4 minute read
Cluastuiscint Aonad 1
Cluastuiscint
Aonad 1: An Scoil agus Cúrsaí Oideachais
Ceist 1
Cluastuiscint: Cloisfidh tú beirt
déagóirí ag caint faoi chúrsaí scoile anseo. Cloisfidh tú gach píosa cainte faoi dhó. Beidh sos ann leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht. Freagair na ceisteanna nó cuir tic sa cholún ceart (fíor nó bréagach) más gá. An chéad chainteoir
✔ ✘
1 Karen is ainm don duine seo. 2 Téann sí ar scoil ar an rothar. 3 Tá leathuair an chloig aici don lón. 4 Inniu beidh sí ag dul go dtí an tsaotharlann. 5 Tá scrúdú Gaeilge aici inniu. 6 Imríonn sí peil leis an scoil.
An dara cainteoir
✔ ✘
1 Fergal is ainm don duine seo. 2 Tá sé sa chéad bhliain ar scoil. 3 D’imir sé cispheil sa halla spóirt inné. 4 Ghortaigh sé a chos inné. 5 Chuir an príomhoide glaoch ar a athair. 6 Bhí sé ar scoil arís inniu.
Léigh na habairtí thíos agus déan cinnte go dtuigeann tú iad. Bain úsáid as d’fhoclóir más gá. Rianta 3.03–04 ©The Educational Company of Ireland
Ceist 2
Rian 3.05
Cluastuiscint: Éist leis an bhfógra seo agus
freagair na ceisteanna a ghabhann leis. Cloisfidh tú an fógra faoi dhó. Beidh sos ann leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht. Scríobh abairt iomlán i ngach cás nó cuir tic leis an bhfreagra ceart más gá.
1 Conas a mhothaíonn an príomhoide le linn an fhógra seo? 2 Cathain a bhris duine éigin fuinneog sa chlós? inniu inné amárach 3 Cá ndeachaigh an duine a bhris an fhuinneog? 4 Cá bhfuil an pháirc imeartha? 5 Cén rud nach bhfuil an príomhoide ag iarraidh a fheiceáil sa chlós arís?
Ceist 3
Cluastuiscint: Cloisfidh tú fógra sa cheist seo. Cloisfidh tú an fógra faoi dhó. Beidh sos
ann leis na freagraí a scríobh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht. Cuir tic leis an bhfreagra ceart más gá.
1 Cén post atá ag an duine atá ag caint anseo?
Léigh na habairtí thíos agus déan cinnte go dtuigeann tú iad. Bain úsáid as d’fhoclóir más gá. Rian 3.06 ©The Educational Company of Ireland
2 An bhfuil an duine seo sásta faoin nuacht atá aici? Tá sí sásta. Níl sí sásta. Ní léir an bhfuil nó nach bhfuil sí sásta. 3 Cé mhéad seomra a bheidh ar an gcéad urlár sa halla spóirt seo? Beidh 2 sheomra ann. Beidh 4 sheomra ann. Beidh 5 sheomra ann. 4 Cad atá an príomhoide ag seoladh chuig na tuismitheoirí amárach?
Ceist 4 Cluastuiscint: Cloisfidh tú beirt ag caint sa chomhrá seo. Cloisfidh tú an comhrá faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú ina dhá mhír é. Beidh sos ann leis na ceisteanna a fhreagairt tar éis gach míre. Cuir tic leis an bhfreagra ceart más gá. Mír 1 1 Cad is ainm don chéad duine atá ag caint sa chomhrá seo? 2 Cad a d’fhág Eibhlín ar an mbus? 3 Cén t-am a bheidh Kim ag ithe a dinnéir? Mír 2 1 Céard a thug Eibhlín do Kim nuair a tháinig sí go dtí an doras? Rianta 3.07–08 ©The Educational Company of Ireland
2 Ar chuir Kim an citeal ar siúl? Chuir. Níor chuir. 3 Ainmnigh an duine a bhí ag caint le hEibhlín inniu.
Ceist 5
Cluastuiscint: Cloisfidh tú fógra sa cheist seo. Éist leis, freagair an cheist agus líon na
bearnaí sa chlár fógraí. Cloisfidh tú an fógra faoi dhó. Beidh sos ann leis na freagraí a scríobh agus na bearnaí a líonadh tar éis na chéad éisteachta agus tar éis an dara héisteacht.
1 Cé atá ag caint anseo?
Clár na bhFógraí
Ná cuir aon rud ar an gclár seo gan cead ó mhúinteoir. An Roinn Spóirt
Foireann __________________
Lá: Dé L______________
Ag tosú: 2 i.n .
Bus:
€ _______________
Tráth na gCeist Áit: __________________ Lá: Dé C______________ Am: __________________ Costas in aghaidh an bhoird: €____________________ 3 Maidin Chaifé Ar siúl: sa __________________ Lá: D__________________ Am: L__________________ Ag bailiú airgid do: Iontaobhas __________________ 4 2 Rian 3.09 ©The Educational Company of Ireland