Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH
SAMHRADH 2011
an Chroí Ró-naofa € 3.75/Stg£3.25
Comóradh 100 bliain an Timire 1911-2011 TIMIRE Summer_2011.indd 1
05/05/2011 08:31
2
Timire
Eagarfhocal Bhí páirt agam féin i mbunú an tsuímh idirlín Sacred Space Céadaoin an Luaithrigh, 1999. Tugadh cuid mhaith poibliochta dúinn sna meáin agus bhi áthas an domhain orainn gur tháinig breis agus míle cuairteoir isteach an lá sin féin. Céadaoin an Luaithrigh 2011 rinne 22,000 duine guí ar an suíomh. Is iontach an borradh atá ansin agus is é ‘insint béil’ atá taobh thiar de. Scaipeann custaiméirí atá sásta leis an dea-scéal eolas an fhiontair ar a gcuid cairde. Creideann a lán daoine go bhfuil an Spiorad Naomh ag obair in Sacred Space agus déanann siad cinneadh gan é a choinneáil faoi rún. Is iomaí duine a dúirt liom le déanaí go bhfuil an Timire ag dul i bhfeabhas – agus é céad bliain d’aois i mbliana. (Féach ar na litreacha thíos.) Deirtear liom go bhfuil lucht léite i bhfad níos fairsinge tuillte aige. Níl ach aon bhealach amháin a dtarlóidh sé sin, i. go scaipfidh ár léitheoirí an scéal ar a gcuid cairde! Cad é do bharúil féin, a léitheoir cóir? An bhfuil cara agat a ndéanfadh an Timire a leas ach é a fháil. An molfaidh tú an Timire do roinnt cairde? An gceannóidh tú sintiús mar bhronntanas do chara i mbliain seo ha hIúbhaile? Smaoinigh ar chairde óga ach go háirithe! Is iad is mó a bhfuil macallaí an Spioraid Naoimh de dhíth orthu. Seoladh www.tearmann.com Lá Fhéile Pádraig 1999. Tá sé ann go fóill agus an Spiorad Naomh ina shuí go ciúin foighneach ag fanacht le cuairteoiri. Bain triail as (arís). Cuir scéal chuig do chairde uile. Alan Mac Eochagáin SJ Ardú Praghais
Tá an praghas céanna ar an Timire le dhá bhliain déag anuas! Ar an drochuair is go mór an chuaigh na costaisí in airde ó shin. Mar sin de, a chairde ionúine, tá an t-am againn.
TEARMANN
Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com
Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.
TIMIRE Summer_2011.indd 2
05/05/2011 08:31
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4
Alter Christus – Críost eile
Brian Mac Eochagáin SJ
6
Chun na Síne Soir
Bruno Torres SJ
8
Lóchrann Dóchais
An tSr Kay Ní Néill
10
Taispeáin dom é!
An tAthair Séamus Ó Dúill
12
Bígí fréamhaithe!
Leon Ó Giolláin, SJ
14
Tar, a Spioraid Naoimh
16
Trí Chrann na Croise
18
Proinnsias Ó Fionnagáin SJ: 1909 - 2011
20
Téarmaíocht
Críostóir Ó Floinn
22
Státseirbhíseach faoina ainmneacha cleite
Mícheál Ó Cearúil
24
Athghabháil na Gaeilge
Séamus Mac Seáin
27
Im Leabharlann Dom
30
Mise Eoghan
Ciarán Ó Cróinín ofm Caitlín Ní Luasaigh
Séan de Fréine
Ar dheis Dé:
An tAth. Proinsias Ó Ceallaigh An tAth. Proinnsias Ó Fionnagáin, SJ Eibhlín Uí Shé
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.
Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Fionnuala Mac Aodha Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB
Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 442 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Eanáir 2011
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.
TIMIRE Summer_2011.indd 3
Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí
Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire
Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta
Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138
Dearadh: Messenger Publications Design Department
Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624
05/05/2011 08:31
4
Timire
Alter Christus – Críost eile
Brian Mac Eochagáin SJ Shíl mo chol ceathrair Róisín agus í ina cailín beag sna 1930aidí, gur dhíreach anuas ó Neamh a tháinig an Irish Messenger gach aon mhí, le teachtaireacht ón Chroí Ró-Naofa. Nior thuig sí ag an am sin go raibh gá le teileafóin, profaí, bairillí lán de dhúch agus cló-innill challánacha. Ní raibh a fhios aici go fóill go rabhthas ag brath ar fhoireann mhór daoine a théadh, agus a théann, i mbun pinn leis na haltanna a chumadh agus a chur in eagar, gan trácht ar na daoine a dhéanann an irisleabhar a sheachadadh.
TIMIRE Summer_2011.indd 4
Cé nár thuig sí an próiseas casta atá i gceist bhí an ceart ag Róisín sa mhéid is go gcuireann an Croí Ró-Naofa teachtaireacht ó Neamh chugainn gach aon mhí. Go deimhin, is minice ná sin a thagann na teachtaireachtaí. Cor ad cor loquitur, nó ‘labhraíonn Croí le croí’, mar atá i mana John Beannaithe Newman. Agus, tá gá ag Íosa inniu, faoi mar a bhí riamh, le fir agus le mná leis an teachtaireacht aige a leathnú amach agus a roinnt ar dhaoine eile. Thosaigh an próiseas sin ar lá a Dheascabhála: ‘Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
05/05/2011 08:31
Timire Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.’ (Matha 28:20). Is ball de phobal sagartúil gach uile Chríostaí, agus roghnaigh Íosa fir áirithe le cabhair a thabhairt don phobal uile a ngairm chríostaí a chur i gcrích. Thuig sé go maith ag an Suipéar Deireanach laige na sagart a a bhí tofa aige. Bhí a fhios aige nárbh fhéidir leo ‘fianaise a thabhairt do ghrá ceansa trócaireach Dé’ – mar a deir an Pápa Beinidict XVl murach iad a bheith aontaithe go dlúth leis. Is í intinn an Phápa go dtuigfidh na sagairt nach mbeidh toradh buan ar a gcuid oibre mura n-aontaíonn siad iad féin, tríd an urnaí, le Croí Íosa. Is é an ghairm atá ag gach aon sagart bheith ina Alter Christus, is é sin, ‘Críost eile’ agus gabhaimid buíochas le Dia go raibh sé amhlaidh i gcás cuid mhaith acu a bhí ina n-aoirí de réir a Chroí féin. I bhfís a bhí ag Naomh Máiréad Máire, físí mor an Chroí Ró-Naofa, rinne Íosa tagairt don Athair Claude La Colombiere (1641–1682) mar ‘searbhónta dílis agus cara iontach agam’. Is é a mhuinín iomlán i gCroí Íosa ba bhunchloch do naofacht Claude agus d’eifeacht a shaoil mar shagart. Bhí an ceacht foghlamtha aige: ‘Tá an uile-chumhacht ag an duine nach gcuireann muinín ann féin ach a bhfuil a mhuinín iomlán asam’. Is minic a deireadh Naomh Jean Vianney (17861859) nach raibh sa sagartacht a bhí aige ach ‘grá Chroí Íosa’. Dhoirt Naomh Damian as Molokai (1840-1889) é féin amach le grá do na lobhair ar an oileán sin gar do Haváí, go dtí ndearnadh duine
5
díobh féin é. Agus é ar leaba a bháis is é a dúirt sé: ‘Tá lúcháir orm bás a fháil agus mé i mo mhac don Chroí Ró-Naofa’. D’fhógair an Pápa Beinidict Féile an Chroí Ró-Naofa, 1 Iúil, 2011, mar Lá Domhanda na Sagart. Tá paidir álainn cumhta aige go pearsanta don ócáid: A Thiarna Íosa, a Ardshagairt shíorai, thug tú thú féin don Athair ar altóir na Croise agus bhronn tú ar do phobal sagartúil páirt a bheith acu i d’íobairt shlánaitheach trí rabharta an Spioraid Naoimh. Éist lenár nguí ar son naofacht ár sagart. Deonaigh do do shagairt uile go raibh siad ar do dheilbh agus ar do chosúlacht féin. Go raibh croí glan agus coinsias saor acu agus iad ag fógairt an tSoiscéil Go raibh siad ina n-aoirí de réir do Chroí féin, gan aird acu ach ar sheirbhís duitse agus do d’Eaglais. Agus go dtuga siad dea-shampla den bheatha atá naofa, simplí agus lán de lúcháir. Trí idirghuí na Maighdine Beannaithe Muire, do mháthairse agus ár máthair féin, seol gach uile shagart agus na tréada atá faoina gcúram isteach in iomláine na beatha síoraí mar a rialaíonn tú féin mar aon leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh, aon Dia amháin trí shaol na saol. Amen. Is fiú amharc ar:www.worldpriestday.com
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Mheithimh 2011 Go dtuga na sagairt uile, aontaithe le Croí Íosa, fianaise soiléir do ghrá ceansa trócaireach Dé.
TIMIRE Summer_2011.indd 5
05/05/2011 08:31
6
Timire
Chun na Síne Soir Bruno Torres SJ
Íosánach atá ionam as Ceantar na hAmasóine i dtuaisceart na Brasaíle. Nuair a bhí mé ar an ollscoil, ag déanamh na hInnealtóireachta, ghlac mé páirt go deonach i dtionscnamh beag de chuid na nÍosánach, ag teagasc páistí i gceantair bhochta. Ag an am sin, bhí mé
TIMIRE Summer_2011.indd 6
ag iarraidh cinneadh a dhéanamh arbh é thoil Dé domh dul isteach i gCumann Íosa: chuaigh mé isteach sa nóibhíseacht agus mé 25 bliana d’aois. Bhí Comhdháil Ghinearálta ag na hÍosánaigh in 2008, agus ghlac siad leis an Afraic agus leis an tSín mar phríóireachtaí miseanacha. Thart faoin am sin, léigh mé alt faoi Íosánach Spáinneach a chaith blianta fada sa tSín ag obair go háirite leis na lobhair. (An tAthair Luis Ruiz, (féach An Timire, Geimhreadh 2010). Chonaic mé grianghraf ina raibh greim láimhe aige ar dhuine de na lobhair agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Bíonn eagla ar an chuid is mó de na daoine baint ar bith a bheith acu le lobhair ach níor leasc leis
05/05/2011 08:31
Timire an sagart seo cara a dhéanamh díobh. Thosaigh mé ag guí i dteannta an uachtaráin a bhí agam, ag iarraidh fáil amach cérbh é toil Dé maidir leis an obair a dhéanfainn le mo shaol. Faoin am seo, de dheonú Dé tháinig Uachtarán Ginearálta na nÍosánach (an tAthair Adolfo Nicolás, a raibh na blianta caite aige ag obair sa tSeapáin) ar cuairt chugainn sa Bhrasaíl. Tráthnóna amháin, labhair sé linne, na hábhair sagairt agus d’fhág sé sinn leis an cheist shimplí: ‘Cad é faoin mhisean chun na Síne?’ Bhí ciúnas domhain sa seomra. Chuaigh an cheist sin ón Athair Ginearal i bhfeidh orm go domhain. Glór Dé a bhí ann domsa. Mar sin de, rinne an t-uachtarán a bhí agam, an tAthair Roberto Jaramillo, an cinneadh mé a chur chun na Síne ar feadh trí bliana.
Mo thúismitheoirí
Baineadh stangadh as mo mháthair nuair a thug mé an nuacht di, agus chuir sí i gcuimhne dom go raibh ganntanas sagart i gCeantar na hAmasóine. ‘Cad chuige an tSín?’ a dúirt sí, ‘Cad é a dhéanfaidh tú ansin?’ Sin mar a chuaigh an scéala i gcion uirthi ar an chéad dul síos ach dúirt sí liom ar ball gur thuig sí tabhacht an mhisin chun na Síne. Dúirt sí liom go mbíodh sise agus a cuid cairde sa pharóiste ag gui go rialta go gcuirfeadh an Tiarna misinéirí chuig na háiteanna is mó a raibh gá leo. Ghlac m’athair leis an scéal go ciúin. Cé gur thuig sé na deacrachtaí uile agus go raibh achar fada idir an tSín agus an Bhrasaíl, labhair sé go séimh liom: ‘Más
7
é toil Dé atá ann, beidh gach aon rud i gceart. Cuirimis ár muinín ann.’
Cad chuige an tSín?
Cén freagra a bhi agam ar cheist mo mháthar? Chuir mé i gcuimhne di gur tír ollmhór í an tSín agus daonra níos mó na billiún duine inti; go raibh tionchar iontach mór aici i gcúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta, agus go raibh cultúr saibhir faoi bhláth inti i bhfad siar sular tháinig na hEorpaigh chun na Brasaíle. Thairis sin, is mar seo a rinne Comhdháil Ghinearalta Chumann Íosa cur síos ar thabhacht na Síne: Is mian linn dialóg ómósach a choimeád ar bun le pobal na Síne mar is eol dúinn go bhfuil síocháin an domhain ag brath go mór ar an tSín agus gur féidir léi cur lenár dtraidisiún creidimh féin, mar tá cuid mhór dá pobal ag tnúth le haithne a chur ar Dhia i gCríost. I láthair na huaire (Earrach 2011) tá mé ag foghlaim an Bhéarla i mBaile Átha Cliath, agus rachaidh mé ar ais chun na Brasaíle i dtús mhí an Mheithimh. Tabharfaidh mé cuairt ar mo mhuintir le slán a fhágáil acu, agus rachaidh go dtí an Téaváin (Taiwan) mar a ndéanfaidh mé staidéar dhá bhliain ar theanga, ar stair agus ar chultúr na Síne. Ina dhiaidh sin, rachaidh mé go Béising le dul i dtaithí ar na oibreacha tréadacha éagsúla atá ar bun ag na hÍosánaigh ansin. Go mbeannaí Dia sinn uile le gur féidir linn, dála Naomh Iognáid, É féin a aithint agus a leanúint i ngach aon rud – fiú i náisiun ollmhór na Síne.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí an Mheithimh 2011 Go mbaine an Spiorad Naomh flúirse gairmeacha misinéireachta as measc ár bpobal, daoine a bheidh toilteanach iad féin a choiscreacan go huile do Ríocht Dé a scaipeadh.
TIMIRE Summer_2011.indd 7
05/05/2011 08:31
8
Timire
Lóchrann Dóchais
An tSr Kay Ní Néill Tá Ospís na Maighdine Muire (Our Lady’s Hospice) in Kalingalinga, ceann de na ceantair is boichte in Lusaka, priomchathair na Saimbia. Tugann an Ospís cúram do dhaoine bochta a bhfuil VEID/SEIF (Hiv/Aids) orthu. Tá áít bhuan do 30 othar san Ospís féin, tagann 150 othar eile chuig an Ionad Lae agus tá thart ar 4,000 cláraithe sa chlinic do dhrugaí Retro-Viral. Seo thíos tá scéalta cuid de na daoine a thagann chuig an Ospís.
Scéal Chileshe
Tá Chileshe (ainm bréige) 32 bliana d’aois, agus tá sí ina gruagaire. Is baintreach í agus triúr páistí aice. Bhí uirthi éirí as a cuid oibre nuair a d’éirigh sí tinn. Bhí Sarcóma Karposi uirthi agus a craiceann
TIMIRE Summer_2011.indd 8
loite aige. Ar feadh trí seachtaine bhíodh sí ag siúl chun na hOspíse ach nuair nach raibh sí in ann dó a thuilleadh – bhí na créachtaí chomh dona sin - tugadh isteach san Ospís í ar 11ú Márta, 2009. Tugadh cógaisí éagsúla di, drugaí Anti Retroviral ina measc, agus vitimíní. D’fhan sí cúig mhí san Ospís go dtí go raibh biseach ar na créachtaí agus ísliú ar an at. Nuair a ligeadh chun an bhaile í, ní raibh siúl na gcos aice agus tugadh cathaoir rotha di. Thagadh sí ar ais go rialta le hathbhreithniú a dhéanamh agus tháinig biseach uirthi de réir a chéile. Taobh istigh de dhá mhí bhí sí ar ais ar a seanléim agus chuaigh sí ar ais ag obair. Tabharfaidh an Ospís Cúram Baile (Home Based Care) di uair amháin in aghaidh na seachtaine agus gheobhaidh sí forlíon cothaithe (food supplements)
05/05/2011 08:31
Timire más gá. Deir Chileshe go mbeidh lucht na hOspíse ina cuid paidreacha go deo, de thoradh an chúraim a tugadh di.
Scéal Sipiwe
Lá amháin labhair mé le Sipiwe (ainm bréige) agus í ag fanacht ar a cuid drugaí Anti-Retroviral, agus d’inis sí a scéal dom. Dúirt sí liom go raibh stalla aici in aice stáisiún na mbus mar ar dhíol sí úlla agus torthaí eile. Chaill sí gach aon rud nuair a tháinig oibrithe na Comhairle gan coinne agus ghlan said na stallaí uile ar shiúl. Fagadh ar an trá fholamh í, agus chuaigh sí chun cónaí lena muintir. Nuair a fuair siadsan amach go raibh Sipiwe VEID-deimhneach (HIV), chuir siad an ruaig uirthi. Thug gach uile dhuine droim láimhe di, agus bhí uirthi lá agus oíche a chaitheamh sa bhusáras. Bhí airgead de dhith uirthi le gnó beag a chur ar bun agus neamhspleáchas a bhaint amach di féin arís. Chuireamar Sipiwe i dteagmháil le háistinteacht a thug K400,000 (€120) di. Fuair sí stalla úr in áit atá ceadaithe; tá seomra aici ar cíos agus anois tá sí ag treabhadh léi.
Cás Bhriain
Nuair a tháinig Brian Mwale (ainm bréige), fear posta 34 bliana d’aois agus athair clainne, chun na hOspíse den chéad uair, bhí droch-ghalar riospráide air. Bhíodh fiabhras air agus allas oíche agus bhí cuid mhór meachán caillte aige. VEID/SEIF ba chúis leis. Chaill Brian an post a bhí aige de dheasca go mbíodh tinneas air go rialta. Ní raibh sé in ann a theaghlach féin a chothú, agus chuaigh sé i muinín a mhuintire. Dúirt siad go
9
raibh a gcuid fadhbanna airgid féin acu uile, agus mhol siad dó filleadh ar an tseanáit faoin tuath. Bhí Brian in umar na haimiléise.
Leigheas:
Tugadh diagnóis na heitinne (tuberculosis) ar Bhrian agus bhí air cógais Frith-Eitinne chomh maith le drugaí Anti-retroviral a ghlacadh. Bhí an coir leighis seo casta, agus chuaigh sé crua ar Bhrian cloí leis. Thug na comhairleoirí cabhair dó agus d’éirigh sé cleachtaithe leis.
Cothú:
Ní raibh Brian ag saothrú meáchana mar ní raibh a dhóthain bia aige. Tugadh cothú speisialta dó, a bhfuil cnónna, bainne agus nithe eile a bhfuil cothú maith iontu.
Dul chun cinn:
Tá biseach mór tagtha ar Bhrian taobh istigh de dhá bhliain, a bhuíochas do na cógais agus don chothú. Tá 73kg meachán air anois nuair nach raibh ach 42kg air nuair a tháinig sé chugainn. Tá post úr faighte ag Brian, tá sé in ann a theaghlach a chothú agus tá na páistí uile ag dul ar scoil. As Cill Ia i gCo. Chorcaí don tSr. Kay Ní Néill. Tá baint ag ceithre ord eaglasta leis an Ospís: Misinéirí Proinsiasacha na Máithreachta Diaga (FMDM), Oblátaigh Mhuire gan smál (OMI), Siúracha Doiminiceacha (OP) agus Cumann Naomh Pádraig (SPS). www.ourladyshospice-zambia.org
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Iúil 2011 Go dtuga na Críostaithe cabhair agus sólás, idir spioradálta agus praiticiúil, doibh siúd a bhfuil an galar SEIF orthu, go háirithe sna tíortha is boichte.
TIMIRE Summer_2011.indd 9
05/05/2011 08:31
10
Timire
Taispeáin dom é!
An tAthair Séamus Ó Dúill Nuair a duirt Íosa lena dheisceabail dul ar fud an domhain iomláin agus an Deascéal a fhógairt d’inis sé dóibh, agus dúinne chomh maith a deireann gur muid a lucht leanúna, céard a bheadh i gceist. ‘Beidh sibh in bhur bhfinnéithe dom’, baileach mar atá sé féin ina fhinné do ghrá Dé. ‘Sin é an fáth gur rugadh mé’ a dúirt sé, ‘le fianaise a thabhairt ar an fhírinne’ – an fhírinne gurb é Dia an Té is Grá in ainneoin a cheapann daoine neamhdhiaganta (agus muid féin, fiú, go minic) – in aghaidh domhan crua éagórach bréagach, atá bunaithe ar mheon míchumtha i dtaobh na
TIMIRE Summer_2011.indd 10
háilleachta agus na maitheasa. Is misinéir nádúrtha chuile dhuine a admhaíonn gur Críostaí é nó í, i.e. duine atá seolta; agus dá bharr sin, ar cóir dóibh a bheith ina bhfinnéithe don ghairdeas agus don lúcháir sin a léirigh Críost dá dheisceabail. Is cosúil go bhfuil mórchuid daoine in Éirinn inniu a ghlacann leis go bhfuil siad ina gCríostaithe, agus go dtuigeann siad sin i gcomhthéacs na sagart, na mbráithre, na siúracha agus na misinéirí tuata a ghlacann an dúshlán, faoi spreagadh ghrá Dé agus ghrá a gcomharsan, chun bochta an Triú Domhan a fhreastal. Agus muid ag breathnú ar an bhfuath uafásach in aghaidh Dé agus a Chríost
05/05/2011 08:31
Timire atá ar fud an domhain inniu, bímis ag cuimhneamh ar an ngrá Chríost sin a bhí i gcroíthe na misinéirí a thug an teachtaireacht Chríostaí do na ciníocha dúchasacha thar sáile. Is amhlaidh atá roinnt de na Críostaithe sna ceantair sin ag fulaingt éagóracha, céasadh agus fiú amháin an bháis, ina dtíortha féin, óna muintir féin, sa lá atá inniu ann! Go deimhin, tá an córas beatha atá i gcuid mhaith tíortha ar aon dul leis an drochíde a tugadh do fháithe ársa Iosrael agus a ndearna Íosa tagairt dó. Ach faraor! Tá a mhacasamhail follasach inniu i sochaí an Iarthair; go minic cuirtear an-bhrú ar Chríostaithe clár a ghlacadh atá in aghaidh prionsabail Chríostaí, na prionsabail ar a bhfuil saíocht agus cultúr na hEorpa bunaithe. Is cosúil go bhfuil ag teip ar mhisinéirí síochánta na hEorpa agus Mheiriceá inspioráid a thabhairt, agus grá agus gairdeas Chríost a thaispeáint, de bharr go bhfuil tíortha na hEorpa féin ina dtíortha miseanacha! An ionadh ar bith é, mar sin, go mbíonn guthanna láidre ag stocaireacht, guthanna a dteastaíonn uathu gan baint a bheith acu le teagasc Chríost ar a bhfuil an Eoraip tógtha? Is deacair a chreidiúint go raibh ar an CCEE (Comhairle Easpaig na hEorpa) eagraíocht a bhunú le cearta Críostaí a chosaint agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an réamhchlaonadh agus ar an éagóir timpeall Mhór-Roinn na hEorpa. I gCaibidil 13 d’Eoin, duirt Íosa lena dheisceabail agus é ag déanamh a ullmhúchán deireanach i gcomhair imeacht uathu, go roinnfeadh sé a
11
lúcháir leo, an lúcháir sin a ghlac sé óna Athair. Is amhlaidh a mhothódh siad an t-eispéireas seo de réir na fianaise a léireoidís ina ndílseacht agus ina gcaidreamh le daoine – de réir an ghrá a thaispeánfadh siad dá chéile díreach mar a thug sé grá dóibh. Is sa dóigh sin amháin, a duirt sé leo, a thuigfeadh agus a ghlacfadh an domhan leo, agus eisean chomh maith. Is amhlaidh a léiríonn agus a thaispeánann briathra agus gníomhartha Chríost a dhaonnacht álainn. An dteastaíonn uainne, Críostaithe, go mbeadh sé le rá fúinn ag daoine eile: ‘Is gá go bhfeicfimis chun go gcreidfimis!’Nach bhfuil sé léirithe chomh hiontach sin in My Fair Lady: ná labhair faoin ngrá, ná labhair faoi sheacláid, ná labhair faoi réaltaí, ná labhair ar chor ar bith – taispeáin dom é! Bá é sin a bhí i gceist ag Íosa, agus go deimhin, an rud a thaispeáin sé ina bheatha féin i ngach uile ghné den tSoiscéal. Ní dhearna sé iarracht, fiú amháin, rúndiamhair na fulaingthe a mhíniú: is amhlaidh a ‘thaispeáin sé dúinn’. Más amhlaidh gur duine thú de mo lucht leanúna, a deir sé linn, caithfidh tú bheith i do fhinné don ghrá sin atá agam i gcomhair chuile dhuine agus chuile rud atá cruthaithe. Más amhlaidh gur ceann de mo dheisceabail tú, ní mór duit bheith i do mhisinéir do chuile dhuine atá ag fulaingt fuatha, nó éagóra agus chuile chineál géarleanúna. Mura bhfuil tú sásta sin a dhéanamh níl an fhírinne ionat: is bréag í do bheatha; ní féidir leat bheith i do dheisceabal agam; ní féidir leat bheith i do chara agam; níl féidir leat a rá gur Críostaí fíor, dílis tú.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Iúil 2011 Guímid ar son misinéirí; go raibh siad ina bhfinnéithe do lúcháir an tSoiscéil agus ina macasamhlacha de ghrá Chríost.
TIMIRE Summer_2011.indd 11
05/05/2011 08:31
12
Timire
Bígí fréamhaithe!
Leon Ó Giolláin, SJ I leabhar dár teidil Googling God, tá cur-síos ag an údar, Mike Hayes, ar chleachtadh áirithe spioradálta atá forleathan i measc ‘mílaoisigh’ Chaitliceacha (daoine óga sna fichidí agus sna triochaidí), i.e. adhradh Eocairisteach. Deir sé nach aon ionadh é an feiniméan reiligiúnach seo nuair a chuireann tú san áireamh a chasta, a bhaolaí is a leochailí is atá an domhan is eol dóibh. Ní gá ach smaoineamh, a deir sé, ar 9/11, Columbine, an súnámaí san India, hairicín Katrina, sléacht Virginia Tech, etc. (agus anois, an súnámaí is déanaí sa tSeapáin). Tuigeann an ghlúin seo níos fearr ná héinne eile cé chomh dainséarach, neamh-chinnte, sealadach is atá an domhan seo; agus mar sin lorgaíonn siad an rud buan, iontaofa, diongbhálta ar féidir leo muinín iomlán a bheith acu as. I gciúnas domhain na hurnaí agus an adhraidh eocairistigh, aimsíonn siad suaimhneas agus faoiseamh anama, tugtar misneach dóibh, cuireann siad a muinín i nDia
TIMIRE Summer_2011.indd 12
‘mo charraig is dídean dom, mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún’ (salm 18:3). Chonaic mé féin an nós nuaaimseartha (nó nua-aimsithe) seo i Sydney na hAstráile ar Lá Domhanda na nÓg 2008. I ráschúrsa Randwick an oíche roimh an Aifreann Mór leis an bPápa, bhí leathmhilliún daoine óga – mé féin ina measc – bailithe le chéile. Scaipthe ar fud na páirce bhí ‘pobaill adhraidh’ mhóra inar chaith mórchuid na n-óg an oíche ag guí. Go deimhin, níor leasc leo cúpla uair a chloig a chaitheamh sa tearmann tostach taoitheanach seo. Tuigeann an Pápa Beinidict go maith meon agus mian anama na n-óg. Ní de sheans a roghnaigh sé mar téama Lá Domhanda na nÓg i mbliana an ráiteas gearr as litir N. Pól chuig na Colosaigh (2:7): Bígí fréamhaithe agus bunaithe ar Íosa Críost agus daingean sa chreideamh. Go deimhin, is minic, agus é ag labhairt le daoine óga, a leagann an Pápa béim láidir ar ghaol pearsanta le hÍosa Críost a chothú agus a chaomhnú. Féach, mar shampla, an litir a scríobh sé chuig
05/05/2011 08:31
Timire Caitlicigh na hÉireann faoi mhí-úsáid leanaí agus daoine óga. Tá alt speisialta aige don aos óg ina mholann sé dóibh ‘gaol pearsanta (a bheith) á lorg agaibh le Críost, taobh istigh de chomaoin na hEaglaise, mar nach ndéanfaidh sé feall riamh ar an muinín a bhíonn agaibh as. Is eisean amháin a shásóidh na mianta doimhne atá ionaibh…Bíodh bhur n-aire dírithe ar Chríost agus ar a mhaitheas siúd, agus cuir fothain in bhur gcroí ar fáil do lasair an chreidimh’. Ina theachtaireacht oifigiúil do Lá Domhanda na nÓg 2011, léiríonn an Pápa go fíormhaith go dtuigeann sé an domhan ina maireann daoine óga – agus sinn go léir, gan amhras – agus an dainséar spioradálta is mó a bhagraíonn orthu, i.e. an choibhneasaíocht (relativism). De réir na fealsúnachta seo, níl aon fhírinne dhearbh ann ach mo thuairim nó mo dhearcadh pearsanta féin. Mar thoradh air seo, deir sé nach bhfuil ag go leor daoine aon phointe dhaingean tagartha mar bhunshraith acu ina mbeatha, agus mar sin mothaíonn siad neamhshlán, neamhdhaingean iontu féin. Go minic, bíonn siad míshocair agus míshásta agus glacann go furasta le comhfhoirmeacht shóisialta chun suaimhneas nó ciúnas éigin anama a chinntiú. Ach ní shásaítear an duine leis an ‘chomhghéilleadh’ seo, a deir sé. Ina thréadlitir ar an nDóchas (Spe Salvi), déanann sé idirdhealú idir dóchas beag agus Dóchas mór. Ag caint ar dhaoine óga arís, deir sé go mbíonn siad, gan amhras, ag súil go mbeidh grá thar cuimse acu a shásóidh iad go huile agus go hiomlán, go mbeidh post sásúil acu nó rath a fhágfaidh compórdach iad ar
13
feadh a saoil. Ach fiú má éiríonn leo na brioglóidí seo a bhaint amach, fágfar gan sásamh iomlán iad, agus tuigfidh siad gurb é an t-aon rud amháin a shásóidh iad go fíor ná an rud éigríoch(féach Spe Salvi 30). Sin é an fáth go molann sé dóibh aithne inmheánach phearsanta a chur ar Chríost – an Té a thuigeann go hiomlán agus a shásaíonn go hiomlán mianta doimhne an chroí. Is léir go n-éisteann daoine óga le gaois agus le teachtaireacht an Phápa, go bhfuil siad sásta glór an Aoire mhaith a chloisint agus a leanúint agus a mbeatha ‘a fhréamhú agus a bhunú i gCríost’. Sna botháin adhraidh a bheidh scaipthe ar fud cathair Mhaidrid i mí Lúnasa, cloisfidh na daoine óga arís briathar ársa Dé a spreagann dóchas agus muinín fhoirfe dhomhain: Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d’ainm, agus is liomsa thú. Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháthfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú. Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d’fhuascailteoir. (Íseáia 43: 1-3) Táthar ag súil le breis is milliún daoine i Maidrid i mí Lúnasa na bliana seo. Guímis ar a son ‘go gcuirfidh (siad) eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar (iad) de líonmhaireacht iomlán Dé’ (Eif. 3:19). Níl grásta níos foirfe ná níos áille ná seo.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Lúnasa 2011 Go dtuga Lá Domhanda na nÓg i Maidrid na Spáinne spreagadh d’aos óg an domhain chun a saol a fhréamhú agus a bhunú i gCríost.
TIMIRE Summer_2011.indd 13
05/05/2011 08:31
14
Timire
Tar, a Spioraid Naoimh
Ciarán Ó Cróinín OFM
Caithfidh an fíor-urnaí teacht ón gcroí amach. Ní mór dúinn bheith cinnte go bhfuil a n-iarraimíd ag teastáil uainn go fíor. Tá daoine a chíonn an urnaí mar dhualgas thar aon rud eile. Deir mo choinsias liom gur chóir dom maithiúnas a lorg, ach tá fonn chun díoltais i mo chroí istigh. Le linn Ghuí an Phobail ag an Aifreann, seans go mbeadh paidir ann ar son teaghlaigh aon tuiste nó ar son teifigh i bhfad ó bhaile, ach níl mórán dúthrachta ag baint lenár ‘A Thiarna, bí ceansa agus éist linn’, toisc gur cuma linn faoina leithéid de dhaoine, agus níl in ár bpaidir ach focla folamha.
TIMIRE Summer_2011.indd 14
Más mian linn go mbeadh ár n-urnaí dáiríre, ná ligimis do na hintinní bheith ró-ghinearálta. In ionad guí ar son ‘síocháin an Domhain’, roghnaigh tíortha áirithe ina bhfuil trioblóidí faoi láthair; guigh ar son daoine a bhfuil aithne againn orthu a bhfuil cabhair de dhíth orthu. Guigh ar son lánúineacha atá ar aithne againn a bhfuil a bpósadh féin i dtrioblóid. Nuair atá muid ag guí ar son daoine faoi leith, beidh ár n-urnaí i bhfad níos macánta, agus má ghuímid ar son athnuachan creidimh bí cinnte go bhfuil muid toilteanach tosú lenár mbeatha féin. Is iad ‘Críostaithe an Iarthair’, príomhintinn an Phápa an mhí seo. Cé tá i gceist aige? An bhfuil Críostaithe, go ginearálta, ar intinn aige, chomh maith linn féin, baill na hEaglaise Caitlicí. Seans nach ró-bhuíoch a bheadh cuid acu siúd a chloisteáil faoin bPápa a bheith ag guí ar son a gcreidimh. Déarfaidís gur againn féin atá gá le hathnuachan creidimh. Amanta, tá deabhóid iontach ag baint
05/05/2011 08:31
Timire le cuid de na heaglaisí beaga, rud a mheallfadh cuid dár ndaoine óga féin lena mbeocht agus a ndúthracht. Sílim gur muid féin, na Caitlicigh, atá i gceist ag an bPápa. Cén fáth go síleann an Pápa go bhfuil gá ag Críostaithe ‘an Iarthair’ le paidreacha breise. Cá háit atá i gceist? An bhfuil an Rúis san Iarthar nó san Oirthear? An cuid den Iarthar Meiriceá Laidineach atá bocht, nó an Astráil agus an Nua-Shéalainn atá níos cosúla linn féin ná le héinne eile? Is dócha gur Eaglais na hEorpa agus Thuaisceart Mheiriceá is mó atá in aigne aige. Cúis bhróin dó go bhfuil fógairt na Críostaíochta lagaithe chomh mór sin sna ceantair seo. Tá laghdú mór ar líon na ndaoine atá ag dul leis an tsagartacht agus an bheatha rialta, agus orthu siúd a bhíonn ag freastal ar an Aifreann. Tá rialtais i dtíortha éagsúla ag reachtú dlíthe, a théann i gcoinne na moráltachta Críostaí. Síleann go leor daoine san Iarthar gur rud pearsanta agus príobháideach a gcreideamh, agus níl fonn orthu é a fhógairt do dhaoine eile. Ní aontaíonn a lán díobh le teagasc oifigiúil na hEaglaise. Ina measc siúd tá Críostaithe atá díograiseach agus radacach. Labhraíonn an Pápa faoin ghá atá ann, aghaidh a thabhairt ar ár gcreideamh as an nua. Bhí tuile agus trá ag an gcreideamh ag amanna éagsúla i stair na hEaglaise: é ag lonrú go solasmhar dóchasach tráth áirithe, agus ag dul in éag tráth eile. An bhfuil an Creideamh in ísle brí inár measc faoi láthair mar a bhí sé minic go leor sna céadta bliain ó tháinig an Tiarna ar talamh? Cúpla uair, tháinig athbheochan gan choinne trí thionchar dhaoine naofa a bhí lán de
15
Spiorad Dé; ní gá ach smaoineamh ar mhanaigh Éireannacha mar Cholumbán a mhúscail an creideamh trasna na hEorpa san Mheánaois; ar naoimh eile mar Dhoiminic agus Prionsias sa tríú céad déag; Iognáid agus Proinsias Xavier agus Alfonsas Ligouri i rith an Refirméisin. An bhfuil an Pápa ag lorg Cincís nua san Eaglais trí ghluaiseachtaí nua, go háirithe trí na tuataí (laity), ar nós an pléascadh dóchais a tháinig leis an bPápa Eoin a Fiche Trí agus Comhairle na Vatacáine? Fógraíonn an Pápa Beinidict go bhfuil gá le gníomhú an Spioraid Naoimh chun an athnuachan riachtanach seo a thabhairt i gcrích. Go minic is deacair obair an Spioraid Naoimh a aithint i gceart. Bhí deacracht ag Naomh Pól féin leis na Críostaithe neamhaibí sa Choraint; bhíodar lán de chreideamh díograiseach úr, dar leo féin, ach ba Spiorad bréagach na hiomaíochta a léirigh siad seachas spiorad an ghrá. Tagadh ár n-urnaí ón gcroí amach. Smaoinigh go dian ar a bhfuil tú a iarraidh. Roghnaigh na dreamanna is tábhachtaí, dar leat, dreamanna mar an chléir, múinteoirí creidimh agus a ndaltaí, teaghlaigh. á déan dearmad ar na daoine gan obair atá in ísle brí agus ar beag a ndóchas. Chuala Naomh Proinsias guth Dé ón gCrois Chéasta ag impí air ‘Cuir caoi ar m’Eaglais’. Go dtreoraí an Spiorad Naomh sinne chun an glaoch céanna sin a chloisteáil agus a fhreagairt inár mbeatha féin.
Is sagart Proinsiasach é an tAthair Ciarán a mhúineann in Institiúid Dhiaga Bhaile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath.
Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Lúnasa 2011 Go gcleachtaí Críostaithe an Iarthair, faoi thioncar an Spioraid Naoimh, a gcreideamh le fonn agus le díograis.
TIMIRE Summer_2011.indd 15
05/05/2011 08:31
16
Timire
Trí Chrann na Croise
Caitlín Ní Luasaigh Fadó fadó, ar thaobh cnoic, bhí trí chrann ag fás. Bliain i ndiaidh bliana, shíneadar uathu i dtreo an tsolais, i dtreo na spéire agus i dtreo na gréine. D’athraíodar le gach séasúr. San earrach
TIMIRE Summer_2011.indd 16
dhiúl na préamhacha isteach na braonta úra báistí a dhrithligh tríd an talamh. Sa samhradh d’osclaíodar a nduilleoga i dtreo na gréine. Sa bhfómhar shéid gaoth láidir thart timpeall orthu a chuir na duilleoga ag damhsa le fonn. Tháinig an geimhreadh ,agus faoi bhrat bán
05/05/2011 08:31
17 sneachta shocraíodar síos chun codlata. Bhí na mílte réalt ag glioscarnach sa spéir in airde agus thosaíodar ag taibhreamh go sásta. Oíche amháin thosaíodar ag rámhallaí. Labhair an chéad chrann. ‘An rud is mian liomsa’, ar seisean, ‘ná saibhreas. Seoda gur féidir liom a choiméad agus greim an fhir bháite a bheith agam orthu. Ba mhaith liom bheith im thaisceadán do gach rud luachmhar’. Labhair an dara crann. ‘Tréan-neart an rud is mian liomsa’, ar seisean. ‘Déanfaidh mé mo thoil féinig, pé áit go raghad. Níor mhaith liom fanacht anseo agus mo phréamhacha go domhain sa chré. Long seoil niamhrach a bheidh ionam ag iompar laochra cróga an domhain. Cuirfidh siad cúram a mbeatha im bhaclainn’. Bhí an tríú crann ar ballchrith. ‘Ó, ní theastaíonn uaimse corraí ón áit seo riamh ná go deo’, ar seisean. ‘Tá fúm fanacht anseo choíche ag síneadh méire i dtreo na bhflaitheas go maorga. Uaidh sin tiocfaidh tuiscint ar na rudaí glórmhara atá níos sia amuigh uainn’. D’imigh na blianta. Lá crua geimhridh chuaigh triúr fear scafánta an cnoc in airde agus tua ag gach duine acu. ‘Tá adhmad sa chrann seo a sheasfaidh i bhfad’, arsa duine acu, agus d’ardaigh sé an tua. ‘Anois’, arsa an chéad chrann, ‘saibhreas luachmhar a bhéas ionam’ agus thit sé go talamh. ‘Tá adhmad sa chrann seo a bheidh buan seasmhach’, arsa an tarna fear, ag ardú a thua. ‘Anois, beidh mé in ann na farraigí tréana a thaisteal le m’fhir chróga ar bord’, arsa an tarna crann. D’fhéach an tríú fear ar an tríú crann. ‘Nach bhfuil sé seo tar éis fás go seoidh’, ar seisean, agus d’ordaigh sé a thua i mbun gnímh. ‘Sin deireadh le mo mhian’, arsa an tríú crann leis féin ag titim go talamh agus na deora leis.
TIMIRE Summer_2011.indd 17
Thóg siúinéir leis an t-adhmad ón gcéad crann. Dhein cláracha de go néata. Ansin fuair sé casúr agus tairní agus bhuail le chéile iad ach ní taisceadán a rinne sé ach mainséar. Líon sé le tuí é. ‘Ní bhfuaireas mo mhian’, arsa an crann leis féin. Ansin, oíche amháin, tháinig fear agus bean ag lorg foscaidh i stábla. Gan mhoill, chuir lámha míne tuí geal nua sa mhainséar agus leagadh leanbh beag gleoite isteach ann. ‘Mo mhian, mo mhian’, arsa an crann agus fhios aige go raibh saibhreas an tsaoil á thaisceadh aige. Thóg saor loinge leis, adhmad an dara crann. Rinne sé bád iascaigh de. ‘Ó, níorbh é seo mo mhian’, arsa an dara crann go dóite. Oíche amháin d’éirigh gála gaoithe. Nuair a sheas fear amháin suas sa bhád agus dúirt, ‘ciúineas, bí séimh’, mhoilligh an ghaoth agus d’éirigh an fharraige ciúin. Bhí fhios ag an gcrann go raibh an laoch ba chróga dá raibh riamh ann ar bord aige. An t-adhmad ón tríú crann, bhí sé garbh go maith agus caite i leataobh. Bhí an créatúr bocht tar éis dearmad a dhéanamh ar a mhian. D’imigh na blianta, agus ansin bhí glórtha borba timpeall air. ‘Féach’, arsa duine acu, ‘déanfaidh aon adhmad an gnó ach é a aimsiú go tapa’. Thóg lámha garbha leo an t-adhmad agus rinneadar crois de. Le lámh láidir ghreamaigh siad fear in airde air agus chuireadar tairní trína lámha is a chosa. D’ardaíodar an chrois go hingearach agus ansiúd ar barr lom cnoic fuair an fear bás ach ... Ar an tríú lá ghealaigh maidin ghlórmhar. Bhí gach rud tar éis athrú. An fear a bhí marbh, bhí sé beo arís. Níorbh é an bás an deireadh. Ón lá sin amach, nuair a fhéachann daoine ar an gcrois, ardaíonn siad a súile agus a meon in airde go dtí na rudaí maorga atá níos sia amach uainn.
05/05/2011 08:31
18
Timire
Proinnsias Ó Fionnagáin SJ 1909 - 2011
Nuair a fuair an tAthair Proinsias Ó Fionnagáin SJ bás i mBaile Átha Cliath Dé Luain, 7 Márta 2011, bhí aois i bhfad níos mó bainte amach aige – 102 bliain – ná ag Íosánach Éireannach ar bith riamh. In ainneoin na haoise sin, bhí Aifreann an Domhnaigh léite aige le lucht Chuallacht Mhuire i Séipéal Shráid Gardiner an lá roimhe sin, rud ba ghnách leis le roinnt blianta anuas. Saol suimiúil ilghnéitheach a bhí aige.
TIMIRE Summer_2011.indd 18
Cé gur rugadh i nGlaschú é, is i ndúíche a shinsear, Contae Mhuineacháin, a tháínig sé i méadaíocht. Bhí cuimhne soiléir aige ar an lá a chuala sé go raibh cogadh mór le bheith ann san Eoraip agus go mbeadh fir as a cheantar ag imeacht chun troda. Bheadh spéis as cuimse aige sa stair i rith a shaoil, cé gurbh iad na teangacha, an Ghaeilge, an Laidin agus an Ghréigis ba mhó a ndearna sé staidéar orthu ina óige.
05/05/2011 08:31
Timire Bhí sé ina mhúinteoir teangacha i dtrí cinn de na meánscoileanna Íosánacha in Éirinn (Luimneadh, Mungairit, Cluain na nGabhann). Chaith sé trí bliana san India ag teagasc na fealsúnachta d’ábhair sagairt. Ag pointe eile bhí seacht mbliana aige sa Fhrainc, ina shagart cúnta i bparóistí éagsúla. (Bhíodh litreacha rialta san Irish Times, an t-am sin ó Le Curé de Belley, i dtaca le cibé conspóid a bhí ag dul an tráth sin.)
Cúis na Mairtíreach Éireannach Is mar fhear taighde is mó a bhí sé ar a shuaimhneas, agus rinne sé éacht oibre nuair a bhí cás na Mairtíreach Éireannach á scrúdú sa Róimh. Bhí seans maith ann go ndiúltófaí do chás Dhoiminic Uí Choileáin SJ a cuireadh chun báis i ndiaidh Chath Chionn tSáile. Ní sagart a bhí i nDoiminic, ach bráthar, agus mar sin ní raibh sé ina sheiplíneach oifigiúil do shaighdiúirí Uí Shuilleabháin Béarra, ar rugadh air ina measc. De bhreis air sin, bhí Doiminic féin ina shaighdiúr proifisiúnta roimh dhul isteach sna hÍosánaigh dó, agus dá bhrí sin bhíothas ag cur ina leith nach ar son an chreidimh a fuair sé bás. Bhí Proinnsias cóir in inmhe a chruthú, ó dhoiciméid na Sasanach féin, gur ofráil siad a shaoirse agus a bheatha dó ach amháin an creideamh Caitliceach a shéanadh. Admhaíodh fosta gur ar mhaithe le cur chun cinn an chreidimh amháin a tháinig Doiminic ar ais go hÉirinn i gcuideachta Arm na Spáinne. Nuair a beannaíodh Doiminic ar ball leis na hÉireannaigh eile, bhí Proinnsias i láthair, agus is é a bhí thar a bheith bródúil.
TIMIRE Summer_2011.indd 19
19
Bhí buaicphointe ina shaol, dar le Proinnsias féin, nuair a tháinig Íosánach óg ón tSile, Alberto Hurtado, go hÉirinn in 1931 le Béarla a fhoghlaim. Is ar Phroinnsias a thit cúram a theagaisc agus chaith siad chuid mhór ama i dteannta a chéile. Seachtó is a ceathair bliain ina dhiaidh sin, 23 Deireadh Fómhair 2005, nuair a d’fhógair an Pápa Eoin Pól ll Alberto Hurtado ina Naomh, bhí a sheanmhúinteoir Béarla i láthair i gCearnóg Pheadair, arís eile. Bhí scéilín maith ag Proinnsias faoin Naomh úr. Lá amháin in 1931 bhí Proinnsias, Alberto agus roinnt ábhair sagairt amuigh ar lá saor siúlóide i gContae Chill Mhantáin. Nuair a tháinig tiarna talún na háite orthu agus é i mbun seilge, bhí fearg air mar bhí siad ansin gan cead uaidh féin. De réir a chéile shíothlaigh an fhearg ann agus chuir sé ceist orthu an raibh fear gunna ina measc. D’ardaigh an Sileach óg a lámh go cúthaileach. Tugadh an gunna dó, agus nuair a chaith mo dhuine a bhairéad san aer rinne Alberto smionagar de le hurchar amháin. (Bhí an tSeirbhís Mhíleata déanta aige, is cosúil.) Aspal mór na mBocht agus lucht oibre a bheadh in Alberto ar ball. Is é an dara Sileach a ndearnadh Naomh de.) Bhí an 102ú breithlá ag Proinnsias Ó Fionnagáin cúpla seachtain roimh a bhás. Chuir Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, bonn airgid galánta chuige in onóir na hócáide. Sa teachtaireacht a tháinig leis, chuir sí i gcuimhne do Phroinnsias gurbh é ‘bua na gaoise toradh na haoise’. Bhí sé iontach sásta leis sin. Leaba i measc na Naomh – Éireannach, Sileach agus eile – go raibh aige.
05/05/2011 08:31
20
Timire
Téarmaíocht
Críostóir Ó Floinn Alt in eagrán an Earraigh den Timire a spreag mé chun machnaimh ar an ábhar seo – maith an chomhartha é ar fhoilseachán ar bith an léitheoir a mhúscailt chun machnaimh seachas a thuirsiú chun leimhe. Fealsamh níos cumasaí ná mé, Socraitéas Gréagach, ba í an téarmaíocht ba bhunús lena mhódh díospóireachta faoi dhéin na fírinne. Ba ghnáth leis, tráth dhéanadh a chéile aignis tagairt do théarma teibí ar bith, an chóir, abair, nó an trócaire nó an t-ádh, a fhiafraí ar dtús cad é go díreach a thuig mo dhuine leis an téarma sin. Ansin, thosaíodh an fealsamh ar an sainmhíniú sin a scagadh is a scrúdú, gona léiriú cad a bhi in easnamh air. Módh argóna é nár thaitin leis na daoine a mheas gur intleachtóirí iad, de bhri gur mhinic ina gceap magaidh iad ag an lucht éisteachta dá bharr. Chuir a naimhde casadh claon ar an nós aighnis sin Shocraitéis, ag dearbhú ina choinne
TIMIRE Summer_2011.indd 20
go raibh sé ag múineadh do na daoine óga conas drochamhras a chaitheamh ar na déithe féin chun aimhleasa an Stáit, sa tslí is gur feidir a ra gurbh i an téarmaíocht ba thrúig bháis dó; nárb amhlaidh dúinne! De bhrí gur féidir le daoine éagsúla an chiall a oireann dá gcás is dá ndearcadh féin a bhaint as téarmaí, tig leis an téarma céanna a bheith moltach nó maslach nó neodrach de réir an chomhthéacs ina n-usáidtear é agus an meon lena roghnaitear é. Má deirim go bhfuil duine áirithe coimeádach (conservative) braitheann bri agus tionchar an téarma sin ar mo dhearcadh féin ar an duine sin, ar an bhfáth go bhfuilim ag caint faoi, agus ar mo mheon faoin sochaí i gcoitinne. Ni nach ionadh, mar sin, gur dóigh leis na fealsaimh go bhfuil sé deacair teacht ar eolas cinnte faoi ábhar ar bith, agus gur mhianaigh fealsamh éigin acu teanga a bhunú ar an mhatamaitic le go mbeadh brí gach téarma le tuiscint gan teip. Cad is brí, mar sin, leis an téarma,
05/05/2011 08:31
Timire Caitliceach Rómhánach, óir sin é an nath a chuir as dom san aiste úd? Le meon ionraic, gan amhras, is ea a bhain an t-udar feidhm as an téarma. Dúirt sé, “muintir na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí,” agus in áit eile, “craobhscaoileadh an chreidimh Chaitlicígh Rómhánaigh”, agus – in abairt a bhfuil meascán téarmaíochta inti – “Tá an Eaglais Chaitliceach Rómhánach buartha go bhfuil líon maith Caitliceach tar éis an Eaglais Chaitliceach a fhágáil.” Mar fhocal scoir, agus mar bharr ar an éiginnteacht téarmaíochta, déanann se tagairt do “Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí.” Táim le blianta fada ag cur ar a súile do dhaoine, i gcomhluadar tábhairne agus tinteáin, i gcló agus ar an raidió, nach Roman Catholic mé ach Catholic. Is é is bri leis an téarma Roman Catholic ná Caitliceach a rugadh i gcathair na Róimhe. Dá réir sin, ní miste liom Caitliceach Éireannach a thabhairt orm. Lárionad stairiúil beannaithe na hEaglaise isea cathair na Róimhe, cé nach sa chathair sin a mhair an Pápa i gcónaí – idir 1309 agus 1378 is in Avignon a bhíodar, agus uaireanta eile b’éigean don Phápa teitheadh as an Róimh agus lonnú i gcathair éigin eile de chuid na hIodáile. Níl an focal Rómháineach ina chuid de theideal na hEaglaise i gceachtar den dá leagan den Chré. I gCré na nAspal deirimid “Creidim sa Spiorad Naomh, sa Naomh-Eaglais Chaitlicí”. I gCré an Aifrinn, deirtear, “Credo in unum Deum…Et unam, sanctam, apostolicam Ecclesiam…”. Baintear feidhm as an téarma Roman Catholic Church ar uairibh lena chur in iúl nach bhfuil san Eaglais Chaitliceach ach roinn amháín eile de na seicteanna iomadúla a thugann Críostaithe orthu féin. Tráth bhíos ar imirce i Sasana, is minic a bhraitheas anáil na tarcaisne sa téarma sin, agus go háirithe sa leagan
TIMIRE Summer_2011.indd 21
21
ciorruithe de, RC. Blianta ó shin, tráth bhi an téarmaíocht áirithe seo idir pinn san Irish Times, chuireas litir eolais chucu leis an sliocht seo a leanas as an leabhar Usage and Abusage, le Eric Partridge, saineolaí ar cheart an Bhéarla: “Catholic Church or Church Catholic formerly meant ‘the Church universal, the entire body of Christians’; but since the Reformation it has also and more usually meant ‘the Church of Rome’, often designated the Roman Catholic Church. Catholic suffices in opposition to Protestant or to AngloCatholic; in short, it always suffices.” Ní beag san, ach tá téarmaí go leor in úsáid sna meáin chumarsáide agus ní féidir a rá gur le meon ionraic a bhaintear feidhm astu. Ceann atá coitianta go leor ná termination, ón Laidin terminus, ceann scríbe nó críoch (bhi an dia Terminus ag na Rómhánaigh lena seoladh slán go deireadh aistir nó gnó, ceann de na déithe iomadúla a ndearna Naomh Aguistín ceap magaidh díobh ina shárleabhar, Cathair Dé). Marú an linbh sa bhroinn an chiall atá leis an téarma deas clasaiceach sin, termination, mar a úsáidtear é i gcomhthéacs na giniúna daonna sa lá atá inniu ann. Téarma eile sa réimse saoil céanna, nil ann ach focal beag aonsiolla, focal a fhaightear coitianta i litríocht an Bhéarla le sonas agus gliondar agus áilleacht a chur in iúl. Tá an focal beag sin glactha chucu féin anois ag daoine a bhraitheann go bhfuil an téarma ceart, homosexual, rófhada nó róshoiléir. Mura leor nod don eolach, léigh an dán Daffodils le Wordsworth. Is minic a mhúineas an dán sin do dhaltaí meánscoile a bhain an-taitneamh as, idir fhriotal ceolmhar agus smaointe sothuigse, seachas nithe eile a bhí ar an gcúrsa. Níor mhaith liom tabhairt faoina mhúineadh inniu agus an saol curtha as a riocht mar atá ag lucht na téarmaiochta casta.
05/05/2011 08:31
22
Timire
Státseirbhíseach faoina ainmneacha cleite
Mícheál Ó Cearúil Tá comóradh á dhéanamh ar fud na cruinne i mbliana ar an údar Béarla Flann O’Brien, a rugadh céad bliain ó shin ar an 5 Deireadh Fómhair 1911. Ar ndóigh, ní raibh san ainm cleite sin ‘Flann O’Brien’ ach ceann amháin de na hainmneacha cleite a ghabh Brian Ó Nualláin, státseirbhíseach agus Gaeilgeoir, chuige féin agus is fearr aithne ag lucht léite na Gaeilge air faoin
TIMIRE Summer_2011.indd 22
ainm cleite Myles na gCopaleen. Ar an Srath Bán i gCo. Thír Eoghain a rugadh an Nuallánach. Oifigeach Custam agus Máil a bhí ina athair agus thóg sé a chlann mhór le Gaeilge. Toisc go mbíodh sé ag aistriú ó áit go háit lena chuid oibre agus, b’fhéidir, chomh maith, toisc go raibh eagla air go lagódh an scoil an Ghaeilge a bhí ag a chlann, rinne sé na páistí ba shine a bhí aige a theagasc tríd an bpost. Is amhlaidh nár fhreastail Brian ar scoil go dtí go raibh sé dhá bhliain déag d’aois.
05/05/2011 08:31
Timire Ar ball, nuair a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath, d’fhreastail Brian ar Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge. Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an nGaeilge, ar an mBéarla agus ar an nGearmáinis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain Céim Mháistreachta amach sa bhliain 1935 ar thráchtas ar fhilíocht dúlra na Gaeilge – Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, agus údar ar ghramadach na Gaeilge, a bhí ina uncail, an tAth. Gearóid Ó Nualláin. In Iúil na bliana sin 1935 ceapadh Brian ina Oifigeach Riaracháin Sóisearach i dTeach an Chustaim agus, dhá bhliain ina dhiaidh sin, ceapadh é ina Rúnaí Pearsanta ag an Aire Rialtais Áitiúil, Seán T. Ó Ceallaigh. Is dhá bhliain ina dhiaidh sin arís, sa bhliain 1939, a foilsíodh a chéad úrscéal, At Swim Two Birds, faoin ainm cleite Flann O’Brien. Agus ba sa bhliain dár gcionn, 1940, a ghabh sé an t-ainm cleite ‘Myles na gCopaleen’ chuige féin, dá cholún cáiliúil ar an Irish Times, ‘An Crúiscín Lán’ – bhí an t-ainm sin ar rógaire Gaelach i ndráma le Dion Boucicault, The Shaughraun, agus is é ‘Myles na gcapaillíní’ an bunús atá leis. I nGaeilge a bhí formhór na n-alt ag Brian in ‘An Crúiscín Lán’ sna blianta tosaigh, agus bhí idir shúgradh agus dháiríre iontu. Ní raibh sé i mbun an cholúin ach ar feadh bliana nuair a foilsíodh a úrscéal gairid, An Béal Bocht. Scig-aithris ar An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain ach go háirithe atá sa leabhar sin, ina ndéantar fonóid faoi lucht na cúise gona n-ómós don am a chuaigh thart, agus dó sin amháin, ó thaobh na Gaeilge de. Dar le Brian Ó Nualláin féin, sa bhliain 1954, go raibh níos mó ábhair i nGaeilge scríofa aige lena fhoilsiú, agus níos mó Gaeilge curtha i gcló aige, ná aon duine eile riamh. Is amhlaidh gur foilsíodh breis agus cúig chéad aiste Ghaeilge leis, idir
TIMIRE Summer_2011.indd 23
23
ailt, léirmheasanna agus scéalta, idir 1931 agus 1962. Tá tábhacht nach beag ag scríbhinní Gaeilge sin an Nuallánaigh sa mhéid gur chuir sé béim ar úsáid agus ar mhúnlú na teanga scríofa chun plé le himeachtaí a linne féin agus, ag léamh an bhrollaigh in An Béal Bocht inniu, ní shamhlófá go bhfuil deich mbliana agus trí fichid ann i mbliana ó foilsíodh é a chéaduair. Bhí teipthe ar an Nuallánach foilsitheoir a fháil do The Third Policeman sa bhliain 1940. Folsíodh drama leis, Faustus Kelly, trí bliana ina dhiaidh sin, áfach, agus sa bhliain chéanna sin 1943 ceapadh ina Phríomh-Oifigeach Cúnta Sealadach é. Cúig bliana níos déanaí bhí sé ina Phríomh-Oifigeach Sealadach, i gceannas ar an Oifig Pleanála. Phós sé clóscríobhaí i dTeach an Chustaim, Evelyn McDonnell, an bhliain chéanna sin. Lean sé air i mbun pinn i gcaitheamh na mblianta ina dhiaidh sin fad a bhí sé ag obair leis sa Státseirbhís. Ar láimh amháin bhain sé leas ina chuid scríbhneoireachta cruthaithí as an taithí a fuair sé agus é ag gabháil do mheamraim oifigiúla a scríobh agus, ar an láimh eile, ní foláir nó gur bhain sé leas as an scríbhneoireacht chruthaitheach sin chun éalú óna chúraimí oifigiúla isteach i ndomhan an mhagaidh agus an ghrinn agus na fantaisíochta. D’éirigh sé as a phost, ar bhonn drochshláinte, sa bhliain 1953. Foilsíodh trí úrscéal leis, The Hard Life, The Dalkey Archive agus, ar deireadh, The Third Policeman, sna blianta 1961, 1964 agus 1967 faoi seach. Foilseachán iarbháis a bhí sa saothar deiridh sin óir d’éag Brian Ó Nualláin – agus gan é ach 55 bliain d’aois – ar an gcéad lá d’Aibreán 1966. Tá an t-údar faoi chomaoin ag Diarmuid Breathnach as ábhar an ailt seo a phlé leis.
05/05/2011 08:31
24
Timire
Athghabháil na Gaeilge
Séamus Mac Seáin Léigh Séamus Mac Seáin, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhéal Feirste, dhá leabhrán, RE-EMBRACING IRISH: A Continuous Language Journey, le Colm Ó Tórna agus The Gaelic Language, Heritage from the past, Hope for the future, le John Robb agus tugann sé a thuairimí féin. Is fear an-phraiticiúil é Colm Ó Torna, ach san am céanna is fear é a dhéanann machnamh ar na cúiseanna a spreag é féin leis an teanga a ghlacadh chuige féin agus é ar deoraíocht i Sasana, an áit ar casadh a bhean chéile Éibhlín air, gur iompaigh siad beirt ar an Ghaeilge ar bhreith á gcéad mhac Muireadach,
TIMIRE Summer_2011.indd 24
agus gur lean siad ag labhairt na teanga ar philleadh ar Éirinn dóibh. Má tá Colm praiticiúil ina dhóigh, is fear é fosta a dhéanann dianmhachnamh ar chúrsaí. Creideann sé nach dúnghaoiseanna phraiticiúla amháin a spreagfaidh muintir na hÉireann leis an teanga a ghlacadh chucu féin. Creideann sé gur ní spioradálta é athréimiú teanga agus go bhfuil sé riachtanach a thabhairt le fios don phobal nach ar son ‘Is agus Tá’amháin is fiú í a chaomhnú, ach gur de dhlúth agus de inneach ár bhféiniúlachta í nach dtig linn maireachtáil ina héagmais. Is léir gur fhág scríbhínní an fhealsúnaí Simone Weil lorg air, agus pilleann sé go minic ar a teagasc siúd lena sheasamh féin i leith na teanga a mhíniú. Creideann sé mar shampla nach leor an domhan Angla-Mheiriceánach a aistriú
05/05/2011 08:31
Timire go Gaeilge mar i ndúil is go sásóidh sin mianta mhuintir na hEireann, ach go gcaithfidh an teanga freagairt do rud éigin níos doimhne ná sin. Ní shíleann sé gur leor sobaldramaí, ná X Factor, ná popcheol leis an phobal a spreagadh, fiú má bhíonn an trachtaireacht idir na hamhráin i nGaeilge. Ní miste leis spioradáltacht a thabhairt ar na hiarrachtaí athbheochana sa tír. Cé gur scríobh Colm an leabhrán beag seo roimh chliseadh na mbancanna agus cailliúint an neamhspleáchais sna Sé Conntae Fichead, agus go mbaineann sé le hathbheochan na teanga go príomha, tá go leor ann a bheadh ábharach don droch-chaoí ina bhfuil muid faoi láthair. Easpa físe agus gannchuid fealsúnachta ag ár gceannairí Polaitiúla agus Eaglasta, agus muid ár mbogadh anonn is anall ag gach séideán gaoithe a thagann inár treo. Le linn an toghcháin is déanaí sna Sé Chontae fichead, ba shuimiúl a laghad cainte a rinneadh ar an sort sochaí a ba mhaith leis na polaiteoirí a fheiceáil sa tír dá mbainfeadh siad cumhacht amach. Má bhí aisling ag duine ar bith acu ba i bhfad siar iontú a bhí sí. Dar leat, agus an tír in umar na haimléise, gur sin an t-am don dearcadh fadradharcach, dóchasach, aislingeach a thógfadh meanma an phobail agus a bhéarfadh ardú chroí dóibh. Ina áit sin, bhí gach páirtí san fhreasúra ar á ndícheall ag scaipeadh gruaime agus duaircis sa bhreis ar an dobrón a bhí ar an phobal cheana féin. Bhí an caoineadh agus an t-olagón chomh holc sin nach gcuirfeadh sé iontas orm gur mhéadaigh imirce as an tír faoi dhó le linn thréimhse an toghcháin féin. Cad chuige nach raibh páirtí ar bith in inmhe dóchas don todhchaí a léiriú? Ní raibh an Rialtas féin ábalta aon dea-scéal
TIMIRE Summer_2011.indd 25
25
a chur in iúl, cé gurbh é sin an t-aon rud amháin a dtiocfadh an treascairt a bhí i ndán dóibh a laghdú. Bhí siad mar bheadh coinín ann ag stánadh ar shoilse an juggernaut a bhí le hiad a scrios. Bíodh agus gur chríochnaigh an Rialtas ina phraiseach ag deireadh, bhí rudaí ann a dtiocfadh leo a lua a chuaigh chun sochair don phobal le linn a dtréimhse i gcumhacht ach ní raibh an fhealsúnacht fhadmharthánach sin acu a luaigh Simone Weil, agus bhí thiar orthu. Is leabhar beag suimiúl é seo seo nár mhiste a bheith ina phóca cúil nó ina mála ag gach Gael le go dtiocfadh leis nó léi é a bhronnadh ar an chéad duine eile a chastar orthu agus a deireann go tarcaisneach ‘what use is Irish anyway?’
Guth aduaidh
Níl ach seacht leathanach sa phaimfléad bheag seo ag John Robb, duine den bheagán Protastúnach ó thuaidh, a labhair amach go hoscáilte ar son Éire Aontaithe ag am a bhféadfadh sé a bheith contúirteach a leithéid a dhéanamh. Mar sin, is fear é a bhfuil misneach aige, agus nach miste leis a bharúil a nochtadh. Sa leabhrán seo, tugann sé iarraidh a chur ina luí ar a phobal féin gur chuid dá n-oidhreacht í an Ghaeilge a baineadh uathú a oiread agus a baineadh ón phobal Chatlíceach, ach ar chúiseanna difriúla, agus gur cheart dóibh tacú léí anois agus athghabháil a dhéanamh ar a n-oidhreacht. Tugann sé iarraidh comparáid a dhéanamh idir scrios na héiceolaíochta gona plándaí, ainmhithe agus éisc, etc. agus scrios na dteangacha beaga tríd an domhan agus an dulagas atá orainn iad uile a chaomhnú. Labhraíonn sé ar an cheangal le hAlban agus gur Ghaeilge a labhair cuid de na plandóirí ar theacht go hÉirinn dóibh sa seachtú haois déag. Is athscríobh é an leabhrán beag seo
05/05/2011 08:31
26
Timire
ar cheann a scríobh sé breis agus fiche bliain ó shin, agus tá a lorg sin air in áiteanna. Nuair a deir sé nár cheart go mbrúfaí an teanga ar dhuine ar bith, is iomaí Gael a dhéanfadh draothadh beag gáire nuair a chuimhníonn sé ar a laghad agus a bhrúitear an teanga ar dhuine ar bith i gceachtar den dá stát in Éirinn, agus gur ag na Gaeil féin atá an t-abhar casaoide. Tá an leabhar dírithe ar an phobal Phrotastúnach, agus mar sin tá sé i bhfách le nach mbeadh an Ghaeilge ina céad theanga oifigiúil sna é chontae fichead, agus gur cheart an bunreacht a athrú le go mbeadh sé sin amhlaidh. Más comhartha ar bith é an polasaí Gaeilge a bhí á chur chun tosaigh ag Fine Gael aimsir an toghcháin seo a d’imigh tharainn, is féidir go bhfaighfidh John a dhóigh ach bheadh go leor daoine den tuairim nach ar leas na teangan a bheadh an bogadh sin.
Ar bhealach, tá an Dr Robb ina Oisín i ndiaidh na bhFiann ó thaobh Éire Aontaithe agus athrú Bunreachta de sna 26 contae, nó nuair a d’imigh Airteagal a Dó agus Trí den Bhunreacht aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta, rinneadh an chríochdheighilt buan ar feadh a mbaineann sé leis an chuid is mó againn, agus gur cheart anois an pobal Aontachtach ó thuaidh a ghríosadh anois lena gcearta teanga a lorg dóibh sin uile, idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicígh, gur mór leo a n-oidhreacht Ghaelach. Is taobh istigh den stát ó thuaidh atá bunús mór an phobail Phrostastúnaigh ina gcónaí agus is san Stát sin atá an leasú de dhíth gan bacadh le Stát na 26 contae. Tá súil agam go scaipfear an paimléad beag seo go forleathan sa phobal Aontachtach ó thuaidh nó tá go leor abhar machnaimh ann.
Tomhas an Timire: 164
1
2
3
4
5
6
Crochfaidh mé ------ is gabhaidh mé siar? Aimsigh freagra na ceiste i measc na n-ainmneacha thíos: Laois, Tír Eoghan, Corcaigh, Lú, Aontroim, Gaillimh Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Iúil , 2011. Tomhas 163: Freagra: Earraigh Buaiteoir: Séamus Mac Riogh, Moyrus, Carna, Connamara, Co. na Gaillimhe.
TIMIRE Summer_2011.indd 26
05/05/2011 08:31
Timire
27
Im Leabharlann Dom Turasanna
Cliodhna Cussen Coiscéim 64 lch, le líníochtaí. €7.50
Faigh Greim ar an Ghrian Proinsias Mac a’a Bhaird Coiscéim 81 lch, le léaráidí. €7.50
Bleachtaire na Seirce Dairena Ní Chinnéide Coiscéim 32 lch. €7.50
Clapsholas
Mícheál Ó Fionnáin Coiscéim 31 lch. €7.50
Le Seán de Fréine San ochtú haois déag, d’fhiosraigh an feisire Boyle Roche i mbaoth-Pharlaimint na hÉireann, ‘Cén fáth gur fiú dúinn rud a dhéanamh ar son ár sleachta? Cad a dhein ár sliocht dúinne riamh?’ Duine de dhream é nach raibh tradisiún nó sinsearacht stairiúil cheart acu níos sia siar ná glac bheag de ghlúnta, drong nár ghá dóibh saothrú go hionraic chun a raibh de mhaoin na hÉireann acu a thuilleamh, ach a fuair é de bharr taismí coigistithe agus cogaíochta. Ní raibh sinsir acu a shaothraigh dua ar a son, sinsir a bheadh mar eiseamláir acu chun an rud céanna a dhéanamh don sliocht úd. Ní raibh de stair acu ach an aimsir ghairid láithreach, agus cheal aimsir chaite a thabharfadh meon na híobairte agus na freagrachta dóibh, níor dhein
TIMIRE Summer_2011.indd 27
siad faic (seachas corrdhuine díobh) ar son na tíre, nó ar son a sleachta féin ach oiread. Dá thoradh sin, níor mhair siad ach seal, agus d’imigh a bparlaimint leithleasach, go tobann, mar an cheo faoi dheireadh an chéid chéanna. Níor thuig siad nárbh ionann saol buan pobail agus sraith de eipeasóidí gearra díomuana láithreacha atá neamhspleách ar a chéile. Rith na smaointe seo liom agus na leabhair seo á léamh agam, go háirithe an chéad dá cheann díobh. Ar na turasanna atá i gceist ag Cliodhna Cussen, tá an turas cinniúnach a thóg Colm Cille ar fán fada go hOileán Í. Sraith de chúig litir o am a dhíbeartha in AD 546 go dtí aimsir ghairid roimh bhás dó timpeall AD 596. Mar aonad, tá an tsraith seo go hálainn, agus an naomh ag caint agus é ag dul in aois ar cé chomh ‘Gasta a shleamhnaigh na blianta fada tharainn, / Seanmóireacht is síorthaisteal.’ Smaoinigh anois ar an oidhreacht eiseamláireach a d’fhág Colm ag na glúnta ina dhiaidh, gur ábhar spreagtha é do fhile tallannach beagnach míle cúig bliain i ndiaidh a bháis. Baineann an dán Guth Sairdíneach go speisialta le hábhar na hoidhreachta: ‘Chailleamar ár ndearg-rún, / An moirtéal / a tháthaíonn na glúnta le chéile…/ A deireann na nithe / Gur chóir a sheoladh ar aghaidh / go dtí an chéad ghlúin eile.’ Tá téamaí eile le cíoradh ag an fhile, ar ndóigh: an tsraith de thurasanna tríd an fhéilire ó mhí go mí, mar shampla. Is taitneamhach na dánta seo; is iontach mar atá gach ceann acu ina sheoid dhifriúil ar leith: ní bhíonn a fhios agat cén úire a bhuailfidh leat ó mhí go mí. Tour de force beag atá déanta aici anseo, cuid de um eachtraí pearsanta a bhain léir féin, cuid eile ina léiríonn sí súil ghéar
05/05/2011 08:31
28
Timire
chun mionphointe a thug sí faoi deara a chur ar lasadh. Tagann turasanna níos gnáiche faoina cúram chomh maith. Má bhí tú sáinnithe oiche fhliuch ag triall thar Thimpeallán na Bó Deirge (Mire), dúiseoidh Deisiú Bhóthar Nás na Rí an t eispéaras duit arís. Tá go leor línte eile aici a bhíogann an tsamhlaíocht, agus í ar thurasanna eile, ag ‘siúl ar thrá na síoraíochta’ …‘fadó nuair a bhí gach ní indéanta.’ An dara leabhar a spreag mo smaointe ná Faigh Greim ar an Ghrian le file óg úr. Is go feilmeanta a fhreastalaíonn Mac a’ Bhaird an dá thrá, Éire na linne seo (nó gnéithe di) agus sean-Éire an dúchais. Is file bríomhar cliste é. Ta an chlisteacht le sonrú in Cuirtíní, agus in Dán gan File mar a bhfuil beatha agus pearsantacht dá chuid féin ag an dán, a thugann air triall ‘trí chosmas na samhlaíochta’ chun taitneamh a bhaint as áilleacht agus iontais an domhain sula dtiocfaidh síos chun talaimh agus faoiseamh a bhronnadh (b’fhéidir) ar ‘an fhile bocht,
TIMIRE Summer_2011.indd 28
mo pháiste beag aineoil /atá de shíor ar mo chuartú. Ní chuireann sé fiacail ann nuair a rianaíonn sé gnúis rocach Éire na linne seo, sna dánta fórsúla Andante, Allegro, Presto (prósdán, cineál atá annamh sa Ghaeilge), Divertimento agus Bréagadóir. Bearrann sé féasóg an chur i gcéill den ghnúis le scian ghéar na feirge. Ach tá trí dhán eile san chnuasach seo a bhfuil tábhacht agus tráthúlacht faoi leith ag baint leo. Is iadsan a athinsint chumasach dhílis i nGaeilge na linne seo ar na dánta cliúiteacha A Bhean Fuair Faill ar an bhFeart, Anocht is Uaigneach Éire agus Is Trua liom Máire agus Mairghréad. Ní miste om a rá gur mhó a chuaigh na leaganacha seo i gcion ormsa na na bunleaganacha. Is mór is fiú na saothair seo a léamh agus a mheabhrú, agus muid i láthair na huaire ag fulaingt Cionn tSáile a Do, an chéad longbhriseadh i stair ocht gcéad mbliain nach féidir linn a mhilleán a leagan ar Shasana, ach gur dár ndéantús féin é. Ach ní cóir go mbeadh
05/05/2011 08:31
Timire
ró-ionadh orainn faoi sin. Níl mórán difríochta idir aineolas Boyle Roche san ochtú céad déag, agus an t-aineolas ar cad is stair cheart, agus an spreagadh agus an spiorad a thagann dá bharr, atá ar fhorbróirí, thógálaithe, bhaincéirí agus go leor eile na linne seo. Séard atá ann ná sampla reatha de easnamh an mhoirtéil a tháthaíonn na glúnta le chéile. Mar mhalairt, in Bleachtaire na Seirce, pléann Dairena Ní Chinnéide le morán nithe agus mothúchán a bhaineann go sainiúil le cúrsaí an lá inniu, ó ‘googleáil’ go ‘wikipedia’ agus ‘ceol casta rac-ghinte na seachtóidí’, agus íoslódáil Harry Potter. Feicimid an seansaol in Maurice agus imní an nuashaoil in Paidir. Bainfidh réimse leathan daoine taitneamh as an éagsúlacht is an ilghnéitheacht dán atá ins an mheascra san leabhar seo. Baineann aan file féin leis an bhaicle bhíoga éigse atá chomh líonmhar, de réir cosúlachta, le corrmhíola, i gCorca Dhuibhne na laetha seo. A bhuíochas, cuid mhaith, mar a deireann sí féin, don
TIMIRE Summer_2011.indd 29
29
an laoch Pádraig Ó Snodaigh (Coiscéim). Amen leis sin! File eile ón taobh sin tíre is ea Micheál Ó Fionnáin, a thugann Clapsholas dúinn. Dánta machnamhacha den chuid is mó, ar fiú iad a mheabhrú go mall. Coincheap úrnua aige ná an tsraith de dhánta ar chuid de na léaráidí maisithe is mó cáil atá i Leabhar Cheanannais. Is mil é na dánta seo a léamh i dteannta leis na léaráidí, má tá de ádh ort cóipeanna díobh a bheith agat. Faoi mar a tharlaíonn, tá leabhair agus leabhráin ann le cuid acu ar fáil iontu. Dán de chineál eile is ea an píosa álainn truamhéalach ceann in omós do Manuela Riedo, an cailín óg ón Eilvéis a dúnmharaíodh in iarthar na hÉireann roinnt bliain ó shin: uafás a thug ‘masla dár / 5,000 bliain de shibhialtacht Cheilteach’. Duine gnóthach is ea an t-údar seo, a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla, a láimhseálann idir fhilíocht agus fhealsúnacht le héifeacht, agus atá le cois sin uile, ina dhochtúir teaghlaigh. Fear annamh gan amhras. Gura fada buan é.
05/05/2011 08:31
30
Timire
MISE EOGHAN
Lís Ní Chulainn
Dia dhaoibh, a chairde óga, agus an Samhradh tagtha chugainn, chun deireadh a chur le ranganna agus chun sinn a scaoileadh amach faoin aer úr. Ach mo lean, leis an Samhradh tagann scrúduithe – an staidéar go meánoíche agus an díomá nuair a bhíonn ceisteanna ar an scrúdpháipéar faoi gach ábhar seachas an ceann a ndearna tú staidéar air. Mó, níos measa fós, nuair a bhíonn boscaí, agus na freagraí chomh cosúil lena chéile agus gan aon scríbhneoireacht ach an ‘tic’ a chur sa bhosca. Bíonn an seansagart anseo sa Choláiste ag taispeáint dúinn conas mar a chuir na manaigh fadó an t-eolas sna leabhair le cleite agus dúch, agus a rá, deir sé, nach ndéanann scoláirí ach ‘tic’ i mbosca.
TIMIRE Summer_2011.indd 30
05/05/2011 08:31
Timire
31
Scrúdú as an ghnáth
Chuir sé de chúram ormsa i mbliana páipéar scrúdaithe a leagadh amach do scoláirí na chéad bhliana. Bhí saorchead agam mo rogha ceisteanna a chur. Anois tá mé féin den tuairim go bhfuil lear mór eolais ag gach duine nach bhfuil i leabhar ar bith ná ar an idirlíon, agus gur ceart caoi a thabhairt do scoláirí é sin a thaispeáint. Rud níos fearr fós, thug sé nóta fiche euro dom le bronnadh ar an scoláire a léireodh go raibh tallann aiceanta aige. Bhí anspórt agam leis an scrúdú seo. Bhailigh mé cruacheisteanna agus cleascheisteanna ach ba ghá machnamh a dhéanamh fiú ar na fadhbanna ba shimplí. Bhí seancheist agam a fuair mé ó mo sheanathair – an fear faire oíche a bhí ag tabhairt aire don eastát gach oíche. Bhí turas le déanamh ag an úinéir –dul ar eitleán go tír san oirthear. Agus é ar tí imeacht, tháinig an fear faire chuige agus ar sé, ‘Ná téigh ar an eitleán sin. Bhí taibhreamh agam aréir agus sa taibhreamh theip ar an inneall, tháinig an t-eiteán síos san fharraige gus báthadh a raibh ann’. D’éist a mháistir leis, chuir sé ar ceal an ticéad a bhí aige agus d’imigh sé leis ar bhád. Theip ar an eitleán go díreach mar a dúirt an fear faire. Nuair a tháinig an máistir abhaile in ionad buíochas a ghabháil leis an bhfear faire bhris sé as a phost é. Cén fáth? Agus bhí curacheist eile agam – an fear seo, bhí seacht gcapall ráis déag aige agus fuair sé bás. San uacht d’fhág sé a leath díobh ag an mhac ba shine, aon trian díobh ag an mhac ba óige, agus an naoú cuid díobh ag a iníon. Ar ndóigh, ní raibh siad in ann iad a roinnt go cruinn, agus bhí clampar clainne i lár an bhróin ag an tsocraid. Lean an t-aighneas ar feadh ráithe gan aon réiteach. Ansin, lá amháin tháinig an marcach seo ar a each féin, réitigh sé an fhadhb agus ansin d’imigh leis ar a chapall féin. Thug mé leathuair dóibh do na mioncheisteanna agus leathuair do na cruacheisteanna.
Buachaillín ar leith
Bhí mé féin mar fheitheoir agus chonaic mé aghaidh na scoláirí, roic ina n-éadan ag roinnt acu, cuma sholúnta ar roinnt eile, agus miongháire ar chúpla duine. Bhí an-suim agam sa bhuachaillín seo nach bhfuil aon phioc ró-chliste – é pas mall a déarfá, agus go mb’fhéidir nach raibh ábhar mic léinn ann ar chor ar bith. Bhí sé soiléir go raibh sé ag plé na gceisteanna seo ina aigne – aigne nach raibh i dtaobh le hiomarca fíricí ó na leabhair.
Freagraí
Tar éis uaire, bhailigh mé na freagraí agus thóg mé liom iad go dtí oifig an tsagairt le ceartú. Dhéanfadh sibh gáire faoi chuid de na freagraí – an fear faire agus na fáthanna go léir a thug siad dom faoina bhriseadh as a phost: ghoid sé rudaí; bhí uisce faoi thalamh idir é féin agus na polaiteoirí; chaill sé na heochracha; d’éalaigh gadaí isteach; agus go leor eile. Bhí freagra ceart amháin agam don cheist sin – ón mbuachaillín lag: ‘Bhí sé ag brionlóidigh nuair ba cheart dó bheith ag obair,’ ar sé. ‘Fear faire oíche a bhí ann’. ‘Maith thú’, arsa mé liom féin. Agus bhí beirt a réitigh an dara cheist faoi na capaill. Chuir an marcach a chapall féin leis an seacht gcapall déag. Ansin fuair an mac ba shine leath – naoi gcapall, an mac ba óige sé chapall, agus an iníon dhá chapall agus bhí a chapall féin fós ag an marcach. Fuair an buachaillín is laige sa rang an duais – 20 euro. Dá bhfeicfeadh sibh an t-áthas a bhí air! B’shin an chéad duais riamh a bhuaigh sé. ‘Go minic’, arsa an sagart, ‘Is iad na daoine is simplí na daoine is fearr a thuigeann. Agus, féach gur thug Muire teachtaireachtaí do Bernadette ag Lourdes, do Melani ag La Salette agus do Lucia ag Fatima. ‘Abhar machnaimh,’ a deir sé, ‘dúinn go léir atá in ainm is a bheith léannta
TIMIRE Summer_2011.indd 31
05/05/2011 08:31
An Ofráil Laethúil
A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… (féach thíos)… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Intinní an Phápa Mí an Mheitheamh 2011
Go mbaine an Spiorad Naomh flúirse gairmeacha misinéireachta as measc ár bpobal, daoine a bheidh toilteanach iad féin a choiscreacan go huile do Ríocht Dé a scaipeadh.
Mí Iúil 2011
Go dtuga na Críostaithe cabhair agus sólás, idir spioradálta agus praictiúil, doibh siúd a bhfuil an galar SEIF orthu, go háirithe sna tíortha is boichte.
Mi Lúnasa 2011
Go dtuga Lá Domhanda na nÓg i Maidrid na Spáinne spreagadh d’aos óg an domhain chun a saol a fhréamhú agus a bhunú i gCríost.
Mí Mheán Fómhair 2011
Ar son na múinteoirí uile, go nochta siad an grá san fhírinne agus go dtuga siad teagasc ar na fíorluachanna morálta agus spioradálta.
TIMIRE Summer_2011.indd 32
05/05/2011 08:31