Scáthán

Page 1

12. Ean~Márta 12

...scáthán

12. Jan~Mar 12

Gaeilge agus Fáilte

Business Nam e

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Doire 2013

Fleadh Cheoil na hÉireann 2013

Seachtain na Gaeilge 2012

Féilire na Gaeilge

Fóram na Gaeilge

Seirbhísí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire

Sonraí an Oifigigh Ghaeilge

Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 i nDoire: Tá sí againn! Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 i nDoire Cholm Cille agus comhghairdeas tuillte acu go léir a d’oibrigh go díográiseach leis an fhéile a mhealladh aneas. Seo an chéad uair don Fhleadh bheith sa taobh seo tíre agus an chéad uair di bheith i gcathair. Tá imeacht den scoth geallta agus cruthúnas breise gurb í Doire an ceann scríbe cultúrtha is mó ar an oiléan!

www.derrycity.gov.uk/gaeilge

Gaeilge agus Fáilte www.facebook.com/foramphobalnagaeilge


...scáthán

Lch 2

Seachtain na Gaeilge 2012 ~ Siúl siar ar imeachtaí na bliana Tá deireadh tagtha le Seachtain na Gaeilge 2012 agus tá sé tráthúil amharc siar ar imeachtaí na Féile San eagrán seo caithfidh muid súil ar réimse na n-imeachtaí a eagraíodh le Seachtain na Gaeilge 2012 a cheiliúradh . Tá grianghraif ó réimse de na himeachtaí léirithe ar an nuachtlitir seo ach tá tuilleadh le feiceáil ar ár leathanach Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge I mbliana thosaigh Seachtain na Gaeilge le Éigse Cholm Cille, féile litríochta na Gaeilge á eagraítear gach bliain ag Ollscoil Uladh agus chríochnaigh sí beo agus bríomhar ar Lá Fhéile Pádraig le Paráid Charnabhal an Earraigh de chuid na Comhairle Cathrach. I measc buaicphointí na féile i mbliana bhí Léacht Sheachtain na Gaeilge~Turas Teanga na Gaeilge le Seoirse Ó Dochartaigh, Scéim an Fháinne a fhásann níos mó agus níos fearr gach bliain agus Lá na nGaelscoileanna - imeacht bliantúil a thugann deis do Ghaelscoileanna na cathrach theacht le chéile. Agus Doire mar bhaile ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus Cathair Chultúir 2013 bhí spiorad an dóchais agus an athnuachana mar théama faoi bhun na n-imeachtaí ar fad!

Féilire na Gaeilge, Doire ~ Cad é atá ag tarlú i do cheantar? Bí ar an eolas faoi imeachtaí atá ag tarlú i do cheantar trí shúil a chaitheamh ar ár leathanach Facebook (seoladh thíos) agus cuir d’iontráil lenár n-eolaire. Má chláraíonn tú linn gheobhaidh tú eolas faoi shaol na Gaeilge i nDoire Cholm Cille go minic mar aon leis an nuachtlitir seo gach ráithe. Cláraigh leis an Oifigeach Gaeilge, Pól Ó Frighil trí ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@derrycity.gov.uk

Fóram Phobal na Gaeilge - Ar mhaith leat bheith i do bhall? Ar mhaith leat bheith i do bhall ar Fhóram Phobal na Gaeilge, Doire? Tagann an fóram le chéile gach ráithe le cúrsaí Gaeilge anseo sa chathair a phlé. Ar an fhóram faoi láthair tá Comhairle Cathrach Dhoire, Cultúrlann Uí Chanáin, Ollscoil Uladh, Gaelscoileanna na Cathrach agus éagsúlacht de dhaoine aonair ar suim leo ról gníomhach a imirt i saol na Gaeilge anseo go háitiúil. Más maith leat tuilleadh eolais a fháil ar Fhóram Phobal na Gaeilge nó mas suim leat bheith is do bhall bí i dteagmháil le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire ar ár Líne Ghaeilge T: 028 71376 579 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk

Tuilleadh ar líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge


...scáthán

Lch 3

The Honest Sod, Dráma Gaeilge/Albainis Uladh

Aisteoirí ón dráma The Honest Sod a insíonn scéal na dteangacha i bPlandáil Uladh

Tá Comhairle Cathrach Dhoire ag obair i gcomhar le The Verbal Arts Centre agus cumann drámaíochta Blue Eagle Productions le dráma agus ceardlanna deachaidrimh i nGaeilge agus Albainis Uladh dar teideal The Honest Sod a chur ar fáil i mbunscoileanna na cathrach.

Daltaí ó Bhunscoil Chomhtháite Oakgrove ag ceardlanna The Honest Sod


...scáthán

Lch 4

Lá Eolais ar an Ghaeilge ag Comhairle Cathrach Dhoire

Ionadaithe ó fhoireann Chomhairle Cathrach Dhoire atá ag foghlaim Gaeilge Reáchtáil Comhairle Cathrach Dhoire Lá Eolais na Gaeilge i gcomhar le Coláiste an Phobail agus Cultúrlann Uí Chanáin ar an Chéadaoin 7ú Márta. Tháinig fostaithe na Comhairle agus baill an phobail mar aon chuig na seastáin eolais le faisnéis a fháil ar shaol na Gaeilge sa chathair.

Ciara Nic Lochlainn, Comhordaitheoir Oideachais Choláiste an Phobail le cuairteoirí ar an lá


...scáthán

Lch 5

Léacht Sheachtain na Gaeilge~Turas Teanga na Gaeilge Máirtín Mac Meanman, a sheol leabhar Sheoirse Uí Dhochartaigh ‘Oíche go Maidin’

Ar an Aoine 9ú Márta thug Seoirse Ó Dochartaigh - an t-ealaíontóir agus ceoltóir - Léacht Sheachtain na Gaeilge 2012 agus Turas Teanga na Gaeilge mar theideal ar an chaint ilmheáin seo a chumasc ceol, téacs, íomhánna agus focail. Ag deireadh na léachta seoladh leabhair an ealaíontóra.

Aoichainteoir Léacht Sheachtain na Gaeilge, Seoirse Ó Dochartaigh i mbun cainte


...scáthán

Lch 6

Lá na nGaelscoileanna

Gléasta suas in éadaí an chomhneartaithe ag Lá na nGaelscoileanna 2012

Ar an Luan 12ú Márta tháinig Gaelscoil Éadain Mhóir agus Bunscoil Cholmcille le chéile ag Lá na nGaelscoileanna a eagraíodh ag Comhairle Cathrach Dhoire agus Cultúrlann Uí Chanáin. Bhí Tráth na gCeist agus Céilí ann ar an lá agus bhain an dá scoil teastais.

Páistí ó Ghaelscoil Éadain Mhóir agus Bunscoil Cholmcille ag cur aithne ar a chéile


...scáthán

Lch 7

Scéim an Fháinne 2012

Iarrthóirí ar Scéim an Fháinne lena dteastais le Ciara Nic Lochlainn agus Pól Ó Frighil

Sna grianghraif seo tá cuid de na mic léinn a chuaigh faoi scrúdú béil mar chuid de Scéim an Fháinne agus cuid dár bhfoghlaimeoirí is óige agus is sine iondaithe! Bronnadh teastais agus fáinní ar na mic léinn agus bhí Tráth na gCeist agus Oíche Shóisialta i ndiaidh an bhronnta.

Tuilleadh grianghraf: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge


...scáthán

Lch 8

Lá Fhéile Pádraig 2012

Paráid Charnabhal Fhéile an Earraigh ar a bealach trí chathair Dhoire

Tháinig Seachtain na Gaeilge chun críche ar Lá Fhéile Pádraig le Paráid Charnabhail Fhéile an Earraigh a shnoigh fríd chathair Dhoire ar ár lá náisiúnta. Tuilleadh grianghraf ón pharáid ar líne ag www.derrycity.gov.uk

Beannachtaí na Féile Pádraig 2012!


...scáthán

Lch 9

Gaeilge & Fáilte - Seirbhísí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire Tá réimse Seirbhísí Gaeilge ar fail ó Chomhairle Cathrach Dhoire. Is féidir leat:

 Litreacha, ríomhphoist, foirmeacha agus

      

iarratais a chur chugainn i nGaeilge agus freagra a fháil i nGaeilge Gaeilge a labhairt linn ar cuairt anseo Gaeilge a labhairt ar an ghuthán linn Ateangaire a iarraidh ag cruinnithe linn Cáipéisí oifigiúla a fháil i nGaeilge Sráidainm Gaeilge a iarraidh Leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid Leagan Gaeilge de logainm a úsáid Níl anseo ach léargas ar sheirbhísí atá ar fáil. Má tá seirbhís uait nach bhfuil anseo déan teagmháil linn. Bain úsáid as do Ghaeilge!

Líne Ghaeilge: (028) 71376 579

Oifigeach Gaeilge Pól Ó Frighil Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach Dhoire 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN T: (028) 71 376 579 gaeilge@derrycity.gov.uk www.derrycity.gov.uk/gaeilge FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.

Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire curtha ar fáil le caoinmhaoiniú ó:


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.