Dráma
Ire la n
d
Gleann Álainn
Gleann Álainn
Dráma
Súil siar ar an dráma Gleann Álainn (Téacsleabhar lch 177)
of
Ord an scéil: Leagadh na scéalchártaí seo amach os do chomhair. Tugann siad achoimre duit ar scéal an dráma Gleann Álainn. An t-aon fhadhb atá ann ná go bhfuil siad leagtha amach san ord mícheart. An féidir leat na cártaí seo a leagan amach mar is ceart chun scéal an dráma a insint? Tá an chéad cheann déanta duit mar shampla. Tá a fhios ag Sinéad cé hiad an bheirt. Cairde lena hathair atá iontu. Séamus agus Peadairín is ainm dóibh. Deir siad nach bhfuil imní ar bith orthu má fheictear iad mar is féidir lena gcara, athair Shinéad, an Teachta Dála, cabhrú leo má bhíonn trioblóid acu. Cuireann an chaint seo isteach ar na cairde agus aontaíonn siad go bhfuil orthu rud a dhéanamh faoi seo. Níl Éamonn Beag róchinnte mar is uncail leis Séamus.
B
Téann grúpa cairde amach faoin tír chun tionscadal ealaíne a dhéanamh. Pictiúir den dúlra álainn atá sa cheantar atá le cruthú acu. Fágann Sinéad agus Seosamh an grúpa chun spás a bheith acu. Tosaíonn na daoine atá fágtha ag magadh fúthu. Go tobann ritheann Sinéad ar ais chuig a cairde agus tá fearg uirthi. Insíonn sí dóibh a raibh feicthe aici. Tá daoine tar éis líon mór bruscair a chaitheamh in aice leis an loch.
C
Aontaíonn na cairde gur chóir an scéal a fhiosrú. Téann siad i bhfolach chun pé duine a scrios ceantar an locha a aimsiú. Tar éis tamaill tagann beirt fhear ar an láthair agus a lán málaí bruscair leo. Tá veain acu atá lán le bruscar agus iad ag dumpáil go neamhdhleathach. Cuireann seo níos mó feirge ar na cairde. Tá ceamara ag Seosamh agus glacann sé cúpla grianghraf de na fir agus iad i mbun oibre.
D
Tosaíonn an cás cúirte agus cuireann ceathrar den ghrúpa cairde síos ar ar tharla agus ar a raibh feicthe acu. Insíonn siad faoin dumpáil a bhí ar siúl ag Séamus agus ag Peadairín. Ach ar an drochuair, níor éirigh leo grianghraif a ghlacadh leo chun na cúirte, toisc gur fhág Seosamh a cheamara san áit ina raibh siad i bhfolach. Téann Seosamh chun an ceamara a aimsiú ach ní chreideann an Breitheamh an leithscéal.
Ed
uc
at io
na l
C
om pa ny
A
Tagann dlíodóir Shéamuis agus Pheadairín isteach le finné nua. Éamonn Beag atá ann agus deir sé go raibh sé deacair rud ar bith, nó duine ar bith fiú, a fheiceáil go soiléir agus an dumpáil ag dul ar aghaidh. Ritheann Seosamh isteach i Halla na Cúirte ar luas lasrach leis an gceamara ina ghlac aige. Taispeánann dlíodóir na gcairde na pictiúir don Bhreitheamh agus faigheann sé an bheirt fhear ciontach. Gearrann sé fíneáil ocht gcéad Euro orthu. Tá na cairde ar mhuin na muice.
©
Th
e
E
F
Téann an grúpa cairde chuig oifig na Comhairle Contae i mbun agóide. Tagann athair Shinéad, Seán Mac an Mháistir, amach chucu. Tugann sé íde béil dóibh ar dtús agus labhraíonn sé le Tadhg Ó Cuill faoin eachtra dumpála. Cloiseann sé go mbeidh Séamus agus Peadairín os comhair na cúirte go luath. Iarrann sé cúnamh ó Thadhg agus tugann sé breab dó i gclúdach litreach.
1
B
2
3
4
5
6
Féach ar an bhfíseán ‘2 Cobh Play’ ar YouTube a rinne na daltaí scoile seo as Cóbh i gCorcaigh chun cabhrú leat.
73
01 Croi 2 Activity book (LG)REV.indd 73
09/03/2022 19:16