Oidhreacht Luath-Chríostaíochta Chontae Dhoire

Page 1

… 7 C ros Chloiche an Mhullaigh Bhuí

… 4 Fothracha ag Páirc Naomh Colm Cille Is féidir fothracha eaglais bheag Naomh Breacáin a fheiceáil sa pháirc seo. Luaitear eaglais mheánaoiseach darb ainm Cluain Í ar an suíomh seo i dtéacs ón bhliain 1397, agus tá an t-ainm sin ar an cheantar seo go dtí an lá atá inniu ann. Leagadh an

tseaneaglais chun talún i 1197 agus is iad seo na fothraigh den eaglais a thóg Redmond O’Gallagher, Easpag Dhoire arís ar an láithreán seo sa bhliain 1585.

…5 E aglais agus Reilig an Éanaigh Creidtear go mb’fhéidir go raibh eaglais anseo sa mheánaois. Nuair a rinneadh tochailt ar an Chrannóg i Loch an Éanaigh Thoir fuarthas ábhair ón ré luath-Chríostaíochta. Téann na fothracha laistigh den reilig chomh fada siar le 1197 agus luaitear go raibh airchinneach anseo a bhainistigh áitreabh agus ioncam na heaglaise.

Tá cros chloiche mhór le feiceáil i reilig an Mhullaigh Bhuí agus í suite ar chloch a mbaineadh úsáid aisti le haghaidh aifrinn in aimsir na bpéindlíthe. Faoi na Péindlíthe níor tugadh ach aitheantas d’adhradh laistigh d’Eaglais na hÉireann agus cuireadh cosc ar sheirbhísí Chaitliceacha. Bhailigh daoine ag clocha aifrinn chun adhradh a dhéanamh. Tógadh eaglais anseo ag an Mhullach Buí i 1926 ach leagadh í chun talún ina dhiaidh sin idir 1966-1971. Bhí an chros suite taobh léi i bPáirc Ghort na Croise roimhe sin in aice le tobar beannnaithe, rud a

léiríonn gur láthair thábhachtach luath-Chríostaíochta í seo. Tá Mullach Buí suite san Eochaill, a chiallaíonn ‘coill iúr’.

…8 S ean-Eaglais agus Reilig an Chomair Tá baint idir Sean-Eaglais an Chomair agus Naomh Pádraig. Bhí airchinneachh anseo mall sa Mheánaois agus b’eaglais pharóiste í do thromlach mhuintir na Fochaine. Tá sí suite ag an áit a thagann Bóthar na Creige agus Bóthar an Chomair le chéile ag bruach abhainn Ghleann Randal.

Tá an t-eolas seo ar fáil i bhformáidí éagsúla, cló mór, Braille, PDF, clostéip agus teangacha eile ar iarratas.

… 6 Sean-Eaglais na Maighe Rugadh Naomh Cainneach sa bhliain 515 nó 516 i nGleann Uí Dhuibheannaigh, Contae Dhoire agus fuair sé bás in Achadh Bhó sa bhliain 600. Deirtear go raibh sé mar chomhscoláire ag Colm Cille. Naomh Cainneach Achadh Bhó a tugadh air freisin. Tuigtear gur thug sé a ainm do bhaile Chill Chainnigh agus do roinnt áiteacha in Albain. Deirtear gur chuidigh Ceannais le Colm Cille chun mainistir a bhunú ar Oileán Í. Téann fothracha na reilige chomh fada siar go 1626. Tógadh an eaglais pharóiste atá ann faoi láthair sa bhliain 1821 agus caomhnaíonn sí an gaol le Naomh Ceannais.

Oidhreacht Luath-Chríostaíochta

i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire www.gpscolour.co.uk

www.gpscolour.co.uk

www.gpscolour.co.uk

www.gpscolour.co.uk

www.gpscolour.co.uk

www.gpscolour.co.uk

www.gpscolour.co.uk

www.gpscolour.co.uk


B’fhéidir gur mhaith leat tús a chur le do thuras fionnachtana ar stair na luath-Chríostaíochta ag Iarsmalann an Túir. Lean Cód na Tuaithe i gcónaí.

go Bun an Phobail

go Bun Cranncha (A2) Grianán

go Léim an Mhadaidh (A2)

5

Droichead na Síochána

Eglinton

4

6

2

Doire~Londonderry

c ht

go Leitir Ceanainn (A40)

Mhán a s a

Droim na hUamha

3

Newbuildings

lea

1

B ót h

1

Eaglais Naomh Agaistín

2

Ardeaglais Naomh Colm Cille

3

Eaglais an Túir Fhada

4

Fothracha ag Páirc Naomh Colm Cille

5

Eaglais agus Reilig an Éanaigh

6

Sean-Eaglais na Maighe

7

Cros Chloiche an Mhullaigh Bhuí

8

Sean-Eaglais agus Reilig an Chomair

7

Sh

Tobar Naomh Colm

Iarsmalann an Túir

Eochair

Loch an Fheabhail

ar

Ab ha

go dtí an Srath Bán (A5)

nn

in

go Béal Feirste (A6)

oc aF

Clóidigh

ne

i ha

An Pháirc

Léim a' Mhadaidh Gartán

Doire~Londonderry

Leitir Ceanainn

An Srath Bán

Machaire Fíolta

Rugadh Colm Cille thart ar an bhliain 520 AD i nGartán, Co. Dhún na nGall. Is í an chiall atá leis an ainm Colm Cille ná ‘colm na heaglaise’. Deirtear go ndearna Colmcille staidéar ag mainsitir Naomh Mobhí i nGlas Naíon, agus bhunaigh sé mainistir i nDoire sa bhliain 546 AD. Ceaptar, áfach, gur dóiche gur bhunaigh gaol leis, Fiachra mac Ciaráin, an mhainistir. Meastar go mb’fhéidir go raibh mainistir Cholm Cille lonnaithe

ar an suíomh seo agus ceaptar go raibh slí oilithreachta ag dul ón Fheabhal, suas Sráid na hArmlainne go dtí Eaglais Naomh Agaistín. Tháinig an eaglais le bheith ina mainistir Agaistíneach go luath sa 13ú céad. Sa 17ú haois bhain na Plandálaithe feidhm as an eaglais mar láthair onóraithe sular tógadh Ardeaglais Naomh Colm Cille.

…2 A rdeaglais Naomh Colm Cille An foirgneamh is sine sa chathair a mhaireann agus an chéad eaglais Anglacánach a tógadh ar an oileán seo ón Reifirméisean i leith. Thóg William Parrott an ardeaglais sa bhliain 1633 i stíl Ghotach na bPlandálaithe le haghaidh The Honourable the Irish Society agus táthar cinnte go raibh seaneaglais mheánaoiseach ar an suíomh roimhe seo. Mar chuid de bhunchloch na hardeaglaise tá cloch atá níos lú agus níos sine a tháinig ón Teampall Mór. Déanann fuinneog le gloine daite sa chúinne ag oirdheisceart

Sheipéal Ardeaspag Alexander comóradh ar Cholm Cille. Insíonn an fhuinneog dhathmhaisithe seo faoi ghealltanas Cholm Cille nach leagfadh sé cos in Éirinn arís ach ar mhaithe le freastal ar Choinbhinsiún Dhroim Ceat sa bhliain 575 AD nuair a cheangal sé fóid ithreach ón Albain lena chosa rud a thug deis dó a ghealltanas a chomhlíonadh. Fuair Colm Cille bás sa bhliain 597 AD.

… 3 Eaglais an Túir Fhada

8

an har Bótomair Ch

Cúil Raithin

… 1 Eaglais Naomh Agaistín

Bunaíodh Eaglais Chaitliceach Naomh Colmcille sa bhliain 1164 ar shuíomh an Teampaill Mhóir. Tá cloch bhulláin anseo agus ceaptar go ndeachaigh Colmcille ar a ghlúine chun guí uirthi. Insíonn fuinneoga dathmhaisithe, pictiúir agus mósáic shuntasacha faoi scéal shaol Cholm Cille. Cuimhnítear ar Cholm Cille mar fhile agus scríobhaí agus ceaptar gur scríobh sé an lámhscríbhinn is sine atá fós ann – cóip de na sailm dar teideal an Cathach. De réir na bhfinscéalta, is é an Cathach an chéad shárú cóipchirt in Éirinn agus thosaigh seo cath

Chúil Dreimhne sa bhliain 561 AD. Chóipeáil Colm Cille an leabhar faoi rún agus gan cead, rud a chuir tús leis an chath féin. Istigh san eaglais tá cóip fhacsamhla de Leabhar Cheanannais, lámhscríbhinn dhathmhaisithe a rinne manaigh Cholm Cille ar Oileán Í agus a críochnaíodh i gCeanannais. Tá Ionad Léirmhíniúcháin Áras Cholm Cille beartaithe don láithreán anseo.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.