WE ASKED MUIRIS Ó LAOIRE IF IRISH COULD SURVIVE WITHOUT THE GAELTACHT. Ní mhairfidh. Á, ní móide go mairfidh pobal teanga ar bith gan, abair, an teanga dúchais a bheith ansan á labhairt in áit, abair, lárnach, mar athá fé lathair sna Gaeltachtaí, nó i gcuid des na Gaeltachtaí. Níl mé ag rá ansan go bhfuil an Ghaelainn chomh, chomh láidir agus chomh maith, chomh forleathan agus a d’fhéadfadh sí a bheith sna Gaeltachtaí. Ach, ar a laghad, tá an Ghaeltacht ann, agus tá sí so-aitheanta mar áit. Agus tugann sé sin cineál misneach don phobal teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Anois tá na pobail teanga so lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith agus tá ana-thábhacht ag baint leo siúd. Á, ach bíonn siad, go pointe áirithe, go dtí seo pé scéal é, tá siad ag brath, go stairiúil, ar an nGaeltacht. Agus tá sé sin suimiúil. Agus tá na pobail chomh maith lasmuigh den tír so, agus déanaimid dearúd go minic orthu siúd, an pobal abair i Meiriceá, i gCeanada (san Astráil*). Táid ann, táid ana-bheag, ana-scáinte, anascaipthe mar a déarfá ach táid ann agus bíonn siad siúd ag brath ar an nGaeltacht. Agus fiú, is múinteoir Gaelainn’ mise agus bím i gcónai ag rá, ag iarraidh, abair, foghlaimeoirí a ullmhú do pháirt a ghlacadh, á, i saol na Gaelainne. Luann tú an Ghaeltacht, an pobal Gaelainne, nuair atá an teanga feiceálach, mar a déarfá, nuair a fhéadfá do ghnó a dhéanamh, á, go hinchreidte, mar a déarfá, trí mheán na Gaelainn’. (*My editing.)
SEANFHOCAL Aoife NÍ Chonchúir explains why she encourages learners of Irish to visit the Gaeltacht.
Tír gan teanga, tír gan anam.
Molaim do dhaoine dul go dtí an Ghaeltacht, cé go bhfuil an Ghaelainn ana-bheo anso sa chathair, agus deir daoine go bhfuil níos mó cainteoirí Gaelainne anois sa chathair ná mar atá sna Gaeltachtaí. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor nó ná fuil, ach is dóigh liom gur maith an rud é dul go dtí an Ghaeltacht chomh maith, mar feiceann an foghlaimeoir ansan, hmm, daoine ag labhairt na teanga gan a bheith, saghas, ag smaoineamh air, nó gan a bheith ag cuimhneamh, ó, you know, ‘Thá mé a dhéanamh so ar mhaithe le cultúr nó ar mhaithe leis an dtír nó ar mhaithe le haon rud eile.’ Thá siad díreach, hmm, ag dul go dtí an siopa nó thá siad, hmm, ag cur na leanaí ar scoil nó ag déanamh gnáthrudaí laethúla mar sin, agus is trí mheán na Gaeilge athá siad á dhéanamh. Agus tá sé go maith na rudaí sin a thuiscint. Agus an dtugann sé uchtach d’fhoghlaimeoirí nuair a théann siad chun na Gaeltachta agus nuair a fheiceann siad gur teanga bheo atá inti? Gan dabht, tugann. Gan dabht, agus chíonn siad gur teanga í agus, ag deireadh an lae, cé go bhfuil an Ghaeilge anathábhachtach ar fad, agus gur cuid dár gcultúr í, níl, níl inti ach teanga ag deireadh an lae agus tá sé ana-thabhachtach é sin a thuiscint – go bhfuil daoine sna Gaeltachtaí, b’fhéidir, nach bhfuil suim acu, hmm, sna rudaí sin ar fad gur cheart go mbeadh suim, go gceapann daoine eile gur cheart go mbeadh suim acu iontu, ar nós polaitíocht’ ar leith, nó cultúr ar leith nó ceol ar leith. Ach go bhfuil daoine ansan ag maireachtaint i saol trí mheán na Gaelainne gan smaoineamh air, agus gur rud ananádúrtha é dóibh. So, tá sé sin tábhachtach. (An Ghaeilge Bheo, Siuán Ní Mhaonaigh/Antain Mac Lochlainn, McGraw-Hill, 2008)
Ná déan dearmad ar Sheachtain na Gaeilge, 1-17 Márta 2021.
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir. BRÍD 70 | THE IRISH SCENE
Image: Getty
An Ghaeltacht