Scathan 17

Page 1

17. Aibr-Meith 13

...scáthán

17. April-June 13

Gaeilge & Fáilte

DC C

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

San eagrán seo:

 Fleadh Cheoil na

hÉireann 2013

 Scéim an Fháinne

 Seoladh Áiseanna

Foghlama fá shaol Cholm Cille

 Scéal na Gaeilge

 Fóram Phobal na

Gaeilge

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 ar a bealach go Cathair Dhoire don chéad uair riamh ina cuid staire. Beidh an fhéile cheoil thraidisiúnta is mó ar an oileán sa chathair ón 11ú go dtí an 18ú Lúnasa. Seo ceann de na himeachtaí is mó a tharlóidh i rith na bliana cultúir seo agus meastar go dtiocfaidh breis agus 20,000 iomaitheoir le páirt a ghlacadh sna comórtais cheoil. Cuirimis fáilte mhór Dhoire roimh na Fleá agus guímis gach rath ar Chomhaltas Dhoire agus lucht eagrúcháin na féile Ach ní ar chúrsaí ceoil amháin atá an Fhleadh ag díriú ach ar chúrsaí teanga fosta agus beidh an Ghaeilge lárnach san fhéile le réimse imeachtaí ar fáil mar champaí samhraidh, dhianchúrsaí, léachtaí, sheoltaí leabhar, cheolchoirmeacha agus a lán lán eile. Is féidir leat tuilleadh eolais ar a bhfuil i ndán dúinn a fháil trí chuairt a thabhairt ar shuíomh idirlín Fhleadh Cheoil na hÉireann ag www.fleadhcheoil2013.ie nó trí chlárú le leathanach Facebook na féile www.facebook.com/fleadhcheoil.ie nó lean na nuashonrúcháin ar fad at Twitter

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Gaeilge agus Fáilte @foramphobal


...scáthán

Lch 2

Séasúr na bhFáinní Márta~Bealtaine 2013

Foghlaimeoirí a rinne scrúduithe fáinne ó Choláiste an Phobail le Méara Dhoire

COLÁISTE AN PHOBAIL Eagraíonn Coláiste an Phobail dhá scéim fháinne gach bliain; an chéad scéim i mí an Mhárta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus an dara scéim i mí Bealtaine. Rinne breis agus 50 duine an scrúdú i mbliana agus d’éirigh le gach duine acu. Comhghairdeas libh uilig!

BRONNADH NA bhFÁINNÍ: Ar an 16ú Bealtaine bhronn an Méara, Clr Caoimhín Mac Cathmhaoil fáinní ar mhic léinn de chuid Choláiste an Phobail ar éirigh leo i scrúdú an fháinne ag imeacht a eagraíodh ag Cultúrlann Uí Chanáin. Dóibh siúd ar suim leo dúshlán tá tionscnamh ar bun ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh dar teideal Líofa a bhfuil sé mar chuspóir aige daoine a spreagadh le bheith líofa sa teanga fán bhliain 2015. Tuilleadh eolais: www.dcalni.gov.uk


...scáthán

Lch 3

Séasúr na bhFáinní Seachtain na Gaeilge 2013

COMHAIRLE CATHRACH DHOIRE: Tá fiabhras na bhfáinní ag scaipeadh ar fud fad an phobail! I mí Bealtaine d’éirigh le ceathrar oibrithe de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire fáinne a ghnóthú. Sa phictiúr seo tá Lorna O’Donnell, Oifigeach Turasóireachta Tuaithe a ghnóthaigh fáinne óir. Ó thosaigh an Chomhairle scéim an fháinne, tá 13 fáinne bronnta, 3 fháinne óir san áireamh!

Léann do Dhéagóirí Mol an Óige

LÉANN DO DHÉAGÓIRÍ: Béibhinn Durnin agus Céislinn Nash a d’fhreastail ar an chúrsa Léann do Dhéagóirí ag Cultúrlann Uí Chanáin. D’éirigh go geal leis an bheirt seo i scrúdú an Fhainne Óir mar chuid de scéim an fháinne i mí na Bealtaine 2013. Tá comhghairdeas ó chroí tuillte acu mar chuir siad obair ollmhór isteach agus iad ag ullmhú don scrúdú seo. Tá Gaeilge ghalánta ag an bheirt acu, agus tá siad iontach múinte agus aibí mar scoláirí. Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí!


...scáthán

Lch 4

Coláiste Chnoc na nDealg Cuairt ar an Chomhairle

Coláiste Chnoc na nDealg leis an Mhéara agus Oifigeach Athchúrsála, Julie Hannaway

CUAIRT AR AN CHOMHAIRLE Foghlaimeoirí ó Choláiste Chnoc na nDealg, Doire a tháinig ar cuairt chuig oifigí na Comhairle Cathrach ar an 22ú Bealtaine le bualadh le Méara na Cathrach agus le bheith i láthair ag seoladh threoirleabhar athchúrsála a iarradh ag an scoil. Tá an treoirleabhar ar fáil le híoslódáil ó leathanach Gaeilge na Comhairle Cathrach ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge nó tá cóip ar fáil ar iarratas ón Oifigeach Gaeilge. Má tá cáipéis, foilseachán nó aistriúchán d’ábhar ar bith eile de chuid na Comhairle uait, déan teagmháil linn! Cartlann foirmeacha ar fáil ar ár suíomh.

Gaelscoil Éadain Mhóir Brat Glas Bronnta faoi Chlár Eco Schools

Comhghairdeas le Naíscoil agus Gaelscoil Éadain Mhóir a bhain Brat Glas i gcomórtas Eco-Schools. Sa ghrianghraf tá Patricia Mhic Thorcaill, comhordaitheoir Eco-Schools na scoile. Ó cuireadh tús leis an scéim trí bliana ó shin tá feabhsúcháin suntasacha chomhshaoil déanta ag an scoil sa cheantar.


...scáthán

Lch 5

Gairmthreoir as Gaeilge Treoirleabhar do Thuismitheoirí seolta Tá treoirleabhar nua i nGaeilge forbraithe ag an Roinn Oideachais agus Foghlama ó Thuaidh le tacú le tuismitheoirí agus caomhnóirí gairmthreoir a chur ar fáil dá bpáistí. Is féidir cuairt a thabhairt ar an nasc a leanas leis an cháipéis a íoslódáil nó déan teagmháil le csni@delni.gov.uk le cruachóipeanna a iarraidh díreach ón Roinn: www.delni.gov.uk/parental-guide

Cuairt Onóra Aire Cultúir na hAlban ar cuairt go Doire

Aire Cultúir agus Gnóthaí Eachtracha Fiona Hyslop, le Méara Dhoire Clr Martin Reilly agus an Bhanmhéara Bronagh Reilly agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Dhoire Sharon O’Connor ag fáiltiú cathartha i Halla na Cathrach ar an 21ú Meitheamh 2013 Thug Aire Cultúir agus Gnóthaí Eachtracha na hAlban Fiona Hyslop cuairt ar chathair Dhoire ar an 21ú Meitheamh le bronntanas ó phobal na hAlban a bhronnadh ar mhuintir na cathrach seo. Bhí an tAire anseo le freastal ar chruinniú de chuid Chomhairle na Breataine-na hÉireann agus mar chuid den chuairt onóra chuaigh an tAire chuig Cultúrlann Uí Chanáin agus The Nerve Centre. Ag deireadh a cuairte ar fad, bhí an Méara, Clr Martin Reilly ina óstach d’fháiltiú cathartha i Halla na Cathrach áit a raibh taispeántas ceoil le ceoltóirí ó Feis Rois agus Comhaltas Dhoire. Ag an ócáid bhronn an tAire píosa ceoil nua-chumtha ag an chumadóir ceoil Jim Sutherland darb ainm The Gift ar Mhéara Clr Martin Reilly a úsaideadh mar fhuaimrian d’fhéile Filleadh Cholm Cille.


...scáthán

Lch 6

Miotais agus Finscéalta Cholm Cille Áiseanna Foghlama Digiteacha i nGaeilge

Sa ghrianghraf: John Peto, Stiúrthóir Oideachais - Nerve Centre, Méara Clr Caoimhín Mac Cathmhaoil, Príomhfheidhmeannach CCEA Richard Hanna agus Martin Mellarkey, Culture Company

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA CHOLM CILLE: Seoladh sraith áiseanna foghlama digiteacha i nDoire i mí Meithimh le saol agus leagáid Cholm Cille a cheiliúradh. Tá na háiseanna ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus tá aip iPhone agus suíomh idirlín idirghníomhach ar fáil san áireamh. Más mian leat na hacmhainní a íoslódáil is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.ccea.org.uk/colmcille áit a bhfuil gearrscannáin a thaiscéalann saol an Naoimh agus leagáin Ghaeilge de na ríomhleabhair.

Páistí ó scoileanna éagsúla sa chathair ag an seoladh ag The Nerve Centre


...scáthán

Lch 7

Scéal na Gaeilge An bhfuil scéal agat? Is é is cuspóir le tionscnamh Scéal na Gaeilge ná feasacht an phobail ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge a mhúscailt, go mór mór i measc pobal nua. Forbrófar an tionscnamh i gcomhar leis an phobal agus bainfidh sé feidhm as cur chuige cruthaitheach le hábhair chartlannaíochta a bhailiú do thaispeántas léirmhínitheach: íomhánna, téacs agus grianghraif a ndéanfaidh cur síos físeach ar éabhlóid na teanga agus a pobail san am atá caite, sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí. Beidh éascaitheoir ón tionscnamh ag dul i dteagmháil le pobal na Gaeilge go luath leis an scéal a chur le chéile. www.facebook.com/scealnagaeilge2013 Tá an tionscnamh á mhaoiniú ag The Big Lottery Fund FÓRAM PHOBAL NA GAEILGE-DOIRE: Fóram iondaíoch grúpaí Gaeilge is ea Fóram Phobal na Gaeilge~Doire a thagann le chéile go rialta le cúrsaí Gaeilge sa cheantar comhairle a phlé. Cuirtear fáilte roimh chách! Más mian leat bheith curtha ar an liosta ríomhphoist le bheith i láthair ag an chéad chruinniú eile cuir in iúl don Oifigeach Gaeilge, Pól Ó Frighil, trí scairt a chur ar T: (028) 71376579 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk. Fáilte roimh chách!

Ná déan dearmad gur féidir leat eolas faoi do chuid imeachtaí a chur ar Eolaire na Gaeilge ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge. Nuair a chláraíonn tú do chuid imeachtaí ar an suíomh beidh teacht ag daoine ar fud fad an oileáin ar d’eolas. www.gaeilge.ie

Oifigeach Gaeilge Pól Ó Frighil Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach Dhoire 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN T: (028) 71 376 579 gaeilge@derrycity.gov.uk www.derrycity.gov.uk/gaeilge FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.

Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire curtha ar fáil le caoinmhaoiniú ó:


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.