Ashton College seachtain na Gaeilge

Page 1

Seachtain Na Gaeilge Scoil Ashton Ceardlann Rince ar an Sean-Nós Reachtáladh ceardlann rince ar an sean-nós do fiche dalta idirbhliana. Lean an cheardlann 80 nóiméad. Dick Beamish ó Bhaile an Chollaigh a bhí i mbun na ceardlainne. Tá taithí mhaith ag Dick ar mhúineadh an rince. Labhair sé leo ar dtúis mar gheall ar rithim agus dhein se cleachtaí beaga leo. Ansin mhúin sé steipeanna bunúsacha dóibh agus bhí ionadh ar na daltaí ag an deireadh go raibh ar a gcumas rince a dhéanamh leis an gceol. Bhí cúpla steip acu ag an deireadh agus bhí siad an-shásta leo féin. Dhein sé rince an sciobóil chomh maith mar athrú agus thaitin sé sin go mór leo. Oscailt súl a bhí ann. Tríd is tríd tráthnóna an-thaitneamhach ar fad a bhí ann.



Comórtas Postaer

Musclaíodh féith na healaíne ins na daltaí leis an gcomórtas postaer a eagraíodh le linn Seachtain na Gaeilge 2013 i Scoil Ashton. Bhí féith na healaíne seo, taobh le bua na samhlaíochta, le feiceáil go soiléir in sna postaeir a rinne na daltaí chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Bhí na postaeir tarraingteacha, ildaite seo le feiceáil ar fud na scoile ar feadh seachtaine agus chuir said go mór leis an atmaisféar ginearálta a bhí le mothú agus anuas air sin, thug said spreagadh do na daltaí níos mó Gaeilge a labhairt agus machnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge in san scoil agus sa tsochaí. Bhí sceitimíní áthais ar na daltaí an Luan tar eís Seachtain na Gaeilge nuair a fógraíodh buaiteoirí an chomórtais. Bhí obair dheacair ag an múinteoir Ealaíne na postaeir is fearr a roghnú. Fuair na buaiteoirí uibheacha Cásca agus bhí said ansásta…ní nach ionadh!



Seomra Caidrimh Le roinnt blianta anuas, bhí sé de nós againn an deis a thabhairt do dhaltaí bheith ag caint as Gaeilge i rith an lá scoile timpeall na scoile agus go háirithe ag am lóin. Bhíodh uibheacha Cásca le buachan ag na daltaí de dheasca a gcuid n-iarrachtaí an Ghaeilge a labhairt. Gan dabht ar bith thug na duaiseanna spreagadh iontach do na daltaí páirt a ghlacadh agus triail a bhaint as. Tá club Gaeilge againn ar scoil, Cupán Tae an t-ainm atá air. Rith smaoineamh leo an Seomra Caidrimh a chur ar bun i mbliana. Bheartaíomar ar sheomra ranga ar leith a chur ar fáil ag am lóin agus deis a thabhairt do na daltaí bualadh isteach, a lóin a thabhairt leo, an Ghaeilge a labhairt in atmaisféar breá taitneamhach réchúiseach. Bhuail a lán daltaí isteach gach lá agus chaith siad a gcuid ama ag caint is ag cómhrá agus bhí an-chraic acu. Bhí na múinteoirí Gaeilge ina measc, ag spreagadh agus ag gríosadh na ndaltaí agus ag deireadh gach am lóin roghaíodh buachaill is cailín amháin mar Chainteoirí an Lae agus bronnadh ubh Chásca orthu mar dhuais. Chabhraigh Cupán Tae go mór leis na múinteoirí an imeacht seo a eagrú agus a reachtáil. Gach lá d’fhógair daltaí ar an gcallaire go mbeadh fáilte mhór roimh chách sa Seomra Caidrimh. Chomh maith leis sin roghnaigh na daltaí seanfhocail oiriúnacha agus thug siad ceann amháin do na daltaí chuile lá, ina measc ‘Tír gan teanga tír gan anam’ agus ‘Ní neart go cur lé chéile’. D’éirigh go seoigh leis an imeacht seo agus bhain gach duine taitneamh agus tairbhe as. Thug sé deis iontach dúinn go léir an Ghaeilge a chur chun chinn agus íomhá dhearfach spreagúil dár dteanga dhúchais a chothú agus a chéiliúradh ar fud na scoile, mar a deir an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt’.



Tráth na gCeist Ghlac ochtó dalta ón gcúigiú bliain páirt i dtráth na gceist ollmhór.Bhí atmaisféar iontach ann le níos mó na fiche foireann ag déanamh a seacht ndícheall chun na huibheacha cásca a bhuachan. Bhí babhtaí eagsúla ann – babhta ceoil, spóirt agus scannáin ina measc. Bhí an-chraic go deo sa seomra agus bhain gach éinne sult as an ócáid.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.