Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

Page 1

Treoir maidir le Seirbhísí Dramhaíola Ag cuidiú leat chun athchúrsáil a dhéanamh

Cuireann Comhairle Cathrach Dhoire réimse seirbhísí dramhaíola agus comhshaoil ar fáil ar fud na cathrach agus an cheantair. I measc na seirbhísí tá bailiú agus cóireáil dramhaíola ó na 42,000 réadmhaoin chónaithe ar bhonn seachtainiúil agus seirbhís glanta sráideanna a sholáthar chun thart ar 910 ciliméadar de charrbhealaí a chuimsiú. Tá an Chomhairle tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin atá éifeachtach i dtaobh costais de a chur ar fáil do gach duine dá saoránaigh ar bhonn cothrom. Leagtar amach san fhaisnéis a chuimsítear sa bhileog seo na seirbhísí dramhaíola agus comhshaoil a chuireann Rannóg Innealtóir na Cathrach de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire ar fáil, mar aon le comhairle agus treoir faoin dóigh le teacht ar sheirbhísí agus le leas a bhaint astu.

Ar líne: www.derrycity.gov.uk/recycle t: 028 7137 4107

www.derrycity.gov.uk/recycle

1


Seirbhísí

Staitisticí

Cuirtear na seirbhísí ar fáil ar bhonn sceidealaithe agus leas á bhaint as cabhlach feithiclí speisialaithe mar aon le 145 pearsanra

Faoi láthair, déanann an Chomhairle 32% den dramhaíl iomlán tí a athchúrsáil

Cuirtear Seirbhísí Bailithe Bruscair ar fáil ó Luan go hAoine Oibrítear Seirbhísí Glanta Sráideanna 7 lá sa tseachtain agus 365 lá sa bhliain

Dámhachtainí Comhshaoil

Leanann an Chomhairle ar aghaidh agus na spriocanna bliantúla um athchúrsáil líonta talún a bhaint amach Baineadh amach 88% de réir an Táscaire um Fheidhmíocht Ghlaineachta le haghaidh 2011, i.e. bhain 88% de na sráideanna uile ar a ndearnadh suirbhé leibhéal inghlactha glaineachta amach – foinse: Suirbhé ar Ghlaineacht Bhuirgí Slachtmhara Thuaisceart Éireann

• Buaiteoir Chatagóir na Cathrach le haghaidh Ulster in Bloom 2008, 2009, 2010 agus 2011 • Buaiteoir Dhámhachtain Britain in Bloom 2001 sa chatagóir um Chathair Bheag/Chathair Mhór agus baineadh Dámhachtain Airgid Sárurrúis um Cháilíocht Chomhshaoil amach le haghaidh Cathair Bheag/Baile Mór • Baineadh Bonn Óir amach i nDúshlán Foirne Chomórtas Garden Show Ireland 2011 Cuireann na dámhachtainí seo réimse iomlán de tháscairí comhshaoil san áireamh, lena n-áirítear, rátaí athchúrsála, rannpháirtíocht an phobail, caighdeáin ghlanta sráideanna, feachtais chomhshaoil agus taispeáint bláthanna. Is mian leis an Chomhairle buíochas a chur in iúl dóibh siúd uile sna hearnálacha pobail, deonacha agus gnó as ucht na n-iarrachtaí a rinne siad agus an méid tacaíochta a thug siad a bhí le sonrú sna mórfheabhsúcháin a cuireadh ar an chomhshaol fisiciúil le blianta beaga anuas.

2

Faisnéis faoi Sheirbhísí – Seirbhísí Dramhaíola


Treoir maidir le Socruithe Bailithe Araidí 1.

Tabhair d’araid a fhad le taobh an cholbha, nó chuig an phointe bailithe lenar comhaontaíodh tráth nach déanaí ná 7.30am ar an lá bailithe – d’fhéadfadh nach mbaileofaí araidí nach mbíonn curtha amach lena mbailiú ag an tráth seo.

2.

Fág an araid in áit a bheidh áisiúil don áit a stopann an fheithicil dramhaíola de ghnáth, agus bíodh na hanlaí i dtreo an bhóthair.

3.

Cinntigh nach bhfuil ualach ró-mhór san araid agus go bhfuil clár na haraide dúnta. Ní fholmhófar araidí nach bhfuil fágtha amach ar an dóigh cheart mar gheall go gcruthaíonn siad baol sláinte agus sábháilteachta d’oibreoirí.

4.

Tabhair d’araid ar ais go dtí do theach a luaithe is féidir tar éis an bhailithe bruscair.

Ní féidir málaí nó dramhaíl bhreise a fhágtar in aice na haraide a bhailiú le linn bailiú araidí rothaí mar gheall go gcruthaíonn iad seo baol do-ghlactha sláinte agus sábháilteachta d’oibreoirí. Féadtar dramhaíl bhreise a dhiúscairt ag aon cheann de na seacht nIonad Athchúrsála atá ag an Chomhairle. Bailítear araidí ar chóras seachtaine malartaí – bailítear araidí dubha seachtain amháin agus na haraidí gorma an tseachtain ina dhiaidh sin. Iarrtar ar shealbhóirí tí a chinntiú go bhfuil na hábhair chearta curtha i ngach araid agus go bhfágtar na haraidí amuigh de réir an sceidil chomhaontaithe bhailithe. www.derrycity.gov.uk/recycle/refusecollection Ba cheart go mbeidh saolré idir seacht agus deich mbliana ag araidí rothaí, a fhad agus a úsáidtear iad i gcomhréir le treoirlínte an déantúsóra. Ní athsholáthróidh an Chomhairle araid ach amháin má rinneadh díobháil di le linn oibríochtaí bailithe bruscair. Tá an sealbhóir tí freagrach as an araid a athsholáthar faoi gach cúinse eile.

Guthán: 028 7137 4107

www.derrycity.gov.uk/recycle

3


Bailiúcháin Dramhaíola Téagartha Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil ar bhonn seachtainiúil laistigh de chriosanna seasta agus is seirbhís saor in aisce í do gach sealbhóir tí laistigh de cheantar na Comhairle. Chun fáil a bheith ar an tseirbhís, glaoigh ar 028 7137 4107 agus glacfaidh oibreoirí le sonraí faoi na hearraí is mian leat go mbaileofar agus cuirfidh siad ar an eolas thú faoin lá bailithe.

I measc na n-earraí téagartha tí tá: Seantroscáin, fearais tí, bruscar gairdín, ar nós féir i málaí, gearrthóga fáil srl. Ní bhaileofar bruscar nó dramhaíl tí a eascraíonn ó oibreacha tógála, m.sh. teallaigh, smionagar tógála, aonaid chistine nó seomra folctha etc. *Tabhair faoi deara, bailíonn feithicil ar leith Cuisneoirí/Reoiteoirí, Teilifíseáin agus Monatóirí Ríomhaire.

Ceisteanna Coitianta C. Cad é a tharlaíonn mura mbailítear m’araid? F. Murar féidir leis an Chomhairle d’araid a bhailiú mar gheall ar dheacrachtaí oibríochta, déanfar iarracht í a bhailiú laistigh de 24 uair an chloig tar éis an dáta sceidealaithe bailithe – nó ar an chéad lá eile oibre más í an Aoine an lá a bhailítear d’araidí. C. Cé mhéad araidí is féidir le teaghlach a fhágáil amuigh lena mbailiú? F. Ní bhaileoidh an Chomhairle, faoi ghnáthchúinsí, ach araid amháin in aghaidh an teaghlaigh. Féadfaidh an Chomhairle socruithe a dhéanamh go mbaileofar araidí breise sa chás go mbíonn cúinsí speisialta i gceist, m.sh. iad siúd ag a bhfuil riochtaí sláinte srl. Is féidir teacht ar bhreis faisnéise faoi conas is féidir araidí breise a fháil trí dhul i dteagmháil le 028 7137 4107. C. An mbaileoidh, an bhfolmhóidh agus an dtabharfaidh an t-oibreoir an araid ar ais chuig mo theach mar gheall nach bhfuil sé de chumas fisiciúil agam amhlaidh a dhéanamh? F. Féadfaidh an Chomhairle a shocrú chun araidí a bhailiú, a fholmhú agus a thabhairt ar ais do na cónaitheoirí siúd nach bhfuil sé de chumas acu amhlaidh a dhéanamh. Tá breis faisnéise faoin scéim seo ar fáil trí dhul i dteagmháil le 028 7137 4107 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig brian.mckenna@derrycity.gov.uk nó chuig ian.lamrock@derrycity.gov.uk C. Cén dóigh is féidir liom deacrachtaí nó gearáin a thuairisciú? F. Má bhíonn aon deacracht nó fhadhb agat le haon ghné den tseirbhís a chuirtear ar fáil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Tacaíochta do Chustaiméirí ag Rannóg Innealtóir na Cathrach ag 028 7137 4107 chun d’fhadhb nó do ghearán a chlárú ionas gur féidir dul i mbun gníomhartha.

4

Faisnéis faoi Sheirbhísí – Seirbhísí Dramhaíola


Athchúrsáil Úsáid d’Araid Tá cúrsaí á ndéanamh níos fusa againn duit chun earraí a athchúrsáil. Is féidir níos mó earraí a chur i d’araid ghorm. RecyclingCuireann Centres provide you Ionaid Athchúrsála an Is féidir leat gloine mheasctha a chur i d’araid ghorm anois. with an opportunity to dispose of deis ar fáil duit chun earraí móra Glactar le buidéil bhriste agus prócaí gloine fosta. larger household items. They tí a dhiúscairt. Táare na hionaid located inlonnaithe the following snaareas: ceantair a leanas: Buidéil Phlaisteacha*

Mixed Glass Gloine Mheasctha

Plastic Food ContainersPhlaisteacha * Tins, Cans Stáin, * & Aerosols Coimeádáin Bia* Cannaí* agus Aerasóil

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Brandywell Household Recycling Centre Thobar an Fhíoruisce Brandywell Showgrounds Páirc Thaispeántais Thobar an Fhíoruisce Claudy Household Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Recycling Centre Chlóidí Learmount Road Bóthar Ard na Laidhre

Eglinton Household Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Recycling Centre Maí Estate Benbowna Industrial Eastát Tionsclaíochta Benbow Paper & Cardboard Páipéar agus Cairtchlár

Juice Cartons * (Tetrapak) Cartáin Sú* (Tetrapak)

Small Electrical Appliances Batteries agus & Textiles Fearais Bheaga Leictreacha HouseholdCadhnraí Teicstílí**Tí**

Glendermott Road Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Household Recycling Centre Bhóthar Ghleann Dhiarmada Glendermott Road Bhóthar Ghleann Dhiarmada Pennyburn Household Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Recycling Centre Pennyburn Pennyburn Industrial Estate Eastát Tionsclaíochta Pennyburn Park Household Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Recycling naCentre Páirce Bóthar Learmount RoadArd na Laidhre Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Strathfoyle Household

* To be emptied andagus rinsedle ní le huisce *Le folmhú Shrath Recycling CentreFeabhail **Déanshops teicstílí a thairg banks do shiopaí carthanachta ** Give charity or clothing st choice of textilesnó do bhainc éadaí ar dtús Bóthar an Teampaill

Temple Road

NÍ FÉIDIR na hearraí a leanas a chur san araid ghorm: Tráidirí plaisteacha feola aimhe (tráidirí ina raibh sicín amh, mairteoil amh, muiceoil amh nó iasc amh á choimeád)

Teilifíseáin, oighinn mhicreathonnacha, monatóirí ríomhaire

Páipéar mionstriallta

Bruscar ginearálta

Fuinneoga plaisteacha ó chlúdaigh litreach Clúidíní

Piréis

Bags or food Dramhaíl bhia waste Cuilteanna Ilchríochacha

Ciarsúir pháipéir

Recycling Helpline Athchúrsála Líne Chabhrach

028 7137 0284107 7137 4107 This document is available upon fáil ar an cháipéis request inTá a number of formats andseo i líon formáidí agus teangacha ach í a ethnic languages. For further information telephone (028) 7136 5151 iarraidh. Chun teacht ar bhreis textphone: (028) 7137glaoigh 6646 or ar email: faisnéise, (028) 7136 equality@derrycity.gov.uk 5151 nó seol téacs chuig (028)

7137 6646 nó seol ríomhphost chuig: equality@derrycity.gov.uk

Go raibh maith agat as ucht athchúrsáil a dhéanamh

Guthán: 028 7137 4107

www.derrycity.gov.uk/recycle

5


Ionaid Athchúrsála Teaghlaigh Cuireann Ionaid Athchúrsála an deis duit earraí móra tí a dhiúscairt, mar shampla, dramhaíl gharraíodóireachta, aonaid chistine etc. I measc na n-ábhar lena nglactar tá an méid a leanas:

Buidéil agus prócaí gloine, cairtchlár, páipéar, buidéil phlaisteacha, plaistigh mheasctha, dramhaíl ghlas, trealaimh leictreacha nach bhfuil in úsáid a thuilleadh, adhmad, spallaí agus ithreacha, teicstílí, péinteanna agus olaí, dramh-mhiotal, cadhnraí tí agus feithiclí, feadáin fhluaraiseacha.

Tabhair faoi deara nach féidir le cuid de na suíomhanna glacadh leis an liosta iomlán d’ábhair agus nach nglacfar le dramhaíl trádála nó tráchtála ach amháin tar éis dearbhán bailí réamhíoctha a sholáthar. Chun teacht ar thuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin.

Uaireanta Oscailte na nIonad Athchúrsála Teaghlaigh

6

Pennyburn Gleann Mhic Dhiarmada

Srath Feabhail Tobar an Fhíoruisce Clóidigh

An Pháirc An Mhagh

Uaireanta Oscailte Samhraidh

Luan go hAoine 8.00am-8.00pm Dé Sathairn 8.00am-6.00pm Dé Domhnaigh 1.00pm-5.00pm

Luan go hAoine 8.00am-5.00pm Dé Sathairn 8.00am-5.00pm (Srath Feabhail – 6.00pm)

Luan go hAoine 12.00am-8.00pm Dé Sathairn 8.00am-6.00pm (An Pháirc – 5.00pm)

Uaireanta Oscailte Geimhridh

Luan go Satharn 8.00am-6.00pm Dé Domhnaigh 1.00pm-5.00pm

Luan go hAoine 8.00am-5.00pm Dé Sathairn 8.00am-5.00pm (Srath Feabhail – 6.00pm)

Luan go hAoine 8.00am-5.00pm Dé Sathairn 8.00am-6.00pm (An Pháirc – 5.00pm)

Faisnéis faoi Sheirbhísí – Seirbhísí Dramhaíola


Seirbhísí Dramhaíola Glantacháin Phobail Oibreoidh an Chomhairle, má iarrtar uirthi, le pobail áitiúla chun glantacháin agus bailiú earraí téagartha a eagrú agus a dhéanamh. Tá na glantacháin seo sa mhullach ar sheirbhísí bailithe bruscair agus glanta sráideanna agus tá siad in ainm is tacú le cónaitheoirí áitiúla chun comharsanachtaí a choimeád glan agus slachtmhar. Más mian leat teacht ar thuilleadh faisnéise nó más mian leat glantachán a eagrú do do cheantar, déan teagmháil le Des McChrystal ag 027 7136 5151, folíne 6807 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig dessie.mcchrystal@derrycity.gov.uk

Araidí Bruscair agus Salachar Madraí Tá an Chomhairle freagrach as araidí bruscair agus salachar madraí a shuiteáil agus a chothabháil laistigh de cheantar na Comhairle. Le teacht ar thuilleadh faisnéise, le fadhbanna a thuairisciú nó le hiarratais a dhéanamh ar araidí déan teagmháil le Des McChrystal ag 028 7136 5151, folíne 6807 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig dessie.mcchrystal@derrycity.gov.uk

Feachtais Oideachais agus Fheasachta Cuireann an Chomhairle clár saor in aisce oideachas agus feasachta comhshaoil ar fáil do scoileanna, do ghrúpa pobail, d’eagraíochtaí óige sri. ar fud cheantar na Comhairle. I measc na n-ábhar a chuimsítear tá bruscar, dramhaíl agus athchúrsáil, múiríniú, bithéagsúlacht srl. Chun teacht ar thuilleadh faisnéise nó chun cuairt a eagrú, téigh i dteagmháil le Julie Hannaway ag 028 7136 5151, folíne 6635 nó seol ríomhphost chuig julie.hannaway@derrycity.gov.uk

Guthán: 028 7137 4107

www.derrycity.gov.uk/recycle

7


Seirbhísí Glanta Sráideanna Cuireann Comhairle Cathrach Dhoire seirbhísí glanta sráideanna ar fáil do gach ceantar sa chathair. Roinneadh an ceantar ina cheithre chrios - Lár na Cathrach, Tuaisceart na Cathrach, Iarthar na Cathrach agus Oirthear na Cathrach - agus tá maoirseoir glanta freagrach as seirbhísí i ngach ceann de na ceantair. Sa chás go mbíonn aon deacrachtaí agat nó más mian leat aon ghné den tseirbhís i do cheantar a phlé, téigh i dteagmháil leis an mhaoirseoir ábhartha amhail a shonraítear thíos.

John Quinn (Lár na Cathrach, lena n-áirítear an Chúil Mhór, Baile na gCailleach, Cnoc an Chairn, Pennyburn srl.) Guthán: 028 7135 5990 john.quinn@derrycity.gov.uk Eddie Nutter (Lár na Cathrach, lena n-áirítear Sráid an Diúic, Bóthar Spencer srl.) Guthán: 028 7135 5990 eddie.nutter@derrycity.gov.uk Norman Boyd (Oirthear na Cathrach, Doire Trasna agus an Tuath) Guthán: 028 7135 5990 norman.boyd@derrycity.gov.uk James McIvor (Iarthar na Cathrach, Baile Mhic Robhartaigh, Cnoc na Rós, Taobh an Bhogaigh, An Creagán srl.) Guthán: 028 7135 5990 jim.mcivor@derrycity.gov.uk

Déan é a thuairisciú Córas tuairiscithe teagmhas comhshaoil ar an ghuthán nó ar an idirlíon Is féidir le cónaitheoirí teagmhais dumpála, bhruscair agus ghraffiti a thuairisciú trí úsáid a bhaint as fóin chliste nó tríd an láithreán gréasáin. Tuilleadh eolais ar na naisc thíos: www.reportitderry.com nó www.reportitlondonderry.com


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.