Tuarascáil bhliantúil eirgrid 2017 issuu

Page 1

Comhpháirtíochtaí nuálacha d’fhonn an saol a fheabhsú do na glúnta atá le teacht Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017


Comhpháirtíochtaí nuálacha d’fhonn an saol a fheabhsú do na glúnta atá le teacht Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017


Tuarascáil Bhliantúil Ghrúpa EirGrid, 2017

Ar an gclúdach tá Jake Bracken, Bainisteoir Forbartha Tionscadal le Schwungrad Energie, agus Karen O’Doherty, Ceann-Innealtóir Sinsearach ar Fhoireann Nuálaíochta SONI.

Réamhrá. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 1 Léargas Ginearálta ar 2017. . . . . . . . 2 Tuairisc an Chathaoirligh . . . . . . . . . 6 Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh . . . . . . . .10

A bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh eangacha cliste agus comhtháthú fuinnimh in-athnuaite de . . . . . . . . 26 Meas agus muinín a thuilleamh. . . 28

Léarscáil an Chórais Tarchurtha. . . . 15

Ag obair i dtreo comhtháthú Eorpach . . . . . . . . . . . . 31

Súil Siar ar Chúrsaí Airgeadais. . . . .16

Bord Ghrúpa EirGrid . . . . . . . . . . . . 34

Feidhmiú go héifeachtúil ar ardchaighdeán . . . . . . . . . . . . . . 20

Ár bhFoireann Feidhmiúcháin. . . . . . 41

Infreastruchtúr eangaí a bhunú ar bhealach éifeachtach, tráthúil. . 23

Gluais Téarmaí teicniúla . . . . . . . . . 46

Príomhshonraí faoi Oibríochtaí . . . 44

Na Ráitis Airgeadais . . . . . . . . . . . . . 51


Tá Grúpa EirGrid freagrach as leictreachas a sholáthar ar bhealach slán, sábháilte agus iontaofa - san am i láthair agus san am atá le teacht. Déanaimid an eangach tharchuir leictreachais a fhorbairt, a bhainistiú agus a oibriú trí EirGrid i bPoblacht na hÉireann agus trí SONI i dTuaisceart Éireann. Seolann an eangach tharchuir cumhacht ón áit a ngintear í go dtí an áit a bhfuil sí ag teastáil ó cheann ceann oileán na hÉireann. Bainimid úsáid as an eangach sin le cumhacht a sholáthar d’earnáil na tionsclaíochta agus do ghnóthais a úsáideann cuid mhaith leictreachais.

Cuireann ár n-eangach cumhacht ar fáil freisin don líonra dáileacháin. Soláthraíonn sé sin an leictreachas a n-úsáideann sibhse é gach lá in bhur dtithe, gnóthais, scoileanna, ospidéil, agus feirmeacha. Tá SEMO - Oibreoir an Mhargaidh Aonair Leictreachais - ina chuid de Ghrúpa EirGrid. Oibríonn SEMO an margadh mórdhíola leictreachais ar fud oileán na hÉireann. Is le Grúpa EirGrid an tIdirnascaire Thiar Thoir agus tá sé freagrach as a fheidhmiú chomh maith. Nasc ardvoltais is ea é idir na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór.

Ní dhéanaimid bonneagar leictreachais nua a fhorbairt ach amháin nuair atá gá leis. Tacaímid le hiomaíocht i gcúrsaí fuinnimh, cuirimid fás eacnamaíoch chun cinn, déanaimid fuinneamh in-athnuaite a éascú agus cuirimid seirbhísí riachtanacha ar fáil. Cuideachta thráchtála faoi úinéireacht an stáit is ea EirGrid cpt, a ndéanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais rialáil air in Éirinn. Fochuideachta faoi lánúinéireacht Ghrúpa EirGrid is ea SONI Ltd agus is é an Rialálaí Fóntas i dTuaisceart Éireann a dhéanann rialáil air. Oibrímid ar mhaithe le gach uile dhuine ar oileán na hÉireann agus ar mhaithe lena sábháilteacht. Cloímid le dlíthe agus caighdeáin sábháilteachta dhochta dhaingne.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 1


Nollaig 2016 Thug an Bord Pleanála cead pleanála don Idirnascaire Thuaidh Theas in Éirinn. Tharla sé sin tar éis don tionscadal tacaíocht a fháil ón lucht gnó in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Cuireadh tús leis an bpróiseas achomhairc bhreithiúnaigh ansin.

Meán Fómhair 2016 Comhpháirtíocht chorparáideach fógartha ag SONI le Comhlachas Tráchtála Dhoire. Beimid in ann caidreamh fiúntach a chothú le ceannairí gnó agus polaitíochta san Iarthuaisceart mar gheall air seo.

2017 Ioncam i milliúin €

Samhain 2016 Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais Our Time is Now chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár ról mar urraitheoir oifigiúil an choimeádta ama don CLG. Bhuaigh club amháin i ngach cúige clog digiteach agus clár scór dá bhfaiche spóirt.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 2

579.4


2017

Feabhra 2017

An Méid is mó Fuinneamh Gaoithe Riamh

Bhuaigh EirGrid gradam foriomlán ‘Plain English’ mar aitheantas ar an obair a dhéanaimid lenár gcuid foilseachán a dhéanamh soiléir agus inrochtana.

Ar an 25 Eanáir, gineadh an méid is mó fuinneamh gaoithe riamh in aon lá amháin ar oileán na hÉireann.

3,088

MW Márta 2017 Mar chuid dár gclár corparáideach agus freagrachta shóisialta, reáchtáil foireann meantóirí EirGrid lá cóitseála do scoláirí de chuid na hidirbhliana i gColáiste Pobail Margaret Aylward.

Eanáir 2017 Chuireamar tús le próiseas comhairliúcháin maidir le Cásanna Fuinnimh don Am atá le Teacht d’fhonn pleanáil dá bhfuil i ndán don eangach amach anseo. Leagadh béim ar an ábhar seo ag ár gcomhdháil bhliantúil.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 3


Bealtaine 2017 D’óstáil CIGRÉ – Comhairle Idirnáisiúnta na gCóras Móra Leictreach – a comhdháil bhliantúil i mBaile Átha Cliath. Tugann an t-imeacht tábhachtach seo fiúntas do ról EirGrid mar cheannaire smaointeoireachta agus nuálaí.

Aibreán 2017 Bhuaigh EirGrid Gradam Bliantúil ón nGrúpa um Chomhtháthú Córas Fuinnimh. Bronnadh an gradam sin orainn mar aitheantas ar an gcaoi a bhfuil ag éirí linn an fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú san eangach.

2017

Brabús Roimh cháin i milliúin €

Meitheamh 2017 Thug SONI an t-ionad eolais soghluaiste chuig seó talmhaíochta Ard Mhacha. Thug sé sin deis d’úinéirí talún, d’fheirmeoirí agus do mhuintir na háite tuilleadh eolais a fháil faoi na tionscadail atá againn sa cheantar.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 4

€3.4


Lúnasa 2017

2017

Díbhinn

Rinne EirGrid urraíocht ar bhabhta rothaíochta tiomsaithe airgid ar mhaith le foireann óg CLG Bhaile Átha Troim. Ghlac breis is 50 ball páirt sna babhtaí rothaíochta 20 km agus 40 km d’fhonn airgead a thiomsú i gcomhair cóitseáil daoine óga.

Atá sé beartaithe a íoc le Státchiste na hÉireann i milliúin €

€4.0 Meán Fómhair 2017 Ag Ceardlann Nuálaíochta Siemens, chuir John Fitzgerald ‘The Irish Energy System and Current Challenges’ i láthair. Bhain láithreoireachtaí eile le hábhair nuálacha amhail an nanaitheicneolaíocht, línte gásinslithe agus fostáisiúin shoghluaiste.

Iúil 2017 Bronnadh maoiniú €20 milliún ón Aontas Eorpach ar EU-SysFlex, ar cuibhreannas 34 eagraíocht ó 15 thír é a bhfuil EirGrid i gceannas air. Déanfar taighde mar chuid den tionscnamh seo ar an gcaoi ar féidir tuilleadh fuinneamh in-athnuaite a chur le córais leictreachais.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 5


Tuairisc an Chathaoirligh

Obair a dhéanamh as lámha a chéile le todhchaí an leictreachais a dhaingniú ar fud oileán na hÉireann John O'Connor, Cathaoirleach Is cúis áthais dom Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 a chur i láthair faoin téama “Comhpháirtíochtaí Nuálacha d’fhonn an Saol a Fheabhsú do na Glúnta atá le Teacht”. Tá ár gcuideachta i gcroílár an líonra leictreachais ar oileán na hÉireann. Tógaimid cumhacht ón áit a ngintear í, agus iompraímid ar fud an oileáin í leis an eangach tarchuradóireachta. Is muidne a fheidhmíonn an margadh aonair leictreachais (SEM) sa dá dlínse chomh maith.

Leathanach thall: Foireann Oifigeach Idirchaidrimh Talmhaíochta EirGrid.

Ní mór dúinn eangach a bhaint amach atá solúbtha a dóthain le hathrú chuig teicneolaíochtaí cliste ísealcharbóin amach anseo, rud ar próiseas comhoibríoch é. Leis an méid sin a dhéanamh, tá caidrimh láidre á mbunú ag Grúpa EirGrid le nuálaíocht ó thaobh na eangaí de a thabhairt chuig gach uile chearn den oileán.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 6

Nuáil leis an bhfuinneamh inathnuaite a chomhtháthú Tá an-eiseamláir den chur chuige seo le feiceáil inár ról i dtionscadal EU-SysFlex. Is é Grúpa EirGrid atá i gceannas ar chuibhreannas 34 eagraíocht ó 15 thír ar fud na hEorpa. Bronnadh breis is €20 milliún de mhaoiniú ón Aontas Eorpach ar an tionscadal seo in 2017 i dtaca le ceithre bliana de thaighde ar fheidhm a bhaint as an bhfuinneamh in-athnuaite. Tugann an tionscadal seo dearbhú do Chlár Nuálaíochta Ghrúpa EirGrid. Tugann sé sin misneach dúinn taighde a dhéanamh ar réitigh nuálacha le haghaidh an córas cumhachta a bhíonn ag athrú de shíor a bhainistiú, agus na réitigh sin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm freisin. Idirnascadh agus I-SEM Tá an tIdirnascaire Ceilteach atá beartaithe ina shampla iontach dár gcur chuige comhpháirtíochta. Is comhthionscnamh é i gcomhar le Rté, an t-oibreoir córais tarchurtha sa Fhrainc.



Thuas: Giniúint fuinnimh inathnuaite.

Nascfadh an t-idirnascaire seo na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Fhrainc le chéile den chéad uair riamh. Chabhródh sé sin linn comhtháthú le mórmhargadh leictreachais na hEorpa. D'fheabhsófaí slándáil an tsoláthair, iomaíocht agus úsáid éifeachtúil fuinnimh in-athnuaite in Éirinn mar thoradh air. Tar éis próiseas measúnaithe, d'aithníomar in 2017 an rogha is fearr don Idirnascaire Ceilteach, is é sin go nascfadh an tIdirnascaire Ceilteach leis an eangach in Oirthear Chorcaí. Leanaimid orainn ag breathnú ar an mbealach agus ar mhionsonraí eile a bhaineann leis an tionscadal, agus ag dul i ndáil chomhairle le páirtithe eile maidir leis.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 8

Bhíomar sásta freisin gur éirigh linn teacht ar amlíne i ndáil leis an iarratas ar mhaoiniú a chur faoi bhráid na n-údarás rialála in Éirinn agus sa Fhrainc. Fágann an méid sin gur féidir le EirGrid agus Rté an tionscadal a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile anois. Ar cheann de na tionscadail is suntasaí a cuireadh chun cinn i mbliana tá an t-athrú chuig Margadh Aonair Leictreachais Comhtháite (I-SEM). Is tasc mór, casta é a tionscadal seo don ghrúpa. Leasú ó bhun go barr ar an SEM is ea é i ndáiríre. Tá anchuid acmhainní ag teastáil ón tionscadal seo, ach bainfidh idir rannpháirtithe margaidh agus tomhaltóirí buntáistí a leanfaidh go ceann i bhfad as.


Leanfaimid orainn ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe rialála ar an tionscadal seo. I measc na gcomhpháirtithe sin tá an Coimisiún um Rialáil Fóntais in Éirinn agus an Rialálaí Fóntas i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin táimid ag coinneáil i dteagmháil le custaiméirí agus príomhpháirtithe leasmhara eile d’fhonn aistriú éasca chuig na socruithe margaidh nua a chinntiú. Is tionscadal tábhachtach eile é an tIdirnascaire Thuaidh Theas. Thug an Bord Pleanála lánchead pleanála dó in Éirinn i mí na Nollag 2016. Táimid ag tnúth go mór le torthaí an dá athbhreithniú ar chleachtas idirnáisiúnta a bhaineann leis an tionscadal seo. Is é an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil a choimisiúnaigh iad sin. I dTuaisceart Éireann, tionóladh an Fiosrúchán Poiblí i mí Feabhra 2017 maidir leis an gcuid den Idirnascaire Thuaidh Theas a bheidh taobh thuaidh den teorainn. Chuir an Coimisiún um Achomharc Pleanála in iúl don Roinn Bonneagair i mí na Samhna 2017 go raibh i bhfách leis. Oibreoidh ár bhfoireann go dlúth le pobail áitiúla agus úinéirí talún as seo go ceann bliana. Cuirfear an t-infreastruchtúr náisiúnta tábhachtach seo chun cinn ar an gcaoi sin. Mar fhocal scoir Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine de na stiúrthóirí eile as a dtacaíocht agus as an obair shuntasach a rinne siad i gcaitheamh na bliana. Ba mhór an onóir dom fáilte a chur roimh chúigear stiúrthóirí nua chuig an mbord: Shane Brennan, an Dr. Theresa Donaldson, Lynne Crowther, Eileen Maher agus John Trethowan.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil go háirithe le Richard Sterling, a rinneadh cathaoirleacht ar an gcoiste iniúchóireachta le fada, agus le Doireann Barry, arbh í an t-ionadaí foirne boird í. D’fhág siad beirt an Bord le linn na bliana airgeadais tar éis dóibh an-chuid oibre a chur isteach le himeacht na mblianta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na stiúrthóirí feidhmiúcháin agus leis an bhfoireann go léir as ucht a dtiomantais agus as a ndearna siad le linn na bliana. Tá buíochas ar leith ag dul do Niamh Cahill, a chuaigh ar scor tar éis di bheith ag obair mar rúnaí cuideachta agus ceann an rannáin seirbhísí dlí leis na cianta. Is a bhuíochas le Niamh atá ag éirí chomh maith sin le EirGrid anois, go háirithe mar gheall ar an obair a rinne sí ag an tús. Ina theannta sin, is mian liom buíochas agus aitheantas a thabhairt do Fintan Slye, ár bpríomhfheidhmeannach, atá chun muid a fhágáil le dul i mbun ról dúshlánach nua sa Bhreatain Mhór. Bhí Fintan ina cheannaire fuinniúil, ceannródaíoch ar an ngrúpa le cúig bliana go leith anuas. Tá an grúpa i bhfad níos fearr as anois mar thoradh ar na cláir athraithe agus nuálaíochta a chuir sé i bhfeidhm. Is mór agam an chabhair agus an tacaíocht a thug sé dom mar chathaoirleach, leis. Guím gach rath air sa phost nua. Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten, agus a chuid oifigeach. Ar an gcaoi chéanna is mian liom buíochas a ghabháil leis na hoifigigh sa Roinn Geilleagair i dTuaisceart Éireann. Thug an dá roinn idir chomhairle agus tacaíocht thairbheach dúinn ó thús deireadh na bliana.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 9


Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh

Cobhsaíocht agus nuálaíocht i dtreo soláthar seasmhach fuinnimh Fintan Slye, Príomhfheidhmeannach

D’éirigh go maith le Grúpa EirGrid arís in 2017. Tháinig laghdú ar an ioncam in 2017, ó €672.7m go €579.4m. Ba é €3.4m an brabús roimh cháin, agus bhí an bunbhrabús cothrom le €16.0m. Mar thoradh air sin, tá sé molta go n-íocfaí díbhinn €4.0 milliún don scairshealbhóir. Leanamar orainn ag feidhmiú córas cumhachta in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann atá slán, sábháilte agus iontaofa i rith na bliana. D’éirigh go geal linn ina thaobh sin cé go raibh orainn plé a dhéanamh le níos mó giniúint inathnuaite ná riamh.

Leathanach thall: Bád suirbhéireachta i mbun oibre ar Thionscadal an Idirnascaire Cheiltigh.

Nuáil leis an bhfuinneamh inathnuaite a chomhtháthú Rinneamar an-dul chun cinn ar ár gclár um Chóras Iontaofa, Inbhuanaithe Leictreachais a Sholáthar (DS3). Tá an tionscnamh seo ina chuid den obair atá ar bun chun an eangach a ullmhú do leibhéil níos airde fuinnimh inathnuaite amach anseo.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 10

Cosúil le leictreachas a fhaightear ón ngaoth, ní bhíonn fáil i gcónaí ar leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite nuair is gá, agus tá sé deacair é a stóráil. Ina theannta sin, murab ionann is seanchineálacha giniúna, ní ghineann roinnt mhaith cineálacha giniúna in-athnuaite sreabhadh intuartha, leanúnach cumhachta. Is iomaí dúshlán a chruthaíonn na saintréithe sin do gach eangach tharchuir. Tá EirGrid ar thús cadhnaíochta sa réimse seo, agus tá ag éirí leo níos mó agus níos mó cumhacht in-athnuaite a chomhtháthú ar an eangach. I mí an Mhárta, méadaíodh an teorainn oibriúcháin um Threá Neamhshioncronach Córais (SNSP) go 60%. Ciallaíonn sé sin gur féidir linn an eangach a oibriú go sábháilte tíosach nuair a bhíonn suas le 60% den chumhacht atá á hiompar aici ag teacht ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Tá teorainn oibriúcháin SNSP 65% á thástáil againn faoi láthair.



Mar thoradh ar ár gclár DS3 tá EirGrid ar thús cadhnaíochta ó thaobh giniúint leictreachais in-athnuaite a chomhtháthú leis an eangach. Táimid ag pleanáil céim eile chun tosaigh le haghaidh Sheirbhísí Córais DS3 anois, a leagfaidh amach cosán soiléir suas go dtí tús na 2020í. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas tástáil a dhéanamh ar bhealaí nua le níos mó leictreachais fós a chomhtháthú ó fhoinsí in-athnuaite. Cuireadh tús le triail cháilíochta Sheirbhísí Córais DS3 i mí an Mhárta. Tabharfaidh na trialacha sin deis do theicneolaíochtaí nua, neamhthástáilte a gcuid cumas a chruthú. Tá 12 sholáthraí ó Éirinn agus ó Thuaisceart Éireann páirteach iontu agus iad ag cur tástáil ar réimse leathan teicneolaíochtaí. Leanamar orainn d’fhonn réitigh nua, nuálacha a fhí ina chéile leis an gcaoi a ndéanaimid ár gcóras cumhachta a fhorbairt agus a fheidhmiú. Mar shampla, cuireadh roinnt tástálacha ar ‘Power Off and Save’, ar éirigh go maith leo. Idirghníomhaíonn an treoirthionscadal seo le suas le 1,500 custaiméir cónaitheach in Éirinn d’fhonn an t-éileamh a laghdú le linn tréimhsí buaicéilimh. Chuireamar triail i gcrích in 2017 ar theicneolaíocht nua darb ainm Smart Valve. Athraíonn an teicneolaíocht seo an méid cumhachta a tharchuirtear ar chiorcad i bhfíoram.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 12

Ba é EirGrid an chéad chomhlacht ar dhroim an domhain a thástáil an coincheap seo ar chóras beo leictreachais. Cabhraíonn a leithéid de theicneolaíochtaí linn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an infreastruchtúr tarchuir atá ann cheana féin. An eangach a phleanáil agus a fhorbairt In 2017 d'athríomar ó bhonn an chaoi a bhforbróimid an eangach don am atá le teacht bunaithe ar chur chuige nua i leith forbairt eangaí in Éirinn. Tá sé chéim sa chur chuige seo, a bhfuil sé mar aidhm acu a mhíniú cén fáth agus cén chaoi a bhforbraímid an eangach. Rud níos tábhachtaí fós, mínítear ann cén chaoi ar féidir leis an bpobal i gcoitinne agus le páirtithe leasmhara tionchar a imirt ar na cinntí a dhéanaimid. Táimid i mbun oibre ar a chothrom de chreat i gcomhair Thuaisceart Éireann faoi láthair agus ag súil go mbeimid in ann tástáil a chur air i gceann cúpla mí. Sheolamar Cásanna Fuinnimh don Am atá le Teacht le linn na bliana freisin. D'eagraíomar próiseas comhairliúcháin leathan, cuimsitheach ar na cásanna seo, de bharr gur léargas tomhaiste iad ar a bhfuil i ndán dúinn ó thaobh fuinnimh de. Na cásanna seo agus na freagraí a fuaireamar, cabhróidh siad linn pleanáil a dhéanamh d’fhorbairt chuí na heangaí tarchuir. Rinneamar an eangach a uasghrádú agus a neartú nuair ba ghá arís i mbliana. Chuireamar roinnt stáisiúin tarchuir, idir nua agus uasghrádaithe, ag feidhmiú mar chuid den phróiseas sin.


Ina measc siúd bhí na stáisiúin in Ryebrook, i gClochrán agus i gCluain Aodha, chomh maith leis na línte 110 kV Cnoc Raithní – Gaillimh agus Cionn Átha Gad – an Muileann gCearr. Bhí an líne sin ar an gcéad tionscadal ina ndearnamar íocaíochtaí um shochar pobail. Is tionscnamh é sin a thacaíonn le pobail áitiúla atá suite gar d’infreastruchtúr tarchuir nua.

Aithnímid na dúshláin a bhíonn le sárú nuair a bhíonn infreastruchtúr lastuas á thógáil. Oibreoimid go dlúth le húinéirí talún agus le pobail sa bhliain atá romhainn d’fhonn na dúshláin sin a bhainistiú. D'oibríomar i rith 2017 le cuid de na cuideachtaí is mó dá bhfuil ann chun poist agus rathúnas a chothú ar fud an oileáin. Tá an t-infreastruchtúr agus na córais forbartha ag EirGrid atá riachtanach chun cumhacht a sholáthar do lárionaid sonraí nua.

Cathaoirleach EirGrid, John O’Connor, an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe, Phil Hogan, agus Príomhfheidhmeannach an Ghrúpa, Fintan Slye ag Comhdháil Bhliantúil Ghrúpa EirGrid i mí Eanáir 2017.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 13


Tá freastalaithe líonraithe sna saoráidí sin a stórálann méid ollmhór sonraí digiteacha. D’éirigh linn an méid sin a bhaint amach in ainneoin a sciobtha a bhíonn na naisc mhóra seo ag teastáil. Comhtháthú le Margadh na hEorpa Oibrímid an Margadh Aonair Leictreachais go héifeachtúil trédhearcach ó thús deireadh na bliana. Rinneamar an méid sin tráth a rabhamar ag obair i dtreo margadh nua, níos comhtháite a bhaint amach le tionscadal I-SEM freisin. Tá an tionscadal seo fós beartaithe do mhí na Bealtaine 2018, agus chuireamar roinnt céimeanna tábhachtacha i gcrích i dtreo na sprice sin le bliain anuas. Ina measc sin tá na trialacha iomlána margaidh ar cuireadh tús leo i mí na Nollag 2017. Bhí i gceist leis sin Cód Trádála agus Socraíochta nua a chríochnú agus tús a chur le tástáil ó cheann ceann ar na córais mhargaidh nua. Leanaimid ar aghaidh ag forbairt agus ag seachadadh an infreastruchtúir chasta TF is gá le I-SEM a chur i bhfeidhm. Reáchtáladh an chéad cheant acmhainne i gcomhair I-SEM de réir an sceidil Dé hAoine, an 15 Nollaig 2017. Bhí rath ar an gceant agus ghlac 100 aonad margaidh acmhainne páirt ann. Céim eile chun cinn ab ea é sin i dtreo I-SEM a sheoladh i mí na Bealtaine 2018. Leanamar de pháirt ghníomhach a ghlacadh in ENTSO-E in 2017 agus d’iarracht a dhéanamh caidreamh a chothú leis an lucht déanta beartas agus le páirtithe leasmhara sa Bhruiséil. Is féidir linn a chinntiú ar a gcaoi sin go gcoinníonn earnáil fuinnimh na hEorpa i gcuimhne na cúinsí ar leith atá ann ar oileán na hÉireann.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 14

Táimid tar éis breathnú ar na bealaí a bhféadfadh Brexit cur isteach ar ár ngnó mar chuid den phróiseas seo. Tá grúpa oibre inmheánach agus sraith meicníochtaí curtha i bhfeidhm againn dá bhrí sin. Déanfaidh siad monatóireacht ar a dtarlóidh, coinneoidh i dteagmháil le páirtithe leasmhara, agus déanfaidh machnamh ar na himpleachtaí féideartha. Focal Measa agus Buíochas Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten, as a rannpháirtíocht dhearfach agus a dtacaíocht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin lenár rialtóirí, an Coimisiún um Rialáil Fóntais in Éirinn agus an Rialálaí Fóntas i dTuaisceart Éireann. Cabhraíonn a n-aiseolas linn ár gcomhspriocanna a bhaint amach agus luach a sholáthar do thomhaltóirí leictreachais fud fad na hÉireann. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don mhéid a rinne gach aon duine dár bhfoireann, agus iad a mholadh as a n-obair chrua agus a dtiomantas, a chinntíonn go mbíonn rath orainn gach bliain. Cinntíonn a gcuid oibre go bhfreastalaíonn an líonra, an margadh agus an t-infreastruchtúr leictreachais ar riachtanais ár gcuid custaiméirí, agus ar riachtanais na bpobal a n-oibrímid ar a son. Mar fhocal scoir, agus toisc go bhfuil deireadh tagtha le mo thréimhse mar an Príomhfheidhmeannach, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, an Bord, an Fhoireann Feidhmiúcháin agus le gach duine den lucht bainistíochta agus den fhoireann ar fud Ghrúpa EirGrid as an tacaíocht agus an dílseacht a thug siad dom le himeacht na mblianta. Fágaim an chuideachta le daoine ardchumasacha a bhfuil fios a ngnó acu. Tá mé cinnte go rachaidh sí ó neart go neart agus go n-éireoidh go hiontach léi go ceann i bhfad.


Coleraine Letterkenny

Transmission System 400, 275, 220 and 110 kV September 2017

Strabane

Magherafelt

Belfast

Antrim Omagh

400 kV Line

Lisburn

Double 275 kV Line

Enniskillen

Single 220 kV Line Double 220 kV Line

Banbridge

Sligo Newry

110 kV Line

Dundalk Louth Castlebar

220 kV Cable

Carrick -onShannon

110 kV Cable

Navan

HVDC Cable

Mullingar Kinnegad

400 kV Station

Athlone

275 kV Station

Maynooth

Galway

Inchicore

Carrickmines

Newbridge

220 kV Station 110 kV Station Electricity Generation Connected to the Transmission Grid

Finglas Dublin Poolbeg

Portlaoise Nenagh

Ennis Moneypoint

Pumped Storage Generation

Thurles

Limerick

Kilkenny

Tipperary

Hydro Generation Thermal Generation

Arklow

Carlow

Wexford

Charleville

Waterford

Tralee

Great Island Mallow Dungarvan

Wind Generation Macroom Bandon Dunmanway

Cork

Dublin Area

Cork Area

Belfast Area

Finglas

Midleton

Artane Maynooth

North Wall

Cork City

Antrim Belfast Central Lisburn

Cork Harbour Whitegate

Citywest

Milltown

Blackrock Carrickmines


Súil Siar ar Chúrsaí Airgeadais

Chuir bristeach an Idirnascaire Thiar Thoir isteach ar an mbrabús tuairiscithe ós rud é go bhfanann an fheidhmíocht bhunúsach seasta Aidan Skelly, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Airgeadas agus Dlí Bhí an brabús oibriúcháin láidir arís in 2017 ag €21.8m, ach léirigh sé sin laghdú 16% i gcomparáid leis an mbliain 2016. Tháinig laghdú ar an mbrabús roimh cháin ó €7.9m in 2016 go €3.4m in 2017. Chuir bristeach an Idirnascaire Thiar Thoir ag tús na bliana airgeadais isteach go mór ar bhrabúsacht. Eintiteas rialáilte is ea Grúpa EirGrid, a fhágann go ndéantar an bhrabúsacht thuairiscithe a choigeartú le róghnóthú agus gannghnóthú i mblianta roimhe a chur san áireamh. Má dhéantar neamhaird de choigeartuithe den sórt sin, ba é €16.0m bunbhrabús an Ghrúpa roimh cháin in 2017. Rialáil Is iad an Coimisiún um Rialáil Fóntais agus an Rialálaí Fóntas a dhéanann rialáil ar ár gcuid gníomhaíochtaí TSO in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann faoi seach.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 16

Ina ról mar Oibreoir Margaidh an Mhargaidh Aonair Leictreachais (SEM), tá an Grúpa á rialú ag Coiste an SEM. Tá an Coimisiún um Rialáil Fóntais, an Rialálaí Fóntas, comhalta neamhspleách agus leas-chomhalta neamhspleách ar an gcoiste sin. Tá dhá cheadúnas ag an nGrúpa freisin mar Oibreoir Idirnascaire, ceann ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais agus ceann ó Ofgem. Roimh gach tréimhse tharaife, cuirimid réamhaisnéisí faoi bhráid an údaráis rialála ábhartha. Baineann siad sin le héileamh custaiméara, costais oibriúcháin agus riachtanais ioncaim eile. Eisíonn na rialtóirí cinneadh foirmiúil tar éis próiseas athbhreithnithe mionsonraithe maidir leis an ioncam a cheadófar don ghnóthas a ghnóthú.


Príomh-Bhuaicphointí Airgeadais €M n lá m Io ire ca as ir irn o Id r Th ia Th cht ío ha e m eil ío gn

n lá m Io ire ca as ir irn ho Id r T ia t Th ch ío ha le m ei ío gn

ch Ga

ch Ga

2017

2016

Ioncam 549.6 29.8 579.4 Costais Dhíreacha (446.7) 0.0 (446.7) Costais Oibriúcháin Eile (85.2) (25.7) (110.9) Brabús Oibriúcháin 17.7 4.1 21.8 Costais Airgeadais (1.9) (16.5) (18.4)

630.0 (527.5) (97.3) 5.2 (0.7)

3.4

4.5

Brabús roimh Cháin

15.8

(12.4)

42.7 672.7 0.0 (527.5) (21.8) (119.1) 20.9 26.1 (17.5) (18.2) 3.4

7.9


Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 18


Mar a tharlaíonn le réamhaisnéisí uaireanta, féadann difríochtaí a bheith ann idir na réamh-mheastacháin agus an t-ioncam a ghnóthaítear nó na costais a thabhaítear i ndáiríre. Féadann gannghnóthú nó róghnóthú rialála a bheith ann mar thoradh air sin. Déantar coigeartú d’aon ghannghnóthú nó róghnóthú den sórt sin agus na praghsanna á gcinneadh le haghaidh na dtréimhsí ina dhiaidh sin. Féadann sé sin bheith ina chúis le luaineacht i dtuilleamh reachtúil tuairiscithe an Ghrúpa. Tarlaíonn sé sin toisc nach gceadaítear leis na rialacháin chuntasaíochta teacht roimh ghannghnóthú nó róghnóthú d’fhonn na torthaí a dhéanamh níos comhsheasmhaí. Tá TSO EirGrid ag feidhmiú faoi Rialú Praghsanna 2015-2020 arna eisiúint ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais i mí na Nollag 2015. Tá SEMO ag feidhmiú faoi Rialú Praghsanna 2016-2019 arna fhoilsiú ag Coiste an SEM i mí Lúnasa 2016. IN 2017 rinne SONI achomharc chun an Údaráis Iomaíochta agus Margaí (CMA) i gcoinne Rialú Praghsanna 2015 – 2020 arna chinneadh ag an Rialálaí Fóntas. Thug an CMA breith i bhfabhar SONI i mí na Samhna 2017 ar roinnt foras. Ioncam agus brabúsacht Is ó na taraifí rialáilte go príomha a thagann ioncam an Ghrúpa. Faightear an chuid is mó den ioncam ón taraif ‘Úsáid Tarchuir an Chórais’ (TUoS). Is muirear é sin a bhíonn iníoctha ag gach úsáideoir na gcóras tarchurtha i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann. Tuillimid sciar de na taraifí mar Oibreoir Margaidh an SEM, leis. Faightear ioncam freisin ó na fáltais a fhaightear nuair a dhíoltar acmhainn ar an Idirnascaire Thiar Thoir (EWIC) ar ceant.

Ba é €579.4m ioncam an Ghrúpa don bhliain go dtí an 30 Meán Fómhair 2017, suim a bhí €93.3m (13.9%) níos ísle ná an bhliain roimhe sin. Tharla €74.4m den laghdú sin de bharr go raibh an taraif neamhfhoirfeachta níos ísle. Léiríonn sé sin gur tugadh róghnóthú taraifí neamhfhoirfeachta roimhe sin ar ais do rannpháirtithe margaidh in 2017. Ba é €3.4m an brabús roimh cháin in 2017. Laghdú ó €7.9m in 2016 is ea é sin, de bharr gur chuir bristeach an Idirnascaire Thiar Thoir le linn na bliana isteach go mór ar bhrabúsacht. Gan tabhairt ar ais an róghnóthaithe a bhain le blianta roimhe a áireamh, ba é meastachán an lucht bainistíochta go mbeadh an bunbhrabús oibriúcháin do 2017 cothrom le €16.0m, faoi réir neamhchinnteachtaí rialála. D’íoc EirGrid díbhinn €4.0m i mí an Mheithimh 2017 i leith na tréimhse 2015/16. Tá sé molta go n-íocfaí díbhinn €4.0m i leith na tréimhse 2016/17 go luath in 2018. Maoiniú Tá an Grúpa fós slán ó thaobh an airgeadais de. Ní gá dó a chuid iasachtaí a aisíoc go ceann i bhfad agus tá siad fálaithe go hiomlán in aghaidh luaineachtaí sa ráta úis. Tá EirGrid cpt agus SONI Limited ag iarraidh saoráidí nua a chur i bhfeidhm faoi láthair d’fhonn freastal ar riachtanais mhaoinithe an ghnóthais sa mheántéarma. Beidh i gceist leis sin na socruithe nua do I-SEM, atá le cur i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018.

Leathanach thall: Foireann SONI réidh le ceisteanna ón bpobal a fhreagairt ag Seó Talmhaíochta Ard Mhacha.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 19


Feidhmiú go héifeachtúil ar ardchaighdeán Thuas: Philip White, Judy Rudden agus Philip Bourke ón bhFoireann Seirbhísí Corparáideacha AD.

Éilítear orainn sa ról atá againn sreabhadh na cumhachta a bhainistiú ar an eangach le cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t-éileamh, agus an margadh leictreachais mórdhíola a bhainistiú freisin. Cinntítear leis sin go léiríonn costas mórdhíola an leictreachais an gá le cumhacht ag aon am.

Córais faisnéise Úsáideann Grúpa EirGrid córais ardchasta, idirspleácha TF le bonn a chur faoinár gcuid croífheidhmeanna. Le measúnú a dhéanamh ar cé chomh héifeachtach is a bhíonn na córais ríthábhachtacha seo, déanfaimid a n-infhaighteacht a thomhas. Bhí fáil orthu breis is 99% den am in 2017.

Breathnaítear sa chuid seo dár dtuarascáil bhliantúil ar an gcaoi a mbainistímid oibriú na heangaí ó lá go lá. Tugtar léargas ginearálta chomh maith ar an gcaoi a n-oibrímid an margadh leictreachais d’oileán na hÉireann.

In 2017 leanamar orainn ag forbairt réitigh nuálacha nua agus ag feidhmiú na gcóras a bhí ann cheana féin. Rinneamar iarracht méid níos mó fuinnimh in-athnuaite a úsáid ar an gcóras cumhachta go háirithe. Chun an sprioc sin a bhaint amach, bhí orainn na huirlisí ba ghá a chur ar fáil agus tacaíocht a chur ar fáil ina leith – ach cobhsaíocht an chórais ar an iomlán a choinneáil ag an am céanna.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 20


D’éirigh linn ardán bainistíochta fuinnimh nua a chur i ngníomh in 2017 chomh maith. Cuireann an t-ardán seo ar ár gcumas den chéad uair riamh feidhmiú ar bhonn uile-oileáin ó Bhaile Átha Cliath nó ó Bhéal Feirste. Cibearshlándáil Is í slándáil ár líonra ríomhairí agus an chórais rialaithe leictreachais an chloch is mó ar a bpaidrín. Leanann EirGrid air ag infheistiú inár gcuid córas a chosaint agus in oiliúint feasachta cibearshlándála a chur ar ár bhfoireann. Táimid tiomanta dá chinntiú go mbíonn gach uile dhuine inár ngnóthas airdeallach agus feasach ar bhagairtí féideartha. Beart a dhéanamh de réir ár mbriathair Is iad custaiméirí Ghrúpa EirGrid na comhlachtaí siúd a ghineann nó a úsáideann cuid mhaith leictreachais. Tá de fhreagracht orainn nasc leis an eangach a chur ar fáil do na custaiméirí sin. D’oibríomar as lámha a chéile le ESB Networks agus le NIE Networks d’fhonn na próisis atá againn a fheabhsú. Chuir sé sin ar ár gcumas rudaí a dhéanamh i bhfad níos gasta dár gcuid custaiméirí. Fágann sé sin gur fearr atáimid in ann freastal ar ár gcuid cliant anois más mian leo an trealamh a úsáideann siad le nascadh leis an eangach a athrú nó a uasghadú. Nasc ár bhFoireann um Naisc Nua 590 MW d’acmhainn giniúna gaoithe agus trí Chustaiméir Éilimh nua leis an eangach in 2017. Próiseas pleanála nua i gcomhair bristeacha Uaireanta caithimid líne tharchuir nó trealamh eile a dhínascadh ón eangach. Ní mór dúinn déanamh amhlaidh le cothabháil a dhéanamh, le custaiméirí nua a nascadh nó le tástálacha a dhéanamh, agus tugtar bristeach air.

Le nach gcuirfear isteach ar an soláthar leictreachais do chustaiméirí, caithfear pleanáil go cúramach le haghaidh bristeacha. Rinneamar comh-athbhreithniú, i gcomhar le ESB Networks, ar an gcaoi a ndéanaimid bristeacha a phleanáil agus fuaireamar an-chuid aiseolais ónár gcuid custaiméirí agus páirtithe leasmhara i dtaca leis. Tá roinnt feabhsuithe curtha i ngníomh againn dá bharr sin, a fhágann go mbeimid in ann pleanáil le haghaidh bristeacha ar bhealach i bhfad níos éifeachtúla amach anseo. Tá i gceist leo sin: • plean ilbhlianta bristeacha; • cumarsáid níos fearr le custaiméirí agus páirtithe leasmhara, agus; • uirlisí agus próisis nua a ligfidh dúinn freagairt d’athrú. Cuireann siad sin ar ár gcumas an méid is mó obair ríthábhachtach a dhéanamh ar an eangach, gan géilleadh ar shábháilteacht ná ar sholáthar slán leictreachais. An margadh leictreachais a fheidhmiú – Buaicphointí 2017 Tá an Margadh Aonair Leictreachais (SEM), arb é an margadh mórdhíola uile-oileáin leictreachais é, i bhfeidhm ó 2007 i leith. Reáchtálann Oibreoir an Mhargaidh Aonair Leictreachais (SEMO) an margadh sin mar chomhfhiontar idir SONI agus EirGrid. Tá sé sin ar cheann de na príomhfhreagrachtaí atá ar Ghrúpa EirGrid. Rinneadh breis is €1.6 billiún a thrádáil tríd an margadh fuinnimh in 2017, agus láimhseáil SEMO níos mó ná 37,500 idirbheart airgeadais. Tá níos mó rannpháirtithe margaidh ag clárú le leictreachas a cheannach nó a dhíol sa SEM chomh maith.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 21


Chláraigh 22 páirtí nua le SEMO le bliain anuas. Ina theannta sin, tá 64 aonad nua tar éis dul isteach sa mhargadh. Tá san áireamh sa mhéid sin 8 n-aonad éilimh, 30 gineadóir, 5 úsáideoirí idirnascaire agus 21 aonad soláthair. Is rannpháirtithe margaidh iad sin a bhfuil sé d’acmhainn acu leictreachas a ghiniúint, nó ar gá dóibh cuid mhaith leictreachais a úsáid. Fachtóirí seachtracha a mbeidh feidhm acu ar an margadh leictreachais Tá beartas fuinnimh na hEorpa ag athrú go gasta. Tá gá leis an athrú sin lenár gcuspóirí athraithe aeráide a chomhlíonadh agus lena chinntiú go mbeimid in ann fuinneamh inbhuanaithe a chur ar fáil san am atá le teacht. Fógraíodh Comhaontú Pháras i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus beidh tionchar ag an ‘bPacáiste Fuinnimh Ghlain’ atá beartaithe ar reachtaíocht nua go ceann na mblianta. Lean an idirbheartaíocht maidir le Brexit idir an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach ó thús deireadh 2017. Ní fios go fóill, dá bhrí sin, cén tionchar a bheidh ag Brexit ar an mbeartas fuinnimh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann sa deireadh thiar. Bíodh sin mar atá, táimid ag leanúint ag aghaidh leis an obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara anseo, sa Bhreatain agus san Eoraip le plean a chur le chéile a chuirfidh ar ár gcumas tionchar féideartha Brexit a bhainistiú. Cinnteoidh sé sin go mbeidh tuiscint againn ar na bealaí éagsúla a bhféadfadh Brexit cur isteach ar ár ngnó. Cumasófar dúinn freisin cosaint a thabhairt dár ról mar dhearthóir, forbróir agus oibreoir an mhargaidh leictreachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 22

Úsáid Fuinnimh agus Beartais Chomhshaoil Tá sprioc foriomlán ag Grúpa EirGrid éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh a spreagadh agus a éascú. Tá laghdú 5% bliain ar bhliain bainte amach againn ar an méid fuinnimh a úsáidtear inár n-ionaid i mBaile Átha Cliath. Is féidir úsáid fuinnimh a roinnt ina dhá chuid ar fud an ghrúpa .i. leictreachas agus breosla iontaise - gás nádúrtha a úsáidtear i gcomhair teasa go príomha. D’úsáid EirGrid 3,779 MWh d’fhuinneamh in 2017 sna hionaid atá againn i mBaile Átha Cliath i nDroichead na Dothra agus san Ionad Leanúnachais Gnó. Is suíomh lasmuigh den láthair é sin ina bhfuil córas cúltaca lánfheidhmiúil is féidir a úsáid in áit an chórais atá san Ionad Rialaithe Náisiúnta i nDroichead na Dothra. Is féidir miondealú a dhéanamh ar an bhfuinneamh sin mar seo a leanas: • 3,011 MWh de leictreachas, agus • 768 MWh de bhreoslaí iontaise. D’úsáid SONI 2,071 MWh d’fhuinneamh in 2017 inár n-oifigí i mBéal Feirste. Is féidir miondealú a dhéanamh air sin mar seo a leanas: • 1,639 MWh de leictreachas, agus • 432 MWh de bhreoslaí iontaise. Bímid de shíor ag lorg bealaí leis an méid fuinnimh a úsáidimid a laghdú. Chuige sin, d’fheistíomar córas fuaraithe “saor in aisce” inár n-ionad sonraí i mBaile Átha Cliath in 2017. Úsáideann an córas seo aer fuar ó thaobh amuigh den fhoirgneamh le feidhmiú ar bhealach atá níos tíosaí ar fhuinneamh. Táimid ag éirí níos tíosaí ar fhuinneamh mar gheall ar na tionscnaimh coigilte fuinnimh ar fad atá ar bun againn. Fágann an méid sin uile go bhfuil an chuma ar an scéal anois go n-éireoidh linn ár n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú 33% agus an sprioc earnála poiblí don bhliain 2020 a bhaint amach.


Infreastruchtúr eangaí a bhunú ar bhealach éifeachtach, tráthúil Is é ceann de na freagrachtaí atá ar EirGrid ná a chinntiú go bhféadfaidh an eangach freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí leictreachais uile san am atá le teacht. Uaireanta ní mór dúinn infreastruchtúr tarchuir nua a fhorbairt don eangach ionas go bhféadfaimid na riachtanais sin a shásamh amach anseo. Cásanna Fuinnimh don Am atá le Teacht Rinneamar próiseas comhairliúcháin phoiblí ar ‘Chásanna Fuinnimh don Am atá le Teacht’ a reáchtáil agus a fhoilsiú le linn 2017. Leagadh amach ann cásanna féideartha don am atá le teacht agus tugadh breac-chuntas ar réimse athruithe a d’fhéadfadh teacht ar úsáid fuinnimh.

Rinneamar na cásanna a fhorbairt bunaithe ar an taithí atá againn agus ar an aiseolas a fuaireamar ó roinnt páirtithe leasmhara. Ina measc bhí na rialtais, grúpaí taighde ar chúrsaí fuinnimh, ionadaithe tionscail, agus an pobal i gcoitinne. I ngach ceann de na ceithre chás breathnaítear ar ghiniúint agus úsáid fuinnimh as seo go dtí an bhliain 2040.

Thuas: Piolón aonchiorcaid uasrátaithe.

Nuáil d’fhonn an gá le hinfreastruchtúr nua eangaí a íoslaghdú Bainimid cothromaíocht amach idir an gá leis an eangach a fhorbairt tuilleadh san am atá le teacht agus na nithe is údar imní do na daoine a gcuirfidh na forbairtí sin isteach orthu. Sin an fáth a gcuirimid fáilte is fiche roimh nuálaíochtaí a chuireann ar ár gcumas tuilleadh a fháil ón infreastruchtúr atá ann cheana féin, agus a fhágann nach gá dúinn an oiread sin infreastruchtúir nua a chur leis an eangach. Air sin a bhíomar ag díriú le bliain anuas.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 23


Déanaimid na buntáistí a bhaineann lena leithéid de theicneolaíochtaí a mheas i gcónaí i gcomhthéacs ár róil le soláthar leictreachais atá slán, iontaofa a chinntiú. Leis an méid sin a bhaint amach déanaimid sainaithint ar theicneolaíochtaí nua go cúramach, agus déanaimid taighde agus trialacha orthu ansin. Déanaimid an obair sin i gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta, le nuálaithe teicneolaíochta, agus le hoibreoirí eangaí eile. Uasrátú voltais Is é ceann dár gcuid nuálaíochtaí ná infreastruchtúr atá ann cheana a chur in oiriúint lena acmhainn a mhéadú gan gá línte ná cáblaí nua a chur leis. Tugtar uasrátú voltais air seo, agus táimid ag breathnú i láthair na huaire ar cibé acu an bhféadfaimis línte 110 kV a mhéadú go 220kV agus línte 220 kV go 400 kV. In 2017 chuireamar dearadh i gcrích do chuaillí comhchodacha 220 kV nua, atá anois ina gcuid dár mbosca uirlisí teicneolaíochta. Beidh na cuaillí seo in ann don uasrátú voltais ó 110 kV go 220 kV. Sula mbeimid in ann tosú ar na cuaillí comhchodacha seo a úsáid, ní foláir iad a chruthú trí thástáil chineáil. Déanfar amhlaidh in 2018 de réir an sceidil agus táthar ag súil ansin go ndéanfaí triail phíolótach orthu in 2019. Cur chuige nua i leith an eangach a fhorbairt In 2016 d'fhorbraíomar cur chuige nua i leith fhorbairt na heangaí in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an gcur chuige nua seo, ar aon dul leis an dea-chleachtas, rannpháirtíocht níos fearr a bhaint amach ar gach uile tionscadal forbartha. Chuige sin, bunaímid caidreamh níos doimhne leis an bpobal i gcoitinne, le pobail ar leith, le húinéirí talún, agus le páirtithe leasmhara. Bíonn an próiseas forbartha níos cuimsithí, níos éifeachtaí dá bhrí sin.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 24

D’éirigh linn an próiseas nua seo a thriail ar bhonn píolótach ar roinnt tionscadal in 2017, agus táimid á úsáid ar gach tionscadal eangaí in Éirinn anois. Ar an gcaoi chéanna tá athbhreithniú á dhéanamh anois againn ar an bpróiseas forbartha eangaí i dTuaisceart Éireann le teacht ar an gcur chuige is fearr a fheileann don dlínse sin. Sheolamar ‘Nocht do Thuairim’ i mí na Samhna 2016 le treoir a thabhairt don phobal ar ár gcur chuige nua i leith an phróisis comhairliúcháin. Tá sonraí ann faoinár gcur chuige i leith fhorbairt na heangaí leictreachais. Tá an leagan Béarla scríofa in ‘Plain English’ agus mínítear ann cén chaoi ar féidir leis an bpobal i gcoitinne agus le páirtithe leasmhara eile tionchar a imirt ar ár gcuid pleananna. Athrú chun feabhais a bheidh sa chur chuige sin agus cuirfidh sé ar ár gcumas oibriú go dlúth leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile. In 2017 bhuaigh EirGrid gradam foriomlán ‘Plain English’ mar aitheantas ar an obair a dhéanaimid lenár gcuid foilseachán a dhéanamh soiléir agus inrochtana Tionscadail thábhachtacha a cuireadh i gcrích in 2017 • Rinneadh líne 110 kV nua idir Cionn Átha Gad agus an Muileann gCearr a fhuinnmhiú i mí an Mhárta 2017. Ba é seo an chéad tionscadal inar bhronnamar luach €360,000 de dheontais ar chúiseanna pobail áitiúil. • San iardheisceart, rinneadh stáisiún 220 kV nua a fhuinnmhiú i gCill Pháideog i gCiarraí Thuaidh i mí Lúnasa 2017. Nascann an stáisiún seo leis an líonra 400 kV a bhí ann cheana trí cháblaí fomhuirí trasna inbhear na Sionainne. Tá an nasc féin sa stáisiún 400 kV nuaathchóirithe ag Gob na Muine i gContae an Chláir. Ciallaíonn sé sin go bhféadfar fuinneamh in-athnuaite ón réigiún seo a aistriú chuig oirthear na tíre tríd an líonra 400 kV atá ann cheana.


• Cuireadh stáisiún 220 kV nua i gcrích ag Cluain Aodha, Co. na Mí i mí Lúnasa 2017, a sholáthróidh cumhacht d’ionad sonraí nua. Is é seo an chéad stáisiún 220 kV ar thóg an custaiméir féin é. Nascamar an stáisiún nua leis an eangach tharchuir a bhí ann cheana i Co. na Mí, agus cuireadh an obair sin ar fad i gcrích laistigh de 15 mhí. • Críochnaíodh dhá stáisiún 110 kV nua i nGaillimh. Beifear in ann méid suntasach giniúna in-athnuaite a nascadh leis an gcóras tarchurtha in Iarthar na hÉireann mar thoradh orthu. • D’éirigh le fuinnmhiú líne 110 kV Bhrocach Buidhe i dTuaisceart Éireann i mí Lúnasa 2017. Nascann an líne seo le feirm ghaoithe 47 MW Bhrocach Buidhe agus cumasóidh do naisc inathnuaite suas le 200 MW i gceantar Gharbhachaidh amach anseo. • Críochnaíodh an obair thógála ar an líne 110 kV ón Ómaigh chuig an Tamhnach Mhór agus coimisiúnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2017 í. Cumasófar sreabhadh méadaithe fuinnimh inathnuaite ó iarthar na cúige a bhuíochas leis an tionscadal seo. Feabhsófar slándáil an tsoláthair do chustaiméirí san iarthar chomh maith. An tIdirnascaire Thuaidh Theas Feabhsófar slándáil an tsoláthair agus féadfar níos mó fuinneamh in-athnuaite a úsáid ar fud oileán na hÉireann mar thoradh an tionscadail seo. Déanfaidh sé an margadh mórdhíola leictreachais níos éifeachtaí agus beidh níos mó iomaíochta ann freisin. Cuirfidh sé brú anuas ar chostais leictreachais do gach úsáideoir leictreachais ar fud oileán na hÉireann.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tionscadal do Thuaisceart Éireann. Gan é, tá sé tuartha go mbeidh Tuaisceart Éireann gann ar leictreachas ó 2021 ar aghaidh. Tionscadal leasa choitinn de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an tIdirnascaire Thuaidh Theas. Ciallaíonn sé sin go meastar gur céim lánriachtanach é le spriocanna beartais an Aontais a bhaint amach i dtaobh fuinneamh inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe. Feabhsófar freisin an líonra réigiúnach agus cruthófar deiseanna d'infheistíocht isteach mar gheall air. Fuaireamar cead pleanála i mí na Nollag 2016 don Idirnascaire Thuaidh Theas ar an taobh ó dheas den teorainn. I dTuaisceart Éireann, tionóladh an Fiosrúchán Poiblí i mí Feabhra 2017 maidir leis an gcuid den Idirnascaire Thuaidh Theas a bheidh taobh thuaidh den teorainn. Chuir an Coimisiún um Achomharc Pleanála in iúl i mí na Samhna 2017 go raibh i bhfách leis. An tIdirnascaire Thiar Thoir Is le EirGrid an tIdirnascaire Thoir Thiar (EWIC) a nascann na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór le chéile agus oibríonn sé é chomh maith. Cuidíonn sé sin le soláthar fuinnimh sábháilte, slán, iontaofa agus inacmhainne a chur ar fáil don dá chóras. Ní raibh an t-idirnascaire ag obair idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2016, rud nach raibh pleanáilte agus a chuir isteach ar fheidhmíocht an Ghrúpa ó thaobh airgeadais de. I mí na Bealtaine 2017 d’éirigh linn an tIdirnascaire Thiar Thoir a bhogadh chuig fostáisiún nua in Cei Connah, an Bhreatain Bheag. Tá seirbhís dúthosaithe á cur ar fáil againn don Eangach Náisiúnta sa Ríocht Aontaithe go fóill.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 25


A bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh eangacha cliste agus comhtháthú fuinnimh in-athnuaite de Thuas: Sreabhrialaitheoir dinimiciúil cumhachta Smart Wires feistithe ar an líne 110 kV idir Caisle agus Inis.

Is ceannaire domhanda é Grúpa EirGrid i dtaobh leictreachas in-athnuaite a chomhtháthú leis an eangach. Is de bharr na hoibre nuálaí atá curtha isteach againn gur féidir linn plé a dhéanamh le méid giniúna gaoithe atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda in ainneoin go bhfuil an córas leictreachais chomh beag sin i ndáiríre. Cosúil le leictreachas a fhaightear ón ngaoth, ní bhíonn fáil i gcónaí ar leictreachas ó fhoinsí inathnuaite nuair is gá, agus tá sé deacair é a stóráil. Ina theannta sin, murab ionann is seanchineálacha giniúna, ní ghineann roinnt mhaith cineálacha giniúna in-athnuaite sreabhadh intuartha, leanúnach cumhachta. Is iomaí dúshlán a chruthaíonn na saintréithe sin do gach eangach tharchuir.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 26

Tá sé mar aidhm ag beartas náisiúnta agus beartas an Aontais Eorpaigh astuithe carbóin a laghdú tuilleadh ach úsáid fuinnimh ghlain a uasmhéadú. Ní mór dúinn éascaíocht a dhéanamh ar an athrú seo leis na spriocanna beartais ceangailteacha a chomhlíonadh. Ach de réir mar a dhéanfaimid amhlaidh, ní mór dúinn a chinntiú go leanfaimid d’fhuinneamh iontaofa a sholáthar dár gcuid custaiméirí. Córais chumhachta inbhuanaithe Óir go bhfuil méadú ag teacht ar ghiniúint in-athnuaite ar oileán na hÉireann ní foláir dúinn tosú ar rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil. D'fhreagraíomar don athrú sin ach clár ceannródaíoch nua a chur ar bun darb ainm Córas Slán, Inbhuanaithe Cumhachta a Sholáthar, nó DS3. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas freastal do níos mó agus níos mó giniúint leictreachais inathnuaite ar an eangach.


Bímid sa tóir i gcónaí ar réitigh nua a chabhróidh linn an eangach a oibriú ar bhealaí níos nuálaí, níos éifeachtúla agus níos eacnamúla. D’fhonn teacht ar sholáthraithe córais nua, thugamar isteach próiseas trialach cáilíochta. Bealach is ea seo ar féidir le teicneolaíochtaí nua a chruthú gur féidir leo réitigh a chur ar fáil a thacódh le haidhmeanna Chlár DS3. Chuireamar an chéad phróiseas trialach cáilíochta i gcrích i mbliana. Bhí taispeántais rathúla againn de theicneolaíochtaí nua i réimsí amhail an ghaoth agus bainistiú an éilimh. Fuaireamar, agus an earnáil i gcoitinne, neart eolais mar gheall ar an bpróiseas seo. Bronnadh an gradam sin orainn mar aitheantas ar an gcaoi a bhfuil ag éirí linn fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú san eangach. Bainistímid níos mó leictreachas gaoithe bliain i ndiaidh bliana. Ar an 25 Eanáir 2017 gineadh 3,088 MW de chumhacht ghaoithe, níos mó ná mar a gineadh riamh cheana. Níos tábhachtaí fós, d'ardaíomar i mí an Mhárta 2017 an méid giniúna in-athnuaite is féidir leis an eangach a iompar go hiontaofa go 60%. EU-SysFlex – Nuáil leis an bhfuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú In 2017 thug tionscadal darb ainm EUSysFlex aitheantas ar cé chomh rathúil is a bhí ár n-iarrachtaí le fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú. Is é EirGrid atá i gceannas ar an gcuibhreannas 34 eagraíocht seo ó 15 thír ar fud na hEorpa. Táimid ag cur le chéile le taighde a dhéanamh ar cén chaoi ar féidir tuilleadh fuinneamh in-athnuaite a chur le córais leictreachais san Eoraip. Bronnadh breis is €20 milliún de mhaoiniú ón Aontas Eorpach ar an tionscadal seo in 2017. Cuirfidh sé sin ar chumas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh araon a spriocanna ó thaobh fuinneamh in-athnuaite de a chomhlíonadh san am atá le teacht. Smart Wires In 2017 bhíomar ar an gcéad chuideachta ar domhan le húsáid a bhaint as teicneolaíocht nua lena bhféadtar sreabhadh na cumhachta a athrú i bhfíoram ar chóras leictreachais ardvoltais beo.

Chuamar i gcomhar le chéile le Smart Wires le triail a bhaint as rialaitheoir dinimiciúil sreabhaidh cumhachta. Úsáidtear é seo chun an méid cumhachta atá ag sreabhadh trí línte cumhachta aonair a rialú. Tríd an sreabhadh cumhachta a choigeartú, is féidir linn an córas tarchurtha atá ann cheana a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí ach cumhacht a atreorú ar an líonra. Feistíodh na gléasanna – a dtugtar SmartValve orthu – ar líne lastuas 110 kV a bhí ann cheana. Bhí siad i bhfeidhm ar feadh 12 mhí agus cuireadh tástáil orthu go cianda ón Ionad Rialaithe Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Bhí roinnt mhaith comhordú agus comhoibriú le Smart Wires ag teastáil i rith na trialach. Oibrímid go dlúth le ESB Networks, ar leosan an líonra tarchurtha. D’oibrigh na trí chomhpháirtí as lámha a chéile leis an ngléas ceannródaíoch seo a fheistiú d’fhonn fíorbhuntáistí oibriúcháin a bhaint amach ar mhaithe leis an eangach. Múch an Chumhacht agus Coigil Clár píolótach is ea ‘Múch an Chumhacht agus Coigil’ atá á reáchtáil i gcomhar le Electric Ireland. Spreagann an tionscnamh seo custaiméirí leictreachais baile chun fuinneamh a chaomhnú. Cabhraíonn sé sin linn slándáil an chórais a choinneáil i rith dálaí deacra, nuair a bhíonn ardéileamh ann, mar shampla. In 2017 rinneamar roinnt trialacha laghdaithe éilimh le cabhair ó suas le 1,500 custaiméir baile. Nuair a rinneadh an t-athbhreithniú lárphointe i mí an Mheithimh, bhí an t-éileamh laghdaithe thart ar 290 kW. Sábháladh 135,575 g d’astaíochtaí CO2 mar thoradh air sin, rud is ionann agus 7,250 bolgán solais a mhúchadh. D’fhéadfaí a leithéid de bhearta a dhéanamh le billí tomhaltóirí a laghdú agus an comhshaol a chosaint freisin. Tacaíonn sé linne chomh maith agus muid ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t-éileamh ar an eangach. Ainmníodh an clár faoin gcatagóir ‘Nuálaíocht Theicniúil’ ag Gradam Innealtóirí Éireann, 2017.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 27


Meas agus muinín a thuilleamh Thuas: Eoghan O’Sullivan agus Gráinne Duff y ag déanamh ionadaíocht do EirGrid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mí Mheán Fómhair 2017.

Tá EirGrid tiomanta do bheith ina chuideachta atá freagrach go sóisialta. Tá sé mar aidhm againn an treoirphrionsabal seo a chomhlíonadh inár gcaidreamh le custaiméirí, páirtithe leasmhara, fostaithe agus leis an bpobal i gcoitinne. Gnóthas freagrach I mí na Samhna 2016, bhronn Pobal Éireann an marc um Fhreagracht Ghnó orainn don tríú uair. Tugann an marc sin le fios go ndéanaimid gnó ar bhealach inbhuanaithe, freagrach. Lena chinntiú go leanfaidh EirGrid de bheith ina ghnóthas freagrach, rinneamar straitéis nua freagrachta sóisialta corparáidí (FSC) a fhorbairt. Cuirfear é sin i bhfeidhm mar chuid de chlár 3 bliana, a gcuirfear tús leis in 2018.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 28

Tá ár Straitéis FSC nua bunaithe ar chúig ghealltanas barr feabhais: • Prionsabail – Déanaimid an jab is fearr ar an mbealach ceart; • Cumhacht – Tugaimid de chumhacht do dhaoine saol níos fearr a bheith acu san am i láthair agus san am atá le teacht; • Caomhnú – Tá meas againn ar an gcomhshaol; • Dearfacht – Is mór againn na caidrimh dhearfacha atá againn an tacaímid leo; agus • Daoine – Tuigimid a thábhachtaí atá na daoine a oibríonn linn.


Caidreamh gníomhach leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara D’osclaíomar oifig eolais nua i gCarraig Mhachaire Rois, Contae Mhuineacháin i mbliana, agus tá ár n-oifigí réigiúnacha fós ar oscailt i Maigh Eo agus in Ard Mhaca freisin. Sheolamar ionad eolais soghluaiste in 2016, a thugaimid chuig bailte agus sráidbhailte fud fad oileán na hÉireann go fóill. Cuireann sé sin ar chumas ár n-oifigeach idirchaidrimh bualadh le pobail agus páirtithe leasmhara agus éisteacht go cúramach leo. Ghlacamar páirt freisin i roinnt imeachtaí a thug deis dúinn labhairt faoin obair a dhéanaimid le pobail tuaithe agus feirmeoireachta agus le húinéirí talún. Leanaimid orainn ar an leibhéal polaitiúil ag obair le hionadaithe tofa. Cinntíonn sé sin gur féidir leosan teacht orainn go héasca agus gur féidir linne an fhaisnéis a thabhairt dóibh a theastaíonn uathu agus ó na daoine ina dtoghcheantar. Bhíomar os comhair an Chomhchoiste um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus an Comhshaol. I dTuaisceart Éireann, thugamar fianaise don Choiste Comhshaoil agus don Choiste Infreastruchtúir. In Westminster, thugamar fianaise don Roghchoiste um Ghnóthaí Thuaisceart Éireann. Thugamar óráid freisin do Choiste Theach na dTiarnaí ar Brexit agus ar Shlándáil Fuinnimh.

An tacaíocht a thugaimid do chúiseanna maithe Tá an t-oideachas fós an-tábhachtach ar fad dúinn. Leanamar orainn ag obair leis na scoláirí i gColáiste Pobail Margaret Aylward i mBaile Átha Cliath. Cabhraigh baill foirne dár gcuid le scoláirí CVanna a chur le chéile, chuir agallaimh bhréige orthu, agus d’inis dóibh faoi obair a dhéanamh i dtimpeallacht oifige. Thugamar tacaíocht do Chlár Rochtana Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2017, leis. Tugann an clár seo de chumhacht do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste scoláireacht a bhaint amach. I gcomhar le hIontaobhas Leabhar Thuaisceart Éireann, bhunaíomar caidreamh le pobail in Ard Mhaca agus i nDún Geanainn. D’óstálamar imeachtaí spraoi do theaghlaigh mar chuid den imeacht seo agus thugamar breis is 2,300 leabhar go díreach do theaghlaigh. Bhí ár dtacaíocht dírithe ar theagasc na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (STEM) arís. Rinneamar urraíocht ar an bpacáiste oideachais ‘Eolaíocht agus Teicneolaíocht’ chuige sin. Cabhraíonn an pacáiste seo le teagasc na heolaíochta agus ábhar eile lena mbaineann i meánscoileanna. I measc na rudaí eile a rinneamar a bhain le STEM bhí an tacaíocht a thugamar do Chomhdháil Bhliantúil Innealtóirí Éireann. Lean daoine dár bhfoireann ar aghaidh ag tacú le cúiseanna maithe eile chomh maith. Thug siad tacaíocht do ElectricAid, is é sin an ciste ceartais shóisialta agus forbartha a ritheann foireann EirGrid agus ESB é.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 29


Ina theannta sin d’eagraigh baill foirne de chuid EirGrid imeachtaí tiomsaithe airgid le tacú le hOspís agus Seirbhísí Cúraim Mhuire i gCrois Araild, Baile Átha Cliath. Ar an gcaoi chéanna ghlac baill foirne de chuid SONI páirt sa Maidin Chaife is mó riamh ar mhaithe le Tacaíocht Ailse MacMillan. Urraíocht agus tacaíocht Rinne Grúpa EirGrid urraíocht ar roinnt rudaí in 2017. Tá sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí den sórt sin feasacht agus tuiscint a chothú ar a déanaimid d’fhonn meas agus muinín an phobail i gcoitinne a thuilleamh. Ba é 2017 an tríú bliain a rinne EirGrid urraíocht ar Chraobhchomórtas na hÉireann faoi 21 sa Pheil. Rinneamar urraíocht arís ar Choimeád Ama Oifigiúil an CLG chomh maith. I dTuaisceart Éireann rinneamar urraíocht arís ar Phríomhroinn Rugbaí Uladh agus ar Ghradam Pobail Seaimpíní Rugbaí SONI. Tugann sé sin aitheantas d’oibrithe deonacha i gclubanna ar fud an chúige. Tacaíonn Grúpa EirGrid le heagraíochtaí pobail trí choiste urraíochta chomh maith. Roghnaigh an coiste sin raon cúiseanna maithe le tacaíocht a thabhairt dóibh in 2017, lena n-áirítear: • Club CLG Chill Chomhghaill, • Club Peile Sóisearach Chromghlinne do Bhuachaillí, • Babhta Rothaíochta Tiomsaithe Airgid do CLG Bhaile Átha Troim, • AsIAm Cycle, agus • Concern Worldwide.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 30

Rannpháirtíocht Fostaithe Tá EirGrid tiomanta do bheith ina eagraíocht a bhfuil meas ag an bpobal uirthi agus muinín aisti. Mar gheall air sin, tacaímid lenár gcuid ball foirne ach deiseanna oiliúna a thabhairt dóibh lena chinntiú go mbainfidh siad barr a gcumais amach. Is mian linn go mbeidh daoine ó neart cúlraí éagsúla ar ár bhfoireann, rud a éascóidh do chách a dhícheall a dhéanamh. Le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na mBan, 2017, d'óstálamar imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste le deis a thabhairt dár gcuid comhghleacaithe mná aithne a chur ar a chéile. Táimid fós páirteach i gClub an 30%, agus táimid anois inár gcomhpháirtí corparáideach de Líonra na mBan Gairmiúil (PWN) i mBaile Átha Cliath. Thugamar Inlíon nua isteach don chuideachta go luath sa bhliain. Is féidir leis an bhfoireann leas a bhaint as seo le páirt a ghlacadh i gcur agus cúiteamh ar líne agus le coinneáil ar an eolas faoi nuacht agus nuashonruithe a bhaineann leis an nGrúpa. Tugaimid aitheantas do na daoine is fearr a léiríonn a gcuid oibre ár dtreoirphrionsabail. Is trí chlár aitheantais d’fhostaithe darb ainm “Going the Extra Mile” a dhéanaimid amhlaidh. Ár bhFoireann a Fhorbairt Cuireann clár forbartha foirne EirGrid deiseanna forbartha ar fáil i réimse leathan inniúlachtaí. Sheolamar clár iontrála Ghrúpa EirGrid do chéimithe in 2017 chomh maith. Is é is cuspóir leis an gclár seo ná céimithe ó chúlraí éagsúla a mhealladh isteach ó raon leathan coláistí agus disciplíní.


Ag obair i dtreo comhtháthú Eorpach Le 10 mbliana anuas táimid ag feidhmiú an mhargaidh mórdhíola leictreachais ar fud oileán na hÉireann. Fuaireamar faoi réir in 2017 le margadh nuálach nua a thabhairt isteach d’oileán na hÉireann. Bhí an chéim sin bainte amach tar éis roinnt blianta a chaitheamh i mbun pleanála, dearadh agus comhairliúcháin. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an Margadh Aonair Leictreachais Comhtháite (I-SEM) i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018 agus beidh cuid mhaith buntáistí ag baint leis i gcomparáid leis an margadh atá ann cheana. Beidh comhtháthú ár margaidh le margadh iomlán na hEorpa ar an gceann is suntasaí de na buntáistí sin.

Mar thoradh air sin, beidh i bhfad níos mó iomaíochta sa mhargadh mórdhíola leictreachais ar oileán na hÉireann. Ba chóir go rachadh sé sin chun tairbhe gach uile thomhaltóir leictreachais. Táimid ag comhoibriú ar bhonn leanúnach le comhpháirtithe tionscadail agus páirtithe leasmhara mar chuid den tionscadal seo. I measc na gcomhpháirtithe sin tá an Coimisiún um Rialáil Fóntais in Éirinn agus an Rialálaí Fóntas i dTuaisceart Éireann. Tá caidreamh againn freisin leis na Ranna Rialtais ábhartha i ngach dlínse maidir leis an tionscadal seo.

Thuas: Gary Nolan ó EirGrid agus Eric Thebault ó Rté i mbun oibre ar an Idirnascaire Ceilteach.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 31


Thuas: Cathaoirleach Rté, François Brottes, Stiúrthóir INEA, Dirk Beckers, ArdStiúrthóir Fuinnimh an Choimisiúin Eorpaigh, Dominique Ristori, agus Príomhfheidhmeannach EirGrid, Fintan Slye, agus iad ag cur a láimhe le comhaontú chun maoiniú €4m ón Aontas Eorpach a scaoileadh don Idirnascaire Ceilteach.

Cúiseanna athraithe sa mhargadh leictreachais Is é beartas fuinnimh na hEorpa an phríomhchúis athraithe i margaí leictreachais. Bhí tábhacht nach beag ag baint leis an tríú pacáiste reachtaíochta ar chúrsaí fuinnimh, a eisíodh in 2009. Leagadh síos ann comhrialacha i gcomhair margaí leictreachais agus ar tharchur trasteorann leictreachais. Is ar an mbunobair sin a dhéanfaidh an t-aistriú chuig I-SEM forbairt. Bíodh sin mar atá, bhí orainn dearadh ár margaidh a nuashonrú leis an meascán fuinnimh a bhíonn ag athrú de shíor ar oileán na hÉireann a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla. Cuirfear ár rialacha margaidh ar aon dul leis an dearadh coitianta san Eoraip mar thoradh ar I-SEM, rud a fhágfaidh go mbeimid in ann comhtháthú le margadh iomlán na hEorpa. Beidh an trádáil trasteorann i bhfad níos éifeachtúla dá bhrí sin.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 32

Cumasóidh I-SEM rannpháirtíocht níos gníomhaí ar thaobh an éilimh agus trádáil leanúnach cumhachta suas go dtí dúnadh an gheata uair an chloig chun cinn ar an bhfíoram. Feabhsófar éifeachtúlacht na trádála i nginiúint eadrannach fuinnimh inathnuaite mar thoradh air sin. Táthar ar súil go dtiocfaidh laghdú ar na costais do thomhaltóirí mar gheall ar na hathruithe nuálacha seo agus go dtacóidh le slándáil an tsoláthair sa réigiún, leis. Dul chun cinn i dtreo Margadh Aonair Leictreachais Comhtháite Ba dhearadh nuálach margaidh é an Margadh Aonair Leictreachais féin agus é an chéad margadh dá leithéid ar domhan. Bhí an scéal amhlaidh toisc gur chlúdaigh sé dhá dhlínse a bhí a úsáid dhá airgeadra ar leith. Tá dearadh an Mhargaidh Aonair Leictreachais Chomhtháite níos casta fós.


In 2016 d’oibríomar leis na rialálaithe agus le comhpháirtithe tionscail chun na rialacha beartaithe agus cód trádála agus socraíochta athbhreithnithe a leagan amach. Bhí roinnt forbairtí ann in 2017. Ina measc bhí: • forbairtí ar an gcód trádála agus socraíochta; • ráiteas ar phrionsabail cothromaithe margaidh; agus • cód margaidh acmhainne nua a chur i gcrích. Comhaontaíodh freisin go dtabharfar SEMOpx ar ár bhfeidhm mar an tOibreoir Ainmnithe Margaidh Leictreachais. D’eagraíomar seisiúin eolais do pháirtithe leasmhara ó thús deireadh 2017. Chuireamar oiliúint ar fáil do rannpháirtithe margaidh. Fuaireamar aiseolas riachtanach, deimhneach mar gheall ar na gníomhaíochtaí sin, a chabhróidh linn aistriú éasca a chinntiú. Tá an obair seo ar fad ag réiteach an bhealaigh don lá a dtiocfaidh an tionscadal nua i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018. An tIdirnascaire Ceilteach Is é an tIdirnascaire Ceilteach an nasc leictreachais atá beartaithe idir Éire agus an Fhrainc. Tionscadal leasa choitinn de chuid an Aontais Eorpaigh is ea é. Ciallaíonn sé sin gur céim lánriachtanach é le spriocanna beartais an Aontais a bhaint amach i dtaobh fuinneamh inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe.

Má thosaítear air, feabhsóidh sé slándáil an tsoláthair, iomaíocht agus úsáid éifeachtúil fuinnimh in-athnuaite. Leanamar ar aghaidh ag forbairt an tionscadail seo in 2017 i gcomhar le Rté, an t-oibreoir córais tarchurtha sa Fhrainc. I mí na Bealtaine 2017, d’fhoilsíomar roinnt measúnuithe mionsonraithe agus achoimre maidir leis an tionscadal. Tugtar le fios sna tuairiscí sin gurbh fhearr an tionscadal seo a nascadh le córas tarchurtha na hÉireann in Oirthear Chorcaí. Leanamar orainn ag scaipeadh an eolais sin ina dhiaidh sin agus ag lorg aiseolais ó dhaoine. Ní mór iarratas ar infheistíocht a chur faoi bhráid na n-údarás rialála in Éirinn agus sa Fhrainc anois. Céim ollmhór chun cinn is ea é sin don idirnascaire agus tá sé beartaithe go ndéanfaidh EirGrid agus Rté an t-iarratas sin i lár 2018. Ní dhéanfar é sin ach amháin tar éis measúnú dian a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann leis an tionscadal, rud atá ar bun cheana féin. Rinneamar iarratas ar mhaoiniú don tionscadail chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) chomh maith. D’éirigh leis an iarratas agus cuireadh €4 mhilliún ar fáil don tionscadal i mí Iúil 2017. D’óstáil Dominique Ristori, Ard-Stiúrthóir an Fhuinnimh sa Choimisiún Eorpach, an searmanas sínithe i ndáil leis an maoiniú seo. Is ionann é agus 50% de chostais incháilithe chéim reatha an tionscadail agus is é an dara sciar maoinithe a fuarthas ón tSaoráid. Bronnadh €3.9 milliún ar an tionscadal in 2015.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 33


Bord Ghrúpa EirGrid

An líne chúil, ó chlé go deas: Shane Brennan, Liam O’Halloran, Eileen Maher, Michael Hand, John Trethowan, Lynne Crowther, Tom Finn. An líne thosaigh, ó chlé go deas: An Dr. Theresa Donaldson, John O’Connor, an Dr. Joan Smyth, Fintan Slye.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 34


Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 35


Bord Ghrúpa EirGrid

John O’Connor Cathaoirleach Ceapadh John O’Connor ina Chathaoirleach ar Bhord EirGrid le héifeacht ón 12 Samhain 2013. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an mBord Pleanála ó 2000 go 2011, is é sin an binse náisiúnta neamhspleách a dhéanann cinneadh ar achomhairc phleanála agus ar thionscadail infreastruchtúir straitéisigh. D’fhóin sé ar feadh 35 bliain roimhe sin mar státseirbhíseach sa Roinn Comhshaoil, áit a raibh poist shinsearacha aige mar Oifigeach Airgeadais, Príomhoifigeach um Beartas Tithíochta agus Airgeadais agus mar Rúnaí Cúnta i gceannas ar an Rannán Pleanála agus Seirbhísí Uisce. D'fhóin sé freisin mar stiúrthóir ar thrí chomhlacht tráchtála Stáit: an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, Réadmhaoin Bharra an Teampaill agus Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina Chathaoirleach chomh maith ar Bhord Stiúrthóirí Chumann Tithíochta Respond. Tá Dioplóma sa Riarachán Poiblí aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

An Dr. Joan Smyth Leaschathaoirleach an Bhoird Ceapadh an Dr. Joan Smyth chun an Bhoird i mí an Mheithimh 2009 agus athcheapadh go ceann 5 bliana í in 2014. I mí Mheán Fómhair 2015 cheap Bord EirGrid ina Leaschathaoirleach í.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 36

Tá sí ina cathaoirleach faoi láthair ar Chiste Ban Thuaisceart Éireann agus bhí sí ina cathaoirleach ar Fhóram na bPríomhfheidhmeannach ar feadh breis is cúig bliana. Rinne an Dr. Smyth cathaoirleacht ar Progressive Building Society i mBéal Feirste ar feadh tamaill, agus bhí sí ina Stiúrthóir ar Chumann Tithíochta na Tríonóide. Chuir sí dhá théarma isteach mar Chathaoirleach ar an Northern Ireland Transport Holding Company ón 1 Iúil 1999 go dtí an 30 Meitheamh 2005. Ba Chathaoirleach an Choimisiúin um Chomhdheiseanna TÉ í ó 1992 (bhí sí ina Cathaoirleach agus ina Príomhfheidhmeannach go dtí an 1 Deireadh Fómhair 1998). D’fhan sí sa phost go dtí gur bunaíodh Coimisiún Comhionannais nua i mí Deireadh Fómhair 1999. Toghadh chun Bhord Chomhairle na Breataine í i mí Mheán Fómhair 1999 agus bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste na Comhairle um Thuaisceart Éireann. Tá céim BSc (Eacnamaíocht) ag an Dr. Smyth ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus is Compánach í den Institiúid Pearsanra agus Forbartha. Bhí sí ina huachtarán ar Sheathras Soirbhíoch na Breataine Móire agus na hÉireann tráth, agus tá sí ina ball d’Fhóram Idirnáisiúnta na mBan. Is í Leasuachtarán Chumann Caomhnaithe Iarnróid na hÉireann í agus bronnadh CBE uirthi i Liosta Gradam na Bliana Nua i 1998.


Fintan Slye Príomhfheidhmeannach Ceapadh Fintan Slye ina Phríomhfheidhmeannach ar EirGrid ar an 1 Deireadh Fómhair 2012. Roimhe sin bhí post aige mar Stiúrthóir Oibríochtaí EirGrid agus é freagrach as oibriú an chórais cumhachta i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann, chomh maith le clár oibre EirGrid agus SONI a bhainistiú d’fhonn éascaíocht a dhéanamh ar mhéid fuinnimh inathnuaite thar na bearta a chomhtháthú sa chóras cumhachta. Sular ceapadh chun an phoist sin é d'oibrigh Fintan do McKinsey a Chuideachta ina n-oifig i mBaile Átha Cliath agus é ag tacú le cuideachtaí ar fud na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip. Roimhe sin, bhí roinnt róil tionscadail agus bainistíochta aige le hEangach Náisiúnta ESB agus le ESB International. Chuir Fintan Céim Mháistir sa Riarachán Gnó i gcrích sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2001 agus Céim Mháistir san Eolaíocht Innealtóireachta i 1993.

Michael Hand

BE, MBA, PhD(hc), C Eng, Eur Ing, FIEI, FICE, FCIWEM, FIAE, C Dir, M.Inst.D

D’fhóin sé mar Stiúrthóir agus Stiúrthóir Bainistíochta ar chuideachtaí príobháideacha agus poiblí araon. Bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus Stiúrthóir ar Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin chomh maith. Tá sé léirithe arís agus arís eile aige ar fud na hÉireann go bhfuil sé in inmhe mórthionscadail infreastruchtúir straitéisigh a thabhairt chun críche. Chuir sé obair na gcapall isteach mar oibrí deonach agus mar Stiúrthóir san earnáil pobail dheonaigh. Is fear ardcháilithe é Michael san innealtóireacht agus i gcúrsaí gnó. Tá céim san Innealtóireacht Shibhialta aige ó OÉ Gaillimh, mar aon le Céim Mháistir sa Riarachán Gnó ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 2014, bhronn ITBÁC Dochtúireacht Oinigh air mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige mar innealtóir, mar sheirbhíseach poiblí agus ar mhaithe leis an bpobal. Tá sé ina Chomhalta i gceithre institiúid ghairmiúla agus is Innealtóir Cairte, Stiúrthóir Cairte agus Bainisteoir Cairte Uisce agus Comhshaoil é freisin. .

Comhalta Boird

Ceapadh Michael Hand chun Bhord EirGrid i mí Iúil 2015 go ceann tréimhse cúig bliana. Tá an-taithí faighte ag Michael le breis is 30 bliain anuas mar cheannaire sinsearach sna hearnálacha tógála agus innealtóireachta comhairlí in Éirinn.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 37


.

Bord Ghrúpa EirGrid

Liam O'Halloran, Comhalta Boird Tá neart taithí ag Liam O’Halloran ar an bhfoireann ardbhainistíochta i gcuideachtaí leictreonacha agus teileachumarsáide ilnáisiúnta. Bhí post ag Liam roimhe seo mar Leasuachtarán Sinsearach DEX Europe, cuideachta atá bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a sholáthraíonn seirbhísí deisithe agus lóistíochta do mhórchomhlachtaí leictreonacha ilnáisiúnta agus mar Leasuachtarán ar Oibríochtaí Eorpacha le Jabil Global Services, cuideachta a chuireann seirbhísí leictreonacha ar fáil ar fud an domhain. Bhí Liam ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Custaiméirí agus Rialála le Magnet Networks chomh maith agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Chathaoirleach Feidhmiúcháin ar ALTO, Cumann Oibreoirí Teileachumarsáide Malartaí. Tá sé ina Stiúrthóir ar Alcomis faoi láthair, ar comhairleacht forbartha cuideachtaí é a bhfuil cliaint acu sna hearnálacha bogearraí, ríomhfhoghlama agus seirbhísí.

Shane Brennan Comhalta Boird Ceapadh Shane Brennan chun Bhord EirGrid i mí na Nollag 2016 mar ionadaí foirne EirGrid. Tá taithí breis is 20 bliain aige san innealtóireacht, lena n-áirítear na hearnálacha déantúsaíochta, uathoibrithe agus leathsheoltóirí, agus thosaigh sé in EirGrid in 2008 sa rannán um Fhorbairt na hEangaí. Tá sé ina Bhainisteoir Tionscadail ar an ngné de Thionscadal an Idirnascaire Thuaidh Theas a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus tá láithreoireachtaí tugtha aige thar ceann na cuideachta ag roinnt mhaith ócáidí poiblí fud fad oileán na hÉireann.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 38

Tá Céim san Innealtóireacht aige ó Ollscoil Uladh, dioplóma iarchéime san Innealtóireacht Chomhshaoil ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus is ball d’Innealtóirí Éireann é, leis.

Lynne Crowther Comhalta Boird Is sainchomhairleoir cumarsáide í Lynne, a thugann treoir agus meantóireacht ar straitéis, feidhmiú agus oiliúint maidir leis na meáin shóisialta. Tá obair curtha isteach aici ar thionscnaimh áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta do chomhlachtaí ar nós: Coca-Cola Europe, National Trust, RAIN (Tionscnamh Athshlánaithe na hAfraice) Deloitte, Translink, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comhairle Aontroma agus Bhaile na Mainistreach, Comhairle Cathrach Dhoire agus an Chros Dhearg. Tá sí ina comhalta ar bhord Chomhairle Tomhaltóirí Thuaisceart Éireann agus scríobhann blag a bhfuil duaiseanna buaite aige.

John Trethowan Comhalta Boird Is as Contae an Dúin ó dhúchas do John Trethowan. Bhain sé slí bheatha amach mar Bhaincéir agus tá ina cheannaire anois ar an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa, a chuireann meicníocht achomhairc ar fáil do Ghnóthais Bheaga agus Feirmeacha ar diúltaíodh creidmheas bainc dóibh in Éirinn. Tá an-taithí go deo ag John sa seomra boird sna hearnálacha baincéireachta, iompair phoiblí agus cúraim sláinte phoiblí.


Eileen Maher Comhalta Boird Is comhairleoir straitéiseach í Eileen a bhfuil an-taithí aici tar éis di bheith ag obair san earnáil teileachumarsáide le 30 bliain anuas. Tá taithí láidir aici sna réimsí straitéiseacha, tráchtála, bunathraithe chun feabhais, rialála agus dlí. Bhí sí ina Stiúrthóir ar Rannán Straitéise agus Gnóthaí Seachtracha Vodafone, áit ar éirigh léi comhfhiontar ‘cábla snáthoptaice go dtí an baile’ idir Vodafone agus ESB a sheachadadh, chomh maith le comhfhiontar eile idir Vodafone agus H3G Ireland i gcomhair comhroinnt líonra. Nuair a bhí sí ag obair do Eir, chuir sí an t-aonad gnó mórdhíola ar bun agus d’imir sí ról thar a bheith tábhachtach i liobrálú líonra Eircom i 1998. Is Stiúrthóir Straitéise do Mentor Europe í Eileen agus tá sí ina stiúrthóir bainistíochta ar Warande Consulting anseo in Éirinn. Tá sí ar Choiste Comhlíonta Údarás Craolacháin na hÉireann chomh maith. Tá Baitsiléir Tráchtála agus Céim Mháistir sa Staidéar Gnó aici ó OÉ Gaillimh.

An Dr. Theresa Donaldson Comhalta Boird Tá an Dr. Theresa Donaldson ina Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh (ón 1 Meitheamh 2014). Sular ceapadh chun an phoist sin í bhí sí ina Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Buirge Craigavon (2010-2014). Ó 1985 go 2010

Bhí roinnt poist éagsúla ag Theresa sna hearnálacha sláinte agus cúraim shóisialta agus seirbhísí dlí, lena n-áirítear: Stiúrthóir Beartais agus Seachadta Státseirbhíse i gCoimisiún Seirbhísí Dlí Thuaisceart Éireann (2004 – 2010); Leas-stiúrthóir Ghníomhaireacht Caomhnóirí Ad Litem Thuaisceart Éireann(1996- 2004); agus Bainisteoir Seirbhísí Leanaí leis an NSPCC (1985- 1996). Bhí Theresa i seilbh ceapachán poiblí mar Chathaoirleach ar Choiste um Eitic Thaighde sna Seirbhísí Sláinte agus Sóisialta ar feadh 6 bliana (2004-2010), mar aon le ceapachán breithiúnach mar Bhall Tuata den Bhinse Carthanais (2012-2014).

Tom Finn Rúnaí Cuideachta Ceapadh Tom Finn ina Rúnaí Cuideachta do EirGrid agus dá chuid fochuideachtaí i mí Deireadh Fómhair 2016. Is é ceannaire Rannán Dlí Ghrúpa EirGrid é chomh maith. Is dlíodóir é atá ag cleachtadh a ghairme. Tá breis is 30 bliain de thaithí iar-cháilíochta aige ar réimsí éagsúla dlí agus ar an ardbhainistíocht sa chleachtadh príobháideach, in earnáil na tionsclaíochta agus san earnáil phoiblí. Bhí Tom ina Abhcóide, ina Dhlíodóir Inmheánach, ina Dhlíodóir agus ina Bhainisteoir Dlí ag amanna éagsúla dá shaol oibre. Tá Dioplóma sa Rialachas Corparáideach aige ó Dhlí-Chumann na hÉireann.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 39



Ár bhFoireann Feidhmiúcháin

Rodney Doyle Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oibríochtaí Margaidh agus Bainisteoir Ginearálta, SEMO Ceapadh Rodney Doyle mar Stiúrthóir na nOibríochtaí Margaidh agus mar Bhainisteoir Ginearálta Oibreoir an Mhargaidh Aonair Leictreachais (SEMO) i mí Iúil 2015. Bhí sé ina Stiúrthóir roimhe sin ar na Seirbhísí Faisnéise ó mhí Feabhra 2013. Bhí roinnt poist eile in EirGrid ag Rodney freisin, lena n-áirítear Bainisteoir um Chomhtháthú an Margaidh Eorpaigh; Bainisteoir an tionscadail um ullmhacht ghnó don Idirnascaire Thiar Thoir; agus Bainisteoir na Seirbhísí Coimhdeacha. Mar chuid de na róil sin a bhí aige bhí sé i gceannas ar thionscadail chun córais agus beartais mhóra a chur i bhfeidhm, rudaí atá á n-úsáid ar na saolta seo ar fud an mhargaidh leictreachais agus ag oibreoirí córais tarchurtha (TSOnna). Sula ndeachaigh Rodney ag obair le EirGrid agus Eangach Náisiúnta ESB, d’oibrigh sé mar an príomhchomhairleoir sa Rannóg Líonraí d’Údarás Iomaíochta na Nua-Shéalainne agus é ag déileáil le saincheisteanna a bhain le rialáil leictreachais agus gáis/dearadh an mhargaidh. D'oibrigh sé sa chomhairleacht roimhe sin. Tá Rodney ina bhall de roinnt grúpaí tábhachtacha TSO agus comhair mhargaidh san Eoraip. Tá BA san Eacnamaíocht, MA sa Riarachán Gnó agus MBA ag Rodney ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

John Fitzgerald Stiúrthóir Feidhmiúcháin - Forbairt Eangaí agus Idirnascadh Ceapadh John Fitzgerald mar an Stiúrthóir Forbartha Eangaí agus Idirnasctha i mí Iúil 2015, tar éis dó post a bheith aige mar an Stiúrthóir Forbartha Eangaí ó mhí Feabhra 2013. Roimhe sin fós bhí John ina Stiúrthóir Tionscadail don Idirnascaire Thiar Thoir, rud ar nasc na margaí leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain le chéile den chéad uair riamh. Sular thosaigh John ag obair in EirGrid, bhí sé ag obair sa réimse forbartha gnó do ESB International, áit a raibh roinnt post bainistíochta aige, lena n-áirítear Bainisteoir Forbartha Gnó, Bainisteoir Trádála agus Soláthair (Tuaisceart Éireann) agus Bainisteoir Tráchtála ESB Chúil Chaorach. Bhí páirt ag John san fhorbairt rathúil a rinneadh ar mhórthionscadail infreastruchtúir fuinnimh agus ar thionscnaimh chorparáideacha sna hearnálacha leictreachais agus gáis ar fud na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip. Is céimí é de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá céim BA aige san Innealtóireacht Leictreonach, mar aon le Máistreacht sa Riarachán Gnó ó Scoil Ghnó an Choláiste Ollscoile.

Leathanach thall: Buaileann oifigeach idirchaidrimh talmhaíochta le húinéir talún i dTuaisceart Éireann.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 41


Ár bhFoireann Feidhmiúcháin

Robin McCormick Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oibríochtaí, Pleanáil agus Nuálaíocht agus Bainisteoir Ginearálta, SONI Ltd. Ceapadh Robin McCormick mar an Stiúrthóir Oibríochtaí, Pleanála agus Nuálaíochta i mí Iúil 2015 agus tá sé ina Bhainisteoir Ginearálta ar SONI Ltd. chomh maith. Bhí ról aige tráth mar Bhainisteoir Ginearálta Oibreoir an Mhargaidh Aonair Leictreachais (SEMO) agus SONI. Tá taithí shuntasach aige ar an earnáil cumhachta i réimse na bhfóntas rialaithe. Ina ról mar Stiúrthóir, tá Robin freagrach as oibriú agus pleanáil an chórais cumhachta i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann. Tá sé ina chomhalta d'Institiúid na hInnealtóireachta agus na Teicneolaíochta, d’Institiúid na nInnealtóirí Sibhialta agus d’Institiúid na Stiúrthóirí. Tá MBA aige ó Ollscoil Uladh, Baile Shiurdáin, agus MSc ó Ollscoil Napier i nDún Éideann.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 42

Aidan Skelly Stiúrthóir Feidhmiúcháin - Airgeadas agus Dlí Ceapadh Aidan Skelly mar an Stiúrthóir Airgeadais agus Dlí i mí Iúil 2015. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhoifigeach Airgeadais ó mhí an Mheithimh 2005. Bhí sé ina Stiúrthóir Airgeadais le Waterford Stanley Limited roimhe sin. D'oibrigh sé in Waterford Crystal ó 1987 go dtí 2002 agus i rith an ama sin bhí roinnt poist airgeadais agus tráchtála aige in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Fuair sé oiliúint mar Chuntasóir Cairte le PricewaterhouseCoopers agus is céimí Tráchtála é de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá céim MBS aige freisin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.


Rosemary Steen Stiúrthóir Feidhmiúcháin - Gnóthaí Seachtracha

Fintan Slye Príomhfheidhmeannach Féach an bheathaisnéis ar leathanach 49.

Ceapadh Rosemary Steen mar an Stiúrthóir Gnóthaí Eachtracha i mí Iúil 2015. Ba í an Stiúrthóir Gnóthaí Poiblí í roimhe sin ó thosaigh sí ag obair le EirGrid den chéad uair in 2014. Fónann Rosemary freisin ar bhord Ghluaiseacht na hEorpa agus ar Chomhairle Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath. Tá an-taithí ag Rosemary ar Ghnóthaí Corparáideacha, Caidreamh Rialtais agus Freagracht Shóisialta Chorparáideach ó na hearnálacha teileachumarsáide, fóntais agus tionsclaíochta gnó. Bhí poist shinsearacha aici roimhe sin in Vodafone, Shell agus Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC). Tá BA san Eacnamaíocht agus sa bhFealsúnacht aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, MBS sa Lóistíocht agus Déantúsaíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Dlí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Siobhán Toale Stiúrthóir Feidhmiúcháin - Acmhainní Daonna agus Seirbhísí Corparáideacha Ceapadh Siobhán Toale mar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Acmhainní Daonna agus Seirbhísí Corparáideacha in 2015 tar éis di bheith ag obair mar an Stiúrthóir Acmhainní Daonna ar feadh tamaill. Tá Siobhán freagrach as Córais Faisnéise, AD agus Forbairt Eagraíochta sa ról seo agus tá de shainchúram uirthi athrú a bhainistiú agus próisis a fheabhsú ar fud na heagraíochta. Sular thosaigh sí le EirGrid, bhí róil cheannais ag Siobhán in Eir, Telefonica O2 agus i mBanc na hÉireann. Tá céim BSc sa Ríomhaireacht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag Siobhán, chomh maith le MSc san Iompraíocht Eagraíochtúil ó Choláite Birkbeck, Ollscoil Londan. Is Comhalta Cairte de chuid na hInstitiúide Forbartha Pearsanra í.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 43


Príomhshonraí faoi Oibríochtaí

All-Island Energy Growth Rates % Growth 6% 5% 4% 3% 2% 1% 0% -1% -2% -3% -4% October 2016

December 2016

February 2017

April 2017

June 2017

August 2017

October 2017

Year to Date Growth Rate 12 Month Rolling Average Growth Rate

All-Island Weekly Peaks of Electricity Usage MW 7000 6500 6000 5500 5000 4500 4000 January 2017

March 2017

May 2017 2017 2016

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 44

July 2017

September 2017

November 2017


Average Electricity System Marginal Price Compared to Gas Price Electricity €95 System Marginal €85 Price €75 € per MWh €65

£1.00 Gas Price £0.80 £ per therm £0.60

€55

£0.40

€45 £0.20

€35

£0.00

€25 January 2017

March 2017

May 2017

July 2017

September 2017

November 2017

September 2017

November 2017

Electricity System Marginal Price Gas Price

Import Capacity Auction Price: Monthly vs Annual Prices Import €5.00 Auction Price €5.00 € per MWh €5.00 €5.00 €5.00 €0 January 2017

March 2017

May 2017

July 2017

Annual Price Monthly Price

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 45


Gluais

Míniú i dteanga shimplí ar chuid de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa Tuarascáil Bhliantúil seo.

An Bord Pleanála Údarás pleanála neamhspleách náisiúnta na hÉireann. Dúthosú Nós imeachta is ea é seo a úsáidtear le cumhacht a chur ar ais chuig an eangach leictreachais go léir nó cuid de, trí úsáid a bhaint as foinsí atá taobh amuigh den limistéar ina bhfuil an cliseadh cumhachta. Acmhainn An méid leictreachais is féidir a aistriú go sábháilte ar an gcóras nó ar chiorcad. CRU An Coimisiún um Rialáil Fóntais. Rialaíonn an institiúid seo ár ngníomhaíochtaí in Éirinn.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 46

Ciorcad An líne lastuas nó an cábla faoi thalamh a nascann dhá fhostáisiún le chéile. Mar shampla, an ciorcad 400kV ó Ghob na Muine - Baile Uí Dhuinn. Seoltóirí Rud nó ábhar ar féidir leis leictreachas a aistriú. Mar shampla, is seoltóirí maithe leictreachais iad roinnt sreanga miotail. Tá seoltóirí i gcáblaí cumhachta faoi thalamh agus i línte lastuas. Giniúint thraidisiúnta Leictreachas a ghiniúint le breoslaí iontaise, amhail gás nádúrtha, gual nó móin. Stáisiún Tiontaithe Féach "fostáisiún".


An Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh oifig náisiúnta na hÉireann i gcomhair cúrsaí staidrimh. Trádáil lá roimh ré Nuair a dhéantar conradh idir díoltóir agus ceannaitheoir maidir le giniúint agus soláthar leictreachais don lá dar gcionn. Tar éis an athraithe go dtí I-SEM, oibreoidh rannán nua den SEMO an margadh lá roimh ré i gcomhair leictreachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Ionad sonraí Grúpa mór d’fhreastalaithe líonraithe a úsáidtear le faisnéis a stóráil go cianda. Éileamh An méid cumhachta leictreachais atá á fháil ón líonra ag na daoine a úsáideann leictreachas. Uaireanta úsáideann daoine an téarma ‘buaicéileamh’. Is é sin an méid cumhachta is mó a fhaightear i gcaitheamh tréimhse áirithe. An Líonra Dáileacháin Is é sin an líonra leictreachais ísealvoltais, ar leis an ESB é agus atá á fheidhmiú in Éirinn ag an ESB. Seolann sé cumhacht ón líonra tarchuir chuig teaghlaigh agus chuig gnóthais. DS3 Is tionscnamh de chuid EirGrid é 'Córas Slán, Inbhuanaithe Leictreachais a Sholáthar,’ atá ceaptha chun an eangach a oibriú ar bhealach slán agus spriocanna fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach. Fuinnmhithe Nuair atá línte nó cáblaí nuachríochnaithe ag feidhmiú go hiomlán agus iad ina gcuid den eangach leictreachais, deirtear go bhfuil siad fuinnmhithe.

ENTSO-E Giorrúchán i mBéarla don Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais. Is é an comhlacht ionadaíoch d’oibreoirí córais tarchurtha ar fud na hEorpa é. ESB Eagraíocht tráchtála leathstáit in Éirinn is ea Bord Soláthair an Leictreachais. Áirítear leis an ngrúpa cuideachtaí seo ESB Networks, a fheidhmíonn an córas dáileacháin leictreachais. Gineadóir Saoráid a tháirgeann leictreachas. Is féidir cumhacht a ghiniúint ó fhoinsí éagsúla, mar shampla, ó stáisiúin chumhachta ghualbhreoslaithe, stáisiúin chumhachta ghásbhreoslaithe agus feirmeacha gaoithe. Acmhainn Giniúna Is í sin an t-uasmhéid leictreachais is féidir a ghiniúint, bunaithe ar acmhainn aschuir na ngineadóirí leictreachais atá nasctha leis an eangach. Seoladh Leictreachais Is é seo an méid leictreachais atá á tháirgeadh don eangach ag roinnt gineadóirí ag aon am ar bith. Athróidh sé sin de réir mar a athróidh an t-éileamh ar leictreachas agus ar an méid leictreachais sa chóras atá á ghiniúint ó fhuinneamh in-athnuaite. Eangach Féach an Líonra Tarchuir. IDA Tá an tÚdarás Forbartha Tionscail (IDA) freagrach as infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh go hÉirinn.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 47


Trádáil Ionlae Foirm trádála is ea í sin ina gcaithfear an t-idirbheart a chur i gcrích an lá céanna a ndéantar an conradh. Trádáil lae a thugtar air freisin. Sna margaí leictreachais, ciallaíonn sé sin méid comhaontaithe leictreachais a sholáthar ar phraghas aontaithe ar an lá céanna a ndearnadh an comhaontú. Tar éis an athraithe go dtí I-SEM, oibreoidh rannán nua den SEMO an margadh ionlae i gcomhair leictreachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. I-SEM An Margadh Aonair Leictreachais Comhtháite. Tagraíonn an téarma seo don chaighdeán nua i leith an Margadh Aonair Leictreachais a oibriú. Nuair chríochnófar é, beidh sé ar chumas an SEM comhtháthú le margaí fuinnimh ar fud na hEorpa.

NEMO Oibreoir Ainmnithe Margaidh Leictreachais. Tá NEMO ag gach críoch san Eoraip arna ainmniú ag a rialtóir fuinnimh féin. Tá an NEMO freagrach as trádáil don lá dar gcionn agus as trádáil ionlae a reáchtáil don mhargadh leictreachais sin. Is féidir níos mó ná NEMO amháin a bheith in aon chríoch faoi leith toisc gur féidir dul san iomaíocht leis na feidhmeanna a bhuachan. Is seirbhísí tráchtála iad seo, agus ní hionann iad agus na seirbhísí riachtanacha margaidh a bhíonn ag teastáil le margadh leictreachais a choinneáil ag feidhmiú. Neartú Cumas na heangaí leictreachais atá ann cheana a mhéadú ach infreastruchtúr nua a thógáil nó an trealamh atá ann cheana a uasghrádú.

Cileavolta (kV) Is é seo an voltas oibriúcháin le haghaidh trealamh tarchuir leictreachais. Is ionann cileavolta agus míle volta. Is é 400kV an voltas is airde ar chóras tarchuir na hÉireann.

Giniúint in-athnuaite Leictreachas a ghiniúint le fuinneamh in-athnuaite, amhail hidrileictreachas, fuinneamh gaoithe, grianchumhacht, fuinneamh taoide nó fuinneamh bithmhaise.

Meigeavata (MW) Is ionann meigeavata agus 1,000,000 vata. Is é an vata an t-aonad caighdeánach cumhachta (Féach thíos le haghaidh sainmhíniú ar vata).

Réseau de Transport d’Électricité (Rté) Oibreoir Chóras Tarchurtha Leictreachais na Fraince. Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt na heangaí leictreachais is mó san Eoraip. SEM An Margadh Aonair Leictreachais. Cuimsíonn an margadh Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Fágann sé gur féidir leictreachas a thrádáil agus a sholáthar ar bhonn uile-oileánda.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 48


SEMO Oibreoir an Mhargaidh Aonair Leictreachais. Is comhfhiontar de chuid Ghrúpa EirGrid é, a reáchtálann Margadh Aonair Leictreachais Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Tá sé taobh thiar de na seirbhísí riachtanacha a bhíonn ag teastáil chun margadh feidhmiúil a choinneáil ar bun le haghaidh leictreachas mórdhíola. An Eangach Chliste Is eangach leictreachais í an Eangach Chliste ina n-úsáidtear teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, mar aon le teicneolaíocht tarchurtha nua, chun go bhféadtar monatóireacht agus rialú a dhéanamh i bhfíoram ar ghiniúint agus úsáid leictreachais agus ar shreafaí cumhachta. SONI Oibreoir Córais Thuaisceart Éireann. Tá an eagraíocht sin ina cuid de Ghrúpa EirGrid. Déanann sé an eangach tharchuir leictreachais i dTuaisceart Éireann a bhainistiú, a oibriú agus a fhorbairt. Páirtithe Leasmhara Is daoine aonair nó eagraíochtaí iad seo a bhféadfadh oibríochtaí chuideachtaí Ghrúpa EirGrid difear a dhéanamh dóibh, nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na hoibríochtaí sin. Fostáisiún Sraith d’fhearas leictreach a úsáidtear chun ciorcaid a idirnascadh agus an voltas atá á sheoladh thar líne nó cábla a athrú. Treá Neamhshioncronach Córais (SNSP) Is éard is SNSP ann ná an méid is mó leictreachais in-athnuaite is féidir leis an eangach a iompar.

Líne tharchuir Líne chumhachta ardvoltais a iompraíonn 400 kV, 220 kV nó 110 kV ar chóras tarchurtha na hÉireann. Is féidir méid mór cumhachta a sheoladh ar ardvoltas thar achar fhada agus gan ach méid beag di a chailliúint. Líonra nó Eangach Tharchuir Is líonra é seo de línte cumhachta, cáblaí agus fostáisiúin ardvoltais ar fud na hÉireann atá thart ar 6,800 km ar fad. Nascann sé gineadóirí leictreachais leis an líonra dáileacháin agus soláthraíonn fuinneamh do chustaiméirí móréilimh. Tá sé á fheidhmiú ag EirGrid agus is leis an ESB é. Oibreoir Córais Tarchurtha (TSO) Is é sin an eagraíocht atá freagrach as an gcóras leictreachais ardvoltais a fheidhmiú i réigiún ar leith. UR An Rialálaí Fóntas. Rialaíonn an institiúid seo ár ngníomhaíochtaí i dTuaisceart Éireann. Voltas Is éard atá i voltas ná tomhas ar neart féideartha sreabhaidh leictreachais - tá sé cosúil leis an ‘mbrú' i gcóras uisce. Tomhas luchta leictrigh is ea voltas, nó an poitéinseal idir dhá phointe (i réimse leictreach) mar a bhíonn idir an ceann dearfach agus an ceann diúltach de cheallra. Dá mhéid an voltas is ea is mó a bhíonn sreabhadh féideartha an tsrutha leictrigh. Vata Is é an vata an t-aonad caighdeánach cumhachta i gCóras Idirnáisiúnta na nAonad (SI). Tomhaiseann vata an ráta ar a bhfuil fuinneamh á tháirgeadh nó á úsáid. Mar shampla, úsáideann fearas leictreach ard-vata níos mó fuinnimh ná fearas íseal-vata.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 49


Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 50


Ráitis Airgeadais Clár na nÁbhar Tuairisc na Stiúrthóirí. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 52 Ráiteas maidir le Freagrachtaí na Stiúrthóirí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 63 Tuairisc na nIniúchóirí Neamhspleácha . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 64 Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 68 Ráitis ar Ioncam Cuimsitheach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 69 Clár Comhardaithe Comhdhlúite . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 70 Clár Comhardaithe na Cuideachta . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 71 Ráiteas Comhdhlúite ar Athruithe ar Chothromas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 72 Ráiteas na Cuideachta ar Athruithe ar Chothromas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 73 Ráiteas Sreabhaidh Airgid Chomhdhlúite . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 74 Ráiteas Sreabhaidh Airgid na Cuideachta . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 75 Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 76

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 51


Tuairisc na Stiúrthóirí Cuireann na Stiúrthóirí i láthair a dtuarascáil bhliantúil agus Ráitis Airgeadais Iniúchta an Ghrúpa don bhliain dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017.

Príomhghníomhaíochtaí

Is iad príomhghníomhaíochtaí an Ghrúpa seirbhísí nasctha, tarchurtha agus margaidh ar ardchaighdeán a sholáthar do ghineadóirí, do sholáthraithe agus do chustaiméirí a bhaineann úsáid as an gcóras leictreachais ardvoltais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Tá an fhreagracht ar EirGrid cpt as an infreastruchtúr eangaí is gá a chur ann freisin chun tacú le forbairt gheilleagair na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Tá an Grúpa freagrach freisin as oibriúchán an mhargaidh mórdhíola leictreachais ar fud oileán na hÉireann. Is leis an nGrúpa an tIdirnascaire Thoir Thiar (EWIC) a nascann na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór agus oibríonn sé é chomh maith. Bailíonn an Grúpa taraifí chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin. Cuireann na taraifí sin ar ár gcumas dreasachtaí a chur ar fáil, chomh maith le toradh rialaithe a fháil ar chaipiteal a infheistítear sa ghnó, rud a ghineann luach don Ghrúpa san fhadtéarma.

Torthaí an Ghnó agus Athbhreithniú air

Tá sonraí maidir le torthaí airgeadais an Ghrúpa leagtha amach sa Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite ar leathanach 68 agus sna nótaí 1 go 30 atá ag gabháil leis. Tháinig an tréimhse reatha atá á thuairisciú anseo chun deiridh ar an 30 Meán Fómhair 2017. Baineann na figiúirí comparáideacha leis an mbliain airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2016. Tá tionchar an EWIC ar an Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite scartha amach chun comparáid a éascú. Tá tuilleadh mionsonraí faoin EWIC le fáil i Nóta 7, lena n-áirítear an tionchar ar bhrabús tuairiscithe na bliana airgeadais seo. I mí na Nollag 2015, d’eisigh an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) in Éirinn Cinneadh Deiridh maidir le Rialú Praghsanna do EirGrid (an tOibreoir Córais Tarchurtha) do na blianta 2016-2020. I mí Feabhra 2016 d’eisigh Rialtóir Fóntas Thuaisceart Éireann (URegNI) Cinneadh Deiridh maidir le Rialú Praghasanna do SONI (an tOibreoir Córais Tarchurtha) do na blianta 2016-2020 agus foilsíodh na mionathruithe ceadúnais ina dhiaidh sin i mí an Mhárta 2017. Rinne SONI Limited achomharc chun an Údaráis Iomaíochta agus Margaidh in aghaidh an chinnidh deiridh. D'eisigh an tÚdarás cinneadh ar an achomharc i mí na Samhna 2017. Seasadh leis an achomharc ar roinnt foras. Lean an Grúpa ar aghaidh ag infheistiú méid suntasach acmhainní airgeadais agus neamhairgeadais i dTionscadal I-SEM de réir mar a dhéanaimid dul chun cinn i dtreo sheoladh I-SEM i mí na Bealtaine 2018. Tá tráchtaireachtaí ar an bhfeidhmíocht i rith na bliana airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017, lena n-áirítear eolas ar nithe a tharla le déanaí agus forbairtí a tharlóidh amach anseo, san áireamh i dTuairisc an Chathaoirligh agus in Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh.

Rialú Corparáideach

Tá an Grúpa tiomanta do na caighdeáin is airde a choinneáil ó thaobh rialachas corparáideach de. I rith na bliana chomhlíon an Grúpa an Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit (‘an Cód’), arna fhoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí Lúnasa 2016. Leagtar amach sa Chód na prionsabail a bhaineann le rialachas corparáideach, atá de cheangal ar Bhoird Comhlachtaí Stáit a chomhlíonadh. D’eisigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir le déanaí, a ndéanfaimid athbhreithniú uirthi lena mheas cé na himpleachtaí a bheidh i gceist dár dtuarascáil bhliantúil agus ráitis airgeadais in 2018. Comhlíonann an Grúpa freisin dualgais rialachais chorparáidigh agus oibleagáidí eile a leagtar síos san Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus san Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Tugann an Grúpa aird freisin ar phrionsabail Chód na Ríochta Aontaithe um Rialachas Corparáideach, arna leasú i mí Mheán Fómhair 2014, agus ar Iarscríbhinn Rialachais Chorparáidigh na hÉireann, arna heisiúint i mí na Nollag 2010.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 52


Thabhaigh an Grúpa costais taistil €1.1m (2016: €1.1m) in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, mar aon le costais taistil €0.6m (2016: €0.4m) thar lear. Ba é €nil (2016: €nil) na costais dhlíthiúla agus socraithe don bhliain. Ba é €0.2 milliún (2016: € 0.2m) na costais Leasa Foirne, as ar bhain €0.03m (2016: €0.02m) le caidreamh seachtrach.

Costais Tacaíochta Seachtraí agus Sainchomhairleoirí:

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Seirbhísí Margaidh Leictreachais Seirbhísí agus comhairle dlí Seirbhísí do Thionscadail Líonra Tarchuradóireachta Tacaíocht le Córais TF Comhairle ar Airgeadas Corparáideach Comhairle Eagraíochtúil agus Achtúireach Eile

14,998 6,504 6,054 580 845 463 690

9,517 4,452 10,542 321 1,457 593 897

Iomlán

30,134

27,779

Costais gearrtha chun an Ráitis Ioncaim Costais chaipitlithe

5,765 24,369

4,303 23,476

Iomlán

30,134

27,779

Tá san áireamh i seirbhísí margaidh leictreachais na costais a bhain le feidhmiú na socruithe nua don mhargadh leictreachais uile-oileáin, a dtugtar I-SEM air agus atá ag teacht leis an spriocshamhail Eorpach. D'eascair an spriocshamhail sin as an Tríú Pacáiste Fuinnimh de chuid an AE agus is tacar socruithe comhchuibhithe é i ndáil le trádáil trasteorann fuinnimh mórdhíola agus comhardú seirbhísí thar fhrámaí ama difriúla ar fud na hEorpa. Tá léirithe faoi Sheirbhísí do Thionscadail Líonra Tarchuradóireachta na sainchostais a bhain le tionscadail líonra a thabhairt ón gcoincheap bunaidh chomh fada le bronnadh an cheada pleanála. Is éard atá i gceist le Tacaíocht le Córais TF ná na costais tacaíochta le haghaidh córais thábhachtacha ar fud an ghnó.

Prionsabail an Dea-Rialachais Comhaltaí an Bhoird

Tá an Bord comhdhéanta de Chathaoirleach Neamhfheidhmiúcháin, an Príomhfheidhmeannach, ina ról mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Stiúrthóir mar ionadaí do na fostaithe agus seachtar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin. Ceapann an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil gach Stiúrthóir agus leagtar amach i scríbhinn a dtéarmaí oifige.

An Bord

Cé go dtarmligtear freagracht ó lá go lá as ceannaireacht agus stiúir an Ghrúpa don Phríomhfheidhmeannach agus dá Fhoireann Bainistíochta, laistigh de theorainneacha sainmhínithe údaráis, is é an Bord atá freagrach ar deireadh thiar as feidhmiúchán an Ghrúpa. Tá beartaithe ag gach duine de na Stiúrthóirí Cód Iompraíochta Gnó an Ghrúpa do Stiúrthóirí a chomhlíonadh.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 53


Déantar athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht an Bhoird agus an Chathaoirligh. Tá sceideal foirmiúil cúraimí sonracha ag an mBord, a chaithfear cinneadh a dhéanamh orthu ag Cruinnithe Boird a thionóltar ar bhonn míosúil go hiondúil. An tseachtain roimh na Cruinnithe Boird cuirtear páipéir bhoird, lena n-áirítear ráitis mhíosúla airgeadais, amach chuig comhaltaí an Bhoird. Bíonn fáil ag comhaltaí an Bhoird ar chomhairle ghairmiúil neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Bíonn teacht ag gach Comhalta Boird ar chomhairle agus ar sheirbhísí Rúnaí na Cuideachta, leis. Tá clúdach árachais ann chun Comhaltaí agus Oifigigh Bhoird a chosaint in aghaidh dliteanas a d’fhéadfadh a éirí as caingne dlí a thógfaí ina n-aghaidh i gcúrsa a gcuid dualgas. Déanann an Bord athbhreithniú bliantúil ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear cúrsaí airgeadais, comhlíonadh agus bainistíocht riosca. Mar atá luaite sa chuid ‘Rialuithe Inmheánacha’ de Thuairisc na Stiúrthóirí, níor aithin an Bord aon teip ná aon laige a mheas atá suntasach, ná níor cuireadh comhairle ar an mBord faoi aon teip ná faoi aon laige den sórt sin ach an oiread.

Coistí an Bhoird sa bhliain 2017

Tá struchtúr éifeachtach coistí ag an mBord chun cabhrú leis a chuid dualgas a chomhlíonadh, agus is ann do roinnt coistí éagsúla faoin struchtúr sin. Le linn na bliana airgeadais is iad seo a leanas na buanchoistí a bhí ann: an Coiste Iniúchóireachta, an Coiste Luacha Saothair, an Coiste um Thionscadail Infreastruchtúir Eangaí, an Coiste Gnóthaí Poiblí agus an Coiste Riosca. Le linn na bliana airgeadais rinne an Bord athbhreithniú agus nuashonrú ar bhallraíocht a chuid coistí. Is é an fheidhm atá leis an gCoiste Iniúchóireachta ná cabhrú leis an mBord lena chuid freagrachtaí maoirseachta maidir leis an bpróiseas tuairiscithe airgeadais, an córas rialaithe inmheánaigh, an próiseas iniúchóireachta, monatóireacht ar neamhspleáchas na n-iniúchóirí agus comhlíonadh na ndlíthe agus na rialúchán, lena n-áirítear an Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit. Tá an Bord sásta go raibh ar a laghad comhalta amháin den Choiste ann, a raibh taithí ábhartha airgeadais aige a fuair sé le déanaí, ag gach am i rith na bliana airgeadais. Chloígh EirGrid cpt le polasaí an Rialtais maidir le luach saothair iomlán an Phríomhfheidhmeannaigh. Is í an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil a shocraíonn luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh. Ceadaíonn an Coiste Luacha Saothair struchtúr an luacha saothair don lucht ardbhainistíochta. Is é an fheidhm atá leis an gCoiste um Thionscadail Infreastruchtúir Eangaí ná maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise forbartha eangaí agus athbhreithniú a dhéanamh ar thionscadail infreastruchtúir atáthar ag súil a bheidh le ceadú go luath. Is é an fheidhm atá leis an gCoiste Gnóthaí Poiblí ná maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthaí poiblí agus ar an gcaidreamh le páirtithe leasmhara ar fud an Ghrúpa. Is é an fheidhm atá leis an gCoiste Riosca ná maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar an bPolasaí Bainistíochta Riosca agus ar an gCreat Bainistíochta Riosca, athbhreithniú a dhéanamh ar cé chomh sásta is atá EirGrid glacadh le riosca, agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bhfreagairtí ar phríomh-neamhchosaintí riosca.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 54


Freastal ar Chruinnithe Cruinnithe Boird

Tionóladh 10 gcruinniú den Bhord le linn na bliana airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017. Anseo thíos tá taifead ar fhreastal na gComhaltaí Coiste ar na cruinnithe seo: I dTeideal Freastal

D’fhreastail

10 3 7 3 3 10 3 10 10 10 7 3

10 3 7 3 3 10 3 9 10 10 6 2

John O’Connor (Cathaoirleach) Doireann Barry (a chuaigh ar scor an 22 Nollaig 2016) Shane Brennan (a ceapadh an 22 Nollaig 2016) Lynne Crowther (a ceapadh an 2 Meitheamh 2017) Theresa Donaldson (a ceapadh an 2 Meitheamh 2017) Michael Hand Eileen Maher (a ceapadh an 2 Meitheamh 2017) Liam O’Halloran Fintan Slye Joan Smyth Richard Sterling (a d’éirigh as an 1 Meitheamh 2017) John Trethowan (a ceapadh an 2 Meitheamh 2017)

Ba iad John O’Connor (Cathaoirleach), Shane Brennan, Lynne Crowther, Theresa Donaldson, Michael Hand, Eileen Maher, Liam O’Halloran, Fintan Slye, Joan Smyth, agus John Trethowan comhaltaí an Bhoird ar an dáta ar síníodh na ráitis airgeadais.

An Coiste Iniúchóireachta

Tionóladh 5 chruinniú den Choiste Iniúchóireachta le linn na bliana airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017. Anseo thíos tá taifead ar fhreastal na gComhaltaí Coiste ar na cruinnithe sin: I dTeideal Freastal Richard Sterling (Cathaoirleach) (a d’éirigh as an 1 Meitheamh 2017) Joan Smyth (Cathaoirleach) (a ceapadh ina Cathaoirleach an 19 Iúil 2017) Doireann Barry (a chuaigh ar scor an 22 Nollaig 2016) Michael Hand (a ceapadh an 8 Feabhra 2017) Liam O’Halloran (a ceapadh an 8 Feabhra 2017) John Trethowan (a ceapadh an 19 Iúil 2017)

D’fhreastail

4 5 2 3 3 1

4 5 2 3 3 1

Ba iad Joan Smyth (Cathaoirleach), Michael Hand, Liam O’Halloran agus John Trethowan comhaltaí an Choiste Iniúchóireachta ar an dáta ar síníodh na ráitis airgeadais.

An Coiste Luacha Saothair

Tionóladh 7 chruinniú den Choiste Luacha Saothair le linn na bliana airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017. Anseo thíos tá taifead ar fhreastal na gComhaltaí Coiste ar na cruinnithe seo:

Joan Smyth (Cathaoirleach) Liam O’Halloran John O’Connor

I dTeideal Freastal

D’fhreastail

7 7 7

7 7 7

Ba iad Joan Smyth (Cathaoirleach), John O’Connor agus Liam O’Halloran comhaltaí an Choiste Luacha Saothair ar an dáta ar síníodh na ráitis airgeadais.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 55


An Coiste um Thionscadail Infreastruchtúir Eangaí

Tionóladh 4 chruinniú den Choiste um Thionscadail Infreastruchtúir Eangaí le linn na bliana airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017. Anseo thíos tá taifead ar fhreastal na gComhaltaí Coiste ar na cruinnithe seo: I dTeideal Freastal

D’fhreastail

4 4 1 3 1

4 4 1 3 1

John O’Connor (Cathaoirleach) Michael Hand Eileen Maher (a ceapadh an 19 Iúil 2017) Richard Sterling (a d’éirigh as an 1 Meitheamh 2017) John Trethowan (a ceapadh an 19 Iúil 2017)

Ba iad John O’Connor (Cathaoirleach), Michael Hand, Eileen Maher agus John Trethowan comhaltaí an Choiste um Thionscadail Infreastruchtúir Eangaí ar an dáta ar síníodh na ráitis airgeadais.

An Coiste Gnóthaí Poiblí

Tionóladh 4 chruinniú den Choiste Gnóthaí Poiblí le linn na bliana airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017. Anseo thíos tá taifead ar fhreastal na gComhaltaí Coiste ar na cruinnithe seo: I dTeideal Freastal Theresa Donaldson (Cathaoirleach) (a ceapadh ina Cathaoirleach an 19 Iúil 2017) Joan Smyth (Cathaoirleach) (a chuaigh ar scor ón gCoiste/ón gCathaoirleacht an 19 Iúil 2017) Doireann Barry (a chuaigh ar scor an 22 Nollaig 2016) Shane Brennan (a ceapadh an 19 Aibreán 2017) Lynne Crowther (a ceapadh an 19 Iúil 2017) Eileen Maher (a ceapadh an 19 Iúil 2017) Liam O’Halloran (a chuaigh ar scor an 19 Iúil 2017) Fintan Slye (a ceapadh ar an 8 Feabhra 2017) (a chuaigh ar scor an 19 Iúil 2017)

D’fhreastail

1

1

3 1 2 1 1 3 2

3 1 2 0 1 3 2

Ba iad Theresa Donaldson (Cathaoirleach), Shane Brennan, Lynne Crowther agus Eileen Maher comhaltaí an Choiste Gnóthaí Poiblí ar an dáta ar síníodh na ráitis airgeadais.

An Coiste Riosca

Tionóladh 4 chruinniú den Choiste Rosca le linn na bliana airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017. Anseo thíos tá taifead ar fhreastal na gComhaltaí Coiste ar na cruinnithe seo:

Liam O’Halloran (Cathaoirleach) Doireann Barry (a chuaigh ar scor an 22 Nollaig 2016) Shane Brennan (a ceapadh an 19 Aibreán 2017) Lynne Crowther (a ceapadh an 19 Iúil 2017) Theresa Donaldson (a ceapadh an 19 Iúil 2017) Michael Hand (a chuaigh ar scor an 19 Iúil 2017) John O’Connor (a ceapadh ar an 8 Feabhra 2017) (a chuaigh ar scor an 19 Iúil 2017)

I dTeideal Freastal

D’fhreastail

4 1 2 1 1 2

4 1 2 0 1 2

2

2

Ba iad Liam O’Halloran (Cathaoirleach), Shane Brennan, Lynne Crowther agus Theresa Donaldson comhaltaí an Choiste Riosca ar an dáta ar síníodh na ráitis airgeadais.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 56


Príomhrioscaí agus Príomh-neamhchinnteachtaí

Bainistíocht Riosca

Tá próiseas cuí bainistíochta riosca i bhfeidhm ag an nGrúpa, faoina sainaithnítear na rioscaí criticiúla a bhfuil sé fágtha gan chosaint orthu agus faoina gcinntítear go ndéantar bearta cuí le rioscaí a maolú. Bíonn na Stiúrthóirí ag déanamh measúnú mionsonraithe de shíor ar na príomhrioscaí a bhíonn ann don Ghrúpa. Déanann feidhmeannas iniúchóireachta inmheánaí an Ghrúpa athbhreithniú ar na rialuithe agus córais inmheánacha ar fud an ghnóthais arís is arís eile agus cuireann moltaí chun feabhais faoi bhráid an Choiste Iniúchóireachta. Tá Coiste Riosca i bhfeidhm ag an nGrúpa, a bhfuil sé mar aidhm aige maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar an bPolasaí Bainistíochta Riosca agus ar an gCreat Bainistíochta Riosca, athbhreithniú a dhéanamh ar cé chomh sásta is atá EirGrid glacadh le riosca, agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bhfreagairtí ar phríomh-neamhchosaintí riosca.

Rioscaí Airgeadais

Baineann na príomhrioscaí airgeadais atá ann don Ghrúpa le riosca leachtachta, riosca margaidh (go sonrach ráta malairte eachtraí, riosca ráta úis agus riosca sreabhaidh airgid) agus riosca creidmheasa. Déantar athbhreithniú agus leasú ar pholasaithe chun an Grúpa a chosaint in aghaidh na rioscaí sin go rialta agus faomhann an Bord iad de réir mar is cuí. Is é an príomhriosca airgeadais atá ann don Ghrúpa ná go dtarlódh sé nach mbeadh go leor leachtachta ann i gcás gannghnóthú suntasach rialála. Déanann an Bord gach iarracht a chinntiú go mbíonn línte bainc leordhóthanacha ann le go mbeadh ar a chumas riachtanas den chineál sin a mhaoiniú, d’fhonn an méid a ghnóthú i dtréimhse praghsála rialála ina dhiaidh sin. Mar ghnó rialáilte a fheidhmíonn in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, ní bhaineann aon rioscaí suntasacha praghsála le gníomhaíochtaí mar Oibreoir Córais Tarchurtha. Díorthaíonn an Grúpa thart ar 23% dá ioncam ón Ríocht Aontaithe agus mar sin téann luaineacht airgeadra Euro/Steirling i bhfeidhm air. Tá an riosca sin maolaithe go páirteach de bharr go bhfuil formhór an ioncaim agus an chaiteachais ó na hoibríochtaí sa Ríocht Aontaithe ainmnithe i Steirling. Tá an Grúpa tar éis iarracht a dhéanamh an neamhchosaint sin a laghdú tuilleadh ach iasachtaí Steirling a úsáid le hoibríochtaí sa Ríocht Aontaithe a mhaoiniú. Maoiníonn an Grúpa cuid dá chuid oibríochtaí le hiasachtaí. Déanann an Grúpa iarracht éifeachtaí na rioscaí ráta úis a éiríonn as a ghníomhaíocht oibríochtúil agus airgeadais a íoslaghdú ach leas a bhaint as ionstraimí díorthacha airgeadais chun neamhchosaintí riosca a fhálú. Tá an Grúpa tar éis dul isteach i ndíorthaigh ráta úis chun na rátaí úis a shocrú ar a chuid fiachais. Ní théann an Grúpa isteach in ionstraimí airgeadais, ionstraimí díorthacha airgeadais ina measc, agus ní dhéanann iad a thrádáil mar infheistíocht amhantrach. Comhlíonann an Grúpa a oibleagáidí mar an tOibreoir Margaidh trí chomhoibríocht chonartha. Faoi théarmaí an Chóid Trádála agus Socraithe don Mhargadh Aonair Leictreachais (SEM) iarrtar ar gach rannpháirtí clúdach creidmheasa a sholáthar ag leibhéal a chuireann an tOibreoir Margaidh in iúl dó. Is féidir clúdach creidmheasa den chineál sin a sholáthar mar litir chreidmheasa theannta dho-aisghairthe nó mar thaisce airgid thirim a choinnítear i gcuntas cúlchiste chomhthaobhaigh (coinnítear na cuntais in ainm na rannpháirtithe margaidh). Roinntear aon drochfhiach a eascraíonn sa Mhargadh Aonair Leictreachais, sa mhéid is a sháraíonn sé an clúdach creidmheasa atá ar fáil, i measc na ngineadóirí agus ní sheasann an tOibreoir Margaidh é. Tá socruithe cuí i bhfeidhm freisin maidir le bainistíocht a dhéanamh ar riosca creidmheasa an Ghrúpa a eascraíonn as a chuid gníomhaíochtaí mar an tOibreoir Córais Tarchurtha. Tagraíonn riosca creidmheasa don riosca go ndéanfadh céile conartha mainneachtain ar a oibleagáidí conartha agus go gcaillfeadh an Grúpa airgead dá dheasca sin. Bíonn an Grúpa neamhchosanta ar riosca creidmheasa ó na céilithe conartha a bhfuil cuntais bainc aige leo. Déanann an Grúpa an neamhchosaint sin a mhaolú ach cistí a chur i roinnt institiúidí airgeadais a bhfuil rátáil chreidmheasa acu ó ghníomhaireacht neamhspleách rátála, ar bhealach atá i gcomhréir leis an bPolasaí Ciste atá faofa ag an mBord. Bíonn an Grúpa neamhchosanta freisin ar riosca ó chéilithe conartha ar shaoráidí agus ionstraimí babhtála ráta úis neamhtharraingthe. De réir ár bPolasaí Ciste, ní dhéanann an Grúpa plé ach amháin le céilithe conartha a bhfuil rátáil ard chreidmheasa acu d’fhonn an riosca sin a mhaolú. Is é polasaí agus cleachtas an Ghrúpa go n-íoctar sonraisc go pras de réir na dtéarmaí agus coinníollacha a aontaíodh leis na soláthróirí.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 57


Oibríochtaí Córais agus Margaidh

Tá an Grúpa freagrach as na córais tarchuradóireachta in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a fheidhmiú go slán agus as an Margadh Aonair Leictreachais uile-oileáin a oibriú. Tá clár iomlán i bhfeidhm chun an fhreagracht sin a chomhlíonadh. Tá san áireamh ann: •

Láithreáin chúltaca do na hionaid rialaithe i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, a ndéantar tástáil orthu go rialta;

Clár cuimsitheach árachais i bhfeidhm i gcomhar le sainchomhairleoirí árachais;

Nósanna imeachta oibriúcháin cuimsitheacha do chórais chumhachta, a ndéantar athbhreithniú orthu go rialta agus atá ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta;

Caighdeáin agus polasaithe cothabhála eangaí, arna dtacú ag Comhaontú Infreastruchtúir mionsonraithe leis an ESB mar Úinéir na Sócmhainní Tarchurtha in Éirinn;

Slándáil Córais Tarchuradóireachta agus Caighdeáin Phleanála, arna dtacú ag Comhshocraíocht Comhéadain Tarchuradóireachta le NIE mar Úinéir na Sócmhainní Tarchurtha i dTuaisceart Éireann;

Tacaíocht do chéim réamhthógála an líonra in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann ó Oifig Bainistíochta Clár atá ag feidhmiú go hiomlán, agus a bhfuil polasaithe, próisis agus rialuithe éifeachtacha, cuí aici; agus

Bíonn an lucht bainistíochta dírithe go leanúnach ar gach gné de shláinte agus sábháilteacht. Tá Córas Bainistíochta Sábháilteachta (de réir OHSAS 18001) faofa agus curtha i bhfeidhm.

Riosca Pinsin

Oibríonn EirGrid dhá scéim le sochar sainithe d’fhostaithe incháilithe. I measc na rioscaí a bhaineann leis an gcostas chun scéimeanna den chineál sin a sholáthar tá athruithe ar rátaí úis, leibhéal an toraidh ar shócmhainní pinsin, athruithe ar ionchas saoil agus athruithe ar bhoilsciú praghais agus tuarastail. Is é €24.1m (2016: €53.9m) an t-easnamh reatha i Sochair IAS19 d’Fhostaithe tar éis teorainn sócmhainne a chur i bhfeidhm air ach roimh an gcáin iarchurtha, agus tá sé luaite sna ráitis airgeadais amhail an 30 Meán Fómhair 2017.

Riosca a bhaineann le Forbairt Líonra

Tá an fhreagracht ar EirGrid cpt as an infreastruchtúr eangaí is gá a chur ann chun tacú le forbairt gheilleagair na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Is é príomhghníomhaíochtaí EirGrid ina thaobh sin ná naisc nua a phleanáil agus a sholáthar do ghineadóirí agus do chustaiméirí a bhaineann úsáid as an gcóras ardvoltais leictreachais agus as tionscadail atreisithe líonra tarchuradóireachta ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann, nó ar mian leo iad a úsáid. Tá riosca ann go mbeidh moill ann agus méadú dá dheasca sin ar an gcostas a bhaineann le tionscadail chasta líonra den chineál seo. Chun bainistíocht a dhéanamh air sin, foilsíonn EirGrid treoir ar fhorbairt líonra agus tá creat láidir measúnaithe tionscadal i bhfeidhm aige. Déanann sé síormheasúnú freisin ar a chuid próiseas agus nósanna imeachta lena chinntiú go mbíonn siad ag teacht leis an dea-chleachtas, oiriúnach don ghnó agus go bhfreastalaíonn ar riachtanais an phobail agus na bpobal siúd a dtagaimid i dteagmháil leo.

Riosca a bhaineann le Timpeallacht Rialáilte

Oibríonn EirGrid i dtimpeallacht rialáilte (ach amháin i gcás a chuid gnó teileachumarsáide). D’fhéadfadh athruithe polasaí rialáilte tionchar suntasach a imirt ar an gcaoi a bhfeidhmímid agus ar ár bhfeidhmíocht ó thaobh airgeadais de. Tá foireann thiomnaithe Rialáilte againn agus bímid i gcónaí ag iarraidh teagmháil chuiditheach agus onnghníomhach a dhéanamh an t-am ar fad leis na hÚdaráis Rialáilte.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 58


An tIdirnascaire Thoir Thiar

Tá an Grúpa freagrach freisin as bainistiú sócmhainní agus as oibriú an Idirnascaire Thoir Thiar (EWIC) a nascann na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Tá riosca ann go dtarlódh damáiste fisiciúil don EWIC agus féidearthacht ann go mbeadh éaradh seirbhíse faidréiseach den EWIC ann dá dheasca sin chomh maith le costais shuntasacha athchóirithe; ach tá nósanna imeachta cuimsitheacha oibríochtúla, chomh maith le socruithe cothabhála, i bhfeidhm don EWIC, lena n-áirítear socruithe cuí árachais.

Riosca a bhaineann le Breatimeacht

Tá Grúpa Athbhreithnithe bunaithe ag EirGrid chun monatóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le Breatimeacht. Tuairiscíonn an grúpa don Bhord ar bhonn rialta.

Riosca a bhaineann le Cibearshlándáil

Aithníonn EirGrid an Chibearshlándáil mar riosca criticiúil. Oibrímid sraith polasaithe agus caighdeán slándála agus bainimid feidhm as meicníochtaí cuimsitheacha ar chosaint imlíneach. Cuirtear Oiliúint Feasachta ar Shlándáil ar gach ball foirne agus déantar monatóireacht leanúnach ar Shlándáil Teicneolaíochta Faisnéise agus ar thuairisciú comhlíonta.

Rialuithe Inmheánacha

Cuimsíonn córas rialaithe inmheánach polasaithe, próisis, tascanna, iompraíochtaí agus gnéithe eile den Ghrúpa, agus nuair a nasctar le chéile iad: •

Déanann siad éascaíocht ar oibríochtaí éifeachtacha, éifeachtúla trí chabhrú leis an nGrúpa freagairt do rioscaí;

Déanann siad cáilíocht an tuairiscithe inmheánaigh agus sheachtraigh a chinntiú; agus

Deimhníonn siad go gcomhlíontar na dlíthe, na rialúcháin agus na polasaithe inmheánacha is infheidhme.

Tá freagracht fhoriomlán ar an mBord as córais rialaithe inmheánacha agus as monatóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht agus, ar an gcaoi seo, is é cuspóir an Bhoird córas slán rialaithe inmheánach a chothabháil chun leas scairshealbhóirí agus sócmhainní an Ghrúpa a chosaint. Tá na córais seo deartha chun ráthaíocht réasúnta a thabhairt, ach ní dearbhráthaíocht, in aghaidh míshonrú nó caillteanas ábhartha. Chun an fhreagracht a chomhlíonadh ar bhealach a ndearbhaíonn go gcomhlíontar reachtaíocht agus rialúcháin, tá struchtúr eagraíochtúil curtha ar bun ag an mBord a bhfuil nósanna imeachta soiléire tuairiscithe ann, línte freagrachta, teorainneacha údaraithe, leithscaradh dualgas agus údarás tarmligthe. Is iad seo a leanas na heochairghnéithe de phróisis rialaithe inmheánaigh an Ghrúpa: •

Polasaithe agus nósanna imeachta sainmhínithe maidir le cúrsaí caiteachais agus ciste;

Tuairisciú tráthúil airgeadais ar bhonn míosúil;

Buiséad bliantúil a ndéanann an Bord athbhreithniú agus faomhadh orthu a ullmhú agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht i gcomparáid leis an mbuiséad sin;

Feidhmeannas iniúchóireachta inmheánaí a dhéanann athbhreithniú ar chórais chriticiúla agus ar rialuithe;

Coiste Iniúchóireachta a dhéanann measúnú ar thuarascálacha iniúchóra agus a fhormheasann na Ráitis Airgeadais sula gcuirtear faoi bhráid an Bhoird agus na scairshealbhóirí iad;

Próiseas bainistíochta riosca a dhéanamh go rialta; agus

Nósanna imeachta a chinntíonn comhlíonadh dlíthe agus rialachán.

Bhunaigh an Bord Coiste Riosca le linn na bliana roimhe chun cabhrú leis an mBord a fhreagrachtaí maoirseachta maidir le bainistíocht riosca a chomhlíonadh.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 59


Tá creat curtha i bhfeidhm ag an mBord chun monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na rialuithe inmheánacha, lena n-áirítear a phróiseas bainistíochta riosca. Dearbhaíonn na Stiúrthóirí go bhfuil athbhreithniú déanta acu ar éifeachtúlacht na rialuithe inmheánacha, an próiseas bainistíochta riosca san áireamh. Le linn an athbhreithnithe seo, níor shainaithin an Bord aon teip ná aon laige a mheas a bhí suntasach, agus níor tugadh comhairle don Bhord faoina leithéid de rud ach an oiread. Mar sin de, níor measadh gur cuí dearbhú a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí riachtanacha. Tá feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí ag an nGrúpa a sholáthraíonn clár bliantúil iniúchóireachtaí lena chinntiú go mbíonn rialuithe éífeachtacha i bhfeidhm sna heochairphróisis airgeadais agus sna réimsí a bhfuil neamhchosaint níos airde riosca ag baint leo. Tuairiscíonn Ceannasaí Iniúchóireachta Inmheánaí agus Comhlíonta an Ghrúpa don Choiste Iniúchóireachta gach ráithe agus, ar bhonn bliantúil, cuireann sé ráiteas urrúis ar éifeachtúlacht an rialaithe inmheánaigh, na bainistíochta riosca agus an rialachais chorparáidigh. Faoi na socruithe iniúchóireachta inmheánaí atá i bhfeidhm, tá rochtain ar shaináiseanna seachtracha ag an bhFeidhmeannas Iniúchóireachta Inmheánaí chun tacú lena chuid gníomhaíochtaí.

Luach Saothair Stiúrthóirí

Áirítear sna Ráitis Airgeadais €97,000 (2016: €117,000) i leith tháillí an Chathaoirligh agus na Stiúrthóirí, de réir na leibhéil fhaofa luacha saothair don Chathaoirleach agus do Chomhaltaí Boird i gComhlachtaí Stáit agus de réir na socruithe athbhreithnithe maidir le híoc táillí boird d'fhostaithe san earnáil phoiblí faoin bprionsabal de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe darb teideal “Duine Amháin Tuarastal Amháin”. Sa bhliain 2009 d’eisigh an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil treoir go laghdófaí na táillí do Chathaoirligh agus Stiúrthóirí. Sular eisíodh an treoir sin rinne an Cathaoirleach agus na Stiúrthóirí cinneadh dá dtoil féin glacadh le laghdú 10% ar a gcuid táillí. Faoi na leibhéil fhaofa luacha saothair, b’ionann táillí an Chathaoirligh agus €21,600 sa bhliain airgeadais (2016: €21,600 sa bhliain). B’ionann táillí na Stiúrthóirí agus €12,600 an duine sa bhliain (2016: €12,600 an duine sa bhliain). Ba é Fintan Syle, an Príomhfheidhmeannach, an t-aon Chomhalta Feidhmiúcháin Boird le linn na bliana. Is í an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil a shocraíonn luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh. Tá buntuarastal, sochair inchánacha agus sochair áirithe scoir san áireamh i luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh. Ní dhéantar sochar scoir an Phríomhfheidhmeannaigh a ríomh ach amháin de réir an bhunphá agus tá sé mar aidhm aige pinsean d’aon ochtódú den tuarastal a sholáthar tar éis dó dul ar scor, chomh maith le haisce de thrí ochtódú den tuarastal, le haghaidh gach bliana seirbhíse mar Phríomhfheidhmeannach. Ba iad seo a leanas na méaduithe i bpinsean fabhraithe agus in aisce fhabhraithe gan boilsciú a áireamh le linn na bliana airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017: €2,125 (2016: €2,125) agus €6,375 (2016: €6,375) faoi seach. Ba é €20,420 (2016: €18,295) an pinsean fabhraithe iomlán ag deireadh na bliana airgeadais agus ba é €66,410 (2016: €60,035) an aisce fhabhraithe iomlán. Ba é €31,889 (2016: €30,406) luach aistrithe an mhéadaithe ábhartha.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 60


Luach Saothair an Phríomhfheidhmeannaigh:

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Buntuarastal Bónas Bliantúil Sochair inchánacha Ranníocaíochtaí pinsin íoctha (iad ar fad le sochar sainithe) Táillí na Stiúrthóirí

170 18 29 -

170

Iomlán

217

217

18 29 -

-

Díbhinní

Agus measúnú á dhéanamh ar an díbhinn bhliantúil a fhéadann an Grúpa a mholadh, breathnaíonn an Bord ar na príomhthosca seo a leanas: •

An tAirgead atá ar Fáil: Faigheann an Grúpa ioncam taraife, a léirítear sa Ráiteas Ioncaim, a mhaoiníonn costais oibríochtúla an Ghrúpa, chomh maith le tionscadail chaipitil a dhéantar a chaipitliú agus a dhímheas le himeacht na dtréimhsí todhchaíocha. Cruthaíonn sé seo neamhréir idir an t-airgead atá ar fáil agus an brabús atá á thuairisciú.

Coigeartú ionchais i gcomhair gannghnóthú/róghnóthú: Ní aithnítear sna Ráitis Airgeadais aon ghannghnóthú ná róghnóthú costas trí ioncam taraife. Léiríonn an polasaí díbhinne an tionchar a bheidh ag an gcoigeartú do ghannghnóthú/róghnóthú sa bhliain airgeadais reatha ar an mbrabús i rátaí taraife amach anseo.

Infheistíochtaí amach anseo: Maoiníonn an Grúpa sciar de thionscadail chaipitil trí acmhainní atá ann cheana. Breathnaítear sa pholasaí díbhinne ar infheistíochtaí ionchais agus infheistíochtaí ceangailteacha amach anseo.

Leachtacht: Mar a tugadh faoi deara cheana, is é an príomhriosca airgeadais atá ann don Ghrúpa ná go dtarlódh sé nach mbeadh go leor leachtachta ann i gcás gannghnóthú suntasach rialála. Breathnaítear sa pholasaí díbhinne ar an riosca seo a bhainistiú go stuama.

Tar éis na tosca uile sin a mheas, molann Stiúrthóirí an Ghrúpa díbhinn deiridh €4,000,000 (2016: €4,000,000) a íoc don bhliain airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017.

Sainleas na Stiúrthóirí agus an Rúnaí i Scaireanna

Ní raibh sainleas ar bith ag na Stiúrthóirí ná ag an Rúnaí a bhí i seilbh oifige idir an 1 Deireadh Fómhair 2016 agus an 30 Meán Fómhair 2017 i scaireanna an Ghrúpa. Tá gnáthscair amháin den Chuideachta ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus tá an chuid eile den scairchaipiteal eisithe i seilbh an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, nó thar a cheann. Tá scair amháin de scairchaipiteal na Cuideachta an duine i seilbh John O’Connor, Fintan Slye agus Tom Finn thar ceann an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 61


Síntiúis Pholaitíochta

Ní thugann an Grúpa aon síntiús polaitíochta.

Gnóthas Leantach

Déantar na Ráitis Airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh mar go bhfuil an Bord sásta, tar éis dó fiosrúcháin chuí a dhéanamh, go bhfuil go leor acmhainní ag an nGrúpa chun an gnó a choinneáil ar siúl go ceann i bhfad.

Taifid Chuntasaíochta

Ar na bearta atá déanta ag na Stiúrthóirí chun a dhearbhú go gcomhlíonfaí na riachtanais a leagtar síos le hAlt 281 go 285 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le taifid chuntasóireachta a choimeád tá pearsanra cuntasaíochta atá cáilithe i gceart a fhostú agus córais agus nósanna imeachta cuí cuntasaíochta a úsáid. Coinnítear na taifid chuntasaíochta ag The Oval, 160 Bóthar Shíol Bhroin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4.

Teagmhais i ndiaidh an Chláir Chomhardaithe

Leagtar síos i Nóta 29 de na ráitis airgeadais mionsonraí ar theagmhais shuntasacha a tharla tar éis ullmhú an Chláir Chomhardaithe.

Iniúchóirí

Tá curtha in iúl ag na hiniúchóirí, Deloitte, Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúil, go bhfuil siad toilteanach leanúint ar aghaidh in oifig de réir fhorálacha Alt 383(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014.

Nochtadh Faisnéisedo na hIniúchóirí

Sa mhéid go bhfuil na stiúrthóirí a bhí i seilbh oifige ar an dáta ar glacadh leis na ráitis airgeadais ar an eolas: •

níl aon fhaisnéis ann atá bainteach leis an iniúchadh nach bhfuil iniúchóirí na Cuideachta ar an eolas fúithi; agus

tá déanta ag na Stiúrthóirí gach beart ba chóir dóibh a dhéanamh mar Stiúrthóirí d'fhonn iad féin a chur ar an eolas faoi aon fhaisnéis atá bainteach leis an iniúchadh agus chun a dhearbhú go bhfuil iniúchóirí na Cuideachta ar an eolas faoin bhfaisnéis sin.

Ráiteas na Stiúrthóirí maidir le Comhlíonadh

Chun críche Alt 225 d’Acht na gCuideachtaí 2014 (an “Acht”), aithnímidne, na Stiúrthóirí: •

Go bhfuilimid freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann an Chuideachta na hoibleagáidí ábhartha, mar a shainmhínítear in Alt 225 (1) den Acht (“na hoibleagáidí cuí”); agus

Dearbhaímid go bhfuil gach ceann acu seo a leanas déanta: (i). tá ráiteas comhlíonta curtha le chéile (mar a shainmhínítear in Alt 225(3)(a) den Acht), ina leagtar amach polasaithe na Cuideachta (atá cuí don chuideachta, dar linn) maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha ag an gCuideachta; (ii). tá socruithe nó struchtúir ábhartha curtha i bhfeidhm, atá, dar linn, deartha le comhlíonadh ábharach na n-oibleagáidí ábhartha atá ar an gCuideachta a chinntiú; agus le linn na bliana airgeadais dá dtagraíonn an tuarascáil seo, rinneadh athbhreithniú ar na socruithe nó ar na struchtúir a ndéantar tagairt dóibh in alt (ii) thuas.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 62


An Ráiteas maidir le Freagrachtaí na Stiúrthóirí

Tá na Stiúrthóirí freagrach as Tuairisc na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir Acht na gCuideachtaí, 2014 agus na rialúchán is infheidhme. De réir dhlí na gcuideachtaí in Éirinn éilítear ar na Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú do gach bliain airgeadais. Faoin reachtaíocht, tá rogha déanta ag na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais a ullmhú de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais arna nglacadh ag an Aontas Eorpach (“an creat cuí tuairiscithe airgeadais”). De réir dhlí na cuideachta, ní ceadmhach do na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais a fhaomhadh ach amháin sa chás go bhfuil siad sásta go dtugann siad léargas fírinneach, cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na Cuideachta amhail ar dháta deiridh na bliana airgeadais agus ar bhrabús agus caillteanas na Cuideachta sa bhliain airgeadais, agus go gcomhlíonann siad ar gach bealach eile Acht na gCuideachtaí, 2014. Agus na Stiúrthóirí ag ullmhú na ráiteas airgeadais seo, éilítear orthu: •

polasaithe oiriúnacha cuntasaíochta a roghnú don Mháthairchuideachta agus do ráitis airgeadais an Ghrúpa, agus iad a chur i bhfeidhm ar bhonn seasta;

breitheanna agus meastacháin a dhéanamh atá idir réasúnach agus stuama;

a lua más amhlaidh gur ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir na gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, na caighdeáin sin a shainaithint, agus nóta a dhéanamh den tionchar a bheadh ag aon imeacht ábhartha ó na caighdeáin sin agus de na cúiseanna a bhí lena leithéid d’imeacht; agus

na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin sa chás go bhfuil sé neamhfhóirsteanach talamh slán a dhéanamh de go leanfar d'fheidhmiú na cuideachta.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoinníonn an chuideachta taifid leordhóthanacha cuntasaíochta, nó go gcuireann an chuideachta faoi deara a leithéid de thaifid a choinneáil, a mhíníonn agus a thaifeadann go beacht idirbhearta na cuideachta, a fhágann gur féidir sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na cuideachta a dhéanamh amach ag am ar bith le cruinneas réasúnta, a chabhraíonn leo a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais agus Tuairisc na Stiúrthóirí Acht na gCuideachtaí, 2014 agus a dhéanann éascaíocht ar iniúchadh na ráiteas airgeadais. Tá siad freagrach chomh maith as sócmhainní na cuideachta a chosaint agus, dá réir sin, as céimeanna réasúnta a ghlacadh le calaois nó mírialtachtaí eile a chosc agus a bhrath. Tá na Stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus sláine na faisnéise corparáidí agus airgeadais atá ar láithreán gréasáin na cuideachta. Faofa ag an mBord agus sínithe thar a gceann

John O’Connor, Cathaoirleach

Joan Smyth, Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta

Fintan Slye, Príomhfheidhmeannach

An 20 Nollaig 2017

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 63


Tuairisc na nIniúchóirí Neamhspleácha do Chomhaltaí EirGrid Cpt Tuairisc an iniúchta ar na ráitis airgeadais Tuairim ar ráitis airgeadais EirGrid cpt (an ‘chuideachta’)

Maidir le ráitis airgeadais an ghrúpa agus na máthairchuideachta, inár dtuairim: •

tugtar léargas fírinneach cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais an ghrúpa agus na máthairchuideachta amhail an 30 Meán Fómhair 2017 agus ar bhrabús an ghrúpa agus na máthairchuideachta don bhliain airgeadais dar críoch an uair sin; agus

ullmhaíodh go cuí iad de réir an chreata chuí tuairiscithe airgeadais agus, go háirithe, de réir riachtanais Acht na gCuideachtaí, 2014.

Tá sna ráitis airgeadais a ndearnamar iniúchadh orthu: ráitis airgeadais an ghrúpa: • an Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite; • an Ráiteas Comhdhlúite ar Ioncam Cuimsitheach; • an Clár Comhardaithe Comhdhlúite; • an Ráiteas Comhdhlúite ar Athruithe ar Chothromas; • an Ráiteas Sreabhaidh Airgid Chomhdhlúite; agus • nótaí 1 go 30 a ghabhann leis an méid sin, lena n-áirítear achoimre ar bheartais shuntasacha chuntasaíochta mar atá leagtha amach i nóta 2. ráitis airgeadais na máthairchuideachta: • an Ráitis ar Ioncam Cuimsitheach; • an Clár Comhardaithe; • an Ráiteas ar Athruithe ar Chothromas; • an Ráiteas Sreabhaidh Airgid; agus • nótaí 1 go 30 a ghabhann leis an méid sin, lena n-áirítear achoimre ar bheartais shuntasacha chuntasaíochta mar atá leagtha amach i nóta 2. Is é an creat ábhartha tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm agus ráitis airgeadais an ghrúpa á n-ullmhú ná Acht na gCuideachtaí, 2014 agus na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais arna nglacadh ag an Aontas Eorpach (“an creat ábhartha tuairiscithe airgeadais”). Is é an creat ábhartha tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm agus ráitis airgeadais na máthairchuideachta á n-ullmhú ná Acht na gCuideachtaí, 2014 agus na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais arna nglacadh ag an Aontas Eorpach (“an creat ábhartha tuairiscithe airgeadais”).

Bunús na dtuairimí

Rinneamar ár n-iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éire) agus an dlí is infheidhme. Déantar cur síos ar na freagrachtaí atá orainn de réir na gcaighdeán sin anseo thíos sa chuid dár dtuairisc dar teideal “Freagrachtaí an iniúchóra i leith an iniúchta ar na ráitis airgeadais”. Táimid neamhspleách ar an ngrúpa agus ar an máthairchuideachta de réir na riachtanas eiticiúla a bhaineann lenár n-iniúchadh ar na ráitis airgeadais in Éirinn, lena n-áirítear an Caighdeán Eiticiúil arna eisiúint ag Údarás Maoirseachta Cuntasaíochta agus Iniúchóireachta na hÉireann, agus chomhlíonamar na freagrachtaí eiticiúla eile atá orainn de réir na riachtanas sin. Creidimid gur leor agus cuí an fhianaise iniúchta a fuaireamar le bonn a chur faoinár gcuid tuairimí.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 64


Conclúidí a bhaineann le gnóthas leantach

Níl aon rud le tuairisciú againn i leith na n-ábhar seo a leanas, a éilítear orainn leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éire) a thuairisciú duit sa chás: •

nach bhfuil sé cuí do na stiúrthóirí bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú; nó

nach bhfuil nochta ag na stiúrthóirí sna ráitis airgeadais aon neamhchinnteachtaí ábhartha arna sainaithint a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chumas an ghrúpa nó na máthairchuideachta le leanúint le bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a ghlacadh go ceann tréimhse 12 mhí ar a laghad ó dháta eisiúna na ráiteas airgeadais.

Faisnéis eile

Tá na stiúrthóirí freagrach as an bhfaisnéis eile. Is éard atá san fhaisnéis eile ná an fhaisnéis atá sa Tuarascáil Bhliantúil, seachas na ráitis airgeadais féin agus tuairisc an iniúchóra atá bunaithe ar na ráitis airgeadais. Ní bhaineann ár dtuairim ar na ráitis airgeadais leis an bhfaisnéis eile, ach amháin a oiread agus a shonraítear a mhalairt inár dtuairisc; ní thugaimid aon chineál conclúide dearbhaithe uirthi. I dtaca lenár n-iniúchadh ar na ráitis airgeadais, is é an fhreagracht atá orainn ná an fhaisnéis eile a léamh agus, ar an gcaoi sin, a mheas cibé an bhfuil an fhaisnéis eile ag teacht salach go hábhartha ar na ráitis airgeadais nó ar an eolas a fuaireamar i gcúrsa an iniúchta, nó an bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil sí míshonraithe go hábhartha ar bhealach eile. Má dhéanaimid sainaithint ar a leithéid de neamhréireanna nó de mhíshonruithe ábhartha dealraitheacha, éilítear orainn a mheas cibé acu an ann do mhíshonrú ábhartha sna ráitis airgeadais nó an ann do mhíshonrú ábhartha san fhaisnéis eile. Má dhéanaimid amach, bunaithe ar an obair a rinneamar, go bhfuil an fhaisnéis eile sin míshonraithe go hábhartha, éilítear orainn an méid sin a thuairisciú. Níl aon rud le tuairisciú againn ina leith seo.

Freagrachtaí na stiúrthóirí

Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe sa Ráiteas maidir le Freagrachtaí na Stiúrthóirí, tá na stiúrthóirí freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú agus as a bheith cinnte go dtugann siad léargas fírinneach, cóir agus go gcomhlíonann Acht na gCuideachtaí, 2014 ar gach bealach eile, agus as cibé rialú inmheánach a mheasann na stiúrthóirí is gá le gur féidir ráitis airgeadais a ullmhú atá saor ó mhíshonrú ábhartha, bíodh sin i ngeall ar chalaois nó earráid. Agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, tá na stiúrthóirí freagrach as measúnú a dhéanamh ar chumas an ghrúpa agus na máthairchuideachta le leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach, as ábhair a nochtadh, de réir mar is infheidhme, a bhaineann le gnóthas leantach agus as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid ach amháin má tá sé ar intinn ag na stiúrthóirí an grúpa agus an mháthairchuideachta a leachtú nó scor de na hoibríochtaí, nó mura bhfuil aon dara rogha réalaíoch acu ach déanamh amhlaidh.

Freagrachtaí an iniúchóra i leith an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Tá sé mar aidhm againn dearbhú réasúnta a fháil go bhfuil na ráitis airgeadais ina n-iomláine saor ó mhíshonrú ábhartha, bíodh sin i ngeall ar chalaois nó earráid, agus tuairisc an iniúchóra a eisiúint a bhfuil ár dtuairim inti. Is éard atá i gceist le dearbhú réasúnta ná ardleibhéal dearbhaithe, ach ní ráthaíocht é go dtiocfaidh iniúchadh arna dhéanamh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éire) ar mhíshonrú ábhartha, nuair is ann dá leithéid, i ngach uile chás. Féadann míshonraithe éirí de dheasca calaoise nó earráide agus meastar go bhfuil siad ábhartha sa chás go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go n-imreofaí tionchar ar na cinntí eacnamaíocha a dhéanfadh úsáideoirí bunaithe ar na ráitis airgeadais seo.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 65


Tuairisc na nIniúchóirí Neamhspleácha do Chomhaltaí EirGrid Cpt (ar lean) Mar chuid d'iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éire), úsáidimid ár mbreithiúnas gairmiúil agus bíonn amhras gairmiúil orainn ó thús deireadh an iniúchta. Ina theannta sin: •

Déanaimid sainaithint agus measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis na ráitis airgeadais a mhíshonrú go hábhartha, bíodh sin i ngeall ar chalaois nó earráid; nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm mar fhreagairt ar na rioscaí sin; agus fianaise iniúchta a fháil is leor agus cuí le bonn eolais a chur faoinár dtuairimí. Tá an riosca a bhaineann le loiceadh míshonrú ábhartha de dheasca calaoise a bhrath níos measa ná an riosca a bhaineann le míshonrú ábhartha de dheasca earráide, de bharr go bhféadfadh sé go mbeadh i gceist le calaois claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon ghnó, mífhaisnéisí, nó treis a ghabháil ar chórais rialaithe inmheánaigh.

Faighimid tuiscint ar na córais rialaithe inmheánaigh a bhaineann leis an iniúchadh d’fhonn nósanna imeachta iniúchta a dhearadh atá oiriúnach don chás, ach ní chun críche tuairim a chur in iúl ar éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh an ghrúpa agus na máthairchuideachta.

Déanaimid measúnú ar cé chomh cuí is atá na beartais chuntasaíochta a úsáideadh agus cé chomh réasúnach is atá na meastacháin chuntasaíochta agus na nochtuithe gaolmhara a rinne na stiúrthóirí.

Cinnimid an bhfuil úsáid bhonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh ag na stiúrthóirí cuí agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaighimid, an ann do neamhchinnteacht ábhartha maidir le teagmhais nó dálaí a d’fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas an ghrúpa agus na máthairchuideachta le leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má chinnimid gurb ann do neamhchinnteacht ábhartha, éilítear orainn i dtuairisc an iniúchóra aird a tharraingt ar na nochtuithe gaolmhara sna ráitis airgeadais nó, mura leor na nochtuithe sin, ár dtuairim a athrú. Tá ár gconclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fuarthas go dtí dáta thuairisc an iniúchóra. Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh sé go mbeadh teagmhais nó dálaí ann amach anseo a d’fhágfadh nach bhféadfadh an t-eintiteas (nó nuair is iomchuí, an grúpa) leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach.

Measúnú a dhéanamh ar chur i láthair, struchtúr agus inneachar na ráiteas airgeadais ar an iomlán, lena n-áirítear na nochtuithe, agus ar cibé acu an léirítear sna ráitis airgeadais na bun-idirbhearta agus na bunteagmhais ar bhealach a chomhlíonann prionsabal an chur i láthair chothroim.

Faighimid ár ndóthain fianaise iniúchta cuí maidir le faisnéis airgeadais na ngníomhaíochtaí gnó laistigh den ghrúpa le tuairim a chur in iúl ar na ráitis airgeadais (comhdhlúite). Is é an grúpiniúchóir atá freagrach as treoir, maoirseacht agus feidhmiú an iniúcha grúpa. Is é an grúpiniúchóir amháin a bheidh freagrach as tuairim an iniúchta.

Déanaimid cumarsáid leo siúd atá freagrach as cúrsaí rialachais maidir le scóip agus amlíne bheartaithe an iniúchta agus torthaí suntasacha an iniúchta, i measc nithe eile, lena n-áirítear aon easnaimh shuntasacha sa chóras rialaithe inmheánaigh a ndéanann an t-iniúchóir sainaithint orthu le linn an iniúchta. Ní thugtar an tuairisc seo ach amháin do chomhaltaí na cuideachta, mar ghrúpa, de réir alt 391 d'Acht na gCuideachtaí, 2014. Tugadh faoinár n-obair iniúchta ionas go bhféadaimis na hábhair a lua do chomhaltaí na cuideachta, de réir mar a éilítear orainn a lua i dtuairisc an iniúchóra, agus ní chun aon chríche eile. Oiread agus is féidir de réir an dlí, ní ghlacaimid le haon fhreagracht d’aon duine seachas an chuideachta agus comhaltaí na cuideachta, mar ghrúpa, as ár n-obair iniúchta, as an tuarascáil seo, ná as na tuairimí ar thángamar orthu.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 66


Tuairisc ar cheangaltais dhlíthiúla agus rialála eile Tuairim ar ábhair eile arna bhforordú ag Acht na gCuideachtaí, 2014 Bunaithe ar an obair a rinneadh i gcúrsa an iniúchta amháin, tuairiscímid: •

Go bhfuaireamar gach faisnéis agus gach míniúchán a mheasaimid a bhí ag teastáil uainn chun críche ár n-iniúchta.

Inár dtuairim, gur leor taifid chuntasaíochta na máthairchuideachta le cur ar ár gcumas na ráitis airgeadais a iniúchadh go réidh cuí.

Go bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht leis na taifid chuntasaíochta.

Inár dtuairim, go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha i dTuairisc na Stiúrthóirí ag teacht leis na ráitis airgeadais agus gur ullmhaíodh Ráiteas na Stiúrthóirí de réir Acht na gCuideachtaí, 2014.

Bunaithe ar an eolas agus ar an tuiscint a fuarthas ar an ngrúpa agus ar an máthairchuideachta, mar aon lena dtimpeallacht, i gcúrsa an iniúchta, níor shainaithníomar aon mhíshonruithe ábhartha i dTuairisc na Stiúrthóirí.

Ábhair a n-éilítear orainn tuairisciú orthu de réir eisceachta

Níl aon rud le tuairisciú againn i leith na bhforálacha d’Acht na gCuideachtaí, 2014, lena n-éilítear orainn tuairisciú duit sa chás, inár dtuairim, nach nochtar luach saothair na stiúrthóirí ná na hidirbhearta a shonraítear sa dlí. Éilítear orainn leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit (Lúnasa 2016) (“an Cód Cleachtais”) tuairisciú duit sa chás nach dtugann an ráiteas maidir leis an gcóras um rialú inmheánach airgeadais, a éilítear leis an gCód Cleachtais atá san áireamh sa Ráiteas Rialachais Chorparáidigh i dTuairisc na Stiúrthóirí, le fios go bhfuil alt 1.9 (iv) den Chód Cleachtais á chomhlíonadh ag an ngrúpa nó nach bhfuil sé ag teacht leis an bhfaisnéis atá ar eolas againn mar thoradh ar an obair iniúchta atá déanta againn ar na ráitis airgeadais. Níl aon rud le tuairisciú againn ina leith seo.

Ciarán O’Brien Ar son Deloitte agus thar a cheann Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúla Teach Deloitte agus Touche, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 An 22 Nollaig 2017

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 67


An Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite

Don Bhliain Airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017

Nótaí

Gnó Neamh-EWIC Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Gnó EWIC* Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Iomlán Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Gnó Neamh-EWIC Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Gnó EWIC* Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Iomlán Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Ioncam Costais Dhíreacha

3 3

549,571 (446,684)

29,844 -

579,415 (446,684)

629,937 (527,447)

42,679 -

672,616 (527,447)

Brabús comhlán Costais eile oibriúcháin

5

102,887 (85,221)

29,844 (25,753)

132,731 (110,974)

102,490 (97,288)

42,679 (21,771)

145,169 (119,059)

Brabús oibriúcháin Ús agus ioncam eile Costais airgeadais

6 6

17,666 240 (2,122)

4,091 (16,510)

21,757 240 (18,632)

5,202 423 (1,132)

20,908 (17,545)

26,110 423 (18,677)

8

15,784

(12,419)

3,365

4,493

3,363

7,856

Brabús/(caillteanas) roimh cháin (Costas)/creidmheas maidir le cáin ioncaim

9

Brabús don bhliain

(1,388) 1,977

866 8,722

* Gnó a bhaineann leis an EWIC Is leis an nGrúpa an tIdirnascaire Thoir Thiar (EWIC) a nascann na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór agus oibríonn sé é chomh maith. Tá tionchar an EWIC ar an Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite scartha amach chun comparáid a éascú. Tá breis mionsonraí le fáil i Nóta 7.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 68


An Ráiteas Comhdhlúite ar Ioncam Cuimsitheach Don Bhliain Airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017

Nótaí

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

33,709

(20,647)

(4,222) 161

2,590 272

Míreanna a d’fhéadfaí a athrangú mar bhrabús nó caillteanas ina dhiaidh seo: Gluaiseacht i ngnóthú/(gcaillteanas) neamhréadaithe ar fháluithe sreabhaidh airgid 27 Cáin iarchurtha inchurtha i leith gluaiseachta i gcaillteanas neamhréadaithe ar fháluithe sreabhaidh airgid 9 Difríochtaí in aistriú airgeadra Líon iomlán na míreanna a d’fhéadfaí a athrangú mar bhrabús nó caillteanas ina dhiaidh seo

29,648

Míreanna nach ndéanfar a athrangú mar bhrabús ná caillteanas ina dhiaidh seo: Ath-thomhas an ghlandliteanais sochair shainithe 23 Creidmheas cánach iarchurtha ar ath-thomhas 9 Tionchar theorainn sócmhainní sochair shainithe SONI Gan suimeanna a áireamh atá san áireamh i gcostais úis 23 Cáin iarchurtha atá inchurtha i leith theorainn sócmhainní sochair shainithe SONI 9

37,100 (4,941) (2,272) 386

Míreanna nach ndéanfar a athrangú mar bhrabús nó caillteanas ina dhiaidh seo

(17,785) (24,620) 3,347 -

30,273

(21,273)

1,977

8,722

61,898

(30,336)

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

24,959

(16,493)

(2,927)

2,062

Líon iomlán na míreanna a d’fhéadfaí a athrangú mar bhrabús nó caillteanas ina dhiaidh seo

22,032

(14,431)

Míreanna nach ndéanfar a athrangú mar bhrabús ná caillteanas ina dhiaidh seo: Ath-thomhas an ghlandliteanais sochair shainithe 23 Creidmheas cánach iarchurtha ar ath-thomhas 9

30,320 (3,790)

(21,029) 2,628

Míreanna nach ndéanfar a athrangú mar bhrabús nó caillteanas ina dhiaidh seo

26,530

(18,401)

Brabús don bhliain airgeadais

11,148

23,022

Iomlán an ioncaim chuimsithigh don bhliain

59,710

(9,810)

Brabús don bhliain airgeadais Iomlán an ioncaim chuimsithigh don bhliain

Ráiteas na Cuideachta ar Ioncam Cuimsitheach Don Bhliain Airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017

Nótaí Míreanna a d’fhéadfaí a athrangú mar bhrabús nó caillteanas ina dhiaidh seo: Gluaiseacht i gcaillteanas neamhréadaithe ar fháluithe sreabhaidh airgid 27 Cáin iarchurtha inchurtha i leith gluaiseachta i gcaillteanas neamhréadaithe ar fháluithe sreabhaidh airgid 9

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 69


An Clár Comhardaithe Comhdhlúite Amhail an 30 Meán Fómhair 2017

Sócmhainní Sócmhainní nach sócmhainní reatha Sócmhainní doláimhsithe Réadmhaoin, gléasra agus trealamh Sócmhainn iarchurtha cánach Infháltais trádála agus infháltais eile

Nótaí

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

12 14 9 15

2,101 605,076 20,033 37,600

2,159 589,626 24,387 36,760

664,810

652,932

149,525 7,622 194,783

132,257 4,678 282,255

351,930

419,190

1,016,740

1,072,122

Iomlán na sócmhainní nach sócmhainní reatha iad Sócmhainní reatha Infháltais trádála agus infháltais eile Cáin reatha infhála Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim

15 19

Iomlán na sócmhainní reatha Iomlán na sócmhainní Cothromas agus Dliteanais Caipiteal agus cúlchistí Scairchaipiteal glaoite tíolactha mar chothromas Cúlchiste caipitil Cúlchiste fálaithe Cúlchiste aistrithe Tuilleamh coinnithe

18

38 49,182 (75,666) 185 229,661

38 49,182 (105,152) 1,299 200,135

203,400

145,502

86,475 22,614 96,152 324,271 24,103

120,184 17,376 99,224 339,207 53,864

553,615

629,855

15,149 3,072 241,504

14,444 3,072 279,249

Iomlán na ndliteanas reatha

259,725

296,765

Iomlán na ndliteanas

813,340

926,620

1,016,740

1,072,122

Iomlán an chothromais Dliteanais nach dliteanais reatha iad Ionstraimí díorthacha airgeadais Dliteanas iarchurtha cánach Ioncam iarchurtha Iasachtaí Oibleagáidí maidir le sochar scoir

26 9 17 25 23

Iomlán na ndliteanas nach dliteanais reatha iad Dliteanais reatha Iasachtaí Ioncam iarchurtha Suimeanna Iníoctha Trádála agus Suimeanna Iníoctha Eile

25 17 16

Iomlán an chothromais agus na ndliteanas Faofa ag an mBord agus sínithe thar a gceann

John O’Connor, Cathaoirleach

Joan Smyth, Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta

An 20 Nollaig 2017

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 70

Fintan Slye, Príomhfheidhmeannach


Clár Comhardaithe na Cuideachta Amhail an 30 Meán Fómhair 2017

Nótaí

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

13 14 9 15

155,711 77,420 11,682 228,246

155,711 59,663 17,690 217,265

473,059

450,329

175,168 6,755 156,272

144,598 4,441 229,323

Iomlán na sócmhainní reatha

338,195

378,362

Iomlán na sócmhainní

811,254

828,691

38 49,182 (54,226) 244,934

38 49,182 (76,065) 211,063

239,928

184,218

61,973 221,434 24,103

86,932 230,193 49,596

307,510

366,721

8,758 255,058

8,399 269,353

Iomlán na ndliteanas reatha

263,816

277,752

Iomlán na ndliteanas

571,326

644,473

Iomlán an chothromais agus na ndliteanas

811,254

828,691

Sócmhainní Sócmhainní nach sócmhainní reatha Infheistíocht i bhfochuideachtaí Réadmhaoin, gléasra agus trealamh Sócmhainn iarchurtha cánach Infháltais trádála agus infháltais eile Iomlán na sócmhainní nach sócmhainní reatha iad Sócmhainní reatha Infháltais trádála agus infháltais eile Sócmhainn reatha chánach Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim

15 19

Cothromas agus Dliteanais Caipiteal agus cúlchistí Scairchaipiteal glaoite tíolactha mar chothromas Cúlchiste caipitil Cúlchiste fálaithe Tuilleamh coinnithe

18

Iomlán an chothromais Dliteanais nach dliteanais reatha iad Ionstraimí díorthacha airgeadais Iasachtaí Oibleagáidí maidir le sochar scoir

26 25 23

Iomlán na ndliteanas nach dliteanais reatha iad Dliteanais reatha Iasachtaí Suimeanna Iníoctha Trádála agus Suimeanna Iníoctha Eile

25 16

Faofa ag an mBord agus sínithe thar a gceann

John O’Connor, Cathaoirleach

Joan Smyth, Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta

Fintan Slye, Príomhfheidhmeannach

An 20 Nollaig 2017

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 71


An Ráiteas Comhdhlúite ar Athruithe ar Chothromas Don Bhliain Airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017

Iomlán inchurtha i leith Tuilleamh sealbhóirí coinnithe cothromais € ’000 € ’000

Scairchaipiteal eisithe € ’000

Cúlchiste caipitil € ’000

38

49,182

(87,095)

376

216,837

179,338

Iomlán an ioncaim chuimsithigh don bhliain airgeadais

-

-

(18,057)

923

(13,202)

(30,336)

Díbhinní

-

-

-

(3,500)

(3,500)

38

49,182

Iomlán an chostais chuimsithigh don bhliain airgeadais

-

Díbhinní

Iarmhéid amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2016

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2017

Cúlchiste fálaithe € ’000

-

Cúlchiste aistrithe € ’000

(105,152)

1,299

200,135

145,502

-

29,486

(1,114)

33,526

61,898

-

-

-

(4,000)

(4,000)

38

49,182

(75,666)

185

229,661

203,400

Cúlchiste Caipitil

D'eascair an cúlchiste caipitil nuair a dílsíodh oibríochtaí TSO ó Bhord Soláthair an Leictreachais chuig an gCuideachta faoin Scéim Aistrithe dar dáta an 1 Iúil 2006. Ní raibh aon ghluaiseacht sa chúlchiste ón dáta sin.

Cúlchiste Fálaithe

Is éard atá sa chúlchiste fálaithe ná an sciar carnach de na gnóthachain agus caillteanais ar ionstraimí fálaithe a measadh atá éifeachtúil i bhfálaithe sreabhaidh airgid. Ní aithnítear an gnóthachan ná an caillteanas iarchurtha carnach ar na hionstraimí fálaithe sa bhrabús ná sa chaillteanas ach amháin nuair a théann an t-idirbheart fálaithe i bhfeidhm ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas, nó nuair a chuirtear san áireamh é mar bhunchoigeartú ar mhír fhálaithe nach mír airgeadais.

Cúlchiste Aistrithe

Is éard atá sa chúlchiste aistrithe ná na difríochtaí airgeadra eachtraigh a éiríonn as glansócmhainní de chuid oibríochtaí eachtracha an Ghrúpa a aistriú óna n-airgeadra feidhmiúil chuig airgeadra feidhmiúil EirGrid, .i. an euro, lena n-áirítear brabús agus caillteanas na n-oibríochtaí sin a aistriú ón meánráta don bhliain airgeadais chuig an ráta reatha ar dháta an Chláir Chomhardaithe.

Tuilleamh Coinnithe

Is éard atá sa tuilleamh coinnithe ná tuilleamh carnach sa bhliain airgeadais reatha agus i mblianta airgeadais roimhe.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 72


Ráiteas na Cuideachta ar Athruithe ar Chothromas Don Bhliain Airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017

Iomlán inchurtha i leith Tuilleamh sealbhóirí coinnithe cothromais € ’000 € ’000

Scairchaipiteal eisithe € ’000

Cúlchiste Caipitil € ’000

38

49,182

(61,634)

209,942

197,528

Iomlán an ioncaim chuimsithigh don bhliain airgeadais

-

-

(14,431)

4,621

(9,810)

Díbhinní

-

-

(3,500)

(3,500)

38

49,182

Iomlán an chostais chuimsithigh don bhliain airgeadais

-

Díbhinní

Iarmhéid amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2016

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2017

Cúlchiste Fálaithe € ’000

(76,065)

211,063

184,218

-

21,839

37,871

59,710

-

-

-

(4,000)

(4,000)

38

49,182

(54,226)

244,934

239,928

Cúlchiste Caipitil

D'eascair an cúlchiste caipitil nuair a dílsíodh oibríochtaí TSO ó Bhord Soláthair an Leictreachais chuig an gCuideachta faoin Scéim Aistrithe dar dáta an 1 Iúil 2006. Ní raibh aon ghluaiseacht sa chúlchiste ón dáta sin.

Cúlchiste Fálaithe

Is éard atá sa chúlchiste fálaithe ná an sciar carnach de na gnóthachain agus caillteanais ar ionstraimí fálaithe a measadh atá éifeachtúil i bhfálaithe sreabhaidh airgid. Ní aithnítear an gnóthachan ná an caillteanas iarchurtha carnach ar na hionstraimí fálaithe sa bhrabús ná sa chaillteanas ach amháin nuair a théann an t-idirbheart fálaithe i bhfeidhm ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas, nó nuair a chuirtear san áireamh é mar bhunchoigeartú ar mhír fhálaithe nach mír airgeadais.

Tuilleamh Coinnithe

Is éard atá sa tuilleamh coinnithe ná tuilleamh carnach sa bhliain airgeadais reatha agus i mblianta airgeadais roimhe.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 73


An Ráiteas Sreabhaidh Airgid Chomhdhlúite Don Bhliain Airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017

Nótaí Sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin Brabús iarchánach Dímheas réadmhaoine, gléasra agus trealaimh Caillteanas ar dhiúscairtí Amúchadh deontais Laige dea-thola agus sócmhainní doláimhsithe Ús agus ioncam eile Costais airgeadais Costas sochair scoir Caillteanas neamhréadaithe i ndáil le hairgeadra eachtrach Costas/(creidmheas) maidir le cáin ioncaim Ranníocaíochtaí pinsin íoctha

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

1,977 31,724 412 (3,072) (240) 18,632 9,281 1,284 1,388 (5,342)

8,722 30,752 (3,072) 7,116 (423) 18,677 7,210 5,286 (866) (5,921)

Sreafaí airgid oibriúcháin roimh ghluaiseachtaí i gcaipiteal oibre

56,044

67,481

Gluaiseachtaí i gcaipiteal oibre Méadú ar infháltais trádála agus infháltais eile (Laghdú)/méadú ar shuimeanna iníoctha trádála agus suimeanna iníoctha eile

(14,340) (40,856)

(15,508) 31,657

14 14 17 12

23

Airgead ó oibríochtaí

848

83,630

Cáin ioncaim íoctha Ús faighte

(3,256) 240

(2,466) 423

Glanairgead (arna úsáid in)/ó gníomhaíochtaí oibriúcháin

(2,168)

81,587

Sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí infheistíochta Ceannach réadmhaoine, gléasra agus trealaimh

(48,138)

(32,231)

Glanairgead arna úsáid i ngníomhaíochtaí infheistíochta

(48,138)

(32,231)

Sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí maoinithe Díbhinní íoctha Iasachtaí aisíoctha Costais airgeadais íoctha

(4,000) (14,444) (18,419)

(3,500) (13,545) (18,707)

Glanairgead tirim arna úsáid i ngníomhaíochtaí maoinithe

(36,863)

(35,752)

(87,169)

13,604

282,255 (303)

270,377 (1,726)

194,783

282,255

Glan(laghdú)/mhéadú ar airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag tús na bliana Éifeacht malairte eachtraí ar airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag deireadh na bliana

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 74

19


Ráiteas Sreabhaidh Airgid na Cuideachta Don Bhliain Airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017

Nótaí Sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin Brabús iarchánach Dímheas réadmhaoine, gléasra agus trealaimh Ús agus ioncam eile Costais airgeadais Costas maidir le sochar scoir Caillteanas neamhréadaithe i ndáil le hairgeadra eachtrach Creidmheas cánach ioncaim Ranníocaíochtaí pinsin íoctha

14

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

11,148 9,184 (831) 3,753 8,261 421 (1,085) (4,403)

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

23,022 10,621 (731) 3,607 6,189 5,637 (876) (4,474)

Gluaiseachtaí i gcaipiteal oibre Méadú ar infháltais trádála agus infháltais eile (Laghdú)/méadú ar shuimeanna iníoctha trádála agus suimeanna iníoctha eile

26,448

42,995

(37,953) (17,347)

(37,531) 38,198

Airgead tirim arna (úsáid in)/ghiniúint ó oibríochtaí

(28,852)

43,662

(1,937) 831

(1,240) 736

Glanairgead tirim arna (úsáid in)/ghiniúint ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin

(29,958)

43,158

Sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí infheistíochta Ceannach réadmhaoine, gléasra agus trealaimh

(26,941)

(23,326)

Glanairgead arna úsáid i ngníomhaíochtaí infheistíochta

(26,941)

(23,326)

Sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí maoinithe Díbhinní íoctha Iasachtaí aisíoctha Costais airgeadais íoctha

(4,000) (8,399) (3,753)

(3,500) (8,044) (3,607)

Glanairgead tirim arna úsáid i ngníomhaíochtaí maoinithe

(16,152)

(15,151)

Glan(laghdú)/mhéadú ar airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim

(73,051)

4,681

Cáin ioncaim íoctha Ús faighte

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag tús na bliana Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag deireadh na bliana

19

229,323

224,642

156,272

229,323

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 75


Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais 1. Eolas Ginearálta

Is cuideachta phoiblí theoranta é EirGrid cpt (‘an Chuideachta’), arna chorprú in Éirinn, a bunaíodh de bhun I.R. Uimh. 445 de 2000 – Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Margadh Inmheánach sa Leictreachas), 2000. Tá an Chuideachta ceadúnaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) mar an tOibreoir Córais Tarchurtha (TSO) in Éirinn agus mar an tOibreoir Margaidh (MO) don mhargadh mórdhíola leictreachais ar oileán na hÉireann. Tá SONI Teoranta (fochuideachta de chuid EirGrid cpt) ceadúnaithe ag Údarás Thuaisceart Éireann um Rialáil Fóntas mar an TSO i dTuaisceart Éireann agus tá ceadúnas MO aige d'oileán na hÉireann chomh maith. Tá EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe (fochuideachta de chuid EirGrid cpt) ceadúnaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) agus ag Oifig na Margaí Gáis agus Leictreachais (Ofgem) mar oibreoir an Idirnascaire Thoir Thiar. Is é The Oval, 160 Bóthar Shíol Bhroin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4 oifig chláraithe EirGrid cpt.

2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta Bonn a n-ullmhaithe

Ullmhaíodh Ráitis Airgeadais an Ghrúpa agus na Cuideachta de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, arna nglacadh ag an Aontas Eorpach. Ullmhaíodh iad ar bhonn na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais agus na Léirmhíniúchán atá éigeantach don bhliain airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017 agus de réir Acht na gCuideachtaí, 2014. Tá na Stiúrthóirí muiníneach, ar bhonn na réamh-mheastachán reatha airgeadais agus na saoráidí atá ar fáil, gur leor na hacmhainní atá ag an nGrúpa chun leanúint ar aghaidh ag feidhmiú go ceann i bhfad. Dá réir sin, leanann na Stiúrthóirí de ghlacadh le bonn an ghnóthais leantaigh agus iad ag ullmhú na Ráiteas Airgeadais. Tá na Ráitis Airgeadais curtha i láthair in euro, is é sin airgeadra na príomhthimpeallachta eacnamaíche ina n-oibríonn an Grúpa agus an Chuideachta, agus ullmhaíodh ar bhonn an chostais stairiúil iad seachas i gcás athluacháil roinnt ionstraimí airgeadais a choinnítear ar a luach cóir. Is iondúil go mbunaítear an costas stairiúil ar luach cóir na comaoine a thugtar de mhalairt ar shócmhainní. Agus an lucht bainistíochta ag ullmhú na Ráiteas Airgeadais, éilítear orthu meastacháin agus foshuíomhanna a dhéanamh a mbíonn tionchar acu ar mhéideanna na sócmhainní agus na ndliteanas a thuairiscítear, ar nochtuithe sócmhainní agus dliteanas teagmhasach agus ar na méideanna ioncaim agus costas a thuairiscítear le linn na tréimhse tuairiscithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh difríocht ann idir na torthaí iarbhír agus na meastacháin sin. Na polasaithe cuntasóireachta atá leagtha amach anseo thíos, cuireadh i bhfeidhm go seasta iad do gach tréimhse a chuirtear i láthair sna Ráitis Airgeadais seo. Is í an bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 an tréimhse reatha atá á tuairisciú anois. Baineann na figiúirí comparáideacha leis an mbliain airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2016.

Glacadh le caighdeáin úra

Sa bhliain airgeadais reatha, glacadh leis na caighdeáin agus na léirmhíniúcháin úra agus athbhreithnithe seo a leanas agus chuaigh siad i bhfeidhm ar na méideanna atá tuairiscithe sna ráitis airgeadais seo (do bhlianta airgeadais bliantúla ag tosú air nó ina dhiaidh): • • • • • • • •

IFRS 10 – Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016) IFRS 11 – Sealbhú Leasanna i gComhoibríochtaí a Chur sna Cuntais (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016) IFRS 12 – Nochtadh leasanna in eintitis eile (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016) IFRS 1 – Ráitis Airgeadais a Chur i Láthair (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016) IAS 16 – Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016) IAS 27 – Ráitis Airgeadais ar Leith (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016) IAS 28 – Infheistíocht i gComhpháirtithe agus i gComhfhiontair (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016) IAS 38 – Sócmhainní Doláimhsithe (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016)

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 76


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean)

Ar dháta údaraithe na Ráiteas Airgeadais seo, bhí na Caighdeáin agus na Léirmhíniúcháin seo a leanas nár cuireadh i bhfeidhm sna Ráitis Airgeadais seo eisithe ach ní raibh i bhfeidhm go fóill don tréimhse chuntasaíochta atá á tuairisciú: • • • • •

IAS 7 – Ráiteas ar Shreafaí Airgid (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2017) IAS 12 – Cáin Ioncaim (Leasuithe) - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2017) IFRS 9 – Ionstraimí Airgeadais - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018) IFRS 15 – Ioncam ó chonarthaí le custaiméirí - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018) IFRS 16 – Léasanna - (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019)

Tá an tionchar a imreoidh na Caighdeáin agus na Léirmhíniúcháin seo ar na Ráitis Airgeadais fós á mheas ag na Stiúrthóirí.

Bonn a gcomhdhlúthaithe

Is éard atá sna Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite ná Ráitis Airgeadais na Cuideachta agus na n-eintiteas atá faoi rialú na Cuideachta (a cuid fochuideachtaí) suas go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain. Deirtear go bhfuil eintiteas faoi rialú na Cuideachta: • • •

nuair atá cumhacht ag an gCuideachta ar an eintiteas infheistiúcháin; nuair atá an Chuideachta neamhchosanta ar thoradh athraitheach, nó nuair atá cearta aici chun toradh athraitheach, mar gheall ar an mbaint atá aici leis an eintiteas infheistiúcháin; agus nuair is féidir leis an gCuideachta a cumhacht a úsáid le tionchar a imirt ar a toradh.

Déanann an Chuideachta athmheasúnú ar cibé acu an bhfuil eintiteas infheistiúcháin faoina rialú má thugann fíricí agus cúinsí le fios go bhfuil athrú tagtha ar cheann amháin nó níos mó de thrí ghné na rialála thuas. Sa chás go bhfuil níos lú ná tromlach na gceart vótála in eintiteas infheistiúcháin ag an gCuideachta, measann sí go bhfuil cumhacht aici ar an eintiteas infheistiúcháin sa chás gur leor na cearta vótála chun an cumas praiticiúil a thabhairt di gníomhaíochtaí ábhartha an eintitis infheistiúcháin a stiúradh go haontaobhach. Cíorann an Chuideachta na fíricí agus na cúinsí ábhartha ar fad agus í ag meas cibé acu an leor cearta vótála na Cuideachta in eintiteas infheistiúcháin chun cumhacht a thabhairt di, lena n-áirítear: •

méid shealúchas ceart vótála na Cuideachta i gcomparáid le méid agus le scaipeadh shealúchais ceart vótála na sealbhóirí eile;

cearta féideartha vótála atá i seilbh na Cuideachta, sealbhóirí eile nó páirtithe eile;

cearta a éiríonn as socruithe conartha eile; agus

aon fhíric agus aon chúinse breise a léiríonn go bhfuil nó nach bhfuil cumas reatha ag an gCuideachta na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh ag an am is gá cinntí a dhéanamh, lena n-áirítear patrúin vótála ag cruinnithe scairshealbhóirí roimhe sin.

Tosaíonn comhdhlúthú fochuideachta nuair a fhaigheann an Chuideachta ceannas ar an bhfochuideachta agus stopann sé nuair a chailleann an Chuideachta ceannas ar an bhfochuideachta. Áirítear go sonrach sa ráiteas ioncaim chomhdhlúite na torthaí a fhaightear nó a dhiúscraítear le linn na bliana airgeadais ón dáta a bhfaigheann an Chuideachta rialú go dtí an dáta a scoireann an Chuideachta de rialú a bheith aici ar an bhfochuideachta.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 77


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean)

Cuirtear brabús nó caillteanas agus gach gné d’ioncam cuimsitheach eile i leith úinéirí na Cuideachta agus i leith na leasanna neamhurlámhais. Cuirtear ioncam cuimsitheach iomlán na bhfochuideachtaí i leith úinéirí na Cuideachta agus i leith na leasanna neamhurlámhais fiú má bhíonn iarmhéid easnaimh i dtorthaí na leasanna neamhurlámhais. Nuair is gá, déantar coigeartuithe ar ráitis airgeadais fochuideachtaí chun na polasaithe cuntasaíochta a mbaintear úsáid astu a chur ar aon dul le polasaithe cuntasaíochta an Ghrúpa. Cuirtear as an áireamh gach sócmhainn, dliteanas, gnáthscair, ioncam, costas agus sreabhadh airgid inghrúpa a bhaineann le hidirbhearta idir chomhaltaí an Ghrúpa tar éis a gcomhdhlúthaithe. Is mar idirbhearta cothromais a choinnítear cuntas ar athruithe ar leasanna de chuid an Ghrúpa i bhfochuideachtaí nach gcailltear rialú mar thoradh orthu. Déantar coigeartú ar shuim ghlanluacha leasanna an Ghrúpa agus ar leasanna neamhurlámhais chun léiriú a thabhairt ar na hathruithe ar a leasanna coibhneasta sna fochuideachtaí. Aithnítear go díreach i gcothromas agus cuirtear i leith úinéirí na Cuideachta aon difríocht idir an méid faoina ndéantar coigeartú ar na leasanna neamhurlámhais agus luach cóir na comaoine a íocadh nó a fuarthas. Nuair a chailleann an Grúpa rialú ar fhochuideachta, déantar an gnóthachan nó an caillteanas ar a diúscartha a aithint i mbrabús nó caillteanas mar an difear idir (i) comhiomlán luach cóir na comaoine a fuarthas agus luacha chóir aon leasa choinnithe agus (ii) suim ghlanluacha roimhe na sócmhainní (dea-thoil san áireamh), lúide dliteanais na fochuideachta agus aon leasanna neamhurlámhais. Déantar cuntas ar gach suim a aithníodh roimhe i ndáil leis an bhfochuideachta sin faoi ioncam cuimsitheach eile amhail is dá ndiúscródh an Grúpa na sócmhainní nó dliteanais ghaolmhara go díreach (.i. athrangaithe chuig brabús nó caillteanas nó aistrithe chuig catagóir eile cothromais mar atá sonraithe/ceadaithe ag an gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais is infheidhme). I gcás cuntasaíochta ina dhiaidh sin, meastar gurb é an luach cóir ar aithint tosaigh na hinfheistíochta luach cóir aon infheistíochta a choinnítear san iar-fhochuideachta ar an dáta a gcailltear rialú, de réir Ionstraimí Airgeadais IAS 39: Aithint agus Tomhas nó, nuair is iomchuí, na costais ar aithint tosaigh infheistíochta in eintiteas comhcheangailte nó comhrialaithe.

Comhoibríochtaí

Tá sna Ráitis Airgeadais torthaí na Cuideachta, chomh maith lena scair de thorthaí, sócmhainní agus dliteanais na comhoibríochta a bhfuil sí rannpháirteach inti, rud a dhéantar trí thagairt don mhodh comhdhlúthaithe chomhréirigh a cheadaítear le IFRS 11. Ós rud é gur comhshocrú atá sa chomhoibríocht, ina bhfuil comhrialú ag na páirtithe ar an socrú, ina bhfuil cearta acu chun na sócmhainní agus na n-oibleagáidí i ndáil leis na dliteanais a bhaineann leis an socrú, aithníonn na stiúrthóirí a gcuid sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus costas maidir lena leas i gcomhoibríocht. Cuirtear sciar na Cuideachta de thorthaí agus de ghlansócmhainní comhoibríochtaí sna cuntais ar bhonn comhdhlúthú comhréireach ón dáta a dtugtar chun críche na socruithe conartha ina sonraítear an comhrialú, agus déantar iad a dhí-aithint ar scor den chomhrialú sin. Comhcheanglaíonn an Chuideachta a scair de na comhshocruithe, ioncam agus costais aonair, sócmhainní agus dliteanais agus sreafaí airgid ar bhonn líne ar líne le míreanna atá cosúil leo i ráitis airgeadais na cuideachta.

Comhcheangail ghnó

Úsáidtear an modh éadála le comhcheangail ghnó a chur sna cuntais. Déantar costas ceannacháin a mheas mar chomhiomlán na comaoine aistrithe, arna thomhas ar dháta a fhála ar luach cóir, agus méid aon leasa neamhurlámhais sa rud arna fháil. Do gach comhcheangal gnó, measann an Grúpa an leas neamhurlámhais sa rud arna fháil ar a luach cóir nó de réir an sciar chomhréirigh de ghlanshócmhainní inaitheanta an ruda. Cláraítear costais fála mar chaiteachas de réir mar a thabhaítear iad.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 78


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean)

Nuair a fhaigheann an Grúpa gnóthas, measann na sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna ngabháil air féin lena rangú agus lena sonrú go cuí de réir na dtéamaí conartha, na gcúinsí eacnamaíochta agus na ndálaí cuí amhail ar an dáta fála. Má bhaintear an comhcheangal gnó amach ina chodanna, déantar atomhas, tríd an Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite, ar luach cóir an leasa cothromais atá ag an nGrúpa san eintiteas arna fháil ar an dáta a bhfaigheann an Grúpa rialú den chéad uair. Aithneofar ar a luach cóir ar an dáta fála aon chomaoin theagmhasach a bheidh le haistriú ag an bhfaighteoir. Is sa Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite de réir IAS 39 a aithneofar athrú ar bith ina dhiaidh sin ar luach cóir comaoine teagmhasaí a mheastar atá ina shócmhainn airgeadais nó ina dhliteanas airgeadais. Meastar dea-thoil ar a costas ar dtús, is é sin barrachas chomhiomlán na comaoine a aistríodh agus an mhéid a aithníodh i leith an leasa neamhurlámhais thar na glansócmhainní inaitheanta arna bhfáil agus na dliteanais arna ngabháil. Cuireadh comhcheangail ghnó a baineadh amach ina gcodanna sna cuntais mar chéimeanna ar leith. Sa chás go bhfuarthas scair leasa sa bhreis, níor imir sé sin aon tionchar ar an dea-thoil a aithníodh roimhe sin. Aithníodh an chomaoin theagmhasach sa chás go raibh oibleagáid láithreach ar an nGrúpa, gur dhóichí ná a mhalairt an t-eas-sreabhadh eacnamaíoch agus gurbh fhéidir teacht ar mheastachán iontaofa. Is mar chuid den dea-thoil a aithníodh coigeartuithe ina dhiaidh sin ar an gcomaoin theagmhasach.

Dea-thoil

Déantar dea-thoil ar cheannacháin a thomhas ar dtús ar a gcostas, is é sin barrachas chostas an chomhcheangail gnó thar leas an fhaighteora i nglanluach cóir na sócmhainní, na ndliteanas agus na ndliteanas teagmhasach inaitheanta. Leithdháiltear an dea-thoil a fhaightear i gcomhcheangal gnó, ó dháta a fála, chuig na haonaid giniúna airgid nó chuig grúpaí d’aonaid giniúna airgid a bhfuiltear ag súil leo leas a bhaint as an gcomhcheangal gnó inar éirigh an dea-thoil. Tar éis a haitheanta ar an gcéad dul síos, déantar dea-thoil a thomhas ar a costas lúide aon chaillteanais laige charntha. Déantar athbhreithniú ar dhea-thoil lena dhéanamh amach an bhfuil laige ann ar bhonn bliantúil nó níos minice ná sin má thugann imeachtaí nó athruithe ar na cúinsí le fios go bhféadfadh sé go mbeadh an tsuim ghlanluacha lagaithe. Déantar na tástálacha laige ar dhea-thoil ag an am céanna gach bliain airgeadais. Déantar amach an bhfuil laige ann trí mheasúnú a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid a mbaineann an dea-thoil leis. Nuair is lú méid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid ná an tsuim ghlanluacha, aithnítear caillteanas laige. Ní aisiompaítear caillteanais laige i leith dea-thola tar éis a n-aitheanta. Nuair a dhíoltar fochuideachta, cuirtear aon dea-thoil a d’éirigh nuair a fuarthas í, glan ar aon laigí, san áireamh nuair a oibrítear amach an brabús nó an caillteanas a éiríonn tráth a diúscartha. Nuair atá dea-thoil ina cuid d’aonad giniúna airgid agus nuair a dhiúscraítear cuid de na hoibríochtaí laistigh den aonad sin, déantar an dea-thoil a bhaineann leis an oibríocht arna diúscairt a áireamh i suim ghlanluacha na hoibríochta agus an brabús nó caillteanas á dhéanamh amach ar dhiúscairt na hoibríochta. Déantar an dea-thoil a dhiúscraítear ina leithéid de chásanna a thomhas ar bhonn luachanna coibhneasta na hoibríochta arna diúscairt agus an sciar den aonad giniúna airgid a choinnítear.

Ioncam

Is éard atá i gceist le hioncam go príomha ná an t-ioncam a dhíorthaítear ó tharchur leictreachais a sholáthar, acmhainn ar an Idirnascaire Thoir Thiar a dhíol agus seirbhísí mar an tOibreoir Margaidh a sholáthar do chustaiméirí le linn na bliana airgeadais agus ní bhíonn cáin bhreisluacha san áireamh ann. Áirítear in ioncam an liúntas rialála a fhaightear i dtaca le bainistíocht na gcostas sriantachta tarchuir. Áirítear in ioncam, ón 1 Deireadh Fómhair 2012, an liúntas rialála a fhaightear i dtaca le costas fónaimh fiachais agus costais oibriúcháin an Idirnascaire Thoir Thiar. Aithnítear ioncam taraife nuair a fhaightear ó chustaiméirí é, bunaithe ar shonraí méadraithe.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 79


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean)

Áirítear in ioncam freisin fáltais fritrádála i ndáil le trádáil tríd an Idirnascaire Thoir Thiar agus trí Idirnascaire na Maoile. Éascaíonn saoráidí fritrádála seachadadh leictreachais in-athnuaite de réir rialachán an AE agus laghdaíonn na costais bainistithe sriantachta tarchuir. Sa chás go sáraíonn an t-ioncam a fuarthas nó an t-ioncam infhála an t-uasmhéid a cheadaítear de réir comhaontuithe rialála agus go ndéanfar coigeartuithe ar phraghsanna amach anseo chun an róghnóthú a léiriú, ní aithnítear aon dliteanas. Ar an gcaoi chéanna ní aithnítear aon sócmhainn sa chás go gceadaítear de réir comhaontú rialála coigeartuithe a dhéanamh ar phraghsanna amach anseo i leith gannghnóthú. D'aithneofaí dliteanas, áfach, dá mbeadh athrú ó bhonn ar dhearadh an mhargaidh, sa chás go sáródh an t-ioncam a fuarthas nó an t-ioncam infhála an t-uasmhéid a cheadaítear de réir comhaontuithe rialála agus go ndéanfaí coigeartuithe ar phraghsanna amach anseo chun an róghnóthú sin a léiriú. Mar Oibreoir Margaidh an Mhargaidh Aonair Leictreachais, ní fheidhmíonn an Grúpa ar a shon féin i dtaobh leictreachas a dhíol ná a cheannach. Ní ghlacann sé teideal ar an leictreachas, ná ní bhíonn sé neamhchosanta ar riosca creidmheasa tráth a dhíolta. Dá bharr sin ní aithníonn an Grúpa mar ioncam airgead a dhíorthaítear ó leictreachas a dhíol. Aithnítear na suimeanna iníoctha agus infhála a bhaineann le trádáil leictreachais ar an gClár Comhardaithe. Aithnítear mar ioncam airgead a fhaightear ó tharaifí atá faoi réir cinneadh rialála. Is éard is ioncam gan billeáil ann ná ioncam ó sheirbhísí tarchuradóireachta leictreachais nach ndéantar a bhilleáil de réir an chláir ama rialála. Aithnítear ioncam gan billeáil ar bhonn fabhruithe agus luaitear glan ar cháin bhreisluacha é.

Costais dhíreacha

Is éard is costais dhíreacha ann na costais a bhaineann le seirbhísí tarchuradóireachta leictreachais a sholáthar do chustaiméirí le linn na bliana airgeadais agus ní bhíonn cáin bhreisluacha san áireamh iontu. Áirítear i gcostais dhíreacha táillí úinéir na sócmhainní tarchurtha, costais sriantachta tarchuir, seirbhísí coimhdeacha agus ualach in-idirbhriste. Aithnítear costais dhíreacha de réir mar a thabhaítear iad.

Brabús oibriúcháin

Ghlac an Grúpa le formáid don Ráiteas Ioncaim a bhfuil sé mar aidhm aici béim a leagan ar mhíreanna tábhachtacha laistigh de na torthaí don tréimhse. Dá réir sin, luaitear an brabús oibriúcháin tar éis costais dhíreacha a mhuirearú agus tar éis costais eile oibriúcháin, ach roimh ioncam úis agus costais airgeadais. Is éard atá i gcostais oibriúcháin eile go príomha ná costais fostaithe, táillí gairmiúla, conraitheoirí agus do chostais bhunaithe. Aithnítear costais oibriúcháin eile de réir mar a thabhaítear iad.

Léasanna

Aithnítear léasanna ón dáta ar féidir leis an léasaí a cheart a chleachtadh chun an sócmhainn ar léas a úsáid. Déantar léasanna a rangú mar léasanna airgeadais i gcásanna ina n-aistríonn téarmaí an léasa go substaintiúil gach riosca agus luach saothair a bhaineann le húinéireacht chuig an léasaí. Déantar gach léas eile a rangú mar léas oibriúcháin. Aithnítear íocaíochtaí as léasanna oibriúcháin mar chostas de réir méid chothroim le himeacht théarma an léasa, ach amháin sa chás go mbeadh bonn córasach eile níos ionadaí ar phatrún ama thairbhe an úsáideora. Scaiptear sochair a fhaightear mar dhreasacht chun dul isteach i léas oibriúcháin de réir méid chothroim le himeacht théarma an léasa.

Airgeadraí eachtracha

Cuirtear Ráitis Airgeadais gach eintitis den Ghrúpa i láthair in airgeadra na buntimpeallachta eacnamaíochta ina bhfeidhmíonn an t-eintiteas (.i. a airgeadra feidhmiúil). Chun críche na Ráiteas Airgeadais Comhdhlúite, luaitear torthaí agus staid airgeadais gach eintitis den Ghrúpa in euro, óir is é airgeadra feidhmiúil na Cuideachta é agus is é an t-airgeadra tuairiscithe i gcomhair na Ráiteas Airgeadais Comhdhlúite.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 80


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean)

Déantar taifead ar idirbhearta in airgeadraí eachtracha ar an ráta malairte atá i réim ar dháta an idirbhirt. Ar dháta gach Cláir Chomhardaithe, déantar sócmhainní agus dliteanais airgeadais atá ainmnithe in airgeadraí eachtracha a athaistriú ar na rátaí atá i réim ar an dáta sin, agus aithnítear difríochtaí sna rátaí malairte i Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite de réir mar a tharlaíonn siad. Ar chomhdhlúthú na Ráiteas Ioncaim don dá fhochuideachta de chuid an Ghrúpa a fheidhmíonn in airgeadra eachtrach, aistrítear chuig an euro iad ar an meánráta malairte. Aistrítear Cláir Chomhardaithe na bhfochuideachtaí sin ar na rátaí malairte atá i réim ar dháta an Chláir Chomhardaithe. Tógtar go díreach chuig comhchuid scartha de chothromas na scairshealbhóirí aon difríocht mhalairte a éiríonn as aistriú na bhfochuideachtaí a fheidhmíonn in airgeadra eachtrach. Caitear le coigeartuithe dea-thola agus luacha chóir a éiríonn tráth a bhfaightear na fochuideachtaí eachtracha mar shócmhainní agus dliteanais na bhfochuideachtaí eachtracha, agus aistrítear ar an ráta reatha iad.

Costas sochair scoir

Maidir le pleananna le sochar sainithe, déantar amach an costas ar shochar a sholáthar ach Modh na nAonad Réamhmheasta Creidmheasa a úsáid, agus déantar luachálacha achtúireacha ar dháta gach Cláir Chomhardaithe. Aithnítear gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ina n-iomláine le linn na tréimhse ina dtarlaíonn siad. Aithnítear taobh amuigh de bhrabús nó caillteanas iad agus cuirtear i láthair sa Ráiteas ar Ioncam Cuimsitheach iad. Is éard atá in oibleagáidí maidir le sochair scoir atá aitheanta sa Chlár Comhardaithe ná luach láithreach n-oibleagáidí le sochar sainithe arna laghdú faoi luach cóir shócmhainní an phlean. Aon sócmhainn a fhaightear mar thoradh ar an ríomh seo, ní bheidh sí níos mó ná an costas seirbhíse roimhe, móide luach láithreach na n-aisíocaíochtaí atá ar fáil agus na laghduithe ar ranníocaíochtaí don phlean amach anseo. Déantar caipitliú ar chostais seirbhíse reatha an tsochair scoir d’fhostaithe atá i mbun tionscadail chaipitil sa Chlár Comhardaithe de réir mar a thabhaítear na costais.

Cánachas

Seasann costas cánach ioncaim do shuim na cánach is iníoctha faoi láthair agus na cánach iarchurtha. Tá an cháin is iníoctha faoi láthair bunaithe ar an mbrabús inchánach don bhliain airgeadais. Tá an brabús inchánach éagsúil ón mbrabús a thuairiscítear sa Ráiteas Ioncaim mar ní áirítear ann míreanna ioncaim ná costais atá inchánach nó in-asbhainteach i dtréimhsí eile agus, anuas air sin, ní áirítear ann míreanna nach bhfuil inchánach ná in-asbhainteach in am ar bith. Úsáidtear rátaí cánach arna nglacadh nó arna nglacadh sa tsubstaint faoi dháta an Chláir Chomhardaithe le dliteanas an Ghrúpa i leith cáin reatha a ríomh. Aithnítear cáin iarchurtha ar dhifríochtaí idir shuimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas sna Ráitis Airgeadais agus sna boinn chomhfhreagracha chánach a úsáidtear leis an mbrabús inchánach a ríomh, agus úsáidtear an modh dliteanais bunaithe ar chlár comhardaithe le í a chur san áireamh sna cuntais. Is iondúil go n-aithnítear dliteanais chánach iarchurtha do gach difríocht shealadach inchánach, agus aithnítear sócmhainní cánach iarchurtha do gach difríocht shealadach in-asbhainteach sa mhéid gur dócha go mbeidh brabús inchánach ar fáil ar féidir na difríochtaí sealadacha in-asbhainteacha a úsáid ina leith. Ní aithnítear sócmhainní ná dliteanais den chineál sin má eascraíonn an difríocht shealadach as aithint tosaigh dea-thola. Déantar sócmhainní agus dliteanais chánach iarchurtha a thomhas ar na rátaí cánach is dócha a mbeidh feidhm acu sa tréimhse ina ndéanfar an dliteanas a shocrú nó an tsócmhainn a réadú, bunaithe ar rátaí cánach (agus ar dhlíthe cánach) arna nglacadh nó arna nglacadh sa tsubstaint faoi dháta an Chláir Chomhardaithe. Léiríonn tomhas na ndliteanas agus na sócmhainní cánach iarchurtha na himpleachtaí cánach a d'éireodh as an modh is dócha, ar an dáta tuairiscithe, a ndéanfaidh an Grúpa suim ghlanluacha a shócmhainní agus a dhliteanas a ghnóthú nó a shocrú. Cuirtear cáin iarchurtha do dhochar nó do shochar an Ráitis Ioncaim, ach amháin nuair a bhaineann sé le míreanna a cuireadh do dhochar nó do shochar ioncam cuimsitheach eile nó cothromais go díreach, agus sa chás sin caitear leis an gcáin iarchurtha faoi ioncam cuimsitheach eile nó faoi chothromas freisin de réir mar is cuí.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 81


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean)

Déantar sócmhainní agus dliteanais chánach iarchurtha a fhritháireamh nuair is ann do cheart infheidhmithe le dlí chun sócmhainní reatha cánach a chur in aghaidh dliteanais chánach reatha agus nuair atá sé de rún ag an nGrúpa a shócmhainní agus dliteanais chánach reatha a shocrú ar ghlanbhonn.

Réadmhaoin, gléasra agus trealamh

Luaitear réadmhaoin, gléasra agus trealamh ar a gcostas lúide dímheas carntha agus aon chaillteanais laige charntha, seachas i gcás talún, a léirítear ar a costas lúide an laige. Úsáidtear modh an mhéid chothroim le dímheas a aithint ionas go ndíscríobhtar costais sócmhainní thar a saolré ionchais measta. Déantar athbhreithniú ar an saolré ionchais measta, ar an luach iarmharach agus ar an modh dímheasa ag deireadh gach tréimhse, agus mínítear aon athruithe ar na meastacháin sna cuntais ar bhonn ionchasach. Is mar seo a leanas atá na tréimhsí dímheasa do na príomhchatagóirí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh: • • • • •

Feabhsuithe ar fhoirgneamh ar léas: thar thréimhse an léasa; Foirgnimh ruílse agus feabhsuithe: 5 bliana go 15 bliana; Daingneáin agus feistis: 5 bliana; Teicneolaíocht faisnéise, trealamh teileachumarsáide agus eile: 3 go 8 mbliana; agus Sócmhainn an Mhargaidh Aonair Leictreachais: 5 bliana.

Is mar seo a leanas atá na tréimhsí dímheasa do chatagóir an Idirnascaire Thoir Thiar laistigh de réadmhaoin, gléasra agus trealamh: • • • • • • •

Cáblaí: 40 bliain; Stáisiúin tiontaire, trádstóras agus trealamh: 30 bliain; Ceadúnais urthrá: 30 bliain; Claochladán breise agus páirteanna spártha: 30 bliain; Córas rialaithe tiontaire: 15 bliana; Trealamh freastalaí TF: 6 bliana; agus Suirbhéireacht Mhuirí: 3 bliana.

Ní dhéantar dímheas ar thalamh ruílse ná ar acmhainní atá á dtógáil. Is í Sócmhainn an Mhargaidh Aonair Leictreachais an lárchóras TF a úsáidtear chun an margadh mórdhíola leictreachais a shocrú agus a riar ar oileán na hÉireann. Iompraítear sócmhainní atá á dtógáil ar a gcostas lúide aon chaillteanas laige aitheanta. Áirítear sna costais táillí gairmiúla, pá agus tuarastail, costais sochair scoir agus aon chostais eile a thabhaítear atá inchurtha go díreach i leith tógáil a leithéid de shócmhainní. Déantar na sócmhainní sin a athaicmiú i gcatagóir chuí agus tosaíonn dímheas na sócmhainní sin nuair a bhíonn na sócmhainní réidh lena n-úsáid bheartaithe. Déantar amach an gnóthú nó an caillteanas a éiríonn ar dhiúscairt nó cur as feidhm réadmhaoine, gléasra agus trealaimh mar an difríocht idir na glanfháltais díolacháin agus suim ghlanluacha na sócmhainne agus aithnítear sa Ráiteas Ioncaim é.

Costais iasachta

Cuirtear na costais a bhaineann le hiasachtaí atá inchurtha go díreach i leith fáil, tógáil nó táirgeadh sócmhainní incháilithe, is sócmhainní a dtógann sé tréimhse shubstaintiúil le hiad a réiteach dá n-úsáid bheartaithe nó dá ndíol, le costas na sócmhainní sin, go dtí go mbeidh na sócmhainní réidh, a bheag nó a mór, dá n-úsáid bheartaithe. Sa chás go n-úsáidtear iasachtaí ar ráta athraitheach chun maoiniú a chur ar fáil do shócmhainn incháilithe agus iad fálaithe i bhfálú éifeachtach ar shreabhadh airgid maidir le riosca ráta úis, is é an glanchostas úis tar éis an fhálaithe an t-ús a chuirtear le costas na sócmhainne incháilithe.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 82


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean)

Ioncam infheistíochta a thuilltear ar shainiasachtaí a infheistítear go sealadach sula gcaitear ar shócmhainní incháilithe iad, déantar é a bhaint ó na costais iasachta atá incháilithe lena gcaipitliú. Aithnítear gach iasacht eile i mbrabús nó i gcaillteanas sa tréimhse ina dtabhaítear í.

Sócmhainní doláimhsithe

Déantar sainaithint ar shócmhainní doláimhsithe a fhaightear i gcomhcheangal gnó agus aithnítear go leithleach ó dhea-thoil iad sa chás go sásaíonn siad an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe agus gur féidir a luachanna córa a thomhas go hiontaofa. Is é costas sócmhainní doláimhsithe dá leithéid a luach cóir ar dháta a bhfála. Tar éis a gcéad aitheanta, tuairiscítear na sócmhainní seo ar a gcostas lúide amúchadh carntha agus caillteanais laige charntha. Sa chás go bhfuil saolré mheasta theoranta ag na sócmhainní doláimhsithe, gearrtar amúchadh ar bhonn an mhéid chothroim thar a saolré úsáideach mheasta. Tá na Stiúrthóirí den tuairim go bhfuil saolré éiginnte i gceist leis na comhaontuithe TSO agus MO do Thuaisceart Éireann. Cuireadh na príomhfhachtóirí seo a leanas san áireamh agus saolré úsáideach na gcomhaontuithe ceadúnais thuasluaite á meas; úsáid ionchais, gnáth-shaolré sócmhainní den chineál céanna a úsáidtear ar bhealach comhchosúil leo, cobhsaíocht an tionscadail ina n-oibrítear an tsócmhainn, tréimhse rialaithe ar an tsócmhainn agus dátaí éaga comhaontuithe ceadúnais. Is beag seans go gcuirfí na ceadúnais thuasluaite ar ceal agus ós rud é go bhfuil na ceadúnais neamhiata, in-athnuaite agus nach bhfuil aon teorainn intuartha leis an tréimhse is dócha a ghinfidh an tsócmhainn glaninsreabhadh airgid don Ghrúpa, tá foshuíomh saolré éiginnte réasúnta. Déantar athbhreithniú ar an tsaolré ionchais mheasta agus ar an modh amúchta ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, agus mínítear aon athruithe ar na meastacháin sna cuntais ar bhonn ionchasach.

Lagú sócmhainní

Ar dháta gach Cláir Chomhardaithe, déanann an Grúpa athbhreithniú ar shuimeanna glanluacha a shócmhainní doláimhsithe, réadmhaoine, gléasra agus trealaimh lena dhéanamh amach an ann d’aon chomharthaí gur tháinig caillteanas laige ar na sócmhainní sin. Má bhíonn aon chomharthaí den chineál sin ann, meastar méid in-aisghabhála na sócmhainne d’fhonn méid an chaillteanais laige (más ann dó) a dhéanamh amach. Sa chás nach féidir méid inaisghabhála sócmhainne aonair a mheas, measann an Grúpa méid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid lena mbaineann an tsócmhainn. Sa chás gur féidir bonn réasúnta, comhsheasmhach leithdháilte a aithint, leithdháiltear sócmhainní corparáideacha ar aonaid giniúna airgid aonair freisin, é sin nó leithdháiltear ar an ngrúpa is lú aonad giniúna airgid ar féidir bonn réasúnta, comhsheasmhach leithdháilte a aithint ina leith. Is é an méid in-aisghabhála an luach cóir lúide costais díolacháin nó an luach úsáide, cibé acu is airde. Agus an luach úsáide á mheas, déantar sreafaí airgid measta todhchaí a lascainiú go dtí a luach láithreach le ráta lascaine roimh cháin a léiríonn measúnuithe margaidh reatha ar amluach airgid agus na rioscaí ar leith a bhaineann leis an tsócmhainn nach bhfuil coigeartú déanta todhchaí ar na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí. Má mheastar go bhfuil méid in-aisghabhála sócmhainne nó aonaid giniúna airgid níos lú ná an tsuim ghlanluacha, laghdaítear suim ghlanluacha na sócmhainne nó an aonaid chuig an méid in-aisghabhála. Aithnítear caillteanas laige láithreach bonn sa Ráiteas Ioncaim, ach amháin sa chás go ndéantar an tsócmhainn nó an t-aonad giniúna airgid ábhartha a iompar ar an méid athluacháilte. Caitear leis an gcaillteanas laige mar laghdú athluachála sa chás sin.

Deontais

Mínítear deontais chaipitil sna cuntais mar ioncam iarchurtha ar an gClár Comhardaithe agus scaoiltear go brabús nó caillteanas iad thar shaolré úsáideach ionchais na sócmhainní atá i gceist. Ní aithnítear deontais go dtí go mbíonn cinnteacht réasúnta ann go gcomhlíonfaidh an Grúpa na coinníollacha a bhaineann leo agus go bhfaighfear na deontais.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 83


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean) Sócmhainní agus dliteanais airgeadais

Aithnítear sócmhainní agus dliteanais airgeadais ar an gClár Comhardaithe nuair a éiríonn an Grúpa ina pháirtí d’fhorálacha conartha ionstraime. Déantar infháltais trádála a thomhas ar luach an tsonraisc tráth a n-aithnítear den chéad uair iad, arb ionann é agus a luach cóir, a bheag nó a mhór, agus iompraítear ina dhiaidh sin iad ar a gcostas amúchta. Déantar sócmhainní agus dliteanais airgeadais a dhíaithint ón gClár Comhardaithe nuair a scoireann an Grúpa de bheith ina pháirtí d’fhorálacha conartha na hionstraime. Sa chás go ndeachaigh rannpháirtithe margaidh isteach i gComhaontuithe Ath-leithdháilte Socraithe, luaitear na hinfháltais agus na nithe iníoctha glan, toisc go bhfuil rún ann iad seo a shocrú ag an am céanna ar ghlanbhonn faoin gcód trádála agus socraíochta. Is éard atá in Airgead Tirim agus Coibhéisí Airgid Thirim ná airgead ar láimh agus infheistíochtaí gearrthéarmacha ardleachtacha eile is féidir a thiontú go héasca ina méid áirithe airgid is eol agus nach bhfuil mórán riosca ag bhaint leo. Déantar suimeanna iníoctha trádála a thomhas ar luach an tsonraisc tráth a n-aithnítear den chéad uair iad, arb ionann é agus a luach cóir, a bheag nó a mhór, agus iompraítear ina dhiaidh sin iad ar a gcostas amúchta.

Ionstraimí airgeadais díorthacha

Baineann an Grúpa leas as babhtálacha ráta úis d’fhonn a neamhchosaint ar riosca ráta úis a mhaolú. Nochtar sonraí breise ar ionstraimí airgeadais díorthacha i nóta 27. Aithnítear ionstraimí díorthacha airgid ar a luach cóir ar an dáta a dtéitear isteach sa chonradh díorthach ar dtús agus ina dhiaidh sin déantar iad a atomhas ar a luach cóir ar dháta gach Cláir Chomhardaithe. Déantar amach luach cóir babhtálacha ráta úis ar an dáta tuairiscithe ach sreafaí airgid todhchaí a lascainiú le fachtóirí lascainithe arna n-idirshuí ó chuair ráta úis ar an dáta tuairiscithe. Aithnítear an gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn as sin i mbrabús nó caillteanas láithreach bonn ach amháin sa chás go bhfuil an díorthach ainmnithe agus éifeachtach mar ionstraim fálaithe, agus sa chás sin braitheann cathain a aithnítear i mbrabús nó caillteanais é ar an gcaidreamh fálaithe.

Ionstraimí fálaithe

Ainmníonn an Grúpa a bhabhtálacha ráta úis mar fháluithe ar an sreabhadh airgid. Ar dháta tionscanta an chaidrimh fálaithe, déanann an Grúpa doiciméadú ar an gcaidreamh idir an ionstraim fálaithe agus an mhír atá á fálú, chomh maith lena chuspóirí ó thaobh bainistíocht riosca de agus a straitéis i dtaobh idirbhearta éagsúla fálaithe a dhéanamh. Chomh maith leis sin, ar dháta tionscanta an fhálaithe agus ar bhonn leanúnach, déanann an Grúpa doiciméadú ar cibé acu an bhfuil an ionstraim fálaithe atá á húsáid i gcaidreamh fálaithe ardéifeachtúil i dtaobh fritháireamh a dhéanamh ar athruithe ar shreafaí airgid na míre atá á fálú. Déantar an sciar éifeachtúil de na hathruithe ar luach cóir na mbabhtálacha ráta úis atá ainmnithe agus incháilithe mar fháluithe ar an sreabhadh airgid a aithint in ioncam cuimsitheach eile agus carntar faoi chothromas iad. Aithnítear an gnóthachan nó an caillteanas a bhaineann leis an sciar neamhéifeachtúil i mbrabús nó caillteanas láithreach bonn, agus áirítear faoi chostais airgeadais sa Ráiteas Ioncaim é. Déantar athchúrsáil ar mhéideanna a charntar faoi chothromas i mbrabús nó caillteanas sna tréimhsí ina n-aithnítear an mhír fhálaithe i mbrabús nó caillteanas, ar an líne chéanna leis an mír fhálaithe aitheanta sa Ráiteas Ioncaim, nó áirítear mar bhunchoigeartú ar mhír fhálaithe neamhairgeadais é. Scoirtear de chuntasaíocht fálaithe nuair a dhéanann an Grúpa cúlghairm ar an gcaidreamh fálaithe, nuair a théann an ionstraim fálaithe in éag, nuair a dhíoltar í, nuair a chríochnaítear í, nó nuair a fheidhmítear é, nó nuair nach bhfuil sí incháilithe le haghaidh cuntasaíocht fálaithe a thuilleadh. Leagtar amach i nóta 27 sonraí faoi luach cóir na mbabhtálacha ráta úis atá ag an nGrúpa faoi láthair a úsáidtear chun críche fálú. Tugtar sa Ráiteas ar Ioncam Cuimsithe mionchuntas ar ghluaiseachtaí sa chúlchiste fálaithe i gcothromas freisin.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 84


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean) Iasachtaí úsmhara

Aithnítear iasachtaí úsmhara ar a luach cóir ar dtús, arb ionann é sin agus luach na bhfáltas a fuarthas glan ó aon chostais socraithe atá inchurtha go díreach ina leith. Tar éis a gcéad aitheanta, úsáidtear modh an ghlanráta úis leis na hiasachtaí seo a lua ar a gcostas amúchta.

Ioncam airgeadais agus costais

Tuilltear ioncam úis ar thaiscí bainc agus déantar é a fhabhrú ar bhonn ama trí thagairt don bhunairgead gan íoc ar an nglanráta úis is infheidhme, is é sin an ráta a dhéanann na fáltais airgid todhchaí mheasta a lascainiú go beacht le himeacht shaolré ionchais na sócmhainne airgeadais ar luach anonn na sócmhainne sin. Tuilltear ioncam freisin trí ús arna choigeartú do bhoilsciú a ghearradh ar chostais iarchurtha a bhaineann le tionscadail tarchuir. Tá ús ar iasachtaí agus ar bhabhtálacha ráta úis lena mbaineann san áireamh faoi chostais airgeadais. Aithnítear costais airgeadais mar chostas sa tréimhse inar tabhaíodh iad, ach amháin nuair atá costais airgeadais inchurtha go díreach i leith fháil, tógáil nó táirgeadh na sócmhainní incháilithe, agus sa chás sin mhíneofaí mar chostais iasachta iad sna cuntais. Déantar costais airgeadais a ríomh le modh an ghlanráta úis, is modh a úsáidtear chun costas amúchta dliteanais airgeadais a ríomh agus costas úis a leithdháileadh thar an tréimhse ábhartha. Is é an glanráta úis an ráta a dhéanann na híocaíochtaí airgid todhchaí measta a lascainiú go beacht le himeacht shaolré ionchais an dliteanais airgeadais.

Breithiúnais chuntasaíochta chriticiúla agus príomhfhoinsí neamhchinnteachta maidir le meastacháin

Agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu, ní foláir don lucht bainistíochta meastacháin agus foshuíomhanna a dhéanamh faoi na suimeanna glanluacha a thuairiscítear do shócmhainní agus dhliteanais amhail ar dháta an Chláir Chomhardaithe agus faoi na méideanna a thuairiscítear d’ioncam agus costais le linn na tréimhse nach bhfuil soiléir go héasca ó fhoinsí eile. Bunaítear na meastacháin agus na foshuíomhanna gaolmhara ar thaithí stairiúil agus ar fhachtóirí eile a mheastar a bheith ábhartha. Fágann nádúr an mheasúnaithe gur féidir le torthaí iarbhír a bheith éagsúil ó na meastacháin sin. Déantar athbhreithniú ar na meastacháin agus ar na foshuíomhanna ar bhonn leanúnach. Is iad seo a leanas na príomhfhoinsí measúnaithe agus neamhchinnteachta agus breithiúnas cuntasaíochta criticiúil: •

Saolré úsáideach réadmhaoine, gléasra agus trealaimh Braitheann an muirear dímheasa le haghaidh réadmhaoine, gléasra agus trealaimh go príomha ar shaolré mheasta gach cineáil sócmhainne, agus, i gcásanna áirithe, ar mheastacháin ar a luach iarmharach. Déanann an lucht bainistíochta amach saolré úsáideach sócmhainní tráth a bhfaightear na sócmhainní agus déantar athbhreithniú orthu gach bliain lena chinntiú go mbíonn sí fós cuí. Bunaítear na saolréanna ar thaithí stairiúil a fuarthas ar shócmhainní comhchosúla, chomh maith le himeachtaí a bhfuiltear ag súil leo amach anseo a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a saolré a chur san áireamh, mar shampla, athruithe ar theicneolaíocht.

Oibleagáidí sochair scoir Oibríonn an Grúpa dhá phlean pinsin le sochar sainithe. Bunaítear luacháil achtúireach dhliteanais na bpleananna pinsin ar fhoshuíomhanna éagsúla airgeadais agus déimeagrafacha i leith an ama atá le teacht, lena n-áirítear rátaí lascaine, boilsciú, arduithe tuarastail, arduithe pinsin agus rátaí báis. Déanann achtúirí neamhspleácha cáilithe oibleagáid an Ghrúpa maidir leis na pleananna a ríomh agus déantar iad a nuashonrú ar a laghad uair sa bhliain. Ba é €178.5m (2016: €196.0m) an oibleagáid amhail an 30 Meán Fómhair 2017 agus ba é €156.7m (2016: €142.1m) luach cóir shócmhainní na bpleananna. Cuireadh teorainn sócmhainní pinsin le sócmhainní phinsean SONI de bharr, de réir rialacha IFRS (IFRIC 14 - IAS 19 - An Teorainn le Sócmhainn Sochair Shainithe, Íosriachtanais Chistithe agus a Riachtanas Idirghníomhaithe), nach bhfuil ceart neamhchoinníollach ag SONI sócmhainní na scéime a réadú ag am éigin amach anseo le linn shaolré an phlean ná tráth a socrófar an plean. Fágann an méid sin gurb ann do ghlaneasnamh pinsin €24.1m (2016: €53.9m) tar éis an teorainn sócmhainní a chur i bhfeidhm ach roimh cháin iarchurtha.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 85


2. An Ráiteas maidir le Polasaithe Cuntasaíochta (ar lean) •

Cáin iarchurtha Aithnítear sócmhainní cánach iarchurtha chomh fada agus is dócha go mbeidh brabús inchánach todhchaí ar fáil a fhéadfar a úsáid i gcoinne aon chaillteanais cánach neamhúsáidte agus creidmheasanna cánach neamhúsáidte. Measann an Grúpa an méid brabúis inchánaigh todhchaí is dóchúla ach úsáid a bhaint as foshuíomhanna atá ag teacht leo siúd a úsáidtear i ríomhanna laige. Caithfear meastacháin a úsáid sna ríomhanna sin. Ba é €20.0m (2016: €24.4m) an tsócmhainn chánach iarchurtha amhail an 30 Meán Fómhair 2017. Ba é €22.6m (2016: €17.4m) an dliteanas cánach iarchurtha amhail an 30 Meán Fómhair 2017.

Sócmhainní doláimhsithe Déanann an Grúpa tástáil ar bhonn bliantúil lena fháil amach an bhfuil aon laige tar éis teacht ar a shócmhainní deathola nó a shócmhainní comhaontaithe ceadúnaithe. Úsáideadh ríomhanna luacha úsáide le méid in-aisghabhála na sócmhainní doláimhsithe atá leithroinnte d’Aonad Giniúna Airgid a dhéanamh amach. Is ríomhanna iad sin a bhaineann úsáid as buiséid agus réamhaisnéisí a chlúdaíonn an tréimhse go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 agus atá íogair ar na cinntí maidir le rialú praghsanna a thabhairt chun críche leis na húdaráis rialála. Caithfear meastacháin agus foshuíomhanna a úsáid sna ríomhanna sin agus tugtar mionchuntas orthu i nóta 12. Ba é €2.1m (2016: €2.2m) luach na sócmhainní doláimhsithe amhail an 30 Meán Fómhair 2017.

3. Eolas faoi Dheighleoga

Is éard is deighleog oibriúcháin ann ná comhbhall den eintiteas a théann i mbun gníomhaíochtaí gnó ar féidir leis ioncam a thuilleamh agus costais a thabhú mar thoradh orthu. Déanann an Bord, mar phríomhchinnteoir oibriúcháin an eintitis, athbhreithniú ar thorthaí oibriúcháin na deighleoige ag féachaint le cinntí a dhéanamh faoi acmhainní atá le leithdháileadh uirthi agus lena feidhmíocht a mheas, agus cuirtear eolas airgeadais ar leith ar fáil i ndáil le gach deighleog chuige sin. Déantar an Grúpa a anailísiú ina cheithre phríomhdheighleog chun críche tuairisciú inmheánach: •

Oibreoir Córais Tarchurtha EirGrid (‘EirGrid TSO’), a dhíorthaíonn a chuid ioncaim ó bheith ag cur seirbhísí ar fáil mar an TSO in Éirinn agus tá á rialáil ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU). Tá san áireamh sa deighleog ‘EirGrid TSO’ trádáil EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe chomh maith de bharr go bhfuil sé beag go leor. Is é sin an chuideachta a bhainistíonn an ceadúnas le haghaidh an chábla snáthoptaice tráchtála a tógadh mar chuid de thionscadal an Idirnascaire Thoir Thiar.

Oibreoir an Mhargaidh Aonair Leictreachais (‘SEMO’), a dhíorthaíonn a chuid ioncaim ó bheith ag feidhmiú mar an tOibreoir Margaidh don mhargadh mórdhíola leictreachais ar oileán na hÉireann.

Oibreoir Córais Tarchurtha SONI (‘SONI TSO’), atá ceadúnaithe ag Rialtóir Fóntas Thuaisceart Éireann (URegNI) agus a dhíorthaíonn a chuid ioncaim ó bheith ag feidhmiú mar an TSO i dTuaisceart Éireann. Tá san áireamh sa deighleog ‘SONI TSO’ trádáil EirGrid UK Holdings Limited, is é sin cuideachta sealbhaíochta na fochuideachta SONI.

Oibriú agus úinéireacht an Idirnascaire Thoir Thiar (‘EWIC’), is é sin an nasc idir eangacha leictreachais na Éireann agus na Breataine.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 86


3. Eolas faoi Dheighleoga (ar lean)

Seo a leanas na torthaí deighleoige don bhliain airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017: EirGrid TSO € ’000

SEMO € ’000

SONI TSO € ’000

EWIC € ’000

Díbirt € ’000

Ioncam deighleoige Costais dhíreacha

382,094 (314,032)

89,332 (79,192)

109,993 (85,308)

29,844 -

(31,848) 31,848

Brabús comhlán Costais oibriúcháin Dímheas (glan ar amúchadh)

68,062 (47,767)

10,140 (7,183)

24,685 (17,634)

29,844 (9,738)

-

132,731 (82,322)

(6,258)

(3,993)

(2,386)

(16,015)

-

(28,652)

Costais oibriúcháin eile

(54,025)

(11,176)

(20,020)

(25,753)

-

(110,974)

14,037

(1,036)

4,665

4,091

-

21,757

Míreanna Ráitis Ioncaim

Nótaí

Brabús/(caillteanas) oibriúcháin Ús agus ioncam eile Costais airgeadais

Iomlán € ’000 579,415 (446,684)

240 (18,632)

Brabús roimh cháin Creidmheas cánach ioncaim

3,365 (1,388)

Brabús don bhliain

1,977

Míreanna an Cláir Chomhardaithe Sócmhainní deighleoige Dea-thoil agus sócmhainní doláimhsithe12

361,006

106,400

50,160

497,073

-

Iomlán na sócmhainní mar a thuairiscítear iad ar an gClár Comhardaithe Comhdhlúite Dliteanais deighleoige Iomlán na ndliteanas mar a thuairiscítear iad ar an gClár Comhardaithe Comhdhlúite

1,014,639 2,101

1,016,740 485,156

77,034

19,702

231,448

-

813,340

813,340

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 87


3. Eolas faoi Dheighleoga (ar lean)

Seo a leanas na torthaí comparáideacha deighleoige don bhliain airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2016:

Míreanna Ráitis Ioncaim

Nótaí

Ioncam deighleoige Costais dhíreacha

EirGrid TSO € ’000

SEMO € ’000

SONI TSO € ’000

EWIC € ’000

Díbirt € ’000

Iomlán € ’000

(33,174) 33,174

672,616 (527,447)

374,108 (304,945)

169,494 (153,641)

119,509 (102,035)

42,679 -

Brabús comhlán Costais oibriúcháin Dímheas (glan ar amúchadh) Lagú

69,163 (51,023) (6,916) -

15,853 (7,948) (4,958) -

17,474 (16,729) (2,598) (7,116)

42,679 (8,563) (13,208) -

-

145,169 (84,263) (27,680) (7,116)

Costais oibriúcháin eile

(57,939)

(12,906)

(26,443)

(21,771)

-

(119,059)

11,224

2,947

(8,969)

20,908

-

26,110

Brabús/(caillteanas) oibriúcháin Ús agus ioncam eile Costais airgeadais

423 (18,677)

Brabús roimh cháin Creidmheas cánach ioncaim

7,856 866

Brabús don bhliain airgeadais

8,722

Míreanna an Cláir Chomhardaithe Sócmhainní deighleoige Dea-thoil agus sócmhainní doláimhsithe

363,412

151,840

40,099

514,612

-

12

2,159

Iomlán na sócmhainní mar a thuairiscítear iad ar an gClár Comhardaithe Comhdhlúite Dliteanais deighleoige

1,069,963

1,072,122 527,901

122,690

Iomlán na ndliteanas mar a thuairiscítear iad ar an gClár Comhardaithe Comhdhlúite

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 88

24,687

251,342

-

926,620

926,620


3. Eolas faoi Dheighleoga (ar lean) Eolas geografach

Ioncam

Sócmhainní nach sócmhainní reatha iad

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Éire An RA

447,089 132,326

510,734 161,882

579,846 27,331

569,480 22,305

Iomlán

579,415

672,616

607,177

591,785

Eolas faoi mhórchustaiméirí

San áireamh in ioncam €382.1m (2016: €374.1m) na deighleoige ‘EirGrid TSO’ don bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 tá ioncam thart ar €163.2m (2016: €170.8m), €57.9m (2016: €59.7m), €47.7m (2016: €45.8m) agus €36.7m (2016: €34.6m) a d’éirigh as díolacháin leis an gceathrar custaiméirí is mó dá bhfuil ag an deighleog. San áireamh in ioncam €89.3m (2016: €169.5m) na deighleoige ‘SEMO’ don bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 tá ioncam thart ar €34.0m (2016: €65.0m), €12.9m (2016: €35.5m), €18.4m (2016: €34.1m) agus €8.4m (2016: €14.2m) a d’éirigh as díolacháin leis an gceathrar custaiméirí is mó dá bhfuil ag an deighleog. San áireamh in ioncam €110.0m (2016: €119.5m) na deighleoige ‘SONI TSO’ don bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 tá ioncam thart ar €40.2m (2016: €47.7m), €25.5m (2016: €30.0m), €21.5m (2016: €20.4m) agus €12.0m (2016: €12.0m) a d’éirigh as díolacháin leis an gceathrar custaiméirí is mó dá bhfuil ag an deighleog.

4. Fostaithe

Ba é 360 (2016: 373) meánlíon na ndaoine a bhí fostaithe ag an nGrúpa i rith na bliana go dtí an 30 Meán Fómhair 2017, gan baill foirne atá i mbun oibre ar thionscadail chaipitil a áireamh. Ba é 112 (2016: 107) meánlíon na ndaoine a bhí i mbun oibre ar thionscadail chaipitil i rith na bliana go dtí an 30 Meán Fómhair 2017. Tá caipitliú agus iomlánú déanta ar na costais foirne a bhaineann leis na fostaithe sin agus ba é €11.7m (2016: €10.4m) an t-iomlán don bhliain go dtí an 30 Meán Fómhair 2017. Meánlíon na ndaoine a bhí fostaithe ar bhonn míosúil de réir gníomhaíocht ghnó: Bliain go dtí 30 MF 2017 Uimhir

Bliain go dtí 30 MF 2016 Uimhir

EirGrid TSO SONI TSO SEMO EWIC Tionscadail chaipitil

232 96 26 6 112

233 99 35 6 107

Iomlán

472

480

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 89


4. Fostaithe (ar lean)

Is mar seo a leanas a bhí iomlán an luacha saothair, tuarastal an Stiúrthóra Feidhmiúcháin san áireamh: Grúpa

Cuideachta

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Pá agus tuarastail Costais leasa shóisialta Costais eile sochair scoir Costais eile cúitimh – athstruchtúrú costas

35,878 4,225 11,202 -

35,679 3,912 9,155 567

27,143 3,105 9,230 -

27,003 2,801 7,264 567

Iomlán an luacha saothair a íocadh le fostaithe

51,305

49,313

39,478

37,635

Costais fostaithe arna ngearradh ar an Ráiteas Ioncaim Costais fostaithe arna gcaipitliú

39,608 11,697

38,903 10,410

30,011 9,467

28,853 8,782

Iomlán an luacha saothair a íocadh le fostaithe

51,305

49,313

39,478

37,635

Cúiteamh d’eochairphearsanra bainistíochta:

Tuarastail agus sochair ghearrthéarmacha d’fhostaithe

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

1,380

1,432

Is é an sainmhíniú atá ar eochairphearsanra bainistíochta ná Bord na Stiúrthóirí, an Príomhfheidhmeannach agus seisear comhaltaí na Foirne Feidhmiúcháin.

Bandaí sochair d’fhostaithe:

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

€50,000 - €75,000 €75,001 - €100,000 €100,001 - €125,000 €125,001 - €150,000 €150,000 + *

185 84 51 28 20

183 90 57 29 22

Iomlán

368

381

Níl san áireamh i sochair d’fhostaithe costais pinsin an fhostóra. * De réir an Chóid Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit, nochtar tuarastail ar mó ná €50,000 iad i mbandaí €25,000, seachas i gcás tuarastail ar mó ná €150,000 iad, a nochtar in aon bhanda amháin i bhfianaise na saincheisteanna cosanta sonraí a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Thug an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cead dúinn glacadh leis an gcur chuige seo in ainneoin an chóid.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 90


5. Costais Oibriúcháin Eile An Grúpa

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Costais fostaithe (nóta 4) Dímheas réadmhaoine, gléasra agus trealaimh (nóta 14) Amúchadh deontais (nóta 17) Oibríochtaí agus cothabháil Laige sócmhainní doláimhsithe (nóta 12)

39,608 31,724 (3,072) 42,714 -

Iomlán

110,974

119,059

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

240

423

Costais airgeadais: Iasachtaí agus rótharraingtí bainc a tugadh don Ghrúpa Glanús na scéime pinsin (nóta 23)

17,769 863

18,074 603

Iomlán na gcostas airgeadais

18,632

18,677

6. Ús agus Ioncam Eile, agus Costais Airgeadais An Grúpa Ioncam ó ús: Ioncam ó ús ar éarlaisí

38,903 30,752 (3,072) 45,810 7,116

Tá an Grúpa neamhchosanta ar riosca ráta úis mar faigheann sé airgead ar iasacht ar rátaí úis comhlúthacha. Déanann an Grúpa an riosca a bhainistiú trí chothromaíocht chuí a bhaint amach idir iasachtaí ar ráta seasta agus iasachtaí ar ráta comhlúthach agus trí leas a bhaint as conarthaí babhtála ráta úis.

7. Oibríochtaí an Idirnascaire Thoir Thiar

I bhfianaise a thábhachtaí atá an tIdirnascaire Thoir Thiar (EWIC), a nascann na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, tá tionchar an EWIC ar na Ráitis Ioncaim á chur i láthair i gcolúin ar leith chun tosaigh ar an Ráiteas Ioncaim. Bhí an EWIC as ord le linn na bliana, ón 8 Meán Fómhair 2016 go dtí an 23 Nollaig 2016, de dheasca fabht a tharla nuair a bhí an tIdirnascaire á thabhairt ar ais chun seirbhíse tar éis an éartha bhliantúil cothabhála ar an 8 Meán Fómhair 2016. Bhí an EWIC as ord arís ón 17 Márta 2017 go dtí an 24 Márta 2017 de dheasca an fhabht chéanna. Tá an Grúpa ag breathnú ar na roghanna atá aige d’fhonn na costais a bhain leis na bristeacha a ghnóthú. Tá i gceist leis sin idirbheartaíocht leis an gconraitheoir agus lenár gcuid árachóirí. Ní thugtar aon fhaisnéis bhreise anseo ionas nach ndéanfar dochar don chás. Bhí san áireamh in ioncam an Idirnascaire Thoir Thiar don bhliain airgeadais taraif rialáilte €16.6m (2016: €19.3m) don bhliain airgeadais. Baineann an chuid eile den ioncam a bhaineann leis an EWIC le luach €6.6m (2016: €13.0m) d’fháltais cheantála, chomh maith le luach €6.6m (2016: €10.4m) d’ioncam ó sheirbhísí eile córais a sholáthar. Sruth ioncaim don Ghrúpa is ea na fáltais cheantála, a éiríonn as acmhainn ar an idirnascaire a dhíol. Cuirtear na fáltais cheantála san áireamh nuair a mheastar na róghnóthachain rialála, a aisíoctar i dtréimhsí dá éis sin.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 91


7. Oibríochtaí an Idirnascaire Thoir Thiar (ar lean)

Ba é €12.4m an Caillteanas roimh Cháin (2016: Brabús roimh Cháin €3.4m) i gcomhair oibríochtaí an EWIC don bhliain airgeadais. Ar aon dul leis an ngnáthchleachtas, tabharfar aon róghnóthú rialála a éiríonn sa bhliain airgeadais ar ais do thomhaltóirí i dtréimhse taraife amach anseo agus níl foráil déanta ina leith seo sna ráitis airgeadais.

8. Brabús roimh Cháin

Luaitear an brabús roimh cháin tar éis na nithe seo a leanas a ghearradh/(chreidiúnú):

An Grúpa Dímheas (nóta 14) Amúchadh deontais (nóta 17) Léasanna oibriúcháin ar cíos Caillteanas ar airgeadra eachtrach

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

31,724 (3,072) 3,492 1,284

30,752 (3,072) 3,286 5,286

Seo a leanas an luach saothair comhiomlán a íocadh le stiúrthóirí, nó atá infhaighte acu, i leith seirbhísí incháilithe: Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

- as seirbhísí mar Stiúrthóir - as seirbhísí mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin

97 188

117 188

Iomlán

285

305

An Grúpa

Ranníocaíochtaí comhiomlána a íocadh nó a áiríodh a bheith íoctha nó iníoctha le linn na bliana airgeadais, le scéim sochair scoir i leith seirbhísí incháilithe stiúrthóirí: – scéimeanna le sochar sainithe (don Phríomhfheidhmeannach)

29

29

Níl ach Stiúrthóir amháin (an Príomhfheidhmeannach) i scéim pinsin. Is scéim le sochar sainithe é seo. Déantar anailís mar seo a leanas ar luach saothair an iniúchóra i leith na bliana airgeadais:

An Grúpa – iniúchadh ar chuideachtaí an ghrúpa – seirbhísí dearbhaithe eile – seirbhísí comhairleacha cánach

– seirbhísí eile nach seirbhísí iniúchta iad

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

147 13 177

138 33 76

65 13 142 -

65 33 34 16

-

16

An Chuideachta – iniúchadh ar chuntais aonair na cuideachta – seirbhísí dearbhaithe eile – seirbhísí comhairleacha cánach – seirbhísí eile nach seirbhísí iniúchta iad

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 92


9. Cáin Ioncaim

Muirear/(creidmheas) chuig an Ráiteas Ioncaim:

An Grúpa

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Costas/(creidmheas) reatha cánach Cáin iarchurtha a bhaineann le tionscnamh agus cealú difríochtaí sealadacha Tionchar athruithe ar rátaí agus dlíthe cánach

299

(311)

1,089 -

(555) -

Costas/(creidmheas) cánach ioncaim don bhliain

1,388

(866)

Is féidir an muirear iomlán don bhliain airgeadais a réiteach leis an mbrabús cuntasaíochta mar seo a leanas: Bliain go dtí 30 MF 2017 An Grúpa € ’000 Brabús roimh cháin Cáin ar an ráta caighdeánach 12.5% (2016: 12.5%) Tionchar rátaí cánach níos airde ar ioncam eile Tionchar ioncaim agus caiteachais nár cuireadh san áireamh nuair a bhí brabús inchánach á ríomh Tionchar an chreidmheasa cánach i leith T&F Éifeacht ar iarmhéideanna cánach iarchurtha de bharr athrú ar ráta cánach ioncaim na Ríochta Aontaithe Éifeacht rátaí níos airde cánach ar ghnóthachain/(caillteanais) i bhfochuideachtaí sa Ríocht Aontaithe Gannsoláthar/(Rósholáthar) i mblianta roimhe Difríochtaí eile Costas/(creidmheas) cánach ioncaim arna aithint sa Ráiteas Ioncaim

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

3,365

7,856

421 88

982 88

(326) (394)

8 (421)

-

(85)

398 253 948

(1,051) (937) 550

1,388

(866)

Déantar cáin chorparáideach i leith na n-oibríochtaí de chuid an Ghrúpa atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe (RA) a ríomh ar ráta arb ionann é agus 19.5% (2016: 20%) den bhrabús inmheasúnaithe measta don bhliain airgeadais. Imreofar tionchar ar an muirear cánach i dtréimhsí amach anseo má athraíonn an ráta cánach corparáide sna tíortha ina bhfeidhmíonn an Grúpa. Sa Ríocht Aontaithe, bhí foráil san Acht Airgeadais (Uimh. 2), 2015 go laghdófaí an ráta cánach ioncaim corparáidí ó 20% go 19% ón mbliain airgeadais 2017 ar aghaidh. Glacadh leis an athrú sin sa tsubstaint ar an 26 Deireadh Fómhair 2015. Bhí feidhm ag an ráta laghdaithe ón 1 Aibreán 2017. Ina theannta sin, bhí foráil san Acht Airgeadais, 2016 go ndéanfaí laghdú breise ar an ráta cánach ioncaim corparáidí ó 19% go 17% ón mbliain airgeadais 2020 ar aghaidh. Glacadh leis an athrú sin sa tsubstaint ar an 6 Meán Fómhair 2016. Beidh feidhm ag an ráta laghdaithe sin ón 1 Aibreán 2020. Ní mór iarmhéideanna cánach iarchurtha a aithint ar an ráta cánach a bheidh i bhfeidhm nuair is dócha a dhéanfar an t-iarmhéid a scaoileadh. Dá réir sin, tá an laghdú go 17% léirithe san iarmhéid cánach iarchurtha deiridh.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 93


9. Cáin Ioncaim (ar lean)

Eascraíonn na sócmhainní/(dliteanais) chánach iarchurtha astu seo a leanas:

Grúpa

(Dliteanas)/sócmhainn iarchurtha chánach amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015 Creidmheas/(muirear) chuig an Ráiteas Ioncaim don bhliain Creidmheas chuig an Ráitis ar Ioncam Cuimsitheach Difríochtaí malairte (Dliteanas)/sócmhainn iarchurtha chánach amhail an 30 Meán Fómhair 2016

Dímheas luathaithe cánach € ’000

Oibleagáidí sochair scoir € ’000

Fáluithe ar shreafaí airgid € ’000

Caillteanais chánach € ’000

Iomlán € ’000

(3,617)

(12,992)

3,498

12,441

1,052

382

2,675

(3,675)

244

-

1,311

555

309

(76)

3,347 (96)

2,590 -

-

5,937 137

(633)

(16,743)

6,993

15,031

2,363

7,011

586

-

2,856

(1,092)

-

(8,777) 277

Sócmhainní doláimhsithe € ’000

Creidmheas/(muirear) sa Ráiteas Ioncaim don bhliain Creidmheas chuig an Ráiteas ar Ioncam Cuimsitheach * Difríochtaí malairte

-

(4,534)

299

(11)

(Dliteanas)/sócmhainn iarchurtha chánach amhail an 30 Meán Fómhair 2017

(334)

Sócmhainn iarchurtha chánach Dliteanas iarchurtha cánach

(4,555) (11)

(4,222) -

(21,288)

3,013

10,809

5,219

(2,581)

(334)

992 (22,280)

3,013 -

10,809 -

5,219 -

20,033 (22,614)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2017

(334)

(21,288)

3,013

10,809

5,219

(2,581)

Sócmhainn iarchurtha chánach Dliteanas iarchurtha cánach

(633)

(16,743)

6,993 -

15,031 -

2,363 -

24,387 (17,376)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2016

(633)

(16,743)

6,993

15,031

2,363

7,011

*Cáin iarchurtha ar theorainn sócmhainní SONI san áireamh

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 94


9. Cáin Ioncaim (ar lean)

Cuideachta

Dímheas luathaithe cánach € ’000

Oibleagáid sochar scoir € ’000

Fáluithe ar shreafaí airgid € ’000

Iomlán € ’000

Sócmhainn iarchurtha chánach amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015 (Muirear)/creidmheas sa Ráiteas Ioncaim don bhliain Creidmheas chuig an Ráiteas ar Ioncam Cuimsitheach

689 (65) -

3,222 349 2,628

8,805 2,062

12,716 284 4,690

Sócmhainn iarchurtha chánach amhail an 30 Meán Fómhair 2016

624

6,199

10,867

17,690

Creidmheas chuig an Ráiteas Ioncaim don bhliain Creidmheas chuig an Ráiteas ar Ioncam Cuimsitheach

105 -

604 (3,790)

(2,927)

709 (6,717)

Sócmhainn iarchurtha chánach amhail an 30 Meán Fómhair 2017

729

3,013

7,940

11,682

Anailís ar (dhliteanais)/shócmhainní iarchurtha cánach de réir dlínse cánach:

Grúpa

30 MF 2017 € ’000

Cuideachta

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Éire An RA

(2,844) 263

5,557 1,454

11,682 -

17,690 -

(Dliteanas)/sócmhainn iarchurtha chánach

(2,581)

7,011

11,682

17,690

10. Ráiteas Ioncaim na Cuideachta Mar a cheadaítear le halt 304(2) d'Acht na gCuideachtaí, 2014, tá an Mháthairchuideachta ag baint leas as an díolúine ó Ráiteas Ioncaim ar leith a chur i láthair agus ó é a chomhdú san Oifig um Chlárú Cuideachtaí. Áirítear leis an mbrabús comhdhlúite don bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 brabús €11,148,000 (2016: €23,022,000) is inchurtha tar éis cánach i leith na Cuideachta.

11. Díbhinní

Mar atá léirithe i nóta 18 tá scairchaipiteal d’aon chineál amháin eisithe ag an gcuideachta, is é sin Gnáthscaireanna. Is mar seo a leanas atá na díbhinní i leith an chineáil sin scairchaipitil: 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Cothromas Díbhinn deiridh 2017 - €133.33 in aghaidh na Gnáthscaire (Díbhinn deiridh 2016 - €116.67 in aghaidh na Gnáthscaire)

4,000

3,500

Iomlán

4,000

3,500

Díbhinní do Scairshealbhóirí

Molann Stiúrthóirí an Ghrúpa díbhinn deiridh €4,000,000 (2016: €4,000,000) a íoc don bhliain airgeadais dar críoch an 30 Meán Fómhair 2017.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 95


12. Sócmhainní Doláimhsithe Grúpa

Dea-thoil € ’000

Comhaontuithe ceadúnais € ’000

Iomlán € ’000

Costas Iarmhéid amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015 Difríochtaí malairte

5,252 (737)

21,534 (3,137)

26,786 (3,874)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2016 Difríochtaí malairte

4,515 (89)

18,397 (374)

22,912 (463)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2017

4,426

18,023

22,449

Caillteanais Laige Charntha Iarmhéid amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015 Muirear laige Difríochtaí malairte

5,252 (737)

11,369 7,116 (2,247)

16,621 7,116 (2,984)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2016 Difríochtaí malairte

4,515 (89)

16,238 (316)

20,753 (405)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2017

4,426

15,922

20,348

Suim ghlanluacha amhail an 30 Meán Fómhair 2017

-

2,101

2,101

Suim ghlanluacha amhail an 30 Meán Fómhair 2016

-

2,159

2,159

Ar dháta an Chláir Chomhardaithe, leithdháileadh luach na gcomhaontuithe ceadúnais ar aonaid giniúna airgid an Ghrúpa (CGUnna) d’fhonn aon bhearnú féideartha a mheas. Seo a leanas achoimre ar leithdháileadh na sócmhainní doláimhsithe de réir a bpríomhaonaid: 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

SONI TSO SEMO

2,101

2,159

Iomlán

2,101

2,159

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 96


12. Sócmhainní Doláimhsithe (ar lean)

Oibríodh amach méid in-aisghabhála na sócmhainní doláimhsithe atá leithdháilte d’aonad giniúna airgid le ríomhanna luacha úsáide, a úsáideann buiséid agus réamhaisnéisí don tréimhse go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Is é sin an tréimhse a mheasann an lucht bainistíochta gur féidir réamhaisnéisí scoite ar shreafaí ionchais airgid a dhéanamh go réasúnta. Is iad na príomhbhoinn tuisceana faoi na ríomhanna luacha úsáide ná na cinn siúd a bhaineann le rátaí lascaine, rátaí fáis agus gnóthuithe rialála a bhfuiltear ag súil leo a eascraíonn as rialuithe praghsanna. I measc na bpríomhbhoinn tuisceana a úsáidtear sna ríomhanna tá: •

Tá leibhéil bhrabúsachta SEMO bunaithe ar rialuithe rialála praghsanna 2016-2019, a comhaontaíodh in 2016, agus ar an dréachtchinneadh don tréimhse 2018-2021.

Tá leibhéil bhrabúsachta SONI bunaithe ar pháipéar cinnidh deiridh SONI don tréimhse rialaithe praghsanna 20152020, a eisíodh i mí Feabhra 2016, agus ar thoradh an achomhairc chun an Údaráis Iomaíochta agus Margaí (CMA), a foilsíodh i mí na Samhna 2017. Úsáideadh aisghabhálacha measta rialála chun na leibhéil bhrabúsachta a thuar sa tréimhse níos faide anonn ná na rialuithe reatha praghsanna;

Táthar ag oibriú ar an mbonn gurb iad 4.72% agus 5.90% (2016: 4.72% agus 5.90%) na rátaí lascaine i gcomhair na n-aonad giniúna airgid SEMO agus SONI TSO faoi seach, bunaithe ar na rialuithe praghsanna thuasluaite;

Tá glactha leis gurb é 2.0% (2016: 2.0%) an buanráta fáis do bhoinn sócmhainne rialála (RAB) SEMO agus SONI TSO. Tá glactha leis gurb é nialas% (2016: nialas%) an buanráta fáis do dhreasachtaí rialála SEMO agus SONI TSO. Léiríonn na foshuíomhanna sin go bhfuil an lucht bainistíochta ag súil le fás san fhadtéarma.

Amhail an 30 Meán Fómhair 2017, roimh thástáil laige, leithdháileadh dea-thoil €nialas agus comhaontuithe ceadúnais €nialas ar SONI TSO, a fhaigheann a chuid ioncaim trí ghníomhú mar an tOibreoir Córais Tarchurtha i dTuaisceart Éireann. Ar bhonn na bhfoshuíomhanna thuas, mheas na Stiúrthóirí nach ann d’aon mhuirear laige (2016: €5.4m). Amhail an 30 Meán Fómhair 2017, roimh thástáil laige, leithdháileadh dea-thoil €nialas agus comhaontuithe ceadúnais €2.1m ar SEMO, a fhaigheann a chuid ioncaim trí ghníomhú mar an tOibreoir Margaidh do SEM. Ar bhonn na bhfoshuíomhanna thuas, mheas na Stiúrthóirí nach ann d’aon mhuirear laige (2016: €1.0m). Braitheann an tástáil laige ar mheastacháin agus ar bhreithiúnais an lucht bainistíochta, go háirithe i ndáil le sreafaí airgid amach anseo a réamhaisnéisiú (atá faoi réir na gcinntí deiridh maidir le Rialú Praghsanna), ar an gcóimheas giarála a mheastar is féidir a bhaint amach, ar na rátaí lascaine a chuirtear i bhfeidhm ar na sreafaí airgid sin agus ar na rátaí fáis a bhfuiltear ag súil leo san fhadtéarma. Rinne an Grúpa anailís íogaireachta ar an tástáil laige ar gach ceann de luachanna tugtha anonn an aonaid giniúna airgid. Is é an toradh a bheadh ar mhéadú 0.5% ar an ráta lascaine go ndéanfaí lagú €nialas (2016: €0.2m) ar luach an cheadúnais san aonad giniúna airgid ‘SEMO’ agus lagú breise €nialas (2016: €nialas) agus €nialas (2016: €nialas) ar luach na dea-thola agus an cheadúnais faoi seach san aonad giniúna airgid ‘SONI TSO’. Is é an toradh a bheadh ar mhéadú 1% ar an mbuanráta fáis RAB go ndéanfaí lagú €nialas (2016: €nialas) ar luach an cheadúnais san aonad giniúna airgid ‘SEMO’ agus lagú breise €nialas (2016: €nialas) agus €nialas (2016: €nialas) ar luach na dea-thola agus an cheadúnais faoi seach san aonad giniúna airgid ‘SONI’.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 97


13. Infheistíocht i bhFochuideachtaí

Is iad seo a leanas fochuideachtaí an Ghrúpa, agus iad ar fad faoi lánúinéireacht: Fochuideachta Tír a hIonchorpraithe EirGrid UK Holdings Limited Tuaisceart Éireann SONI Limited Tuaisceart Éireann EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe Éire

EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe

Éire

Príomhghníomhaíocht Cuideachta shealbhaíochta TSO Idirnascadh

Teileachumarsáid

Tá EirGrid UK Holdings Limited, EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe agus EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe faoi úinéireacht dhíreach na Cuideachta. Tá SONI Limited faoi úinéireacht EirGrid UK Holdings Limited. Tá EirGrid cpt agus EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe ina bpáirtithe i gcomhaontuithe áirithe maoinithe, a bhaineann le húinéireacht an Idirnascaire Thoir Thiar, a bhfuil faomhadh ó bhainc iasachtaithe ag teastáil ina leith le haghaidh aon dáiltí ó EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe chuig EirGrid cpt. Is é The Oval, 160 Bóthar Shíol Bhroin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4 oifig chláraithe EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe agus EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe. Tá oifig chláraithe EirGrid UK Holdings Limited agus SONI Limited ag Teach an Chaisleáin Riabhaigh, 12 Bóthar Manse, Béal Feirste. Infheistíocht i bhfochuideachtaí Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Iarmhéid ag tús na bliana

155,711

155,711

Iarmhéid ag deireadh na bliana

155,711

155,711

Rinne an Chuideachta luach €31.7m (2016: €31.7m) de réamhíocaíochtaí le EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe, chomh maith le luach €285.0m (2016: €285.0m) d’fhiachas a thabhairt ar aghaidh mar iasacht. Níl aon ús iníoctha ar na suimeanna seo faoin gcomhaontú iasachta idirchuideachta. D’aithin an Chuideachta infheistíocht €155.5m (2016: €155.5m) in EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe agus €0.2m (2016: €0.2m) in EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe, a léiríonn an meastachán reatha ar luach an ráta úis tráchtála a ndéanfaidh an Chuideachta gan é thar shaolré na n-iasachtaí seo.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 98


14. Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh

Grúpa

Talamh agus Daingneáin foirgnimh agus * feistis € ’000 € ’000

Costas Iarmhéid amhail an 1 DF 2015 Breiseanna Aistrithe Difríochtaí malairte

IS, An Margadh trealamh Aonair teileach. Leictreachais Mótaragus eile ** fheithiclí € ’000 € ’000 € ’000

Sócmhainní atá á dTógáil EWIC *** € ’000 € ’000

Iomlán € ’000

16,783 34 (1,147)

2,452 14 -

109,210 1,062 12,218 (3,065)

50,873 (1,530)

77 -

558,378 197 -

23,031 30,895 (12,266) (1,162)

760,727 32,231 (6,904)

Iarmhéid amhail an 30 MF 2016 15,670

2,466

119,425

49,343

77

558,575

40,498

786,054

18 (137)

35 -

7 3,686 (561)

(183)

-

12,176 (470) 803 -

35,955 (4,542) (200)

48,138 (470) (1,081)

Iarmhéid amhail an 30 MF 2017 15,551

2,501

122,557

49,160

77

571,084

71,711

832,641

Dímheas Iarmhéid amhail an 1 DF 2015 Muirear Difríochtaí malairte

4,142 673 (415)

1,826 137 -

79,167 13,657 (2,231)

50,767 (1,530)

5 -

33,950 16,280 -

-

169,852 30,752 (4,176)

Iarmhéid amhail an 30 MF 2016 4,400

1,963

90,593

49,237

5

50,230

-

196,428

646 (52)

115 -

11,804 (294)

(183)

15 -

19,144 (58) -

-

31,724 (58) (529)

Iarmhéid amhail an 30 MF 2017 4,994

2,078

102,103

49,054

20

69,316

-

227,565

Breiseanna Diúscairtí Aistrithe Difríochtaí malairte

Muirear Diúscairt Difríochtaí malairte

Suim ghlanluacha amhail an 30 MF 2017

10,557

423

20,454

106

57

501,768

71,711

605,076

Suim ghlanluacha amhail an 30 MF 2016

11,270

503

28,832

106

72

508,345

40,498

589,626

* Áirítear feabhsuithe léasachta i gcostas fhoirgnimh an Ghrúpa. **Is í Sócmhainn an Mhargaidh Aonair Leictreachais an lárchóras TF a úsáidtear chun an margadh mórdhíola leictreachais a shocrú agus a riar ar oileán na hÉireann. *** Is iad seo a leanas na Sócmhainní atá á dTógáil: 30 MF 2017 30 MF 2016 € ’000 € ’000 Trealamh IS agus teileachumarsáide Tionscadal I-SEM Tionscadal an Idirnascaire Cheltigh Tionscadal Seirbhísí Córais Saoráidí EWIC

8,836 55,101 4,642 2,473 659 -

6,948 25,790 5,056 1,474 356 874

Iomlán

71,711

40,498

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 99


14. Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh (ar lean)

Cuideachta

Daingneáin Foirgnimh agus * feistis € ’000 € ’000

IS, trealamh teileach. agus eile € ’000

An Margadh Sócmhainní Aonair atá á Mótar- Leictreachais dTógáil fheithiclí ** *** € ’000 € ’000 € ’000

Iomlán € ’000

Costas Iarmhéid amhail an 1 DF 2015 Breiseanna Aistrithe

10,407 -

2,161 14

89,617 797 7,683

77 -

41,418 -

17,633 161,236 22,362 23,236 (7,697) -

Iarmhéid amhail an 30 MF 2016

10,407

2,175

98,097

77

41,418

32,298 184,472

-

35

5 2,821

-

-

10,407

2,210

100,923

77

3,110 434

1,765 137

68,408 10,045

Iarmhéid amhail an 30 MF 2016 Muirear

3,544 434

1,902 115

Iarmhéid amhail an 30 MF 2017

3,978

Suim ghlanluacha amhail an 30 MF 2017 Suim ghlanluacha amhail an 30 MF 2016

Breiseanna Aistrithe Iarmhéid amhail an 30 MF 2017 Dímheas Iarmhéid amhail an 1 DF 2015 Muirear

26,936 (2,856)

26,941 -

41,418

56,378

211,413

5

40,905 -

-

114,188 10,621

78,453 8,620

5 15

40,905 -

- 124,809 9,184

2,017

87,073

20

40,905

- 133,993

6,429

193

13,850

57

513

56,378

77,420

6,863

273

19,644

72

513

32,298

59,663

*Is ionann costas fhoirgnimh na Cuideachta agus feabhsuithe léasachta. Féach nóta 20 chun sonraí a fháil faoin léas. **Is í Sócmhainn an Mhargaidh Aonair Leictreachais an lárchóras TF a úsáidtear chun an margadh mórdhíola leictreachais a shocrú agus a riar ar oileán na hÉireann. *** Is iad seo a leanas na Sócmhainní atá á dTógáil:

Trealamh IS agus teileachumarsáide Tionscadal I-SEM Tionscadal an Idirnascaire Cheltigh Tionscadal Seirbhísí Córais Saoráidí Iomlán

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 100

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

8,114 41,138 4,642 1,910 574

6,747 19,357 5,056 782 356

56,378

32,298


15. Infháltais Trádála agus Infháltais Eile

Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

72,573 19,666 57,286 -

21,574 53,225 57,458 -

67,141 10,092 57,286 40,649

18,159 45,271 57,458 23,710

149,525

132,257

175,168

144,598

37,600 -

36,760 -

29,600 198,646

26,700 190,565

37,600

36,760

228,246

217,265

187,125

169,017

403,414

361,863

Méideanna dlite taobh istigh de bhliain amháin: Infháltais trádála Réamhíocaíochtaí agus ioncam fabhraithe Infháltais gan billeáil Suimeanna atá dlite ag foghnóthais Iomlán Méideanna dlite tar éis níos mó ná bliain amháin: Réamhíocaíochtaí agus ioncam fabhraithe Suimeanna atá dlite ag foghnóthais

Iomlán

Measann na Stiúrthóirí gurb ionann suim ghlanluacha na n-infháltas trádála agus na n-infháltas eile agus an luach cóir atá orthu a bheag nó a mhór. Baineann €44.3m (2016: €1.2m) d’infháltais trádála an Ghrúpa agus na Cuideachta le híocaíochtaí atá dlite ó ESB mar an tÚinéir Sócmhainní Tarchurtha in Éirinn. Cuimsíonn nithe infhaighte neamhbhilleáilte go príomha ioncam don dá mhí dheireanacha den bhliain airgeadais nach raibh billeáilte faoi dheireadh na bliana airgeadais lenar bhain siad i bhfianaise an chláir ama rialála. Áirítear le réamhíocaíochtaí agus iarmhéideanna ioncaim fabhraithe an Ghrúpa agus na Cuideachta costais iarchurtha i ndáil le luach €44.6m (2016: €74.3m) agus €36.6m (2016: €69.3m) de thionscadail tarchurtha faoi seach, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís go léir inghnóthaithe laistigh de dhá mhí dhéag. Tá san áireamh i réamhíocaíochtaí agus ioncam fabhraithe atá dlite tar éis níos mó ná bliain amháin (i) íocaíocht láithreach as léas oibriúcháin lena chinntiú go mbeimis in ann láithreán sna dugaí a úsáid i dtaca le sócmhainn an Idirnascaire Thoir Thiar (tá tuilleadh sonraí faoin léas luaite i nóta 20) agus (ii) iarmhéideanna a bhaineann le costais iarchurtha maidir le tionscadail tarchurtha.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 101


16. Suimeanna Iníoctha Trádála agus Suimeanna Iníoctha Eile

Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Suimeanna iníoctha trádála Fabhruithe Cánachas agus leas sóisialta Suimeanna iníoctha eile Suimeanna dlite d’fhoghnóthais

106,354 107,677 20,249 7,224 -

154,610 108,956 12,641 3,042 -

89,195 92,769 19,861 7,224 46,009

126,155 92,056 11,391 3,028 36,723

Iomlán

241,504

279,249

255,058

269,353

Tá na nithe seo a leanas san áireamh i gcáin agus leas sóisialta:

Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

ÍMAT/ÁSPC CBL Cáin shiarchoinneálach

1,101 18,549 599

254 11,845 542

859 18,465 537

1 10,846 544

Iomlán

20,249

12,641

19,861

11,391

Is éard atá i gceist le nithe iníoctha trádála agus fabhruithe den chuid is mó ná suimeanna amuigh a bhaineann le ceannacháin trádála agus costais leanúnacha. Measann na Stiúrthóirí gurb ionann suim ghlanluacha na nithe iníoctha trádála agus an luach cóir atá orthu a bheag nó a mhór. Tá beartais bainistíochta riosca airgeadais i bhfeidhm ag an nGrúpa lena chinntiú go ndéantar na nithe iníoctha go léir a íoc roimh dháta deireanach an chreidmheasa. Baineann €40.6m (2016: €40.5m) d’iarmhéid nithe iníoctha trádála an Ghrúpa agus €2.9m (2016: €3.6m) d’iarmhéid fabhruithe an Ghrúpa leis na muirir is iníoctha leis ESB agus le NIE mar na hÚinéirí Sócmhainní Tarchurtha i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann faoi seach. Baineann €40.6m (2016: €40.5m) d’iarmhéid nithe iníoctha trádála na Cuideachta leis an muirear is iníoctha le ESB mar an Úinéir Sócmhainní Tarchurtha. Is éard atá i gceist le fabhruithe den chuid is mó ná na costais dhíreacha a bhaineann leis an gcóras tarchurtha a rith sa dá mhí dheireanacha den tréimhse chuntasaíochta.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 102


17. Ioncam Iarchurtha € ’000 An Grúpa Deontais Chaipitil Iarmhéid amhail an 1 Deireadh Fómhair 2015 Amúchadh deontais

105,368 (3,072)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2016 Amúchadh deontais

102,296 (3,072)

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2017

99,224

Anailísithe mar: Reatha Neamh-reatha

€ ’000 3,072 96,152

Iarmhéid amhail an 30 Meán Fómhair 2017

99,224

Bhain na deontais chaipitil a fuarthas le tionscadal an Idirnascaire Thoir Thiar agus fuarthas ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh iad. Ba é €112.3m an méid iomlán a bhí ar fáil mar mhaoiniú deontais ó gCoimisiún don tionscadal agus fuarthas €112.3m go dtí seo. Níl aon choinníollacha nár comhlíonadh ná teagmhais eile a ghabhann leis na deontais chaipitil a fuarthas. Rinneadh na deontais chaipitil a amúchadh ar aon dul le dímheas an EWIC mar shócmhainn.

18. Scairchaipiteal Eisithe

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

An Grúpa agus an Chuideachta Údaraithe: 30,000 gnáthscair ar €1.25 an ceann

38

38

Cionroinnte, glaoite agus íoctha go hiomlán: Scairchaipiteal glaoite curtha i láthair mar chothromas: 30,000 gnáthscair ar €1.25 an ceann

38

38

Tá aicme amháin gnáthscaire ag an gCuideachta nach bhfuil aon cheart chun ioncam seasta ag baint léi.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 103


19. Airgead Tirim agus Coibhéisí Airgid Thirim

Airgead Tirim agus Coibhéisí Airgid Thirim

Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

194,783

282,255

156,272

229,323

Is éard atá i gceist le hAirgead Tirim agus Coibhéisí Airgid Thirim go príomha ná airgead tirim atá i seilbh an Ghrúpa agus na Cuideachta agus taiscí bainc gearrthéarmacha a raibh aibíocht trí mhí nó níos lú ag baint leo tráth a dtaiscthe. Is ionann suim ghlanluacha na sócmhainní sin a bheag nó a mhór agus a luach cóir. Bíonn an riosca creidmheasa a bhaineann le cistí leachtacha teoranta toisc gur bainc iad na contrapháirtithe, a bhfuil rátáil measartha ard creidmheasa tugtha dóibh ag gníomhaireachtaí idirnáisiúnta um rátáil creidmheasa. San áireamh in iarmhéideanna airgid an Ghrúpa agus na Cuideachta tá éarlaisí slándála €5.7m (2016: €5.9m). San áireamh in iarmhéideanna airgid an Ghrúpa tá €7.4m (2016: €15.0m) is airgead nach féidir leas a bhaint as ach amháin chun críocha shócmhainn an EWIC. San áireamh in iarmhéideanna airgid an Ghrúpa tá €36.3m (2016: €98.7m) eile atá á choinneáil ar iontaobhas do rannpháirtithe margaidh sa SEM agus €19.0m (2016: €11.6m) atá á choinneáil i gcuntais chúlchiste chomhthaobhachta SEM (cuntais slándála a gcoinnítear in ainm an rannpháirtí margaidh iad). San áireamh in iarmhéideanna airgid na Cuideachta tá €27.2m (2016: €74.0m) atá á choinneáil ar iontaobhas do rannpháirtithe margaidh sa SEM agus €14.3m (2016: €8.7m) atá á choinneáil i gcuntais chúlchiste chomhthaobhachta SEM (cuntais slándála a gcoinnítear in ainm an rannpháirtí margaidh iad). Bhí luach €103.7m (2016: €64.0m) de shaoráidí iasachta neamhúsáidte ag an nGrúpa ar dháta an Chláir Chomhardaithe. Tá an chuid is mó de na hiasachtaí neamhúsáidte sin socraithe chun go mbeadh a dhóthain saoráidí cúltaca ag an nGrúpa chun déileáil le híocaíochtaí sriantachta nach raibh foráil déanta sa bhuiséad dóibh/nach rabhthas ag súil leo.

20. Socruithe maidir le Léasanna Oibriúcháin

Is mar seo a leanas a thiocfaidh íosíocaíochtaí léasa chun a bheith dlite amach anseo faoi léasanna oibriúcháin nach féidir a chur ar cheal, ar léasanna iad a bhaineann go príomha le léas foirgneamh agus talún an Ghrúpa i ndáil le sócmhainn an EWIC: Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Laistigh de bhliain amháin Idir an dara agus an cúigiú bliain, iad araon san áireamh Tar éis cúig bliana

3,788 14,732 31,534

3,454 13,476 31,549

3,788 14,732 31,534

3,454 13,476 31,549

Iomlán

50,054

48,479

50,054

48,479

Tá léas oibriúcháin 25 bliain dar tús an 1 Márta 2007 ag an nGrúpa d’fhoirgneamh Cheannoifig an Ghrúpa. Níor ghá aon chíos a íoc sa chéad trí bliana de théarma an léasa. Tá costas an léasa bunaithe ar luach an mhargaidh oscailte agus tá sé faoi réir athbhreithniú cíosa gach 5 bliana. Nuair a rinneadh an t-athbhreithniú cíosa sceidealta ar an 1 Márta 2017 rinneadh coigeartú ar an gcíos iníoctha. Chomhaontaigh an Grúpa talamh a ghlacadh ar léas i gcalafort Learphoill, rud a fuarthas trí íocaíocht láithreach. Tá clásal scoir sa chomhaontú tar éis na chéad 30 bliain den léas. I ndiaidh an téarma 30 bliain sin, beidh íocaíochtaí léasa faoi réir méaduithe boilscithe. Ní chuireann téarmaí na léasanna oibriúcháin aon srianta suntasacha ná srianta neamhghnácha ar an nGrúpa.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 104


21. Ceangaltais Chaipitil

Caiteachas conartha, nach raibh soláthar déanta ina leith sna Ráitis Airgeadais

Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

10,600

26,800

8,000

11,000

Tá ceangaltais chonartha ar an nGrúpa a eascraíonn as tionscadal I-SEM agus i leith thionscadal an Idirnascaire Thoir Thiar, a nascann na heangacha leictreachais in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór.

22. Dliteanais Theagmhasacha

Níl an Grúpa ar an eolas faoi aon dliteanais theagmhasacha ag deireadh na bliana airgeadais (2016: €nialas).

23. Oibleagáidí maidir le Sochar Scoir Scéimeanna le sochar sainithe

Feidhmíonn an Grúpa dhá scéim le sochar sainithe le haghaidh fostaithe incháilithe: Feidhmítear scéim amháin d'fhostaithe na Cuideachta agus don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ("Plean EirGrid”), agus scéim eile d'fhostaithe SONI Limited ("Plean SONI Focus”), arb í an chuid de Scéim Pinsin SONI le sochar sainithe d’fhostaithe SONI Limited í. Reáchtáiltear príomhscéim pinsin an Ghrúpa i bPoblacht na hÉireann, .i. Plean EirGrid, faoi dhlíthe iontaobhais Phoblacht na hÉireann agus déantar é a bhainistiú agus a riar thar ceann a bhall de réir théarmaí an ghníomhais iontaobhais; rialacha na scéime; agus reachtaíocht Phoblacht na hÉireann (Acht na bPinsean, 1990, go príomha). Faoi reachtaíocht Phoblacht na Éireann ní mór do phlean pinsin le sochar sainithe a dhóthain cistí a thiomsú agus a choimeád chun go mbeadh sé in ann teidlíochtaí pinsin a íoc leis na baill dá bhfoirceannfaí an scéim. Éilítear ar iontaobhaithe ciste pinsin luachálacha agus tuairiscí achtúireacha a fháil go rialta, plean téarnaimh a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh maoinithe agus an plean sin a chur faoi bhráid Bhord Pinsean na hÉireann lena fhaomhadh. Reáchtáiltear Plean SONI Focus faoi dhlí iontaobhais na Ríochta Aontaithe agus déantar é a bhainistiú agus a riar thar ceann a bhall de réir théarmaí an ghníomhais iontaobhais, rialacha na scéime agus reachtaíocht na Ríochta Aontaithe (the Pension Schemes Act 1993, the Pensions Act 1995 agus the Pensions Act 2004 go príomha). Faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ní mór go gcomhlíonfaidh scéimeanna pinsin le sochar sainithe an cuspóir maoinithe reachtúil go mbeadh sócmhainní leordhóthanacha agus iomchuí aici chun a cuid dliteanas a chlúdach. Éilítear ar iontaobhaithe ciste pinsin: ráiteas faoi phrionsabail mhaoinithe a ullmhú; luachálacha agus tuairiscí achtúireacha a fháil go rialta; plean téarnaimh a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh maoinithe; agus ráitis mhaoinithe achoimre a sheoladh chuig baill na scéime go rialta. Is iontaobhais ar leith, atá scartha go dlíthiúil ón nGrúpa, a dhéanann na scéimeanna le sochar sainithe a riar. Déantar iontaobhas na scéimeanna le sochar sainithe a riar faoi láthair ag baill na scéimeanna le sochar sainithe agus tá ar an iontaobhas sin idir bhaill arna gceapadh ag na baill agus bhaill arna gceapadh ag an gCuideachta. Éilítear ar iontaobhaithe na scéimeanna le sochar sainithe gníomhú de réir cháipéisíocht an iontaobhais rialaithe agus tá de fhreagracht mhuiníneach orthu gníomhú ar leas thairbhithe na scéimeanna le sochar sainithe. I measc na ndualgas atá ar iontaobhaithe tá; ranníocaíochtaí a bhailiú agus a infheistiú, an straitéis infheistíochta a chinneadh, sochair a riar, agus gníomhú de mheon macánta agus de réir cháipéisíocht iontaobhais na scéimeanna le sochar sainithe. Tá fostaithe i dteideal pinsean agus cnapshuim a fháil ar dhul ar scor dóibh faoi Phlean EirGrid. Tá fostaithe i dteideal pinsean a fháil ar dhul ar scor dóibh faoi Phlean SONI Focus. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh pinsean marthanóra agus/ nó cnapshuim chun a bheith iníoctha ar bhás don bhall faoi na Scéimeanna le sochar sainithe, leis. Íoctar sochair scoir bunaithe ar thuarastal agus fad seirbhíse.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 105


23. Oibleagáidí maidir le Sochar Scoir (ar lean)

Níorbh ann d’aon leasuithe ná ciorrúcháin ná socruithe ábhartha i leith na scéimeanna le sochar sainithe i rith na bliana airgeadais. Cuireadh teorainn sócmhainní pinsin le sócmhainní phinsean SONI de bharr, de réir rialacha IFRS (IFRIC 14 - IAS 19 - An Teorainn le Sócmhainn Sochair Shainithe, Íosriachtanais Chistithe agus a Riachtanas Idirghníomhaithe), nach bhfuil ceart neamhchoinníollach ag SONI sócmhainní na scéime a réadú ag am éigin amach anseo le linn shaolré an phlean ná tráth a socrófar an plean.

Príomhrioscaí

Faoi na scéimeanna le sochar sainithe, tá fostaithe i dteideal pinsean a fháil a ríomhfar ar bhonn a dtuarastail agus a seirbhíse. Fágann an scéim le sochar sainithe an Chuideachta neamhchosanta ar rioscaí amhail riosca infheistíochta, riosca ráta úis, riosca fadsaolaí agus riosca tuarastail. Riosca infheistíochta

Déantar luach láithreach dhliteanas na bpleananna le sochar sainithe a ríomh le ráta lascaine a dhéantar amach trí thagairt do na torthaí ar bhannaí corparáideacha ardcháilíochta; má bhíonn an toradh ar shócmhainní an phlean faoi bhun an ráta sin, cruthóidh sé easnamh sa phlean.

Riosca ráta úis

Déantar luach láithreach dhliteanas na bpleananna le sochar sainithe a ríomh le ráta lascaine a dhéantar amach trí thagairt do na torthaí ar bhannaí corparáideacha ardcháilíochta ar an dáta tomhaiste. Má thagann laghdú ar na torthaí ar bhannaí corparáideacha, méadóidh dliteanais na scéimeanna.

Riosca fadsaolaí

Déantar luach láithreach dhliteanas na bpleananna le sochar sainithe a ríomh trí thagairt do bhásmhaireacht mheasta rannpháirtithe na bpleananna le linn a bhfostaíochta agus ina diaidh. Má thagann méadú ar ionchas saoil rannpháirtithe an na bpleananna, méadóidh dliteanas na bpleananna.

Riosca tuarastail

Déantar luach láithreach dhliteanas na bpleananna le sochar sainithe a ríomh trí thagairt do thuarastal rannpháirtithe na bpleananna san am atá le teacht. Dá réir sin, má thagann méadú ar thuarastal rannpháirtithe na bpleananna, méadóidh dliteanais na bpleananna.

An Scéim le Ranníocaíocht Shainithe

Ós rud é nach bhfuil Plean SONI Focus ag glacadh le baill nua ó bhí 1998 ann, ach amháin chun glacadh le baill foirne mar thoradh ar aistriú an fheidhmeannais pleanála i dTuaisceart Éireann sna blianta roimhe, reáchtálann an Grúpa scéim fhaofa le ranníocaíocht shainithe chomh maith, .i. “Plean SONI Options” (arb é an chuid de Scéim Pinsin SONI le ranníocaíocht shainithe d’fhostaithe SONI Limited é). Íocann na baill agus SONI Limited ranníocaíochtaí ar rátaí seasta. Léiríonn na sochair a fhaightear ag am scoir ciste carntha gach fostaí agus an costas a bhaineann le sochair a cheannach ag an am sin. Déantar sochair bháis a árachú ar bhonn grúpa agus is féidir iad a íoc i bhfoirm cnapshuime agus/nó pinsean marthanóra. Sealbhaítear sócmhainní Phlean SONI Options ar iontaobhas agus coinnítear scartha ó shócmhainní an Ghrúpa iad. Is é an t-aon oibleagáid amháin atá ar SONI Limited maidir le Plean SONI Options ná ranníocaíochtaí sonraithe a dhéanamh agus costais riaracháin a íoc. Aithnítear oibleagáidí i leith ranníocaíochtaí le Plean SONI Options mar chostas sa Ráiteas Ioncaim mar a thabhaítear iad. Is ionann an muirear pinsin don bhliain airgeadais agus an ranníocaíocht iarbhír a d’íoc SONI Limited. Bhí sé cothrom le €0.8m (2016: €0.8m).

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 106


23. Oibleagáidí maidir le Sochar Scoir (ar lean) Scéimeanna le Sochar Sainithe - Dliteanais

Rinneadh na luachálacha achtúireacha is déanaí ar na sócmhainní agus ar luach láithreach na n-oibleagáidí sochair shainithe ar an 30 Meán Fómhair 2017 do Phlean EirGrid agus do Phlean SONI Focus araon, de réir riachtanais Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 19: Sochair Fostaithe (IAS 19). Úsáideadh modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa le luach láithreach na n-oibleagáidí sochair shainithe, na costais seirbhíse reatha ghaolmhara, agus na costais seirbhíse roimhe seo a mheas. Is iad seo a leanas na méideanna atá san áireamh sa Chlár Comhardaithe a eascraíonn as na hoibleagáidí i leith na bpleananna le sochar sainithe sin: Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Luach láithreach na n-oibleagáidí sochair shainithe atá maoinithe go hiomlán nó go páirteach

178,490

195,945

136,027

148,693

Luach cóir shócmhainní na Scéimeanna ag tús na bliana

(156,659)

(142,081)

(111,924)

(99,097)

Glandliteanas roimh an teorainn sócmhainne

21,831

53,864

24,103

49,596

Tionchar na teorann sócmhainní gan suimeanna a áireamh atá san áireamh i gcostais úis

2,272

-

-

-

Glandliteanas arna aithint sa Clár Comhardaithe ag deireadh na tréimhse tar éis thionchar na teorann sócmhainne

24,103

53,864

24,103

49,596

Cáin iarchurtha ar an nglanoibleagáid phinsin (nóta 9)

(3,013)

(6,993)

(3,013)

Glandliteanas i ndiaidh Cáin Iarchurtha

21,090

21,090

46,871

Féadtar anailís a dhéanamh ar na méideanna sa Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite mar seo a leanas: Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000 Costas seirbhíse reatha Glanchostas úis Costais pinsin fostóra caipitlithe

9,596 863 (1,178)

An méid a bhaineann le scéimeanna le sochar sainithe atá san áireamh i gcostais oibriúcháin eile 9,281

(6,199) 43,397

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000 7,914 603 (1,307) 7,210

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 107


23. Oibleagáidí maidir le Sochar Scoir (ar lean)

Is iad seo a leanas na suimeanna a aithníodh sa Ráiteas Comhdhlúite ar Ioncam Cuimsitheach: Grúpa

Cuideachta

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

8,113

11,284

5,919

4,867

Atomhas an glandliteanais sochair shainithe: Gnóthachain achtúireach ar shócmhainní na Scéime Gnóthachan achtúireach a eascraíonn as athruithe ar fhoshuíomhanna déimeagrafacha Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach a eascraíonn as athruithe ar fhoshuíomhanna airgeadais Gnóthachan achtúireach a eascraíonn as coigeartuithe taithí

5,614

6,095

4,320

4,256

21,438 1,935

(47,670) 5,671

18,053 2,028

(34,101) 3,949

Suim atá san áireamh sa Ráiteas Comhdhlúite ar Ioncam Cuimsitheach

37,100

(24,620)

30,320

(21,029)

Is mar seo a leanas a bhí gluaiseachtaí i luach láithreach na n-oibleagáidí le sochar sainithe sa bhliain airgeadais reatha: Plean EirGrid

Plean Focus SONI

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

148,693

112,321

47,252

44,599

Costas seirbhíse reatha lena n-áirítear ranníocaíochtaí rannpháirtithe na scéimeanna

9,961

8,295

1,107

1,210

Costas úis

2,448

2,855

1,124

1,591

Gnóthachan achtúireach a eascraíonn as athruithe ar fhoshuíomhanna déimeagrafacha

(4,320)

(4,256)

(1,294)

(1,839)

(18,053)

34,101

(3,385)

13,569

(2,028)

(3,949)

(674)

(674)

(1,531)

(2,996)

-

-

(903)

(7,160)

136,027

148,693

Luach láithreach na hoibleagáide sochair shainithe ag tús na bliana

Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach a eascraíonn as athruithe ar fhoshuíomhanna airgeadais Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach a eascraíonn as coigeartaithe taithí Sochair a íocadh Difríochtaí malairte Luach láithreach na hoibleagáide sochair shainithe ag deireadh na bliana

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 108

93

42,463

(1,722)

47,252


23. Oibleagáidí maidir le Sochar Scoir (ar lean)

Is iad seo a leanas na gluaiseachtaí i luach láithreach shócmhainní an phlean sa bhliain airgeadais reatha: Plean EirGrid 30 MF 2017 € ’000

Luach cóir shócmhainní na scéimeanna ag tús na bliana Ioncam ó ús Gnóthachan/(caillteanas) a bhain le hatomhas: Gnóthachain ar sócmhainní na Scéime Ranníocaíochtaí na gCuideachtaí Ranníocaíochtaí rannpháirtithe na scéimeanna Costais riaracháin Sochair a íocadh Tionchar na teorann sócmhainní gan suimeanna a áireamh atá san áireamh i gcostais úis Difríochtaí malairte

Plean Focus SONI

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000 Roimh an Teorainn Sócmhainní

30 MF 2017 € ’000 Tionchar na Teorann Sócmhainní

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Iomlán

99,097 1,679

86,544 2,279

42,984 1,030

-

42,984 1,030

43,223 1,565

5,919 4,403

4,867 4,474

2,194 939

-

2,194 939

6,417 1,447

1,500 (674)

1,607 (674)

101 (130) (1,531)

-

101 (130) (1,531)

120 (137) (2,996)

-

-

(852)

(2,272) -

(2,272) (852)

(6,655)

Luach cóir shócmhainní na Scéimeanna ag deireadh na bliana 111,924

99,097

(2,272)

42,463

44,735

42,984

Is iad seo a leanas na príomh-fhoshuíomhanna a úsáideadh chun críocha na luachálacha achtúireacha: Plean EirGrid 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Plean Focus SONI 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Modh luachála Ráta lascaine Méadú ar an bpinsean stáit Méaduithe ar tuarastail

Aonad Réamh-mhesta Aonad Réamh-mhesta Aonad Réamh-mhesta Aonad Réamh-mhesta 2.20% 1.65% 2.85% 2.45% 1.50% 1.40% 2.60% 2.40% 2.00% 1.90% 3.85% 4.40% scála móide scála móide Méaduithe ar phinsin 2.00% 1.90% 2.60% 2.40% Boilsciú 1.75% 1.65% 3.60% 3.40% Athluacháil shochar an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin 1.75% 1.65% n/b n/b Ionchas saoil iar-scoir dóibh siúd a théann ar scor ag 65 bliain d’aois in 2037: - Fir - Mná

23.7 bliain 25.8 bliain

23.6 bliain 25.7 bliain

24.2 bliain 26.3 bliain

24.3 bliain 26.5 bliain

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 109


23. Oibleagáidí maidir le Sochar Scoir (ar lean)

Ba é 2.20% (2016: 1.65%) an ráta lascaine a d'úsáid achtúirí an phlean leis na dliteanais phinsin ag deireadh na bliana a ríomh do Phlean EirGrid, agus 2.85% (2016: 2.45%) do Phlean SONI Focus. Bunaíodh ráta lascaine Phlean EirGrid ar an toradh go dtí fuascailt ar bhannaí corparáideacha ainmnithe in euro arna eachtarshuí go ceann tréimhse 28 bliain (2016: 29 bliain) a bheag nó a mhór. Bunaíodh ráta lascaine Phlean SONI Focus ar an toradh go dtí fuascailt ar bhannaí corparáideacha ainmnithe i Steirling arna eachtarshuí go ceann tréimhse 20 bliain (2016: 20 bliain) a bheag nó a mhór. Tá sé sin ag teacht le téarma measta na n-oibleagáidí sochair iar-scoir. Tá neamhchinnteachtaí bunúsacha ag baint leis na foshuíomhanna airgeadais agus déimeagrafacha ar ghlac an Grúpa leo. Mar léiriú ar an tionchar a bheadh ag athruithe ar na foshuíomhanna achtúireacha, thiocfadh méadú 14% a bheag nó a mhór ar ghlandliteanas an phlean pinsin dá laghdódh na rátaí lascaine 50 bonnphointe.

Riachtanais Mhaoinithe agus Sreafaí Airgid Amach Anseo

Ní mór luacháil mhaoinithe a dhéanamh ar Phlean EirGrid gach trí bliana chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ráta ranníocaíochta is gá chun na sochair a mhaoiniú amach anseo. Rinneadh an luacháil achtúireach is déanaí ar an 1 Aibreán 2017. Déantar coigeartú ar an ráta ranníocaíochta is gá chun maoiniú a dhéanamh ar na dliteanais seirbhíse amach anseo le haghaidh na mball pinsin atá gníomhach faoi láthair chun luach aon bharrachais nó easnaimh seirbhíse roimhe seo sa Phlean EirGrid a chur san áireamh. Déantar athbhreithniú gach bliain ar staid Chaighdeán Maoinithe Phlean EirGrid (.i. an t-íosriachtanas maoinithe reachtúil). Sa chás nach leor na sócmhainní atá ag scéim Éireannach le sochar sainithe chun an Caighdeán Maoinithe a shásamh, d’fhéadfadh maoiniú luathaithe, i bhfoirm Togra Maoinithe, a bheith riachtanach. Ós rud é go sásaíonn Plean EirGrid na híoschaighdeáin mhaoinithe, níl aon Togra Maoinithe den sórt sin i bhfeidhm. Ní mór luacháil achtúireach a dhéanamh ar Phlean SONI Focus gach trí bliana ar a laghad. Rinneadh an luacháil achtúireach is déanaí ar an 31 Márta 2016. Is é is príomhchuspóir le luacháil mhaoinithe na scéime ná teacht ar chomhaontú faoi na ranníocaíochtaí is iníoctha ag SONI Limited le gur féidir a bheith ag súil go mbeidh sócmhainní leordhóthanacha ag Plean SONI Focus chun na sochair a gealladh do na baill a íoc. Deimhníonn Achtúire na Scéime gur ríomhadh na forálacha teicniúla de réir na rialachán agus de réir Ráiteas na nIontaobhaithe maidir le Prionsabail Mhaoinithe agus go bhfuiltear ag súil go gcomhlíonfar an Cuspóir Maoinithe Reachtúil faoi dheireadh na tréimhse atá clúdaithe ag sceideal na ranníocaíochtaí. Ní mór luacháil Alt 179 a dhéanamh freisin lena chinntiú gur leor na sócmhainní atá ag Plean SONI Focus chun a dhliteanais a chlúdach i leith an chúitimh a d'íocfadh an Ciste Cosanta Pinsin. Is iad seo a leanas na mórchatagóirí a bhaineann le sócmhainní an phlean ar dháta an Chláir Chomhardaithe i gcomhair gach catagóire: Luach Cóir 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Cothromas Bannaí Réadmhaoin Airgead tirim Roghanna malartacha Blianachtaí

45,341 20,378 8,338 1,772 30,573 5,522

45,977 17,207 7,868 1,747 21,630 4,668

Luach cóir shócmhainní an phlean

111,924

99,097

Plean EirGrid

I gcás shócmhainní Phlean EirGrid ar fad, seachas blianachtaí, .i. €106.4m (2016: €94.4m), tá a bpraghsanna margaidh luaite ar mhargadh gníomhach. Níl aon phraghsanna margaidh luaite ar mhargadh gníomhach i gcás blianachtaí €5.5m (2016: €4.7m) agus tá siad ar leibhéal 2 dá bhrí sin.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 110


23. Oibleagáidí maidir le Sochar Scoir (ar lean)

Luach Cóir 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Cothromas Sárurrúis agus bannaí Eile

26,155 18,276 304

22,843 19,298 843

Luach cóir shócmhainní an phlean

44,735

42,984

Plean SONI Focus

I gcás shócmhainní Phlean SONI Focus, tá praghsanna margaidh gach catagóire (€44.7m) (2016: €43.0m) luaite ar mhargadh gníomhach. Ba é gnóthachan €10.8m (2016: €14.5m) an toradh iarbhír ar shócmhainní scéime an Ghrúpa. Ba é gnóthachan €7.6m (2016: €7.2m) an toradh iarbhír ar shócmhainní scéime Phlean EirGrid agus ba é gnóthachan €3.2m (2016: €7.3m) an toradh iarbhír ar shócmhainní scéime Phlean SONI Focus. Measann an Grúpa go n-íocfaidh ranníocaíochtaí €4.9 milliún (2016: €4.6m) do Phlean EirGrid agus €1.0m (2016: €1.3 milliún) do Phlean SONI Focus sa bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2018.

24. Leas i gComhoibríocht An Grúpa

Fuair an Grúpa rialú ar SEMO nuair a cheannaigh SONI Limited ar an 11 Márta 2009. Ó dháta éifeachtach na fála, áirítear 100% de thorthaí SEMO leis an Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite.

An Chuideachta

Is é an Margadh Aonair Leictreachais (SEM) an margadh mórdhíola leictreachais a fheidhmíonn i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 2007. Ar an dáta sin cuireadh deireadh leis an seanmhargadh mórdhíola leictreachais in Éirinn agus cuireadh tús leis an SEM nua. Cuireadh SEMO ar bun mar an chomhoibríocht chonartha idir an Chuideachta agus SONI Limited, a bheadh freagrach as oibriú an mhargaidh mórdhíola leictreachais ar fud oileán na hÉireann ón 1 Samhain 2007 ar aghaidh. Tá leas 75% ag an gCuideachta in SEMO agus breathnaíonn sí ar na socruithe mar chomhoibríocht. Mar thoradh air sin, tá sciar na Cuideachta de na sócmhainní, de na dliteanais, den ioncam agus de na costais curtha san áireamh i Ráiteas Airgeadais na Cuideachta ar bhonn líne ar líne.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 111


24. Leas i gComhoibríocht (ar lean)

Tá na méideanna seo a leanas curtha san áireamh i Ráitis Airgeadais na Cuideachta ar bhonn ar líne ar líne le SEMO a léiriú i gcuntais na Cuideachta: 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Sócmhainní neamhreatha Sócmhainní reatha

2,212 98,098

5,128 129,347

Iomlán na sócmhainní

100,310

134,475

Iomlán an chothromais

19,805

20,300

Dliteanais reatha

80,505

114,175

Iomlán na ndliteanas

80,505

114,175

100,310

134,475

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

Iomlán an chothromais agus na ndliteanas

Ioncam Costais (Caillteanas)/brabús oibriúcháin

25. Iasachtaí

Grúpa

66,999 (67,776)

127,121 (124,910)

(777)

2,211

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Inaisíoctha laistigh de bhliain amháin: Iasachtaí bainc is iníoctha ina dtráthchodanna

15,149

14,444

8,758

8,399

Iomlán na n-iasachtaí reatha

15,149

14,444

8,758

8,399

Idir bliain amháin agus dhá bhliain Idir dhá agus cúig bliana I gceann cúig bliana nó níos faide anonn

15,886 52,360 256,025

15,149 49,947 274,111

9,132 29,792 182,510

8,758 28,572 192,863

Iomlán na n-iasachtaí neamhreatha

324,271

339,207

221,434

230,193

Iomlán na n-iasachtaí amuigh

339,420

353,651

230,192

238,592

In-aisíoctha ina thráthchodanna tar éis níos mó ná bliain amháin:

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 112


25. Iasachtaí (ar lean)

Déanann EirGrid cpt ráthú trí struchtúr trasráthaíochta ar gach iasacht a fhaigheann fochuideachtaí, féach nóta 28 le haghaidh tuilleadh sonraí. Is ionann iasachtaí bainc agus iasachtaí neamhurraithe. Tiontaíodh cuid de na hiasachtaí ó ráta comhlúthach úis go ráta seasta úis trí úsáid a bhaint as conarthaí babhtála ráta úis, féach nóta 27 le haghaidh tuilleadh sonraí. Tá breac-chuntas tugtha anseo thíos ar iasachtaí úsmhara an Ghrúpa. 30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

San áireamh faoi dhliteanais reatha: Iasachtaí bainc

15,149

14,444

Iomlán na n-iasachtaí úsmhara reatha

15,149

14,444

San áireamh faoi dhliteanais nach dliteanais reatha iad: Iasachtaí bainc

324,271

339,207

Iomlán na n-iasachtaí úsmhara neamhreatha

324,271

339,207

Iomlán na n-iasachtaí agus na rótharraingtí bainc

339,420

353,651

Iomlán na n-iasachtaí úsmhara

339,420

353,651

Is iad seo a leanas téarmaí na n-iasachtaí atá gan íoc:

Amhail 30 MF 2017 Saoráid neamhurraithe iasachta téarmaí Saoráid neamhurraithe iasachta téarmaí

Airgeadra

Bliain airgeadais aibíochta

EUR EUR

2030 2035

Suim ghlanluacha € ’000

109,228 230,192 339,420

Amhail 30 MF 2016 Saoráid neamhurraithe iasachta téarmaí Saoráid neamhurraithe iasachta téarmaí

EUR EUR

2030 2035

115,059 238,592 353,651

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 113


26. Catagóirí na Sócmhainní Airgeadais agus na nDliteanas Airgeadais

Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Sócmhainní airgeadais rangaithe mar iasachtaí agus infháltais: Infháltais trádála Suim dlite d’fhoghnóthais Airgead Tirim agus Coibhéisí Airgid Thirim

72,573 194,783

21,574 282,255

67,141 239,295 156,272

18,159 214,275 229,323

Iomlán na sócmhainní airgeadais

267,356

303,829

462,708

461,757

Dliteanais airgeadais arna rangú mar dhliteanais eile: Suimeanna iníoctha trádála Suim dlite d’fhoghnóthais Iasachtaí agus rótharraingtí bainc

106,354 339,420

154,610 353,651

89,195 46,009 230,192

126,155 36,723 238,592

Iomlán

445,774

508,261

365,396

401,470

86,475

120,184

61,973

86,932

-

-

-

-

86,475

120,184

61,973

86,932

532,249

628,445

427,369

488,402

Dliteanais airgeadais arna n-ainmniú mar ionstraimí fálaithe: Ionstraimí díorthacha airgeadais (nóta 27) Dliteanais airgeadais arna luacháil go cóir trí bhrabús agus caillteanas: Ionstraimí díorthacha airgeadais Iomlán na n-ionstraimí díorthacha airgeadais Iomlán na ndliteanas airgeadais

Grúpáiltear ionstraimí airgeadais a thomhaistear ar a luach cóir tar éis a n-aitheanta tosaigh i Leibhéil 1 go 3 bunaithe ar a inbhraite is atá an luach cóir: •

Is éard is tomhais luacha chóir Leibhéal 1 ann ná iad siúd a fhaightear ó phraghsanna luaite (neamhchoigeartaithe) ar mhargaí gníomhacha i gcomhair sócmhainní nó do dliteanais chomhionanna;

Is éard is tomhais luacha chóir Leibhéal 2 ann ná iad siúd a fhaightear ó ionchuir seachas praghsanna luaite a áirítear i Leibhéal 1 atá inbhraite don tsócmhainn nó don dliteanas, cibé go díreach (.i. mar phraghsanna) nó go hindíreach (.i. díorthaithe ó phraghsanna);

Is éard is tomhais luacha chóir Leibhéal 3 ann ná iad siúd a fhaightear ó theicnící luachála, lena n-áirítear ionchuir don tsócmhainn nó don dliteanas nach bhfuil bunaithe ar shonraí inbhraite margaidh (ionchuir neamh-inbhraite).

Déantar amach luach cóir bhabhtálacha ráta úis an Ghrúpa agus na Cuideachta ar an dáta tuairiscithe ach na sreafaí airgid todhchaí a lascainiú le cuair ráta úis is inbhraite sa mhargadh ar an dáta tuairiscithe, agus meastar gur ionstraimí Leibhéal 2 iad dá bhrí sin. Ní raibh aon aistrithe idir na leibhéil luachála i rith na bliana.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 114


27. Ionstraimí Díorthacha Airgeadais agus Bainistíocht Riosca Airgeadais Bainistíocht chaipitil

Tugadh caipiteal don Chuideachta faoin Scéim Aistrithe dar dáta an 1 Iúil 2006 tráth ar dílsíodh an t-oibreoir córais tarchurtha di. Tá an caipiteal sin ina bhunús le bunchaipiteal na Cuideachta. Níor tháinig aon athrú ar bhunchaipiteal na Cuideachta i rith na bliana airgeadais. Bíonn aon athruithe ar an struchtúr caipitiúil faoi réir fhormheas na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Tá an Chuideachta á maoiniú ar bhonn leanúnach tríd an gcóras rialála taraife. Tá áiseanna bainc curtha i bhfeidhm ag an gCuideachta d’fhonn leachtacht agus sreabhadh airgid a bhainistiú chun gur féidir neamhréireanna ama idir fáltais rialála taraife agus riachtanais chaipitil oibre a éascú. Déantar tionscadail shuntasacha ó thaobh caiteachas caipitil de a mhaoiniú trí iasachtaí seachtracha agus iad faoi réir fhormheas na Roinne. Is tríd an reachtaíocht a leagtar amach cumhachtaí iasachtaíochta na Cuideachta agus bíonn iasachtaí aonair faoi réir fhormheas na Roinne. Ar an 14 Márta 2008, síníodh an tAcht um Rialáil Leictreachais (Leasú) (EirGrid) 2008 ina dhlí in Éirinn. Go príomha, thug an tAcht sin de chumhacht don Chuideachta an tIdirnascaire Thoir Thiar a thógáil agus mhéadaigh cumhachtaí iasachtaíochta na Cuideachta go €750m ar a mhéad. Is é polasaí na Cuideachta ná costas íseal, cobhsaí, inghlactha a chinntiú le himeacht ama maidir le cistí, faoi réir leibhéil inghlactha riosca. Lena chois sin coinníonn an Chuideachta próifíl chothrom aibíochta i ndáil lena punann lárnach iasachtaíochta d’fhonn buaic-aisíocaíochtaí agus riosca athmhaoinithe a sheachaint. Tá tuilleadh sonraí leagtha amach thíos faoi na háiseanna iasachtaíochta agus na straitéisí gaolmhara fálaithe.

Léargas Ginearálta ar bhainistíocht riosca airgeadais

Déanann feidhmeannas cistíochta an Ghrúpa bainistiú ar mhaoiniú, ar leachtacht agus ar neamhchosaint an Ghrúpa ar rioscaí úis agus ar ráta malairte eachtraí. Déanann an Bord athbhreithniú rialta ar bheartais a chosnaíonn an Grúpa ó na rioscaí sin agus ó rioscaí eile agus déanann iad a fhaomhadh. Baineann na príomhrioscaí airgeadais a bhfuil an Grúpa nochta dóibh le rioscaí leachtachta, margaidh (lena n-áirítear an ráta úis) agus caipitil. Eascraíonn na rioscaí sin as oibríochtaí laethúla agus as príomhthionscadail caiteachais caipitil. Bainistíonn an Grúpa a riosca leachtachta agus caipitil i dtaca le hoibríochtaí laethúla tríd an bpróiseas rialála do bhunú taraifí leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CER) agus le Rialálaí Fóntas Thuaisceart Éireann (URegNI) agus trí bhuiséadú inmheánach agus trí mhonatóireacht a dhéanamh ar athruithe. Chuaigh an Grúpa i mbun idirbheartaíochta le bainc éagsúla i dtaobh saoráidí teannta a fháil d’fhonn tacú le réamh-mheastacháin agus le riachtanais sreabhaidh airgid. Maidir le caiteachas caipitil, tá príomhphróisis um fhormheas caiteachais agus bainistíocht tionscadal i bhfeidhm ag an nGrúpa.

Bainistíocht riosca creidmheasa

Tagraíonn riosca creidmheasa don riosca go ndéanfadh contrapháirtí mainneachtain ar a oibleagáidí conartha agus go gcaillfeadh an Grúpa airgead dá dheasca sin. Bíonn an Grúpa neamhchosanta ar riosca creidmheasa ó na céilithe conartha a bhfuil cuntais bainc aige leo. Déanann an Grúpa an neamhchosaint sin a mhaolú ach cistí a chur i roinnt institiúidí airgeadais a bhfuil ráthaíocht flaithiúnais ach ar taiscí custaiméirí nó a bhfuil rátáil chreidmheasa acu ó ghníomhaireacht neamhspleách rátála, ar bhealach atá i gcomhréir leis an bpolasaí ciste atá faofa ag an mBord. Bíonn an Grúpa neamhchosanta freisin ar riosca ó chéilithe conartha ar shaoráidí agus ionstraimí babhtála ráta úis neamhtharraingthe. De réir ár bPolasaí Ciste, ní dhéanann an Grúpa plé ach amháin le céilithe conartha a bhfuil rátáil ard chreidmheasa acu d’fhonn an riosca sin a mhaolú. Léiríonn suimeanna glanluacha na sócmhainní airgeadais sa Chlár Comhardaithe an neamhchosaint uasta ar riosca creidmheasa.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 115


27. Ionstraimí Díorthacha Airgeadais agus Bainistíocht Riosca Airgeadais (ar lean)

Comhlíonann an Chuideachta a hoibleagáidí mar an tOibreoir Margaidh trí chomhoibríocht chonartha le SONI Limited. Faoi théarmaí an Chóid Trádála agus Socraithe don Mhargadh Aonair Leictreachais (SEM) iarrtar ar gach rannpháirtí clúdach creidmheasa a sholáthar ag leibhéal a chuireann an tOibreoir Margaidh in iúl dó. Is féidir clúdach creidmheasa den chineál sin a sholáthar mar litir chreidmheasa theannta dho-aisghairthe nó mar thaisce airgid thirim a choinnítear i gcuntas cúlchiste chomhthaobhaigh SEM. Roinntear aon drochfhiach a eascraíonn sa Mhargadh Aonair Leictreachais, sa mhéid is a sháraíonn sé an clúdach creidmheasa atá ar fáil, i measc na ngineadóirí agus ní sheasann an tOibreoir Margaidh é. B’fhiú €21.7m (2016: €11.8m) infháltais trádála SEMO a bhí san áireamh in infháltais trádála an Ghrúpa amhail an 30 Meán Fómhair 2017. B’fhiú €16.3m (2016: €8.9m) infháltais trádála SEMO a bhí san áireamh in infháltais trádála na Cuideachta amhail an 30 Meán Fómhair 2017. Is é dhá mhí ar an meán an tréimhse chreidmheasa ar infháltais trádála. Tá san áireamh in iarmhéid na n-infháltas trádála féichiúnaithe a bhí dlite thar téarma ar an dáta tuairiscithe nár cuireadh ar fáil mar go meastar fós gur suimeanna in-aisghabhála iad na suimeanna sin. Is é seo a leanas próifíl aosaithe na n-iarmhéideanna sin thar téarma, ach nach bhfuil lagaithe: Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Idir 60 agus 90 lá Idir 90 agus 120 lá Níos mó ná 120 lá

31 52 1,409

644 8 858

31 52 1,015

644 8 858

Iomlán

1,492

1,510

1,098

1,510

Meastar go bhfuil cáilíocht chreidmheasa shásúil ag sócmhainní airgeadais an Ghrúpa agus na Cuideachta nach bhfuil thar téarma ná lagaithe.

Bainistíocht riosca leachtachta

Is ar Bhord na Stiúrthóirí atá an fhreagracht deiridh as bainistíocht riosca leachtachta. Tá creat bainistithe riosca oiriúnach ceaptha acu chun riachtanais mhaoinithe agus leachtachta an Ghrúpa a bhainistiú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Bainistíonn an Grúpa riosca leachtachta trí chúlchistí leordhóthanacha, saoráidí baincéireachta agus saoráidí iasachta cúltaca a choinneáil, trí mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh ar shreafaí airgid measta agus iarbhír, agus trí phróifílí aibíochta na sócmhainní agus na ndliteanas airgeadais a mheaitseáil le chéile. Tá beartais bainistíochta riosca airgeadais i bhfeidhm ag an nGrúpa lena chinntiú go ndéantar na nithe iníoctha go léir a íoc roimh dháta deireanach an chreidmheasa. Bíonn gach suim trádála iníoctha laistigh den tréimhse chreidmheasa seo ar an dáta tuairiscithe. Sa chás nach n-íocann an Chuideachta sonrasc in am trátha, íoctar ús leis an soláthraí. Tá teacht ag an nGrúpa ar shaoráidí maoinithe agus ba é €103.7m (2016: €64.0m) an méid iomlán gan úsáid ar dháta an Chláir Chomhardaithe. Tá an chuid is mó de na hiasachtaí neamhúsáidte sin socraithe chun go mbeadh a dhóthain saoráidí cúltaca ag an nGrúpa chun déileáil le híocaíochtaí sriantachta nach raibh foráil déanta sa bhuiséad dóibh/nach rabhthas ag súil leo. Tá súil ag an nGrúpa a gcuid oibleagáidí eile a chomhlíonadh ó shreafaí airgid oibriúcháin.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 116


27. Ionstraimí Díorthacha Airgeadais agus Bainistíocht Riosca Airgeadais (ar lean)

Tá breac-chuntas tugtha sa tábla seo a leanas ar an aibíocht chonartha atá fágtha ag an nGrúpa i ndáil lena gcuid dliteanas airgeadais neamhdhíorthach. Cuireadh an tábla i dtoll a chéile bunaithe ar shreafaí airgid neamhlascainithe na ndliteanas airgeadais bunaithe ar an dáta is luaithe ar féidir a chur de cheangal ar an nGrúpa iad a íoc. Tá idir ús agus phríomhshreafaí airgid san áireamh sa tábla. Níos lú ná 1 mhí € ’000

1 go 12 mhí € ’000

1 go 5 bliana € ’000

5+ bliana € ’000

An Grúpa 30 MF 2017 Suimeanna iníoctha trádála – neamhúsmhar Iasachtaí agus rótharraingtí bainc

106,354 -

31,299

125,206

333,762

106,354 490,267

Iomlán

106,354

31,299

125,206

333,762

596,621

30 MF 2016 Suimeanna iníoctha trádála – neamhúsmhar Iasachtaí agus rótharraingtí bainc

154,610 -

31,307

125,193

364,860

154,610 521,360

Iomlán

154,610

31,307

125,193

364,860

675,970

Níos lú ná 1 mhí € ’000

1 go 12 mhí € ’000

1 go 5 bliana € ’000

An Chuideachta 30 MF 2017 Suimeanna iníoctha trádála – neamhúsmhar Iasachtaí agus rótharraingtí bainc

89,195 -

18,807

75,050

241,645

89,195 335,502

Iomlán

89,195

18,807

75,050

241,645

424,697

30 MF 2016 Suimeanna iníoctha trádála – neamhúsmhar Iasachtaí agus rótharraingtí bainc

126,155 -

18,822

75,118

260,384

126,155 354,324

Iomlán

126,155

18,822

75,118

260,384

480,479

5+ bliana € ’000

Grúpa Iomlán € ’000

Grúpa Iomlán € ’000

Meastar go dtarlóidh na fálaithe ar an sreabhadh airgid agus go mbeidh tionchar acu ar an ráiteas ioncaim le himeacht tréimhse 18 mbliana.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 117


27. Ionstraimí Díorthacha Airgeadais agus Bainistíocht Riosca Airgeadais (ar lean)

Is iad seo a leanas na méideanna a aithníodh agus a athrangaíodh amach as an gcúlchiste um fhálú ar an sreabhadh airgid: Grúpa

Cuideachta

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

30 MF 2017 € ’000

30 MF 2016 € ’000

Gnóthachain/(caillteanais) arna n-eascair le linn na bliana 19,515 Athaicmithe chuig an Ráiteas Ioncaim (san áireamh i gcostais airgeadais) 14,194

(34,848) 14,201

15,479 9,480

(25,931) 9,438

Iomlán

(20,647)

24,959

(16,493)

33,709

Riosca Margaidh Bainistíocht riosca ráta úis

Tá an Grúpa agus an Chuideachta neamhchosanta ar riosca ráta úis mar faigheann siad airgead ar iasacht ar rátaí úis comhlúthacha. Déanann an Grúpa an riosca a bhainistiú trí chothromaíocht chuí a bhaint amach idir iasachtaí ar ráta seasta agus iasachtaí ar ráta comhlúthach trí leas a bhaint as conarthaí babhtála ráta úis. Bhí na conarthaí babhtála ráta úis seo a leanas i bhfeidhm ag deireadh na bliana:

Grúpa

Meánráta úis conartha

Díorthaigh atá ainmnithe 30 MF 30 MF éifeachtach mar ionstraimí fálaithe 2017 arna thabhairt ar aghaidh ar a luach cóir, le dul as feidhm: %

Príomhshuim barúlach

Sócmhainn/(dliteanas) babhtála ráta úis

30 MF 2016

30 MF 2017

30 MF 2016

30 MF 2017

agus 2016

%

€ ’000

€ ’000

€ ’000

€ ’000

Níos lú ná bliain amháin Idir bliain amháin agus dhá bhliain Idir dhá agus cúig bliana I gceann cúig bliana nó níos faide anonn

3.8%

3.8%

342,051

356,495

(86,475)

(120,184)

Iomlán na gconarthaí gníomhacha babhtála

3.8%

3.8%

342,051

356,495

(86,475)

(120,184)

Cuideachta

Meánráta úis conartha

Díorthaigh atá ainmnithe 30 MF agus éifeachtach mar ionstraimí fálaithe 2017 arna thabhairt ar aghaidh ar a luach cóir, le dul as feidhm: %

Príomhshuim barúlach

Sócmhainn/(dliteanas) babhtála ráta úis

30 MF 2016

30 MF 2017

30 MF 2016

30 MF 2017

30 MF 2016

%

€ ’000

€ ’000

€ ’000

€ ’000

3.7%

3.7%

230,192

238,592

(61,973)

(86,932)

Iomlán na gconarthaí gníomhacha babhtála 3.7%

3.7%

230,192

238,592

(61,973)

(86,932)

Níos lú ná bliain amháin Idir bliain amháin agus dhá bhliain Idir dhá agus cúig bliana I gceann cúig bliana nó níos faide anonn

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 118


27. Ionstraimí Díorthacha Airgeadais agus Bainistíocht Riosca Airgeadais (ar lean)

Faoi chonarthaí malairte ráta úis, comhaontaíonn an Grúpa agus an Chuideachta an difríocht a mhalartú idir suimeanna ar ráta seasta úis agus suimeanna ar ráta comhlúthach úis arna ríomh ar mhéideanna barúlacha príomhshuime comhaontaithe. Cuireann a leithéid de chonarthaí ar chumas an Ghrúpa agus na Cuideachta an riosca a mhaolú a ghabhann le neamhchosaint sreabhaidh airgid ar an ráta athraitheach úis a eisíodh ar iasachtaí. Socraítear babhtálacha ráta úis an Ghrúpa agus na Cuideachta ar bhonn tréimhsiúil agus athshocraítear na rátaí comhlúthacha gach trí nó sé mhí. Déanfaidh an Grúpa agus an Chuideachta an difríocht idir an ráta seasta agus an ráta comhlúthach a íoc nó a fháil ar bhonn an ghlanbhoinn. Sainítear gach conradh babhtála ráta úis a mhalartaíonn méideanna úis ar ráta comhlúthach ar mhéideanna úis ar ráta seasta mar fáluithe ar an sreabhadh airgid d'fhonn neamhchosaint sreabhaidh airgid an Ghrúpa agus na Cuideachta, a eascraíonn as rátaí athraitheacha úis ar iasachtaí, a laghdú. Tarlaíonn na glansocruithe faoi na babhtálacha ráta úis agus na híocaíochtaí úis ar na hiasachtaí ag an am céanna. Aithnítear an méid cothromais iarchurtha i mbrabús nó caillteanas le himeacht na tréimhse sin ina n-imríonn na híocaíochtaí úis ar ráta comhlúthach ar fhiachas tionchar ar bhrabús nó caillteanas.

Anailís íogaireachta ar ráta úis

Rinneadh amach na hanailísí íogaireachta thíos bunaithe ar an neamhchosaint iomlán ar rátaí úis i leith iasachtaí agus ionstraimí díorthacha amhail ar dháta an Chláir Chomhardaithe. Úsáidtear méadú nó laghdú 50 bonnphointe nuair a bhíonn riosca ráta úis á thuairisciú agus léiríonn sé sin measúnú an lucht bainistíochta ar na hathruithe a d’fhéadfadh teacht, le réasún, ar na rátaí úis. Dá mbeadh na rátaí úis láithreacha agus na rátaí úis ar aghaidh 50 (2016: 50) bonnphointe níos airde/níos ísle agus dá bhfanfadh gach athraitheach eile seasmhach: •

Bheadh éifeacht €nialas (2016: €nialas) aige sin ar bhrabús an Ghrúpa don bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017; agus

Bheadh éifeacht €16.1m/(€17.2m) (2016: €19.2m/(€21.0m)) aige sin ar chúlchistí cothromais eile an Ghrúpa, de bharr athruithe ar luach cóir na bhfáluithe ar an sreabhadh airgid den chuid is mó.

Dá mbeadh na rátaí úis láithreacha agus na rátaí úis ar aghaidh 50 (2016: 50) bonnphointe níos airde/níos ísle agus dá bhfanfadh gach athraitheach eile seasmhach: •

Bheadh éifeacht €nialas (2016: €nialas) aige sin ar bhrabús na Cuideachta don bhliain airgeadais go dtí an 30 Meán Fómhair 2017; agus

Bheadh éifeacht €12.1m/(€12.9m) (2016: €14.3m/(€15.7m)) aige sin ar chúlchistí cothromais eile na Cuideachta, de bharr athruithe ar luach cóir na bhfáluithe ar an sreabhadh airgid den chuid is mó.

Bainistíocht riosca malairte airgeadraí eachtracha

Tá an Grúpa neamhchosanta ar riosca airgeadra eachtraigh trí oibríochtaí dhá fhochuideachta dá chuid atá ionchorpraithe i dTuaisceart Éireann, arb í Steirling a n-airgeadra feidhmiúil í, agus trí chaiteachas caipitiúil i Steirling. Tá an riosca a eascraíonn as fochuideachtaí a úsáideann Steirling mar a n-airgeadra feidhmiúil maolaithe go páirteach de bharr go bhfuil formhór an ioncaim agus an chaiteachais ó na hoibríochtaí sa Ríocht Aontaithe ainmnithe i Steirling. Tá an Grúpa tar éis iarracht a dhéanamh an neamhchosaint sin a laghdú tuilleadh ach iasachtaí Steirling a úsáid le hoibríochtaí i dTuaisceart Éireann a mhaoiniú.

Anailís íogaireachta ar mhalairt airgeadraí eachtracha

Rinneadh amach na hanailísí íogaireachta thíos bunaithe ar neamhchosaint an Ghrúpa ar a chuid oibríochtaí i Steirling amhail ar dháta an Chláir Chomhardaithe. Thaifid an deighleog ‘SONI TSO’ brabús oibriúcháin €4.7m (2016: caillteanas €9.0m) i rith na bliana go dtí an 30 Meán Fómhair 2017. Úsáidtear méadú nó laghdú 20% agus riosca malairte airgeadra eachtraigh á thuairisciú agus léiríonn sé sin measúnú an lucht bainistíochta ar na hathruithe a d’fhéadfadh teacht, le réasún, ar na rátaí malairte. Dá mbeadh na rátaí malairte 20% níos airde/níos ísle agus dá bhfanfadh gach athraitheach eile seasmhach, bheadh tionchar €11.0m (2016: €6.0m) aige sin ar bhrabús roimh cháin an Ghrúpa don bhliain go dtí an 30 Meán Fómhair 2017. Bheadh éifeacht €1.5m (2016: €2.8m) aige sin ar chúlchistí cothromais eile.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 119


28. Idirbhearta le Páirtithe Bainteacha An Grúpa

Eagraíocht leathstáit tráchtála Éireannach is ea EirGrid cpt, agus mar sin, is páirtí gaolmhar de chuid Rialtas na hÉireann é. Tá gnáthscair amháin de scairchaipiteal na Cuideachta an duine i seilbh John O’Connor, Fintan Slye agus Tom Finn thar ceann an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá gnáthscair amháin den Chuideachta i seilbh an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus tá an chuid eile den scairchaipiteal eisithe i seilbh an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, nó thar a cheann. Ní raibh leas tairbhiúil ag comhaltaí an Bhoird sa Ghrúpa uair ar bith i rith na bliana. Mar a tharlaíonn i gcás go leor eintitis eile, bíonn an Grúpa ag déileáil sa ghnáthchúrsa gnó le comhlachtaí eile atá urraithe ag an rialtas, amhail ESB. Tá Comhaontú Infreastruchtúir i bhfeidhm idir an Grúpa agus ESB faoi choimirce an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CER), i ndáil le feidhmeanna úinéara agus oibreora an chórais tarchurtha. Is mar seo a leanas a bhí na muirir ar an Ráiteas Ioncaim Chomhdhlúite agus ar Ráiteas Ioncaim na Cuideachta faoin gComhaontú sin:

Muirear ar úinéir na sócmhainní tarchurtha

Bliain go dtí 30 MF 2017 € ’000

Bliain go dtí 30 MF 2016 € ’000

215,545

210,352

Amhail an 30 Meán Fómhair 2017 bhí €39.4m (2016: €39.2m) san iomlán iníoctha le ESB faoin gComhaontú seo. Is mar seo a leanas a bhí an ghluaiseacht san iarmhéid sin: 30 MF 2017 € ’000 Iarmhéid tosaigh Muirir i rith na bliana Íocaíochta déanta i rith na bliana Iarmhéid deiridh

39,169 215,545 (215,336) 39,378

Tá an t-iarmhéid amuigh gan urrús agus iníoctha in airgead Tirim agus coibhéisí airgid thirim.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 120

30 MF 2016 € ’000 37,363 210,352 (208,546) 39,169


28. Idirbhearta le Páirtithe Bainteacha (ar lean) An Chuideachta

Nochtar thíos na hidirbhearta idir an Chuideachta agus na páirtithe gaolmhara, mar aon leis na hiarmhéideanna gan íoc:

Bliain go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 SONI Limited EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe EirGrid UK Holdings Limited EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe

Bliain go dtí an 30 Meán Fómhair 2016 SONI Limited EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe EirGrid UK Holdings Limited EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe

Ús Muirir a fuarthas Suimeanna dlite infhála ó pháirtí gaolmhar ó pháirtí gaolmhar €’000 €’000 €’000 201 451 -

16,062 11 -

14,662 154,899 22,117 1,612

652

16,073

193,290

Ús Muirir a fuarthas Suimeanna dlite infhála ó pháirtí gaolmhar ó pháirtí gaolmhar €’000 €’000 €’000 166 194 -

18,765 10 -

11,466 148,230 22,071 1,350

360

18,775

183,117

Amhail an 30 Meán Fómhair 2017 bhí €193.3m (2016: €183.2m) dlite don Chuideachta óna fochuideachtaí. Rinne an Chuideachta luach €31.7m (2016: €31.7m) de réamhíocaíochtaí le EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe, chomh maith le luach €285.0m (2016: €285.0m) d’fhiachas a thabhairt ar aghaidh mar iasacht. Measann an lucht bainistíochta go n-aisíocfar an fiachas a tugadh ar aghaidh ar iasacht saor ó ús de réir sceideal a chomhlíonfaidh téarmaí an fhiachais a tugadh ar aghaidh ar iasacht. De réir na dtéarmaí a bhaineann le fiachais idirchuideachta saor ó ús, ní féidir an fiachas idirchuideachta a aisíoc ach amháin tar éis an maoiniú tráchtála a aisíoc. D’aithin an Chuideachta infheistíocht €155.5m (2016: €155.5m) in EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe agus €0.2m (2016: €0.2m) in EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe, a léiríonn an meastachán reatha ar luach an ráta úis tráchtála a ndéanfaidh an Chuideachta gan é thar shaolré na n-iasachtaí seo (nóta 13). Measann an lucht bainistíochta go n-aisíocfar an fiachas a tugadh ar aghaidh ar iasacht saor ó ús de réir sceideal a chomhlíonfaidh téarmaí an fhiachais a tugadh ar aghaidh ar iasacht. Le himeacht shaolré na n-iasachtaí sin gearrfar ús barúlach ar EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe chun go léireoidh na hiarmhéideanna na suimeanna a tugadh ar iasacht ar dtús faoi dháta na haisíocaíochta. I rith na bliana airgeadais aismhuirearaíodh €7.8m (2016: €7.8m) faoin socrú sin. Déanann EirGrid cpt ráthú trí struchtúr trasráthaíochta ar gach iasacht a fhaigheann fochuideachtaí. Tá litreacha tacaíochta eisithe ag an gCuideachta le tacú leis na fochuideachtaí EirGrid UK Holdings Limited, EirGrid Telecoms Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe agus EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe. Tá Gnóthas Máthairchuideachta ar fiú £10 milliún (2016: £10m) é tugtha ag EirGrid cpt do SONI Limited. Tá conradh déanta ag an gCuideachta le fochuideachta eile de chuid an Ghrúpa, EirGrid Interconnector Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe, le sócmhainn an Idirnascaire Thoir Thiar a cheadúnú.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 121


29. Teagmhais i ndiaidh an Chláir Chomhardaithe

Níor tharla aon teagmhais shuntasacha a chuaigh i bhfeidhm ar an nGrúpa ná ar an gCuideachta ó bhí deireadh na bliana ann.

30. Faomhadh na Ráiteas Airgeadais

D'fhaomh an Bord na Ráitis Airgeadais ar an 20 Nollaig 2017.

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 122


Nótaí

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 123


Nótaí

Tuarascáil Bhliantúil EirGrid cpt, 2017 • Leathanach 124



The Oval, 160 Bóthar Shíol Bhroin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath D04 FW28 Teileafón: 01 677 1700 • www.eirgrid.com Priontáilte ar pháipéar athchúrsáilte - athchúrsáil le do thoil


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.