Timire
FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH
n
n
EARRACH 2014
an Chroí Ró-naofa €3.75/Stg£3.25
Athnuachan san eaglais leis an bPápa Proinsias n Dearcadh pearsanta ar chúrsaí ollscoile n n Oilithreacht chuig an Róimh n Torthaí an Chomórtais Ghrianghrafadóireachta
TIMIRE Spring_2014.indd 1
n
n
01/04/2014 12:19
2
Timire
Eagarfhocal
Éist leis an aos óigeanta! Is cuimhin liom mo mháthair ag rá gurb é an cinneadh is fearr a rinne sí, nuair a bhí sí féin is a céile ag tógáil a gclann ná gan inneall níochán gréithre a chur sa chistin! Sheasadh sí féin is a hiníon a bhí sna déaga ag dabhach gréithre na cistine ag breathnú amach an fhuinneog, ag ní, ag triomú is ag comhrá le chéile. Is cuimhin liom comrádaí liom, tráth, ag cur ceiste ar Peter Mc Verry cén moladh a thabharfadh sé do thuiste i leith tógáil a gclann i ré seo na ndrugaí. Séard a dúirt Peter ná éisteacht leo. Daoine óga a n-éisteann a dtuistí leo tiocfaidh siad tríd an ngábh is measa dá bhfuil ann. Tá gá againne, Pobal Dé, éisteacht lena chéile le homós is le tuiscint, chomh maith le muintir theaghlaigh ar bith, agus tá práinn leis an ngá sin anois thar mar a bhí ríamh. Creideann an Pápa Proinsias go labhraíonn an Naomh Spiorad tríd an tuathphobal go léir. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil glór Dé cloiste aige ó chosmhuintir favelas Buenos Aires, rud a d’athraigh a shaol. Creideann sé go bhfuil gá ag na heaspaig is le húdaráis uile na heaglaise glór an phobail go léir a chloisteáil chun a fhios a bheith acu céard átá Dia ag rá linn inniu. Thug sé aitheasc roimh Nollaig is d’iarr sé orainn go léir ár dtuairimí faoi cheisteanna an teaghlaigh a chur chuig na heaspaig. Níor thug muid deis éisteachta ná deis labhartha do phobal an Timire. Maith sin dúinn, le bhur dtoil. Ní fios dúinn ar thug aon dream eile deis labhartha ná deis éisteachta leis an bPápa do phobal na Gaeilge in ár dteanga féin. Tá gá le glór na Gaeilge a chloisteáil in eaglais Dé, go háirithe guth an aosa óigeanta. Tá gá glór na Gaeilge a chloisteáil i bpobal na hÉireann, má tá muid le maireachtáil go sláintiúil lena chéile. Ní bhíonn aon teaghlach sláintiúil gan éisteacht le glór an teaghlaigh ar fád, go háirithe an aosa óigeanta. Ní móide go n-aontóidh muid le chéile i gcónaí. Ach muna labhraimid is muna n-éistimid lena chéile ní fhásfaidh tuiscint, ómós is grá dá chéile ionainn. Mura bhfuil ómós, cion, fíor-charanacht agus grá Dé ann, cá bhfaighidh an Spiorad broinn le feoil a dhéanamh den bhriathar sa ré seo againne? Cén áit a leagfaidh Íosa a cheann? Tá fís ag an bPápa nua do phobal Dé. Tá gá againne, pobal na Gaeilge, aird a thabhairt air is labhairt lena chéile faoin a bhfuil ar intinn aige. Ach cá bhfágfar sinn gan guth an aosa óigeanta? Níl mé ag labhairt faoi dhéagóirí amháin anseo ach faoi dhaoine óigeanta níos sine, chomh maith, daoine nach n-airíonn iad féin meánaosta fós. Tá gá lenár bpaidreacha le fís an Phápa a fhíorú. Tá gá againne san iris le bhur bpaidreacha chun tacú linn. Cuir chugainn aon smaointe a d’fhéadfadh cabhrú linn fóram nua a chruthú san iris is bainfidh muidne triall as seifteanna nua chomh maith. Ceann acu ‘Timire Chroí na hÓige’, ceithre leathanach breise i lár an eagráin seo. Céard é bhur dtuairim faoi? Rud nua eile ná an suíomh gréasáin nua a seolfar sar i bhfad. www.timire.ie seoladh an tsuímh nach bhfuil beo fós, ach a bheidh sar i bhfad. Aon léitheoir a mba mhaith léi nó leis a bheith páirteach linn sa bhfiontar seo, bí i dteagbháil linn. Frainc Mac Brádaigh SJ Grianghraf ar an gclúdach: © Mark Earley
TIMIRE Spring_2014.indd 2
01/04/2014 12:19
Timire
3
Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 12 14 16 18 20 22 24 26 28 32 34 36 38 39
Athnuachan san Eaglais Comórtas Grianghrafadóireachta Comórtas Grianghrafadóireachta Dínit na mban Gairmeacha Crábhaidh Éargna Míorúilt i Muighros An Éiceolaíocht agus an Ceart Dóchas do na hEasláin Dearcadh ón Ollscoil Béaltrialacha Gaeilge Na meáin Treorú Muire Oilithreacht chuig an Róimh Aitheasc Phádraig Mac na hEabhraí: leirmheas Dán Cúinne na Cócaireachta
Gerry O’ Hanlon SJ
Helen Ó Murchú Niall Ó Laochdha SJ An tOllamh Breandán Ó Doibhlin Caoimhín Ó Ruairc SJ An tSiúr Anna Ní Bhroin Graham Stockdale Louise Farrell Claire Bogan Pól Ó Muirí Pádraig Ó Maoldúin An tAthair Fiontán Ó Monacháin Leon Ó Giolláin SJ Dan Ó hÉalaithe Pól Ó Muirí Síle Ní Chearbhaill
Ar dheis Dé:
An tSiúr M. Benen Staines. Anraoi Ó Beoláin. Máire Bean Nic Cionnaith. Méabh Uí Chriagáin. D Ó Lubhlaí, 2013.
Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502 r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Tomás Ó Ceallaigh Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Nic an Príora Tomás Ó Ceallaigh Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas
TIMIRE Spring_2014.indd 3
B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 455 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Feabhra 2014 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13
Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624
01/04/2014 12:19
4
Timire
Athnuachan san Eaglais
agus an Pápa nua. Tá tráth an dóchais ann agus athrú san aer Gerry O’Hanlon
Is mian leis an Eaglais a bheith ina ‘solas do na náisiúin’ (Dara Comhairle na Vatacáine). Is mian léi a bheith mar a bheadh sí ina cineál sacraiminte de chuid Íosa Críost, ionas nuair a bhreathnaíonn tú ar an Eaglais gur féidir leat Íosa agus Ríocht an chirt agus na síochána, ar mhair sé, a bhfuair sé bás agus ar aiséirigh sé ar a son, a fheiceáil níos éasca. Is eol dúinn le blianta beaga anuas, nárbh amhlaidh a bhí an Eaglais, de réir cosúlachta ar chaoi ar bith. Léirigh uafás na mí-úsáide ar leanaí agus an chaoi amscaí a ndearnadh í a láimhseáil, fadhbanna níos leithne agus níos doimhne – rialachas atá rólárnaithe agus ró-údarásach; dearcadh mí-aimseartha i leith na mban, míshuaimhneas forleathan maidir le roinnt teagaisc i dtaca le cúrsaí gnéis go mór mór de; éadulaingt i dtaca le díospóireacht oscailte agus easaontú; tearc struchtúr faoinar féidir leo siúd atá baiste a gcearta comhrialachais a chleachtadh agus a n-ionchur sa teagasc eaglaiseach ‘ó thaobh na bhfíréan de’. Anois, tar éis éirí as go críonna don Phápa Benedict, a bhí lag agus tinn, tá
TIMIRE Spring_2014.indd 4
Pápa nua againn, Proinsias, a spreag dóchas nua ionainn. Is mealltach í a shimplíocht agus a dhaonnacht, gan éirí in airde ná foirmiúlacht ag roinnt leis. Chuala muid go luath le linn dó a bheith ina Ardeaspag in Buenos Aires go ndéanadh sé cócaireacht dó féin. Ní miste leis gáire a dhéanamh. Agus fís dhifriúil, dhiaga á chur in iúl aige, rinne sé tagairt dó féin ón tús mar ‘Easpag na Róimhe’ níos minice ná ‘Pápa’. Is rogha shuntasach é sin, rud a mheabhraíonn teagasc na Comhairle faoin bPápa mar cheann Choláiste na nEaspag. Meabhraítear dúinn freisin, teagasc na coláisteachta a dhéanann
Tá tráth an dóchais againn agus an t-athrú san aer cothromú ar phríomhcheannas gan srian. Agus, ábhar níos suntasaí fós, ar an gcéad tráthnóna sin tar éis gur toghadh é, d’iarr sé ar dtús paidreacha agus beannacht an tslua, na fíréin, sular thug sé a bheannacht féin. Anuas air sin smaoinigh gur ghlac sé Proinsias mar ainm, ar a sheasamh daingean go gcaithfeadh an Eaglais a bheith ina hEaglais bhocht, leis na bochtáin agus le haghaidh na mbochtán, agus cúram á dhéanamh aici de ghnóthaí an domhain agus an imshaoil. Iontach go deo, mar sin, tig linn gach rud a fhágáil faoin bPápa nua? Ní thig go deimhin! Is fíor, mar atá scríofa ag
01/04/2014 12:19
Timire
5
An Pápa Proinsias an iar-uachtarán s’againne, Máire Mhic Ghiolla Íosa, go bhfuil ról riachtanach ag an bPápa chun an neamhréir bhunreachtúil atá le feiscint san Eaglais s’againne, lena neamhchothroime agus a dóiléir a scaoileadh. Ach ní tharlóidh sé sin mura mbeimidne go léir atá baiste réidh chun ár gcuid freagrachtaí mar Chríostaithe fásta a chomhlíonadh san Eaglais. Is gá dúinn muid féin a ullmhú agus, le hurraim, muid féin a dhearbhú i nglacadh na ról seo inár nEaglais, gach duine de réir a c(h)umais agus a c(h)uid buanna ar leith. Cén chiall a bheadh leis sin i ngníomh? Ar ndóigh tá an phaidreoireacht lárnach: an gaol agus an cairdeas atá againn leis an Tiarna a dhoimhniú, a iarraidh ar an Naomh Spiorad muid a chur ar an eolas go caoin faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh i ré úr seo an dóchais. Tuilleadh a fhoghlaim faoinár gcreideamh, freastal ar chúrsaí, b’fhéidir, nó iad a dhéanamh ar líne. Ní mar a chéile a bheidh sé do gach aon
duine ach tá cuireadh faighte ag gach aon duine dínn freagra a thabhairt ar an gceist a chuir an t-iarChairdinéal Martini ar an iriseoir ag deireadh an agallaimh ba dhéanaí a cuireadh air: ‘Cad is féidir leat a dhéanamh ar son na hEaglaise’? Tá tráth an dóchais againn agus an t-athrú san aer. Cheana féin tá coimisiún na gcairdinéal curtha ar bun ag an bPápa chun cabhrú leis féachaint ar cheist rialachas na heaglaise agus ar athleasú Curia na Róimhe. Inár n-éagmais, gan muide a bheith rannpháirteach, ní bheidh mar thoradh ar thráth seo an dóchais ach an díomá: iarrtar orainn ár ról a imirt, agus muid a bheith inár ndeisceabail i slí atá níos fásta agus níos eolasaí. Ní féidir linne liobrálaithe suí siar ar ár sáimhín só gan freasúra; ná ní féidir linne cóimeádaigh a bheith sásta i gcónaí leis an status quo. Éilítear an t-athrú ar chuile dhuine dínn. Guímis go mbeidh muid in ann freagairt don ghlao sin le fuinneamh is le gliondar.
Foclóirín: Neamhréir: inconsistency; Doiléir: vague/indistinct; Firéan: duine cóir; Na firéin: the faithful
TIMIRE Spring_2014.indd 5
01/04/2014 12:19
6
Timire
Jacqueline Prunty
An Comórtas Grianghrafadóireachta
J Costello
TIMIRE Spring_2014.indd 6
01/04/2014 12:19
Timire
7
Aoife Ní Urmholtaigh Tá muid thar a bheith buíoch de gach éinne a sheol grianghraif isteach chugainn le haghaidh an chomórtais. Bhí an caighdeán an-ard agus ba obair thaitneamhach í dul trí na hiontrálaithe ar fad. Seo a leanas na buaiteoirí:
n Os cionn Ocht mBliana Déag: 1. Jacqueline Prunty, Ard Mhacha (dearbhán €60) 2. J Costello, Ceanada (dearbhan €10) 3. Emmet Gavin, Bré (dearbhán €10) 4. Marcas Mac Domhnaill, Trá Lí (dearbhán €10) 5. Siobhán McNamara, Baile Átha Cliath (dearbhán €10) n Faoi Ocht mBliana Déag: 1. Aoife Ní Urmholtaigh, Port Láirge (dearbhán €60) 2. Katie Ní Urmholtaigh, Port Láirge (dearbhán €10) 3. Lydia Ní Shé, Port Láirge (dearbhán €10) 4. Aoife Ní Urmholtaigh, Port Láirge (dearbhán €10) 5. Aoife Ní Chonnachta, Port Láirge (dearbhán €10)
TIMIRE Spring_2014.indd 7
01/04/2014 12:19
8
Timire
Emmet Gavin
Siobhán McNamara
Marcas Mac Domhnaill
TIMIRE Spring_2014.indd 8
01/04/2014 12:19
Katie Ní Urmholtaigh
Lydia Ní Shé
Aoife Ní Urmholtaigh
Aoife Ní Chonnachta
TIMIRE Spring_2014.indd 9
01/04/2014 12:19
10
Timire
Ról agus Eiseamláir Mhuire in Eaglais na Linne seo Helen Ó Murchú
Ní raibh ach dhá uair i mo shaol go dtí seo gur bhraitheas go gcaithfinn glaoch isteach ar RTÉ toisc a chorraithe is a d’fhág tuairimí an té a bhí ag caint mé. Ceann de na hócáidí sin nuair a bhí mar a bheadh fógairt ex cathedra ón Ardeaspag Connell (mar a bhí) le linn agallaimh teilifíse. Arís is arís eile, ní thabharfadh sé de fhreagra ar an agallóir maidir le hionad na mban san Eaglais ach an ráiteas ceanann céanna: ‘an t-ionad is cuí dóibh’ (‘appropriate’ a bhí aige sa Bhéarla, de réir mo chuimhne), gan aon mhíniú breise ar an ráiteas fáidhiúil sin. Dar liomsa, agus go maithe Dia dom é más sa mhícheart atáim, ní hionann an meon traidisiúnta seanfhaiseanta sin agus an dóchas níos gníomhaí a shamhlaím le hintinn thíosluaite an Phápa, cé nach bhfuil ann fós ach dóchas. Agus an méid sin ráite, is cruthú ann féin an intinn chéanna go bhfuil riachtanas nach beag ann fós i ngach institiúid de gach cultúr meas agus urraim a thabhairt do dhínit na mban. Is maith agus is mithid go bhfuil an Pápa féin ag tarraingt airde ar chás na mban i gcoitinne. Ní gá ach tagairt do na cásanna mórphoiblíochta le
TIMIRE Spring_2014.indd 10
déanaí: éigniú poiblí ar mhná san India; marú báibíní baineannacha sa tSín, áit a bhfuiltear anois ag fulaingt sotal na n-impirí beaga nó páistí atá loite ag an síorchion, mar a thugtar ar na fireannaigh óga a mbíonn an mórtheaghlach ag síormhúirnínteacht orthu; dearcadh agus díspeagadh ar mhná sa saol polaitiúil san Astráil; mí-úsáid ar scála domhanda ar mhná agus ar chailíní agus gan iad ach ag iarraidh éaló ón mbochtanas. Ba chásanna iad sin a thuill agus a fuair spéis ó na meáin. Céard faoin bhfulaingt cheilte, áfach, a tharlaíonn laistigh de theaghlaigh nó d’ionaid oibre nó d’institiúidí neamhfheidhmiúla? Anseo, cuimsítear speictream ó ocras gan ghá, go bulaíocht fhisiciúil, go déileáil níos measa. Ar shlí, is téarma neamhghníomhach é ‘dínit’, rud a chuir chuig na foclóirí mé. Ar bhealach amháin, is aitheantas ón bPapa é ina intinn seo go bhfuil ‘dínit’ ag baint le mná, mar atá ag gach créatúr sa chruinne. Is é sin le rá go bhfuil de cháilíocht acu nó iontu go bhfuilid fiúntach iontu féin. Ach tá a fhios ag an saol go mbíonn an fiúntas sin an-athraitheach i súile na sochaí, go mbíonn éifeacht an fhiúntais sin faoi anáil ag meas agus ag reamhthuairimíocht coda eile de ‘la condition humaine’. Ní gá ach tagairt do bheirt bhan a mheabhraigh sin dúinn arís le déanaí: an tOllamh Rosabeth Moss Kanter (Scoil Gnó Harvard), údar Men and Women of the Corporation agus Cherie Blair, bunaitheoir fondúireacht cabhrach do mhná atá ag iarraidh cabhrú leo féin agus lena dteaghlaigh
01/04/2014 12:20
Timire trí ghnóthaí beaga a thosú san Aifric, sa Mheánoirthear agus san Áis. Dar le Cherie , fuair sí an spreagadh chuige seo ó bheith ag bailiú ina hóige do na misiúin agus do Chumann San Uinsionn de Pól. Rianaíonn na banúdair scolártha Miri Rubin (Mother of God: A History of the Virgin Mary) agus Marina Warner (Alone of All Her Sex) mar atá íomhá Mhuire ar fáil i ngach cultúr, san Aifric, i Meiricea Theas agus san Eoraip chomh maith le tuiscint dá tréithe: grá, carthanacht, cothú, creideamh. Inniu, áfach, agus le tamall anuas, agus aitheantas á thabhairt i
11
Tá íomhá Mhuire le fáil i ngach cultúr san Aifric, i Meiriceá Theas agus san Eoraip chomh maith le tuiscint dá tréithe: grá, carthanacht, cothú agus creideamh. gcónaí do na deathréithe uilíocha sin ag Muire Máthair Dé mar eiseamláir do mhná, tá gluaiseacht eile le braistint chomh maith i measc bandiagairí Caitliceacha agus eile. Is gluaiseacht í a chomhshamhlaíonn na híomhánna de Mhuire a bhí á gcothú riamh anall ina n-íomhánna atá rócheangailte le géilliúlacht agus le bheith faoi chois, íomhánna a d’oir do lucht ceannais i ngach institiúid, i ngach cultúr. Ní gach bean a dteastaíonn uaithi a bheith ina heaspag, ach tá feimineachas Caitliceach ann, feimineachas a fhéachann ar Mhuire mar bhean ghníomhach smaointeach cheannasach, bean Chana mar shampla, agus nach léir dóibh í fós in institiúid na hEaglaise. Ón mbarr anuas a thagann an sampla, ón mbun aníos a thagann an ghluaiseacht, a deirtear. Foclóirín: Muirnínteacht: act of endearing oneself oneself; Fáidhiúil: prophetic; Athraitheach: prophetic changeable.
Intinn Choitianta an Phápa do mhí Márta, 2014 Go ndéana gach uile chultúr meas agus urraim a thabhairt do dhínit na mban.
TIMIRE Spring_2014.indd 11
01/04/2014 12:20
12
Timire
Gairmeacha Crábhaidh
Na fir agus na mná atá ag gníomhú sna mbeathaí rialta faoi láthair, is droichead iad idir an t-am atá caite agus an t-am atá le teacht. Niall Ó Laochdha SJ I mbliana, 2014, atá Cumann Íosa ag ceiliúradh 200 bliain a athbhunaithe. Is dá bharr sin a bheidh muidne, Íosánaigh, ag caitheamh breis ama ag machnamh ar an am atá caite, ag iarraidh foghlaim uaidh. Sin a mhol athracha Dara Chomhairle na Vatacáine dúinn nuair a dúirt siad go bhfuil go leor le foghlaim againne, an t-aos rialta, as machnamh siar ar thráth bhunaithe an oird. Déanaimid sin le haithne as an nua a chur ar shainghrásta nó ar chairiosma na mbunaitheoirí chun idir threoir is inspioráíd a fháil uathu. Ceann de na rudai a chuirtear faoi mo shúile dom, nuair a bhreathnaím siar ar thráth bhunaithe na nÍosánach ná an cinneadh a rinne na chéad chompánaigh le chéile ord rialta a bhunú. Go bunúsach, séard a dúradar ná, “Déanaimis rud éigin le chéile ar son Dé.” Chorródh sin an t-anam ionat! Nuair a léim faoin ngrúpa bunaidh, seo cuireann sé croí nua ionam. An scéal acusan, tugann sé dúinn íomhá cumhachtach don rud is eaglais ann. Is comhluadar é ar mian leis seirbhís a thabhairt do Dhia mar chomhluadar. Ach bíonn éad orm uaireanta leis an ngrúpa seo. Sul má rinne siad an cinneadh fanacht le chéile, mar an chéad grúpa Íosánaigh a raibh aithne acu ar a chéile ón am a chaith siad mar mhicléinn i bPáras. Is “cairde sa Tiarna” an meas a bhí acu orthu féin. Sa lá atá inniú ann, nuair a dhéanann fear nó bean óg an cinneadh dul isteach in ord rialta, ní gá go mbeidis á gceangal féin le grúpa gur cairde leo iad le blianta roimhe sin.
TIMIRE Spring_2014.indd 12
Is minicí a théann siad isteach i ngrúpa atá seanbhunaithe. D’fhéadfadh siad a bheith cuid mhaith níos óige ná an chuid eile de na baill. Cén chaoi, mar sin, ar féidir le daoine óga inspioráid a ghlacadh ó thréimhse a bhí chomh difriúil ón ré a bhfuil muid ann inniú? I dtosach, sul má rinne na chéad chompánaigh sin aon chinneadh le chéile, ní mór dúinn cur i gcuimhne dúinn féin go raibh cinneadh pearsanta déanta acu Íosa a leanúint faoi mhóid an bhochtanais is na haontumhadh. Bhí géillte acu go hiomlán do Dhia. Mar dhaoine aonaracha, ní hé go raibh siad ag leanúint an ghrúpa. Sa lá atá
Ní thiocfaidh fás in aon ord rialta mura gcloiseann daoine óga glaoch pearsanta ón Tiarna agus mura bhfreagraíonn siad an glaoch sin lena saoirse go hiomlán. inniú ann, dá dtiocfadh duine óg chuig cúigíoch na nÍosánach ag rá leis, “tá uaidh beirt de na cairde is fearr atá agam dul isteach sna hÍosánaigh agus dá bharr sin is mian liomsa a bheith im’ Íosánach chomh maith,” tá mé cinnte go n-iarrfaí air athsmaoineamh a dhéanamh. Ní féidir le fuinneamh aon ghrúpa a bheith mar chranntaca sásúil do bhaill nach bhfuil cinneadh pearsanta déanta acu cloí le modhanna
01/04/2014 12:20
Timire
maireachtála na beatha rialta. Ní ghríosann cultúr an lae inniu daoine óga le dul leis an mbeatha rialta níos mó ná le fanacht ann. Ní thiocfaidh fás in aon ord rialta mura gcloiseann daoine óga glaoch pearsanta ón dTiarna agus mura bhfreagraíonn siad an glaoch sin lena saoirse go hiomlán. Ach ‘sé an toradh atá le freagairt mar sin, lúcháir is síocháin. Sin ráite, agus an cinneadh sin déanta gheobhaidh siad amach nach bhfuil siad ina n-aonair. Ón uair a ndeachaigh mé sna hÍosánaigh, tá go leor “cairde sa Tiarna” faighte agam. Is cosúil le deartháireacha na buachaillí a bhfuil mé gar dóibh. Mothaimid lúcháir chroí sa bheatha seo agus tá muid buíoch as an glaoch atá faighte againn. Is pribhléid chomh maith aithne a chur ar na seanfhondúirí a bhfuil seirbhís saoil tugtha acu don Tiarna. Cinnte, tá sé tábhachtach dul siar go tús na hinspioráide agus foghlaim ón sainghrásta nó ón gcairiosma bunaidh. Ach tá sé chomh tábhachtach céanna
13
fóghlaim ón dream a shiúil an bealach romhainn agus a dtig leo cur síos a dhéanamh ar an dtaithí saoil atá acu. Ní mór dúinn ár gcuid a dhéanamh féachaint go bhfanfaidh an chríonnacht acu siúd ina éagrna bheo. Sa fiche bliain atá romhainn crapfaidh na cuallachtaí rialta go mór. Tá muinín agam go bhfuil athbheochan i ndán do chuallachtaí na beatha rialta ach níl a fhios agam cén uair a thárlóidh sé seo. Idir an dá linn, sé mo thuairim go bhfuil glaoite orainne, glún óg na beatha rialta, a bheith mar dhroichead thar an mbearna seo. Séard atá romhainn ná deis foghlaim ó na daoine a chuaigh romhainn is deis ullmhú go maith don am atá le teacht. Nuair a bhreathnaíonn daoine siar ar an tréimhse againne, tá súil agam gur mar seo a labhróidh siad fúinn. Tá Niall S Leahy SJ, ag déanamh staidéar ar an bhfealsúnacht i gColáiste Heythrop, Londain
Foclóirín: Seanfhondúirí: old-timers; An bheatha rialta: An bheatha chrábhaidh
Intinn Shoiscéalaíochta an Phápa do mhí Márta 2014 Gairmeacha chrábhaidh. Go nglaca a lán daoine óga le cuireadh an Tiarna a saol a thoirbhirt don Soiscéal a fhógairt.
TIMIRE Spring_2014.indd 13
01/04/2014 12:20
14
Timire
Éargna
focal atá sa nGaeilge ó aimsir na Meánaoise i leith In eagrán an Fhómhair den Timire an bhliain seo caite, bhí comhfhreagras ann maidir le cén chaoi ar féidir an focal discernment a aistriú go Gaeilge. Scríobh an tOllamh Breandán Ó Doibhlin chugainn agus seo a leanas a thuairimí. Ceal spáis, tá eagarthóireacht déanta ar an litir. Sa chéad dul síos, ag tagairt don bhfocal ‘éargna’, ba mhaith liom a rá nach mise a chum ná a cheap. Tá sé sa Ghaeilge ó aimsir na Meánaoise i leith agus an chiall sin discernment nó discrimination leis. Féach Dictionary of the Irish Langauge leis an Royal Irish Academy faoin litir ‘E’. Léiríonn sé sin an t-idirdhealú sa Ghaeilge idir ‘eagna’ the gift of wisdom, agus ‘éargna’, the display of wisdom. Go hiondúil, ní chumaim nuafhocail más féidir déanamh gan iad ar chor ar bith. Agus an Ghaeilge á fhorbairt again, tagann an oiread sin d’fhocail iasachta isteach go mbíonn cuma andúchasach ar an chaint. Mar sin, agus chun leanúnacht na teanga a chosaint, is fearr liom dul ar lorg focail atá dearmadta i litríocht na seachtú aoise déag, abair. Mar shampla, ní gá ‘rialú’ nó ‘treorú’ ar regulate nuair atá an focal ‘follúnaigh’ ag Proinsiasaigh Lováin agus an chiall sin leis. Nó ‘apocailipsis’ a úsáid sa Bhíobla nauir atá ‘abhcailips’ ann ón chúigiú aois déag. Nó ‘peirspeictíocht’ nuair atá ‘raon radhairc’ againn. Nó ‘impleachtaí’ ar implications nuair atá ‘iarmhairtí’ ann cheana. Bhí focal acu ar promulgation sa naoú aois, ‘tinmleagan’ Nó procession (sa Tríonóid), ‘toscú’. Faraoir, na scoláirí a chuir Foclóir De Bhaldraithe le chéile, is beag cur amach a cheapfá a bhí acu ar litríocht eaglasta na Gaeilge clasaicí. Ach ní ceart dom bheith ag dul chun fadálachta leis an scéal. Ach mar adeir tú, is é an deacracht atá le ‘éargna’ nach
TIMIRE Spring_2014.indd 14
n-aithneoidh daoine é. Níl de réiteach air sin ach go gcaithfidh daoine teacht i gcleachtadh air. D’fhéadfá an rud céanna a rá faoin bhfocal discernment é fein go dtí go mínitear é. Mar sin ar dtús ba cheart ‘éargna’ a mhíniú leis an gcomhfhocal , ‘idiraithint’, abair, a chur leis. Maidir le briathair de chineál ‘éargnaím’, ní forláir a mheabhrú (mar a fuair teangeolaithe Gearmánacha na naoú aoise déag amach) go mbaineann an Ghaeilge le catagóir na dteangacha gur fearr leo ainmfhocal ná briathar. Rud nach fíor faoin Bhéarla nó na teangacha Laidneacha. Mar sin, seachas ‘éargnaigh’,
Go hiondúil, ní chumaim nuafhocail, más féidir déanamh gan iad ar chor ar bith b’fhearr leis an Ghaeilge ‘éargna a úsáid, a imirt, a chur i bhfeidhm’ agus mar sin de, fiú más timchaint atá ann. Tá cleas eile ann freisin a luafaidh mé thíos. Is é is bun leis an deacracht le discernment gur téarma teicniúil sa traidisiún Iosánach é. (Níl a fhios agama ar bhain Iognáid féin úsáid as ina chuid scríbhinní?) Is é is téarma teicniúil an cineál luathscribhneoireacht a ndéantar go leor bríonna a dhingeadh isteach
01/04/2014 12:20
Timire
ann ar mhaithe le luas smaointe. Mar sin sa bhfocal discernment san úsáid Iognáideach ní bunsmaoineamh Iognáid amháin atá ann, measaim, ach an fóbhrí a gineadh ann ag lucht tráchtaireachta ina theannta. Is é an stair sin a bheadh in easnamh sa Ghaeilge go dtí go ndéantar téarma nua éigin a eadóirsiú sa teanga a mbeadh an lucht brí sin go léir á iompar aige. Ní tharlóidh sé sin ach le húsáid. Ar ndóigh is é an bealach is gasta leis an lucht brí sin a iompar isteach an focal céanna a úsáid agus culaith Ghaeilge air – ‘diseirnimint’. Abair. Ach is deacair leis an Ghaeilge cur suas le mórán den cineál sin gan cuma aduain a fhágáil ar an chaint. Mar adúirt Seathrún Céitinn, “teanga gan chabhair choigríche” is ea an Ghaeilge. Bhí orm féin a leithéid a dhéanamh agus mé ar aistriú Smaointe Phascal leis an bhfocal teicniúil sin divertissement; ní fhéadfainn an meafar
15
a thabhairt liom ach le focal den bhfréamh céanna a úsáid, dá míofaire é – ‘dibheirsean’. Maidir leis an bhfocal discerner, feicfidh tú sa Dictionary of the Irish Language gurb ‘éarghaí’ a úsáidtear don duine a bhfuil éargna á cur i bhfeidhm aige. Tugann sé sin ‘éargnaíocht’ don éargna féin á cur i ngníomh, ‘duine ag éargnaíocht’. Ina theannta sin , i litríocht chlasaiceach na Gaeilge is féidir aon ainmfhocal Gaeilge a úsáid mar ainm briathartha – mar shampla, ‘ag éárgna’, discerning. Tá a fhios agam nach bhfuil mé ag réiteach na faidhbe duit, ach measaim, má tá tú chun téarma teicniúil a úsáid, gurbh fhearr an bhrí atá ann a dhlúthú le focal neamhchoitianta ar nos ‘éargna’, seachas a bheith ag féachaint leis an bhrí sin a mhúscailt i bhfocal atá in úsáíd choitianta cheana i gcomhthéacsanna eile.
Foclóirín: Míofar: gránna; Eadóirsigh: naturalise (briathar)
TIMIRE Spring_2014.indd 15
01/04/2014 12:20
16
Timire
Míorúilt i Muighros
Caoimhín Ó Ruairc SJ Bhí muintir Uí Loideán as Muighros agus muintir Uí Cheoinín as Leitir Ard an-mhór le chéile. Dá mbeadh lámh cúnta ag teastáil ó Mháirtín Mhicil Ó Loideán, is ar Sheán Ó Ceoinín is túisce a chuireadh sé fios. Agus a chontráilt, cuma cé ar an sliabh nó ar an bhfarraige. Blianta ó shin, nuair a bhí baol a bháite ar Mháirtín, sé Seán a shábháil é. An mhaidin áirid seo, ghlaoigh Mary Ó Ceoinín ar bheirt do na gasúir, Peige agus Páraic. “Gabhaigí suas go dtí Neain Sheáin Bhreathnaigh (bean chéile Mháirtín Mhicil); tá gaolta as Loch Con Aortha ag teacht ar cuairt aici. Bhí slaghdán uirthi le cupla lá, agus b’fhéidir nach raibh seans aici fáil réidh dóibh”. “Tá cupla cáca baile agus dosaen uibheacha agam, agus b’fhéidir go mbeadh siad ag teastáil uaithi. Agus bígí cúramach ar an mbóthar”. Níor ghá di iarraidh orthu an dara huair. D’fhágadar Leitir Árd ag meán lae, agus ba cheart go landáladh siad ag tí Neain uair a’ chloig ina dhiaidh. Níorbh fhada ar a mbealach iad nuair a thugadar faoi deara go raibh an áit an chiún. Ní raibh duine le feiceáil sna garrantaí; ní raibh asal nó duine le feiceáil ar an sliabh. Speal nó laigh nó currach, ní raibh le feiceáil in aon áit. Ní fada go bhfuair siad amach céard a
TIMIRE Spring_2014.indd 16
bhí ar bun. Le teacht ag tí Neain, bheadh orthu dhul trasna thrá Mhuighris, suas Bóthar Gheata taobh leis an Reilig, agus ag barr an bhóthair, casadh ar clé agus bhí tú ann. “Go bhfóire Dia orainn”, adeir Peige, nuair a shrois siad an trá, “cén chineál crowd atá anseo? “ Bhí an áit plódaithe le daoine. Bhíodar ann as Muighros agus Maoinis, as Más agus Leath-Mhás, as Árd Thoir agus Árd Thiar, as Dubh Ithir agus Caiseal, as Cárna agus Glinsce, agus stróinséirí
Agus cé a bhí ina measc, ag dul ó dhuine go duine, ach Mac Dé na Glóire, Íosa Críost é féin. nárbh fhios cé as a dtáinig siad. Agus cé bhí ina measc, ag dul ó dhuine go duine, ag fiafraí díobh cén chaoi a raibh siad, ag leagan lámh ar dhaoine a bhí tinn, ag tabhairt comhairle do dhaoine eile, ag baint sult as na gasúir, ach Mac Dé na Glóire, Íosa Críost é féin. Ná bí ag caint ar an surprise a fuair Peige agus Páraic. Bheadh ar Neain fanacht písín eile; chaithfidís féin fanacht feiceáil céard a tharlódh. Bhí an oiread sin dúil ag na daoine
01/04/2014 12:20
Timire
bheith in aice le hÍosa gur thosaigh cuid acu ag brú chun tosaigh. “Tógaigí go réidh é”, adeir Siomón Peadar, iascaire a bhí ina chomrádaí ag Íosa, “tá neart ama againn. Má choiníonn sibh ag brú, leagfaidh sibh an fear bocht, agus beidh droch-cháil ar Mhuighros ar fud an domhain go deo”. Shocraíodar síos, agus thosaigh Íosa ag caint leo. Cineál seanmóir a bhí aige, ach níos spéisiúla ná aon cheann a chualadar go dtí seo. Seanmóir fhada a bhí ann freisin, ach níor airigh siad an t-am ag imeacht. Áilleacht an domhain a chruthaigh Athair na Glóire a bhí faoi chaibidil aige. Maorgacht na mBeanna Beola, goirme na spéire ós a gcionn, ceol na n-éanlaithe morthimpeall orthu, monabhar na dtonn taobh thiar dóibh, fás na bhfataí, na h-éisc sa chuan, screadaíl na bhfaoileán, áilleacht na mbláthanna, chuile rud domhanda, is ó lámh bheannaithe is ó chroí ghrámhar Dé a tháinig siad. D’éisteadar go géar le chuile fhocal a tháinig óna bhéal, agus mhothaíodar áthas agus dóchas ina gcroíthe nár airigh siad riamh cheana. Nuair a bhí deire ráite aige, shuigh Íosa síos. “A Shiomóin Pheadair”, adeir sé, “tá mo dhóthain ráite agam anois. Tá ocras orm agus táim tuirseach. Bhfuil
17
aon cheo le n-ithe agat? Agus caithfidh go bhfuil ocras ar na daoine seo freisin, tá cuid acu i bhfad ó bhaile”. “M’anam nach bhfuil tada agamsa”, arsa Siomón Peadar, ach gabhfaidh mé ag lorg rud eicínt”. Bhí Peige agus Páraic ag éisteacht leis an gcaint seo. “Meastú an bhféadhadh muid cáca baile amháin a thabhairt dó?”, arsa Páraic. “Féadhaidh muid cinnte”, arsa Peige, “agus péire”. Shín siad an ciseán ag Siomón Peadar, agus céard a rinne sé ach an whole lot a chrocadh leis. (Bhí se cineál rufáilte) “Céard faoi Neain anois?” adeir Páraic, “agus a cuid cuairteoirí?” Thug Siomón Peadar an t-arán agus na huibheacha do Íosa. Duirt sé paidir bheag, chuir sé beannacht ar an mbia, agus dúirt le Siomón Peadar agus a chomrádaithe é a roinnt i measc na ndaoine. Níor fhéad Peige nó Páraic creidiúnt céard a bhí ag tarlú ansin. Bhí dóthain ann do chuile dhuine, agus fuílleach. A leithéid de iontas a tháinig ar na daoine. Tá siad ag caint faoi ó shoin. Ghlaoigh Íosa ar Pheige agus ar Pháraic. “Mo bhuíochas ó chroí libh. Seo arais bhur gciseán”. Bhreathnaigh siad isteach sa chiseán. Céard a bhí ann ach cúig cháca baile agus dhá iasc.
Foclóirín: Fuílleach: méid áirithe fágtha
TIMIRE Spring_2014.indd 17
01/04/2014 12:20
18
Timire
An Éiceolaíocht agus an Ceart An tSiúr Anna Ní Bhroin
Tá tábhacht as cuimse á leagan ar chúrsaí éiceolaíochta sa lá atá inniu ann agus, fairis sin, is cúis mhór imní iad na cúrsaí céanna i ngach cearn den domhan. Achmhainn bhunúsach, nádurtha is ea an t-uisce agus seans gurb é an ghné den timpeallacht is mó atá faoi chabidil chorrach faoi láthair. Tá sé seo intuigthe ó tharla go bhfuil gach aon rud beo ar an bplainéad ag brath air. Ar a shonsan agus uile, tá mí-úsáid tugtha ag an gcine daonna, in imeacht na gcianta, ar scálaí micri agus macra, don tabhartas sár-luachmhar seo ó Dhia. Faraoir, níl muidne Éireannaigh, saor ó locht i ngeall ar an gcaoi a míbhainistíonn muid an t-uisce, ceann de na hachmhainní nádúrtha is mó ar dhroim na talún. Tugann 150 lá fliuch( i.e. lá a dtiteann 1.00 mm ar a laghad), ar meán, in oirthear agus in oirdheisceart na tíre agus 225 lá fliuch in áiteacha san iarthar, meán-thitim bháistí bliana de 1,200 mm. Ní haon ionadh gurb í an bháisteach an gnáthábhar cainte againn! Ní haon ionadh, ach an oiread, gur chuir sé scaoll ar roinnt daoine nuair a d’fhógair an Rialtas go rabhthas ag brath an t-uisce teaghlaigh a thomhas agus costas a ghearradh air. Fiafraíonn
TIMIRE Spring_2014.indd 18
roinnt mhaith daoine: “Cad chuige ar gá díol as uisce teaghlaigh i bhfianaise a bhfuil de laethanta fliucha againn? ” Cuid dhílis de dhualgas Rialtais daonlathaigh is ea timpeallacht shláintiúil a chaomhnú. Ar an ábhar sin, ní mór soláthar maith d’uisce glan a bheith mar thaca faoi phleanáil timpeallachta. Tá go leor ama agus fuinnimh caite ag saoltaigh agus Críostaithe araon le cuid suntais a dhéanamh dár gcomhnascacht leis an Dúlra. Ar chaoi ar bith, dhealródh sé nach réitíonn an Bille Leasaithe Uisce a tugadh i láthair na Dála i mí Eanáir 2012, leis an dearcadh seo. Is amhlaidh gur
Cuid dhílis de dhualgas Rialtais daonlathaigh is ea timpeallacht shláintiúil a chaomhnú.
sampla de phlean dúshaothraithe é an Bille nach bhfuil an tuiscint is bunúsaí ar eiceolaíocht le sonrú air. Léiríonn an Bille Leasaithe Uisce, faoi mar is ceart, an gá atá le soláthar leantach d’uisce glan a chur ar fáil don phobal mar bhunriachtanas. Is straitéis eacnamúil í, áfach, atá dírithe go príomha ar phostanna a chruthú agus ar infheistíocht dhíreach ón iasacht a mhealladh. Is cinnte go bhfuil buntáistí le sonrú ar an straitéis i saol seo an chúlú eacnamaíochta. Tá sé inmholta díriú ar infrastructúr lochtach a chur ina cheart. Ach is léir gur boichte aon
01/04/2014 12:20
Timire tionscnamh de chuid an Rialtais cúrsaí eacnamaíochta a bheith á spreagadh agus go háirithe nuair is uisce, an acmhainn nádúrtha is tábhachtaí dá bhfuil againn, bunábhar an tionscnaimh. Níl amhras ar bith ach gur gá an soláthar uisce reatha poiblí atá againn a fheabhsú. Bíodh san mar atá, níl Bille Uisce 2012 ag teacht le smaointe na linne seo i leith na héiceolaíochta, ó thaobh pleanála ná ó thaobh feidhmiú scéim uisce nua-aoisigh. Ní dhéanann sé tagairt ar bith d’aon straitéis le haird an phobail a dhíriú ar an gcúram is ceart a dhéanamh den uisce atá ar fáil dúinn; is faillí tubaisteach é seo. Níor thug an Bille aon spreagadh don fhiúntas a bhaineas le huisce “liath” a úsáid ná don ghá leis an uisce reatha a sheoltar isteach in ár dtithe a chaomhnú. Ó 1997 i leith tá an t-uisce glan inólta seo ar fáil in ár dtithe príobháideacha saor ó tháille ar bith. Cad chuige a mbeimís ag íoc as uisce inólta le tascanna, ar leor uisce de chaighdeán nios ísle dóibh a dhéanamh? Is iad na leithris, mar shampla, an ghné de threalamh an tseomra folctha is mó a úsáideann uisce agus meastar go gcaitear 40% níos mó ná mar is gá i ngeall ar shistéil atá as dáta. Is minic nach mbíonn ach uisce inólta ar fáil le tascanna tí a dhéanamh, mar shampla, uisce a chur ar phlandaí. Agus fós ní thugann an Bille straitéis an dóchais ná spreagadh dá laghad i leith an uisce costasach, úr a chaomhnú, ná i leith úsáid uisce “liath” a mhéadú.
19
Tá dúshlán anseo dúinn. An dtig linne, Éireannaigh, leas a bhaint as an tsamhlaíocht chruthaitheach atá againn, bunaithe ar luacha Éiceolaíochta, le bheith in ár bhfíor-“chaomhnóirí ar thabhartais Dé”, (an Pápa Proinsias) – go háirithe i leith tabhartas an uisce. Níor thug an Bille aon spreagadh don fhiúntas a bhaineas le huisce “liath” a úsáid ná don ghá leis an uisce reatha a sheoltar isteach in ár dtithe a chaomhnú. Ó 1997 i leith tá an t-uisce glan inólta seo ar fáil in ár dtithe príobháideacha saor ó tháille ar bith. Cad chuige a mbeimís ag íoc as uisce inólta le tascanna, ar leor uisce de chaighdeán nios ísle dóibh a dhéanamh? Is iad na leithris, mar shampla, an ghné de threalamh an tseomra folctha is mó a úsáideann uisce agus meastar go gcaitear 40% níos mó ná mar is gá i ngeall ar shistéil atá as dáta. Is minic nach mbíonn ach uisce inólta ar fáil le tascanna tí a dhéanamh, mar shampla, uisce a chur ar phlandaí. Agus fós ní thugann an Bille straitéis an dóchais ná spreagadh dá laghad i leith an uisce costasach, úr a chaomhnú, ná i leith úsáid uisce “liath” a mhéadú. Tá dúshlán anseo dúinn. An dtig linne, Éireannaigh, leas a bhaint as an tsamhlaíocht chruthaitheach atá againn, bunaithe ar luacha Éiceolaíochta, le bheith in ár bhfíor-“chaomhnóirí ar thabhartais Dé”, (an Pápa Proinsias) – go háirithe i leith tabhartas an uisce. Aistrithe ag an mBráthair Seán Ó Dúgáin
Foclóirín: Éiceolaíocht: ecology; Sistéal: cistern; Dúshaothraithe: unworkable
Intinn Choitianta an Phápa do mhí Aibreán, 2014 An Éiceolaíocht agus an Ceart. Go gcothaí rialtais tíre caomhnú na cruthaíochta agus comhroinnt chothrom na n-achmhainní nádúrtha.
TIMIRE Spring_2014.indd 19
01/04/2014 12:20
20
Timire
Dóchas do na hEasláin
Go líonadh an Tiarna aiséirithe croíthe na ndaoine atá faoi thriail ag pian agus ag tinneas le dóchas Graham Stockdale
Má bhíonn tú ag tabhairt faoi rud nach bhfuil déanta agat cheana, is fiú go mór labhairt le duine atá i ndiaidh an rud céanna a dhéanamh. Déanaim iarracht dul chuig an spórtlann ar bhonn rialta – táim ag an aois nach dtugaim faoi rud ar bith go ró-dhian ach chuir mé dúshlán romham, dúshlán atá anois ina iarracht ar airgead a bhailiú d’Ospís an Iúir, áit a mbím ag obair mar shéiplíneach páirtaimseartha. Nuair a thosaigh mé ar an dúshlán ar dtús, bhí dul chun cinn maith á dhéanamh agam ach le cúpla seachtain anuas tá an dúshlán ag éirí níos deacra agus an dul chun cinn níos moille. Ag na hamanna sin, ba mhór an chabhair agus an spreagadh dom labhairt le daoine ar éirigh leo an dúshlán a shárú, daoine eile a chuaigh trí na huaireanta dorcha agus a tháinig tríothu. D’fhéadfá a rá gurb é an dúshlán is mó atá romhainn ná an bás. San ospís, buailim go rialta le daoine atá suaite go mór mar gheall ar dhiagnóis atá faighte acu le déanaí nó toisc go ndúirt an dochtúir leo go bhfuil stop á chur le cóir leighis agus go bhfuil an bhéim anois ar chúram maolaitheach. Seans go bhfuil
TIMIRE Spring_2014.indd 20
an duine pósta go sona sásta, le páistí b’fhéidir, nó le garpháistí óga agus an saol amach rompu, ach anois tá an saol sin faoi bhagairt an bháis. I Salm 23, labhraíonn an scríbhneoir, an Rí Dáiví, faoi “Gleann an dorchadais”; seo gleann atá faoi scáth an bháis. Cé go siúlann sé tríd an ngleann sin, insíonn sé dúinn nach bhfuil eagla air agus an chúis atá leis sin ná go bhfuil an t-aoire leis – deir sé go dtugann “slat agus steafóg” an aoire sólás dó. Más féidir linn fanacht leis an smaoineamh sin agus dul ar aghaidh go tapaidh míle bliain chuig an aoire a tháinig inár measc – Íosa. Tá sé ag labhairt lena dheisceabail ag an Suipéar
D’fhéadfá a rá gurb é an dúshlán is mó atá romhainn ná an bás Déanach i Soiscéal Eoin 14. Deir Íosa go bhfuil sé chun a dheisceabail a fhágáil ach nár chóir dóibh a bheith faiteach, cé nach mbeidh sé leo go fisiciúil, nach bhfuil sé imithe uathu i ndáiríre. Tá gá lena imeacht mar caithfidh sé dul agus áit a ullmhú dóibh ar neamh. Cé go bhfuil siad scartha leis na glúnta, is é an rud a choimeádann an dá phíosa litríochta seo le chéile ná an bhéim a bheith ar gan aon eagla a bheith ar dhaoine. Airítear go bhfuil an salm fáidhiúil – bainimid ciall as mar gheall ar fhoilsiú Dé atá níos iomláine in Íosa. Is é an fáth nach raibh eagla ar Dháiví ná go raibh sé ag siúl faoi scáth an bháis le
01/04/2014 12:20
Timire
21
Le déanaí, shuigh mé ag taobh na leapan le bean a bhí ag fáil báis agus bhí eagla uirthi nach rachadh sí ar neamh
duine a shiúil an bealach sin roimhe. Ag filleadh ar an sampla sin a d’úsáid mé faoi dhúshlán na haclaíochta – nuair a bhím den tuairim nach féidir liom é a dhéanamh, tugann sé sólás dom labhairt le duine a rinne an ní sin cheana. Sin an spreagadh a thugann Íosa dúinn. Nuair a labhair Íosa lena dheisceabail ag an Suipéar Déanach ag rá go raibh sé chun iad a fhágáil, bhí sé ag caint faoin mbás a bhí le teacht chuige go gairid ina dhiaidh sin, ach chuaigh sé ar aghaidh le rá go raibh sé ag dul rompu chun áit a ullmhú dóibh ar neamh. Bhí sé in ann labhairt faoi go muiníneach mar bhí a fhios aige nach deireadh a bheadh sa bhás, go n-éireodh sé arís, go dtabharfadh sé dúshlán don bhás agus go mbeadh sé
athaontaithe lena athair ar neamh. Le déanaí, shuigh mé ag taobh na leapan le bean a bhí ag fáil bháis agus bhí eagla uirthi, bhí eagla uirthi nach rachadh sí ar neamh. Labhraíomar faoin Aoire Maith agus labhraíomar faoi Salm 23 agus Eoin 14. Bhí mé dá gríosadh chun a cuid muiníne a chur sa té a shiúil trí fhulaingt agus bás roimpi. An t-aon rud a bhí sise in ann a fheiceáil ná sliabhraon ard ollmhór darbh ainm “an bás”, agus ní raibh aon chosán tríd, ach bhí duine ag labhairt léi le heolas na slí, ag iarraidh uirthi glacadh leis mar threoraí. Is ministir preispitéireach é Graham Stockdale
Aistrithe ag Eilís Ní Mhearaí
Foclóirín: Aoire: shepherd; Steafóg: bata teann siúil
Intinn Shoiscéalaíochta an Phápa do mhí Aibreán, 2014 Dóchas do na heasláin. Go líona an Tiarna arna Aiséirí croí gach duine le dóchas atá faoi bhráca na péine agus na fulaingte.
TIMIRE Spring_2014.indd 21
01/04/2014 12:20
22 Timire CROÍ NA hÓIGE
Dearcadh ón Ollscoil
Le tríocha bliain anuas, tá méadú mór millteach tagtha ar líon na mac léinn in ollscoileanna na tíre. Caithfidh na húdaráis sna coláistí na léachtanna agus na modhanna teagaisc uilig a chur in oiriúint don athrú seo. Louise Farrell
I mbliana, táim i mo bhliain dheireanach ar an ollscoil, in OÉ Gaillimh. Táim ag déanamh staidéir ar na Dána; is iad m’ábhair ná an Ghaeilge agus an tSíceolaíocht. Sna laethanta seo, tugaim faoi deara gur taithí an-difriúil é mo shaol mar mhac léinn i mbliana, i gcomparáid le mo bhlianta eile anseo. I mbliana, caithfidh mé a bheith fiosrach faoi na deiseanna a bheidh ar fáil dom an bhliain seo chugainn mar chéimí óg. Sna blianta eile, bhí níos mó ama agam chun taitneamh a bhaint as saol an mhic léinn. Fós, caithfidh mé a rá go raibh forbairt phearsanta agus oideachasúil ag baint le gach bliain anseo dom. Sa chéad bhliain, bhog mé amach as an teach don chéad uair. Fuair mé deis chun scileana saoil a fhoghlaim; anois tá scileanna cócaireachta agam agus táim in ann m’éadaí a ní! Chomh maith le sin, bhuail mé le go leor mic léinn eile. Bhog mé isteach le cúigear cáilíní agus táim sásta le rá go bhfuil muid fós cairdiúil le chéile inniu. Sa dara bliain, bhí mé i mo bhall de chúpla club agus cumann san ollscoil. Bhí mé gníomhach sa gCumann Damhsa agus chuaigh mé thar lear leis
TIMIRE Spring_2014.indd 22
an gCumann Ceoil Traidisiúnta. Toisc nach raibh mé faoi bhrú mór acadúil sa chéad agus sa dara bliain, bhí mé in ann níos mó ama agus aire a dhíriú ar mo chaithimh aimsire. I mo thríú bliain, fuair mé deis chun staidéar a dhéanamh thar lear sa tSualainn. Ba í an bhliain seo an chuid ba thábhachtaí agus ba luachmhaire de mo chéim ollscoile, dar liom. D’fhoghlaim mé teanga nua. Bhí mé i mo chónaí le go leor mic léinn idirnáisiúnta eile agus mar thoradh ar seo, d’fhoghlaim mé faoi chultúir eile. Chomh maith le sin, chuir mé feabhas orm féin ó thaobh forbairt phearsanta de. Níos tábhachtaí ná aon rud eile, thug an taithí seo tuiscint shoiléir dom ar na fadhbanna atá againn sa tír seo leis an gcóras pointe Ardteistiméireachta agus an córas ollscoile. Ag déanamh staidéir ar an tsíceolaíocht sa tSualainn anuraidh, bhí mé i léachtaí beaga de fhiche mac léinn idirnáisiúnta. Bhí cumas intleachta ard laistigh den ghrúpa toisc go bhfuil gráid áirithe riachtanach chun áit a fháil san ollscoil mar mhac léinn idirnáisiúnta. Mar thoradh ar seo, bhí an léachtóir in ann dúshlán intleachta a thabhairt do gach duine sa léacht agus cumas an ghrúpa a fheabhsú i rith an chúrsa. Bhí orainn cur i láthair a dhéanamh go minic agus bhain mé leas mór as grúpdhíospóireacht sna léachtaí. Mar gheall ar an méid beag daoine sna léachtaí, bhí muid in ann dúshlán a thabhairt dá chéile agus feabhas a chur ar ár gcuid scileanna chumarsáide. Mothaím gur trua mhór é go bhfuil
01/04/2014 12:20
Timire
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
mic léinn Éireannacha ina mbaill de léachtaí de níos mó ná 100 duine den chuid is mó den am. Chomh maith le sin, tá cumais dhifriúla ag na mic léinn laistigh de na léachtanna. Mar gheall ar an méid mór daoine atá ann agus na difríochtaí mhóra idir chumais na mac léinn sa léacht, níl na léachtóirí in ann dúshlán a thabhairt do na mic léinn is fearr ná níos mó cabhair a thabhairt do na mic léinn is laige. Is é an córas pointe Ardteiste foinse na faidhbe, dar liom. Braitheann sé ar sholáthar agus éileamh áiteanna ar chúrsaí ollscoile, gan aird ar dheacracht an chúrsa. Ciallaíonn sé seo go bhfuil pointí ísle ag cúrsaí le go leor áiteanna, cosúil leis na Dána. De ghnáth, tá ar dhaltaí ardteistiméireachta timpeall 300 go 400 pointe a fháil chun na Dána a dhéanamh san ollscoil sa tír seo. Ciallaíonn sé seo go bhfuil daltaí le 300 pointe agus le 600 pointe in ann an cúrsa céanna a dhéanamh. Mar thoradh ar seo, tá sé an-deacair do na léachtóirí cúrsa a chur le chéile atá oiriúnach do gach mac léinn sa léacht. Uaireanta, laghdaíonn an fhadhb seo caighdeán na céime. Mar gheall ar an gcóras pointe
23
Mothaím gur trua mhór é go bhfuil mic léinn Éireannacha ina mbaill de léachtaí de níos mó ná 100 duine den chuid is mó den am Ardteiste, tá líon mór daoine ag freastal ar ollscoileanna sna laethanta seo. Tá na pointí riachtanach chun dul ar ollscoil ag go leor daltaí gach bliain. In Éirinn, i 1965, chuaigh 11% de dhaltaí go hollscoil tar éis na hArdteiste. Sa mbliain 2004, chuaigh 54% de dhaltaí go hollscoil. Caithfidh na hollscoileanna na léachtanna agus na modhanna teagaisc uilig a chur in oiriúint don athrú seo, dar liom. Tar éis bliana thar lear, tá imní orm go bhfuil caighdeán na gcéimeanna ollscoile sa tír seo ag laghdú mar gheall ar an gcóras pointe Ardteistiméireachta. É sin ráite, cé go bhfuil frustrachas orm i mbliana leis an gcóras oideachais agus ollscoile sa tír seo, caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh agus leas as mo bhlianta anseo agus dhéanfainn arís é dá mbeadh an seans agam.
Foclóirín: Na Dána: Arts
TIMIRE Spring_2014.indd 23
01/04/2014 12:20
24 Timire CROÍ NA hÓIGE
Béaltrialacha Gaeilge
Beidh na Béaltrialacha don Ardteist ag druidim linn go luath. Béaltrialacha comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal a bheidh ann agus beidh Béaltriail ar leith ann don Bhonnleibhéal. Seo comhairle phraiticiúil ó mhúinteoir a bhfuil na blianta taithí aici. Claire Bogan Maidir leis na Béaltrialacha don Ardleibhéal agus don Ghnáthleibhéal, beidh 240 marc ag dul leis an scrudú seo – sé sin, 40% de mhóriomlán na marcanna. Mairfidh an Béaltriail ar feadh cúig nóiméad déag agus beidh ceithre chuid ann (1) Fáiltiú (2) Léamh na Filíochta (3) Cur síos ar Shraith Pictiúr (4) Comhrá. FÁILTIÚ – Beidh an Scrúdaitheoir ag lorg eolais uait mar gheall ar shonraí pearsanta, i.e. d’ainm; d’aois; do sheoladh baile; do dháta breithe agus do scrúduimhir. Tá 5 mharc ag dul don chuid seo. LÉAMH NA FILÍOCHTA – Iarrfar ort ceann amháin de na cúig dhán ainmnithe ón gcúrsa chomónta litríochta a aithris nó a léamh os ard. Seo iad na dánta: An tEarrach Thiar; An Spailpín Fánach; Colscaradh; Géibheann; Mo Ghrá-sa (idir lúibíní). Tá 35 marc ag dul don chuid seo. Tá lán cead agat do chóip féin de na dánta a thabhairt isteach leat agus is féidir leat do chuid nótaí maidir le foghraíocht a bheith scríofa os cionn na bhfocal ins na dánta. Sa chuid seo den scrudú, beidh ortsa a chur in iúl don Scrúdaitheoir go dtuigeann tú an dán. Dá bhrí sin, cuir brí agus beocht isteach i do ghuth agus tú ag léamh nó ag aithris an dáin. CUR SÍOS AR SHRAITH PICTIÚR – Ba cheart go mbeadh an scéal sa bhfiche
TIMIRE Spring_2014.indd 24
Sraith Pictiúr ar eolas agat. Roghnóidh an Scrúdaitheoir pictiúr amháin go randamach agus beidh ort ansin an scéal atá ann sa phictiúr a insint don Scrúdaitheoir. Ansin, cuirfidh tú trí cheist a bhaineann leis an bpictiúr ar an Scrúdaitheoir agus ina dhiaidh sin, cuirfidh an Scrúdaitheoir trí cheist ortsa maidir leis an bpictiúr. Tá 80 marc ag dul don chuid seo. COMHRÁ – Comhrá ginearálta a bheidh ann anseo. Tá 120 marc ag dul don chuid seo: 75 marc don stór Gaeilge agus 45 marc ar chumas teanga. Dá bhrí sin, bí ag caint! Ní féidir leis an Scrúdaitheoir marcanna a bhronnadh ortsa dá mba rud é nach bhfuil ach freagraí gearra gonta agatsa. Agus anois, bí ag machnamh ar na pointí seo a leanas: Bí ag éisteacht go cúramach leis na ceisteanna a chuirfidh an Scrúdaitheoir ort agus freagair na ceisteanna sin go soiléir agus go cúramach. Tabhair aire speisialta do ‘aimsir’ na ceiste. Agus tú ag ullmhú agus ansin, ag déanamh athdhéanamh ar do cheisteanna agus do fhreagraí, bí lán cinnte go mbeadh freagraí agat ar cheisteanna san aimsir láithreach, san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach. Téigh ar ais ar na briathra rialta agus ar na briathra neamhrialta mar ullmhuchán. B’fhéidir nach dtuigfidh tú an cheist a chuirfidh an Scrúdaitheoir ort. Céard a
01/04/2014 12:20
Timire
dhéanfaidh tú ansin? Bhuel, abair leis an Scrúdaitheoir: “Gabh mo leithscéal, a Scrúdaitheoir. Níor thuig mé an cheist i gceart. An féidir leat an cheist a chur orm arís, le do thoil?” Má chuireann an Scrúdaitheoir ceist ort agus b’fhéidir nach bhfuil eolas agat ar an ábhar sin, céard a dhéanfaidh tú ansin? Bhuel, seo seans duitse an comhrá a stiúradh ‘i do threo féinig’ – mar shampla, má chuireann an Scrúdaitheoir an cheist seo ort: “An bhfuil suim agat i bpolaitíocht na tíre seo?” – seo an plean. Smaoinigh ar feadh nóiméad amháin agus ansin, is féidir leat an freagra seo a thabhairt – “Anois, a Scrúdaitheoir, sin ceist shuimiúil. Caithfidh mé a rá leat nach bhfuil spéis agam sa pholaitíocht ag an am seo. Níl am le sparáil agam mar tá mé ag staidéar go dian don Ardteist, ach, tá suim agam sa cheol / sa pheil / sa rince ...” agus lean ort ansin ag caint mar gheall ar an ábhar sin. Maidir leis na topaicí sa chomhrá, ba
TIMIRE Spring_2014.indd 25
25
cheart go mbeidh freagraí agat ar na ceisteanna seo a leanas – do chlann; do cheantar; an scoil; caitheamh aimsire (ba cheart go mbeadh dhá nó trí chaitheamh aimsire agat); laethanta saoire (céard a rinne tú an samhradh seo caite? / céard a dhéanfaidh tú an samhradh seo chugainn?); tar éis scoile (post / cúrsa san ollscoil / cúrsa sa choláiste srl ..); ceisteanna sa mhodh coinníollach, mar shampla - dá mbeifeá i do Phríomhoide sa scoil seo?; dá mbeadh duais agat sa Chrannchur Náisiúnta?; dá mbeifeá i do Thaoiseach sa tír seo? Sa deireadh, ná déan dearmad go bhfuil an Scrúdaitheoir ann chun marcanna a bhronnadh ortsa sa Bhéaltriail. Dá bhrí sin, cosúil leis na Gasóga – bí ullamh roimhré agus sa scrudú féin, bí ag caint! Go n-éirí go geal libhse go léir ag na Béaltrialacha! Is múinteoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath í Claire Bogan.
01/04/2014 12:20
26
Timire
Na meáin
Go raibh na meáin ina n-ionstraimí ar son na fírinne agus na síochána Pól Ó Muirí
Labhraíonn muid ar “na meáin” ach tuairisceoirí, iriseoirí, colúnaithe, eagarthóirí agus léiritheoirí atá i gceist. A luaithe agus a luann tú nuachtán nó clár, tosóidh tú ag caint ar na daoine atá ag scríobh sna nuachtáin sin nó atá ag caint leat as an bhosca. Molfaidh tú cuid acu agus, gach seans, cáinfidh tú cuid eile. Deirtear gurb annamh a bhíonn saoi gan locht. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi scéal nuachta. Cá mhéad uair a chuala tú nó a léigh tú mír nár réitigh le do thuairim féin? Cá mhinic a chonaic tú píosa tuairimíochta i gcló nó ar líne a shíl tú a bheith iomlán seafóideach, chomh seafóideach sin gur chuir tú ceist ort féin an raibh an té a scríobh ina chónaí sa tír chéanna – nó ar an phláinéad céanna – leat féin? Agus sin tuairiscí ag iriseoirí a bhí ar na scoileanna céanna leat, a léigh na leabhair chéanna leat, a chonaic agus a chuala na rudaí céanna leat. Fírinne? An dtagann an focal chun béil chugat mar mhasla agus tú ag dhéanamh do chúrsa féin trí na meáin éagsúla? B’fhéidir go gcreideann tú go n-insíonn tuairisceoirí an fhírinne an t-am uilig? B’fhéidir go dtaitníonn
TIMIRE Spring_2014.indd 26
George Orwell leat agus go gcreideann tú gur mar sin atá gach aon iriseoir – ionraic. Tá siad ar son na fírinne. Faraor, smaoiníonn tú ansin ar Pravda agus deir tú leat féin gurb ionann an nuachtán sin agus an líne oifigiúil rialtais agus gurb iomaí cineál Pravda atá ann – bíodh is go ndiúltódh mórán nuachtán in iarthar na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe don lipéad. “Tá muid neamhspleách,” a deir siad. Cad is “neamhspleách” ann sa chomhthéacs seo? Neamhspleách ar airgead rialtais? Tá go breá – ach amháin gur beag nuachtán nach dtógfadh airgead rialtais trí chúrsaí fógraíochta,
Thiocfadh linn ‘tuairisceoirí’ a thabhairt ar Mhatha, Mharcas, Lúcás agus Eoin mar shampla. Neamhspleách ar thuairimí an rialtais? I ndáiríre? Nach minic a léann tú tuairisc ar pháipéar a mholann polaiteoir ar leith nó páirtí ar leith? An bhfuil an moladh sin neamhspléach? Nach sin an fáth a gceannaíonn daoine nuachtáin áirithe thar nuachtáin eile, mar go dtacaíonn siad le tuairim ar leith polaitíochta? Tá an traidisiún sin le sonrú sa Bhreatain go láidir go fóill – idir The Daily Mirror agus The Daily Mail, mar shampla. Bhí an rud céanna fíor in Éirinn go dtí le deireanas. Níorbh ionann tuairimí léitheoirí, abair, The Irish Independent
01/04/2014 12:20
Timire
agus The Irish Press. Tá aithne againn uilig ar dhaoine a cheannaíodh an Press ach nach ligfeadh an Indo faoi scairt asail den teach – agus vice versa. Tig linn an feiniméan céanna a fheiceáil sna meáin chraolta. Ní hionann cur chuige RTÉ agus an BBC; ní hionann an BBC agus Fox; ní hionann Fox agus Al Jazeera; ní hionann Russia Today agus TG4. Déarfadh gach dream go raibh siad ag insint na fírinne ach ní hionann sin is a rá go mbainfidh tráchtairí i Londain nó i Moscó nó i mBaile na hAbhann an chiall chéanna as “an fhírinne”. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin iontas ar bith orainn go mbíonn conspóidí faoi chúrsaí nuachta. Thiocfadh linn “tuairisceoirí” a thabhairt ar Mhatha, Mharcas, Lúcás agus Eoin.
27
I ndeireadh thiar thall, tá “scéal” sa soiscéal. Creideann Críostaithe gur inis siad an fhírinne faoi bheatha Chríost – ach is minic céanna a éiríonn Críostaithe tógtha le ciall na fírinne céanna. Tá na focla céanna i gcló ach baintear ciall dhifriúil astu. Agus cad é faoi Naomh Pól agus a chuid litreacha? Is é an colúnaí breá Críostaí é, duine nach mbeadh as áit ar leathanach tuairimíochta na nuachtán lena chuid barúlacha, is é sin le rá, dá gcuirfeá eagarthóirí an lae inniu i gcló ar chor ar bith é. Seans mór nárbh ionann tuairim neamhspleách Phóil agus a gcuid tuairimí féin. Is iriseoir agus scríbhneoir é Pól Ó Muirí. Tá dán nua dá chuid le feiceáil ar leathanach 38.
Intinn Uilíoch an Phápa do mhí Bealtaine, 2014 Na Meáin. Go raibh na meáin ina n-ionstraimí ar son na fírinne agus na síochána.
TIMIRE Spring_2014.indd 27
01/04/2014 12:20
28
Timire
Treorú Muire
Tagann an intinn mhisineach trí urnaí. Is as an bpaidreoireachta a fhaightear an Spiorad Naomh agus an uaillmhian iarracht a dhéanamh Críost a chur in iúl do dhaoine eile. Pádraig Ó Maoldúin
Tá an tsoiscéalaíocht mar phríomhthosaíocht ag an eaglais faoi láthair agus léiríonn “Bliain an Chreidimh” le déanaí an tábhacht atá ag baint léi, go háirithe sna tíortha Críostaí is sine ina bhfuil cleachtas an chreidimh laghdaithe iontu agus an cultúr saolta ag dul i méid, Éire san áireamh. Is féidir rath na Soiscéalaíochta Nua a fheiceáil san eaglais in Éirinn go mór sa gníomhaíochtaí atá á reáchtáil ag na gluaiseachtaí agus Comhluadar nua – obair leis an óige agus misean ar na sráideanna san áireamh. Glaotar Nightfever ar cheann de na gníomhaíochtaí seo atá á reáchtáil faoi láthair i mBaile Athá Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh. Is gníomhaíocht idirnáisiúnta é seo a thosaigh tar éis Lá Domhanda na nÓg sa nGearmáin i 2005 agus atá á reáchtáil go rialta anois i ndaichead cathair timpeall na cruinne. Tá aidhm shimplí ag Nightfever: eaglais lár na cathrach a oscailt go déanach tráthnóna Satharn agus cuireadh a thabhairt do dhaoine dul isteach ann chun coinneal a lasadh, taitneamh a bhaint as an gceol álainn agus a bheith i
TIMIRE Spring_2014.indd 28
láithreacht Dé. I mBaile Athá Cliath bíonn Nightfever ar siúl in eaglais álainn na gCairmilíteach ar shráid Clarendon. Tosaíonn an ocáid le hAifreann agus díreach ina dhiaidh sin bíonn Adhradh Eocairisteach go dtí deireadh an tráthnóna. Ar feadh trí huaire a chloig ansin, téann thart ar tríocha misinéirí sráide i dteagmháil le lucht siopadóireachta agus le daoine ar a mbealach amach go dtí tithe tábhairne, pictiúrlanna agus amharclanna na cathrach ag tairiscint dóibh coinneal saor in aisce. Téann na misinéirí in éineacht leis na daoine a ghlacann an cuireadh chun an coinneal a lasadh ag an altóir. Fanann na cuarteoirí an fhaid a theastaíonn uathu agus bíonn fáilte rompu urnaí a scríobh agus focal scrioptúir a thogáil as ciseán atá ar fáil ar an altóir. Bíonn daoine óga agus sagairt ar fáil don trathnóna go léir le haghaidh comhrá nó faoistin agus nuair a imíonn na cuairteoirí, faigheann siad billeog eolais le himeachtaí Caitliceacha atá ag tarlú sna ceantracha áitiúla. Bíonn na cuairteoirí i gconaí ag caint faoi cé chomh corraitheach is atá an ócáid leis an atmaisféar urnaitheach, ceol aláinn, mórchiúnas, agus déanann said cur síos ar oscailteacht an tráthnóna freisin. Ní raibh roinnt acu riamh in eaglais. Cuireann roinnt eile díobh ceisteanna faoin gcreideamh. Filleann cuid acu ar ais chuig ocáid Nightfever eile, nó tosaíonn siad ag dul chuig an Aifreann nó ag freastal ar ócáidí an pharóiste. Tá an misean seo beannaithe leis an méid tacaíochta a thugann na hoibrithe
01/04/2014 12:20
Timire
29
Glaotar Nightfever ar cheann de na gníomhaíochtaí atá dá reachtáil faoi láthair i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh
deonacha agus an pobal religiúnach dó. Gach misean bíonn iontas ag na heagraithe agus na sagairt leis an méid daoine a ghlacann an cuireadh chun coinneal a lasadh agus a théann isteach san eaglais. Bíonn iontas ar na misinéirí sráide chomh maith faoi na comhráite a bhíonn acu leis na cuairteoirí agus faoin gcumas áitithe atá ag daoine ar a gcuid cairde féin. Bíonn na cuairteoirí ag gríosadh a gcuid cairde féin go minic an coinneal a thógáil agus dul in éineacht leo san eaglais. Le linn mo thuras creidimh féin theagmhaigh mé le maitheas agus deonú Dé i slí láidir ó thaobh a bheith bainteach leis an tsoiscéalaíocht agus dá bharr sin ba mhaith liom meon miseanach a chruthú i mo shaol laethúil. Tuigim an dualgas atá orainne mar
Chaitlicigh soiscéalaíocht a dhéanamh agus Críost a fhógairt do dhaoine eile, pointe atá mar théama láidir do phápacht Phroinsias. Táim i mo bhall den Chomhluadar Emmanuel agus déanaim iarracht an carasma adhradh, atrua agus soiscéalaíochta a leanúint. I mo thuairim, ní féidir linn soiscéalaíocht inchreidte a dhéanamh gan ár gcreideamh agus múinín a chur in Íosa agus Muire Mháthair i dtosach báire. Tagann an intinn mhisineach trí urnaí. Is as an bpaidreoireachta a fhaightear an Spiorad Naomh agus an uaillmhian iarracht a dhéanamh Críost a chur in iúl do dhaoine eile, le cúnamh agus le treoir Muire, Réalta na Soiscéalaíochta. Is ball den fhoireann a oibríonn ar an suíomh gréasáin ‘Sacred Space’ é Pádraig Ó Maoldúin
Intinn Shoiscéalaíochta an Phápa do mhí Bealtaine, 2014 Treorú Mhuire. Go raibh Muire, Réalta na Soiscéalaíochta, ina treoir don Eaglais chun Críost a fhógairt do na náisiúin uile.
TIMIRE Spring_2014.indd 29
01/04/2014 12:20
30
Timire
TIMIRE Spring_2014.indd 30
01/04/2014 12:20
Timire
31
TEARMANN
Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com
Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RO-NAOFA ÍOSA Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.
TIMIRE Spring_2014.indd 31
01/04/2014 12:20
32
Timire
Oilithreacht chuig an Róimh
Nuair atá tú ar oilithreacht, faigheann tú amach go bhfuil domhan eile taobh amuigh de do shaol beag féin An tAthair Fiontán Ó Monacháin
Nuair a théann tú ar Oilithreacht nó go háit bheannaithe cosúil le Cnoc Mhuire - bíonn tú ag súil go n-athrófar do shaol ar bhealach éicint. Chuile sheans go bhfuil tú ag súil agus ag tnúth le hárdú chroí de shaghas éicint, tar éis caidrimh speisialta a bheith agat le Dia. B’fhéidir go dtagann tú le achainí éagsúla ar d’intinn ag iarraidh ar Mhuire nó ar Dhia rud éicint a dheonú, más é a dtoil é. Tagann go leor ag gábháil buíochais le Dia as ucht an iliomad rudaí maithe atá acu ar go leor bealaí. D’fhéadfadh sé ar an láimh eile, go bhfuil tú ag cuartú briseadh beag ón ngnáth-shaol, rud éicint difriúl a dhéanamh, grásta a fháil, athnuachan de shaghas a fháil nó breathnú ar an saol ar bhealach difriúil. An bhliain seo caite, rinne mé oilithreacht mhór san Iodáil ar a dtugtar an Via Francigena. Siulóid dhá chéad míle a bhí ann, ó Siena i dtuaisceart na hIodáile go dtí an Róimh mar cheann scríbe. Cuid bheag a bhí ansin den Oilithreacht iomlán a théann ó Chanterbury, Shasana, trasna na hEorpa
TIMIRE Spring_2014.indd 32
go dtí an chathair naofa, An Róimh, rud a thógfadh sé mhí le críochnú, ag siúl 1,300 míle. Triúr againn a bhí le chéile agus d’fhág muid BÁC le dul go dtí aerfort Pisa agus uaidh sin ar aghaidh go Cathair Naomh Chaitríona i Siena. Thosaigh muid uaidh sin, na málaí á n-iompar an bealach ar fad againn. D’fhan muid áit ar bith a raibh muid in ann lóistín a fháil - clochair, mainistreacha, títhe ósta, óstáin. In áit amháin thug an sagart pobail áit dúinn ar urláir halla an phobail. Níl fhios agam ar athraigh mé mórán ar an olithreacht seo, ach is cinnte go bhfuair mé tuiscint agus léargas níos doimhne ar roinnt mhaith rudaí! Déanfaidh mé cur síos ar roinnt acu. Ar oilithreacht bíonn tú ag smaoineamh ar dhaoine eile, na comrádaithe atá leat, daoine atá sa mbaile, daoine a d’iarr paidreacha ort. Faigheann tú léargas go bfhuil domhan eile taobh amuigh de do shaol beag fhéin. Arís an Chríostaíocht go smior! Bheith ag smaoineamh ar dhaoine eile. Is féidir leis an saol atá againn a bheith an chasta ar fad. Tá an oiread sin ‘stuif’ thart timpeall orainn. Tá béim mhór ar ábharachas i saol an lae inniu. Tá go leor againn faoi bhrú ama go minic. Nuair atá tú ar oilithreacht, tá dalladh ama agat agus bíonn ort taisteal an-éadrom ar fad. Ní féidir leat ach rudaí riachtanacha a thabhairt leat. Mála éadrom agus simplíocht atá ag teastáil agus tú ar thuras beannaithe. Ar oilithreacht tá seans agat doimhinsmaoineamh a dhéanamh, b’fhéidir smaoineamh agus guí a dhéanamh, rud
01/04/2014 12:20
33
© Bjørn Christian Tørrissen
Timire
nach bhfuil chomh héasca céanna nuair atá tú sa mbaile agus cúramaí éagsúla an tsaoil ort. Ag siúl ar oilithreacht mhór fhada – bíonn tú leat fhéin agus do chuid smaointe go leor den am mar gheall go siúlann chuile dhuine ag rataí difriúla luais. Thaitin sé go mór liom fhéin, i measc go leor rudaí eile bheith ag smaoineamh ar ghnéithe éagsúla den Chríostaíocht. Ba mhór an cúnamh chun é seo a dhéanamh ná rúndiamhra den phaidrín agus na smaointe doimhne taobh thiar díobh, chomh maith le Turas na Croise, Rúndiamhra na Cásca, téamaí as an mBíobla, parabail, míorúiltí, sean-fhocla agus srl. Nuair a bhíodh na naoimh cosúil le Columba, Colmcille agus Breandán ag fágáil na tíre seo fadó ag scaipeadh an creidimh – úsáideadh an téarma Peregrinatio Pro Christo ag cur síos ar an turas a bhí ar siúl acu. Ag déanamh aistir ar son Íosa Chríost. Nach sin é go leor d’oilithreacht dhuine ar bith againn, ag
machnamh ar rúndiamhra Íosa Chríost agus iad a shníomh isteach go fite fuaite inár saol laethúil fhéin? Is cuma cén áit a mbíonn tú ar an domhan seo – tá sé suntasach go bhfuil an tAifreann naofa díreach mar a chéile, bíodh tú in Éirinn, nó san Iodáil nó in áit ar bith ar fud na cruinne. Briathair Dé dár dtreorú agus Sacraimint Chorp agus fola Íosa Críost ag cothú ár n-anamacha. Amanta ar an Via Francigena, bhí Aifreann againn sna séipéil aitiúla, in Iodáilis, amanta eile léigh muid Aifreann muid féin sa lóistín. Sa Róimh bhí Aifreann ar fáil an-mhinic sna séipéil mhóra éagsúla ar fud na cathrach. Cibé áit a raibh muid, bhí muid ag tnúth go mór leis an Sacraimint naofa seo. Dia agus an talamh ag teacht le chéile mar aon sa bpaidir mhór iontach a bhronn Dia orainn sa Suipéar Deireanach ar Dhéardaoin Mandála. Is rúnaí Ardeaspag Thuama é an tAthair Ó Monacháin.
Foclóirín: Déardaoin Mandála: Maundy Thursday
TIMIRE Spring_2014.indd 33
01/04/2014 12:20
34
Timire
Aitheasc Phádraig
Is eiseamláir iontach é Naomh Pádraig, Aspal na hÉireann, den leigheas inmheánach a thugann Íosa dúinn má ligimid dó Leon Ó Giolláin SJ
Cloisim sa Soiscéal faoin bhean a rugadh in adhaltranais macalla de dhrochbhail ár muintire féin inniu agus néal dorcha an truailliú gnéis ag luí go trom orainn le tamall anuas. Is é dráma truamhéileach na mná ár ndráma freisin: scéal náireach faoi pheaca ghnéis agus téamaí aithnidiúla go smior ann: ‘fearg agus fuath, daoradh agus daorbhreith, lochtú, éileamh cearta agus sásamh dlí’. Is cúis sóláis dúinn, áfach, go bhfuil Íosa i lár baill an dráma thraigéidigh atá ar siúl faoi láthair inár measc féin in Éirinn, chomh maith céanna agus a bhí sé i láthair san eachtra a bhfuil cur síos uirthi sa Soiscéal. Tá Íosa inár measc. Is léir dó cneá oscailte sa chomhluadar, deighilt idir na daoine a gortaíodh agus iad siúd a ghortaigh. Tuigeann sé an phian. Tuigeann sé an gortú. Tuigeann sé an peaca. Tuigeann sé an fhearg. Feiceann sé freisin an brón, an trua, an t-aiféala agus an doilíos croí. Ar mhaithe lenár bhfuascailt, scríobhann sé a ghaois, a Dhlí ar ghaineamh ár gcroithe (faoi mar a scríobh Dia an Dlí ar na taibléidí do Mhaois), ag cur ina luí orainn: gur peacaigh sinn go léir, nach bhfuil duine
TIMIRE Spring_2014.indd 34
gan locht, agus ar deireadh thiar, go bhfuil nithe ann atá níos láidre ná an Ceart – siad sin carthanacht, trócaire agus maithiúnas. Ceansaíonn an fhírinne seo, a nochtann Íosa ar talamh, na mothúcháin ar gach taobh – an fhearg sa slua, an fhaitíos sa bhean, an náire sna clocha réidh le caitheamh. Cuireann sé séimhe agus síocháin in áit an aighnis agus an achrainn. Tugann sé saoirse anama ar ais do chách. Is eiseamláir iontach é Naomh Pádraig, Aspal na hÉireann, den leigheas inmheánach a thugann Íosa dúinn má ligimid dó. Tá Pádraig an-chóngarach dóibh siúd inár linn féin a d’fhulaing an t-uafás éagóra i laethanta a n-óige sa tír seo. Ba íobartach é féin. Agus é fós óg, goideadh uaidh a shaoirse, chaill sé a mhuintir, a chlann, a thír agus a theanga. Dílleachta ab ea é, caite isteach i ndílleachtlann na tíre seo mar sclábhaí ag obair ar mhaithe le daoine eile. Ach, ina scéal féin, insíonn sé dúinn cá raibh leigheas le fáil. Tugann sé le fios gur bhris Íosa isteach san áit dhorcha ghruama ina raibh sé agus cheansaigh a chroí. Ina fhocla féin: tá a fhios seo go rí-dheimhnitheach, go mba chosúil mé roimh m’ísliú le cloch ina luí sa doimhinláib. Agus tháinig an Té atá cumhachtach agus thóg Sé mé as ucht a thrócaire, agus ní hé sin amháin é ach d’ardaigh Sé agus chóirigh Sé ar bharr an bhalla mé. … thug sólás dom fearacht athar dá mhac Léiríonn Pádraig gur féidir éalú as géibheann na dearg-ghránach agus na seirbhe trí ghrásta Dé. Ní amháin gur sháraigh sé ballaí na sclábhaíochta corpartha – d’éalaigh sé ó ghreim a mháistrí agus d’fhill dhá thír féinig –
01/04/2014 12:20
Timire
35
Tugann sé le fios gur bhris Íosa isteach san áit dhorcha, ghruama ina raibh sé agus cheansaigh a chroí
ach sháraigh sé an balla is airde agus is deacra - balla an díoltais agus an naimhdis. Bhí cneasú Dé agus grá Dé chomh foirfe sin ann gur fhill Naomh Pádraig go machairí agus magha na hÉireann, maithiúnas agus trócaire and grá Chríost ar dearg-lasadh ina chroí. Cloisim é ár ngríosadh arís inniu i mbriathra an fháidh Isáia: Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnigí ar an tseanaimsir. Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas. Guimis inniu, trí idirghuí ár nAspal ionúin, Pádraig, go leigheasfaí ár
n-anam, go gcuirfimis fáilte, ‘mar shruthanna san fhásach’, le trócaire chaoin Chríost, go mbeidh de mhisneach againn ‘an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romhainn’ (Naomh Pól), ‘go líonfaí ár mbéal le gáire agus ár dteanga le gairdeas’ (Salm 125) arís, ‘go mórfaimis agus go n-admhóimis éachta Dé os comhair an uile chine dá bhfuil faoin spéir’ (Faoistin Phádraig). Tá an ghlúin nua, ár bpaistí, ag féachaint chugainn le dea-scéal, ceol binn álainn Dé, a chloisint. Ná deinimis faillí orthu solas, sólás agus saoirse an tSoiscéil, Soiscéal Chríost, a thabhairt dóibh mar oidhreacht, mar a rinne Naomh Pádraig dúinne, muintir na hÉireann, fadó, fadó. Amen.
Foclóirín: An Ceart: Justice; Íobartach: victim; Adhaltranas: adultery; Téamaí aithnidiúla: familiar themes; Ceansaigh: pacify, déan ciúin (briathar)
TIMIRE Spring_2014.indd 35
01/04/2014 12:20
36
Timire
Im Leabharlann dom
Léirmheas: Dan Ó hÉalaithe
Mac na hEabhraí Breandán Ó Doibhlin
Coiscéim 223 lch, €8 Ciallaíonn an teideal mac na mná Eabhraí, is é sin le rá, mac Mhuire Nazarat. Tugann Ó Doibhlin faoi bheatha Mhac Mhuire, Íosa Críost a scríobh i mbeagán breis is 200 leathanach, tasc atá dodhéanta ar mhórán bealaí. Faoin am seo tá an méid sin staidéir déanta ar na scrioptúir ó thaobh na litríochta de, ó thaobh na teangeolaíochta de, ó thaobh na seandálaíochta de agus ó thaobh na staire de, go gcaillfí duine
TIMIRE Spring_2014.indd 36
ann. Agus chomh maith le sin, ní mór a chur san áireamh na tuairimí diagachta i leith phearsa Íosa Críost agus i leith a ionchollaithe, a bheatha agus a bháis, go mór mór an chodarsnacht idir ‘Íosa na Staire’ agus ‘Críost an Chreidimh,’ idir an ardchríosteolaíocht agus an ísealchríosteolaíocht. Le linn dó bheith ina Phápa d’fhoilsigh Benedict XVI Jesus von Nazareth inar leag sé an-bhéim go deo ar an ardchríosteolaíocht. Timpeall an ama chéanna, d’fhoilsigh José Pagola Jésus, Aproximación Histórica ina dtéann sé i muinín an taighde acadúil go léir atá déanta chun Íosa na Staire a chur os ár gcomhair. Dar liom féin go bhfuil roghanna cothroma ciallmhara déanta ag Ó Doibhlin i leith an ábhair
01/04/2014 12:20
Timire seo go léir agus go gcuireann sé os ár gcomhair portráid de Íosa Críost atá cuimsitheach agus tarraingteach ag an am céanna. Sna caibidlí tosaigh déanann sé cur síos sách iomlán ar na foinsí, idir fhoinsí na hImpireachta agus fhoinsí an chomhluadair Chríostaí tosaigh. Luaitear trí thagairt don ghluaiseacht Chríostaí ag staraithe na hImpireachta – agus sin a bhfuil ann. Téann na tagairtí seo siar go dtí tosach an dara céad. Ó thaobh na bhfoinsí Críostaí de, baineann céadlitir Naomh Pól leis an mbiain 50 A.D. nó mar sin, agus baineann na foinsí eile leis an tréimhse idir sin agus deireadh an chéid. Deineann an t-údar measúnú léannta ar na foinsí seo ó thaobh iontaofachta stairiúla de. “Ní staraithe ná iriseoirí ab ea na soiscéalaithe ach oidí a mba thábhachtaí leo an teachtaireacht ná an caileandar.”
37
Anseo tá portráid de Íosa Críost atá cuimsitheach agus tarraingteach ag an am céanna (lch. 152) Mar sin, ní féidir beatháisnéis Íosa a scríobh. Ach is féidir, de thoradh na scoláireachta go léir atá déanta, tuiscint níos doimhne a fháil ar ar tharla idir an baisteadh san Iordáin agus an bás ar an gcrois, rud a éiríonn le Ó Doibhlin a thabhairt dúinn. Cuirimis fáilte mhór roimh a leithéid de leabhar in ár dteanga féin, leabhar atá inmholta do éinne a bhfuil spéis aige nó aici sa spioradáltacht Chríostaí i gcoitinne.
Foclóirín: Ionchollú: incarnation; Eabhrach: Hebrew
Tomhas an Timire: 175
1
2
3
4
5
6
7
8
9
Is dócha gurb é seo an carachtar is mó cáil i miotaseolaíocht na Gaeilge. Sa Táin, déanann sé Cúige Uladh a chosaint ó na Connachtaigh, Ailill agus Méabh. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil: CONSAN, ÚLLORD, CAITH, CONRADH, LUATH, LAG, ARD, AINM, NAOFA, NEACH
Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 31 Márta, 2014. Tomhas 173: Freagra: Íosagán Buaiteoir: Ruadhán Ó Fátharta, Baile na Seoigeach, Inismeáin, Árainn, Gaillimh.
TIMIRE Spring_2014.indd 37
01/04/2014 12:20
38
Timire
Dán nua ó Phól Ó Muirí Ag iompar dáin i ndiaidh dom cnuasach filíochta le Meg Bateman a léamh Tá mise agus banfhile Albanach ag iomrascáil ar leaba óstáin; Labhrann a cuid dántaí liom as leabhar rúnda leannáin. Pógaim a muineál le Gàidhlig chiotach an fhoghlaimeora Agus scríobann mo mhéara tuaimeanna fiáine asainn beirt. Léimeann gutaí geanmnaí go fonnmhar ar chonsain chollaí Agus ligeann muid glam fhiáin asainn in dhá theanga bhoga. Seisiún fada leapa atá ann – agus sa chithfholcadh ar ball. (Ní mian liom bheith bladhmannach ach ní raibh stad Ar cholainn nó ar chroí le linn an mhalartaithe chultúrtha.) Fágaim an téacs traochta i leataobh, titeann chun suain Sula gclisim as mo chodladh agus rud inteacht ag borradh ionam. Ó, a Spioraid Naoimh, tá mé ag iompar dáin.
**COMÓRTAS**
Cuirfear cóip de leabhar filíochta Phóil Uí Mhuirí go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo: Cé a bhí mar eagarthóir an an bhfoclóir clúiteach Gaeilge/Béarla a tháinig amach sa mbliain 1904? Freagra ar chárta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Niamh Nic Dhomhnaill, Baile na hAbha, Dún Chaoin, Co. Chiarraí. Freagra: ‘Bad blood. A walk along the Irish border.’ Cóip de Testament of Mary buaite aici.
TIMIRE Spring_2014.indd 38
01/04/2014 12:20
Timire
IS
múinteoir eacnamaíocht bhaile mé agus mar sin gach Nollaig agus breithlá faighim cúpla leabhar cócaireachta mar bhronntanais. Ní raibh sé difriúil i mbliana mar sin le cúpla mí anuas fuair mé sé leabhar cócaireachta nua. Is maith liom leabhair nua a fháil agus bainim triail as go leor oidis nua ach is minic nach ndéanaim mias nó cáca ach uair amháin. Tá cúpla oideas a úsáidim arís is arís eile. Tá siad éasca le déanamh agus blasta. An cáca is fearr liom nuair atá deifir orm ná císte maidéarach mar is féidir leat é a athrú go héasca chun cáca difriúil a dhéanamh a oireann don fhonn atá ort. Tá oideas anseo don chíste bunúsach ach tá cúpla moladh ann freisin faoi leaganacha malartacha gur féidir leat a dhéanamh. Is maith liom an cáca bunúsach a mhaisiú le subh agus uachtar úr freisin.
39
Síle Ní Chearbhaill
Císte Maidéarach
Comhábhair
175g im 175g siúcra 3 ubh 250g plúr féinardaithe 2-3tbsp bainne Cúpla braon d’úscra fanaile
Modh: 1. Réamhthéigh an t-oigheann chuig 190c/ gásmharc 5. 2. Cuir gréis ar stán builín 2lb. 3. Uachtaraigh im agus siúcra le chéile go mbíonn an meascán éadrom agus clúmhach. 4. Cuir beagán den ubh leis agus measc go maith é. Ansin cuir beagán den phlúr leis agus measc go maith é. Lean ar aghaidh mar seo ag cur an ubh agus an plúr isteach de réir a chéile go dtí go mbíonn an ubh agus an plúr ar fad istigh sa mheascán. 5. Measc isteach an t-úscra fanaile. 6. Cuir sa stán é agus bácáil ar feadh 35-40 nóiméad nó go dtí go dtagann scian amach glan. 7. Fuaraigh ar thrádaire sreinge. Foclóirín: Úscra fanaile: vanilla essence; Trádaire: tray; Stán: tin
TIMIRE Spring_2014.indd 39
01/04/2014 12:21
Aspalacht na hUrnaí Intinní an Phápa Márta 2014 Urraim do mhná. Go ndéana gach uile chultúr meas agus urraim a thabhairt do dhínit na mban. Aibreán 2014 An Éiceolaíocht agus an Ceart. Go gcothaí rialtais tíre caomhnú na cruthaíochta agus comhroinnt chothrom na n-achmhainní nádúrtha. Bealtaine 2014 Na Meáin. Go raibh na meáin ina n-ionstraimí ar son na fírinne agus na síochána. Meitheamh 2014 Daoine atá díomhaoin. Go bhfaighe daoine atá gan fostaíocht cuidiú agus an obair is gá dóibh chun maireachtáil faoi dhínit.
TIMIRE Spring_2014.indd 40
01/04/2014 12:21