15 minute read

Dráma Gleann Álainn

Next Article
Aonad 4

Aonad 4

Súil siar ar an dráma Gleann Álainn (Téacsleabhar lch 177)

Ord an scéil: Leagadh na scéalchártaí seo amach os do chomhair. Tugann siad achoimre duit ar scéal an dráma Gleann Álainn. An t-aon fhadhb atá ann ná go bhfuil siad leagtha

amach san ord mícheart. An féidir leat na cártaí seo a leagan amach mar is ceart chun scéal an dráma a insint? Tá an chéad cheann déanta duit mar shampla.

A Tá a fhios ag Sinéad cé hiad an bheirt. Cairde lena hathair atá iontu. Séamus agus Peadairín is ainm dóibh. Deir siad nach bhfuil imní ar bith orthu má fheictear iad mar is féidir lena gcara, athair Shinéad, an Teachta Dála, cabhrú leo má bhíonn trioblóid acu. Cuireann an chaint seo isteach ar na cairde agus aontaíonn siad go bhfuil orthu rud a dhéanamh faoi seo. Níl Éamonn Beag róchinnte mar is uncail leis Séamus.

B Téann grúpa cairde amach faoin tír chun tionscadal ealaíne a dhéanamh. Pictiúir den dúlra álainn atá sa cheantar atá le cruthú acu. Fágann Sinéad agus Seosamh an grúpa chun spás a bheith acu. Tosaíonn na daoine atá fágtha ag magadh fúthu. Go tobann ritheann Sinéad ar ais chuig a cairde agus tá fearg uirthi. Insíonn sí dóibh a raibh feicthe aici. Tá daoine tar éis líon mór bruscair a chaitheamh in aice leis an loch.

C Aontaíonn na cairde gur chóir an scéal a fhiosrú. Téann siad i bhfolach chun pé duine a scrios ceantar an locha a aimsiú. Tar éis tamaill tagann beirt fhear ar an láthair agus a lán málaí bruscair leo. Tá veain acu atá lán le bruscar agus iad ag dumpáil go neamhdhleathach. Cuireann seo níos mó feirge ar na cairde. Tá ceamara ag Seosamh agus glacann sé cúpla grianghraf de na fir agus iad i mbun oibre.

D Tosaíonn an cás cúirte agus cuireann ceathrar den ghrúpa cairde síos ar ar tharla agus ar a raibh feicthe acu. Insíonn siad faoin dumpáil a bhí ar siúl ag Séamus agus ag Peadairín. Ach ar an drochuair, níor éirigh leo grianghraif a ghlacadh leo chun na cúirte, toisc gur fhág Seosamh a cheamara san áit ina raibh siad i bhfolach. Téann Seosamh chun an ceamara a aimsiú ach ní chreideann an Breitheamh an leithscéal.

E Tagann dlíodóir Shéamuis agus Pheadairín isteach le finné nua. Éamonn Beag atá ann agus deir sé go raibh sé deacair rud ar bith, nó duine ar bith fiú, a fheiceáil go soiléir agus an dumpáil ag dul ar aghaidh. Ritheann Seosamh isteach i Halla na Cúirte ar luas lasrach leis an gceamara ina ghlac aige. Taispeánann dlíodóir na gcairde na pictiúir don Bhreitheamh agus faigheann sé an bheirt fhear ciontach. Gearrann sé fíneáil ocht gcéad Euro orthu. Tá na cairde ar mhuin na muice.

F Téann an grúpa cairde chuig oifig na Comhairle Contae i mbun agóide. Tagann athair Shinéad, Seán Mac an Mháistir, amach chucu. Tugann sé íde béil dóibh ar dtús agus labhraíonn sé le Tadhg Ó Cuill faoin eachtra dumpála. Cloiseann sé go mbeidh Séamus agus Peadairín os comhair na cúirte go luath. Iarrann sé cúnamh ó Thadhg agus tugann sé breab dó i gclúdach litreach.

1 2 3 4 5 6

B

Féach ar an bhfíseán ‘2 Cobh Play’ ar©The Educational Company of Ireland YouTube a rinne na daltaí scoile seo as Cóbh i gCorcaigh chun cabhrú leat.

Scríobh: Líon na bearnaí.

Rugadh (1)_______________ _____ _______________ i Ros Comáin sa bhliain 1929. Chónaigh sé i Londain agus (2)____ _______________ ina óige. Spreagtha ag easpa (3)_______________ Ghaeilge do pháistí, scríobh sé An Bealach Rúnda, lán le scéalta agus amhráin, sa bhliain 1969. Idir 1965 agus (4)_______________ foilsíodh 27 leabhar dá chuid. Scríobh sé leabhair do pháistí, leabhair d’fhoghlaimeoirí (5)_______________ agus leabhair do dhéagóirí. Bhain sé (6)_______________ litríochta amach ag Oireachtas Gaeilge Cheanada, agus mórán ag Oireachtas na Gaeilge. Bronnadh Gradam Liteartha an (7)_______________ air in 2011. Bhí sé páirteach i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge do theilifís na Ghaeilge sa bhliain 1985. D’oibrigh sé le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, (8)_______________ _______________, Údarás na Gaeltachta agus TG4.

Banc focal

duaiseanna, Gael Linn, fásta, 2016, Brian Ó Baoill, Oireachtais, sa Mhí, leabhair Meaitseáil: Cé atá á phlé anseo? Meaitseáil ainm an duine leis an gcur síos déanta orthu. 1 Sinéad A Duine cliste atá ann. Tá sé cinnte go mbeidh na fir dumpála ar ais. Glacann sé ceamara leis agus glacann sé griangraif díobh i mbun dumpála. Filleann sé chun an ceamara a fháil le linn an cháis cúirte. 2 Seosamh B Daoine dímheasúla atá iontu. Níl meas acu ar an timpeallacht ná ar aon duine. Tá siad leithleasach agus leisciúil, ag iarradh airgead tapa mí-ionraic a bhaint amach. 3 Seán Mac an Mháistir, athair Shinéad C Duine cróga atá inti. Déanann sí spiaireacht ar an mbeirt atá ag dumpáil go mídhleathach. Tosaíonn sí agóid chun an scéal a insint don phobal. 4 Séamus agus Peadairín

D Teachta Dála mí-ionraic atá ann. Níor thug sé tacaíocht do Shinéad agus í ag agóidíocht. Is cosúil go raibh baint aige leis an dumpáil mar gheall ar an mbreab a thugann sé do dhuine ar an gcoiste. 1 2 3 4 Scríobh: Scríobh trí phointe eolais faoin gcarachtar Éamonn Beag. 2 1 3 ©The Educational Company of Ireland

Súil siar ar an aidiacht phearsanta (Téacsleabhar lgh 174–5)

Tasc foclóra: Cad í an Ghaeilge ar na haidiachtaí seo thíos? Bain úsáid as teanglann.ie

chun cabhrú leat.

1 2 3 determined = persistent = optimistic = ____________________ ____________________ ____________________ G l e a n n Á l a i n n 4 dishonest = ____________________ 5 greedy = ____________________ 6 rude = ____________________ 7 fair = ____________________ 8 smart = ____________________ 9 creative = ____________________ 10 disrespectful= ____________________ 11 mean = ____________________ 12 serious = ____________________ Scríobh: Líon isteach, sa tábla seo thíos, trí aidiacht chun cur síos a dhéanamh ar na

carachtair. Ansin cruthaigh abairtí leis na haidiachtaí sin. Aidiachtaí Abairtí

Sinéad • cróga • cliste • diongbháilte I mo thuairim, is duine cróga í Sinéad mar sheas sí an fód ar son na rudaí ar chreid sí iontu. Bhí sí cliste an chaoi ar smaoinigh sí ar an bplean chun teacht ar na daoine a bhí ag dumpáil in aice leis an loch. Bhí sí diongbháilte freisin sa chaoi is gur lean sí leis an agóid cé go raibh a hathair ina coinne.

Seosamh • • •

Seán

Mac an

Mháistir, athair

Shinéad

• •

Éamonn Beag • • •

Séamus agus

Peadairín

• • • •©The Educational Company of Ireland

Súil siar ar na mothúcháin (Téacsleabhar lch 177)

Tasc foclóra: Cén Béarla atá ar na mothúcháin seo? Bain úsáid as teanglann.ie chun

cabhrú leat.

1 áthas = _______________ 2 ríméad = _______________ 3 eagla = _______________ 4 fearg = _______________ 5 brón = _______________ 6 iontas = _______________

7 imní = _______________ 8 bród = _______________ 9 náire = _______________ Scríobh: Conas a mhothaigh tú tar éis an dráma seo a leamh? Cad iad na mothúcháin a mhúscail an dráma seo ionat? Scríobh anseo na mothúcháin a mhúsclaíonn an dráma seo ionat agus an fáth a mothaíonn tú mar sin. Sampla: Mhothaigh mé fearg fearg agus imní imní tar éis dom an dráma seo a léamh. Chuir sé fearg orm an chaoi a raibh Séamus agus Peadairín ag truailliú cheantar an locha. Cuireann rudaí mar seo imní orm do todhchaí na timpeallachta/an chomhshaoil. Tasc scríofa: Lig ort gur tusa Sinéad nó Seosamh nó Seán Mac an Mháistir TD. Tá an cás cúirte díreach thart. Bhí an bua ag páistí na háite mar gur gearradh fíneáil ar Shéamas agus ar Pheadairín. Ag brath ar an seasamh a ghlac tú (an carachtar a roghnaigh tú) scríobh síos an chaoi a mothaíonn tú faoi na himeachtaí sa chúirt agus an breithiúnas a rinneadh. Scríobh faoin méid atá le tarlú tar éis ar tharla sa chúirt. Critéir ratha Luaigh na pointí seo a leanas: • cé thú féin agus cén taobh den argóint a ghlac tú • conas a mhothaíonn tú faoinar tharla sa chúirt • cad atá chun tarlú anois i do thuairim • An bhfuil tú féin chun rud ar bith a dhéanamh chun tacú le do thaobh? Cad a dhéanfaidh tú? ©The Educational Company of Ireland

Conas atá sibh, a chairde? Is mise _______________ _______________ agus bhí mé i gcoinne na hargóna a bhí ag ________________. Táim/Nílim sásta lenar tharla mar _________________

G l e a n n Á l a i n n

©The Educational Company of Ireland

Cosc ar dhumpáil (Téacsleabhar lch 177)

Tasc ealaíne: Is minic a fheictear fógraí timpeall na háite ag fógairt go bhfuil cosc ar

dhumpáil sa cheantar. Féach ar na samplaí seo thíos.

Cosc ar Dhumpáil Fuair tú post samhraidh leis an gComhairle Maor Bruscair ar Patról Contae agus d’iarr siad ort fógra nua a dhearadh mar shíl siad go raibh na cinn a bhí acu cineál sean fhaiseanta agus as dáta. D’iarr siad ort a bheith chomh cruthaitheach agus ba mhaith leat a bheith. Beidh na fógraí le crochadh sa Ghleann Álainn mar thoradh ar ar tharla sa chúirt nuair a gearradh fíneáil ar Shéamus agus ar Pheadairín. Ceann de na leithscéalta a d’úsáid siad tar éis an cháis cúirte ná nach raibh fógraí le feiceáil timpeall na háite. Mar sin bí cinnte go bhfuil d’fhógra feiceálach! Critéir ratha Luaigh na pointí seo a leanas: • cosc ar dhumpáil sa cheantar • cad is ainm don cheantar • cén Chomhairle Contae atá freagrach as an áit • cén fhíneáil a ghearrfar ar éinne a fheicfear ag dumpáil go mídhleathach san áit RABHADH CCTV Cosc ar Dhumpáil Fineáil ar an Láthair G150 Fineáil suas le G4000 sa chúirt ©The Educational Company of Ireland

Eocharfhocail ón drama (Téacsleabhar lch 171)

Cuardach focal: Aimsigh na focail thíos sa chuardach focal. P A C C P M R S J M Z N D P É D C I U O W I C Q R U Z E G F S Í A T R I X G F T P J I M A E Ó O M H M É L Á E Ó F N S I Á A B L O N S P G L A C A N N O Ó C I T I Í I C H P C B T P D R M H A A L O O J É C H O R T Á H E T N S G N R S C Í T B Ú O T T L A N G J N C A L I U M L E U O Ú S N A H O É A G Ó I D É Y P C K C O I S L Á T B V O P W S J A G F Í N C Ú B A E R B G I H Í E C H A E P C L A N N A U L N P F S M R A Í T M B S F I S L N Í Ó I D C M R U A F Á S É C I J B O Ú F O H É Ó V C M H W G W Í Á É B N S Ó socraíonn glacann aithníonn luann cothroime agóid uafás feachtas breab díoltas ©The Educational Company of Ireland

Meaitseáil: Meaitseáil na heocharfhocail Ghaeilge leis na leaganacha Béarla. Tá an chéad

cheann déanta duit mar shampla.

1 Socraíonn siad A He mentions

2 Glacann sé B campaign

3 Aithníonn sí

C They decide 4 Luann sé D protest 5 agóid E bribe 6 uafás F fairness 7 feachtas G retribution 8 breab H He accepts 9 cothroime I horror 10 díoltas J She recognises 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 C Scríobh: Roghnaigh cúig eocharfhocal agus cruthaigh abairt leo a léiríonn go dtuigeann tú iad. Sampla: Ní raibh airgead agam nuair a bhí mé sa siopa ach dúirt an siopadóir gur ghlac siad le cártaí bainc. 1 3 4 2 5 ©The Educational Company of Ireland

Ceisteanna achoimre ar an dráma Gleann Álainn

(Téacsleabhar lgh 172–3)

Scríobh: Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1 Cé mhéad déagóir atá sa ghrúpa cairde? Ainmnigh iad.

2 Cén fáth a bhfuil siad amuigh faoin tuath? 3 Cad a bhí feicthe ag Sinéad a chuir olc agus uafás uirthi? 4 Inis faoin bplean a bhí acu tar éis an méid seo a fheiceáil. Tabhair trí phíosa eolais. 5 Cén fáth nach raibh Éamonn Beag ag iarraidh sceitheadh (insint) ar na daoine a bhí ag déanamh an ruda ghránna seo? 6 Conas a d’éirigh leo Séamus agus Peadairín agus a fháil i dtrioblóid? 7 (a) An raibh fianaise (evidence) ag an ngrúpa cairde ar an eachtra seo? Cad a bhí acu? (b) Ar éirigh leo an fhianaise seo a thabhairt chun na cúirte in am? Tabhair sonraí. ©The Educational Company of Ireland

8 Cad a ghearrann an Breitheamh ar Shéamus agus ar Pheadairín? An leor sin i do thuairim? Cén fáth?

9 Cé hé/hí an príomhcharachtar sa dráma seo, dar leat? Cén fáth a síleann tú é seo? Tabhair trí chúis le do fhreagra.

An Timpeallacht

Tá fíor thábhacht le téama na timpeallachta nó téama an chomhshaoil sa dráma Gleann Álainn. Ón tús, agus an grúpa cairde ag déanamh píosa ealaíne bunaithe ar áilleacht an dúlra sa cheantar, go dtí an seasamh a ghlacann siad chun an ghnáthóg atá thart ar cheantar an locha sa ghleann a chosaint. Is léir go bhfuil ardmheas ag na déagóirí seo ar an nádúr agus ar na hainmhithe a bhfuil cónaí orthu san áit seo mar aon leis an áilleacht atá sa tírdhreach féin. Is iad na daoine fásta, faraor, ar chóir go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar cé chomh luachmhar is atá ár dtimpeallacht, atá á scriosadh agus is iadsan a fhoghlaimíonn ceacht ag an deireadh: nach féidir todhchaí na cruinne a lot ar mhaithe le brabús. Foghlaimíonn siad freisin an bhrí atá leis an seanfhocal ‘Filleann an feall ar an bhfeallaire’ nuair atá siad os comhair na cúirte de bharr na coire atá déanta acu. Laghdaigh Athúsáid Lig do scíth: Cuardaigh ‘Is Eolaí Mé An Timpeallacht’ ar líne chun féachaint ar Pheadar ag labhairt faoi chúrsaí timpeallachta agus éiceolaíochta. Athchúrsáil

An Timpeallacht ©The Educational Company of Ireland

An timpeallacht (Téacsleabhar lch 177)

Meaitseáil: Meaitseáil an Ghaeilge leis an mBéarla cuí. Tá an chéad cheann déanta duit

mar shampla.

1 Tá an teocht ag ardú 2 athruithe suntasacha 3 ábhair díobhálacha A harmful materials B renewable fuels C climate change 4 forbairt inbhuanaithe D water pollution 5 breoslaí inathnuaite E The temperature is rising 6 athrú aeráide F sustainable development 7 ró-iascaireacht G overfishing 8 truailliú uisce H substantial changes 1 2 3 4 5 6 7 8 E Scríobh: Roghnaigh cúig cinn de na nathanna nua thuas agus cur i gceisteanna iad a léiríonn an bhrí atá acu. Sampla: An féidir leat áit a ainmniú ina bhfuil ró-iascaireacht ag dul ar aghaidh? 1 3 4 2 5 ©The Educational Company of Ireland

Tasc scríofa: Is minic a bhíonn Coiste Glas sna scoileanna ag déanamh iarrachtaí ar son

na timpeallachta. Seans gur eagraigh siad feachtas chun uisce nó teas a chaomhnú sa scoil nó gur ghlac siad páirt i ngníomhaíochtaí eile. An féidir leatsa píosa a scríobh faoi ghníomhaíocht amháin a rinne an Coiste Glas nó na daltaí féin i do scoil chun cabhrú leis an timpeallacht? Critéir ratha

Luaigh na pointí seo a leanas: • cén cineál gníomhaíochta a d’eagraigh sibh • cé a d’eagraigh rudaí • cén pháirt a bhí agatsa • cá fhad a mhair an ghníomhaíocht seo • conas a d’éirigh libh ag an deireadh • an raibh tú sásta lena raibh déanta ©The Educational Company of Ireland

Athrú aeráide agus maoirseacht (Téacsleabhar lch 177)

Léamh: Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a bhaineann leis. Ailt glactha ó ‘Athrú aeráide agus maoirseacht’, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Dífhoraoisiú G l e a n n

Gearrtar síos crainn go minic chun bealach a Á l a i n n dhéanamh d’fhorbairtí cosúil le bóithre agus tithe. Tá na foraoisí báistí ag dul in éag de bharr an dífhoraoisithe seo. Teastaíonn crainn chun dé-ocsaíd charbóin a ghlacadh isteach agus chun ocsaigin atá ag teastáil uainn chun análú a scaoileadh amach. Mar mhaoirseoirí, ba cheart dúinn páirt a ghlacadh i scéimeanna cur plandaí. Dainséar don fhiadhúlra Tá ainmhithe áirithe ag dul in éag de bharr dífhoraoisiú agus caillteanas gnáthóg de réir mar atá an daonra ag fás. Teastaíonn áit ón daonra breise chun maireachtáil agus glantar amach talamh chun áit chónaithe a dhéanamh. Mar mhaoirseoirí, ba cheart dúinn níos mó páirceanna fiadhúlra a chur ar fáil. Báisteach aigéadach Toradh a bhíonn ar dhó breosla iontaise is ea báisteach aigéadach. Measctar aigéid a tháirgeann stáisiúin chumhachta, monarchana agus carranna leis an mbáisteach agus ansin titeann sí ina báisteach aigéadach. Déanann báisteach aigéadach dochar do chrainn, faigheann éisc bás i lochanna agus déantar dochar d’fhoirgnimh. Mar mhaoirseoirí, ba cheart dúinn úsáid a bhaint as foinse athnuaite cumhachta cosúil le gaoth, grian agus cumhacht na dtonnta chun laghdú a dhéanamh ar bháisteach aigéadach. 1 Ní ghearrtar síos crainn chun bealach a dhéanamh do bhóithre. Fíor Bréagach 2 Tá crainn uainn chun ocsaigin a scaoileadh amach dúinn. Fíor Bréagach 3 Níl daoine ag cur isteach ar ghnáthóga na n-ainmhithe. Fíor Bréagach©The Educational Company of Ireland

4 Ba chóir dúinn níos mó páirceanna fiadhúlra a chur ar fáil. Fíor Bréagach 5 Níl baint ar bith ag an dó breosla leis an mbáisteach aigéadach. Fíor Bréagach 6 Déanann an bháisteach aigéadach dochar d’fhoirgnimh. Fíor Bréagach 7 Cén fáth a mbíonn báisteach aigéadach againn?

8 Cén Béarla atá ar an bhfocal ‘maoirseoir’? 9 Cad is féidir linn mar mhaoirseoirí a dhéanamh, dar leis an alt seo? ©The Educational Company of Ireland

This article is from: