SCÁTHÁN #19 - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

Page 1

EAGRÁN 19

...scáthán

D.Fómhair-Nollaig 13

Gaeilge & Fáilte

DC C

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

San eagrán seo:

 Scéal na Gaeilge

 Fáilte isteach i mo

Shaol

 Cultúr na mBeach

 Leabhar na Bliana

 Scríobh litir chuig

Daidí na Nollag

2014 e r i o D h c a an Cheilte

Féile Ph

FÉILE IDIRNÁISIÚNTA PAN CHEILTEACH 2014 - DOIRE CHOLM CILLE: Ón 22 go dtí an 27 Aibreán 2014 beidh cathair Dhoire beo le fuaimeanna na dtíortha Ceilteacha nuair a bheidh Féile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach 2014 linn. Seo an chéad uair riamh don chathair bheith ina hóstach don fhéile seo atá 43 bliain ar an fhód. Thosaigh an fhéile i gCill Airne sa bhliain 1971 agus ó shin eagraítear í gach bliain in Éirinn um Cháisc. Is é cuspóir na féile ná teangacha, cultúr agus ealaín na náisiún Ceilteach ar fad a chur chun cinn agus glacann Éire, an Albain, An Bhreatain Bheag, Manainn, Corn na Breataine agus an Bhriotáin páirt sna himeachtaí. Seo linn deis le haithne níos fearr a chur ar ár gcuid comharsan Ceilteach! Beidh clár imeachtaí na féile ar fáil ag tús 2014 ag: www.panceltic.ie SAOL NA GAEILGE: Eisítear an nuachtlitir Ghaeilge seo ag Comhairle Cathrach Dhoire gach ráithe ach is féidir leat bheith ar an eolas is déanaí faoina bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge sa cheantar comhairle trí chlárú dár nuashonrúcháin ríomhphoist. Cláraigh linn trí theachtaireacht a chur chuig gaeilge@derrycity.gov.uk nó brúigh ‘is maith liom’ ar ár leathanach Facebook: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Gaeilge agus Fáilte

@foramphobal


...scáthán

Lch 2

Leabhar na Bliana Imeacht ceiliúrtha i nDoire

LEABHAR NA BLIANA 2013 Ar an Mháirt 19 Samhain thuirling pobal na Gaeilge ar Chultúrlann Uí Chanáin le ceiliúradh a dhéanamh ar Leabhar na Bliana 2013. Sa ghrianghraf ó chlé tá Joe Ó Labhraí-Foras na Gaeilge, Eibhlín Ní Dhochartaigh-Cultúrlann Uí Chanáin agus Liam Mac an Bhaird.

Maisitheoir Leabhar John McCloskey as Doire

Bhí An Béal Bocht i measc cúig leabhar a gearrliostáladh sa chatagóir ‘Leabhair do dhaoine fásta’. Ba é John McCloskey, fear ón Chreagán, atá ag obair mar mhaisitheoir leabhair le breis agus fiche bliain a mhaisigh é. Seo an chéad uair a rinneadh úrscéal grafach de scéal Myles na gCopaleen. Más suim leat do chóip féin a fháil, nó aon cheann eile de na leabhair a gearrliostáladh, buail isteach chuig siopa leabhar An Cló Ceart atá suite ar Mhórshráid Shéamais.


...scáthán

Lch 3

Fáilte isteach i mo Shaol Áis nua do Ghaelscoileanna

FAILTE ISTEACH I MO SHAOL: Tá pacáiste acmhainní nua i nGaeilge seolta ag Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le Gaelscoileanna sa cheantar feasacht ar éagsúlacht chultúrtha a mhúscailt i measc páistí. Tá an áis dírithe ar pháistí in Eochairchéim 1 agus 2 agus tá sé de chuspóir aici tacú le múinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais an t-ábhar seo a mhúineadh. Is féidir amharc ar fhíseán de sheoladh an phacáiste ar Meon Eile trí chuairt a thabhairt ar an nasc seo a leanas: http://www.meoneile.ie/ailt/f%C3%A1ilte-isteach-i-mo-shaol#.UpR6jtJ4pvA Mar aon leis an áis, tá seacht mbabóg gleoite ar fáil ar iasacht ón Chomhairle a léiríonn na carachtair ar fad: Regina ón Laitvia, Cheung ón tSín, Aakash ón India, Anusibuno ón Afraic, Marlene ón Pholainn, Nellie -Taisteálaí na hÉireann agus Khortdad ón Iaráin; seo uilig pobail atá ina gcónaí sa cheantar comhairle seo.

Oisín Ó Mianáin ó Bhunscoil Cholmcille

Is féidir leis an mhúinteoir feidhm a bhaint as na babógaí le scéalaíocht a dhéanamh sa seomra ranga agus le spreagadh a thabhairt do na daltaí labhairt faoi théama ar nós mothúcháin agus le cuidiú leis na páistí saol na gcarachtar a shamhlú. Tá an pacáiste gníomhaíochtaí agus na babógaí ar fáil anois!

FAIGH CÓIPEANNA DEN ÁIS: Más mian leat cóipeanna den áis seo a ordú do do scoil féin is féidir leat dul i dteagmháil le: Kay McIvor, Oifigeach Comhionannais, Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN, T: (028) 71 365151 kay.mcivor@derrycity.gov.uk


...scáthán

Lch 4

Cultúr na mBeach Ceardlanna Gaelscoileanna

CULTÚR NA mBEACH Thug an scéalaí agus ealaíontóir, Cara Ní Mhaoinigh, ceardlanna ar shaol na mbeach mar chuid de thionscnamh a d’eagraigh Comhairle Cathrach Dhoire i nGaelscoileanna an cheantair chomhairle. Seo scéim a maoiníodh ag clár Culture for All agus a forbraíodh ag Comhairle Cathrach Dhoire le feasacht agus meas ar bhithéagsúlacht a chothú i measc páistí scoile.

SAOL NA mBEACH Scéalaí agus ealaíontóir, Cara Ní Mhaoinigh mar aon le páistí ó Ghaelscoil Éadain Mhóir - Erin Ní Roigne, Bryan Ó Laodhóg, Aoife Ní Fhríl agus Rois Ní hUdáin. Tá tuilleadh grianghraif ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge


...scáthán

Lch 5

Glórtha na nOileán Sraith Léachtaí an Fhómhair ag Iarsmalann an Túir

LÉACHT: Dearcadh na nGael ar Phlandáil Uladh Lean sraith léachtaí ‘Glórtha na nOileán’ ag Iarsmalann an Túir i rith an fhómhair ag díriú isteach ar thionchar Phlandáil Uladh ar shochaí Thuaisceart Éireann. Ar an 26 Meán Fómhair thug an léachtóir Éamonn Ó Ciardha ó Scoil na Gaeilge, Ollscoil Uladh léacht ar scríbhinní na nGael in aimsir na Plandála. Sa ghrianghraf ó chlé tá Mickey McGuinness, Keith Wright, Pól Ó Frighil, an Dr Éamonn Ó Ciardha agus Margaret Edwards.

Scéal na Gaeilge Taispeántas agus Leabhrán le seoladh

Scéal na Gaeilge

SCÉAL NA GAEILGE: Seolfaidh Méara Dhoire, an Comhairleoir Martin Reilly Scéal na Gaeilge ar an Déardaoin 12 Nollaig ag Halla na Cathrach i nDoire. Seo tionscnamh a forbraíodh ag Comhairle Cathrach Dhoire i ndlúthpháirtíocht le pobal na Gaeilge le taispeántas agus leabhrán a chruthú a léiríonn stair na Gaeilge agus a bhfuil sé de chuspóir aige feasacht ar an Ghaeilge a fhás i measc daoine ó chúlraí éagsúla. Mar aon leis an taispeántas agus an leabhrán, beidh an Chomhairle Chathrach ag cur tús le cartlann phobail a bhunú don Ghaeilge in éineacht le tionscnamh BT Portrait of a City. Má tá ábhar agat a ba mhian leat a chur leis an chartlann, déan teagmháil linn le do thoil.


...scáthán

Lch 6

Scríobh Litir chuig Daidí na Nollag Duais don litir is fearr ó gach scoil!

Scríobh litir chuig Daidí na Nollag Cuirtear fáilte roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileannna i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire litir as Gaeilge a scríobh chuig Daidí na Nollag. Gheobhaidh gach páiste postchárta pearsantaithe i nGaeilge ó Dhaidí na Nollag ag rá go bhfuarthas a litir! Déan cinnte go bhfuil ainm an pháiste agus seoladh baile/scoile an pháiste scríofa go soiléir. Ní mór cód poist a chur leis an seoladh. Beidh duais speisialta Ghaeilge do pháiste amháin ó gach scoil don litir is fearr. Cuir litreacha isteach sa bhosca poist speisialta faoin chrann Nollag ar Chearnóg Halla na Cathrach, Doire roimh an Luan 16ú Nollaig 2013 Ceisteanna chuig gaeilge@derrycity.gov.uk

Bí linn ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge Seirbhísí Gaeilge Pól Ó Frighil Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach Dhoire 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN T: (028) 71 376 579 gaeilge@derrycity.gov.uk www.derrycity.gov.uk/gaeilge FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.

Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire curtha ar fáil le caoinmhaoiniú ó:


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.