ceartais.
Mí Eanáir 2011
Go mbaine Críostaithe lán-aontacht amach, agus fi anaise a thabhairt ar athaireacht uilíoch Dé ag an gcine daonna go hiomlán.
Mí Feabhra 2011
Go raibh pobail Chríostaí ina bhfi nnéithe ar láithreacht Chríost dóibh siúd atá ag fulaingt sna críocha misean, mar a bhfuil comhrac práinne ar siúl in aghaidh galar.
Mí Márta 2011
Go dtuga an Spiorad Naomh neart agus solas don fhíréin agus don phobal Críostaí a fhulaingíonn leatrom nó géarleanúint ar son an tSoiscéil.