15 minute read

Aonad 5 Poist agus Cúrsaí Oibre

Aonad 5 5

Poist agus Cúrsaí Oibre

P o i s t a g u s

C ú r s aí O i b r e Próifílí (Téacsleabhar lch 182) Léamh: Léigh na próifílí seo agus freagair na ceisteanna. Stiofán Is mise Stiofán agus beidh mé ag dul ar thuras le mo theaghlach go dtí an Longfort ag an deireadh seachtaine. Táim ar bís. Tá mo chuid éadaí curtha sa chás beag agam. Nílim ag glacadh liom ach na rudaí a bheidh uaim. Beidh orm mo bhainseó a thabhairt liom toisc go mbeidh mé ag seinm ag an bhféile bhainseó i mbliana. Beidh mé ag cur isteach ar an gcomórtas faoi shé bliana déag d’aois. Táim an-tógtha leis an gceol, tá a fhios agat. Ní ghlacfaidh an turas rófhada mar go mbeimid ag dul ar an traein. Glacfaidh mé leabhar liom chun an turas a bhriseadh. Niamh Is mise Niamh agus beidh mé ag dul go Baile Átha Cliath faoi cheann míosa. Beidh mé ag glacadh páirte in Oireachtas Rince na Cruinne, a bheidh ar siúl san Ionad Comhdhála. Táim ag súil go mór leis. Beidh mé ag cur isteach ar an gcomórtas faoi sheacht mbliana déag d’aois i mbliana. Bíonn sé an-deacair orm mála a phacáil mar gheall ar an méid a bhíonn agam le tabhairt liom! Beidh orm gúna damhsa agus dhá phéire bróg damhsa, cinn bhoga agus cinn chrua, a ghlacadh liom. Anuas air sin, beidh orm mála smididh, catóir gruaige, triomaitheoir gruaige agus cúpla athrú éadaí a thabhairt liom. Tá imní orm nach mbeidh spás agam sa chás nua a cheannaigh mo mham dom um Nollaig, le haghaidh na rudaí ar fad a bhfuil gá leo! 1 Cén duine a sheinneann an bainseó? Stiofán Niamh 2 Conas a bheidh Stiofán ag dul go dtí an Longfort? 3 Cad a ghlacfaidh Stiofán leis chun an turas a bhriseadh? fón póca ríomhaire glúine leabhar 4 Cén fáth a mbeidh Stiofán ag taisteal? (Nod: Tá féile ar leith le bheith ar siúl.) 5 Beidh Oireachtas Rince na Cruinne ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh i gCorcaigh. Fíor Bréagach©The Educational Company of Ireland 6 Cé mhéad péire bróg a bheidh ar Niamh a thabhairt léi?

7 Liostaigh ceithre rud a bheidh Niamh ag glacadh léi sa mhála.

8 Cathain agus cé uathu a bhfuair Niamh an cás nua?

Foirm iarratais (Téacsleabhar lch 182)

Scríobh: Ba mhaith leatsa a bheith mar chúntóir ag ceann de na himeachtaí a luaigh

Stiofán agus Niamh ar lch 87. Roghnaigh ceann de na himeachtaí agus líon isteach foirm iarratais chun a bheith i do chúntóir ag ceann acu. Foirm Iarratais

Féile Bhainseó an Longfoirt 2022 ❍ Oireachtas Rince na Cruinne 2022 ❍ Comórtas 12–14 ❍ Comórtas 15–18 ❍

Post ar mhaith leat ❍ Cúntóir dorais ❍ Cúntóir feistis ❍ Cúntóir ceoil ❍ Cúntóir fuaime ❍ Foireann ghlantacháin ❍ Freastalaí sa bhialann ❍ Fáilteoir

Sonraí1 Pearsanta

Ainm

Sloinne

Dáta breithe

Cén aois thú anois?

Cén bhliain ina bhfuil tú ar scoil?

An bhfuil aon taithí oibre agat?

Tá ❍ Níl ❍

Tabhair sonraí.©The Educational Company of Ireland

Sonraí Teagmhála

Uimhir fóin Seoladh ríomhphoist Seoladh baile

P o i s t a g u s C ú r s aí

Cúpla Ru An bhfuil deartháireacha nó deirfiúracha agat d Fút Féin O i b r e ag glacadh páirte sna himeachtaí? Tabhair roinnt sonraí. Cén dath súile agus gruaige atá agat? Cén airde thú? Cad é an t-ábhar scoile is fearr leat agus cén fáth? Ábhar: Fáth: Cad é an caitheamh aimsire is mó a thaitníonn leat? Tabhair sonraí. An imríonn tú spórt ar bith? An mbíonn tú ag imirt le foireann? Tabhair sonraí. ❍ Imrím ❍ Ní imrím ❍ Bím ❍ Ní bhím Club/Foireann: An bhfuil suim agat sa cheol? Cén cineál ceoil is fearr leat? ❍ Tá ❍ Níl Cineál ceoil: An seinneann tú uirlis cheoil? Cad a sheinneann tú?

❍Seinnim ❍ Ní sheinnim Uirlis: ©The Educational Company of Ireland

Súil siar ar an aimsir láithreach (Téacsleabhar lch 183)

Scríobh: Athscríobh an t-alt leis an bhfoirm cheart den bhriathar.

Dúisigh mé ag leathuair tar éis a seacht agus éirigh mé ag fiche cúig chun a hocht gach maidin. Glac mé cith agus gléas mé féin ansin. Cuir mé mo leabhair i mo mhála agus fág mé an teach de ghnáth thart ar a hocht. Oscail an scoil ag fiche tar éis a hocht agus tosaigh na ranganna ag deich chun a naoi. Bí naoi rang agam gach lá. Mair gach rang daichead nóiméad. Críochnaigh an scoil ag deich chun a ceathair gach lá, ach amháin ar an Aoine. Bí leathlá againn ar an Aoine. Dúisím ag leathuair tar éis a seacht agus éirím ag fiche cúig chun a hocht gach maidin. ©The Educational Company of Ireland

Poist dhifriúla (Téacsleabhar lch 184)

Meaitseáil: Líon isteach an t-ionad oibre agus roinnt uirlisí a ghabhann leis an bpost cuí

sa ghreille thíos. Ionad oibre:

• sa siopa gruagaire • i stáisiún na nGardaí • sa scoil • ar an bhfeirm • san ospidéal • sa gharáiste

P o i s t a g u s Uirlisí: C ú r s aí

• • steallaire steiteascóp O i b r e • scriúire • díritheoir gruaige • triomaitheoir gruaige • tarracóir • bliteoir • castaire

• clár bán • marcóirí • raidió • dornaisc An post An t-ionad oibre Uirlisí a úsáideann siad 1 Meicneoir sa gharáiste castaire scriúire 2 Múinteoir 3 Garda 4 Dochtúir 5 Feirmeoir 6 Gruagaire Líon na bearnaí: Cé a dhéanann cad? Líon na bearnaí thíos. Post A ndéanann siad Dochtúir Bíonn siad ag tabhairt cúnamh leighis do dhaoine atá tinn. Tiománaí tacsaí _______________ Tugann siad cúnamh leighis d’ainmhithe atá tinn. Leabharlannaí _______________ Bíonn siad ag tógáil tithe. Grianghrafadóir _______________ Oibríonn siad sa siopa ag díol rudaí leis na custaiméirí.©The Educational Company of Ireland

Poist shuimiúla (Téacsleabhar lch 199)

Léamh: Léigh na próifílí seo agus freagair na ceisteanna. Ola Majekodunmi Áit bhreithe: Lagos, An Nigéir Scolaíocht: Coláiste Íosagáin Post: Iriseoir, léiritheoir agus scríbhneoir Ionad oibre: Stiúideo na Life agus oifig/ón mbaile Cúis a bhfuil clú orthu: Seinnliosta an tSathairn, Afra-Éire, Motherfoclóir Fíric fhánach: Sa bhliain 2018, léirigh sí an gearrscannán What Does Irishness Look Like? © Vanessa Ifediora Áit bhreithe: Baile Átha Cliath Oisín Mac Giolla Bhríde Post: Ceoltóir, cumadóir, file, láithreoir raidió, aisteoir, éascaitheoir ceardlanna rapcheoil Ionad oibre: Foras na Gaeilge, scoileanna ar fud na tíre Cúis a bhfuil clú orthu: Láithreoir raidió, aisteoir, rapálaí Gaeilge Fíric Fhánach: D’oibrigh sé mar threoraí i bPríosún Chill Mhantáin ar feadh na mblianta. 1 Cad as ó bhun d’Ola Majekodunmi 2 Ainmnigh clár raidió amháin a rinne sí. 3 Cén rud suimiúil a rinne sí in 2018? 4 Céard iad na poist atá ag Oisín Mac Giolla Bhríde? 5 Tá clú air mar dhamhsóir den scoth. Fíor Bréagach 6 D’oibrigh sé mar dhochtúir mar gharda mar threoraí i bPríosún Chill Mhantáin 7 Tá nasc idir an bheirt thuas. Cad é an nasc sin?

Nod

gairm = career slí bheatha = job clú agus cáil = fame ©The Educational Company of Ireland

Scríobh: Déan taighde ar dhuine cáiliúil a thaitníonn leatsa agus líon isteach an ghreille

seo lena gcuid eolais.

Ainm an duine: Áit bhreithe: Scolaíocht:

Pictiúir díobh anseo thíos: Post:

P o i s t a g u s

C ú r s aí O i b r e Ionad oibre: Cúis a bhfuil clú orthu: Fíric fhánach: ©The Educational Company of Ireland

An post is ansa liom (Téacsleabhar lch 188)

Léamh: Léigh na próifílí seo agus freagair na ceisteanna.

Conas atá sibh, a chairde? Is mise Síle. Tá an-suim agam san ealaín. Is breá liom a bheith ag péinteáil. Is í an ealaín an t-ábhar is fearr liom ar scoil. Is duine an-chruthaitheach atá ionam agus is aoibhinn liom a bheith ag cruthú píosaí ealaíne agus ag baint úsáid as rogha leathan meán. Dearaim mo chuid éadaí féin freisin. Beidh mé ag cur isteach ar an gcomórtas Junk Kouture i mbliana. Nuair a bheidh an Ardteist déanta agam ba mhaith liom freastal ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh. Ina dhiaidh sin ba bhreá liom a bheith i m’ealaíontóir cáiliúil, nó i mo mhúinteoir ealaíne. Cén chaoi a bhfuil sibh? Ciarán atá ormsa ach tugann mo chairde Ciarán an Cheoil orm. Ní minic a fheictear mé gan giotár i mo lámha agam. Táim craiceáilte faoi gach cineál ceoil, ó rac-cheol go ceol clasaiceach. Nílim ró-olc ag canadh ach an oiread. Seinnim an pianó freisin ach is í an uirlis is fearr liom ná an giotár. Déanaim ceol mar ábhar roghnach sa scoil agus taitníonn sé go mór liom. Tá ionad bualadh isteach á reáchtáil ag an múinteoir ceoil, an tUasal Ó Ceallaigh, tar éis am scoile gach Céadaoin. Deir sé liom go bhfuil bua an cheoil agam. Nuair atáim críochnaithe sa mheánscoil ba mhaith liom a bheith ag taisteal timpeall na cruinne ag seinm ceoil le banna mór le rá. 1 Tá Síle an-tógtha leis an ealaín ar scoil. Fíor Bréagach 2 Cén comórtas a mbeidh sí ag cur isteach air i mbliana? 3 Cá háit ar mhaith léi freastal uirthi tar éis na hArdteiste? 4 Ainmnigh an dá phost a luaigh Síle a thaitneodh léi. 5 Feictear Ciarán le feadóg stáin an t-am ar fad. Fíor Bréagach 6 Cén dá chineál ceoil a luaigh Ciarán a thaitníonn leis?

7 Cén Ghaeilge atá ar ‘Choice/Option Subject’? á _______________

r _______________ 8 Cé chomh minic a bhíonn an t-ionad bualadh isteach á reáchtáil?

9 Cén rud ar mhaith leis a dhéanamh agus é críochnaithe sa mheánscoil?©The Educational Company of Ireland

Scríobh: Scríobh blag gearr fút féin agus ar mhaith leatsa a dhéanamh amach anseo. Critéir ratha Luaigh na pointí seo a leanas: P o i s t • • beannacht d’ainm a g u s • • • an t-ábhar is fearr leat an rud is mó a gcuireann tú suim ann post ar mhaith leat a dhéanamh amach anseo C ú r s aí

Tarraing féin pictiúr anseo: díot O i b r e

Scríobh do bhlag anseo: ©The Educational Company of Ireland

Cúrsaí oibre (Téacsleabhar lch 189)

Meaitseáil: Meaitseáil an Ghaeilge leis an mBéarla cuí. Cuir an litir cheart sa ghreille.

Tá an chéad cheann déanta duit mar shampla.

1 ollscoil A professionally 2 céim a dhéanamh B after the Leaving Certificate 3 go gairmiúil C very interesting 4 tar éis na hArdteiste D workplace 5 an-suimiúil E university 6 ionad oibre F do a degree

1 2 3 4 5 6

E Tasc foclóra: Scríobh trí chinn d’aidiachtaí, dearfacha agus diúltacha, faoi dhuine san

ionad oibre. Dearfach

cabhrach

Diúltach cantalach Scríobh: Bain úsáid as cuid de na haidiachtaí thuas chun abairtí a chruthú. Is féidir an chopail a úsáid chomh maith. Sampla: Is maith liom mo mhúinteoir Gaeilge mar is duine cabhrach é/í. 1 3 4 2 5 ©The Educational Company of Ireland

Gearrscannán: Asal (Téacsleabhar lch 192)

Scríobh: Féach ar an scannán ar www.screenireland.ie. Freagair na ceisteanna thíos atá bunaithe ar an scannán. 1 Mothaíonn Fionn trua don asal. P o i s t a g u s 2 Fíor Bréagach Tugann an t-úinéir aire cheart don asal. C ú r s aí 3 Fíor Bréagach Cad a mhothaigh tú nuair a chonaic tú an t-asal? O i b r e fearg brón áthas 4 An aontaíonn tú leis an méid a rinne Fionn? Cén fáth? 5 Ar thaitin an scannán seo leat? Tabhair dhá chúis le do thuairim.

Súil siar ar an aimsir fháistineach (Téacsleabhar lch 194)

Scríobh: Seachtain na Gaeilge a bhí ann agus bhí a lán imeachtaí suimiúla le teacht.

Rinne an Príomhoide fógra ar an idirchum. Faraor bhí sé píosa as cleachtadh leis an aimsir fháistineach. Ceartaigh a ndúirt sé.

Gabh mo leithscéal, a dhaltaí agus a mhúinteoirí. Tá brón orm a bheith ag cur isteach ar ranganna. Bí Seachtain na Gaeilge linn go luath agus beidh a lán imeachtaí iontacha ar siúl sa scoil. Eagraigh

Roinn na Gaeilge tráth na gceist sa leabharlann ar an Luan. Taispeáin siad an scannán Rún Cheanannais Mhórdon dá thréimhse ag deireadh an lae sa phictiúrlann ar an Máirt. Beidh an Roinn Cheoil ag cur imeachtaí cultúrtha ar siúl freisin. Cuir siad ceolchoirm ar siúl sa bhialann, ag am lóin ar an gCéadaoin. Déardaoin reáchtáil an Roinn

Matamaitice comórtas Biongó agus cloisim go mbeidh duaiseanna den scoth ar fáil. Ar an Aoine, ar maidin léirigh Cumann

Drámaíochta na scoile a leagan den ghearrscéal ‘An tÁdh’ agus chun críoch a chur leis na himeachtaí beidh céilí mór againn do na trí thréimhse ag deireadh an lae. Seinn grúpa ceoil d’fhoireann na scoile an ceol don damhsa.

Go raibh maith agaibh.

© Fís Éireann ©The Educational Company of Ireland

Gabh mo leithscéal, a dhaltaí agus a mhúinteoirí. Tá brón orm a bheith ag cur isteach ar ranganna. Beidh Seachtain na Gaeilge linn go luath agus beidh a lán imeachtaí iontacha ar siúl sa scoil.

Tasc scríofa: Cruthaigh d’fhógra féin d’imeacht atá ag teacht aníos. Critéir ratha Luaigh na pointí seo a leanas: • cén t-imeacht atá ag teacht aníos • cá mbeidh sé ar siúil • cé air a mbeidh an t-imeacht seo dírithe • cén t-am a thosóidh agus a chríochnóidh an t-imeacht seo • cén costas/táille a bheidh le híoc • aon eolas eile • Bain úsáid as ar a laghad cúig bhriathar ar leith. ©The Educational Company of Ireland

Súil ar an modh ordaitheach (Téacsleabhar lch 195)

Scríobh: Líon isteach an fhoirm cheart den bhriathar.

1

Deir Ó Grádaigh . . . Suigh síos. Suígí síos.

P o i s t a g u s C ú r s aí 2 O i b r e

_______________ suas. Seasaigí suas. Cuir do lámha san aer. _______________ bhur lámha san aer.

4

_______________ do shúile. Dúnaigí bhur súile.

5

Cas amhrán. _______________ amhrán.

6

Léim thart. _______________ thart.

7

_______________ an doras. Dúnaigí an doras. Labhairt: Cruthaigh do chuid orduithe féin don chluiche ‘Deir Ó Grádaigh’. Tabhair do

chuid orduithe do dhuine amháin agus do ghrúpa daoine mar atá déanta sa bhosca thuas. Do dhuine amháin

Rith

Do ghrúpa Rithigí 3 Gníomhaíocht ranga Bain triail as an gcluiche seo sa rang. Cuir gach duine ag seasamh. Beidh duine amháin ag glacadh ról Uí Ghrádaigh. Déarfaidh siad: ‘Deir Ó Grádaigh . . .’ agus beidh ar an rang an gníomh a dhéanamh. Mura bhfuil ‘Deir Ó Grádaigh’ ráite roimhe ní dhéanfaidh éinne an gníomh. Má dhéanann, cuirfear an duine sin as an gcluiche agus beidh air/uirthi suí síos. An buaiteoir an duine deiridh atá ina s(h)easamh.©The Educational Company of Ireland

Daoine óga agus an obair pháirtaimseartha (Téacsleabhar lch 196)

Léamh: Léigh na próifílí seo agus freagair na ceisteanna.

Cad é mar atá sibh, a chairde? Is mise Síofra agus cuirim clár raidió, Sult ar an Satharn, i láthair ar Raidió na Life. Thosaigh mé á dhéanamh agus mé san idirbhliain. Bhí an t-ádh orm taithí oibre a fháil le Raidió na Life. Thosaigh mé amach ag déanamh tae agus caife do na ceirneoirí móra ar nós MC Muipéid agus MC Oisín Mac. Tar éis dom a bheith ag labhairt leis an mbainisteoir stáisiúin, d’fhreastail mé ar chúrsa traenála agus d’fhoghlaim mé conas an deasc fuaime a úsáid. Ó shin i leith craolaim mo chlár féin gach Satharn ag meán lae. Seinnim meascán de cheoil agus déanaim plé ar na rudaí is tábhachtaí do dhaoine óga. Go minic bíonn duaiseanna le buachan chomh maith. Más maith leat amhrán ar leith a chloisteáil nó beannachtaí a chur le do chairde a dhéanamh d’éinne is féidir Cadsapp a sheoludh chugam. Beidh scrúduithe na hArdteiste á ndéanamh agam i mbliana agus ba bhreá liom leanúint ar aghaidh le bheith ag obair sna meáin amach anseo. Conas atá sibh, a chairde? Tadhg is ainm dom. Táim san idirbhliain. Chun airgead póca a thuilleamh bím ag obair le m’uncail. Tá gnólacht péinteála agus maisiúcháin aige. Oibrím leis ag an deireadh seachtaine. Bíonn orm a bheith réidh go luath ar maidin mar bailíonn m’uncail ón teach mé. De ghnáth is é an chéad rud a dhéanaimid ná an áit atá le maisiú againn a ghlanadh. Is mise a dhéanann an obair sin. Glanaim timpeall na háite, scuabaim an t-urlár agus ním na ballaí le gallúnach siúcra. Fad is a bhíonn sin á dhéanamh agamsa réitíonn m’uncail na scuaba, na péinteanna agus aon trealamh eile atá uaidh. Cabhraím leis ansin an dréimire a iompar agus déanaim cinnte go bhfuil sé socair. Oibrímid beirt ar an bpéinteáil ansin. Táim ag dul i bhfeabhas, a deir m’uncail. Taitníonn an obair seo liom. Cén chaoi a bhfuil sibh, a dhaoine uaisle? Is muide Medbh agus Aoibhe. Is cúpla muid agus táimid an-tógtha le cúrsaí faisin. Chun coinneáil suas leis an stíl is nua-aimsire oibrímid sa siopa faisin sa sráidbhaile. Bíonn an deis againn an stíl ar fad a fheiceáil sula mbíonn sé ar díol agus casaimid leis na dearthóirí áitiúla go minic freisin. Tá teach ag Seorsaín Granada agus Oilibhín Sonarta sa cheantar seo agus tagann siad isteach ar cuairt go rialta. Taitníonn sé go mór linn a bheith ag plé cúrsaí faisin agus éadaí leo. Ba bhreá leis an mbeirt againn freastal ar an gcoláiste tar éis na hArdteiste agus céim san ealaín agus dearthóireachta a bhaint amach. Ina dhiaidh sin ba mhaith linn ár ngnólacht féin a thosú, mar a rinne an Cúpla Coco agus Breezy Rock, agus ár líne faisin féin©The Educational Company of Ireland a bheith againn.

1 Cén t-ainm atá ar an gclár a chuireann Síofra i láthair?

2 Conas a d'éirigh léi an clár raidió a fháil?

3 Tabhair trí phíosa eolais faoin gclár a chuireann Síofra i láthair.

P o i s t a g u s

C ú r s aí O i b r e 4 Cén bhliain ina bhfuil Tadhg? sa tríú bliain san idirbhliain sa chéad bhliain 5 Cad iad na rudaí a dhéanann sé chun an áit a ullmhú roimh phéinteáil? 6 Níl scileanna péinteála Thaidhg ag dul i bhfeabhas. Fíor Bréagach 7 Cá háit a mbíonn Medbh agus Aoibhe ag obair? 8 An maith leo an cineál seo oibre? Cén fáth, meas tú? 9 Cad atá beartaithe ag an mbeirt acu a dhéanamh tar éis na hArdteiste? ©The Educational Company of Ireland

This article is from: