Cumann Gaelach na hEaglaise Preas Ráiteas Press Release English version below
An tEasbag Michael Burrows le cléir ó Dheoise Chaisil agus Osraí. ó chlé ar chúl, an tUrr Arthur Minion, an tUrr Ian Coulter an tUrr Arthur Carter, an tUrr James Mulhall, Canónach Nancy Gillespie, Canónach Tom Haskins, an tUrr Charles McCollum agus Déan Philip Knowles. Chun tosaigh: an tUrr Ivan Dungan, Déan Paul Draper, an tEasbag Michael Burrows agus Canónach Mervyn McCullagh.
An gcloiseann tú buille chroí na Gaeilge i nDeoise Chaisil agus Osraí? Tá buille chroí Gaelach nua le sonrú i ndeoise Chaisil agus Osraí de chuid Eaglais na hÉireann i mbliana. Beidh seirbhísí i nGaeilge i ngach Ardeaglais sa deoise i rith na bliana – ag tosú ar 1 Feabhra, Lá Fhéile Bríde. Beidh seirbhís ag ceiliúradh Lá Fhéile Bríde i dTeampall Cill Rois (Loch Gormán) agus i dTeampall Baile na Toirbhirte (Cill Dara) ag 7.30 i.n.. Beidh seirbhísí eile i rith na bliana in: Ardeaglais Phort Láirge agus Ardeaglais Chaisil (Lá Fhéile Pádraig), Ardeaglais Lios Móir (Féile Naomh Cholmcille), Ard-Eaglais Naomh Chainnigh (Féile an Fhómhair) , agus Ardeaglais Leithghlinne ,Co. Cheatharlach (Aidbhint). Dúirt an tUrr Charles McCollum, “Bhí seisiún feasachta againn le Cumann Gaelach na hEaglaise agus bhí suas go fiche cléir ann le spéis acu sa togra seo. Chuir mé róta le chéile agus d’fhás an togra, Buille Chroí Gaeilge na Deoise, as sin”.
Dúirt Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise , Dáithí Ó Maolcoille, “Is cúis áthais dúinn tacú leis an togra seo. Tugann sé deis do phobal na deoise léargas agus tuiscint nua a bheith acu ar a gcuid liotúirge agus tá fhios againn go bhfuil dea-thoil ar an talamh agus i measc an chléir ann.” Tá níos mó Ardeaglaisí i nDeoise Chaisil agus Osraí ná in aon deoise eile Anglacánach ar fud an domhain. Tá sé Ardeaglaisí ann agus is é an teideal iomlán ar an nDeoise ná: Deoise Chaisil, Phort Láirge, Leasa Móire, Osraí, Fhearna agus Leithghlinne. Tá an tEaspag Michael Burrows i mbun na deoise agus ghlac sé ról mar Éarlamh ar Chumann Gaelach na hEaglaise i 2011. Críoch Tuilleadh eolais: Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Teil: 085 1632 772 Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Suíomh gréasáin: http://www.facebook.com/pages/Cumann-Gaelach-na-hEaglaise/165162806897456
Bishop Michael Burrows with clergy from the Diocese of Cashel and Ossroy. (Back L-R) Rev. Arthur Minion, Rev Ian Coulter, Rev. Arthur Carter, Rev. James Mulhall, Canon Nancy Gillespie, Canon Tom Haskins, Rev. Charles McCollum and Dean Philip Knowles. Front (L-R): REv. Ivan Dungan, Dean Paul Draper, Bishop Michael Burrows and Canon Mervyn McCullagh.
Do you hear the new Irish heartbeat in the Diocese of Cashel and Ossory?
There is a new Irish heartbeat in the Church of Ireland Diocese of Cashel and Ossroy this year. Beginning on 1 February, St. Brigid’s Day, there will be a service in Irish in each of the Cathedrals in the diocese throughout the year. The first services will be held in Kilrush, Co.Wexford and Ballintubbret , Co. Kildare on St. Brigid’s Day at 7.30pm. There will be other services throughout the year in: Waterford Cathedral and Cashel Cathedral (St. Patrick’s Day) , Lismore Cathedral (St. Columba’s Day), St. Cannice’s Cathedral (Harvest Festival) and Leighlin Cathedral (Advent). The Rev. Charles McCollum, commenting on this initiative said, “We had an awareness session with Cumann Gaelach na hEaglaise and there were up to 20 members of the clergy expressing an interest in holding services in Irish. We put a rota together and the Irish Heartbeat in the Diocese initiative grew out of this”. Dáithí Ó Maolcoille, Chairman of Cumann Gaelach na hEaglaise said, “We are delighted to support this initiative. Having a service in Irish offers new insights and understanding of the liturgy for parishioners and clergy and we feel the goodwill expressed on the ground for this initiative”. There are more cathedrals in the Diocese of Cashel and Ossory than in any other diocese in the Anglican Church. The long title of the diocese is the Diocese of Cashel, Waterford, Lismore, Ossory, Ferns and Leighlin. Bishop Michael Burrows is the presiding Bishop in the diocese and he became Patron of Cumann Gaelach na hEaglaise in 2011.
END For further information: contact Caroline Nolan, Irish Language Development Officer, Tel: 085 1632 772 BACKGROUND INFORMATION Cumann Gaelach na hEaglaise: The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church
of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church. Facebook: http://www.facebook.com/pages/Cumann-Gaelach-na-hEaglaise/165162806897456